2
Eagrán 11 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 22 Meán Fómhair 2006 SAN SAN EAGRÁN SEO: EAGRÁN SEO: 1. Comhdháil Oideachais an Chonartha 2. Ranganna Damhsa Sean-nóis i nGaillimh 3. Dianchúrsa Nua ar Siúl in Árus na nGael 4. Suíomh Nua Idirlín ag Craobh Átha Buí 5. Crosfhocal mhí Mheán Fómhair 6. Comhfhreagras agus Eile 7. Dataí don Dialann 8. Cas Cúirte Mhaire Nic an Bhaird D’eagraigh Conradh na Gaeilge Comhdháil Oideachais i gColáiste na Tríonóide Dé Máirt, 12 Meán Fómhair le teacht ar mholtaí chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt sa chóras oideachais. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha: "Táimid, muintir na hÉire- ann, ag bun léig an Aontais Eorpaigh ó thaobh cumais i dteangacha de in ain- neoin thiomantas an Rialtais chun cuspóir Chomhairle na hEorpa go mbeadh ard- chumas ag gach saoránach i dtrí theanga. Tá Conradh na Gaeilge tiomanta don idéal "máthairtheanga móide 2" a bhaint amach in Éirinn, le hardchumas i nGaeilge agus i mBéarla mar bhuncloch. Cuidíonn eolas ar an dara teanga le máistreacht a bhaint amach sa chéad teanga agus is féidir an scil chun teanga a fhoghlaim, má thugann tú leat i gceart ar scoil í, a úsáid chun tean- gacha eile a fhoghlaim agus tú i do dhuine fásta. Tá eolas forleitheadach ar an nGaeilge agus úsáid fhorleitheadach na Gaeilge sa tsochaí seo riachtanach chun féiniúlacht Éireannach beag beann ar chreideamh agus ar dhath craicinn a chur chun cinn agus go gcomhlíonfaimis ár ndualgas cur le héagsúlacht shaoithiúlachtaí an tsaoil mhór. Tá eolas ar an tríú teanga riachtanach ní hamháin ar mhaithe le leas eacnamaíoch agus taidhleoireachta an Stáit, ach chun meas a bheith againn ar ár n-oidhreacht teanga féin. Ba í aidhm na Comhdhála na páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile chun a gcuid saineolais a roinnt lena chéile agus leis an bpobal chun moltaí praiticiúla don ghearrthéarma agus don mheántéarma a bheachtú le haghaidh mhúineadh na Gaeilge ar scoil sa chomhthéacs iltean- gach agus Eorpach. I measc na gcainteoirí a labhair bhí An tOllamh David Little, Ollamh Comhlach le Teangeolaíocht Fheidhmeach i gColáiste na Tríonóide, Caoimhe Máirtín, Iarcheann Choláiste Mhuire, Marino, Dr. John Harris, Léachtóir Sinsearach le Sícitheangeolaíocht i gColáiste na Tríonóide agus Tomás Ó Slatara, Uachtarán Líonra Phríomhoidí Bunscoile Éireann. Tá Conradh na Gaeilge fíorbhuíoch den Roinn Oideachais agus Eolaíochta as ucht maoiniú a chur ar fáil le cabhrú linn an Chomhdháil thábhachtach seo a eagrú. Comhdháil Oideachais an Chonartha Ranganna Rince ar an Sean-Nós ag tosú arís i gClub Árus na nGael Ranganna Rince ar an Sean-Nós ag tosú arís i gClub Árus na nGael Thosaigh Ranganna Rince ar an Sean- nós i gClub Árus na nGael arís Dé Luain, 25 Meán Fómhair, agus is é Pádraig Ó hOibicín ata ag múineadh an ranga arís i mbliana. Tá na ranganna á reáchtáil le cúig bliana anuas anois agus tá an-rath tagtha orthu ó shin. Bíonn idir shean agus óg ag glacadh páirte iontu agus chomh maith le céimeanna snasta a fhoghlaim bíonn go leor spraoi i gceist freisin! Beidh ranganna ar siúl do thosaitheoirí ag 7.00i.n. agus d'fhoghlaimeoirí a bhfuil níos mó taithí acu ag 8.00i.n. agus 9.00i.n. Chomh maith leis sin tá súil le ceard- lanna agus oícheanta speisialta rince ar an sean-nós a reáchtáil arís i rith na bliana. Is é €75 an costas a bheidh i gceist ar 10 seach- taine . Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar Chonradh na Gaeilge ag 091 567824 [email protected] Maoinithe ag: 1. An lorgaíonn tú seirbhís An lorgaíonn tú seirbhís Ghaeilge i gcónaí agus tú Ghaeilge i gcónaí agus tú ag plé leis an stát ag plé leis an stát seirbhís? seirbhís? • Lorgaíonn • Anois is Arís • Ní lorgaíonn Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gab- háil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag [email protected] Trasna 1 cleas; dallamullóg (3) 3 seasc (6) 8 náid (7) 11 gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún (12) 14 rud nach bhfuil beo (2) 15 an cineál aimsire a bhíonn in áit (6) 16 an t-alt? (2) 17 teach mór poiblí (5) Síos 2 ar dhath an tsneachta (3) 3 gan bhruith; gan chócaireacht (3) 4 gealach (2) 5 anáil; puth (2) 6 duine a théann ar bhus nó ar thraein (9) 7 teach le ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol (9) 9 bláth beag bán (7) 10 curadh (6) 12 uaigneach; singil (8) 13 ceol; seó (7) Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Mas spéids leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta isteach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Comhfhreagras agus Eile Comhfhreagras agus Eile Crosfhocal Mhí Iúil Crosfhocal Mhí Iúil SEACHTAIN NA GAEILGE A Chara, Táim ag scríobh chugat maidir le Seachtain na Gaeilge, féile a reáchtáiltear thart timpeall an domhain chun an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobail gach bliain. Is féile í atá ag dul ar aghaidh ar feadh níos mó ná céad bliain anuas agus maireann sí ar feadh coicíse sna laethanta díreach roimh Lá Fhéile Pádraig. Ba mhór an chabhair a bheadh ann dá mbeadh sibh in ann cabhrú linn trí imeachtaí a eagrú thar sáile nó trí muid a chur i dteagmháil le comhlachtaí nó le heagraíochtaí a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge. Is í an aidhm atá againn ná go mbainfeadh Seachtain na Gaeilge aitheantas idirnáisiúnta amach feasta le deis a thabhairt d'Éireannaigh ar fud an domhain a dteanga dhúchais a lab- hairt fiú muna mbíonn an ach uair sa bhliain. I measc na n-imeachtaí éagsúla a eagraíonn daoine bíonn quizeanna boird, céilithe, seisiúin cheoil agus go leor leor eile. Bíonn neart féidearthachtaí ann le linn na féile seo agus fáiltíonn muid roimh gach duine ar spéis leo páirt a ghlacadh inti. Dá mbeadh spéis ag do ghrúpa féin imeach- taí a reáchtáil le linn na féile bheadh muid sásta gach cab- hair a chur ar fáil daoibh. Tá mé ag súil go mór cloisteáil uait amach anseo. Beir bua agus beannacht, Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge. SUÍOMH NUA BHAILE ÁTHA BUÍ Tá tús curtha ag cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Buí le Suíomh nua Idirlín a chuirfidh go mór le for- bairt na teanga i gcontae na Mí, de réir grúpa áitiúil de chuid Chonradh na Gaeilge. Chuaigh an Suíomh www.athbui.com, ar-líne le déanaí agus beidh an seoladh oifigiúil ar siúl i gceann sé seachtaine. Tá Áth Buí suite gar do Ghaeltacht Ráth Cairn agus, dá bharr sin, tá feasacht mhaith sa bhaile faoi chúrsaí teanga. "Tá go leor Gaeilge in Áth Buí agus cloistear í go minic sa tsráid", arsa Síomóin Ó Cróinín, ball áitiúil den Chonradh. "Tá neart daoine ar an bhaile atá an-bháúil leis an teanga ach ní raibh a fhios acu conas a d'fhéad- fadh siad tacú léi, an rud atá sa suíomh faoi láthair ná bailiúcháin de bhealaí simplí inar féidir leo é sin a dhéanamh." Tá eolas ar fáil ar réimsí éagsúla teanga, ina measc, eolas faoi ranganna Gaeilge, treoracha do chomharthaíocht dhátheangach do luicht gnó an bhaile, logainmneacha áitiúla agus frásaí simplí Gaeilge le húsáid le leanaí. Colm Ó Broin, Lá, Meán Fómhair, 2006 4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meán Fómhair 2006

Embed Size (px)

DESCRIPTION

4. Suíomh Nua Idirlín ag Craobh Átha Buí 3. Dianchúrsa Nua ar Siúl in Árus na nGael sean-nós a reáchtáil arís i rith na bliana. Is é €75 an costas a bheidh i gceist ar 10 seach- taine . Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar Chonradh na Gaeilge ag 091 567824 [email protected] 7. Dataí don Dialann Eagrán 11 Idirlín an Chonartha ag háil isteach ar Shuíomh SAN SAN EAGRÁN SEO: EAGRÁN SEO: [email protected] vóta a chaitheamh ach gab- an gceist seo thuas is féidir

Citation preview

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meán Fómhair 2006

Eagrán 11 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 22 Meán Fómhair 2006

SANSAN EAGRÁN SEO:EAGRÁN SEO:

1. ComhdháilOideachais anChonartha

2. Ranganna DamhsaSean-nóis i nGaillimh

3. Dianchúrsa Nua arSiúl in Árus na nGael

4. Suíomh Nua Idirlín agCraobh Átha Buí

5. Crosfhocal mhíMheán Fómhair

6. Comhfhreagrasagus Eile

7. Dataí don Dialann

8. Cas Cúirte MhaireNic an Bhaird

D’eagraigh Conradh na GaeilgeComhdháil Oideachais i gColáiste naTríonóide Dé Máirt, 12 Meán Fómhair leteacht ar mholtaí chun múineadh agusfoghlaim na Gaeilge a fhorbairt sa chórasoideachais. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtaránan Chonartha: "Táimid, muintir na hÉire-ann, ag bun léig an Aontais Eorpaigh óthaobh cumais i dteangacha de in ain-neoin thiomantas an Rialtais chun cuspóirChomhairle na hEorpa go mbeadh ard-chumas ag gach saoránach i dtrí theanga.Tá Conradh na Gaeilge tiomanta don idéal"máthairtheanga móide 2" a bhaint amachin Éirinn, le hardchumas i nGaeilge agus imBéarla mar bhuncloch. Cuidíonn eolasar an dara teanga le máistreacht a bhaintamach sa chéad teanga agus is féidir anscil chun teanga a fhoghlaim, má thuganntú leat i gceart ar scoil í, a úsáid chun tean-gacha eile a fhoghlaim agus tú i do dhuinefásta. Tá eolas forleitheadach ar annGaeilge agus úsáid fhorleitheadach naGaeilge sa tsochaí seo riachtanach chunféiniúlacht Éireannach beag beann archreideamh agus ar dhath craicinn a churchun cinn agus go gcomhlíonfaimis árndualgas cur le héagsúlachtshaoithiúlachtaí an tsaoil mhór. Tá eolasar an tríú teanga riachtanach ní hamháinar mhaithe le leas eacnamaíoch agustaidhleoireachta an Stáit, ach chun meas abheith againn ar ár n-oidhreacht teanga

féin.Ba í aidhm na Comhdhála na páirtitheleasmhara a thabhairt le chéile chun agcuid saineolais a roinnt lena chéile agusleis an bpobal chun moltaí praiticiúla donghearrthéarma agus don mheántéarma abheachtú le haghaidh mhúineadh naGaeilge ar scoil sa chomhthéacs iltean-gach agus Eorpach.I measc na gcainteoirí a labhair bhí AntOllamh David Little, Ollamh Comhlach leTeangeolaíocht Fheidhmeach i gColáistena Tríonóide, Caoimhe Máirtín, IarcheannCholáiste Mhuire, Marino, Dr. John Harris,Léachtóir Sinsearach leSícitheangeolaíocht i gColáiste naTríonóide agus Tomás Ó Slatara,Uachtarán Líonra Phríomhoidí BunscoileÉireann.Tá Conradh na Gaeilge fíorbhuíoch denRoinn Oideachais agus Eolaíochta as uchtmaoiniú a chur ar fáil le cabhrú linn anChomhdháil thábhachtach seo a eagrú.

Comhdháil Oideachais an Chonartha

Ranganna Rince ar an Sean-Nós ag tosú arís i gClub Árus na nGaelRanganna Rince ar an Sean-Nós ag tosú arís i gClub Árus na nGaelThosaigh Ranganna Rince ar an Sean-nós i gClub Árus na nGael arís Dé Luain,25 Meán Fómhair, agus is é Pádraig ÓhOibicín ata ag múineadh an ranga arís imbliana. Tá na ranganna á reáchtáil lecúig bliana anuas anois agus tá an-rathtagtha orthu ó shin. Bíonn idir shean agusóg ag glacadh páirte iontu agus chomhmaith le céimeanna snasta a fhoghlaimbíonn go leor spraoi i gceist freisin! Beidh ranganna ar siúl do thosaitheoirí ag7.00i.n. agus d'fhoghlaimeoirí a bhfuil níosmó taithí acu ag 8.00i.n. agus 9.00i.n.Chomh maith leis sin tá súil le ceard-lanna agus oícheanta speisialta rince ar an

sean-nós a reáchtáil arís i rith na bliana. Is é€75 an costas a bheidh i gceist ar 10 seach-taine .

Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch arChonradh na Gaeilge ag

091 567824 [email protected]

Maoinithe ag: 1.

An lorgaíonn tú seirbhísAn lorgaíonn tú seirbhísGhaeilge i gcónaí agus túGhaeilge i gcónaí agus túag plé leis an státag plé leis an státseirbhís?seirbhís?

• Lorgaíonn• Anois is Arís• Ní lorgaíonn

Má tá tuairim agat maidir leisan gceist seo thuas is féidirvóta a chaitheamh ach gab-háil isteach ar ShuíomhIdirlín an Chonartha [email protected]

Trasna1 cleas; dallamullóg (3)3 seasc (6)8 náid (7)11 gan a bheith in ann rudaí a choimeád faoi rún

(12)14 rud nach bhfuil beo (2)15 an cineál aimsire a bhíonn in áit (6)16 an t-alt? (2)17 teach mór poiblí (5)Síos2 ar dhath an tsneachta (3)3 gan bhruith; gan chócaireacht (3)4 gealach (2)5 anáil; puth (2)6 duine a théann ar bhus nó ar thraein (9)7 teach le ceadúnas chun deochanna meisciúla a

dhíol (9)9 bláth beag bán (7)10 curadh (6)12 uaigneach; singil (8)13 ceol; seó (7)

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Masspéids leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit ancrosfhocal (agus é líonta isteach i gceart agat) achur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, BaileÁtha Cliath 2.

Comhfhreagras agus EileComhfhreagras agus Eile

Crosfhocal Mhí IúilCrosfhocal Mhí Iúil

SEACHTAIN NA GAEILGEA Chara,Táim ag scríobh chugat maidir le Seachtain na Gaeilge,féile a reáchtáiltear thart timpeall an domhain chun anGhaeilge a spreagadh i measc an phobail gach bliain. Isféile í atá ag dul ar aghaidh ar feadh níos mó ná céad bliainanuas agus maireann sí ar feadh coicíse sna laethantadíreach roimh Lá Fhéile Pádraig.Ba mhór an chabhair a bheadh ann dá mbeadh sibh in anncabhrú linn trí imeachtaí a eagrú thar sáile nó trí muid a churi dteagmháil le comhlachtaí nó le heagraíochtaí a mbeadhsuim acu páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge. Is í anaidhm atá againn ná go mbainfeadh Seachtain na Gaeilgeaitheantas idirnáisiúnta amach feasta le deis a thabhairtd'Éireannaigh ar fud an domhain a dteanga dhúchais a lab-hairt fiú muna mbíonn an ach uair sa bhliain.I measc na n-imeachtaí éagsúla a eagraíonn daoine bíonnquizeanna boird, céilithe, seisiúin cheoil agus go leor leoreile. Bíonn neart féidearthachtaí ann le linn na féile seoagus fáiltíonn muid roimh gach duine ar spéis leo páirt aghlacadh inti. Dá mbeadh spéis ag do ghrúpa féin imeach-taí a reáchtáil le linn na féile bheadh muid sásta gach cab-hair a chur ar fáil daoibh.Tá mé ag súil go mór cloisteáil uait amach anseo.Beir bua agus beannacht,Orla Nic Shuibhne,Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge.

SUÍOMH NUA BHAILE ÁTHA BUÍTá tús curtha ag cainteoirí Gaeilge i mBaile ÁthaBuí le Suíomh nua Idirlín a chuirfidh go mór le for-bairt na teanga i gcontae na Mí, de réir grúpaáitiúil de chuid Chonradh na Gaeilge.Chuaigh an Suíomh www.athbui.com, ar-líne ledéanaí agus beidh an seoladh oifigiúil ar siúl igceann sé seachtaine.Tá Áth Buí suite gar do Ghaeltacht Ráth Cairnagus, dá bharr sin, tá feasacht mhaith sa bhailefaoi chúrsaí teanga. "Tá go leor Gaeilge in Áth Buí agus cloistear í gominic sa tsráid", arsa Síomóin Ó Cróinín, balláitiúil den Chonradh."Tá neart daoine ar an bhaile atá an-bháúil leis anteanga ach ní raibh a fhios acu conas a d'fhéad-fadh siad tacú léi, an rud atá sa suíomh faoi láthairná bailiúcháin de bhealaí simplí inar féidir leo ésin a dhéanamh."Tá eolas ar fáil ar réimsí éagsúla teanga, inameasc, eolas faoi ranganna Gaeilge, treoracha dochomharthaíocht dhátheangach do luicht gnó anbhaile, logainmneacha áitiúla agus frásaí simplíGaeilge le húsáid le leanaí.Colm Ó Broin, Lá, Meán Fómhair, 2006

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meán Fómhair 2006

Cás Cúirte Mháire Nic an BhairdCás Cúirte Mháire Nic an Bhairdagus Fógraí Poistagus Fógraí Poist

Tacaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le Máire Nican Bhaird atá ag tógail cáis cúirte i gcoinne SheirbhísPhóilíneachta Thuaisceart Éireann inniu 6 MeánFómhair, de bharr gur tógadh thar oíche í toisc go raibhsí ag labhairt Gaeilge. Chomh maith leis sin, molannan Conradh go hard í as bheith sásta an cás a throid tríGhaeilge. Ag gach éisteacht cúirte ó thosaigh an cás seo bhítoscaireacht ón gConradh i láthair taobh amuigh denChúirt ag leiriú a gcuid tacaíochta do Mháire agus tá séi gceist go leanfar leis sin sna cásanna éagsúla amachanseo.Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh naGaeilge: 'Molaim agus tacaím go hiomlán le Máire as anseasamh cróga seo atá á thógáil aici. Éilím ar an Stát óthuaidh cothrom na Féinne a thabhairt do phobal naGaeilge agus an t-aitheantas cuí ceart a thabhairt donGhaeilge láithreach. Éilím go dtabharfaí aitheantas donGhaeilge sna cúirteanna ó thuaidh rud atá fíortháb-hachtach i bhfeachtas Pobal Acht Teanga a bhaintamach don Tuaisceart.''Má éiríonn le Máire a cearta daonna a bhaint amachagus an cás seo a throid trí Ghaeilge tá mé cinnte de gon-osclófar na geataí ar an gceist seo agus go dtroidfíníos mó cásanna i nGaeilge amach anseo.'Is leis Na Gaeil óga a bhí an Conradh i mbun léirsithe godtí seo.Beidh an chéad bhus eile ag gabhail ón Ard-Oifig, le tacúle Máire, Dé Luain, 2 Deireadh Fómhair.

Próifíl Craoibhe:Cumann Gaelach

- Coláiste na hOllscoile, Baile Átha CliathTá Cumann Gaelach i gColáiste na hOllscoile, BaileÁtha Cliath, ag déanamh neart oibre chun an Ghaeilge achur chun cinn. Is craobh mhór í de chuid Chonradh naGaeilge. Anuraidh, bhí timpeall 500 ball acu agus tá siad

ag súil le níos mó mac léinn a mhealladh isteach imbliana.Dár ndóigh, bíonn an-chuid le déanamh ag aon duine aghlacann páirt. Téann siad chun freastal ar anOireachtas gach bliain. Dar le Tadhg Ó Rodaigh,Cathaoirleach an Chumainn, baineann siad an-tait-neamh go deo as an turas.'Is Cumann muid a chuireann imeachtaí sóisialta ar fáildo dhaoine a bhfuil 'an cúpla focal acu agus tugann muiddeis dóibh an Ghaeilge a chleachtú agus a fheabhsú. Tátaithí againn ar an nGaeilge a bheith brúite síos do scor-nach ar scoil ach táimid ag iarraidh an Ghaeilge a thógáilamach as an seomra ranga chuig an bpub.Is cinnte go bhfuil taobh níos éadroime den Ghaeilge agteastáil uathu. Eagraíonn an Cumann Seachtain naGaeilge ar bhealach iontach don Choláiste. I mreasc nan-imeachtaí a chuireann siad ar fáil tá; an 'kick ass céilí'tóraíocht taisce timpeall an champais agus turas chunna Gaillimhe le dul amach ann. Chomh maith leis sin,bíonn an 'Miss Gaeltacht Pageant' ar siúl. Glasann na firsuas mar chailíní agus bíonn comórtas ann ansin leduais a bhaint amach. Dar ndóigh, tógtar an comórtasseo go han-dáiríre!!Cuireann an Cumann béim mhór ar spórt agus spraoi aspreagadh sa choláiste agus é ar fad trí Ghaeilge.Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir glaoch a chur arThadhg ar 086 1788003 nó ríomghphost a chur [email protected].

Pianó ar DíolTá pianó ar díol ag lucht Ard-Oifig an Chonartha. Tácuma bhreá ar an bpianó agus tá cead teacht isteach lebreathnú air. Tabharfar an pianó don té a dhéanfaidh antairiscint is mó. Le haghaidh tuilleadh eolais is féidirglaoch ar Jamie san Ard-Oifig ar 01 4757401 nó is féidirríomhphost a chur chuige ag [email protected].

John Spillane sa Chlub - 21 Deireadh Fómhair - BeidhJohn Spillane ag seinm i gClub Chonradh na Gaeilge aran oíche seo. Moltar duit gan an deis seo a chailliúint é afheiceáil ag seinm i suíomh beag pearsanta ar nós anChlub. Maratón Chathair Bhaile Átha Cliath - 30 DeireadhFómhair - Beidh scaifte ag rith ar son Chonradh naGaeilge sa Mharatón i mbliana.Oireachtas na Gaeilge - 1-5 Samhain - Beidh antOireachtas ar siúl i gcathair Dhoire i mbliana.Moltar duitlóistín a chur in áirithe a luaithe agus is féidir.Féile na Mí - 17-19 Samhain - Beidh Féile na Mí ar siúl iRáth Cairn coicís tar éis an Oireachtais.

Léacht an Chonartha - 24 Deireadh Fómhair - BeidhReg Hendley ag tabhairt léachta faoin teideal ‘Ionchaisdo theangacha nua-aimseartha Eorpacha - an Ghaeilgesan aireamh’ i Leabharlann Naisiúínta na hÉireann,Sraid Chill Dara, Áth Cliath 2, ar 6.00Mas mian leat fógraíocht nó poiblíocht a dhéanamh araon ócáid atá á reachtáil agat beidh foireann na hArd-Oifige sásta gach cabhair a chur ar fáil daoibh. Níl ledéanamh ach glaoch a chur ar Jamie ar 01 4757401 nóríomhphost a chur chuige ag [email protected]. Tá sé agsúil go mór cloisteáil uaibh!!

DátDátaí don Dialannaí don Dialann

2. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig 3.

Beidh Dianchúrsa Gramadaí á reáchtáil ag Conradh naGaeilge ar an Aoine 18 agus ar an Satharn 19 Lúnasa2006. Tá an dianchúrsa speisialta á reáchtáil don triúhuair agus tá sé dírithe ar dhaoine ar spéis leo eolasagus cur amach níos fearr a bheith acu ar ghramadachna Gaeilge. Bheadh an cúrsa seo feiliúnach, ar ndóigh,dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu ach atá ag iarraidhsaineolas a fháil ar chruinneas agus ar scríobh naGaeilge chun dul i mbun obair aistriúcháin nó anGhaeilge a úsáid i saol na hoibre. Níl ach 12 áit ar angcúrsa agus beidh an múinteoir, Éamonn Ó Loingsighag díriú ar riachtanais speisialta na rannpháirtithe. Má táéileamh ann, cuirfidh Conradh na Gaeilge leis an gcúrsaseo trí dheireadh seachtaine breise a reáchtáil, mar arinne siad faoi dhó anuraidh. Beidh an chéad chúrsa arsiúl thar dheireadh seachtaine amháin, ar an Aoine 18úLúnasa ó 7-9i.n. agus ar an Satharn 19ú Lúnasa ó10r.n.-5i.n. Beidh costas €85 ar an gcúrsa. Tá

foirmeacha clárúcháin agus tuilleadh eolais le fáil achglaoch ar Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic,Gaillimh, 091 567824 nó rí[email protected].

De réir tuairiscí ó dhaltaí, ó thuismitheoirí agus óstiúrthóirí, bhain gach duine sult agus taitneamhas an champa samhraidh i mBaile Locha Riacharís i mbliana. Bhí an campa ar siúl idir 7ú agus18ú Lúnasa agus é lonnaithe i Naíonra Tigh na Sí,Cúirt an tSrutháinle linn na seachtaine. D’eagraigh Gaeilge Locha Riach an campa igcomhar le Conradh na Gaeilge agus rinne Forasna Gaeilge maoiniú air. Ar ndóigh, bhí na daltaítruaillithe le bronntanais; bréagáin, pinn luaithe,cuimleoirí, t-léinte agus a leithéid.Bhí beirt mhúinteoirí láncháilithe i gceannas ar anchampa, Dawn Ní Ghloinn agus Fiona NíChualáin. Lena chois sin, bhí Dara Ó Neachtainagus Ali Mac Aindreasa i láthair le lámh chuidithea thabhairt fosta. Bíonn siad i mbun cluichí, ról-imirt, ealaín agus a lán eile. Gan amhras, tá deisag na páistí Gaeilge a fhoghlaim in atmaisféarsúgartha.Tháinig cuairteoir speisialta chuig an champa DéMáirt 15 Lúnasa, Tomás Ó Ruairc ó Fhoras naGaeilge. Cuireadh fáilte Uí Ruairc roimhe agus éag déanamh cinnte go raibh gach rud in ord agusin eagar ag an champa. Chuir na daltaí seó ar bunar mhaithe lena chuairt, iad ag canadh agus agdamhsa.Ar an lá deireannach den champa Aoine 18Lúnasa, eagraíodh turas lae chuig Iarsmalann nagCapall i nDartfield, taobh le Baile Locha Riach.Cinnte, beidh neart le foghlaim fá stair na gcapall,seans dul ag marcaíocht agus triail taisce aguspicnic bheag acu chomh maith.

FOLLÚNTASOIFIGEACH FORBARTHA DO CHÚIGE MUMHAN

Dualgais: Clubanna óige, Gaeilge a bhunú agus a fhor-bairt timeall na tíre. Cúrsaí agus imeachtaí a eagrú dochlubanna Ógras agus Óg-Ógras. Tacaíocht aguscomhairle maidir le hobair óige a thabhairt do cheannairína gclubanna.Cáilíochtaí: Duine fuinniúil, le Gaeilge líofa agus cumasmaith cumarsáide, spéis san óige, cumas maitheagrúcháin agus bheith in ann obair as a stuaim féin.Tuarastal: Ag brath ar thaithí agus cáilíocht.Iarratas: Seol litir iarratais chomh maith le C.V. chuig:

An Cathaoirleach, Ógras, 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C. 2

Teil: 01 4751487 [email protected] Beidh an té a cheapfar sa phost lonnaithe i gCorcaigh

CampCampaí Samhraidh Bhaile Locha Riaichaí Samhraidh Bhaile Locha Riaich

Dianchúrsa Nua ar siúl inDianchúrsa Nua ar siúl in ÁÁ rus na nGaelrus na nGael