36

Cód na Gaeilge Rang 6 · 2019. 6. 26. · Cód na Gaeilge Rang 6 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Is clár litrithe é seo a mhíníonn cód scríofa na Gaeilge. Faoi

  • Upload
    others

  • View
    13

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • 1

    Cód na Gaeilge Rang 6

    Ag Fiosrú Focal

    Na Gutaí Gairide

    IntreoirIs clár litrithe é seo a mhíníonn cód scríofa na Gaeilge. Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh. Sa chlár seo tá trí rannóg i gCéim 6; na gutaí fada, na gutaí gairide agus na consain. Níl sna rannóga seo ach dóigh leis na fuaimeanna a eagrú, níl sé sin déanta in ord tábhachta. Ní gá na leabhair ná na fuaimeanna a dhéanamh in ord áirithe. Is féidir bogadh ó leabhar go leabhar agus fuaimeanna a chlúdach de réir mar a fheiceann an múinteoir go bhfuil gá leo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht. Tá leabhar breise ann chomh maith do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha.

    Is sa leabhar seo a amharcfaidh na páistí ar na féidearthachtaí a bhaineann leis na gutaí gairide. Tá bealach amháin le guta gairid a léiriú déanta go dtí seo ach anseo, amharcfar ar na féidearthachtaí éagsúla atá ag na fuaimeanna céanna. Is é sin na fuaimeanna a, e, i, o, u agus an guta cúnta atá sna focail bolg, orm.

    Liostaí FocalMoltar faoi Chéim 6 go mbeidh liosta focal le foghlaim gach seachtain ag gach páiste. Is liosta é seo a fhoghlaimeoidh an páiste trí ghníomhaíochtaí agus straitéisí éagsúla agus ansin, triail, nó scrúdú ar an Aoine. Déanfar gach fuaim, ceann ar cheann, agus moltar seachtain a chaitheamh ar gach fuaim, gníomhaíochtaí ranga agus obair bhaile san áireamh. Sna liostaí seo tá focail radhairc nó focail mhinice agus iad ag teacht le fuaim na seachtaine sin. Rinneadh cinnte de go bhfuil na focail is coitianta ann de réir thaighde Breacadh agus COGG chomh maith leis na focail atá sa chlár Féasta Focal de chuid CCEA. Mar sin, beidh na scileanna ag na páistí dul i ngleic le focail trí fhuaimeanna agus trí radharc agus na straitéisí cuí a chur i bhfeidhm san fhoghlaim. In amanna, níl ann ach sampla amháin d’fhéidearthacht áirithe ar fhuaim ach tá sé ar an liosta de thairbhe gur focal tábhachtach é.

  • 2

    Níl an oiread céanna roghanna sa Ghaeilge leis na gutaí gairide agus atá leis na gutaí fada. Is féidir níos lú roghanna a thabhairt do na páistí sin a bhfuil deacrachtaí acu leis an choincheap seo. Ar an lámh eile, is féidir páistí eile a shíneadh agus moladh dóibh go n-aimseoidh siad níos mó roghanna den fhuaim agus cur leis an eolas atá acu. In amanna eile tá an fhuaim clúdaithe agus níl níos mó roghanna ann. Ní fiú sa chás seo seachtain a chaitheamh ar an fhuaim áirithe seo arís. Tá u clúdaithe i bpacáiste Rang 2/3 agus níl roghanna eile ann don fhuaim áirithe seo. Déanfar measúnú ar an fhuaim seo agus is féidir dul siar más gá. Tá focail ar na liostaí seo a rinneadh i Rang 4 agus 5. Measadh gurbh fhiú iad a chur ar na liostaí arís mar dhaingniú.

    Obair BhaileTá cúig cheacht ann do gach fuaim don tseachtain. Tá obair bhaile molta ó lá 2 ar aghaidh. Moltar gan an liosta focal a chur abhaile go dtí go mbeidh cúpla ceacht déanta ar scoil agus tuiscint cheart ag an pháiste ar an fhuaim chuí. Má tá tú ag iarraidh an liosta focal a chur abhaile ar an chéad lá déan cinnte de go bpléitear an fhuaim ar scoil agus go mbíonn seans ag an pháiste an fhuaim chuí a chluinstin sa sliocht.

    DifrealúTá roghanna breise anseo ar an eolas a bhí ann ag Rang 5. Tá na liostaí focal leagtha amach de réir roghanna agus tá spásanna i ngach liosta le go dtig leis na páistí a bhfocail féin a chur isteach. Léirítear na roghanna seo ag barr gach liosta. Tá athchleachtadh ar na roghanna a rinneadh i Rang 3, 4 agus 5, tá roghanna nua ann agus, nuair is féidir é, tá rogha bhreise ann mar dhúshlán do pháistí áirithe. Ansin, tá boscaí folamha ann le gur féidir focail a bhaineann le téama nó focail eile atá de dhíth agus atá ag teacht le fuaim na seachtaine sin, a chur leis an liosta. Is féidir níos lú roghanna a thabhairt do pháistí eile agus ar an dóigh seo is féidir ábaltachtaí éagsúla a theagasc san aon cheacht amháin.

  • 3

    MeasúnúTá sleachta ag cúl an leabhair don deachtú i ndiaidh gach fuaim a chlúdach. Is féidir focail ón liosta nó deachtú a úsáid le dul siar ar obair na seachtaine. Tá leathanach taifid ann chomh maith don mhúinteoir.

    StraitéisíÚsáidtear straitéisí éagsúla anseo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht do gach cineál foghlaimeora. Tá gníomhaíochtaí fisiciúla ann chomh maith le gníomhaíochtaí ‘peann agus páipéar’. Tá cleasanna éagsúla molta chomh maith agus oibreoidh na páistí amach cé acu straitéis is fearr leo. Is ionann breacscríbhneoireacht agus focal a scríobh arís is arís eile, é ceangailte nó i bpatrún éigin. Is ionann bolgán cainte agus carachtar a dhéanamh le bolgán cainte agus an focal a chleachtadh sa bholgán sin. Moltar cearnóga fuaime a úsáid in amanna. Is é sin cearnóga páipéir réamhghearrtha a dtig leis na páistí na focail a chleachtadh orthu. Moltar chomh maith clár bán a bheith ag na páistí le rudaí a thriail agus a chleachtadh gan mothú gur rud buan é.

    Tá patrún sa dóigh a gclúdaítear an t-eolas ar gach fuaim. Tiocfaidh páistí agus múinteoirí isteach air sin agus déanfar na ceachtanna níos gasta dá réir sin. Baineann Ceacht 5 gach seachtain le teist nó dul siar ar obair na seachtaine sin. Déantar fuaimeanna in ord minicíochta sa Ghaeilge sna focail is mó atá de dhíth ar pháistí don léitheoireacht. Níor chóir níos mó na 10 nó 15 bhomaite a chaitheamh ar na ceachtanna seo.

  • 4

    Tréimhse AmaTá 5 seachtaine oibre sa phacáiste seo, cé gur féidir cuid de na cluichí a imirt i níos mó ná aon cheacht amháin má tá athchleachtadh agus daingniú de dhíth.

    Má dhéantar Gaeilge agus Béarla go comhthreomhar caithfear 5 seachtaine ag an leibhéal seo. Má dhéantar Gaeilge agus Béarla gach dara seachtain caithfear 10 seachtaine ag an leibhéal seo. Tá an tréimhse ama ag bráth ar thaithí an ranga, an mhúinteora agus ar pholasaí na scoile.

    Fónaic an BhéarlaMoltar an clár Linguistic Phonics a úsáid don Bhéarla nó is é sin an clár is cóngaraí maidir le cur chuige le Fónaic na Gaeilge. Déanfaidh sin na ceachtanna sa dá theanga níos fusa a eagrú agus a leanúint sa bhainistíocht ranga. Le ceachtanna gairide gasta is féidir an dá chlár a dhéanamh gach seachtain. Faoi Chéim 6/Stage 5/6 tá fuaimeanna agus focail áirithe le clúdach agus bheadh liosta Gaeilge agus liosta Béarla le déanamh. Ach, is ionann na straitéisí agus an cur chuige agus mar sin ní gá mórán ama a chaitheamh air.

    Ar ndóigh, má tá rang/múinteoir ag dul don chur chuige seo den chéad uair is féidir seachtain a chaitheamh ar gach fuaim ann féin, Gaeilge agus Béarla. Glacfaidh sé seo dhá oiread ama ach cothóidh sé muinín sna cleachtóirí don chéad bhliain eile leis an chlár.

    Tá 16 fhuaim ar fad le clúdach sa Bhéarla agus tá 10 bhfuaim le clúdach sa Ghaeilge idir ghutaí fada agus ghutaí gairide. Tá na fuaimeanna ia, ua agus an guta cúnta le clúdach sa Ghaeilge chomh maith ach ní gá mórán ama a chaitheamh orthu seo.

  • 5

    Seo iad na féidearthachtaí ar fad atá ag na gutaí gairide. Déanfar na fuaimeanna sa leabhar seo ach ní gach féidearthacht. Ní dhéanfar an fhuaim u mar cheachtanna sa leabhar. Tá an fhuaim seo déanta agus níl roghanna eile ann. Beidh sé sa mheasúnú agus is féidir ceachtanna ó phacáistí roimhe seo a úsáid más gá. Roghnaíodh na fuaimeanna is mó a measadh a bheadh de dhíth don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht i Rang 6. Tá 6 fhuaim ann san iomlán.

    a, ea, ai, eai, fha

    cat, fear, ainm, veain, ar fhan

    e, ei, a

    le, greim, ag

    i, io, oi, ai, ui, fhi

    mil, fios, Doire, cait, uile, ar fhill

    o, eo, eoi,

    mo, seo, deoir

    u, o, a, io

    muc, lag, tom, liom

    an guta cúnta

    orm, bolg, airgead

  • 6

    Déanfar na fuaimeanna Béarla atá cláraithe thíos go comhthreomhar leis an dá leabhar; Na Gutaí Fada, Na Gutaí Gairide. Is féidir leathchuid acu a dhéanamh agus tú ag dul don leabhar seo agus an leathchuid eile a dhéanamh leis an leabhar Na Gutaí Fada.

    oa

    snow, boat, old, toe, note, soul, though

    ow

    now, cloud, drought

    er

    faster, shirt, work, hurt, colour, collar, learn, centre

    ee

    he, sleep, eat, Pete, money, funny, chief, ski, weird

    ea

    get, head, said

    ay

    play, rain, gate, April, they, break, eight, straight, vein, ballet

    oo

    do, too, full, you, would, fruit, through, glue, flute, flew

    i-e

    ride, night, cry, find, pie

    u-e

    new, menu, tune, issue, Europe

    oy

    toy, boil

    aw

    was, saw, walk, bought, taught, August

    u

    sun, touch, won, come

    i

    slit, build, mystery, pretty

    ar

    car, heart

    or

    for, door, war, more, four

    air

    stare, chair

    le Jacqueline de Brún

  • 7

    Clár

    Ceacht 1–5: i 8–13

    Ceacht 1–5: o 14–19

    Ceacht 1–5: a 20–25

    Ceacht 1–5: e 26–31

    An guta cúnta 32

    Sleachta don deachtú 33

    Leathanach Taifid an Mhúinteora 34

    Gach íomhá agus léaráid © thinkstock.com

  • 8

    Céim 6bCeacht 1: i

    Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim i.

    Is mise Fibonacci agus tá an-suim agam in uimhreacha. Déanaim patrún fada le huimhreacha. Tosaím amach le patrún gairid agus ansin éiríonn an patrún níos faide agus níos faide. Ba mhaith liom go mbeidh tuiscint chruinn ag daoine eile ar na huimhreacha seo agus ar na patrúin atá sa nádúr. Deirtear gur fear cliste mé ach sílim nach bhfuil ann ach go bhfuil mé fiosrach.

    Scríobh na focail leis an fhuaim i. Déan an fhuaim le dath difriúil.Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.

    28

    13

  • 9

    Céim 6b Ceacht 2: i

    Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: i, ui, oi, io, ai(agus spás d’fhocail eile).

    milseáin cliste gairid is giorra

    oileán bhain níos laige ionga

    foireann uimhreacha muintir fiosracht

    ceolchoirm duine is glaine níos faide

    tuigim cnaipe tuisceanach oibrí

    druidim

    2

  • 10

    Céim 6bCeacht 2: i

    Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.

    ________ ________ ________

    ________ ________

    Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus scríobh i mbolgán cainte é.

    Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile. Roghnaigh do straitéis féin.

  • 11

    Céim 6b Ceacht 3: i

    Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim i.

    Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.

    Tá roinnt dóigheanna sa Ghaeilge le hiolraí a dhéanamh. Aimsigh iolra na bhfocal seo.

    uimhir ..........................................................

    ubh ...............................................................

    ainm .............................................................

    Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.

    1

    39

  • 12

    Céim 6bCeacht 4: i

    Scríobh na dóigheanna éagsúla leis an fhuaim i a scríobh ar na línte. Scríobh an ceann ceart sna focail thíos.

    _____ _____ _____ _____ _____

    …mhreacha dr…dim f…reann cl…ste

    …………… ………… ………… …………

    cr…nn …leán cn…pe …brí

    ………… ………… ………… …………

    An BhreischéimCuir isteach na focail sna colúin thíos.

    deas níos deise is deise

    gairid

    níos faide

    is glaine

    lag

    Obair BhaileCuir líne faoi gach i ar do liosta focal. Cleacht cuid de na focail ar chearnóga páipéir.

  • 13

    Céim 6b Ceacht 5: i

    Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim i a scríobh.

    Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.

    _____ _____ _____ _____ _____

    Bain triail as na focail anseo.

  • 14

    Céim 6bCeacht 1: o

    Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim o.

    Long ollmhór a bhí sa Titanic. Bhí daoine ar bord ó gach áit ar Domhan. Ar an drochuair, bhí an fharraige reoite agus bhí sé seo iontach dochrach ar fad don long. Ní raibh siad ábalta an long a thiontú thart in am. Tá daoine an-eolach ar fad anois ar an rud a tharla don Titanic ach cé a bhí ciontach?

    Scríobh na focail leis an fhuaim o. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.

  • 15

    Céim 6b Ceacht 2: o

    Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: o, eo, io, eoi, oi + od (agus spás d’fhocail eile).

    Eorpach tonnta iomlán dochrach

    scoil coiste a thiontú eochair

    folt tionscadal socair deoir

    i mo chodladh

    iompar seoid gliomach

    ionsaí reoite thiocfadh ciontach

    eolach

  • 16

    Céim 6bCeacht 2: o

    Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.

    ________ ________ ________

    ________ ________ ________

    Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus straitéis lena chleachtadh. 1. Cearnóga fuaime. 2. Breacscríbhneoireacht. 3. Fuaim le dath eile.

    Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile. Roghnaigh do straitéis féin.

  • 17

    Céim 6b Ceacht 3: o

    Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim o.

    Scríobh focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.

    Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.

  • 18

    Céim 6bCeacht 4: o

    Tá an fhuaim o ar iarraidh sna focail sna longa thíos. Scríobh isteach an o ceart agus ansin scríobh an focal iomlán faoi.

    Obair BhaileCuir líne faoi gach o ar do liosta focal. Cleacht na focail mar bhreacscríbhneoireacht.

    ………………..

    ………………..

    ……………….. ……………….. ………………..

    ………………..

    ………………..

    ………………..

    ………………..

    …mlán

    a th…ntú

    i moch…ladh r…ite …lach

    d…r

    t…nscadal

    …rpach

    th…cfadh

  • 19

    Céim 6b Ceacht 5: o

    Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.

    Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.

    _____ _____ _____ _____ _____ _____

    Bain triail as na focail anseo.

  • 20

    Céim 6bCeacht 1: a

    Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim a.

    Tá daoine ag déanamh bróga leathair le fada an lá. Tháinig siad ar bhróg a rinneadh as leathar níos mó ná 3,000 bliain RCh, cé gur chaith daoine bróga roimhe sin. San fhichiú haois, rinneadh bróga as ábhair éagsúla, go háirithe bróga reatha. Cuid mhaith de na hábhair seo ní raibh siad maith don timpeallacht. Bíonn na hábhair seo iontach fadálach ag díghrádú. Glacann sé níos mó ná míle bliain ar na bróga seo díghrádú.

    Scríobh na focail leis an fhuaim a. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil ó do leabhar léitheoireachta más maith leat.

  • 21

    Céim 6b Ceacht 2: a

    fadálach rófhada gaisce áthasach

    díreach dream níor fhan aithris

    leathar bróg reatha aithne análú

    timpeall taisme cearta ainmneacha

    aimsir eachtra dainséar veain

    maidir

    Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: a, ai, ea, fha, eai(agus spás d’fhocail eile).

  • 22

    Céim 6bCeacht 2: a

    Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.

    ________ ________ ________

    ________ ________

    Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile. Roghnaigh do straitéis féin.

    Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus straitéis lena chleachtadh. 1. Cearnóga fuaime. 2. Breacscríbhneoireacht. 3. Fuaim le dath eile.

  • 23

    Céim 6b Ceacht 3: a

    Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim a.

    Scríobh cuid de na focail ó do liosta féin. Déan an a le dath eile.

    Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.

  • 24

    Céim 6bCeacht 4: a

    In amanna bíonn sé níos fusa focail a litriú má bhristear síos iad. Scríobh na siollaí sna boscaí faoi na focail. Ansin scríobh an focal iomlán ar an líne.

    eagla eachtra dainséar díreach

    eachtra timpeall aithne aimsir

    fadálach áthasach rófhada

    Cleacht cúpla focal ó do liosta mar bhreacscríbhneoireacht.

    Obair Bhaile

    Cuir líne faoi gach a ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir.

  • 25

    Céim 6b Ceacht 5: a

    Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.

    _____ _____ _____ _____ _____Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.

    Bain triail as na focail anseo.

  • 26

    Céim 6bCeacht 1: e

    Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim e.

    Is séasúr fada é an geimhreadh do na hainmhithe. Déanann cuid acu geimhriú nó codlaíonn siad sa gheimhreadh. Ach tá go leor ainmhithe ann nach maireann go deireadh an gheimhridh. Tugann feirmeoirí aire do na hainmhithe ar na feirmeacha ach má bhíonn sneachta trom ann bíonn orthu bheith ag deifriú thart le cuidiú le gach ainmhí.

    Scríobh na focail leis an fhuaim e. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.

  • 27

    Céim 6b Ceacht 2: e

    deicheanna eitleán ag geimhreadh

    seisear deireadh creideann eitleog

    leis feirmeacha deireanach breis

    a fheiceáil deifir feiceann ní bheidh

    deirtear bheith ag deifriú feicfidh

    deir

    Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: e, ei, a (agus spás d’fhocail eile).

  • 28

    Céim 6bCeacht 2: e

    Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.

    ________ ________ ________

    Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile. Roghnaigh do straitéis féin.

    Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus straitéis lena chleachtadh.1. Cearnóga fuaime. 2. Breacscríbhneoireacht. 3. Fuaim le dath eile.

  • 29

    Céim 6b Ceacht 3: e

    Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim e.

    Scríobh an focal feirm. Cá mhéad fuaim atá san fhocal seo? Cá mhéad fuaim atá scríofa? …………………………………………………………………………

    Cad é a thugann muid ar an fhuaim sa bhreis? Scríobh cúpla sampla eile.

    Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.

  • 30

    Céim 6bCeacht 4: e

    Roghnaigh na focail is deacra ar do liosta. Cleacht iad a scríobh i bpatrún ar na línte bíseacha thíos.

    Obair Bhaile

    Cuir líne faoi gach e ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir.

  • 31

    Céim 6b Ceacht 5: e

    Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.

    _________ _________ _________

    Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.

    Bain triail as na focail anseo.

  • An guta cúnta

    32

    Céim 6b

    An bhfuil rud suimiúil ann faoi na focail seo? Cá mhéad fuaim atá iontu?Cá mhéad fuaim atá scríofa?

    Seo é an Guta CúntaAimsigh samplaí eile i do leabhair agus scríobh sa bhosca iad.

    Léigh na focail seo.

    feirm

    leanbh

    ainmhí

    ainm

    carbhat

    ag seinm

  • Sleachta don deachtú

    33

    Céim 6b

    Is féidir sliocht a léamh nó focail ó liosta na seachtaine a léamh ar an Aoine mar dhul siar. Is meascán d’fhocail ó na liostaí agus focail radhairc iad na focail atá sna sleachta seo.

    i, ui, oi, io, ai

    Is duine iontach cliste í mo mhúinteoir. Tá sí fiosrach ach tá sí tuisceanach agus tuigeann sí uimhreacha go maith.

    u, iu, a

    Bhí an chuma ar an urlár go raibh sé fliuch. Bhí bunús na ndaoine ag cur dusta air agus thug siad na muca amach.

    o, eo, io, eoi, oi

    Is tionscadal ollmhór é seo a bhaineann le tonnta. Is tionscadal Eorpach é agus tá coiste mór ann. Thiocfadh leis na tonnta seo bheith dochrach.

    a, ea, ai, fha, eai

    Tá mo bhróga reatha iontach fadálach. Tá siad déanta as leathar ach níl siad maith san aimsir seo. Ní thig le mo chosa análú iontu. B’fhearr liom bróga reatha cearta.

    e, ei, a

    Deirtear go mbeidh deireadh leis na feirmeacha. Ach ní chreideann gach duine seo. Thig le deacrachtaí a bheith ann sa gheimhreadh ach ní bheidh deireadh leo.

    an guta cúnta

    Bíonn an t-ainmhí sin ag dul thart ar na feirmeacha. Níl airgead ag na feirmeoirí é a stopadh. Bí cúramach leis an leanbh nó tagann sé nuair a bhíonn sé dorcha.

  • Leathanach Taifid an Mhúinteora

    34

    Céim 6b

    Iarr ar an pháiste an fhuaim a rá agus na focail shamplacha a léamh.Cláraigh an rud a deir an páiste ag úsáid an chóid.

    t – tosaithe/ – dul siar déantax – daingnithe

    Ainm an dalta –

    An fhuaim……mar atá sna focail/

    sna frásaí…Cláraigh, nótaí

    i, ui, oi, io, ai

    milis tuigim

    ceolchoirm ciotach

    níos glaine

    u, iu, a Uladh fliuch agus

    o, eo, io, eoi, oi

    Connacht bileog

    is ionann Eoin coirce

    a, ea, ai, fha, eai

    áthasach eachtra

    maidir rófhada veain

    e, ei, a mílte deicheanna ag

    an guta cúnta

    confach seanchaí

    Albanach