12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Seilbh Ar An Straitéis 2. An Ghaelscolaíocht Abú! 2. Tús Iontach… 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Comhar @ 70 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gaeláras Mhic Ardghail 6. Líofacht Trasphobail 7. Oifigeach FNT 7. Gnó an Chláir 8. Fóram Átha an Rí 8. Suíomh Úr SnaG 9. Rónán Sa Chlub 9. Gaeil Bhuachacha 10. Aighneachtaí 10. Cúrsaí an Earraigh 11. Rogha na Gaelscolaíochta 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí Eagrán 8.1 22 Eanáir 2013 T á cruinniú ríthábhachtach á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in Óstán Melo Park, Gaillimh ar 3.00in Dé hAoine, 1 Feabhra 2013. Ní mór dúinn teacht chun tosaigh ar na droch-chinntí atá á nglacadh go rialta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas, agus droch- chinntí rialtais eile go mbíonn tionchar díreach acu ar dhul chun cinn na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud na tíre. Áirítear anseo an cinneadh a glacadh le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), cás a phléifear ag an gcruinniú. Níl an fuinneamh ná na hacmhainní againn troid in aghaidh gach droch- chinnidh a ghlac agus a ghlacfaidh na húdaráis áfach. Is gá teacht chun tosaigh ar na cinntí agus tionchar dhíreach a imirt chun go mbeidh na cinntí aontaithe idir an pobal agus na húdaráis le chéile. Tarlaíonn in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra; tá an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna uainn. Tá sé ar leas na n-údarás glacadh leis an éileamh go mbeimis, le chéile, ag glacadh seilbhe ar chur i bhfeidhm na Straitéisí ó thuaidh agus ó dheas, agus ag aontú ar an mbealach is fearr chun cinn don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní neart go cur le chéile - bí linn! Tuilleadh eolais: +353 (0)1 4757401 [email protected] Seilbh Ar An Straitéis

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

Embed Size (px)

DESCRIPTION

SAN EAGRÁN SEO: 1. Seilbh Ar An Straitéis 2. An Ghaelscolaíocht Abú! 2. Tús Iontach… 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Comhar @ 70 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gaeláras Mhic Ardghail 6. Líofacht Trasphobail 7. Oifigeach FNT 7. Gnó an Chláir 8. Fóram Átha an Rí 8. Suíomh Úr SnaG 9. Rónán Sa Chlub 9. Gaeil Bhuachacha 10. Aighneachtaí 10. Cúrsaí an Earraigh 11. Rogha na Gaelscolaíochta 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Citation preview

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Seilbh Ar An Straitéis2. An Ghaelscolaíocht Abú!2. Tús Iontach…3. Nuacht Áitiúil4. Gaeilge na Cruinne4. Teicneolaíocht na Teanga5. Comhar @ 705. Barrliosta na Leabhar6. Gaeláras Mhic Ardghail6. Líofacht Trasphobail7. Oifigeach FNT 7. Gnó an Chláir8. Fóram Átha an Rí8. Suíomh Úr SnaG9. Rónán Sa Chlub9. Gaeil Bhuachacha10. Aighneachtaí10. Cúrsaí an Earraigh11. Rogha na Gaelscolaíochta12. Is Leor Beirt12. Saor-Chomhairle Dlí

E agrán 8.1 22 E anáir 2013

Tá cruinniú ríthábhachtach á reáchtáil ag Conradh

na Gaeilge in Óstán Melo Park, Gaillimh ar 3.00in Dé hAoine, 1 Feabhra 2013. Ní mór dúinn teacht chun tosaigh ar na droch-chinntí atá á nglacadh go rialta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don G h a e i l g e ó dheas, agus droch-c h i n n t í rialtais eile go mbíonn t i o n c h a r díreach acu ar dhul chun cinn na Gaeltachta agus na Gaeilge ar fud na tíre. Áirítear anseo an cinneadh a glacadh le déanaí leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a chur faoin gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), cás a phléifear ag an gcruinniú. Níl an fuinneamh ná na hacmhainní againn troid in aghaidh gach droch-chinnidh a ghlac agus a

ghlacfaidh na húdaráis áfach. Is gá teacht chun tosaigh ar na cinntí agus tionchar dhíreach a imirt chun go mbeidh na cinntí aontaithe idir an pobal agus na húdaráis le chéile.

Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn i onada íocht acu ag an mbord a g h l a c a n n na cinntí móra; tá an t-aitheantas agus an

ionadaíocht chéanna uainn. Tá sé ar leas na n-údarás glacadh leis an éileamh go mbeimis, le chéile, ag glacadh seilbhe ar chur i bhfeidhm na Straitéisí ó thuaidh agus ó dheas, agus ag aontú ar an mbealach is fearr chun cinn don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní neart go cur le chéile - bí linn! Tuilleadh eolais: +353 (0)1 4757401 [email protected]

Seilbh Ar An Straitéis

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Feabhra 2013

An Ghaelscolaíocht Abú!D’fhógair an t-Aire

Oideachais agus Scileanna ó dheas Ruairí Quinn TD go bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge nua le hoscailt i mBaile Chill Dara i Meán Fómhair na bliana seo. Deir Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí, An Foras Pátrúnachta: “Tá ríméad orainn ins An Foras Pátrúnachta do mhuintir an Chill Dara. Tá éileamh ollmhór do scoil lánGhaeilge sa cheantar, rud atá léirithe sna liostaí feithimh a bhíonn ag na scoileanna lánGhaeilge eile sa cheantar.”

Bhí dea-scéal don Ghaelscolaíocht ó thuaidh an mhí seo freisin: cuirfear cóiríocht bhuan ar fáil do 6 scoil chomhtháite agus lánGhaeilge ón gciste £40 milliún a d’fhógair an tAire Oideachais John O’Dowd CTR le déanaí, Gaelscoil Uí Dhochartaigh

ar an Srath Bán agus Gaelscoil Uí Néill in Oileán an Ghuail ina measc. Tuilleadh eolais: www.foras.ie www.deni.co.uk

Sheol Mícheál Ó Muircheartaigh agus an ceoltóir Pádraig Ó Sé Bliain na

Gaeilge 2013 go hoifigiúil i nDaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí Oíche Chinn Bhliana. Sa teachtaireacht phearsanta réamhthaifeadta a léiríodh don slua, mhol an tUachtarán Michael D Higgins do dhaoine gach deis chun an Ghaeilge a labhairt a thapú i gcaitheamh na bliana agus dúirt: “Is dlúthchuid dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge - is linne an teanga agus braitheann a todhchaí orainn.” Tá sí mar aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid go rialta. Bhailigh na mílte daoine ag Ceann an Ché, áit ar chuala siad teachtaireacht spreagúil an Uachtaráin, sular las na tinte ealaíne bliantúla spéir

na hoíche, ag cur tús leis an bhféile Ghaeilge bhliana. Rinne an slua an Bhliain Úr a fhógairt trí Auld Lang Syne a chasadh as Gaeilge ansin agus ghabh lucht eagraithe an tseolta buíochas

ó chroí le muintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne a chabhraigh leis an gceiliúradh spleodrach a eagrú. Ní i gCiarraí amháin a rinneadh Bliain na Gaeilge a sheoladh ar 31 Nollaig 2012 áfach; bhailigh idir pháistí agus thuismitheoirí ag Gaelphobal an tSratha Báin i gCo. Thír

Eoghain don cheol, don chraic agus don chomhrá freisin. Shiúil slua de 60 go barr Dhroichead an tSratha Báin ansin, áit ar scaoileadh saor na scórtha balún chun tús a chur le Bliain na Gaeilge go hoifigiúil. Gach eolas: www.gaeilge2013.ie

Tús Iontach…

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilÁth Cliath

Is iomaí imeacht Gaeilge atá idir lámha ag Áras na Scríbhneoirí ag 19 Cearnóg

Pharnell i mBaile Átha Cliath! Tá Bunchúrsa Lae i Scríobh agus Saothrú an Ghearrscéil eagraithe ann le Ré Ó Laighléis - úrscéalaí agus scriptscríbhneoir Gaeilge - Dé Sathairn, 9 Feabhra 2013. Is bunchúrsa do thosaitheoirí agus do streachailteoirí é seo i struchtúr agus bunscil-eilimintí scríobh an ghearrscéil (€50/45 do bhaill). Beidh oíche le filíocht agus ceol ar 7.00in, 5 Márta 2013 mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge chomh maith. Léifidh Gabriel Rosenstock agus Aifric Mac Aodha, mórfhilí na Gaeilge, dánta dá gcuid féin agus beidh ceol traidisiúnta mar aon le sólaistí ann. Gach eolas: www.writerscentre.ie +353 (0)1 872 1302

Ceatharlach

Bhain foireann ó Choláiste an Chnoic Bhig,

Ceatharlach comórtas na sóisear ag an dara babhta de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh 2013 do iar-bhunscoileanna le déanaí. Déanann Glór Cheatharlach comhghairdeas ó chroí leo! Bhí sceitimíní ar ghrúpa Spraoi Cheatharlach nuair a tháinig Daidí na Nollag le Gaeilge ar cuairt chucu le déanaí freisin. Is grúpa tuistí agus leanaí dátheangach é arna eagrú ag Glór Cheatharlach i gcomhar le Comhluadar Teo. Tagann Spraoi le chéile in Ionad Phobail Darach Úr, Ceatharlach gach dara maidin Shathairn den mhí ag 11.00rn. Cuirtear fáilte roimh theaghlaigh nua i gcónaí! Gach eolas: +353 (0)85 1340047

www.glorcheatharlach.ieCill Airne

Reáchtálfar Tionól na Mumhan i gCill Airne ó 7 - 9 Meitheamh 2013 agus bronnfar

3 ghradam lena linn: Laoch na Mumhan 2013 do Chonraitheoir sa Mhumha le saothar na mblianta déanta; Coiste Contae na Bliana 2013; agus Craobh na Mumhan 2013. Tá fáilte roimh ainmniúcháin ó gach Craobh agus Coiste Contae sa Chúige don

dá ghradam tosaigh, agus fáiltítear roimh ainmniúcháin ó na Coistí Contae amháin don ghradam Craobh na Mumhan. Ba cheart na hainmniúcháin móide cúiseanna na n-ainmniúchán a chur chuig Donnchadh O hAodha, Timire Dháil na Mumhan, Cúil Aodha, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí / [email protected] roimh 30 Aibreán 2013. Gach eolas: http://dailnamumhan.ie

Ráth Chairn

Déanfar ceiliúradh speisialta ar Lá Fhéile

Bríde le déanamh chrosa Bríde ag Dámh na Mí ar 01 Feabhra 2013, sula gcuirtear tús leis na comórtais damhsa, amhránaíochta agus

scéalaíochta ag Siamsóir na Mí ó 7.30in Dé Sathairn. Beidh seisiún amhrán cois tine ar 10.00in an Aoine dar gcionn agus is é Éamonn Mháirtín Mac Donncha a bheidh ina fhear an tí. Cuirfidh Simon Ó Cróinín caint agus físeáin faoi na beacha i láthair san Áras Pobail mar chuid d’ócáid arna eagrú ag Cumann Beachairí Ríocht na Mí ar 9.00in Dé hAoine, 15 Feabhra 2013. Blaisfear mil na háite agus beidh seisiún ceoil ann i ndiaidh na cainte. Tuilleadh eolais:

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Feabhra 2013

Agus an chéad Ghaeltacht lasmuigh

d’Éirinn faoi bhláth i gCeanada, ní haon ionadh é gur muintir Ontario a d’eagraigh ceiliúradh speisialta le Bliain na Gaeilge 2013 a sheoladh go hoifigiúil thar sáile Dé Sathairn, 12 Eanáir 2013. Bhí idir damhsa seit agus damhsa salsa ar siúl mar chuid de Chéilí Bhliain na Gaeilge i nDún Laoghaire (Kingston), áit ar léiríodh an teachtaireacht ón Uachtarán Michael D. Higgins ar Oíche Chinn Bhliana don lucht

freastail chomh maith. Bronnadh Teastas Comórtas Liteartha Oireachtas Gaeilge Cheanada ar Shíle Scott as Gearrscéal do Pháistí, agus as Ábhar Múinteoireachta le linn sheoladh na féile freisin. Chomh maith

leis sin, tá turas go hÉirinn beartaithe ag baill na Gaeltachta i gcéin mar chuid de Thóstal Éireann 2013 i mí Dheireadh Fómhair 2013. Gach eolas: www.anghaeltacht.ca

Tá logainmneacha na 6 Chontae ar

fáil ar-líne anois agus bunachar Thionscadal L o g a i n m n e a c h a Thuaisceart Éireann seolta i bhFoirgnimh na Parlaiminte i mBéal Feirste le déanaí. Bunaithe sa bhliain 1987, déanann an tionscadal taighde maidir le bunús agus brí na logainmneacha ó thuaidh. Ag obair i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó dheas agus leis an togra Locus de chuid Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, tá na mílte iontrálacha bailithe le chéile agus ar fáil ar an suíomh i nGaeilge, i mBéarla, i nGàidhlig na hAlban, i Laidin, i Sean-Lochlannais agus i bhFraincis fiú. Tá an Dochtúir Mícheál Ó Mainnín ó Ollscoil na Banríona ina stiúrthóir ar an togra agus tá sé ag spreagadh daoine sna 6 Chontae

chun na logainmneacha s’acu a chaomhnú agus comhoidhreacht chultúrtha an cheantair a fhiosrú chun go mbeidh comhthuiscint níos fearr eadrainn: “Tá obair ar an mbunachar leanúnach. Tá críoch curtha le hanailís chuimsitheach ar ainm gach baile fearainn

agus lonnaíochta i gCo. an Dúin, agus tá súil againn maoiniú a chinntiú chun gur féidir linn an anailís sin a leathnú amach ar na 5 chontae eile.” In aois na huirbithe, na cathraithe agus na gcód poist, ní mór ilchineálacht staire agus chultúir na logainmneacha a chosaint agus a chaomhnú, agus is áis iontach é an suíomh úr seo chuige sin. Is féidir ainm a chuardach de réir ainm, láithreach, nó míre coitianta, nó ar léarscáil idirghníomhach. Tuilleadh eolais: www.placenamesni.org

Gaeilge na Cruinne

Teicneolaíocht na Teanga

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

Ba mhór an chúis onóir í d’fhoireann na hirise Comhar agus LeabhairCOMHAR

go raibh a Shoilse Míchéal D Ó hUiginn i láthair ag mórsheoladh na bliana chun clabhsúr a chur le bliain cheiliúrtha Comhar @ 70 i mbliana. Thug Uachtarán na hÉireann óráid spreagúil faoin iris agus bronnadh leabhair álainn lámh-cheangailte ar ealaíon na hirise thar na

blianta air. Chuir Eilís Ní Dhúill aiste den scoth ar fáil ar an ábhar seo, rinne Naoise Ó Móráin dearadh álainn ar an saothar, agus ba é Francis Breen a cheangail le chéile é. Sheol Liam Ó Muirthile Oilithreacht - bailiúcháin filíochta nua le Ciarán Ó Coigligh - ar an oíche freisin agus bronnadh Duaiseanna Uí Fhlatharta ar bhuaiteoirí an chomórtais scríbhneoireachta chomh maith. Tá comhghairdeas ag dul le hAoife Ní Dhonnchadha, Ciara Heneghan, Máirtín Coilféir agus Hugh Rowland. Tuilleadh eolais: www.iriscomhar.com

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Páistí agus Daoine Óga1. An Tornapa Mór Millteach

- An Gúm - €4.50 2. Cleasaí an Choinín

- Móinín - €7.50 3. An Sionnach Glic agus

an Chircín Rua - An Gúm - €4.50 4. Seachain do Bhrístín!

- An Gúm - €7.50 5. An Daid is cliste ar fad

- An Gúm - €7

Daoine Fásta1. The Islander - aistrithe ag Gary

Bannister - G&M - €24.992. Our Fada - Rossa Ó Snodaigh

& Mícheál Ó Domhnaill - Coiscéim - €10

3. Cuaifeach Mo Londubh Buí - Séamas Mac Annaidh - Coiscéim - €10

4. Dúil - Liam Ó Flatharta - CIC - €125. Gealach - Seán Mac Mathúna

- Leabhar Breac - €9

Eolas & orduithe: [email protected] +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Comhar @ 70 Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Feabhra 2013

Gaeláras Mhic ArdghailTá eochracha Ghaeláras Mhic Ardghail i

seilbh Chraobh an Iúir de Chomhaltas Uladh, Conradh na Gaeilge ó bhí 14 Eanáir 2013 ann! D’aistrigh ranganna Gaeilge de chuid na Craoibhe ón Chlub Gateway go dtí an Gaeláras úrthógtha ar 21 Eanáir 2013 – tús iontach dearfach agus comhartha dóchais do Bhliain na Gaeilge 2013. Tá corradh ‘s bliain caite anois ag na tógálaithe agus iad i mbun oibre ar an suíomh ag Cnocán Phádraig Naofa, Sráid an tSéipéil, agus cuirtear tús leis na himeachtaí ag Gaeláras Mhic Ardghail le taispeántas dátheangach ar Luathbhlianta na dTrioblóidí ar an Iúr.

Beidh deis ag daoine ar mian leo, cur leis an taispeántas lena gcuid cáipéisí féin. Is dócha go n-osclófar Gaeláras Mhic Ardghail go hoifigiúil i mí an Mhárta 2013. Gach eolas: www.iurchinntra.ie

Tá an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta tuaisceartach, Carál

Ní Chuilín CTR, ag iarraidh daoine a spreagadh le tabhairt faoi dhúshlán Líofa 2015 mar rún Athbhliana agus 2013 ainmnithe mar Bhliain na Gaeilge. Is tionscnamh é Líofa le cuidiú le daoine éirí líofa, nó cur lena líofacht agus lena n-úsáid Ghaeilge, faoi 2015. Seolfar suíomh nua idirlín leis an togra i 2013; beidh pacáiste foghlama Líofa mar dhlúthchuid den suíomh, ag daingniú obair na ranganna agus na n-acmhainní eile a úsáideann rannpháirtithe Líofa, agus feidhmeoidh sé mar ardán do ghníomhaíocht Ghaeilge freisin. Tá Líofa ina togra teanga trasphobail d’achan duine ó thuaidh, is cuma cén cúlra polaitíochta nó traidisiún reiligiúnda lena mbaineann siad - idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh,

Aontachtaithe agus Phoblachtaigh, agus dhaoine nach iad. Is oiriúnach an scéal é, mar sin, go raibh breis agus 60 duine i láthair ag seimineár ar Stair Cheilte

na bProtastúnach agus an Ghaeilge i gceantar Bhóthar na Seanchille le déanaí. Ba í Linda Ervine príomhchainteoir an tseimineáir; tá Linda ina hOifigeach Forbartha Gaeilge ag Misiún Bhéal Feirste Thoir agus í pósta le Brian Ervine, iar-cheannaire ar an bPáirtí

Aontachtach Forásach agus deartháir leis an iar-cheannaire Dílseora David Ervine. Spreagadh a cuid spéise sa teanga nuair a thug sí faoi deara i nDaonáireamh 1911 go raibh cumas labhartha Gaeilge ag roinnt áirithe Protastúnach, chomh maith le Caitlicigh. Tá beagnach 3,500 duine cláraithe le Líofa go dtí seo. Tuilleadh eolais: www.dcalni.gov.uk

Líofacht Trasphobail

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Oifigeach FNTTá Oifigeach Eolais agus

Scéimeanna á lorg ag Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) faoi láthair. Is cuideachta dheonach uile-Éireann í FNT a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do leanaí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Is gá go mbeadh líofacht agus cruinneas sa Ghaeilge; cáilíocht tríú leibhéil; scileanna agus taithí ríomhaireachta agus teicneolaíocht an eolais; agus scileanna maithe cumarsáide

ag an té a cheapfar go páirtaimseartha nó go lánaimseartha. Ní mór go mbeadh iarratas i scríbhinn seolta ag iarrthóirí chuig [email protected] nó chuig Clíona Frost, Forbairt Naíonraí Teoranta, Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill

Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 faoin Luan, 4 Feabhra 2013. Tuarastal €28,990 pro rata atá i gceist leis an bpost. Tuilleadh eolais: www.naionrai.ie / +353 (0)1 8535101

Bhronn An Clár as Gaeilge Teo. Gradaim Ghaeilge an Chláir 2012 ag ócáid

speisialta ins an Rowan Tree Café le linn Fhéile Leabhar na Nollag an mhí seo caite. Is gradaim iad seo a bhronntar ar bhonn bliantúil ar an gcomhlacht agus ar an duine a dhéanann an méid is mó chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnáthshaol. Ba é Siopa na mBróg, Sráid Uí Chonaill a bhuaigh an gradam don comhlacht/gnó is fearr agus bronnadh gradam Pearsa Gaeilge na Bliana ar Áine Uí Mhaolchéire, Iar-Mhúinteoir i bhFeighil ar Ghaelcholáiste an Chláir. Dúirt Pat McCarthy go raibh áthas air gur roghnaíodh Siopa na mBróg do ghradam 2012, agus nach raibh coinne ar bith aige lena leithéid: “Cé nach bhfuil líofacht na Gaeilge againn chomh maith is go mba mhaith linn, déanaimid iarracht i gcónaí freastal ar chustaiméirí trí Ghaeilge más maith leo é sin. Ceapaimid go gcuireann

sé leis an leibhéil seirbhíse gur féidir linn a chur ar fáil dóibh más féidir linn gnó a dhéanamh leo trí Ghaeilge. Is iontach é

an tionscnamh Inis Dom! a chuir An Clár as Gaeilge ar bun agus cabhraíonn sé go mór linn atmaisféar Gaeilge a chruthú sa siopa.” Bhí Áine Bean Uí Mhaoilchéire ar na céad mhúinteoirí a bhí ag teagasc i nGaelcholáiste an Chláir ó bunaíodh í i 1993 agus bhí sí ina

múinteoir díograiseach sa stair agus sa tíreolaíocht ar feadh na mblianta sin nó gur ghlac sí le cúram múinteoir i bhfeighil i 2004 - 2012. Ag glacadh leis an duais do Phearsa na Bliana 2012, ghabh Áine Uí Mhaolchéíre buíochas leis An Clár as Gaeilge a bhí i gcónaí mar chrann-taca ag Gaelcholáiste an Chláir agus a chuidigh le forbairt an Choláiste ar go leor bealaigh i gcaitheamh na mblianta. Tuilleadh eolais:[email protected]

Gnó an Chláir

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Feabhra 2013

Fóram Átha an RíD’eagraigh daltaí

idirbhliana i gColáiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, Fóram Polaitíochta trí mheán na Gaeilge ar na mallaibh. Bhí an Fóram faoi stiúir iomlán na ndaltaí féin agus ba iad Seán Kyne TD (Fine Gael); Éamonn Ó Cuív TD (Fianna Fáil); an Seanadóir Trevor Ó Clochtartaigh (Sinn Féin); agus Caoimhín Ó Maolallaigh (Comhaontas Glas) na polaiteoirí a bhí

i láthair. I measc na n-ábhar a pléadh, bhí deontais do mhic léinn 3ú leibhéal; cúrsaí eacnamaíochta; cánacha tí agus uisce; ganntanas postanna agus eisimirce; trioblóidí ó thuaidh; ginmhilleadh; fís nua don tír; agus Bliain na Gaeilge 2013. Deis iontach a bhí ann do na

daltaí a gceannairí polaitíochta a chur faoi cheist ar ábhair ina bhfuil spéis acu féin, go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Is iad Paddy Barnes, Evanne Ní Chuilinn agus Róisín Ní Thomáin atá ina

bpearsan ag Seachtain na Gaeilge 2013 agus is féidir leatsa páirt a ghlacadh sa spraoi chomh maith! Tá féilire ar leith d’imeachtaí Gaeilge á n-eagrú go náisiúnta agus go háitiúil le linn na féile idirnáisiúnta Gaeilge is mó in Éirinn agus thar lear ó 4 - 17 Márta 2013, mar chuid speisialta de Bhliain na Gaeilge. Ní hamháin sin ach beidh toise níos idirnáisiúnta ná riamh ag baint leis an bhféile ó tá Seachtain na Gaeilge ag obair i gcomhar leis an togra turasóireachta Tóstal Éireann 2013 chun daoine ó thar lear a mhealladh abhaile go hÉirinn le linn 2013. In ainneoin go bhfuil an fhéile ar an bhfód ó bhí 1902 ann, tá spleodar as an nua ag baint

le Seachtain na Gaeilge 2013 ó tá suíomh úr seolta ag an bhfoireann ar www.snag.ie le déanaí. Is air seo a

mbeidh grúpaí pobail ar fud na tíre agus an domhain in ann imeachtaí áitiúla Gaeilge dá gcuid féin a chlárú. Cuireann oifig Sheachtain na Gaeilge gach tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe san fhéile - idir

smaointe imeachtaí, chruinnithe poiblí, lámhleabhar tacaíochta, eolas agus treoir ar conas an pobal áitiúil a spreagadh le páirt a ghlacadh, agus eile. Is gá go mbeadh gach imeacht cláraithe leis an bhfoireann nó tríd an suíomh ar www.snag.ie roimh 31 Eanáir 2013. Tuilleadh eolais: [email protected]+353 (0)1 4757401

Suíomh Úr SnaG

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Rónán Sa ChlubBeidh ceolchoirm

ríspeisialta á cur i láthair ag Rónán Ó Snodaigh do mhuintir na hardchathrach i gClub Chonradh na Gaeilge ar an gCéadaoin dheireanach den mhí san Athbhliain, ag tosú Dé Céadaoin, 30 Eanáir 2013. Deis iontach atá ann cluas ghéar le héisteacht a thabhairt don fhear focal fuinte ‘s fuaime seo i gcompord cluthar an Chlub. Aithnítear Rónán Ó Snodaigh mar dhuine de na ceoltóirí, bodhránaithe agus cnagcheoltóirí is fearr agus is nuálaí in Éirinn

anuas ar an sárchumas ar leith atá aige sa scríbhneoireacht amhrán. Sna gigeanna pearsanta seo, roinnfidh Rónán cuid de na scéalta atá taobh thiar de na hamhráin - scéalta ríméadacha, greannmhara, brónacha, agus buile faoina chuid gníomhartha ceoil ‘s eile

le blianta anuas. Doirse oscailte ag 6.00in, ceol ó 9.00in; €7 cead isteach, €5 do bhaill. Tuilleadh Eolais: www.anclub.ie

D’éirigh leis an t-aon chlub lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath dhá mhórchorn

a bhuachan le linn 2012! Ba iad Na Gaeil Óga CLG buaiteoirí Chorn Uí Bhroin nuair a thug siad leo an cluiche ceannais 2-12 i gcoinne 2-10 ag imirt in éadan Ghearaltaigh Uí Mhóráin ar 11 Samhain 2012. D’éirigh le Foireann A na bhFear Sraith 10 Theas a thabhairt leo in éadan Chroí Ró Naofa níos luaithe sa bhliain, agus bhí an sár-iománaí Bhleá Cliathach Liam Rushe i láthair le gradaim a bhronnadh ar imreoirí na bliana ag Mórdhinnéar an chlub i mí na Samhna. Chuir Na Gaeil Óga CLG foireann chun páirce do chéad chluiche iománaíochta an chlub ar 02 Nollaig 2012 agus cé gur chaill siad an cluiche 1-8 i gcoinne 1-10 don chlub Réalt Dearg, is tús iontach

láidir, dóchasach a bhí ann. Tá dhá fhoireann na bhfear agus an fhoireann

iománaíochta ar ais i mbun traenála cois Dhún na hArmlainne i bPáirc an Fhionnuisce ó 8.15 - 9.45in gach Máirt agus Déardaoin cheana féin agus tá deireadh seachtaine foirne le cluichí in éadan na mBreathnach sa pheil agus san

iomáint socraithe ar An Spidéal ón 25 - 27 Eanáir 2013. Sna sála ar lá eachtraíochta dá gcuid féin le déanaí, beidh Foireann na mBan ar ais i mbun traenála ó 7.00 - 8.30in gach Luan agus Céadaoin ón 04 Feabhra 2013 freisin. Fáilte Uí Cheallaigh roimh imreoirí nua i gcónaí! Teagmháil: [email protected]

Gaeil Bhuachacha

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

Tá sé i gceist ag Bord Bia scéim a

dhréachtú de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Bord Bia anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach). Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar ag Bord Bia ar fáil ar www.bordbia.ie. Ba chóir freisin,

go hinmhianaithe, aighneachtaí, a bheidh ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin Bord Bia, a sheoladh isteach go leictreonach chuig [email protected]. Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh leis an bpost chuig: Seirbhísí C o r p a r á i d e a c h a ,

Bord Bia, Cúirt Chlann Liam, Sráid an Mhóta Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Spriocdháta: 5.00in, 22 Feabhra 2013. Tuilleadh eolais: www.bordbia.ie

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Feabhra 2013

Aighneachtaí

Freastalóidh Club Áras na nGael ar gach leibhéal d’fhoghlaimeoir fásta

i nGaillimh arís an téarma seo, áit a bhíonn na ranganna do Thosaitheoirí 1 - Meánrang ar siúl ag 45 Sráid Doiminic gach Luan agus Máirt ó 6.30 - 8.00in / 8.00 - 9.30in. Tá tús curtha le ranganna Chraobh Mhic an Chrosáin de Chonradh na Gaeilge i nGaelscoil Uí Dhochartaigh ar an Srath Bán i gCo. Thír Eoghain ó 7.00 - 9.00in Déardaoin freisin. Áirítear anseo rang do dhaltaí meánscoile, rang do thuismitheoirí le páistí sa Naíscoil nó sa Ghaelscoil, agus 4 leibhéal eile do dhaoine fásta: Glantosaitheoirí - Ardrang. Reáchtáiltear Bunrang Gaeilge lena chois sin san oifig ag Gaelphobal an tSratha Báin ar Bhóthar Uí Mhaoil Mhín ó 12.00 - 2.00in gach Máirt agus ó 7.00 - 9.00

gach Céadaoin. Amhlaidh cúrsaí eile Chonradh na Gaeilge, cloíonn ranganna oíche na hArd-Oifige i mBaile Átha Cliath

le siollabas Theastas Eorpach na Gaeilge (teg) agus tá 9 leibhéal foghlama ar siúl in Uimhir 6 Sráid Fhearchair oíche Mháirt - Déardaoin ó 7.00 - 9.00in. Tá cúrsaí do dhaltaí ag dul don scrúdú cainte Ardteiste tosaithe freisin

agus beidh dianchúrsaí lae a reáchtáil don agallamh Gaeilge d’iarrthóirí don bhunmhúinteoireacht luath i 2013. Tosóidh clárúchán do Chúrsa Comhrá Gaeilge do Dhaoine Fásta ag 7.45in in Áras Pobal Ráth Chairn, Co. na Mí, ar 28 Eanáir 2013, agus tá ranganna Gaeilge eile ar siúl in Inis, Luimneach, agus Maigh Eo freisin. Gach eolas: www.cnag.ie/courses

Cúrsaí an Earraigh

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Rogha na GaelscolaíochtaTá an comhfheachtas Gaeilge

Aitheantas - bunaithe ag eagraíochtaí Ghaeilge in 2010 chun tacú leis an éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge - ag iarraidh ar thuismitheoirí machnamh a dhéanamh ar éiteas teanga na scoileanna a bheidh á mbunú amach anseo mar chuid den suirbhé a sheol An Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas ar www.education.ie le déanaí. Agus scoileanna ar fud na tíre á ndífheistiú ón eaglais Chaitliceach, tá tuismitheoirí i 38 gceantar éagsúla á gceistiú maidir leis an gcineál scoileanna atá á lorg acu. In ainneoin go bhfuil breis ‘s 3000 bunscoil sa tír, ní Gae l sco i leanna iad ach 147 dóibh siúd. Ní mór a chinntiú go bhfuil tuismitheoirí ar an eolas maidir leis an rogha teanga gur féidir leo a dhéanamh agus réimse scoileanna níos iolraíche á roghnú acu, go háirithe agus buntáistí breise le baint ag páistí ó oideachas dátheangach i scoil lánGhaeilge. Mar aon lena chinntiú go mbíonn páiste líofa i ndá theanga, léiríonn taighde idirnáisiúnta go n-éiríonn níos fearr le páistí go hacadúil, go mbíonn níos mó measa acu orthu féin, agus go mbíonn féiniúlacht níos láidre agus ómós níos mó acu ar a gcultúr féin, a bhuíochas leis an múnla Gaelscoile; teastaíonn uainn a chinntiú go mbíonn an deis ag gach tuismitheoir an múnla Gaelscoile seo a roghnú dá gcuid páistí féin. Cuireann scoileanna lánGhaeilge oideachas den chéad scoth ar fáil dá ndaltaí, ach ní ionann Gaelscoileanna ach tuairim ‘s 5% de

na bunscoileanna in Éirinn; ciallaíonn sé seo nach bhfuil rogha na Gaelscolaíochta ar fáil do gach tuismitheoirí a dhéanann í a lorg. Is féidir leis an nGaelscolaíocht rogha dáiríre ilchultúrtha, ilchineálach a sholáthar do thuismitheoirí freisin ós rud é go bhfuil na Gaelscoileanna ag an mbunleibhéal agus na Gaelcholáistí ag an dara leibhéal ar fáil le héiteas il-sainchreidmheach, idirchreidmheach nó Caitliceach, ag brath ar mhianta na dtuismitheoirí. Agus béim á cur ar éiteas reiligiúin na scoileanna le linn na céime píolótaí de na suirbhéanna, níorbh

ionann an méid eolais a tugadh do thuismitheoirí maidir le Gaelscoileanna ná le Gaelcholáistí. Tá sé ríthábhachtach go gclúdófaí rogha na Gaelscolaíochta freisin agus go gcuirfear an t-eolas seo in iúl do thuismitheoirí gur féidir leo rogha mheáite,

fhírinneach eolasach a dhéanamh i dtaca leis an gcineál scoile atá de dhíth uathu dá bpáistí. Mura bhfeiceann, mura gcloiseann, mura léann tuismitheoirí tada seachas eolas faoi phátrúin a chuireann oideachas lánBhéarla ar fáil, ní chuimhneoidh siad ach ar an rogha seo scoile, chun aimhleasa an fhís iolraíoch atá á samhlú ag an ROS agus iad i mbun an tsuirbhé seo. Spriocdháta: 08 Feabhra 2013. Breis eolais: Feargal Ó Cuilinn [email protected]+353 (0)1 4789191+353 (0)87 2908391

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Eanáir 2013

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Feabhra 2013

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Aimsir an Earraigh:

• An dóigh leat gur téamh domhanda is cúis leis an drochaimsir le déanaí?

• An raibh tú buartha faoin sioc ar na bóithre le cúpla seachtain anuas?

• An raibh tú gan leictreachas / aibhléis um Nollaig?

• An raibh sé ag cur sneachta i do cheantar féin?• Ar gabhadh tú i síobadh sneachta roimhe seo?• Ar shleamhnaigh tú ar an oighear riamh?• Ar chlis an cadhnra sa ghluaisteán ort?• An mbíonn tú ag tiomáint níos moille nuair atá an aimsir an-fhuar?• An gcaitheann tú níos mó airgid ar bhreosla san Earrach?• An dtaitníonn an sneachta leat?• An bhfuil tú ag beartú dul thar sáile i rith an tsamhraidh?• An bhfuil tú buartha go gcuirfidh an aimsir isteach ar do phleananna

taistil?• An mbeidh an teas sa teach á chur in airde agat?• An dtabharfaidh tú cuairt ar chomharsan chnagaosta leat?

Drochaimsir: gálaí gaoithe, báisteach / fearthainn = ag cur / stealladh báistí / fearthainne, scáth báistí / fearthainne, sneachta = ag cur sneachta, sioc, sioclog, oighear, foláireamh oighir, fuacht, préachta, fuar, contúirteach / dainséarach / baolach / guaiseach, cúramach, hata, láimhíní, scairf, cóta, sraitheanna éadaí