12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Seimineár & Seoladh 2. Snámh 2012 2. Gaillmheach, Gaelach 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Comórtas Lorax HP 5. Barrliosta na Leabhar 6. Oibrí Óige Á Lorg 6. Oireachtas 1913 7. Fostaíocht sa Pholainn 7. Cearta Teanga Chiarraí 8. Feachtas Tesco 8. Áiseanna Óige 9. Seomra Gaeilge TCD 9. Traenáil na Mac Léinn 10. Scéim an Uachtaráin 10. DáilWatch.ie 11. Cearta Leanaí Faoi Chaibidil 11. Bagairt Ar Chúirt Ghaeltachta 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí Eagrán 7.12 15 Deireadh Fómhair 2012 B eidh idir scléip don óige agus d’aostaigh, léachtaí ríomhlóideacha, sheoladh leabhar agus leathanaigh Facebook, Chuideachta na bhFoghlaimeoirí agus chluichí iománaíochta, dhrámaíocht Ghaeilge agus cheolchoirmeacha, shiúlóidí áitiúla agus chomórtais go leor ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ó 01 - 03 Samhain 2012! Ag Pleanáil don Ghaeilge ó Thuaidh & Sa Ghaeltacht - Cad Í Do Thuairim? is ea téama Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2012 agus tá Airí ón dá Rialtas ar phainéal na bliana seo. Beidh straitéis don Ghaeilge ó thuaidh agus cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012 ó dheas faoi chaibidil sa Seomra Glendowan san Óstán Mount Errigal ag 11.00rn Dé Sathairn agus tá fáilte roimh chách. Is iad An tAire Carál Chuilín, CTR, An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta; An tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh; agus Cabríní de Barra, Urlabhraí Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, aoichainteoirí na hócáide, áit a bheidh Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán an Chonartha ina chathaoirleach ar an gcaint agus ar na ceisteanna agus moltaí a phléifear ina diaidh. Reáchtálfar fáiltiú i ndiaidh an tSeimineáir ag 1.00in, áit a seolfar Bliain na Gaeilge 2013, clár de bhliain iomlán d’imeachtaí dírithe ar an teanga a spreagadh agus a chomóradh i measc an phobail le linn 2013, agus an suíomh idirlín úr a ghabhann leis an bhféile ag www.gaeilge2013.ie. Tuilleadh eolais: www.antoireachtas.ie +353 (0)1 4757401 [email protected] Seimineár & Seoladh

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

Embed Size (px)

DESCRIPTION

SAN EAGRÁN SEO: 1. Seimineár & Seoladh 2. Snámh 2012 2. Gaillmheach, Gaelach 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Comórtas Lorax HP 5. Barrliosta na Leabhar 6. Oibrí Óige Á Lorg 6. Oireachtas 1913 7. Fostaíocht sa Pholainn 7. Cearta Teanga Chiarraí 8. Feachtas Tesco 8. Áiseanna Óige 9. Seomra Gaeilge TCD 9. Traenáil na Mac Léinn 10. Scéim an Uachtaráin 10. DáilWatch.ie 11. Cearta Leanaí Faoi Chaibidil 11. Bagairt Ar Chúirt Ghaeltachta 12. Is Leor Beirt agus 12. Saor-Chomhairle Dlí

Citation preview

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Seimineár & Seoladh2. Snámh 20122. Gaillmheach, Gaelach3. Nuacht Áitiúil4. Gaeilge na Cruinne4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Comórtas Lorax HP5. Barrliosta na Leabhar6. Oibrí Óige Á Lorg6. Oireachtas 19137. Fostaíocht sa Pholainn7. Cearta Teanga Chiarraí8. Feachtas Tesco8. Áiseanna Óige9. Seomra Gaeilge TCD9. Traenáil na Mac Léinn10. Scéim an Uachtaráin10. DáilWatch.ie11. Cearta Leanaí Faoi Chaibidil 11. Bagairt Ar Chúirt Ghaeltachta 12. Is Leor Beirt12. Saor-Chomhairle Dlí

E agrán 7.12 15 Deiread h Fómhair 2012

Beidh idir scléip don óige agus d’aostaigh, léachtaí

ríomhlóideacha, sheoladh leabhar agus leathanaigh Facebook, Chuideachta na bhFoghlaimeoirí agus chluichí iománaíochta, dhrámaíocht Ghaeilge agus cheolchoirmeacha, shiúlóidí áitiúla agus chomórtais go leor ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall ó 01 - 03 Samhain 2012! Ag Pleanáil don Ghaeilge ó Thuaidh & Sa Ghaeltacht - Cad Í Do Thuairim? is ea téama Sheimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge 2012 agus tá Airí ón dá Rialtas ar phainéal na bliana seo. Beidh straitéis don Ghaeilge ó thuaidh agus cur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012 ó dheas faoi chaibidil sa Seomra Glendowan san Óstán Mount Errigal ag 11.00rn Dé Sathairn agus tá fáilte roimh chách. Is iad An tAire Carál Ní Chuilín, CTR, An Roinn Cultúir,

Ealaíon agus Fóillíochta; An tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh; agus Cabríní de Barra, Urlabhraí Gaeltachta, Conradh

na Gaeilge, a o i cha i n t eo i r í na hócáide, áit a bheidh Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán an Chonartha ina chathaoir leach ar an gcaint agus ar na ceisteanna agus moltaí a phléifear ina

diaidh. Reáchtálfar fáiltiú i ndiaidh an tSeimineáir ag 1.00in, áit a seolfar Bliain na Gaeilge 2013, clár de bhliain iomlán d’imeachtaí dírithe ar an teanga a spreagadh agus a chomóradh i measc an phobail le linn 2013, agus an suíomh idirlín úr a ghabhann leis an bhféile ag www.gaeilge2013.ie. Tuilleadh eolais: www.antoireachtas.ie +353 (0)1 [email protected]

Seimineár & Seoladh

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 10 Samhain 2012

Snámh 2012Comhghairdeas le lucht

Snámh 2012 a thum iad féin san fharraig amuigh ó gach contae in Éirinn le cósta, ar son na Gaelscolaíochta thuaidh agus theas! Rinne beagnach scór Gaeilgeoir snámh 5 bomaite faoin uisce i 17 gcontae an mhí seo caite, mar chuid de shnámh urraithe le hairgead a thiomsú do Ghaelscoileanna ar fud na hÉireann. Bhí dhá eagras ionadaíochta do na scoileanna - Taca sa tuaisceart agus

Aitheantas ó dheas - i mbun eagrú an imeachta. Más mian leatsa cuidiú leis na scoileanna, is féidir síntiús a dhéanamh tríd an mbanc le Taca chuig an gcuntas 93298644, cód sórtála 938092; seol

seic chuig Taca ins An Chultúrlann, 216 Bóthar na BhFál, Béal Feirste, BT12 6AH; trí www.justgiving.com; nó trí PayPal ag www.taca.ie. Gach eolas: www.taca.ie

Mhol moltóirí na mBailte Slachtmhara na comharthaí dátheangacha atá

in úsáid ag siopaí agus gnólachtaí i gcathair na Gaillimhe ina dtuairisc le déanaí. Thréaslaigh siad le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as ucht úsáid na Gaeilge a spreagadh sa chathair, agus tá súil ag Gaillimh le Gaeilge go spreagfaidh sé seo níos mó gnólachtaí chun an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí sa chomharthaíocht s’acu. Tá siad ag meabhrú do lucht gnó na cathrach nach fada uathu Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus má tá comharthaí i do ghnó á n-athrú agat, is féidir le Gaillimh le Gaeilge moltaí a dhéanamh faoin gcaoi is fearr leis an nGaeilge a úsáid orthu. Sa bhreis air sin, d’oscail Taibhdhearc na Gaillimhe a doirse arís le déanaí. Tá clú ar An Taibhdhearc as scoth

na drámaíochta a léiriú ar an stáitse i gCathair na dTreabh i gcaitheamh na mblianta, ach bhí amharclann

náisiúnta na Gaeilge dúnta le 5 bliana anuas agus an áit á hathchóiriú sna sála ar dhamáiste dóiteáin a rinneadh don ionad. Caitheadh breis agus milliún euro ar athchóiriú na hamharclainne stairiúla, áit atá trealamh fuaime agus soilsithe úrnua ag an ionad ar an tSráid Láir i nGaillimh agus rochtain ag daoine i gcathaoireacha rotha

air anois. Léireoidh An Taibhdhearc a saothair féin as Gaeilge san amharclann nua, ach beidh sí ina láthair léirithe do chompántais eile ar cuairt sa chathair chomh maith. Tuilleadh eolais: www.gleg.ie www.antaibhdhearc.com

Gaillmheach, Gaelach

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilÁth Cliath

Tá Na Gaeil Óga CLG ar an gcéad chlub lánGhaeilge sa phríomhchathair chun

foireann iománaíochta a chur ar an bpáirc. Thosaigh traenáil iomána na bhfear i bPáirc an Phiarsaigh i gCromghlinn, Baile Átha Cliath 12 le déanaí agus beidh traenáil ar siúl gach oíche Luain ag 9.00in d’aon duine a bhfuil spéis acu imirt leo. Tá foireann peile na mban ag dul ó neart go neart freisin agus feartar fáilte roimh imreoirí nua gur mian leo teacht ag traenáil leo gach oíche Luain chomh maith. Beidh Mórdhinnéar na Bliana de chuid an chlub ar siúl san Óstán Davenport ar 17 Samhain i mbliana. Gach eolas: www.nagaeiloga.ie

Corcaigh

Ní hamháin gur thug Comhluadar i gCorcaigh cuairt ar Oileán Fota

le déanaí, ach tá Oíche Cheiliúrtha beartaithe ag Gael-Taca don chathair ag deireadh na míosa seo chugainn! Déanfar comóradh speisialta ar an eagras ar an oíche úd agus Gael-Taca 25 bliana ag fás i mbliana. Dinnéar 3-chúrsa le ceol, rince, aoi speisialta, duaiseanna agus tuilleadh a bheidh i gceist leis an ócáid in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh ag 8.00in oíche Aoine, 30 Samhain 2012. Tá €25 ar thicéad ach teagmháil a dhéanamh le Gael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh ag +353 (0)21 4310841 / [email protected]. Gach eolas: www.gael-taca.com

Loch Garman

Chomh maith le ranganna Gaeilge arna eagrú ag Na Macallaí le haghaidh daoine

fásta, tá club óige, ranganna rince ar an sean-nós agus club leabhar faoi lánseol i Loch Garman an fómhar seo! Bíonn an Caifé Cainte do dhaoine óga á reáchtáil in

ionad Naomh Sheosaimh gach tráthnóna Aoine ag 7.00in, fad agus a bheidh an chéad chlub leabhar Gaeilge eile ar siúl i Leabharlann Loch Garman Déardaoin, 08 Samhain 2012. Sa bhreis air sin, bíonn Solas - club Gaeilge agus ceoil - ar siúl an chéad Aoine den mhí ó 9.00 - 10.00in agus tá fáilte roimh chách! Gach eolas: www.lochgarman.ie +353 (0)87 9135271

Páras

Sna sála ar Thráth na gCeist leis na Paris Gaels CLG agus féile Le Centre

Culturel Irlandais, tá oíche Ghaelach eile beartaithe ag Conradh na Gaeilge Páras Dé Máirt, 30 Deireadh Fómhair 2012. Fillfidh an Ghaeltacht sur Seine ar íoslach The Quiet Man ag 5 rue des Haudriettes, 75003 Paris ó 8.00 - 10.00in chun deis a thabhairt d’idir Éireannaigh agus Fhrancaigh beagán Gaeilge a labhairt le chéile. Buailfidh pobal Gaeilge Pháras le chéile an Mháirt deireanach den mhí idir seo agus tús na bliana seo chugainn .i. 27 Samhain 2012 agus 11 Nollaig 2012. Teagmháil: www.paris-gaelique.com +33 (0)6 82870710

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 10 Samhain 2012

Gaeilge na CruinneTá Ceiliúradh na

Samhna le scéalta, amhránaíocht agus filíocht as Gaeilge á reáchtáil ag Coláiste Uí Mhaolmhuaidh ar an Oileán Fada i Nua Eabhrac ar 3 Samhain 2012; tá Lá Gaeilge beartaithe i Nottingham don 29 Deireadh Fómhair 2012; agus tá cúrsa tumoideachais Gaeilge á eagrú ag Daltaí na Gaeilge i bPennsylvania ó 9 - 11 Samhain 2012. Agus murab leor sin, tionólfar Féile Ealaíon Mhanchain ó 27 Deireadh Fómhair - 3 Samhain i mbliana! Beidh

maidin scannánaíochta, g r a d a i m sc r íbhneo i reachta , club cuideachta agus ranganna Gaeilge go leor ar siúl i rith na seachtaine. Leanfaidh seisiún ceoil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann léiriú an

scannáin Mise Éire agus léifidh Colette Nic Aodha cuid dá filíochta dátheangaí don slua chomh maith le dianchúrsa Gaeilge a mhúineadh. Ná caill amach air! Tuilleadh eolais: www.milg.org.uk

I dTreo Logánú Ríomhaireachta Lán-

Ghaeilge an t-ainm atá ar an léacht a thabharfaidh Kevin Scannell, Ollamh le Matamaitic agus Ríomhaireacht, Ollscoil San Louis, Missouri, nuair a thagann sé go hÉirinn ag deireadh na míosa seo. Tá cuid mhór taighde déanta ag Scannell ar chúrsaí ríomhtheangeolaíochta i mionteangacha éagsúla, agus sa Ghaeilge go háirithe. Tá litreoir, gramadóir, agus teasáras leictreonach forbartha aige, agus is é atá i gceannas ar an bhfoireann a chuir Gaeilge ar roinnt bogearraí mór le rá, mar shampla Firefox agus OpenOffice. Chaith sé an bhliain seo caite mar fhostaí de chuid Twitter, ag iarraidh tacaíocht níos fearr a thabhairt do mhionteangacha ar an ardán sin freisin. Labhróidh sé le Cumann na nInnealtóirí ag 22 Bóthar Cluaidhe, Baile Átha Cliath 4 ag 7.30in Dé Céadaoin,

31 Deireadh Fómhair 2012, agus pléifidh sé an dul chun cinn i dtreo córas ríomhaireachta lán-Ghaeilge: córas oibriúcháin, bainisteoir fuinneog, feidhmchláir, ríomhchluichí, uirlisí profála, agus eile. Sa lá atá inniu, baineann

feidhmchláir phróiseála teanga an-úsáid as staitisticí agus as teicnící ón meaisínfhoghlaim; leis an mborradh mór faoin nGaeilge agus faoi theangacha mionlaigh eile ar an ngréasán le blianta anuas, tá sé níos éasca cur chuige staitisticiúil a úsáid le réimse níos leithne teangacha. Cuirfidh Kevin cás-staidéar áirithe i láthair a thaispeánann cuid de na constaicí a thagann chun cinn ina chuid oibre, agus conas is féidir cúpla smaoineamh an-simplí ón staitistic a úsáid chun na constaicí seo a shárú. Tuilleadh eolais: [email protected]

Teicneolaíocht na Teanga

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

Is corparáid ilnáisiúnta theicneolaíocht faisnéise í Hewlett-Packard, agus tá HP

in Éirinn tar éis sonraí a fhoilsiú maidir le comórtas nua atá á reáchtáil acu i gcomhar leis an gclár oideachais Lorax. Comórtas scríbhneoireachta atá dírithe ar bhunscoileanna atá ann, le béim ar chúrsaí

timpeallachta; iarrtar ar dhaltaí bunscoile gearrscéal a scríobh faoin méid atá foghlamtha acu faoin inbhuanaitheacht ó HP agus ón Lorax, carachtar ó scéalta an Dr Suess. In ainneoin nach bhfuil an t-ábhar tacaíochta agus bolscaireachta ach ar fáil i mBéarla do mhúinteoirí, glacfar le hiarratais don chomórtas i nGaeilge. Tá duaiseanna maithe le buachan agus chuirfeadh slam mór iarratas i nGaeilge brú ar roinn margaíochta HP leagan dátheangach den ábhar tacaíochta a fhoilsiú don chéad chomórtas scoile eile. Spreag do rangsa le páirt a ghlacadh ann! Spriocdháta: Dé hAoine, 26 Deireadh Fómhair 2012. Gach eolas: www.hp.com/ie/lorax

Caith vóta don Celtic Bookshop ar www.bordgaisenergybookclub.ie/

bookshop-of-the-year inniu!

Páistí agus Daoine Óga1. An Tornapa Mór Millteach

- An Gúm - €4.502. An Lamborghiní Buí - An Gúm

- Iarla Mac Aodha Bhuí - €53. An Sionnach Glic agus an Chircín

Rua - An Gúm - €4.504. An Prionsa Beag - Read Ireland

- Antoine de Saint-Exupéry - €105. An Lacha Bheag Ghránna

- An Gúm - €4.50

Daoine Fásta1. The Islander - aistrithe ag Gary

Bannister - G&M - €24.992. Gearrscéalta an Phiarsaigh

- Pádraig Mac Piarais - Cló Thalbóid - €12.95

3. Scothscéalta - CIC - Pádraic Ó Conaire - €12

4. Dúil - CIC - Liam Ó Flaithearta - €12

5. Cuaifeach mo Londubh Buí - Coiscéim - Séamas Mac Annaidh - €10

Eolas & orduithe: [email protected] +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Comórtas Lorax HP

Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 10 Samhain 2012

Oibrí Óige Á LorgTá Oifigeach Forbartha

do Chúige Laighean agus Chonnacht á lorg ag Ógras, óg-eagraíocht Chonradh na Gaeilge. Post páirt-aimseartha atá i gceist leis, ar thuarastal €12,600 - €15,510 sa bhliain. Beidh freagracht ag an té a cheapfar as clubanna óige Gaeilge a bhunú agus a fhorbairt sa dá réigiún, tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do cheannairí na gclubanna, agus cúrsaí traenála agus imeachtaí a eagrú do chlubanna Ógras agus Óg-Ógras. Ní

mór go mbeadh ard-chaighdeán Gaeilge; taithí ar obair óige; ard-scileanna cumarsáide agus idirphearsanta; scileanna maithe ríomhaireachta; ceadúnas glan tiomána; agus carr dá c(h)uid féin ag an té a cheapfar. Seol litir iarratais móide CV chuig Riarthóir, Ógras, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 nó chuig [email protected] roimh 26 Deireadh

Fómhair 2012. Tuilleadh eolais: +353 (0)1 4751487

Beidh na sluaite ag tabhairt aghaidhe ar Leitir Ceanainn ag tús na míosa

seo chugainn d’fhéile Oireachtais na bliana seo! Ach is é Oireachtas 1913 a bheidh faoi chaibidil ag léacht i gClub Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh oíche Mháirt, 23 Deireadh Fómhair 2012, ag tosú ag 8.00in. Bhunaigh Conradh na Gaeilge féile an Oireachtais sa bhliain 1897, féile leathlae a tionóladh don chéad uair Dé Luain, 17 Bealtaine 1897. Mheall an ócáid breis agus míle duine chuig na himeachtaí a bhí ar siúl; ba é an slua seo, agus rath na hócáide, an bhunchloch a bhí ann d’fhorbairt na féile sna blianta beaga ina dhiaidh sin agus a d’fhág go raibh An tOireachtas mar bhuaicphointe na Gaeilge san ardchathair. Is i mBaile

Átha Cliath amháin a tionóladh An tOireachtas sna blianta tosaigh ach in imeacht ama, socraíodh an fhéile a

bhogadh chuig ionaid eile. Is ar chathair na Gaillimhe a thit sé chun an chéad Oireachtas lasmuigh de Bhaile Átha Cliath a thionól agus

is é An tOireachtas seo - Oireachtas na bliana 1913 - a bheidh á scrúdú ag Dara Folan ina léacht oíche Mháirt seo chugainn. Beidh sé ag caitheamh súil freisin ar na díospóireachtaí náisiúnta a bhí ag tarlú laistigh de ghluaiseacht na Gaeilge ag an am, agus an tionchar a bhí acu sin ar an ngluaiseacht trí chéile. Tuilleadh eolais: www.arasnangael.ie +353 (0)91 [email protected]

Oireachtas 1913

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Fostaíocht sa PholainnTá Roinn na

dTeangacha agus na Litríochtaí Ceilteacha i bPoznań sa Pholainn ag súil le teagascóir cáilithe sa Nua-Ghaeilge a fhostú san ollscoil Uniwersytetu im. Adama Mickiewicza w Poznaniu don bhliain acadúil seo. Beidh ar an té a cheapfar an Nua-Ghaeilge a mhúineadh ag leibhéal máistreachta agus céime BA; tá féidearthacht ann go mbeidh stair na Gaeilge, litríocht na Gaeilge nó cúrsaí eile dá leithéid le teagasc chomh

maith, ag brath ar réimsí spéise an iarrthóra. Mairfidh an post go dtí 30 Meitheamh 2013. Tá cathair Poznań suite ar abhainn Warta in iarthar na Polainne. Tá sí ar an gcúigiú

cathair is mó sa tír agus ar cheann de na cathracha is sine. Is féidir le hiarrthóirí CV a sheoladh chuig an Dr Brent Miles ag [email protected] eolais: www.wa.amu.edu.pl

Bhuail Fóram Gaeilge Chiarraí leis an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus

Gaeltachta Jimmy Deenihan TD le déanaí, ag éileamh a chuid tacaíochta chun ár dteanga naisiúnata a chosaint i gCiarraí. “Má táimid i ndáiríre fén nGaelainn a chaomhnú sa Stát agus í a fhorbairt sa Ghaeltacht, caithfidh an Rialtas gníomhú mar cheannródaí, rud is cuí,” a deir Michelle Nic Suibhne, Cathaoirleach an Fhóraim. Creideann Fóram Gaeilge Chiarraí go bhfuil córas nua earcaíochta náisiúnta riachtanach chun oibrithe le Gaeilge líofa a earcú san earnáil phoiblí chun freastal ar phobail na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de; creideann an Fóram gurb é seo an t-am chun córas dá leithéid a fhorbairt, sara dtosnaíonn earcaíocht arís amach anseo. Arsa Nic Suibhne:

“Tá Coimisinéir Teangan le cumhacht agus neamhspleáchas riachtanach chun cearta teanga phobal na Gaeilge

a chosaint. Agus gan oifigeach lánaimseartha a bheith lonnaithe ag Roinn na Gaeltachta i gCiarraí beidh feidhmiú An Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge bacach agus gan stiúir, i gCiarraí agus ar fud na Mumhan.” Baineann cinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an liúntas do mhúinteoirí

nua sa Ghaeltacht atá ag múineadh trí Ghaeilge an bonn óna Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dar le Nic Suibhne, agus éilíonn Fóram Gaeilge Chiarraí arís ar an Rialtas na ciorruithe Gaeltachta ar fad a chur ar ceal go dtí go mbeidh An Straitéis curtha in áit i gceart acu. Tuilleadh eolais: Michelle Nic Suibhne +353 (0)64 6626486

Cearta Teanga Chiarraí

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 10 Samhain 2012

Feachtas TescoAn mbeifeá sásta 30 soicind

a chaitheamh ar son stádas na Gaeilge? Táimid ag iarraidh brú a chur ar Tesco úsáid agus feiceálacht na Gaeilge ina gcuid siopaí a mhéadú; cé go mbíodh go leor dá gcomharthaí i mBéarla agus i nGaeilge sna siopaí s’acu in Éirinn, tá an nós seo laghdaithe acu le déanaí agus níl ach Béarla le feiceáil ar na fógraí nua s’acu. Seo feachtas ríomhphoist chun cumhacht an chustaiméara a léiriú agus

tá do chúnamh ag teastáil! Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh custaiméirí Gaelacha na hÉireann - mar ghrúpa le cumhacht agus le hairgead - ag léiriú go bhfuil siad míshásta le stádas na Gaeilge i siopaí Tesco trí theachtaireacht a sheoladh chuig [email protected] inniu. Ní neart go cur le chéile!

Tuilleadh eolais: Úsáidim Facebøok as Gaeilge

Tá Duais Uí Loingsigh i gcuimhne ar Mhícheál Ó Loingsigh mar dhuais ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge (CNMG) ar an gcomórtas ealaíne agus Gaeilge atá á reáchtáil acu i mbliana. Tá go dtí 24 Deireadh Fómhair 2012 ag daltaí sa chéad agus sa dara bliain chun leabharmharc as Gaeilge a dhéanamh agus a sheoladh chuig Dónall Ó Murchú, Coláiste Naomh Alabhaois, Carraig Thuathail, Co. Chorcaí le hainm an dalta, seoladh na scoile agus síniú an mhúinteora ar chúl an leabharmhairc. Tá an nuachtán náisiúnta Foinse tar éis Spraoi sa Seomra Ranga le Foinse Óg a sheoladh le déanaí freisin. Is sraith nua ar-líne d’acmhainní foghlama in aisce do mhúinteoirí agus do dhaltaí bunscoile í seo, deartha acu i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Tá os

cionn 200 acmhainn ar fáil ar-líne ag www.foinse.ie lena n-áirítear cluichí

i d i r g h n í o m h a c h a , crosfhocail, míreanna mearaí, pleananna ceachta do mhúinteoirí, agus póstaeir dhaite tharraingteacha atá bunaithe ar théamaí laistigh den churaclam. Go deimhin, tá na hacmhainní ar fad

bunaithe ar théamaí curaclaim agus ligeann do mhúinteoirí bunscoile ceachtanna iomlána a chur i dtoll a chéile leis na hacmhainní ar-líne. Mar gheall ar éagsúlacht na n-acmhainní atá ar fáil, tá rud éigin ar fáil do gach leibhéal cumais sa Ghaeilge. Foilseofar plean ceachta a bhaineann leis na hacmhainní ar-líne i bhFoinse san Irish Independent gach Céadaoin gach seachtain le linn an téarma scoile freisin. Tuilleadh eolais: [email protected] +353 (0)91 593778 / www.cogg.ie

Áiseanna Óige

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Seomra Gaeilge TCDTá Seomra Gaeilge

nua ag Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath don chéad uair riamh! Is spás caidrimh agus comhrá do lucht na Gaeilge sa Choláiste é agus tá leabhair, nuachtáin agus foilseacháin i nGaeilge ar fáil sa seomra, mar aon le háiseanna tae agus caife. Lonnaithe i bhfoirgneamh an Phroinntí os cionn bialann an Bhutraigh, tá an seomra ar oscailt Luan - Aoine ó 9.00rn

- 4.30in i rith an téarma acadúil. Ba é Pádraig Schaler, Reachtaire an Chumann Gaelaigh anuraidh, a stiúraigh an feachtas ó tús a réime agus bhí idir fhoireann agus scoláirí an choláiste ag obair go dian chun an dul chun cinn suntasach

seo a eagrú. Beidh Cioral Comhrá ar siúl sa Seomra Gaeilge gach Máirt ag 7.30in, fáilte roimh chách! Gach eolas: www.cumann.ie

Tionóladh an t-ollchruinniú is mó do Chumainn Ghaelacha agus d’Oifigigh

Ghaeilge na n-institiúidí tríú leibhéil sa tír i mBaile Átha Cliath ó 12 - 13 Deireadh Fómhair 2012. Eagraithe ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) i bpáirt le Comhluadar agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge, is í seo an séú bliain as a chéile go bhfuil deireadh seachtaine traenála dá leithéid curtha ar fáil do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Tá toradh na hoibre le feiceáil go soiléir le blianta beaga anuas; sa bhreis ar mhórimeacht na mac léinn ag Oireachtas na Samhna gach bliain anois, bíonn an-chomhoibriú le sonrú i measc na gcumann Gaelach agus na n-oifigeach ó na coláistí éagsúla san obair stocaireachta, sna

feachtais náisiúnta agus sna himeachtaí Gaeilge i gcaitheamh na bliana freisin.

Freastalaíonn suas go 100 mac léinn ar an seisiún traenála chun comhairle a fháil ar chúrsaí poiblíochta, ar chearta teanga, ar aistriú teanga, ar chomórtas tríú leibhéal, agus ar conas imeachtaí agus Seachtain na Gaeilge

a eagrú. Scaiptear sonraí teagmhála na rannpháirtithe ar a chéile, chun gur féidir le coistí agus le hoifigigh na nAontas obair a dhéanamh ar son na teanga as lámha a chéile, agus tá grúpa Facebook ina fhóram plé agus eolais dóibh ar fad chomh maith, áit gur féidir leis na baill ó na coláistí éagsúla póstaeir d’imeachtaí, smaointe agus eolas ginearálta a roinnt.

Traenáil na Mac Léinn

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

Tá scéim teanga nua i ndán d’Áras an Uachtaráin

de réir dealraimh. Is cosúil go bhfuil an dara scéim teanga le haontú idir Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go luath, ó d’imigh an chéad scéim teanga in éag ag deireadh mhí Aibreáin 2008. Tá gealltanas tugtha ag Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin go mbeidh seirbhís Ghaeilge ar an suíomh idirlín go luath chomh maith; is cosúil

go bhfuil forbairt agus athdhearadh á dhéanamh ar an suíomh agus go bhfuil an t-ábhar statach air á aistriú i láthair na huaire, in ainneoin nár tugadh aon ghealltanas sonrach ina leith sin faoin scéim teanga reatha. Ár mbuíochas le gach duine a rinne teagmháil le hÁras an Uachtaráin le tamall de mhíonna anuas chun suíomh dátheangach a

éileamh ón Uachtarán. Coinnigí súil air! www.president.ie

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 10 Samhain 2012

Scéim an Uachtaráin

Tá togra nua dar teideal DáilWatch seolta ag Sarah O’Neill, mac léinn

i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Suíomh idirlín is ea DailWatch.ie a scaoileann le baill den phobal ceisteanna a chur go díreach ar Theachtaí Dála i dTeach Laighean agus a dhéanann iarracht dea-chumarsáid a chothú idir polaiteoirí agus vótálaithe in Éirinn. Is áis í an t-ardán seo le súil a choimeád ar iompar agus ar chinntí na n-ionadaithe polaitíochta sa Dáil chomh maith, ó tá teacht ar thaifid vótála na dTeachtaí ón suíomh freisin. Coinneofar gach ceist agus gach freagra ar an suíomh go buan ar mhaithe le leanúnachas agus le freagracht. Ní ar mhaithe le brabús a chruthaigh O’Neill an suíomh, ach ar mhaithe le follasacht

pholaitíochta a sholáthar do shaoránaigh na tíre; is suíomh neodrach é DailWatch.ie atá bunaithe ar bhunsmaoineamh ón gcarthanacht Gearmánach

ParliamentWatch, agus beidh buntáiste ag baint leis don Teachta Dála agus don ghnáthduine ón dáilcheantar araon. Táthar ag súil go dtiocfaidh córas polaitíochta níos follasaí, níos cuntasaí faoin bpobal chun cinn mar thoradh ar an togra seo agus go nglacfaidh níos mó den ghnáthphobal páirt idirghníomhach sa phlé

polaitíochta faoi thodhchaí na tíre. Is féidir teacht ar an ardán DailWatch.ie trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, agus is féidir ceisteanna a chur ar Theachtaí Dála sa dá theanga oifigiúla de chuid an stáit. Gach eolas: http://dailwatch.ie

DáilWatch.ie

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Cearta Leanaí Faoi ChaibidilTionólfar Reifreann ar

Chearta Leanaí Dé Sathairn, 10 Samhain 2012, agus tá seisiún faisnéise do phobal na Gaeilge á reáchtáil ag Forbairt Naíonraí Teo. (FNT) agus An Comhaontas um Chearta Leanaí ar an ábhar Déardaoin, 25 Deireadh Fómhair 2012 ag 11.30rn. Beidh an seisiún ar siúl i Halla Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath agus beidh Joe O’Toole, stiúrthóir an fheachtais Campaign for Children, agus Pól Ó Murchú, aturnae, ina

n-aoichainteoirí. Is cónaidhm de bhreis agus 100 eagras é An Comhaontas um Chearta Leanaí atá ag obair chun cearta leanaí na hÉireann a dhaingniú, agus labhróidh an príomhfheidhmeannach Tanya Ward ag fáiltiú na hócáide. Is í Clíona Frost, Príomhoifigeach FNT, cathaoirleach an tseisiúin. Áirithintí:

www.reifreannleanai.ie +353 (0)1 6629400 [email protected] roimh 23 Deireadh Fómhair 2012

Tá athstruchtúrú ar bun ag An tSeirbhís Chúirteanna faoi láthair

agus Bord Seirbhísí na gCúirteanna ag déanamh athbhreithniú ar gach áit atá ag feidhmiú mar ionad cúirte ar fud na tíre, ag fiosrú an bhfuil siad inmharthana agus ag soláthar seirbhísí cuí don phobal ar a ndéanann siad freastal. Tá siad ag iarraidh go mbeadh oifig amháin i ngach contae, ach tá imní léirithe faoin mbagairt atá ann go ndúnfar na cúirteanna agus na hionaid atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Tá baol ann go ndúnfar Teach na Cúirte i nDoire an Fhéich i gceartlár Ghaeltacht Chonamara mar shampla, an Chúirt Dúiche is mó sa tír ina mbíonn gnó na Cúirte ar siúl trí mheán na Gaeilge ann. Suíonn an

Chúirt uair sa mhí agus phlé le 607 cás le linn 2010 amháin, fad agus a chuireann an oifig chúirte féin réimse

seirbhísí éagsúla ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Tá Gaeilge á húsáid ag na Gardaí, An Breitheamh, An Cléireach, cúpla aturnae agus an pobal ach má athraíonn na hoifigí agus na Cúirteanna go cathair na Gaillimhe, tá baol an-mhór ann nach mbeidh seirbhísí Gaeilge ar fáil do mhuintir na Gaeltachta a thuilleadh. Níl cinneadh oifigiúil glactha i dtaca leis seo go fóill ach tá feachtas ar bun

sa cheantar, áit atá an grúpa áitiúil Cosaint Chearta na Gaeltachta agus polaiteoirí áitiúla tar éis imní a léiriú faoi na himpleachtaí a bheadh ann don Ghaeltacht dá ndúnfaí an oifig.

Bagairt Ar Chúirt Ghaeltachta

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2012

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 10 Samhain 2012

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Ionad Eachtraíochta:• An dtaitníonn imeachtaí allamuigh / amuigh

faoin aer leat?• An ndeachaigh tú chuig ionad eachtraíochta

riamh?• An ndeachaigh tú i mbun rianadóireachta /

treodóireachta roimhe seo?• An ndeachaigh tú ar strae sa choill riamh?• An bhfuil tú nó an raibh tú riamh sna Gasóga?• Cad iad na gníomhaíochtaí faoin spéir agus eachtraíochta is fearr leat?• An ionann na scileanna do lámhach créphlátaí agus do sheilg ainmithe dáiríre?• An dóigh leat go bhfuil boghdóireacht le fíorshaighead agus bogha contúirteach?• Ar thiomáin tú bugaí easbhóthair ar chúrsa rásaíochta riamh?• Ar gortaíodh thú ag imirt spóirt?• An gcabhraíonn spórt eachtraíochta le neartú foirmiúlachta i measc bhaill foirne?• Ar bhain tú triail as gunna léasair?• Ar mhaith leat cuadrothar a thiomáint?• An rachfá ag curachóireacht ar abhainn?• An bhfuil scanradh ort roimh an uisce?• An dóigh leat gur spórt ardnósach í an seoltóireacht?• An imríonn tú cluichí cogaíochta le millíní péinte go minic?• An bhfuil ionad eachtraíochta i gcóngar do bhaile féin?• An duine iomaíoch atá ionat?• An ndeara tú léim bhuinsí in Éirinn nó thar lear?

Spóirt eachtraíochta: boghdóireacht, curachóireacht, seoltóireacht, snámh, rianadóireacht, treodóireacht, tiomáint easbhóthair, lámhach (créphlátaí), cuadrothar, millín péinte, gunna léasair, ziplíne, zorbáil, léim bhuinsí