12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Tús Úr na Samhla 2. Nollaig in Éirinn 2. Tionól ar an mBuailtín 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Scéal Eile 5. Barrliosta na Leabhar 6. An Fóram Díospóireachta 6. Rí-Rá ar DAB! 7. Fuinneamh Úr don Fhoras Gnó 7. Dámhachtainí Fulbright 8. Gaeilge na Rinne ag CLG 8. An Caighdeán Athbhreithnithe 9. Seisiúin an tSamhraidh 9. Scéim Teanga ITBÁC 10. Ainmniúcháin an Údaráis 10. Aighneachtaí 11. An tAcht Gaeltachta ‘12 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí Eagrán 7.9 31 Iúil 2012 D ’fháiltigh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) go croíúil roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge deireadh a chur leis an tSamhail N u a Mhaoinithe le déanaí. Agus iad ag obair ar an talamh i measc an phobail le taithí na mblianta acu, ba léir d’eagrais APG - Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge - nach raibh córas iomaíoch na Samhla in oiriúint don earnáil Ghaeilge in aon chor. Tá súil acu go gcuirfear córas comhpháirtíochta i bhfeidhm chun na heagrais bhunmhaoinithe san earnáil Ghaeilge a chur ag obair le chéile ar bhonn níos éifeachtaí anois, ar leas na teanga agus ar leas an phobail. D’fháiltigh APG go háirithe roimh fhógra an Fhorais go mbreathnófar ar mhúnlaí eile anois, agus go gcuirfear tuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht san áireamh - tuarascáil maidir le maoiniú na hearnála atá tacaíocht traspháirtí aici agus a thugann tacaíocht iomlán do mholadh APG gur chóir go mbeadh córas comhpháirtíochta ag croílár aon shamhla nua. Glacfar moltaí Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thionól Thuaisceart Éireann san áireamh chomh maith le moltaí agus tuairimí ón bpobal a léiríodh le linn an phróisis chomhairliúcháin go dtí seo. Tá Sainchomhairleoir á cheapadh ag Foras na Gaeilge le cás gnó cuimsitheach a dhréachtú, áit a cuimseofar an gá leis an athrú ó bhunmhaoiniú; liosta de roghanna féideartha; agus anailís ar na roghanna sin d’fhonn an rogha is fearr a mholadh. Sonraí: www.etenders.gov.ie Tús Úr na Samhla

Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

Embed Size (px)

DESCRIPTION

SAN EAGRÁN SEO: 1. Tús Úr na Samhla 2. Nollaig in Éirinn 2. Tionól ar an mBuailtín 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Scéal Eile 5. Barrliosta na Leabhar 6. An Fóram Díospóireachta 6. Rí-Rá ar DAB! 7. Fuinneamh Úr don Fhoras Gnó 7. Dámhachtainí Fulbright 8. Gaeilge na Rinne ag CLG 8. An Caighdeán Athbhreithnithe 9. Seisiúin an tSamhraidh 9. Scéim Teanga ITBÁC 10. Ainmniúcháin an Údaráis 10. Aighneachtaí 11. An tAcht Gaeltachta ‘12 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Citation preview

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Tús Úr na Samhla 2. Nollaig in Éirinn2. Tionól ar an mBuailtín3. Nuacht Áitiúil4. Gaeilge na Cruinne4. Teicneolaíocht na Teanga5. Scéal Eile5. Barrliosta na Leabhar6. An Fóram Díospóireachta6. Rí-Rá ar DAB!7. Fuinneamh Úr don Fhoras Gnó7. Dámhachtainí Fulbright8. Gaeilge na Rinne ag CLG8. An Caighdeán Athbhreithnithe9. Seisiúin an tSamhraidh9. Scéim Teanga ITBÁC10. Ainmniúcháin an Údaráis10. Aighneachtaí11. An tAcht Gaeltachta ‘1212. Is Leor Beirt12. Saor-Chomhairle Dlí

E agrán 7.9 31 Iúi l 2012

D’fháiltigh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) go

croíúil roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge d e i r e a d h a chur leis an tSamhail N u a Mhaoinithe le déanaí. Agus iad ag obair ar an talamh i measc an phobail le taithí na mblianta acu, ba léir d’eagrais APG - Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge - nach raibh córas iomaíoch na Samhla in oiriúint don earnáil Ghaeilge in aon chor. Tá súil acu go gcuirfear córas comhpháirtíochta i bhfeidhm chun na heagrais bhunmhaoinithe san earnáil Ghaeilge a chur ag obair le chéile ar bhonn níos éifeachtaí anois, ar leas na teanga agus ar leas an phobail. D’fháiltigh APG go háirithe roimh fhógra an Fhorais go mbreathnófar ar mhúnlaí eile anois, agus go gcuirfear tuarascáil

an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht san áireamh

- tuarascáil maidir le maoiniú na hearnála atá t a c a í o c h t traspháirtí aici agus a thugann t a c a í o c h t

iomlán do mholadh APG gur chóir go mbeadh córas comhpháirtíochta ag croílár aon shamhla nua. Glacfar moltaí Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thionól Thuaisceart Éireann san áireamh chomh maith le moltaí agus tuairimí ón bpobal a léiríodh le linn an phróisis chomhairliúcháin go dtí seo. Tá Sainchomhairleoir á cheapadh ag Foras na Gaeilge le cás gnó cuimsitheach a dhréachtú, áit a cuimseofar an gá leis an athrú ó bhunmhaoiniú; liosta de roghanna féideartha; agus anailís ar na roghanna sin d’fhonn an rogha is fearr a mholadh. Sonraí: www.etenders.gov.ie

Tús Úr na Samhla

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 17 Lúnasa 2012

Nollaig in ÉirinnAn cuimhin leat nuair

nach bhfuair páistí féiríní ach ar Lá Nollag? An cuimhin leat nuair a thug Daidí na Nollag bronntanas amháin leis in ionad 10 gcinn? An bhfuil scéalta agat faoi nósanna agus traidisiúin Nollag na hÉireann - dála Nollaig na mBan nó Lá an Dreoilín? Má tá cuimhní suimiúla agus scéalta deasa, greannmhara, nó brónacha agat a bhaineann leis an Nollaig nuair a bhí tú óg, ba mhaith le Waddell Media cloisteáil

uait! Tá Waddell Media ag déanamh cláir faisnéise speisialta, Nollaig in Éirinn Fadó, faoin tréimhse 1920 - 1990. Tá an tsraith á léiriú do TG4 le cuidiú ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge. Má tá earraí cuimhneacháin agat -

grianghraif nó físeáin Super 8 ón Nollaig - ba bhreá leo labhairt leat. Teagmháil: [email protected] / +44 (0)2890427646

Is in Ionad álainn an Bhlascaoid Mhóir a thug Edel Ní Churraoin, ceannaire

RTÉ Raidió na Gaeltachta, an-chaint ar stair 40 bliain an stáisiúin Ghaeltachta agus atá roimhe sna blianta amach romhainn. Labhair Íte Ní Chionnaith agus Breandán Mac Gearailt ag an seimineár bliantúil mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2012 freisin, a bhí ar siúl i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí ón 05 - 08 Iúil i mbliana. Bhí slua breá i láthair do sheoladh oifigiúil an Tionóil i Múseam Chorca Dhuibhne oíche Déardaoin, agus do Sheimineár an Tionóil agus do sheoladh leabhair Mhíchíl de Mórdha oíche Aoine araon. Bhain gach uile duine an-sult go deo as na turais lae a d’imigh thar sáile chuig an mBlascaod Mór

agus thar tíre timpeall leithinis Chorca Dhuibhne i rith an lae Dé hAoine freisin,

áit go raibh an ghrian ag spalpadh anuas orainn arís amhlaidh anuraidh. Níor mhair an dea-aimsir don dream a d’imigh ag siúl go Dún an Óir maidin Shathairn, ach bhí an-sásamh le baint as an tsiúlóid mar sin féin. Rinne Aisteoirí Bhréanainn leagan

iontach den scéal scigaithrise áitiúil An Béal Bocht a chur i láthair an Tionóil oíche Shathairn sna sála ar Thráth na gCeist in Óstán Cheann Sibéal. Chuir an tAifreann Gaeilge a craoladh ar RnaG críoch leis an Tionól Dé Domhnaigh, agus ár mbuíochas le gach duine a chabhraigh agus a ghlac páirt i saoire na bliana seo. Chífimid ag Tionól 2013 sibh!

Tionól Ar An mBuailtín

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilCaisleán an Bharraigh

Bhí an Ghaeilge Beo Arís i gCroí Chaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo le déanaí

nuair a reáchtáladh Tóraíocht Taisce trí Ghaeilge mar chuid d’imeachtaí na féile pobail ar 21 Iúil 2012. Bhí an tóraíocht mar phríomhchuid den togra Labhair Gaeilge Liom a bhí idir lámha ag Gnó Mhaigh Eo chun labhairt na teanga a spreagadh ar an mbaile, mar aon le comharthaí dátheangacha do ghnólachtaí agus greamaitheoirí a thug le fios don saol mór go raibh lucht a gcaithimh ag iarraidh leas a bhaint as a gcúpla focal. Tuilleadh eolais: www.gnomhaigheo.ie

Ceanada

Tá Tumsheachtain Ghaeilge á

reáchtáil i nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir in aice le Dún Laoghaire (Kingston) in Ontario, Ceanada ón 12 - 18 Lúnasa 2012. Beidh idir ranganna Gaeilge agus cheardlanna cultúir san amhránaíocht, scéalaíocht, damhsa, ceol, ealaín, cócaráil, fiabheatha, stair, spóirt, réalteolaíocht agus eile ar siúl le linn an ama. Reáchtálfar turas allamuigh go críoch na Móhacanna mar chuid den thumchónaí chomh maith le cluiche peile, slite fiadhúlra, spóirt uisce, tinte cnámha, ceolchoirm, cuairt mhalairte, féasta agus céilí mór. Tá $120 á ghearradh as teagasc na seachtaine agus $130 ar bhéilí don tseachtain, ach is féidir rátaí laethúla agus teaghlaigh a fhiosrú leo. Is féidir campáil ar an láthair ar $5 san oíche freisin, nó leaba&bricfeasta a shocrú i dtithe aíochta. Clárúchán & tuilleadh eolais: www.srayner.ca/comhaltas/M_Language.htm

Corcaigh

Beidh Café Cois Laoi á sheoladh i gcomhar le Sweet Occasions Sweet Buffets

ag Gael-Taca, 22 Cé Uí Shúilleabháin ar 08 Lúnasa 2012 ag 7.30in agus tá fáilte roimh chách! Beidh aíonna speisialta i láthair ar an oíche mar aon le craic, ceol

agus champagne le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcéad chaife Gaeilge i gCorcaigh go dtí seo. Bí ann nó bí gann! Gach eolas: www.gael-taca.com

Inis Oírr

Tá ceolchoirm le Damien Dempsey ar

11 Lúnasa 2012 díolta amach go hiomlán, ach tá deis agat fós freastal ar an Oíche Ghaelach in Áras Éanna ar Inis Oírr ar

10 Lúnasa 2012. Neansaí Ní Choisdealbha ó Raidió na Gaeltachta a bheidh ina bean an tí don ócáid, agus beidh ceol traidisiúnta, amhráin, agallamh beirte agus damhsa ar an tsean-nós ar an oíche chun airgead a chruinniú do M.S. agus do Chúram Ailse an Iarthair. Beidh sárchleasaíocht éachtach na nDeartháireacha Fanzini le feiceáil mar chuid d’Fhéile na gCurach ón 10 - 12 Lúnasa 2012 freisin. Deireadh seachtaine seanbhunaithe ar an oileán atá i gceist leis an bhféile, áit go mbeidh lá spóirt do dhaoine óga Dé Sathairn, lá spóirt na ndaoine fásta Dé Domhnaigh, agus rásaí na gcurach i gCuan na Gaillimhe. Gach eolas: +353 (0)99 75150 / www.araseanna.ie

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 17 Lúnasa 2012

Gaeilge na CruinneReáchtáil Gaeltacht

C h e a n a d a Oireachtas Gaeilge Cheanada i bpáirtíocht le hOireachtas na Gaeilge don dara bliain as a chéile ón 6 - 8 Iúil 2012 an mhí seo. Chuir taispeántas taibh-ealaíona na Gaeltachta tús le himeachtaí tráthnóna Aoine agus d’oscail Máire Uí Chobhthaigh, Uachtarán Oireachtas Cheanada, an fhéile go hoifigiúil oíche Aoine. Lean Cillian Fennell í le caint inspioráideach faoin scéalaíocht agus a ról sa domhan nua-aimseartha sular seoladh Na Donnghailigh Dubha, úrscéal stairiúil d’fhoghlaimeoirí fásta le Briain Ó Baoill a bhuaigh an chéad duais i gcomórtas liteartha Oireachtas Gaeilge Cheanada anuraidh. Bhí an Dr. Ray Bassett, Ambasadóir na hÉireann, i láthair chun tús a chur leis na comórtais maidin Shathairn agus bhí léiriú den dráma An Rón Dall ag Fíbín ina bhuaicphointe den fhéile um thráthnóna i measc na gcomórtas ar

fad. Bhí toscaireacht den chéad scoth i láthair ó Éirinn chun moltóireacht a dhéanamh ar na comórtais, idir chomórtais a m h r á n a í o c h t a , chainte, cheoil, rince agus chór Gaelach:

Máirín Nic Dhonnchadha, Cillian Fennell, Labhrás Sonaí Choilm Léarraí, Meaití Jó Shéamuis, Máirín Uí Chéide agus Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir an Oireachtais. Déanfar moltóireacht ar na comórtais liteartha sna míonna le teacht - aistí, ábhar eolaíochta, ábhar múinteoireachta, gearrscéalta, drámaí, úrscéalta agus filíocht ina measc - agus bronnfar na duaiseanna ag Oireachtas Gaeilge Cheanada 2013 i mí Iúil na bliana seo chugainn. Comhghairdeas le gach duine a ghlac páirt, go háirithe iad siúd a thug leo duais nó dhó! Gach Eolas: www.oireachtas.ca

Tá acadamh nua á bhunú d’iriseoirí le Gaeilge

trí LinkedIn.com. Is féidir teacht air trí Iriseoirí le Gaeilge a lorg sna grúpaí ar an líonra sóisialta agus tá sé ar intinn ag na baill ócáid a eagrú don Athbhliain; fáilteofar roimh smaointe ó éinne le spéis sa togra. Fáilteofar freisin roimh aiseolas ar shuíomh úr Áras na nGael ag www.arasnangael.ie. Má tá aon tuairimí agat ina leith, nó más mian leat nuacht

a chur chuig Conradh na Gaeilge i nGaillimh don suíomh, déan teagmháil le Baba Ní Fhlatharta ag +353 (0)91 567824 / [email protected]. Is áis ilmheáin nua do Ghaeilgeoirí é Meon Eile chomh maith, suíomh a seoladh i mBéal Feirste le déanaí. Ardán ar-

líne is ea www.meoneile.ie a thugann léargas ar leith ar an saol ó thuaidh trí Ghaeilge.

Teicneolaíocht na Teanga

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

Sna sála ar rath na scéimeanna Síol

agus Údar & Scéal, d’fhógair TG4

scéim nua gearrscannáin le déanaí.

Scéim fhorbartha í Scéal 2 a thugann

deis do thallann nua scríbhneoirí/

stiúrthóirí le Gaeilge chun saothar

aitheanta ó litríocht nó ó bhéaloideas

na Gaeilge a athchóiriú don teilifís,

agus a thabhairt ó chéim bhun

scripte go céim an chraolta. Is féidir

an bunscéal a roghnú as gearrscéal,

dán, scéal béaloidis nó aon saothar

a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.

Tá an scéim oscailte do scríbhneoirí

Gaeilge ó cheann ceann na tíre, bíodh

taithí scáileáin acu nó ná bíodh, agus

do stiúrthóirí ar mhian leo taithí

a fháil ar dhrámaíocht teilifíse i

nGaeilge. Ní mór go mbeadh Gaeilge

líofa ag gach iarrthóir. Spriocdháta iontrála: 12.00in Dé hAoine, 24 Lúnasa 2012. Tuilleadh eolais: www.tg4.ie/ie/production/sceal.html

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Déagóirí agus Daoine Óga1. Timpeall an Tí - Treasa Ní Ailpín,

An Gúm, €4.502. An Garbhán - Julia Donaldson,

An Gúm, €7.953. Seo Agat Beacha - An Gúm, €5.504. Seachain: Ná himigh chuig

an Antartach le Shackleton! - Futa Fata, €7.95

5. Seachain: Ná heitil chuig an ngealach ar an Apollo 13! - Futa Fata, €7.95

Daoine Fásta1. Our Fada - Rossa Ó Snodaigh

& Mícheál Ó Domhnaill, Coiscéim, €10

2. An Hobad - JRR Tolkien, aistrithe ag Nicholas Williams & Alan Titley, Evertype, €39.95

3. An Gaeilgeoir Grámhar - Alan Desmond, Comhar, €10

4. Leabhar Foinn - Kíla, Coiscéim, €30

5. Thógamar Le Gaeilge Iad - Brian Ó Broin, Coiscéim, €10

Eolas & orduithe: [email protected] / +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) / www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Scéal Eile Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 17 Lúnasa 2012

An Fóram DíospóireachtaReáchtáladh An Fóram

Díospóireachta mar chuid den Scoil Samhraidh i gCeatharlach ón 13 - 14 Iúil 2012, agus Ag Cothú na Todhchaí: Forbairt na Tíre agus na Teanga an téama a bhí aige. Eagraithe ag an Meitheal Straitéise, Taighde agus Tionscnamh i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge, Coiscéim agus Gael-Linn, d’oscail An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin An Scoil Samhraidh in Óstán an Seven Oaks oíche Aoine agus labhair an tOllamh Peadar Kirby ó Ollscoil Luimnigh i ndiaidh an

tseolta. Lean cainteanna ar an euro, nuálaíocht pholaitíochta san Aontas Eorpach, claonadh na cumhachta agus an fhéiniúlacht eitneach san 21ú aois Dé Sathairn mar aon le ham na gceisteanna agus plé. Ghlac Fionnbarra Ó Brolcháin, Theo Dorgan agus eile páirt i ndíospóireacht chruthaitheach i ndiaidh an lóin sular chuir dinnéar na scoile críoch le himeachtaí oíche

Shathairn. Gach eolas: www.fnag.ie

Thosaigh an chéad chairtstáisiún Gaeilge ag craoladh beo i bPort Láirge

agus i mBaile Átha Cliath ar an gcóras Chraoladh Fuaime Digití (Digital Audio Broadcasting nó DAB i mBéarla) ar 01 Iúil 2012! Beidh Rí-Rá ar fáil ar DAB i gCorcaigh agus i Luimneach roimh dheireadh na bliana seo freisin, agus go náisiúnta amach anseo. Is teicneolaíocht raidió digitigh é DAB, ardán atá in úsáid i mbeagnach 40 tíortha éagsúla chun seirbhísí raidió reatha a chraoladh chomh maith leis an iliomad seirbhís nua a chur leis an gcóras. Tiontaítear comharthaí analógacha ina bhformaid dhigiteach agus sa bhreis ar chaighdeán fuaime níos soiléire ná FM a sholáthar, baineann DAB leas níos éifeachtaí as an speictream raidió chun réimse níos leithne stáisiún

a chur ar fáil d’éisteoirí. Tá teacht ag 475 milliún daoine ar chraoladh fuaime

digití ar fud na cruinne go dtí seo ach is é Raidió Rí-Rá an t-ógstáisiún Gaeilge ag craoladh ar an gcóras raidió úir faoi láthair. Tá an cairtstáisiún tiomanta le seirbhís raidió Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar do dhaoine óga; sa bhreis ar ainmniúchán a fháil do na

Gradaim Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 gan ach dhá bhliain aige ag craoladh, d’éirigh le Raidió Rí-Rá dhá ainmniúcháin a fháil do Ghradaim Chumarsáide mhórmheasúla Oireachtas na Gaeilge i 2009, i 2011 agus arís i mbliana. Bhí alt iomlán ar Raidió Rí-Rá ar Pháipéar 1 de scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh 2012 freisin. Gach eolas: www.rrr.ie

Rí-Rá ar DAB!

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Fuinneamh Úr don Fhoras GnóBunaíodh Foras Gnó

na hÉireann (FGÉ) sna 1960ídí agus í mar fheidhm aige lucht gnó agus seirbhíse poiblí na Gaeilge a thabhairt le chéile. Chuige seo, eagraíonn FGÉ lón míosúíl gnó i gceartlár na hardchathrach agus bíonn aoichainteoir speisialta ag labhairt ar ábhar éagsúil ag gach lón. Ní chosnaíonn lón na míosa ach €20, agus iarrtar síntiús bliantúil ballraíochta de €20 ar gach ball FGÉ freisin.

Is é Éamon Ó Cuív TD atá ina éarlamh reatha ag an bhForas. Tá fáilte á fearadh ag FGÉ roimh bhaill úra chun clárú leis an bhForas, agus tá fáilte ar leith rompu siúd a bheadh sásta suíomh idirlín a chruthú, chun

fónamh do FGÉ agus don chéad ghlúin fhuinniúil eile de lucht gnó agus seirbhíse poiblí le Gaeilge. Teagmháil: +353 (0)1 8325236 / [email protected]

Bronnadh an líon is mó Gradam Fulbright ar mhic léinn, ar scoláirí

agus ar ghairmithe i mbliana ná bliain ar bith roimhe seo, áit gur bhain deichniúr as 37 gradam amach faoin rannóg An Ghaeilge agus Cultúr. Beidh ochtar acu siúd ina gcúntóirí múinteoireachta i dteangacha iasachta agus beirt eile ina scoláirí Gaeilge a bheidh i mbun léachtóireachta agus taighde in institiúidí oideachais in Ollscoil Nua Eabhrac agus in Ollscoil Berkeley i gCalifornia. Léiríonn sé seo na deiseanna atá ann do Ghaeilgeoirí, ní hamháin in Éirinn ach i Meiriceá agus i dtíortha eile ar fud an domhain. Beidh iarratais do na Gradaim Fulbright 2013 - 2014 á nglacadh ón 27 Lúnasa 2012 agus tá gach eolas ar www.fulbright.ie. Mar chuid de thogra éagsúil atá ag Coimisiún na hÉireann – Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil

(Coimisiún Fulbright), tá Dámhachtainí Samhraidh Gaeltachta bronnta ar 30 saoránach de chuid Stáit Aontaithe

Mheiriceá le déanaí freisin, le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón gCrannchur Náisiúnta. Seo an dara bliain as a chéile go raibh na dámhachtainí seo á dtairiscint do shaoránaigh Mheiriceá atá ag déanamh

staidéir ar an nGaeilge sna Stáit, agus a thugann deis dóibh freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht in Éirinn le linn an tsamhraidh. Bhí an-tóir go deo ar na dámhachtainí sna sála ar scéim phíolótach anuraidh, agus is as Wisconsin, Illinois, California, Texas, Montana, Nua Eabhrac, Connecticut agus Minnesota d’fhoghlaimeoirí na bliana seo. Gach eolas: www.fulbright.ie

Dámhachtainí Fulbright

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 17 Lúnasa 2012

Gaeilge na Rinne Is áil le Coiste Cultúrtha

na Mumhan CLG a fhógairt go mbeidh cúrsa Gaeilge le cainteanna, ranganna agus amhráin á reáchtáil i gColáiste na Rinne, Co. Phort Láirge ar 22 Lúnasa 2012. Tá sé mar aidhm ag an gCumann Lúthchleas Gael an teanga a chur chun cinn i measc na mball, agus tabharfaidh an cúrsa nua seo deis do dhaoine blaiseadh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht a fháil ar shlí thaitneamhach, spéisiúil. Liam Ó Néill,

Uachtarán CLG, a sheolfaidh an cúrsa agus beidh aíonna aitheanta i láthair freisin, ina measc Dara Ó Cinnéide; MacDara Mac Donnacha; Seán Ó Ceallaigh, MEP; Seán Breathnach; Irial Mac Murchú; Ann Mulqueen; agus Aodán Ó Ceallaigh. Tá

an cúrsa seo á eagrú i gcomhar le Daonscoil na Mumhan. Tuilleadh eolais: +353 (0)87 7938709 / [email protected]

Foilsíodh An Caighdeán Oifigiúil - Caighdeán Athbhreithnithe ar

30 Iúil 2012 agus tá sé i gceist go gcuirfear an caighdeán athbhreithnithe seo i bhfeidhm láithreach. In ainneoin gur fhógair An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta athbhreithniú oifigiúil ar an gcaighdeán dhá bhliain ó shin, is iad moltaí Rannóg an Aistriúcháin atá sa leabhar nua seo. Tiontuithe oifigiúla ar Achtanna a sholáthar agus seirbhís aistriúcháin chomhuainigh a chur ar fáil do Thithe an Oireachtais atá mar chúram oifigiúil ag Rannóg an Aistriúcháin; tá sé de chúram ar an tseirbhís treoir a thabhairt maidir le rialacha gramadaí agus litrithe sa Ghaeilge anuas air sin. Ceapadh Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil i Rannóg an Aistriúcháin i gcaogaidí an chéid seo

caite agus foilsíodh é sa bhliain 1958. Níor rinneadh athbhreithniú oifigiúil air go dtí anois agus tá 11 chaibidil san

fhoilseachán nua, ag leagan amach rialacha gramadaí idir shean agus nua don Ghaeilge scríofa. I dtaca le rialacha nua, tá caibidlí úra ag díriú ar an gcopail, na forainmnigh, an dobhriathar agus ar an alt, agus tá aitheantas níos mó tugtha

do chórais chanúnacha i gcás an tuisil thabharthaigh d’ainmfhocail i ndiaidh an ailt. Tá soiléiriú ann ó thaobh na n-uimhreacha, úsáid an ainmnigh in áit an ghinidigh, riail an tséimhithe, agus na mbriathra, áit go bhfuil aitheantas anois ag dul do na leaganacha atá beo sna canúintí. Teagmháil: [email protected] / +353 (0)1 6183922 / www.oireachtas.ie/parliament/media/Oireachtas_book%28211211%29.pdf

An Caighdeán Athbhreithnithe

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Seisiúin an tSamhraidhBeidh Seisiún deiridh

an tSamhraidh ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge sa phríomhchathair oíche Shathairn, 25 Lúnasa 2012 agus cuirfear tús leis an mBBQ BYOD ag 7.00in. Is ag an lucht luath a bheidh na burgair! Beidh ceol beo ar siúl sa ghairdín cúl, gan ach costas €10 ar an doras. Siar i nGaillimh, bíonn Oíche na bhFoghlaimeoirí ar siúl i gClub Áras na nGael gach oíche Chéadaoin

agus taispeántas spleodrach ó bhannaí ilchultúrtha Sean & Nua gach Déardaoin ó 8.00in. Beidh Cóisir Clós na Gaillimhe le Mr Whippy Soundsystem ar ais ar 03 Lúnasa 2012, áit go mbeidh beár manglam lasmuigh agus BBQ ó Gourmet Offensive. Beidh ceol domhanda Club Oa2 ar siúl an Aoine dar gcionn agus ceol le Maidhc Ó hEanaigh Dé

Sathairn, 11 Lúnasa 2012.

Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath tar éis Scéim Teanga 2012

- 2015 na hInstitiúide, faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, a sheoladh níos luaithe an mhí seo. Tá sé mar chuspóir ag an Scéim Teanga cur le líon na seirbhísí trí Ghaeilge a bheidh ar fáil don phobal ón Institiúid go ceann 3 bliana, mar aon le forbairt a dhéanamh ar raon agus ar chaighdeán na seirbhísí céanna. Baineann príomhghealltanais na Scéime Teanga le forbairt a dhéanamh ar chláir acadúla trí Ghaeilge agus le soláthar traenála in inniúlacht agus i bhfeasacht teanga d’fhoireann na hInstitiúide chun tús a chur leis an bpróiseas chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ó seo go dtí 2015. Beidh níos mó Gaeilge le fáil i bhfoilseacháin de chuid na hInstitiúide freisin, in ábhair phoiblíochta, ar

fhoirmeacha iarratais, i mbileoga eolais agus sna meáin chumarsáide. Déanfar méadú ar an méid Gaeilge a bheidh le

fáil ar láithreáin ghréasáin agus ar sheirbhísí idirghníomhacha ar-líne na hInstitiúide; cuirfear tús le seirbhís do chustaiméirí trí Ghaeilge i bpríomhionaid phoiblí san Institiúid; agus cuirfear an Ghaeilge chun cinn ar champas

Ghráinseach Ghormáin agus i saol na mac léinn ar fud na hInstitiúide go ceann 3 bliana. Beidh sé mar chúram ar Oifig na Gaeilge ITBÁC feidhmiú Scéim Acht na dTeangacha Oifigiúla agus forálacha an Achta a éascú san Institiúid. Tuilleadh eolais: Oifig na Gaeilge ITBÁC [email protected] / +353 (0)1 4027043 / www.dit.ie/oifignagaeilge

Scéim Teanga ITBÁC

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

Tá cáipéis chomhairliúcháin ullmhaithe ag an Roinn

Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (RCEF) ina bhfuil moltaí maidir le straitéis le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a fheabhsú. Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin 20 seachtain ón 11 Iúil - 27 Samhain 2012. Tá sí mar chuspóir ag an phróiseas comhairliúcháin poiblí seo tuairimí agus aiseolas a lorg maidir le hábhar na straitéise dréachta don Ghaeilge. Tá aidhmeanna, cuspóirí agus réimsí gnímh inti i dtaca leis an

Ghaeilge a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn ar bhealach forghníomhach. Ar na príomhréimsí gnímh tá: oideachas; seachadadh na Gaeilge sa teaghlach; riarachán, seirbhísí agus cúrsaí pobail; na meáin chumarsáide agus

teicneolaíocht; reachtaíocht agus stádas na teanga; agus an saol eacnamaíochta. Spriocdháta freagartha: 5.00in Dé Máirt, 27 Samhain 2012. Tuilleadh eolais: www.dcalni.gov.uk

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 17 Lúnasa 2012

Aighneachtaí

D’fhógair an tAire Stáit Dinny McGinley TD go bhfuil An Roinn

Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag lorg léirithe spéise ó dhaoine a bhfuil suim acu a bheith ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta. Faoin Acht Gaeltachta 2012, tá deireadh curtha leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis agus tá líon na gcomhaltaí ar an mbord le laghdú ó 20 go 12 comhalta. Ceapfaidh an tAire seachtar comhalta, an cathaoirleach san áireamh, agus déanfaidh comhairlí contae, a bhfuil limistéar Gaeltachta nó limistéar pleanála teanga Gaeltachta suite ina ndlínse, 5 chomhalta den bhord a ainmniú. Déanfar ceathrar comhalta den chúigear sin a ainmniú as measc chomhaltaí tofa chomhairlí contae chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí; beidh siad ina

n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige. Déanfar an t-ainmniúchán eile a

líonadh ar bhonn sealaíochta uair amháin gach dhá bhliain trí chomhalta tofa a bheith ainmnithe ag ceann amháin de na comhairlí contae ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta, .i.

Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí. Ní mór do gach duine a cheapfar ar bhord Údarás na Gaeltachta taithí a bheith acu ar ghnóthaí atá ábhartha d’fheidhmeanna an Údaráis, nó cumas a bheith léirithe acu ina leith, lena n-áirítear: cur chun cinn na Gaeilge; pleanáil teanga; forbairt fiontraíochta; cruthú fostaíochta; forbairt pobail; agus cur chun cinn na n-ealaíon. Ní mór go mbeadh Gaeilge líofa ag comhaltaí an bhoird. Spriocdháta: 5.00in Dé hAoine, 17 Lúnasa 2012. Tuilleadh eolais: www.publicjobs.ie

Ainmniúcháin an Údaráis

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

An tAcht Gaeltachta ‘12Thug Conradh na Gaeilge agus Guth

na Gaeltachta tacaíocht iomlán do chinneadh an fhreasúra tarraingt as tuilleadh baint a bheith acu leis an díospóireacht ar an mBille Gaeltachta 2012 sa Dáil ar 19 Iúil 2012, i bhfianaise nach raibh sé i gceist ag an Aire Gaeltachta Dinny McGinley TD glacadh le haon cheann de bhreis agus 150 leasuithe a bhí molta acu ar an mbille sular reachtaíodh é. Bhí tacaíocht traspháirtí ag beartais Ghaeilge de chuid an Rialtais le blianta beaga anuas, agus bhí ról lárnach, ríthábhachtach ag an gComhchoiste Oireachtais um chúrsaí Gaeltachta sa phlé agus sa chumarsáid leis an bpobal chun an tacaíocht sin a chinntiú. Ní raibh deis ag an gComhchoiste An Bille Gaeltachta 2012 a phlé fiú áfach, toisc gur rinneadh an reachtaíocht is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de le beagnach 60 bliain anuas a bhrú trí Thithe an Oireachtais roimh bhriseadh an tsamhraidh. Thug an tAire Gaeltachta Dinny McGinley féin le fios sa Seanad go mb’fhéidir gurb í an reachtaíocht seo an deis deiridh a bheidh againn chun an Ghaeltacht a shlánú; is mór an náire í mar sin nár thug an Rialtas a dhóthain ama le plé mar is cóir a dhéanamh ar an mbille cinniúnach, tromchúiseach seo. Beidh iarmhairtí forleathana, fadtéarmacha

ag an reachtaíocht ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus ba léir ó líon na leasuithe a moladh i dtaobh an bhille ag Céim an tSeanaid fiú go raibh an chéad dréacht de lochtach ar go leor bealaí. Tá sé scannalach nach raibh deis ag na bpolaiteoirí - ná ag an bpobal - plé mar is cóir a dhéanamh air sular brúadh tríd an Dáil é. Seo reachtaíocht a bhí in

ainm ‘s freastal ar riachtanais an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta, ach déanann neamhaird iomlán ar thuairimí, ar mholtaí agus ar leasuithe an phobail chéanna. Cé gur léirigh an

freasúra agus baill de pháirtithe an Rialtais tacaíocht do thromlach na leasuithe a mhol an Conradh agus Guth na Gaeltachta, i gcás bhaill Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, thug Teachtaí agus Seanadóirí an Rialtais le fios go raibh an cinneadh déanta, nach raibh smacht acu ar an scéal, agus nach nglacfadh an Rialtas le leasú ar bith ar an mBille Gaeltachta 2012 - rud nár dhein. Tá an freasúra ag obair ar Bhille Gaeltachta leasaithe agus beidh Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge i gcomhairle leo agus leis an bpobal le bille cuimsitheach, sásúil a chur i dtoll a chéile, bille a luífidh leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 agus a thacóidh leis an nGaeilge trí phróiseas reachtúil pleanála teanga ceart.

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2012

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 17 Lúnasa 2012

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Logainmneacha:

• Cá bhfuil cónaí ort?• Cárbh as duit ó dhúchas?• An dtuigeann tú céard is brí le hainm an cheantair?• Cén Ghaeilge atá ar do chontae / do bharúntacht

/ do pharóiste / do bhaile fearann / do thoghrann / do shráid?• An bhfuil cosúlacht idir leagan Gaeilge agus leagan Béarla ainm na háite?• An mbaineann tú leas as leagan Gaeilge den seoladh baile s’agat?• Cad iad na fuaimeanna is fearr leat in ainmneacha áiteanna?• An dtaitníonn fuaim nó foghraíocht na bhfocal éagsúla leat?• Ar bhain tú úsáid as logainm.ie ariamh?• An bhfuil stair an cheantair ar eolas agat?• An ndearna tú staidéar ar an dinnseanchas ariamh?• An gcuireann tú spéis sa sanasaíocht go ginearálta?• Ar chuardaigh tú ainm d’áit chónaithe sna cartlanna náisiúnta?• An dóigh leat go bhfuil an dinnseanchas i mbaol / i gcontúirt ó chóras na gcódphost?

Dinnseanchas: béal, baile, abhainn, cluain, cuan, bá, cliath, cathair, margadh, caisleán, áth, droim, dún, rath, coill, cill, loch, gleann, port, sliabh, cnoc, binn, cora, inis, achadh, buaile, ceapach, tulach, riasc, móin, carraig, cloch, mullach, ceann, bearna, ard, leaca, mín, corr, maol, éadan, carn, clochar, sceirí, tóchar, uaimh, aill, inbhear, oileán, poll, rinn, ros, tobar, trá, leitir, clais, bán, clár, gort, ceathrú, bóthar