28
Seanad Éireann & Stróc-Pholaitíocht le Seán Ó Loingsigh Gluaiseacht Nua-aoiseach: Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó Doibhlin le Lydia Groszewski Aimsir Ársa le Cathal Ó Searcaigh á léirmheas ag Gabriel Rosenstock An Limerick Gaeilge: Stair agus Réamhstair le Gearóid Ó Clérigh Íomhá: Bobaide le Bosca Ceoil, le Bob Ó Cathail Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 7 ISSN 0014-8946 €5

Feasta | Iúil 2013

Embed Size (px)

DESCRIPTION

 

Citation preview

Page 1: Feasta | Iúil 2013

• Seanad Éireann & Stróc- Pholaitíocht le Seán Ó Loingsigh• Gluaiseacht Nua-aoiseach: Eoghan Ó Tuairisc,Diarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó Doibhlinle Lydia Groszewski

• Aimsir Ársa le Cathal Ó Searcaighá léirmheas ag Gabriel Rosenstock

• An Limerick Gaeilge: Stair agus Réamhstair le Gearóid Ó Clérigh• Íomhá: Bobaide le Bosca Ceoil, le Bob Ó Cathail

Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 7ISSN 0014-8946€5

Page 2: Feasta | Iúil 2013
Page 3: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 20133

— Clár —— Clár —• Eagarfhocal: Ceacht ón bhFionlainn ................................. 4• Smaointe Polaitíochta: Seanad Éireann & Stróc- Pholaitíocht

le Seán Ó Loingsigh .......................................................... 5• Ar an mBealach, dán le Seán Ó Leocháin ........................ 5• Dánta: Coirnis le Gréagóir Ó Dúill; Poipíní agus Sraitheanna

Uaignis le Claire Lyons; Céard…? le Brian Ó Baoill ........... 6• Scéal do Shiobhán le Mike Mac Domhnaill ...................... 7• An Limerick Gaeilge: Stair agus réamhstair (Cuid 1) le

Gearóid Ó Clérigh ............................................................. 9• Anseo agus Ansiúd .................................................. 13 & 16• Sióga, Filí, Gaeil & Mionlaigh eile nach iad: Aimsir Ársa le

Cathal Ó Searcaigh á léirmheas ag Gabriel rosenstock ... 14• Turgnamhacht na Tríonóide, Gluaiseacht Nua-aoiseach:

Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó Súilleabháin agus BreandánÓ Doibhlin, le Lydia Groszewski ...................................... 17

• Scairt Feithide: Rogha Dánta Ko Un, Gabriel rosenstock ad’aistrigh go Gaeilge, á mheas ag Chinatsu hakamada ... 22

• Ruairí Ó Brádaigh, le Brian Ó Baoighill ........................... 24• An Saol, dán le Mícheál ó hAllmhuráin ........................... 25• Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa ................................. 26

© Feasta agus na Scríbhneoirí

• Clúdach: Bobaide le Bosca Ceoil, Bob Ó CathailStiúideo Ealaíne Solamar,

Baile an tSlé, Ceann Trá, Co. Chiarraí.Fón / Facs: 00 353 (0)66 9159716 Fón póca: (0)87 2765355Suíomh: www.bobcahill.com. r-phost: [email protected]

ReiviúReiviúden Smaointeachas Éireannachden Smaointeachas Éireannachlitríocht, eolaíocht, polaitíochtlitríocht, eolaíocht, polaitíocht

• Feasta tríd an bpost!12 eagrán tríd an bpost ar €75

(€100 lasmuigh den eoraip)Donnchadh Ó hAodha,

Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí.353-(0)87-2421267

Suíomh idirlín: www.feasta.ie• eagarthóir

Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire.

Fón: 353-(0)66-7124169.Ríomhphost: [email protected]

• FoilsitheoiríCoNRADh NA GAeiLGe

Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áitsan iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

EAGArFhOCALEAGArFhOCALIúil 2013Iúil 2013

BBhí alt spéisiúil ar an Irish Times le déanaí inar thagairan colúnaí agus scríbhneoir Fintan O’Toole don GhortaMór in Éirinn i lár na naoú haoise déag, agus conas mar

a bhí mórthionchar na tubaiste sin le brath fós ar an tsochaíanseo. Go dtí gur tharla an cúlú eacnamaíoch cúig bliana ó sin,bhí cosúlacht ann go raibh an daonra ag méadú arís, bíodhnach raibh sé ar ais ag an leibhéal a shrois sé in 1841.

Ach thar aon ní, bhí sé ag tagairt do dhrochiarsmaí anDrochshaoil ar an bpobal, ar a ndearcadh, a meon, agus agcultúr. Ceann de na hiarsmaí ba mhó tionchair, mar a bheadhina chineál uile-íoc, ba ea nós na himirce agus, ar ndóigh, bathoradh air sin leis an meon diúltach a d’eascair i measc goleor den phobal maidir lenár dtír féin agus ár n-institiúidí féin.

Ní miste a rá gur buntéama in alt O’Toole go bhfuil baolann leis an gcúlú eacnamaíoch atá ár gcrá le tréimhse rófhada,agus go háirithe leis an bpolasaí déineachta atá i bhfeidhm agan rialtas, pé an le toil ár muintire agus an rialtais é, nó éleagtha orainn acusan a chuir iasachtaí ar fáil dúinn, go bhfuilan imirce ar ais mar réiteach ar ár bhfadhbanna. Is mó ismeasa gurb í an óige, agus an dream is bríomhaire inár measc,atá i gceist. Ní maith an tuar é.

Ba dheacair gan réiteach le léamh Uí Thuathail ar ár gcúrsaí, agus fiú lena ghrinneas. B’olltubaist an Gorta, agusníorbh ionadh rómhór gur fhág sé a rian ar mheon agus ardhearcadh an phobail. Ach luann sé leis gur fágadh rian ar árgcultúr agus sa mhéid sin aontaímid leis freisin, ach b’fhearrlinn go raghadh sé céim bhreise. Tar éis an Ghorta, agusb’fhéidir cuid mhór dá bharr, is ar éigean nach raibh port nateanga seinnte. Ba bheag suime a léirigh Éire Óg, na Finíní,lucht Home Rule ná Conradh na Talún sa Ghaelainn. Murachgo dtáinig Dúbhglas de hÍde an treo!

II s minic ráite againn gur ceann d’iontaisí an tsaoil a laghadairde a thugann staraithe ár linne ar mheath na teanga,muran ceann d’iarsmaí an Ghorta freisin an cineál

díchuimhne atá i gceist ansin. B’fhíor nach raibh gach staraíchomh neamhchúiseach céanna, agus luann O’Toole an tOllamh Joe Lee ina alt. Is fíor go raibh sé siúd géar agus gontaina leabhar Ireland 1912 - 1985, maidir le faillí na bpolaiteoiríagus lucht riaracháin i gcás na teanga.

Tá sé suimiúil i gcomhthéacs na hEorpa go luann an tOllamh Lee an Fhionlainn mar cheann de na tíortha a raibh adteanga faoi bhrú, ach gur tugadh slán í. Tír bhocht, imeallach,cúlráideach a bhí inti, le teanga a bhí beagnach dothreáite. Balú líon na gcainteoirí Fionlainnise in 1870 ná líon na gcainteoiríGaelainne in 1850, ach thug siad a dteanga slán in aontráthlena n-eacnamaíocht. Tá dóthain mhór le foghlaim againn. ◊

Page 4: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 20134

is féidir nó is dóichí, fiú, gur gné dhúchasach ar fad dár gcuid féin an ‘stróc’!is féidir nó is dóichí, fiú, gur gné dhúchasach ar fad dár gcuid féin an ‘stróc’!

AAn i mBéarla na hÉireann amháina bhaintear úsáid as an bhfocal‘stroke’ i gcéill pholaitíochta, sé

sin nuair a buailtear bob de chineáléigin, nó cleas, nuair a thagtar aniar aduaidh, b’fhéidir, pé an ar do chéilecomhraic sa pholatíocht é nó ar pháirtípolaitíochta eile, nó go deimhin ganduine nó dream ar leith a bheith i gceistnó thíos leis, ach go bhfuil beart cliste,cleasach, curtha i gcrích i saol suaithin-seach na polaitíochta? Maidir leis annGaelainn is fearr dúinn cloí le ‘stróc’,cé go bhfuil ‘beart’ luaite faoi ‘political manoeuvre’ ag ‘focal.ie’: ní dhéanfaidhsé cúis sa chás seo, dá mhéid ár meas isár mbrath ar an institiúid sin. Níl, archuma éigin, an fhuaimint cheart igceist.

Ar ndóigh, is féidir nó is dóichí, fiú, gurgné dhúchasach ar fad dár gcuid féin an‘stróc’, rud éigin casta – níor mhaith leat‘cam’ a úsáid – inár sicé. Táimid, go bhfóire Dia orainn, cleasach, cluanach ódhúchas, nó is féidir fós gur iarsma dechuid na staire é, de bharr árgcaidreamh mí-ámharach lenár sean-namhaid Sasanach, foinse an uile oilc,gan dabht, inár gcásna.

Nach bhfuil sé suimiúil leis gur thugamar linn thar lear an stróc nuair achuamar ar imirce. Cinnte, thugamarlinn go Meiriceá é nó gné ar leith de, péní, faoi riocht Tammany hall, a thuillmíchlú áirithe dúinn go mór mór imeasc na New Englanders glanagléigeala, a dtáinig a sinsear anall ar an‘Mayflower’, nach leáfadh an t-im inambéil, agus nach mbeadh baint ná páirtacu le haon chineál camastaíola nó lehaon fhabhraíocht sa saol polaitiúil!

Ach anseo sa bhaile nach raibh, agusnach bhfuil, iarracht den mhustar

céanna le brath i measc árbpolaiteoirí féin. Ba dhóighleat i gcás Fhine Gael, agusfiú níos mó i measc an LuchtOibre, gurb iad Fianna Fáil -igh amháin a chleacht an‘stróc’ seo. Ní hé nachmbeadh siadsan oilte inaúsáid, agus nár leasc leo feidhm a bhaint as nuair ad’oir sé sin dóibh, achb’fhada ó pholaiteoirí ibpáirtithe eile gan a bheith

chomh hoilte céanna agus nár leasc leo,ach oiread le lucht Fhianna Fáil, feidhma bhaint as.

stróc polaitíochta, den sean déanamhfreisin, atá i gceist.

Anois, ní hé ar aon chor nach féidir cásmaith a dhéanamh gur institiúid iomar-cach é an Seanad, agus go mbeadh antír agus ár gcóras polaitíochta agus rialacháin chomh héifeachtach céannagan é. Ach tá comhthéacs i gceist nachmór a chur san áireamh. I saol i bhfadsiar roimh an oll-toghchán deiridh,thug Fine Gael goláidir le tuiscint goraibh ar intinn acuár gcóras rialacháinagus riaracháin aathleasú, chun édhéanamh níoséifeachtaí. Ganamhras bhí gach uiledhuine againn ina fhabhar san. Sé rith-feadh leat, áfach,gurb é Dáil Éireann, ár bpríomhinstitiúidrialacháin, go háirithe a bheadh i gceist,agus go deimhin gurb é ba mhó a bhí ingátar athleasaithe agus athnuachana.

Ba mhinic luaite anseo go raibh ancóras vótála agus toghchánaíochta Dálais míshásúla san Eoraip againn, ach ósléir nach bhfuil sé i gceist aon athrú adhéanamh i gcás an chórais sin, ní fiú abheith ag cur spáis amú leis. Sé is mó isábhar díomá, in ainneoin a ráibh ráiteroimh an olltoghcháin, agus go deimhinna geallúintí a tugadh an tráth sin, nachbhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamhar an mbealach a riartar cúram na Dálaféin ó lá go lá.

Luadh anseo cheana conas mar aúsáideadh an gilitín nuair a bhí an billeGaeltachta ar a bhealach trid an Dáil,agus conas mar a diúltaíodh cead caintedo theachtaí, gan trácht ar dheis athabh airt dóibh leasuithe a mholadh.Níorbh é an t-aon ócáid é ar baineadhúsáid as an ngilitín céanna. Bhí tagairtar nuachtán inniu féin gur caitheadh aran dóigh céanna le breis agusleathchéad bille ó thainig an comh -rialtas i gcumhacht.

Ní hionadh mar sin go mbeadh teachtaíón uile pháirtí, cúlbhinseoirí ar thaobhan rialtais ina measc, míshásta lena bhfuil ag tarlú. Is fíordheacair glacadh ledea-intinn an rialtais maidir le díscor antSeanaid i bhfianaise an beag is fiú atá igceist i gcás na Dála. Ní cúlbhinseoirí an

Fiú i gcás an Lucht Oibre, is cuimhin linnJim Tully nuair a bhí sé ina aire, agus éag athrianú teorainneacha nandáilcheantar ar mhaithe le comhrialtasna linne, rud a chuaigh sa bhfaopachaige. Nó tagann Paddy Lindsay, AireGaeltachta Fhine Gael, chun cuimhne,agus é ag rianú teorainneacha naGaeltachta i 1956, go háirithe ina chontae féin i Maigh Eo. Bhí cáil arGhaeltacht Lindsay ag an am – pé increidteacht a bhain le sciar maith de óthaobh labhairt na Gaeilge.

AAgus leis sin táimid tagtha gotráthúil, más go mall, go polaiteoir groí eile ó Mhaigh Eo,

an Taoiseach féin. Is polaiteoir go smioré: d’fhéadfaí a rá faoi gur polaiteoir denseandéanamh é agus taithí na mbliantaaige i gceird na polaitíochta. Nuair athagann ráiteas gan choinne uaidh gobhfuil ar intinn aige deireadh a chur leSeanad Éireann sé a rithfeadh leat gur

SmaointeSmaointePolaitíochtaPolaitíochta

Seán Ó LoingsighNuair a thagann ráiteas ganchoinne uaidh go bhfuil ar

intinn aige deireadh a chur leSeanad Éireann, sé a rithfeadhleat gur stróc polaitíochta, den

seandéanamh, atá i gceist!

Page 5: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 20135

Luadh anseo conas mar a úsáideadh an gilitín ar an mbille Gaeltachta …Luadh anseo conas mar a úsáideadh an gilitín ar an mbille Gaeltachta …

rialtais amháin atá ag éirí míshuaimh-neach. Deirtear anois go bhfuil airí eilemíshásta leis an bhforlámhas follasachatá ag an Taoiseach, Tánaiste agus ag nahAirí Ó Nuanáin agus howlin maidir lecúrsaí airgeadais agus geilleagair.

Agus, ar ndóigh, cuirtear an cheist i gcónaí cén fáth nár cuireadh díscor antSeanaid faoi bhráid an Choinbhinsiúin

ar an mBunreacht ationóladh le déanaí imBaile Átha Cliath. Má bhítábhacht ar bith leis marthionól, nó nach cur i gcéilla bhí i gceist, gléasadh nafuinneoige polaitíochta mara deirtear sa Bhéarla,shílfeá go mba cheist í abheadh oiriún ach dontionól seo, in áit a bheithag plé le mioncheisteanna,leithéid téarma nahuachtarántachta a laghdú

óna seacht go cúig bliana. Sé an freagraair sin, ar ndóigh, nach stróc a bheadhann.

SSé an freagra oifigiúil ar an gceistchéanna ná go raibh an díscor aran gclár a cuireadh faoi bhráid an

phobail roimh an olltoghchán – freagranach bhfuil sochreidte i bhfianaise bhunaidhmeanna an Choinbhinsiúin.Ach dá ndeintí amhlaidh bheadh anfaobhar agus an fheidhm a bhain lefógra an Taoisigh imithe le gaoith, mar abheadh i gcás athleasaithe an tSeanaida bhfuil go leor daoine ina fhabhar. Dálaan scéil, ag tagairt don uachtarántacht,

cén fáth nach bhfaighfí réidh leis anoifig sin. Cén mhaith atá ann, achoiread is atá leis an Seanad. Ar a laghadníor bhaol don bhfear maith atá i seilbhna hoifige faoi láthair.

——◊————◊——

Tá uachtaráin eile go mór sa nuacht faoiláthair, duine díobh atá beo beathachagus duine eile atá marbh le leathchéadbliain. Nach raibh an t-ádh leis an rialtasnach raibh an Teachta Dála Clare Dalysa Dáil nuair a tháinig an tUachtarán ÓCinnéide inár measc i 1963. Tá fhios agan saol go dtéimid beagán thar fóir leisna hócáidí seo, agus b’fhéidir níos móná an beagán nuair is uachtaráin na StátAontaithe a bhíonn i gceist. Bhí fíoch arleith chomh maith san ionsaí a rinne anTeachta Daly ar an Taoiseach, agus másfíor nár mhiste dúinn guaim a choinn -eáil orainn féin i gcónaí agus nachmbeadh neamhaird ar chúrsaí dínite,bhain ionsaí Clare Daly geit as daoine.

Bíonn go leor den locht sna cúrsaí seoar na meáin chumarsáide, agus bhíClare Daly ar bhonn níos daingne nuaira dhírigh sí faobhar a teanga orthu siúd,bíodh nach í amháin atá díomáchmaidir leis an Uachtarán Obama. Nachdual do na meáin an dul thar fóir. Caith-fidh an Taoiseach faire amach do féin.Ní polaiteoir amháin a bhí sa tóir air letamall anuas. Níl gean seanadóiri airfaoi látháir, ach bhain ionsaí an tSean -adóra McSharry geit as daoine fresin.

Cuid den phort céanna a bhí aige agus abhí ag an Teachta Daly, ach go raibh

McSharry gearánach faoin Taoiseach, ésall is anall san Eoraip ag croitheadhlámh le ceannairí agus maithe móraEorpacha agus an Aontais, agus igcoitinne ag déanamh duine mór deféin. B’fhéidir go bhfuil an Seanadóir ibhformad leis. Bhí a athair siúd tráthina dhuine de na maithe céanna. Nímhéadóidh sé gean an Taoisigh arSheanadóirí ná ar an Seanad.

——◊————◊——

Nach mó rud sa saol polaitíochta athéann i ngan fhios dúinn. Tuairim níraibh againn gur úrscéalaí ab ea árnAire Dlí, Comhionannais agus Cosanta,Alan Shatter, agus go bhfuil a úrscéalLaura, a foilsíodh ar dtús i 1989, lehathfhoilsiú.Ach tá fadhbann. Tá suimag lucht nacinsireachtasa leabharagus tá antAire chun dualgais anBhoird Cinsireachta aaistriú óna roinn féin go roinn eile.Táimid, mar a deirtear, ar bís. Tá go leorar siúl sa leabhar seo, más fíor; haincípaincí a deirtear; gin mhill eadh fiú.‘Steamy’ a luadh leis an leabhar in áitéigin. Dia go deo linn: sé ár nAire Dlíagus Comh ionannais atá i gceist!

Tá séasúr na seafóide tagtha roimh am imbliana! — Críoch— Críoch

Tar éis teacht chomh fadaar ais nó ar éigean,in aghaidh ár gcos nó i ndiaidh ár gcinn,an féidir tar éis an iomláinnach bhfuil dul níos faide againn?Más dul amú a bhí orainnnuair a chuireamar chun siúilis rud nach raibh ann ag teachtidir sinn is codladh na hoíche,ní haon seachrán a bhí orainnnuair a choinníomar ár ngreim,pé suaitheadh aigne a bhí orainna chuir thar na críocha sinn.

Pé rud a ghlaoigh i dtosach orainn,nach bhfacamar nó nár chualamar i gceartis nár chualamar arís ina dhiaidhach a leanamar ó dhubh go dubh,ag imeacht níos faide ná riamhgur bhaineamar amach an áitnach dtaitníonn in aon chor linn,chuireamar aistear orainn féin,gan filleadh ar ár gcoiscéim againn,gan aon slí as ná aon chaoi imeachta againnach fanacht in áit na mbonngan romhainn ach ár mbealach a dhéanamhgan oiread is cor a chur dínn.

Ar an mBealachAr an mBealachFootpath closed. Please do not walk on road. (Fógra i mBaile Átha Cliath)

le Seán Ó Leocháinle Seán Ó Leocháin

Page 6: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 20136

COIRNISCOIRNIS lele Gréagóir ó DúillGréagóir ó DúillMuide ag a bhfuil tuigbheáil bhráthardha don teanga, tuigimidgur mór an bhrí cinneadh sin UNESCO claochló a dhéanamhar a gcur síos ar theanga bheag ghaolmhar linn, an Choirnis.

Níl sí extinct a deir siad, a thuilleadh. Ní cruinn don deiscríobh sin anois. Aontaíodh ar chaighdeán oifigiúil, bunaíodh Foras, tugadh aitheantas oifigiúil,Eorpach, go fiú. Athbheochan Lazarus i ndiaidh dhá chéad bliain.Corraíonn an bheo ina corp, mar a dúirt an Conallach faoi chuil sa bhéal.

Géillim dóibh, nó tá an dé chéanna fós sa tine againn féin,ainmneacha ársa leanaí agus tithe agus bád beag, comharthaí sráide,clár raidió ag imeacht le haer, cupla orlach de chló (blúire nuachta nó drochdhán)buidéal de shú airtifisialta ag leanbh naíscoile, comhrá tábhairne,amhrán, concas gabhlánach lucht rialtais.

Is cuí an t-ómós a thabhairt, glúin a fheacadh dóibh sina choinnigh, fhad is a mhair siad, aibhleog éigin sa ghríosach thuirseach. rinne mé an chuairt ar leac mhór i mballa reilige (éist an íomhára!) San Póil don duine deireanach nach raibh aon Bhéarla aici, ba í an Choirnis féin amháin a labhair sí.Teanga nár mhair ach míle bliain tar éis na hobráide a dheighil an cupla Siamach ó chéile, Coirnis agus Briotáinismar a rinneadh sceanairt ar an chorda imleacáin, Sruth na Maoile.

D’éag Dorothy ceithre chéad bliain i ndiaidh don teanga a buaic a shroichint, líon na gcainteoirí dúchais chomh hard is atá díobh sin de Ghaeilge in Éirinn an lae inniu,dhá chéad bliain go leith i ndiaidh Athrú Creidimh a thug tús áite do theanga na ndaoine fhad agus gur Béarla sin, céad go leith roimh athbheochan rómánsúil Arnold, renan is na gCeilt.

Níl aon eolas fúithi, faoina saol, faoina carachtar, ar Pheig í nó Ansty – a teanga féin amháin a thug an stádas di, do Dorothy Pentreath.Ba é mac dearthár Napoleon, spéis aige i mionteangacha,a choimisiúnaigh an leac dá clú, a chuir in airde í ag taobh an bhealaigh mhóir.Díol spéisé é sin féin, Louis Lucien Bonaparte, a rugadh i Sasana mar gur ghaibh an Cabhlach ríoga a mháthair is a athair, iad ag teicheadh go Meiriceá ón Napoleon mhór,nár ghnáth leis a mhuinín a chur i nduine ar bith rófhada.

D’aithin Louis óg gur fearr dó an pholaitíocht a sheachaint, ní luaim an cogadh,cathú agus coróin na mórgachta a chur uaidh, cloíle mionteangacha gan stát gan stádas agus a gcraobh gheinealaigh a ríomh,a gcuid canúintí a rianadh. Bhain a uncail an choróin as lámha an Phápalena cur ar a cheann féin. Thug Louis Lucien aitheantas d’ocht phríomhchanúint na Bascaise agus dá mionchanúintíthug beatha shíoraí do leagan déag na gcanúintí éagsúla de ‘Amhrán an Triúir Pháiste’ sa lá inniu.

Chaith sé dua agus airgead mór ar aistriúcháin den Bhíobla a fhoilsiú, cheangail manadh le Dorothy as deich n-aithne Exodus xx.12 – bíodh urraim agat do d’athair, dod’ mháthair agus beidh tú faoi bhláth feadh i bhfad sa tír a bhronn Dia mór an Tiarna ort, an tyr neb an arleth de Dew/ ryes dees.Skype is ríomhphost an nasc againne lenar shíolraigh muid.

Sin bronntanas eile ó Napoleon, leac eile anuas orainn,an dearcadh siar nach réitíonn le rith an ráis,gur tabhartas ó Dhia an dul chun cinn, gur le heinz ceann tíre sin an stáin,gur leis na fir faoi thalamh stánadh isteach sa dorchadas, sa bhaoli bpoll báfach sin Chaoldruim, an Levant, Montana.

Ba d’aois Victoria é Louis Lucien, aois an amhrais, a dúirt faoi DorothySaid to have been the last person who conversed in the Ancient Cornish/The peculiar language of this county …géar an said (Béarla) to have been sin, beag le rá an county, díspeagadhan Ancient. ◊

CÉARD...CÉARD...É seo faoi aois?

An corp á chur féin in iúl,Go tréan, arís is arís,Tuisleach, creathach,

Corróg bhacach,Lámha, súile,

Cnámha, glúine,Cuimhne fhabhtach,

Scaipthe, shuaite.

Brian Ó BaoillBrian Ó Baoill

SrAIThEANNA UAIGNISSrAIThEANNA UAIGNISClaire LyonsClaire Lyons

An fón balbhag screadaíl ciúnais

Sin é an t-uaigneas

An doras iataa luascadh uair ar insí gnóthacha

Sin é an t-uaigneas

An caoineadh éadóchaissúite ag ballaí i dteach folamh

Sin é an t-uaigneas

Céasadh cráite gur fearrde an bás

Sin é an t-uaigneas

Croí a fháisceann cúngle cumha

Sin é an t-uaigneas

An bhean a scuabann faoi thrían cosán amuigh gach láuaigneas ceiltesíor-dhorchadas i dtánaiste an anama

an t-uaigneas is measagur cuma le cách fút.

CAMILLE A DúIrTCAMILLE A DúIrT(Poipíní,(Poipíní, Monet)Monet)

Claire LyonsClaire LyonsMeandar áilghean gafa agat, mo phoipín codlata,le smearadh do phailéad-chleiteis mé ar mheirbh-shiúl lá bóidheach:

móinéar meonúil corcar-dheargnár thit fós don speal,an ghaoth aneas ag adhaintan aeir le túis mheisciúilis na néalta cocánacha cailceneadaithe i ngorm Mhuire os ár gcionn.

Lingeadh laoich, mo phoipín codlata,an tréimhse úd ag Argenteuil. ◊

Page 7: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 20137

SCÉAL Do ShioBháNSCÉAL Do ShioBháNle Mike Mac Domhnaill

Gafa sa chathaoir. Gan chuing gancheangal. Ach an t-éadóchas. Ant-éadóchas agus an Nuacht. An

Nuacht nach stopann agus mo dheir-fiúirín aréir ag scaipeadh cáipéisí. Fudfad timpeall na háite. A morgáiste millteos comhair an tsaoil. Mallacht air!

Fuisce san aer.

Mar a bheinnse ar foluain. Sinn go léir.Ar foluain.

——◊————◊——Cad faoin lá seo? Don bhfuinneog!

Im shuí anseo ag an bhfuinneog abheireann scáil uaireanta. Uaireantaeile an tor, an tor atá cruinn- ghearrthaag mo mháthair – an clamhsán adhéanaim, mise ag iarraidh é ascaoileadh le haer, a mhéaranna ashíneadh i dtreo na gréine! Ach cénseans, amach léi arís chun é a lomadh.‘Níos fearr mar sin,’ a deir sí. ‘Néata.’Agus uaireanta filleann an t-éan, é agpriocadh ar an mbruscar atá caite anndó. Ag priocadh.

raghadsa as momheabh air muragcuirim clabhsúr airseo. Ní féidir liom bual-adh isteach gan diabhaléigin de rud scríofa.D’fhéadfaí an dól astopadh orm, a dúirt sí.

Déarfad léi é a shá… Níl dul as angcathaoir seo agam. Filleadh ar Facebook? Ná…, ná dein. Caithfead túsa chur leis. Tús maith leath na friggin-oibre. Cé a smaoinigh air sin? Agus deir-fiúirín ag bailiú léi. ‘Foc talamh árMuintire,’ ar sí, ‘agus foc an t-oileángránna.’ Dinny na leabhar ansan agrámhaille faoin gcráin a alpann an t-ál –ráiméis éigin.

‘Tá an chráin seo ár gcarnadh sa chac,’arsa Sis. Ag suaimhniú beagáinín le focail ó Mháthair. Féach anois, osclaítear doras eile i gcónaí …

‘Doras eile! Chaith siad an t-airgeadchugainn! Cladhairí! Bodairí! Chaith!Agus féach orainn anois.’

‘Tá na sluaite mar thusa –’

‘Ó, big deal, nílim im aonar, na sluaitesan áit a bhfuilimse. Aililiú, a Mháthair!’

Nó gur thosaíomar go léir ag canadhinár gCohen, ár mBuckley, cuid eile fósinár bpréacháin: ‘Broke your throne andcut your hair…’ gur scairteamar amachd’aon ghuth, ‘It’s a cold and it’s a broken Hallelujah!’

A leithéid de crescendo! Ansin sachistin. Aililiú, táimid ar buile. Bíodh sésin ag na comharsain.

‘Fuist, fuist!’ ó Mháthair. ‘Dhúiseodhsibh na mairbh.’

Dinny na leabhar is an chráin lena hál,Dia go deo le fuisce! Breac síos é, a deirsiad, sara ndéanann tú dearmad air.Breac síos é don bhean sin. Cé hí? Donbheainín thall san oifig!

——◊————◊——

An fhuinneog. Tá an fhuinneog tar éisfáil réidh leis an ngrian agus anoistagann m’aghaidh os mo chomhair, scáfarach. An inseoidh scáil scéal? ró-ghlic, a déarfaidh sí. Tá rian nagadaíochta air. Tá sise faoi bhrú chomhmaith – Máthair. Ó, a Mháthair, lig denbhladaireacht. Mar seo a chuirfead é: támo mhothúcháin greanta ar an aghaidhsa bhfuinneog. Féach chomh dúr,chomh liath, chomh tanaí spíonta,aghaidh … aghaidh síofra. Tar éis abheith briste as an jab suarachbun-an-dréimire thíos sa bhanc, seomise. Mo scáil ar foluain ansan saghloine. Sáite, an dtuigeann tú, sachathaoir. Pian sa tóin an chathaoir.Ganntanas éan inniu. Gan bhlúiríndóibh, cén t-ionadh? Péist d’aonsaghas? Níl péist ar fáil don lon dubh.Don spideoigín dána. An dreoilín ant-éan is ansa liom. An dtabharfad moscéal faoin dreoilín!

As an gcruinneog bheag bhídeach táfiche gob ag síneadh. Gach ceann níoslú ná a chéile. (Bíonn raidhse uibheachaag an dreoilín). Ní éalaíonn ach an fíor -bheagán. Ar nós mo smaointe. Máchruthaím dóthain smaointe inniu, anmairfidh ceann acu, an dtiocfaidh slán?Má chuirim isteach ar an gcéad fholún-tas eile, an é sin an ceann a bhainfead?Féach anois mé faoi lán seoil.

Ar deireadh, ar ndóigh – leanfaimid deseo – sroiseann an dreoilín a bhuaic. Ancuimhin leat an leabhar sa rang sin,

agus an múinteoir fiáin staire a bhíagainn, gan ach na súile le feiscint trínngruaig? Conas a d’ith sé an iógart, trínngruaig go léir!

Más gliceas éin tá á lorg,Ní gá dul thar an dreoilínA chroch a sheol ar iolar ard,Is a phreab aníos chun buachan!

Nó rud éigin mar sin. Más cuimhin liom.Bhain Fogsy súp as i gcónaí. Ba chóirdom bheith ceanúil ar an múinteoircéanna agus é gan splanc, cosúil liomféinig. Ach amanna táim lán de chiall.Chun cos a chur thar thairseachfhostóra, caithfead bheith néatastuama, nach gcaithfead? Féasóga, isfuath liom iad. Ach Fogsy, thug sé ceadár gcinn dúinn, ‘on’ a scríobh seachas‘don’, agus gach diabhal rud. Agféachaint siar dom anois, bhí sémacánta, mín. Caithfear a rá.

Más gliceas éan atá á lorg! Féach anois,’Shiobhán! (Ceadaíonn sí dúinn Siobhána ghlaoch uirthi. Cad eile ag an bpointeseo? A Mhúinteoir? A Mháistreás? Nachbhfuil sí go hiontach amach is amach!).

An chathaoir seo ina bhfuilim greanta…Uncail m’athar a dhein – do ‘shean -uncail’ a déarfaidh sí. A clisteacht, ná bíag caint. Chum uncail m’athar anchathaoir seo as an bhfuinseog ón gclaíthall. Is amhlaidh go raibh m’athair an-bhródúil as sin. Cumtha as an gclaí sinthall! Ach ansin chum sé slí amach dóféin, agus d’fhág mise, Ma agus an Deir-fiúirín Sis ina dhiaidh. Faoi mar abheadh tabhartas. A bheannacht orainn… gan bheith ann. Bheith bailithe asradharc.

Chomh bródúil anois as an gcathaoirársa – Ma – agus é cumtha as an gclaísin thall. Cá rabhamar, ’Shiobhán? Andreoilín … Béarfadsa greim ar an iolarmaorga agus preabfaidh in airde air:féach anois, cé atá in uachtar? Beidh anméid sin uibheacha agam go scoiltfidhceann éigin amach ina bhuaiteoir. Cinnte. Agus beimid sa diallait ansan. Isféidir le Ma stop de bhearradh na sceiche, a bhfuil cumadh liathróideuirthi, agus garraíodóir a ghlaoch isteach. Seans go mbeadh níos mó inashúil aige. Seans fós go neadódh andreoilín ann, chun snas a chur ar anscéilín. Buaicphointe. An mbeidh Siobhán sásta leis sin, nó an ndéarfaidhsí: ‘Tosaigh arís’? Faoi mar a tharla antseachtain seo caite, a rá nach raibhpuinn dáiríreachta ann! ‘Ma tá aon dulchun cinn i ndán dúinn, caithfidh tú domhothúcháin a bhreacadh síos go

Page 8: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 20138

cruinn, go macánta. Sin an fáth go bhfuilimise anseo leat, chun cabhrú.’

Canathaobh nár thug sí liosta ceist -eanna dúinn? Cinn gur féidir tic a churleo. An dtabharfad amharc ar Facebook? … Ná dein … ná… Cad eile is

féidir? Taobh an iolair aghlacadh? Ní hea.Dóthain éan. Dóthainéan don nóiméad. Ancúlchlós bánaithe. Agusan tor cruinneogach.An diabhal cathaoircumtha as an bhfuin-seog. Agus córdaí a

chreimeann do thóin! Thug an t-athairgean don súgán. Agus ansan d’imigh.Bhailigh leis. Mar ghal.

Ócé, má tá an dreoilín is an t-iolar as anáireamh, cad eile? An gealbhan, EdithPiaf. Canathaobh go bhfuilim ag cloí lestuif m’athar? D’fhág carn de cheirníníPiaf ina dhiaidh.

‘A, a Ghealbhain bhídigh,’ a déarfadh sé,‘níl do shárú faoi neamh.’

Anois táim ag íoslódáil an stuif. Níl ró-dhona. Scéal an athar a thabhairt di?Ná … Níl tosach ná críoch leis. An lár, sinan méid. ‘Ach tá na trí codanna dedhíth,’ a deir sí. Tosach, lár agus críoch.

An dtabharfad Sis di? róghar donchnámh, mo Dheirfiúirín. ró-phian-mhar. An tslí a phléasc sí aréir. Ise agusTim ag bailiú leo. An Astráil. Chuncnámha Ned Kelly a thochailt aníos. Dultimpeall lena hata stáin. Bushranger.Bailigh amach as an áit seo pé scéal é.‘Fuath liom an áit, fuath liom, féach ardhein sé dinn, féach ar dhein. Fuathliom, fuath liom.’ Sin Sis duit.

——◊————◊——

Agus táim sáite sa chathaoir. CloisimMa anois am’ ghlaoch don tae agus ganfaic fós ar phár. Faic fós ar phár –macalla éigin leis sin, cé gur laptop atáann! Bainfidh sin siar aisti. BhainfeadhFogsy bocht taitneamh as sin fiú. ‘Gomaith ó leaid óg,’ a déarfadh sé, ‘Bachóir duit leanacht leis, a bhuachaill.’

Iógart! Ní féidir liom cuimhneamh airgan cuimhneamh ar iógart. Nárbh éMolyneux a chonaic é ag ithe sa seomrafoirne an lá sin. Cóipleabhair le bailiú.Ansan roimhe bhí Fogsy, béal oscailte,súile i dtreo na bhFlaitheas – anspúnóg – bloba réidh le titim. Ganchnag, gan leith scéal ó Molyneux. Leisan ngeit a baineadh as Fogsy thit araibh inti ar an bhféasóg.

Na heascainí a scaoil sé! Agus é socairbeagáinín, é ag cuimilt na féasóige, arseisean trí na fiacla: ‘Ar smaoinigh túriamh ar chnag a bhualadh, nó an bhfuilléamh d’aon saghas agat – MúinteoiríAmháin! Swahili, an ea? Nó an bhfuil túar an bhfoireann linn, Molyneux? hum?’

‘Lean an rámhaille,’ arsa Molyneux:caint faoi ollscoileanna Mheiriceá, nácuirfeadh sé ionadh air dá mbeadhcéim ann don té a bhainfeadh geit-eanna as múinteoirí. Ard-onóracha agbrath ar mhéid na geite. Scríobh chucu!Leis an sult a bhain sé as seo, d’fhill aniúmar air agus dúirt: ‘Beir leat na cóipleabhair anois, a bhuachaill. Ach bícúramach leo, cá bhfios na péarlaí folaithe atá ina measc! hó hum!’Bhíodh an scéal de shíor ag Molyneux.

——◊————◊——An súgán. Bhí ceann eile aige faoinsúgán, bhí ag Fogsy. Seanscéal éigin. Péslí a bhí aige, cheapfá go raibh sé agtarlú ansan romhat. Féasóg agus súileag damhsa ansan agus na geáitsí go léirar siúl aige. Cuid againn sna trithí, cuideile agus a súile ar neamh.

‘Gabh mo leithscéal, a mhúinteoir,’ óLafferty, ‘ach an bhfuil sé seo ar angcúrsa?’

Lafferty ar thóir na marcanna, ar thóirna bpointí. Mór an trua nár thug Fogsybuille dó. Arbh é an t-athair nó an iníon… is cuma. Bhíodar ag iarraidh fáil réidhleis an mboc seo ach go háirithe, an boca bhí i ndiaidh na hiníne. Agus tháng -adar ar an gcleas leis an súgán. Lean dáchasadh. Casadh an tSúgáin – b’shin é.Ag casadh agus ag casadh. Lean ort abhuachaill, agus é á chúlú acu i dtreo andorais. É faoi dhraíocht acu, an fearbocht, go raibh sé amuigh sa chlós agusé fós ag casadh leis agus … Plab! Dorasdúnta! Mo dhuine bocht fágtha amuighsa bhfuacht.

‘Anois,’ a Shiobhán. ‘Conas fáil réidh ledaoine sa seanashaol!’

An chathaoir. Nuair a dhein siad anchathaoir seo ar chas m’athair an súgán?Caithfidh gur dhein nó bhí sé chomhbródúil as. Agus anois cad a cheapadh séfaoi Sis agus í ag imeacht agus ag fágaintmallachta ar gach a bhfuil ann. Í sásta éfhágaint. Ná bac an truflais faoi Bhán -chnoic Éireann Ó. Sean-nós: bailigh-leat-nós. Fuath liom, fuath liom, ná bíodhrian de i m’aigne agam.

——◊——

Mé gafa sa chathaoir le hais na fuinneoige, an tor – a Shiobhán, cad tá

uait? Cad sa diabhal atá uait? Mo shaolsuarach lofa ar phláta? Tosach, lár aguscríoch. Bí macánta. Sa cheobhrán seo?Bí macánta? Tá adhmad na fuinseoigedea-chumtha, agus an tuí lúbtha achoimeádann ón urlár mé. Tá an gheitnuair a imíonn an ghrian agus níl agamach an scáil-síofra. Scáil-síofra. Nascéalta ag Fogsy faoin nGorta agus nascáthanna ar an mbóthar. Ar tí titim saduibheagán. Glaise an fhéir ar a mbéal.Cá raibh an ceol ansan … ach gheiteadhsé go tobann, faoi mar a bheadh sé agteacht as néall: bhí ceol in áiteanna; bhífeoil fós ar an mbord ag cuid acu, agusníor chorraigh ón tigh ar eagla, ar eaglago bhfeicfidís! Chiúnódh ansan arís. Taréis tamaillín. Chiúnódh. Seans gur stopna héin dá gcanadh, mar a tharla timpeall Auschwitz – Auschwitz, chualasibh faoi! Ó, a Thiarna Dia, bhfuil faictaobh istigh de na fallaí seo.

Diabhal scéal ón nGorta, a Shiobhán,chun an bóthar a ghiorrú.

Agus diabhal éan ag canadh, mar sin fágaimis scéalta na n-éan. Ach fan, a Shiobhán, na cinn sinn a tharraing sé aran gclár. Na hÉireannaigh cloíte arís, nógan bhua ach go háirithe. Na cathannainár ndiaidh. Na Géanna Fiáine agus amuiníl fhada ag síneadh isteach saghaoith, ar a mbealach soir thar farraige. An láthair chatha sa bhFraincag feitheamh leo. An ndéanfaidh sé sincúis, a Shiobhán.? Géanna Fiáine, agusmise sáite sa chathaoir. Glaoch óMháthair don tae. Tá Dia maith – leSis – agus fág gach rud ina lámha. Mar abheadh socraithe ar neamh. Cumtha óngclaí sin thall. Glacann Ma le rothaí antsaoil. Nach bhfuil an fón ann agusbeidh tú níos fearr. Agus an rud nua sin,cad a ghlaonn sibh air … Skype…

——◊————◊——

Tá Sis á cur amach ón nead aici, céardfaoi Shiobhán, an bhfágfaimid mar sin écé nach bhfuil éan ar bith le braith ónbhfuinneog seo inniu.

Mé bheith caite anseo sa chathaoir amhusclaíonn cuimhní ar Dhaid. Ní raibhan seans agam Da a bhaisteadh air. Anchathaoir a thuill eann moladh ó Ma.Cumtha mar a bhí … is mé ag éisteacht.Cé leis ach Edith Piaf! — Críoch

——◊————◊——

An gearrscéalaí Mike Mac Domhnaill óngCaisleán Nua Thiar a ghnóthaigh duaisFrancis McManus ar RTÉ Raidió 1 imbliana in aghaidh 600 scríbhneoir eilele scéal dar teideal ‘Uncle Ned’.◊

Page 9: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 20139

IIna óráid insealbhaithe mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe luaigh John F. Kennedy ‘The young lady ofNiger’ mar rabhadh dóibh siúd a chuimhneodh ar ghlac -

adh le seirbhísí ó chumhachtaí nach raibh iontaofa. Thuig naMeiriceánaigh, agus Béarlóirí i gcoitinne, an tagairt ach baghá daoine eile a chur ar a n-eolas faoin limerick:

There was a young lady of NigerWho went for a ride on a tiger.They came back from the rideWith the lady insideAnd a smile on the face of the tiger.

Edward Lear agus an Edward Lear agus an LimerickLimerickIs sa 19ú aois d’éirigh an fhoirm véarsaíochta sin flúirseachsa Bhéarla, ach go háirithe i saothar Edward Lear, oidelíníochta ag an mBanríon Victoria. Nuair a bhí sé féin óg

cothaíodh é ag IarlaDarby chun a bhailiúchánéan siúd a dhathú. Ó uairgo chéile, d’fhonn leanaían teaghlaigh a chur aggáirí, dhearadh Learcartúin áiféiseacha agus chumadh sé véarsaí níosáiféisí le gabháil leo, adtugadh sé ‘limericks’orthu. rugadh Lear in1812 agus ní raibh fiche

bliain slán fós aige ag an am. Níor foilsíodh an greann seoaige go dtí 1846, agus ansin thug pobal mór sa Bhreataingean dó. A leithéid seo a chumadh sé:

There was an Old Man of KilkennyWho never had more than a penny.he spent all that moneyOn onions and honey,That wayward Old Man of Kilkenny.

De ghnáth cloíodh leis an bhfoirm: dhá líne fada ar aon rím(a a), dhá líne gearra ar rím eile (b b) agus líne amháin araon rím leis an gcéad dá líne (a). Mar sin féin, ní i gcónaí abhíodh an limerick faoi mar is fearr is eol dúinn inniu é: línte1, 2, 5 a bheith cuíosach fada; línte 3, 4 gearr.

Bhí Lear agus a lucht aithrise neamhurchóideach. Níor bhainbinb, gáirsiúlacht ná aoir pholaitiúil lena n-iarrachtaí. Bhíodar saonta, agus ar a shon gur luadh Cill Chainnigh, nóKilkenny, san eiseamláir agam anois beag, níor ghnás leotagairt d’áit in Éirinn thar áit i Sasana nó aon tír eile.

Foinse an fhocailFoinse an fhocailTá raidhse tuairimí ann faoin bhfáth ar tugadh limericks ar anvéarsaíocht seo. Deir an Random House Dictionary: ‘said togo back to social gatherings where the group sang “Will youcome up to Limerick?” after each set of verses, extempor -ised in turn by the members of the party’. Ní mhínionn anfoclóir Meiriceánach cén fáth a mbeadh luinneog leis an

limerick ag tagairt, de réir dealraimh, do chathair in Éirinn agscata Sasanach agus iad ina dtír féin.

Tugann úna Nic Éinrí faoin cheist a fhreagairt in alt léi in‘Daonscoil na Mumhan, Imeachtaí 2005.’ Teideal a hailt ná‘Filíocht na nDéise san Ochtú hAois Déag agus an Limerick’.Luann sí conas a chleachtaítí an seánra sa Ghaeilge, ag filí naMáighe mar shampla. Deir eann sí nár tugadh ainm chathairLuimnigh air ag aon duine acu. rud Gallda lenár sinsir arfeadh na gcéadta bliain ab ea cathair nó baile mór. Níor réit-igh an saol uirbeach lena ndearcadh ná a ndinnseanchasdúchais. I measc lucht an Bhéarla amháin a luadh ‘Limerick’.Bhíodh sin sa chúrfá idir-véarsaíochta, a thugann úna dhúinnina iomláine.

Will you come up, come up?Will you come up to Limerick?Will you come up, come up?Will you come up to Limerick?

Tar éis di mórán teoiricí a chur faoi chaibidil, tagann sí ar antuairim gur as Ollscoil Cambridge don ainm, agus gombaineann le láimhní a chaitheadh gaigíní dea-ghléasta nahollscoile agus iad ag spaisteoireacht faoin mbaile. DúirtThomas Campbell sa bhliain 1775 go raibh cáil ar mhuintirchathair Luimnigh, go rabhadar ‘famous for making gloves’.Scríobh Maria Edgeworth, mar shampla, leabhar dar teideal The Limerick Gloves. Tharla cúig mhéar a bheith ar nalaimhíní, agus cúig líne a bheith sa rann filíochta. D’fhéad-fadh gurb iad micléinn Ollscoil Cambridge a thug limerick aran rann ar dtús.

Más ea, thóg sé céad bhliain ó aimsir Campbell sarar féidirteacht ar rann a bhfuil an t-ainm Limerick air. In 1888 foil-síodh irisleabhar de chuid na mac léinn san ollscoil sin, TheGadfly, a raibh sampla den cheapadóireacht ann, ach gan ant-ainm limerick leis fós. In1895 tá fáil ar an rann céanna inirisleabhar a gcomharbaí, Granta. Glaoitear ‘College Limerick’ air ansin.

Ach, más amhlaidh atá, cad faoi ‘Will you come up to Limerick?’ Is beag Sasanach a dhéanfadh an turas d’aonghnó le láimhní a cheannach. Bhíodar ann ina sluaite áfachag deireadh an 17ú aois ag troid i gcoinne Shéamais 2 agusan absalóideachais. Mhairfeadh cuimhneamh agus frith-chuimhneamh air sin ar feadh na nglúnta i Sasana.

Ceann de na nithe is suntasaí in alt úna go rianaíonn sí anfhoirm véarsaíochta siar go dtí Aristophanes na hAithne(448? – 380 rCh.). Drámadóir coiméide ab ea Aristophanes.Ag mórfhéile na bliana bheadh na drámaí traigéide á stáitsiúroinnt oícheanta i ndiaidh a chéile. Ansin, agus gach éinnespíonta, thagadh an dráma grinn chun cinn oíche eile. Baghnó reiligiúnda iad go léir mar dhrámaí, ach ceadaítí donchoiméide a bheith gáirsiúil. Ní hionadh go réitíonn foirm anlimerick go héasca leis an ngáirsiúlacht.

I 1972 bhíos san Ísiltír, ach tháinig scéala chugainn gur bhuailiontas agus gliondar an tEaspag Wyse Jackson nuair a

AN LIMErICK GAEILGEAN LIMErICK GAEILGEStair agus réamhstair (Cuid 1)Stair agus réamhstair (Cuid 1)

le Gearóid Ó Clérigh

There was an Old Man with a beard,who said, ‘It is just as I feared! –Two Owls and a Hen, Four Larks and a Wren,Have all built their nest in my beard.’

Page 10: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201310

bhuaigh sé an duais don limerick a b’fhearr ag Éigse Chromadh an tSubhachais, in onóir fhilí na Máighe san 18úhaois. An míniú, de réir mar a chuala mé, go raibh na hiarrachtaí eile ró-gháirsiúil le foilsiú.

An Oidhreacht EorpachAn Oidhreacht EorpachGo minic, áfach, ní hábhar gáirsiúil a bhíodh sa seánra.Glacadh isteach sa Laidin é ag filí ar nós Martial. Tá paidirálainn ag Tomás Acain ón tríú haois déag:

Sit vitiórum meórum evacuátioConcupiscéntiae et libídinis exterminátioCaritátis et patientiaehumilitátis et obediéntiaeOmniúmque virtútum augmentátio.

Bheifeá ag ceapadh go meadódh an limerick mar fhoirm isteach i lár na litríochta a d’fhás i nua-theangacha nagcríocha Eorpacha go gairid tar éis Thomáis Acain.Chuardaíos dánta na dTrúbadóirí in iar-dheisceart na hEorpaagus sa bhFraincis ó thuaidh á lorg, ach ba shaothar in aisceagam é. Níorbh ionadh é sin. Is ón Araibis, agus b’fhéidir ónbPeirsis, a shíolraigh an amour courtois, bunús amhráin nadtrúbadóirí i gcéaduair. Faoi dheireadh thiar d’aimsigh mésampla amháin sa mheán-Ghearmáinis, ach ba neamhshlánmar limerick é:

Ûf dem berge und in dem tal hebt sich aber der vogele schal, hiure als ê gruonet klê. rûme ez, winter, dû tuost wê!

I measc na sléibhte agus sa ghleannTá guth na n-éan arís ag cantan.I mbliana mar bhí anuraidhTá an seamar ag borradh.Amach leat! a gheimhridh, deinir dochar.

Tá hóiméar féin neamhfhoirfe agus chífimidne limericks saGhaeilge ar ball nach bhfuil slán ach oiread.

An FhraincAn FhraincTá, dar ndóigh, cúpla sampla i litríocht na Fraince níosdéanaí, más de thaisme é sin, agus iad folaithe i saghasamháin den rondeau mar atá, dánta ar a bhfuil dhá chruthríme: ceann acu aabba, aabL, aabbaL. Is ionann L agus luinn -eog, rud a ghabhann freisin uaireanta leis an bhfoirm saGhaeilge, mar a chífear.

File a shaothraigh an rondeau ba ea Clement Marot (1496 –1544). Chuir sé beatha nua sa seánra ach bhí sé de neamh -thráthúlacht air gur mhair sé díreach roimh Pierre de ronsard (1524 – 1585) agus an Pléiade, filí renaissance naFraince a thug isteach ré an Chlasaicis. Tháinig an rondeauchuige féin arís aimsir Louis XIV, rí na Fraince, a chabhraighle Séamas 2 agus na Seacaibítigh, go sonrach sa bhfiontarÉireannach ó 1689 go briseadh Luimnigh i 1692.

I measc na rondeaux le Clément Marot tá Dedans Paris, villejolie (Istigh i bPáras, baile aoibhnis). Seo an véarsa deiridhagus a bhrí; tá foirm an limerick againn móide luinneog:

Je ne la vous nommerai mieSinon que c’est ma grand’ amieCar l’alliance se fit tellePar un doux baiser que j’eus d’elle,Sans penser aucune infamieDedans Paris

Ní déarfad leat gurb í is muirnín liomAch gurb í an cara liom is dílseÓ ba cheangal cairdis lán-cheanúilEadrainn póg ó bhéal mo rúinIs gan dochar di im chroí ná im smaointeIstigh i bPáras.

SasanaSasanaDhein Edmund Spenser (c. 1552 – 1599) an rondeau achleachtadh i Sasana, ach chuaigh an seánra i léig i measc nabhfilí cúirte go luath. Bhí an saol suaite i Sasana, agus níossuaite fós in Éirinn, san 17ú aois. I Sasana bhí dhá réabhlóidpholaitiúla, iad nasctha le coimheascair reiligiúnacha agussóisialta. Bhí aicme nua na gceannaithe móra ag méadú agusag lorg neamhspleáchais dóibh féin. Samhlaíodh an Protastúnachas radaiceach domhórán acu mar cuid thábhachtach dá saoirse.

San am céanna tharla réabh-lóid smaointeoireachta. Ní iSasana a tionscnaíodh í ach aran gcoigríoch. Ba Chaitlicighroinnt de na ceannairí smaoin-teoireachta, Copernicus (1473 -1543), Galileo (1564 – 1642),Kepler (1571 – 1630), ansinDescartes (1596 – 1650) agushuygens (1629 – 1695). B’é anFrancach rené Descartes bamhó ba chúis leis an nádúr ashamhlú ina mheaisín seachasmar a shamhlaigh na glúntaroimhe, ar rud beo leo í.Meaisín nó róbat ab ea an corpanois aige, agus é faoi stiúir an anama an fhaid a d’fhan andá ghné nasctha le chéile.

Ach is i measc Phrotastúnaigh ardaicmeacha Shasana a forbraíodh an eolaíocht nua ar dtús: daoine mar harvey(1578 – 1637), a mhínigh imshruthú na fola sa chorp agus ascar an eolaíocht ón asarlaíocht; robert Boyle (a rugadh inÉirinn, mac le richard Boyle, Tiarna Chorcaí), údar an Sceptical Chymist agus Dlí Boyle sa bhfisic; agus Newton achuir an chloch mhullaigh ar an bhfealsúnacht nua, nuair adúirt go bhfuil Dia ‘very well skilled in mechanics and geo -metry’. Le teacht Newton glacadh go hiomlán leis an samhlúgur ar nós déantóir cloig mheicniúil, a raibh dlíthe mata-maitice incorpartha ann, ba ghá Dia a shamhlú: ba dhéantóiré a chruthaigh an chruinne, idir thalamh agus fhirmimint,agus a d’fhág í ansin le ghabháil ar aghaidh as a stuaim féin.

I dtosach an 17ú aois d’imigh na Túdair as. ríora de bhunadhCymru, a ba ea iad. Tháinig fine Albanach i réim, na Stíobh -artaigh, i bpearsa Shéamais 1. Níor glacadh go réidh lenamhac siúd Séarlas 1 agus dícheannaíodh é. Bhí ar a mhac sin,Séarlas 2, teicheadh agus tháinig na Parlaimintigh agus Cromail i gcumhacht. Ní mó ná sásta leis an deachtóir a bhímórán den uasaicme, agus tar éis dóibh coinníollacha a leagadh ar an bprionsa Séarlas, glaodh ar ais é dhá bhliaintar éis bhás Chromail i 1660. Ba rí é, faid a bheadh sé umhaldon chinseal i Sasana agus don phlandáil Chromalach inÉirinn. Tháinig a dheartháir, an Diúc d’Eabhrac, marchomharba air, ach bhí fonn ar Shéamas 2 bheith ina rí gofírinneach. Thairis sin, d’iompaigh sé ina Chaitliceach.

Máire Tudor1553 - 1558

Page 11: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201311

Díbríodh é i 1689, agus deimhníodh a ionarbadh le briseadhna Bóinne agus Eachroma agus le géilleadh Luimnigh i 1692.

Léas ar mheon an phobail i Sasana le linn an tsuaite pholait -iúil ab ea na véarsaí le brí rúnda a cumadh. Fágtar inniu iadfaoi na páistí mar ‘nursery rhymes’: ‘Mary, Mary, quite contrary’ mar shampla, a dheineann fonóid faoi bhanríonChaitliceach Shasana, Máire Tudor (1553 – 1558). Lena linnbhíodh ‘silver bells’ ag eaglaisí Caitliceacha; tagairt do nós nan-oilithreachtaí is ea ‘cockle shells’; na ‘pretty maids all in arow’, tagairt é sin do na cailíní a bhí ina mná rialta i gclochair.Ceann eile de na rannta dá leithéid seo ná ‘Rock-a-bye baby’:turnamh Shéamais 2, agus oidhre mic saolaithe dó, atá áthuar aige ansin.

Ardfhilí na haoise, ar an taobh eile, is ag glacadh le teoiricína n-eolaithe a bhíodar: cruinne agus cruthaíocht uile Dé inachlog-mheaisín matamaiticeach dar leo, agus clog na cinniúna sin le bualadh, mar ba é an bualadh go rialta agcloig mhóra mheicniúla a bpríomhghnó i gcéaduair. Cuireadhlámha leo níos déanaí. Is é a dúirt Donne file ‘Ask not forwhom the bell tolls’; thrácht Milton ar ‘That two-handled engine at the door’ (clog na cinniúna lena dhá láimh) /Stands ready to strike once and strike no more….’ Is sachomhthéacs sin nach mór dúinn glacadh le ceann de nalimericks is túisce sa Bhéarla:

Hickory, dickory, dock,The mouse ran up the clock.The clock struck one.The mouse ran down.Hickory, dickory, dock.

Muna dtuigmid rím iomlán a bheith idir ‘one’ agus ‘down’,cuimhnímis go mbíodh malairt foghraíochta sa Bhéarla i rithna n-aoiseanna. Theip orm foinse an limerick seo a aimsiú.

De réir Chris roberts ina leabhar Heavy Words LightlyThrown, tá brí ag rann eile (nach limerick é) dá chosúlacht,

agus é ag déanamh grinn d’Fheardorcha, nó Frederick, DiúcEabhraic, a bhí ag troid gan éifeacht i gcoinne Napoleon i bhFlóndras céad blian níos déanaí:

Oh, the grand old Duke of YorkHe had ten thousand men.He marched them up to the top of the hill,And he marched them down again.And when they were up, they were up,And when they were down, they were down.And when they were only half-way up,They were neither up nor down.

Ach ní tír cnocach í Flóndras. Deir roberts gur aithris ar rannníos luaithe atá ann, ‘The Brave Old King of France / Had40,000 Men.’ Ansin deir sé: ‘…there are theories that it hadalso been applied to a previous Duke of York, …King James 2… [and] refers to the occasion when William of Orangelanded in England … When he discovered that many Englishleaders (including his former ally the powerful landowner,John Churchill, later Duke of Marlborough) had defected toWilliam’s side, James ordered his troops to retreat (‘marchedthem down again’). The whole exercise was evidently pointless….’

Agus Séamas ina dheoraí sa bhFrainc, agus a thrí ríochtcaillte aige, chreid sé gur dhíoltas Dé air é, ón uair ar bhris sécuing a phósta agus a ghlac sé Sarah Churchill mar leannánleapan.

Is doigh liom gur do Shéamas go príomha a thagraíonn an‘Grand Old Duke of York’ agus ‘Hickory Dickory Dock’. Is doShéamas 2 is fearr a d’oirfeadh an limerick, agus clog na cinniúna mar nath ag filí na haoise. Bhíodh Séamas crógaroimhe sin, mar cheann catha ar muir agus ar tír, ina DhiúcEabhraic dó. Ach bhain rud dó a bhris ar a mheanma. Bhí séina mheatachán ag Cath na Bóinne, é ag ullmhú a theicheadh roimh ré. Séamas a’ Chaca!

Dé Domhnaigh, 18 Lúnasa4.00 p.m. Clárú. 7.00 p.m. Oscailt Oifigiúil.8.00p.m. Máistir-rang, sean-nós, Anne Mulqueen9.00 p.m. Fáiltiú • 10.30 p.m. AirneánDé Luain, 19 Lúnasa9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní

Chóchlaigh. Amhránaíocht: Áine Ní Fhiannúsa, Anne Mulqueen

10.15 a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin. Gaeilge saBhunscoil: Irene Ní Fhlanagáin

11.00 a.m. Tae nó caifé. • 11.30a.m. Léacht an lae2.15 p.m. TFC sa rang, Eoin Ó Briain3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans 7.30 p.m. Quiz Bord9.00 p.m. Céilí • 10.30p.m. AirneánDé Máirt, 20 Lúnasa9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní

Chóchlaigh. Amhránaíocht: Áine agus Anne.10.15a.m. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin. Féin-

mheastóireacht sa Bhunscoil: le socrú.

11.00 a.m. Tae/ caifé • 11.30a.m. Léacht an lae2.15 p.m. TFC sa rang; Eoin Ó Briain2.15 p.m. Siúl Sléibhe3.00 p.m. Breatnais trí Ghaeilge: John Evans8.00 p.m. Seoladh: ‘An Linn Bhuí XVI’9.00p.m. Céilí • 10.30p.m. AirneánDé Céadaoin, 21 Lúnasa9.30 a.m. Gaeilge (Ardleibhéal): Celine Ní

Chóchlaigh. Amhránaíocht: Áine agus Anne10.15 a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní

Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin11.00 a.m. Tae/ caifé • 11.30a.m. Léacht an lae2.15 p.m. TFC sa rang; Eoin Ó Briain 3.00 p.m. Turas bus.7.30 p.m. Comórtas Talainne an Dá Phádraig9.30 p.m. Céilí • 10.30p.m. AirneánDéardaoin, 22 Lúnasa9.30 a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní

Chóchlaigh, Amhránaíocht: Áine agus Anne10.15 a.m. Féinmheastóireacht sa Bhunscoil.

Filíocht: Bríd Ní Mhóráin11a.m. Tae nó caifé • 11.30a.m. Léacht an lae2.15p.m. Ceardlann Filíochta.2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain2.30-3.30 agus 4.30-5.30 p.m. Ceardlanna

Damhsa ar an sean-nós: Cuthbert Arutura.3.30p.m.Breatnais trí Ghaeilge: John Evans7p.m. Aifreann na Daonscoile8.30p.m. Ceolchoirm. • 10.00p.m. AirneánDé hAoine, 23 Lúnasa9.30a.m. Gaeilge (ardleibhéal): Celine Ní

Chóchlaigh. Amhránaíocht: Aine agus Anne10.15a.m. Gaeilge sa Bhunscoil: Irene Ní

Fhlanagáin. Filíocht: Bríd Ní Mhóráin11a.m. Tae nó caifé • 11.30a.m. Léacht an lae2.15 p.m. TFC: Eoin Ó Briain3.15p.m. Súil siar, agus moltaí, á stiúrú ag

Annraoi de Paor agus Mícheál Ó Drisleáin4:00p.m. Scaradh na gCarad.

WWW.DAONSCOIL.COMWWW.DAONSCOIL.COM

DAONSCOIL NA MUMHAN 2013DAONSCOIL NA MUMHAN 201318-23 LÚNASA, COLÁISTE NA RINNE18-23 LÚNASA, COLÁISTE NA RINNE

Réamheolas, Príomhchainteoirí: Brian Ó Conchubhair,Donnchadh Ó Súilleabháin, Éamonn Ó Cuilleanáin. Téama: Tionchar na nGael i gcéin

Page 12: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201312

Ach cad is brí le ‘Hickory Dickory Dock’? D’fhéadfá tuairim achaitheamh gur ‘Haec hora Dei occurrit hoc [momento]’ atáann, a chiallódh rud mar ‘Seo uair Dé .i. uair na cinniúna;tagann sí ort an nóiméad seo’. Seafóid agamsa ab ea?Bheadh seo cosúil le ‘Hocus pocus’ atá ina aithris ar ‘Hoc estcorpus [meum]….’ Agus tá ‘hickory Dickory’ níos casta ná‘Dickory Dickory’, mar sin is dóichí gurb é an bunleagan é.

ÉireÉireNí raibh na ríthe Stíobhartacha ro-cheanúil ar an nGaelachasriamh. In Albain ó lár na nArd-Mheánaoiseanna ar aghaidhbhí Béarla tuaisceart Shasana ina theanga oifigiúil chúirteacu. Na taoisigh Ghaìdheal, a mbíodh gnó acu leis an gcúirt,chaithidís casadh ar an mBéarla Albanach. In iarthar na tíre,nuair ba mhian le Tiarna Airear Gaìdheal leabhar filíochta inatheanga féin a chnuasach, bhí air dul chuig a ghnáth-nodaire, agus teanga na cúirte aige, chun na dánta a scríobhamach, rud a dhein sé de réir litriú Bhéarla na hAlban. Sinmar a tháinig Leabhar Deadhan Lios Móir ar an saol, éGaìdh ealach, ach breactha de réir rialacha na hAlbainisecúirte.

In Éirinn agus Séarlas 1 i gcoróinn, ní raibh seirbhíseach badhílse aige ná Séamas de Buitléir, Iarla Urmhumhan, ardhein an rí Diúc de. Is é an Diúc Urmhumhan céanna, in

aimsir Shéarlais 2, a luann an tAthair MacGiolla Eáin, nó John C. MacErlean, deChomplacht Íosa, ina Dhuanaire Dháibhidh Uí Bhruadair, mar an té is mó achas uaisle Éireann na 17ú haoise chunan Bhéarla mar ghnáth-theanga.

Bhí an Béarla go maith ag Dáibhí, munaraibh sé ar a chompord ann. Léirigh sé amhíshástacht le polasaí Urmhumhan indhá bhurdún: ‘Nach ait an nós agmórchuid d’fhearaibh Éireann …’ agus‘Mairg atá gan Béarla binn …’ [‘on thespread of English manners and the English language after the arrival of theDuke of Ormond. Undated in Mss., usually assigned to 1643’]. Deir Dáibhí:‘Ag so rann do dhuanóg bhladaireachtadorighne duine éigin do DhiuicUrmhumhan:

Is fearra fá sheacht don talamh a theachtdá chasnamh ar neart aineolach’ná Conn is Niall Goll is Brianis Fionn na bhfiann bhflaithólach.

Sa véarsa ceithre líne seo, is amhlaidh gobhfreag raíonn deireadh líne a dó agusdeireadh líne a ceathair dá chéile, agus tárím inmheánach faoi leith ag freagairt do

shiolla deiridh sa chéad agus sa tríú líne. Tá cruth air mar abheadh ar limerick easnamhach nó neamhfhoirfe, rud atásoiléir ach é scríobh mar seo:

Is fearra fá sheacht don talamh a theachtdá chasnamh ar neart aineolachná Conn is NiallGoll is Brianis Fionn na bhfiann bhflaithólach. (DDUíBh, I, lch 194)

Níl de dhíth ar an bhfoirm ach malairt deiridh sa chéad líne(…ó …a, in áit …a …a). Ach tabhair faoi deara go bhfuil

macalla ar fhocla dheireadh líne a haon i lár líne a dó, agusmar an gcéanna deireadh líne a 3 agus a 4 go bhfuil macallaortha istigh i líne a 5 — agus iad á gcomhaireamh mar líntean limerick)

Chum Ó Bruadair a dhán fonóide féin mar fhreagra ar an‘Saoi re Gliogar’ sa mheadaracht céanna, ach bhí na véarsaídúbailte, 8 líne in áit 4. Seo an chéad véarsa (dúbailte) aige:

A shaoi ré gliogar gíbé thusa,níl mé duit acht d’aithcheodhachan chúntais chlaoin se //// id chúrsa scríobhthaar chúig do ríoghaibh rathFhódla,

dá rádh riúsan gur feárr diuicemar fhál cúil don tseanfhód saionná Conn is Niall gart ////, Fionn is Brian gealis Goll grianda mac Mórna.

Is é dul na ngutaí sa véarsa sin ag Dáibhí Ó Bruadair ná ‘í, é,u,’ dhá uair sa chéad líne agus i lár an dara líne, ach ‘a, ó, e,’ag deireadh an dara líne. Ansin an gréasán céanna i ngachpéire líne eile, ach ‘ú, a, í,’ nó ‘a, ú, e,’ nó ‘oL/N, í, a,’ in ionadan ‘í, é, u.’ Coiméadtar ‘a, ó, e,’ ag deireadh gach dara línetríd síos.

Is Sasanach go deo an limerick neamhiomlán seo, a bhfuil anlimerick cruthanta ina fhorbairt nó foirfiú air. Másceadmhach an chéad líne a fhágaint gan bhriseadh, samplais ea:

Jack and Jill went up the hillTo fetch a pail of water.Jack fell down // and broke his crown,And Jill came tumbling after.

Up Jack got and home did trotAs fast as he could caper.He went to bed // to mend his head,With Vinegar and brown paper.

Ainneoin an chaint faoi ‘hill’ agus ‘crown’, tuairimítear gurbrí chollaí atá ann, ní brí pholaitiúil.

Tá an fhoirm beo i gcónaí ar an oileán taobh istigh. Seoeiseamláir ónár n-aimsir féin ag lucht leanta sacair, i gcoinnelucht leanúna fhoirne Learphoill:

You are a Scouser, an ugly Scouser,You’re only happy on giro day.Your mum’s out thieving,Your dad’s drug dealing,Please don’t take our hubcaps away.

Dála an scéil, tagann ‘scouser’ ó ‘scouse’, gnáthbhiamáirnéalaigh acu siúd a thaithíodh calafort Learphoill leis nacianta. Is minic a d’éirigh an bia bréan le linn na long bheithar farraige.

Abair sráidéigse! Tagann foirm an limerick neamhfhoirfe slánsa slua-amhrán, ainneoin nach slán di san amhrán ‘You aremy sunshine’, a dhein ceannlíne de. In Éirinn, seans gurchabhraigh plandóirí Chromail le feachtas DiúicUrmhumhan, i leith na hardaicme, agus iad ag gabháilamhráin Bhéarla i láthair na cosmhuintire. Dá mb’amhlaidh atharla, níorbh ionadh leithéid Dháibhí Uí Bhruadair ag léiriúa dhéistin roimh an saghas, agus é á gcasadh droim ar ais arson an Ghaelachais.

——◊————◊——

BEIDh CUID 2 DEN ALT SEO Ar EAGrÁN LúNASABEIDh CUID 2 DEN ALT SEO Ar EAGrÁN LúNASA

Page 13: Feasta | Iúil 2013

ANSeo AGuS ANSiúDANSeo AGuS ANSiúDLeagan Gaeilge de láithreán gréasáinionadaíocht an Choimisiúin eorpaigh

in Éirinn seoltaIn Áras an Aontais Eorpaigh, 18 Sráid Dhásain,BÁC 2, ar an 27 Bealtaine, a sheol CoimisinéirÉireannach an AE, Máire Geoghegan-Quinn leagan Gaeilge de ’euireland.ie’ – láithreángréasáin Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaighin Éirinn. Chun cuidiú léi ócáid ar leith adhéanamh den lá, bhí Bláthnaid Ní Chofaighagus páistí ó Scoil Uí Ghramhnaigh, ráthChairn, Co. na Mí, i láthair, chomh maith lehionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge agusollscoileanna ar fud na hÉireann. Chunwww.euireland.ie a fheiceáil i nGaeilge, ní gáach English (En) sa chúinne ar dheis ar bharran leathanaigh a athrú go Gaeilge (GA). Cé go bhfuil chuid mhór den ábhar i nGaeilge ar phríomhláithreán an AE, ‘Europa’, níraibh an leagan áitiúil de láithreán an Choimisiúin ach i mBéarla amháin go dtí seo. Scríobhtar ábhar an láithreáin do lucht aúsáide in Éirinn, agus tá an nuacht is déanaí ón AE le fáil ann, chomh maith le heolas maidir le cearta na saoránach faoi dhlí anAE. Tá cuid mhór eolais ann chomh maith do scoileanna agus do mhic léinn, agus eolas i dtaobh conas cur isteach ar phoist saBhruiséil. Faigheann cuairteoirí ar ‘euireland.ie’ léargas cuimsitheach ar institiúidí agus ar bheartais an Aontais Eorpaigh, agusar an tionchar atá ag ballraíocht san Aontas Eorpach ar an ngnáthshaol in Éirinn. Acmhainn luachmhar é do scoileanna; tugtareolas ann ar an réimse acmhainní atá ar fáil saor in aisce ón Ionadaíocht féin. Tá eolas úsáideach ar chearta shaoránaigh anAontais Eorpaigh ann freisin; baineann seo le hábhar i mBliain Eorpach na Saoránach 2013. Tá eolas stairiúil ann faoin am achuaigh Éire isteach sa Chomhargadh i 1973, agus faoi thionchar bhallraíocht an AE ar Éirinn. I mbliana tarlaíonn go bhfuiltearag comóradh 40 bliain de bhallraíocht san AE. Is féidir le cuairteoirí teacht ar eolas freisin faoi dheiseanna fostaíochta san AE,mar aon le cur síos ar dhaoine as Éirinn atá ag obair don Aontas Eorpach. Foireann aonad Gaeilge an Choimisiúin Eorpaigh in

Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin ad'aistrigh téacs an láithreáin.◊

Feasta, iúil 201313

An Coimisinéir Eorpach um Thaighde,Nuálaíocht & Eolaíocht, Máire Geoghegan-Quinn, le Bláthnaid Ní Chofaigh, láithreoirteilifíse in Ionadaíocht an Choimisiúin Eor-paigh in Éirinn, Áras an Aontais Eorpaigh, 18Sráid Dhásain, BÁC 2. (Pic. Paul Sherwood)

Gaelainn ag na rósanna seo? An dtar-lódh gur mó den teanga a bheadh agrós Nua Eabhrac? An Tánaiste agus AireGnóthaí Eachtrannacha, ÉamonGilmore, a d’fháiltigh roimh rós agus TríScór acu ag féile réigiún ach na rósannai bPort Laoise le deir eanas. Anseo dó leEllen Flah avan (rós Phort Láirge), KatieMulholland (Nua Eabhrac), Elaine Zaunseder (An Ghearmáin) agus IlonaFlannigan (Derby). Ó luamar Gaeilge, anmbeadh focal ag Éamon lena chomh-gleacaí ruairí Quinn faoina bhfuil ábhag airt aige siúd ar éatas na Gaeilgesa chóras gaelscolaíochta. D’fhéadfadhroinnt cásanna suimiúla dlí éirí as a bhfuil á bhagairt ag ruairí ar chlanna leGaeilge, gan trácht ar an olc a ghin-feadh sé in aghaidh a pháirtí.◊

Ó chlé, an file Gabriel rosenstock a sheolan taispeántas ‘SOrCAS’ leis an ealaíontóir,Bob Ó Cathail, ag Ionad na gCuairteoirí,Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath aran 16 Meitheamh. Leis an ealaíontóircéanna íomhá chlúdaigh na míosa seo arFeasta. Tá teacht ar Bhob ag a stiúideoealaíne, Solamar, i mBaile an tSlé, CeannTrá, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, áit ambíonn fáilte roimh chuairteoirí le Gaeilgeach go háirithe. Is fiú, chomh maith, cuairta thabhairt ar www.bobcahill.com.◊

www.feasta.ie

Page 14: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201314

BBhrisfeadh sé éinne eile, an scannán a deineadh faoinSearcach agus go grod ina dhiaidh sin géarleanúintghraosta na meán lathaí, na doirse go léir a dúnadh

de phlab air … ach is amhlaidh atá an Searcach agus ashaothar níos tathagaí ná riamh i bhfianaise na sárleabhar atháinig óna pheann le tamall de bhlianta anuas, Gúrú i

gClúidíní (CIC 2006), nacuimhní cinn Light on Distant Hills (Simon &Schuster, 2009) agus an dáchnuasach filíochta ad’fhoilsigh Arlen house, AntAm Marfach ina Mairimid(2011) agus Aimsir Ársa(2013). Is ar Aimsir Ársa abheidh mé ag díriú sanaiste seo.

Mar chosaint ar an ionsaí adeineadh ar a cháil,d’fhéadfá a rá gur chúb anSearcach isteach ann féin,ach ní teitheadh ab ea ésin ach a anam is adhúchas mar fhile agusmar Ghael a athaimsiú

agus a athmhúnlú. Sa leabhar seo tá toradh ealaíonta afhéintaighde á roinnt aige linn go fial. Thréig daoine áirithe éach má thréig, féach! – as duibheagán an ama agus an spáis,chruinnigh a chairde go léir timpeall air. Agus cé hiad sin, adeir tú? Lí Pó, cuir i gcás. Nach caoin cairdiúil an comhrá seoeatarthu:

Tá mé san aois sin anois,ré na seanaoisego dtig liom mo chomhráa dhéanamh leatsa, a mhian,thar dhuibheagán na gcianta …

Mé i mo shuí ag ól fíonaamuigh faoin spéiroíche shoiléir i dtús an fhómhair –do leabhar os mo chomhair …

(as Labhraim le Lí Pó)

Binneas! Milseacht! Séimhe na Sean-Síneach, draíocht anDao. Fíon seachas fínéagar. Fíon na filíochta. Milseacht afáisceadh as fulaingt. Lí Pó (nó Lí Bai) agus Gúrú na gCnoc,mórfhilí i gcuideachta a chéile agus is mór an phribhléiddúinne cúléisteacht a dhéanamh ar a n-allagar neamhaí. Ismaith a thuig Lí Pó ‘saol na trioblóide, saol na brionglóide’.

Ní hé seo an chéad uair don Searcach filí ón anallód a ghairmchuige féin as aer. Is cuimhin liom go maith i gcomhluadarÓivid é, nuair a chéadbhraith Cathal ar deoraíocht ina thírféin é. Tarlaíonn sé. Tarlaíonn a leithéid d’fhilí. Níl ledéanamh ach breith ar an bpeann agus an bheatha amhóramh:

Móraim an bláth seoa bhláthaíonn i bpiani dtalamh righin mo ghairdínis a thugann a aghaidhgo lúcháireach ar an ghrian …

( as Lus na Gréine)

An bheatha a mhóramh, an ghrian a mhóramh, an solas amhóramh, an teanga a mhóramh, an grá a mhóramh. Níléinne níos fearr chuige:

Ní san aigne amháinatá do chuimhne i dtaisceach ar fud fad mo cholainne …

Déarfadh daoine áirithe, b’fhéidir, i ndiaidh ar tharla dó, gurcheart dó a chlab a dhúnadh anois agus gan a bheith agscríobh faoi bhuachaillí a thuilleadh. Fastaoim! Ligean doscannán é a chur ina thost, ab ea? Ligean d’iriseoirí is luchtbiadáin é a chloí? Tá dánta ómóis anseo aige faoi Éireann -aigh cháiliúla ar homaighnéasaigh iad, Mícheál MacLiammóir agus ruairí Mac Asmaint [recte Mac Easmainn],abair. Tuigimis an méid seo: guth dochloíte é guth antSearcaigh, guth seo a ghairme is a anama, guth síoraí, guthna filíochta, guth na Gaeilge, guth na fírinne, guth na háilleachta. Tá daoine ann a chuirfeadh ainm Chathail in áitAntinous sa dán aige den teideal sin:

Antinous na hÁilleachta! Antinous na Grástúlachta!Sa cháil sin buan beo a bheas sé anois agus go deo.Sa staid dhiaga úd, fiú mura bhfuil ann ach samhail,buanóidh sé ar feadh na síoraíochtaionas nach dtig leis an bhás, fiú amháin, díobháila dhéanamh dó nó a chur ó dhealramh …

Sea, is saghas déithe iad na mórfhilí, gan amhras. (Sa bhliain1793 d’fhógair creideamh dúchasach na Seapáine, Sinteo, anmáistir haiku Bashō ina dhia).

NNí milseacht agus móramh ar fad é Aimsir Ársa, áfach.Seachain fíoch an fhile! (Léigh an dán ar lch 30-31).Filleann an feall. Tríd is tríd, áfach, an móramh

seachas an cáineadh an nóta is treise in Aimsir Ársa. Agus tátréith eile fós ann, is é sin sceitsí iontacha á dtarraingt aigeden áit ina bhfuil sé ag cur faoi agus tochailt déanta aige godtí an gheografaíocht shíceach, i bhfocail eile: an leibhéal sinden tírdhreach nach nochtar don chuairteoir lae, Éire mar afheictear do leithéidí Michael Dames í in Mythic Ireland, cuiri gcás, an Éire sin a bhfuair John Moriarty spléachadh uirthi,deinim amach, an Éire sin dá mbeadh sí feicthe ar feadhnóiméid ag forbróirí is ag baincéirí go mb’fhéidir nachmbeadh sí leonta acu mar atá.

Na Bailte Bánaithe an teideal atá ar an dara cuid den leabharseo agus tá a fhios agam ó bheith ag caint le roinnt de mochomhfhilí gurb iad na dánta seo is mó a rachaidh i bhfeidhm ar go leor léitheoirí. Nach bhfuil leath na tíre bánaithe – arís! Dúirt mé i dtosach na haiste seo gur fhillCathal ar a fhréamhacha sa leabhar seo chun uchtach agus

SIÓGA, FILÍ, GAEIL AGUS MIONLAIGh EILE NACh IADSIÓGA, FILÍ, GAEIL AGUS MIONLAIGh EILE NACh IAD

AIMSIr ÁrSA,AIMSIr ÁrSA, le Cathal Ó Searcaighle Cathal Ó SearcaighArlen house a d’fhoilsigh. Ian Joyce a mhaisigh. ISBN 978 -1- 85132-046-2

Léirmheas le Gabriel rosenstock

Page 15: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201315

cothú a lorg, rud a dhein, ach is dánta coscracha iad nadánta sa rannóg seo, agus meabhraíonn siad dúinn go bhfuilteipthe ar an Stát seo an Ghaeltacht agus an teanga a chosaint mar is ceart. An cumha atá sna dánta seo, is maithmar a thuigfeadh Lí Pó, Dú Fú agus filí eile ón ríora T’ang é,agus seans maith gurb iad Sínigh na ré órga sin a spreag anSearcach chun súil chumhach a chaitheamh ar achomharsanacht féin:

Tráthnóna idir an dá sholastchím iad ag taibhsiú chugamas ceo folaigh na nglúnta.

Mo sheanathair, muintirmo mhuintire, tchím iadag obair amuigh faoin spéir,

na fir ag buain i gcuibhrinnnach bhfuil ann níos mó,na mná ag blí na mbó

i mbuaile gréine na Mínena páistí ag déanamh folachánmeasc stucaí agus síogán ….

(as Na Bailte Bánaithe)

DDán máistriúil amach is amach is ea Na Bailte Bánaithe, é ina cheithre chuid. Tá na Gaeil in ann ancumha a láimhseáil, mise á rá leat (pace Hallaig le

Somhairle Mac Gill-Eathain). Ní bheadh Sasanach in ann é adhéanamh chomh maith céanna. Ní bheadh an teanga aigechuige, ar ndóigh. Cloisimse ceol osnádúrtha sna línte thuasagus sin an chúis is mó go seasann Cathal amach mar dhuinede mhórfhilí an domhain – a chluas is a chroí ag teacht lechéile go feillbhinn. Tá an ceangal sin briste i gcás a lán lánd’fhilí an domhain ‘fhorbartha’, agus an pobal tar éis iad athréigean dá dheasca sin.

Má tháinig Lí Pó agus Óivid i gcabhair air, níor lig a shean-mhuintir síos é ach an oiread:

Le gach anáil dá dtarraingimmothaím ag éirí iad ina nduineis ina nduine as mínte m’aigne …

Ach, ar ndóigh, níor lean Cathal béasa a shinsir, agus samhachnamh macánta a dhéanann sé ar a chás, admhaíonnsé nach bhfuil sé in ann iad a leanúint:

mise nár thóg claí, nár threabh gort,nár ghin mac nó iníon dár ndúchas,dár gcineál. Is bocht liom mo chás

iad a fhágáil anois gan oidhre ógis fód mo dhúchais ag gabháil seasci Mín na bPoll, i bProchlais is i Mín na gCopóg …

Bhí sé riamh in ann leas aoibhinn a bhaint as logainm-neacha, mar is eol dúinn, ach anois is cuid de liodán éifeach-tach bróin iad na hainmneacha céanna. Smaoinigh ar andochar uafásach a dhein galldú na logainmneacha in Éirinn,agus smaoinigh go bhfuil an galldú sin ag tarlú i gcónaí; cuirtú féin i mbróga an fhile anois agus é ag éisteacht leis na fámairí sa dúiche aige, iad

Ag déanamh iontaisden tsleán, den speal, den tseisreach.

Iad ag béarlóireachtgo teanntásach,

beag beann ar gheaftaí,beag beann ar Ghaeilic.

Cogadh an teideal atá ar an tríú rannóg den leabhar fíor-shuaithinseach seo ina leathann Cathal a chanbhás amachchun cur síos a dhéanamh arstaid fhuilteach an domhain faoiláthair. Sé chuid atá sa dán corraitheach Cailín, Cúig BlianaDéag, as Baghdad ag Inse a Scéilagus ba mhaith an cleas é an cogadh a fheiceáil trí shúiledéagóra. Nár bhreá leat cailíníscoile na hÉireann a shamhlúagus an dán éachtach sin áléamh acu, nó, go deimhin, cailíníar fud an domhain agus an portseo ag gach duine acu i ndiaidh aléite dóibh, nach bpósfadh siadfear troda go deo. Chuirfeadh sésin stop le cogadh, stop gairid araon nós. Ní inniu ná inné a thosaigh an chogaíocht agustagraíonn ár gcairde, filí an ríoraT’ang, go minic di – ‘gorm é deatach an chogaidh, bán iad cnámha an duine,’ a deir Dú Fú.

An Saol Eile a thugann sé ar an gceathrú cuid den leabharseo agus éinne a léigh a chuimhní cinn, tuigfidh sé gur saineolaí ar an saol eile ab ea a mháthair. Níor bhuaileas léiach uair amháin; b’fhéidir go ndéanfaidh mé comhrá ceartléi lá breá éigin amach anseo, beannacht Dé léi agus beannachtaí na sióg:

Ó chaill siad a dtiarnasos cionn talaimhtá siad dulta ó shúilan daonnaí, ina gcónaíansiúd ar an uaigneasidir an dá sholasina ndúnáras rúini lúb na locha …

(as Bean a bhFuil an Galar Dubhach Uirthiag Caint ar na Sióga)

TTáid ann ar ndóigh agus go rábach, na daoine maithe,agus ní bhainfinnse dá gcáil go deo, ach i gcomhthéacsan leabhair seo d’fhéadfá a mhaíomh go seasann siad

do mhionlach ar bith, filí, homaighnéasaigh, Gaeil. Murachgo rabhadar róchliste dó mar shlua sí, is dócha go mbeidíscarntha i sluachampa géibhinn fadó ag hitler!

An cúigiú cuid den leabhar seo, An tEaragal, is dán fada é inachúig chuid is fiche, an paeón is breátha ar fad, is dócha, inuafhilíocht na Gaeilge. Tá an tseanphágántacht linn i gcónaí, buíochas mór le Dia na Glóire:

Ár gcuradh réidh,sciath ghealaí i do dheissleá gréine i do chlé.

I do cholgsheasamhagus faoi riastradh,ní baol dúinn an anachain,

Agus tú sa bhearna bhaoil,a fhir ghnímh,a Mhic an Eargail …. — Críoch

Page 16: Feasta | Iúil 2013

Feasta, iúil 201316

AISTEOIRÍ BULFINAISTEOIRÍ BULFINTá Aisteoirí Bulfin ar an ngrúpa isbuaine agus is beoga i mbun na drám -aíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Tána céadta drámaí léirithe acu óbunaíodh an grúpa daichead bliain óshin. Na léirithe is deir eanaí uathu AnCampa, dráma grinn nuascríofa lehAodh Ó Domhnaill (2008), Moloney,

dráma stairiúil le Seán Ó Tuama (2009),Biffó Béar, geamaireacht nua le hAodhÓ Domhnaill (2009), Na Leabhra, drámanua eile le hAodh Ó Domhnaill (2010),Círéib, cóiriú ar ghearrscéal le Máirtín ÓCadhain (2010) agus Oileán na Sclábh -aithe, aistriúchán ar L'Île des Esclaves lePierre de Marivaux (2011). Ball -eagraíocht de chuid an Chomhlachais

Náisiúnta Drám aíochta is eaAisteoirí Bulfin. LéiríodarHerody Katyn ar an 13-15Meitheamh san Theatre @36,Cearnóg Parnell, BÁC. Seófilíochta agus ceoil dar teid ealThar Teorainn a chuir tús leisan oíche. Sna sála air tháinig andráma cumhachtach HerodyKatyn le Seán Ó Broin. B’iad Fidelma Ní Ghallchobhair agusMéabh Ní Loing sigh na

léiritheoirí. Tá teor ainneacha le braith ingach gné den saol agus sa mhír Thar Teorainn tugadh spléachadh trí mheánna litríochta agus an cheoil ar chuid dena teorainn eacha seo, agus conas mar athéann siad i bhfeidhm ar dhaoine.

Sa dráma Herody Katyn tá go leor leorteorainneacha le braith chomh maith:teorainn idir dhá thír, idir dhá chultúr,an teorainn idir an fhírinne agus anbhréag, idir an seanmhodh agus anmodh nua. Tá cuid de na teorainneachaseo sobhriste; cuid eile acu, is deacairiad a thrasnú. Cuireann an dráma seoeachtra mhór ón Dara CogadhDomhanda os ár gcomhair, SléachtKatyn.

Ó chlé, cuid d’aisteoirí Bulfin chugainn:Lionel Mac Cárthaigh, Gearoid ÓMordha, Solweg Ní Fhiaich. Pic: ©VickyGarnett Photography ◊

ANSEO AGUS ANSIÚDANSEO AGUS ANSIÚDag Tionól na Mumhanag Tionól na Mumhan

Ag an Óstán Travel Inn, an Fosadh, Cill Airne, a bhí Tionólna Mumhan, eagraithe ag Dáil na Mumhan de Chonradhna Gaeilge, ar siúl ar an 7 – 9 Meitheamh (le linn d’oileániathghlas na hÉireann a bheith míle míle níos faide ó dheas,má ba chomhartha na laethanta gréine). Barr, ó chlé, agfreastal ar na himeachtaí, Seán Ó Ceallaigh, rae nagCiseach, Inis, agus Labhrás Ó Donnghaile, Craobh naSionna. Lár, ó chlé: Cliodna Cussen, dealbhadóir, SeánÓ Luanaigh a thug caint shuaithinseach ar stairTheach Mhucrois, agus Celine Ní Chóchlaigh,Cathaoirleach Choiste Contae Thiobraid Árann. Thíos,ó chlé: Pádraig Ó Dálaigh, cathaoirleach Dháil naMumhan, ag bronnadh ghradam Laoch na Mumhan2013 ar Pádraig Ó Mathúna, ealaíontóir agusgníomhaí teanga, Dún Chaoin agus Caiseal Mumhan.

Táthar ag súil go mbeidh na cainteanna a thug SeánÓ Luanaigh ar Theach Mhucrois, Éamon Mac Gearailt ar a thaithí ar an nGaeilge, agus Séamas Ó

Máille ar dhúchas agus oidhreacht Lios a’ Phúca agus andúthaigh máguaird i gcló don chéad tionól eile. Tá andáta socair cheana féin, 6 – 8 Meitheamh 2014, agus táina ráfla go raibh Tíonól 2013 chomh taitneamhach goroghnófar Cill Airne arís.

Tá Ardfheis an Chonartha 2014 le bheith san HeightsHotel, Cill Airne, ar an 28 Feabhra – 2 Márta, ar ndóigh.Idir an dá linn beidh Oireachtas 2013, 30 DeireadhFómhair – 3 Samhain i gCill Airne chomh maith, sanÓstán Gleneagle, agus ní hamháin go mbeidh Oireachtas2014 i gCill Airne, agus cloistear dúinn go mbeidh Féilemhór na nGael ar ais ann sa bhliain 2016.◊

Page 17: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201317

FFaoin am gur tháinig an tríonóid liteartha ar an bhfódsna seascaidí, is é sin, Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid ÓSúilleabháin agus Breandán Ó Doibhlin, bhí an gort

glanta don turgnamhacht agus don cheannródaíochtnua-aoiseach a bheadh mar shainchomharthaí ar a gcuidsaothar. A bhuí le hiarrachtaí liteartha Phádraic Uí Chonaire, Sheosaimh Mhic Grianna agus Mháirtín Uí Chadhain bhí annualitríocht Ghaeilge á saothrú le breis agus caoga bliain.Mar aon leis sin, léiríonn Máirín Nic Eoin gur chuir bunú an tífoilsitheoireachta Sáirséal agus Dill ardán neamhspleách arfáil don scríbhneoir comhaimseartha, agus deis éalaithe ó laincisí piúratánacha an Ghúim den chéad uair agus a bheithturgnamhach, réabhlóideach, ceannródaíoch agus misniúilina chuid scríbhneoireachta. Deir Alan Titley gur ‘réabhlóidliteartha’11 a tharla sna seascaidí i nuaphrós na Gaeilge, agusléireofar san alt seo gur tháinig an t-úrscéal nua-aoiseachchun cinn sa Ghaeilge a bhuí le turgnamhacht réabhlóid eachagus le ceardaíocht uaillmhianach an triúr fear úd. Pléifearna haidhmeanna nuálacha a bhí ag Ó Súilleabháin, Ó Tuairiscagus Ó Doibhlin ina gcuid próis agus breathnófar ar angcoimhthíoch mar charachtar lárnach ina gcuid próis.Breathnófar ar na stíleanna ealaíonta turgnamhacha achleacht siad, a bhí chomh coimhthíoch céanna le carachtairna n-úrscéalta. Ar deireadh, déanfar téama nua-aoiseach namímhoráltachta ina saothar a iniúchadh agus a chíoradh,agus measfar tionchar na tríonóide turgnamhaí seo ar nualitríocht na Gaeilge.

Agus é ag freagairt don aiste ‘Ciorcalú Saoil’ le Seán Mac Giolla riabhaigh ar An Uain Bheo in Irisleabhar Mhá Nuad1971, scríobh Diarmaid Ó Súilleabháin gur theastaigh uaidh‘geit a bhaint as an nGaeilge trí úrscéal a scríobh faoin nGall-tacht i dtéarmaí an lae inniu’22 (liomsa an bhéim) agus indíonbhrollach an chéid úrscéil uaidh, Néal Maidine agusTine Oíche, léirigh Breandán Ó Doibhlin gur theastaigh uaidhteorainn na litríochta Gaeilge a bhrú agus an t-úrscéalnua-aimseartha Gaeilge a thabhairt go leibhéal iomlán eile óthaobh ábhair agus foirme de:

A léitheoir ghráigh, má theastaíonn uait uair an chloigdo chur isteach go pléisiúrtha gan stró, fág uait an leabhar seo, impím ort, agus tarraing ort saothar eilegur cuma lena údar faoi thalamh úr do bhriseadh náfaoi dhaoine do sheoladh ar bhealach a leasa.33

Scríobh an Doibhlineach sa díonbhrollach céanna gurbh é‘an port ceanann céanna’44 a bhí sna húrscéalta Gaeilge go dtísin, agus go raibh sé mar aidhm aige ‘oiread agus is féidir dársaíocht do shábháil, focail do stróiceadh as an tost agussmaointe as dorchadas na hoíche.’55

Lena chur go simplí, bhí an tríonóid liteartha seo ag iarraidhfealsúnacht de chuid Pound, Joyce, Eliot agus a gcuidchomhscríbhneoirí nua-aoiseacha a leanúint trí chinneadhcoinsiasach a ghlacadh an scríbhneoireacht chruthaitheach a

dhéanamh úr agus trí cheisteanna a linne féin a phlé, a chíoradh agus a scrúdú go mion. Léiríonn Bradbury & McFarlane san aiste ‘The Name and Nature of Modernism’gurbh í an tuiscint chomhfhiosach úr seo bunchloch an nua-aoiseachais, óir ‘modernity is a new consciousness, a freshcondition of the human mind’66 agus léiríonn siad gur as angcoinsiasacht úr seo a d’eascair ‘[t]he movement towardssophistication and mannerism, towards introversion, technical display [and] internal self-scepticism’.77

Ní gá ach féachaint ar theidil na n-úrscéalta atá faoi chaibidilsan aiste seo le ráiteas sofaisticiúil nua-aoiseach na scríbh-neoirí seo a shonrú. Léiríonn an teideal An Uain Bheo, atáfaoi chomaoin go mór ag ráiteas cáiliúil D.h. Lawrence ‘theliving moment is everything’,88 go bhfuil an Súilleabhánach agdíriú go comhfhiosach ar an am beo, ar angcine daonna mar atá sé le linn a ama féinagus ar na suáilcí mar aon le duáilcí abhaineann leis an gcine sin. Léiríonn teidealDé Luain go bhfuil an mhóimint bheo seo sasaol nua-aoiseach fánach agus, go deimhin,áiféiseach mar shlat tomhais ar shaol anduine. Tá an t-úrscéal féin fréamhaithe gohiomlán i gcúrsaí ama ó thaobh foirme de. Isann do thrí chaibidil ‘An Oíche’, ‘An Mhaidin’,agus ‘Meán Lae’ agus tá na tréimhsí sin gearrtha suas i dtríocha nóiméad, uair an chloig agus mar sinde. Dírítear ár n-aird go comhfhiosach ar an am, ar imeachtan ama agus ar imeacht móimintí deireanacha an tsaoil. Nílaon amhras ach go bhfuil An Branar gan Cur ar an teideal isláidre ó thaobh aeistéitic an nua-aoiseachais de, agus leis anteideal sin fógraíonn an Doibhlineach dúinn gurb ann doghort nár treabhadh sa Ghaeilge go fóill, mar a bheadh TheUntilled Field i gcás George Moore. In An Branar gan Curfaighimid iarracht an Doibhlinigh an gort sin a threabhadh,agus iarracht íogair Fhearghais a ghort féin a aimsiú agusteacht ar an mbealach is fearr leis an ngort sin a threabhadh.

MMar is dual d’úrscéal nua-aoiseach, glacann ancoimhthíoch ról lárnach sna saothair seo agusmaireann Louis Stein, Fearghus Mac Giolla Calma

agus Pádraig Mac Piarais ar imeall na sochaí – iad scartha óngcuid eile den phobal. Ar aon dul leis an gcoimhthíos seo, tágéarchéim ag titim amach ina saol pearsanta agus poiblí achuireann leis an scaradh seo, gné atá láidir san úrscéal nua-aoiseach atá ‘disposed to apocalyptic, crisis-centred views’.99

Insítear dúinn in An Branar gan Cur go bhfuil Fearghus MacGiolla Chalma ina ‘éan corr’1010 agus go bhfuil sé pianmhar ‘thúféin a aireachtáil i d’eachtrannach i measc do mhuintire’.1111

Braitheann sé ina choimhthíoch ceart i mBaile Átha Cliathagus i gcomhluadar na cathrach – ní maith leis na hoícheantasóisialta san Ambasáid, ní bhaineann sé sult as na dinnéirmhóra de chuid mhuintir Laure agus leanann an t-uaigneasseo é nuair a bhraitheann sé nach féidir leis labhairt leis na

TuRGNAMhAChT NA TRíoNÓiDeTuRGNAMhAChT NA TRíoNÓiDeGluaiseacht Nua-aoiseach: eoghan Ó Tuairisc, Gluaiseacht Nua-aoiseach: eoghan Ó Tuairisc,

Diarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó DoibhlinDiarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó DoibhlinCaint a tugadh ag an gComhdháil Litríochta agus Cultúir in OÉG, 2011

Lydia GroszewskiLydia Groszewski

Breandán Ó Doibhlin

Page 18: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201318

cailíní óga ar an traein cé go santaíonn sé comhrá. Is fíor arísan t-uaigneas géar seo i gcás Louis Stein agus an saol ag ‘ciorcalú’1212 mórthimpeall air. Mar a deir Iarla Mac Aodha Bhuíin Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis, is fear é Louis Stein‘atá scartha ón phobal mar gheall ar a Ghiúdachas agus aeaspa tuisceana ar nithe ar nós creideamh, cultúr agustírghrá [sic.].’1313 Léirítear Louis Stein mar a bheadh ancoimhthíoch cáiliúil Jay Gatsby in The Great Gatsby. Mar a insíonn roger Lewis dúinn is fear é Gatsby atá ‘aware of hisown doubleness’1414 ar nós Stein. Mar atá amhras ag baint lefoinse airgid Gatsby, níl sé cinnte cad as ar tháinig airgeadmhuintir Stein, ‘ní rabhthas cinnte faoin dóigh a bhfuair asheanathair a shaibhreas’1515 agus mar atá deacrachtaí agGatsby a áit a aimsiú i measc lucht an rachmais, bíonn nadeacrachtaí céanna ag Louis. Tá an bheirt acu i ngrá le cailín abhaineann le haicme níos airde ná a n-aicme féin agus bíonncoimhthíos le brath acu beirt dá bharr. Is é uaigneas an bháisatá i gceist leis an bPiarsach, agus é ar thairseach na staireach é scartha ón bpobal atá á shlánú aige:

Tugaim m’aghaidh. Leathfhear. Faoi gheasa go deo agrithim na seanaimsire. Quod scripsi. Tá dorchacht nahOifige ag fanacht orm idir lomeasnacha. Siúlaim.Díoscann na slisneacha gloine faoi mo bhróga.Coimthíoch.1616

Tá aon nasc amháin idir na coimhthígh seo agus is é sin gobhfuil siad ag maireachtáil i saol gan Dia nó go bhfuilcaidreamh míshocair acu le Dia. Fógraíonn Louis Stein go bhfuil ‘Dia marbh’1717agus gurb é a Dhia féin é; ‘Mise Alphaagus Omega, an tús agus an deireadh...’1818 Níl ann do Dhia inDé Luain ach oiread agus fógraítear go bhfuil ‘Dia marbh,

fuair sé bás den trua.’1919 Níl sé cinnte, fiú,an gcreideann Fearghal Mac Giolla Calmago hiomlán i nDia agus é ar tí dul lesagartóireacht: ‘Is cinnte nach fear mórpaidreoireachta a bhí [ann] am ar bith, fiúamháin in aimsir an Choláiste’.2020 Is léiráfach, go bhfuil Dia beag déanta aige denSagart Eachainn agus go dteastaíonnuaidh a bheith ina dheisceabal aige sin –ní ag Dia féin per se. Is coimhthíche fós ansaol gan Dia do na daoine seo agus iad agiarraidh teacht ar a gcló féin.

Más coimhthígh iad carachtair nan-úrscéalta agus iad scoite ón bpobal, iscinnte go bhfuil an stíl a chleacht antríonóid liteartha ag teacht go mór leis angcoimhthíos sin. In The Irish Times sa

bhliain 1972 scríobh Seán Ó ríordáin gur ‘deacair Ó Súilleabháin a mholadh nó a cháineadh mar ní féidir é athuiscint’2121 agus breis agus fiche bliain ina dhiaidh sin,bhraith Seán Ó Tuama gur scríobhadh An Uain Bheo ‘in astyle which is nervous, impressionistic, and a little bewilder-ing for anyone brought up on Gaeltacht Irish.’2222 Ní haon ionadh é go raibh mearbhall ceart ar phobal léitheoireachtana Gaeilge le stíl dhifriúil, thurgnamhach An Uain Bheo nuaira chéadfhoilsíodh é i 1968. Mar a phléann Máirín Nic Eoin, níraibh leisce ar an Súilleabhánach rialacha na teanga a shárúlena dhearcadh aeistéiticiúil féin a chomhlíonadh agusléiríonn sí go bhfuil a phrós breac le:

[h]abairtí gan bhriathra; dobhriathra nuachumtha;comhfhocail nuachumtha; focail a cheangal le chéile i

ndeilíní a bhfuil feidhm thuairisciúil acu; an dara pearsamar ghléas reacaireachta; poncaíocht shainiúil; úsáidceannlitreacha…2323

IIs léir gur theastaigh ón Súilleabhánach teorainn nateanga a bhrú, laincisí na poncaíochta a scrios agus gaistína gramadaí a bhriseadh in An Uain Bheo, ar bhealach

atá thar a bheith turgnamhach ó thaobh stíle de. Chuir anSúilleabhánach an teanga in oiriúint dá úrscéal seachas ant-úrscéal a chur in oiriúint don teanga, agus is í sin anphríomhdhifríocht a scar An Uain Bheo ón bprós a tháinigroimhe. Mar a deir Bradbury agus McFarlane san aiste ‘TheName and Nature of Modernism’, treoraíonn an scríbh-neoireacht nua-aoiseach an léitheoir ‘behind familiar reality,breaking away from familiar functions of language and conventions of form’2424 agus tá an ghné nua-aoiseach seo lesonrú i dteanga stíliúil An Uain Bheo. Lig an Súilleabhánachdon teanga sruthlú le smaointe comhfhiosacha agus lesruthanna comhfheasa Louis – leanann an prós snítheach aphátrún corraitheach smaointeoireachta go dlúth:

D’fhéach tríd an haiste isteach sa chistin. Lonrach folamh...Bheadh na doirse faoi ghlas ansiúd fosta...faoighlas go cinnte. Phlab sé doras an haiste ar na héiscórga a bhí go bánbhéalach in umar uisce a bhí bréan lecónaí cheana...Bheadh leis! Bheadh, nó níorbh í ancharthanacht an tseoid ba lonraí aige agus é ag sá achos isteach i gcairpéid an staighre ar a bhealach suasdó agus a phócaí folamh. Murach Leonard, is an síntiúsa tugadh do Dumpty, agus murach Bert agus an tslua-chorraíl... A Chríost! Sea, sluachorraíl...Iad chun an di-abhal a dhéanamh...An t-úll a bhreith ó Éabha agusÁdhamh... Sea, nuair a chuimhneofá air...agus nachraibh de ghus fágtha ann síob a thóraíocht...fiú ordóga ardú...Murach an táille traenach d’fhéadfadh sé bual-adh suas chuig an óstlann anois...murach...murach,murach...Murach a lán.

Las sé an solas thuas an staighre.2525

IIs Brave New World é an domhan stíliúil seo de chuid antSúilleabhánaigh agus go deimhin, luaitear an t-úrscéalceannródaíoch sin de chuid huxley in An Uain Bheo ‘dá

mba mhaith liom trácht ar huxley agus an Brave NewWorld.’2626 Is iomaí cosúlacht atá idir an dá théacs ó thaobhstíle, poncaíochta agus comhréire de. Mar aon leis an Súilleabhánach, úsáideann huxley trí stad chun tost a chur iniúl nó chun nóiméad crochta san aer a léiriú. Cuireann huxley béim ar íomhá trí athrá a dhéanamh ar fhocaildíreach ar nós an tSúilleabhánaigh, agus is minic a chuirteardeireadh le sruth smaointeoireachta le haon abairt lomamháin mar a dhéanann an Súilleabhánach chomh maith.Cuirimis an sliocht seo i gcomparáid leis an sliocht thuas:

At the edge of the precipice he sat down. The moonwas behind him; he looked down into the black shadowof the mesa, into the black shadow of death. he hadonly to take one step, one little jump...he held out hisright hand in the moonlight. From the cut on his wristthe blood was still oozing. Every few seconds a dropfell, dark, almost colourless in the dead light. Drop,drop, drop. Tomorrow and tomorrow and tomorrow...

he had discovered Time and Death and God.2727

Más rud é gur bhris an Súilleabhánach rialacha na gramadaíagus na comhréire in An Uain Bheo ar bhealach

Page 19: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201319

turgnamhach, is cinnte gur sháraigh Eoghan Ó Tuairisc laincisí na reacaireachta in Dé Luain. Tá an t-úrscéal scríofasa chéad phearsa ó pheirspictíochtaí carachtar éagsúil agussa tríú pearsa, is é sin, i nglór uilefhiosach an údair. BaineannÓ Tuairisc úsáid as an aimsir láithreach, as an aimsir chaite,as an modh coinníollach agus as an aimsir fháistineach inachuid reacaireachta uathúla – rud a chuireann béim ar anam agus ar imeacht an ama sin. Leis an stíl thurgnamhachreacaireachta seo, éilíonn Ó Tuairisc léitheoireacht ghrinnagus dhílis óna léitheoirí. Gluaiseann an reacaireacht óshruthanna smaointeoireachta an Phiarsaigh, go radharchanna de charachtair éagsúla, Ó Ceallaigh, Ó Conghaile, Mac Diarmada, Mac Néill et al i mbun comhráite,go léiriúcháin fhánacha ar mhothúcháin na gcarachtar sinagus iad ar thairseach na staire. Mar a deir Titley i dtaobh stílreacaireachta Dé Luain: ‘[r]oghnaigh sé foirm inste a bhí agiarraidh a bheith siombalach agus tuarascálach inéineacht’.2828 Is cinnte go n-éiríonn thar cionn leis an stílthurgnamhach seo an mhóimint bheo a léiriú go healaíonta.

D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil an stíl scannánaíochta gomór i bhfeidhm ar an saghas reacaireachta seo agus godeimhin, luann Ó Tuairisc roinnt mhaith dá charachtair mar‘aisteoir[í] scannán’2929. Le solúbthacht na reacaireachta isféidir le Ó Tuairisc an ceamara, más maith leat, a bhogadh óradharc amháin go radharc eile chun seatanna a fháil d’eachtraí ag titim amach ag an am céanna ach in áiteannaéagsúla. In aon seat amháin, nuair atá Séamas Ó Conghaileagus a chuid compánach ag ionsaí Chaisleán Bhaile ÁthaCliath, cuireann Ó Tuairisc trí radharc os ár gcomhair ag anam céanna mar a bheadh montáiste i scannán ann – Ó Conghaile agus a chomrádaithe lasmuigh den chaisleán agusan lámh uachtar á fáil acu ar an ollphéist de chaisleán – SirMatthew Nathan, Price agus Mr Norway in oifig de chuid anchaisleáin agus iad ag caitheamh píopaí go suaimhneach –agus an corparáil agus an cúigear eile agus iad ag réiteachbéile dóibh féin nuair a chaitear pléascán lámhdhéanta trídan bhfuinneog orthu.

Tá reacaireacht sciobtha an tsleachta seo mar a bheadhfrithchaitheamh ar fhuinneamh an éirí amach féin. Nífhaigheann an léitheoir mórán ama le dul i ngleic le radharcamháin, toisc go mbogtar ar aghaidh ó thaobh amháin gotaobh eile den chathair go sciobtha. I gcúpla leathanach tugtar an léitheoir ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, go dtí anrotunda, go halla na Cathrach agus ar ais go hArd-Oifig anPhoist. Agus an caisleán á ionsaí deirtear go bhfuil sé ‘[d]eacair am nó aimsir a bharraíocht i gceartlár na híomháseo’3030 agus is cinnte gurb é sin sprioc an tsleachta seo – gachrud a dhíriú ar mhóimintí fánacha a thagann le chéile chunéirí amach ar scála eipiciúil a thabhairt le chéile. Cé go bhfuilan stíl reacaireachta seo dian go leor ar an léitheoir inamanna, is léir gur thuig Ó Tuairisc go raibh an stíl sin dedhíth ar lá apacailipteach de shaghas Luan na Cásca 1916.Mar a deir Alan Titley; ‘Cibé ní eile a déarfaí faoi Dé Luainchaithfí a admháil gur oiriúnaigh Eoghan Ó Tuairisc a stíl is amhodh inste go hinnealta do thábhacht is do mhiotas an ábhair.’3131

Thuig Breandán Ó Doibhlin agus An Branar gan Cur á scríobhaige go mbeadh an turgnamhacht de dhíth: ‘is é an saoldaonna is ábhar d’ealaín na litríochta agus insint ealaíonta athabhairt ar an saol sin, is é agus is é amháin is cás leis’3232.Thuig sé go mbeadh a stíl cheannródaíoch uathúil féin de

dhíth air chun teagmháil a dhéanamh le heisint an duineagus an phobail:

Is ionann sin is a rá nach mór don scríbhneoir Gaeilgear mhaith leis leas na teanga do dhéanamh stíl dochruthú dó féin, foirm choincréideach focal do bhualadh ar a smaoineamh, foirm a bheas ag teachtlena intinn atá ina toradh ar na céadta bliain de chultúrEorpach agus a bhí á dealbhadh fiú i rith na tréimhse araibh an Ghaeilge gan saothrú.3333

Níl aon dabht ach go bhfuil an ‘fealsamh existintiúlach’3434,mar a ghlaonn an Doibhlineach féin air, go mór le sonrú i stílreacaireachta An Branar gan Cur agus go bhfuil an t-úrscéalfaoi chomaoin ag fealsúnacht Simone de Beauvoir, AlbertCamus, Jean-Paul Sartre. Tá an stíl reacaireachta sa darapearsa – stíl reacaireachta atá turgnamhach go maith ilitríocht na Gaeilge.

SSan aiste ‘Fearann coimirce an scríbhneora: úrscéaltaBhreandáin Uí Dhoibhlin’ léiríonn Micheál Mac Craithgo gcuireann ‘staid thairseachúil an reacaire’3535 in An

Branar gan Cur go mór leis an ‘atmaisféar thar a bheith rúndiamharach a chothú’3636 san úrscéal. Is fíor go bhfuil gnéaisteach, scanrúil fiú, ag baint leis an nglór seo a labhraíonngo díreach le Fearghus, atá in ann a chuid monalóga inmheánacha a thuiscint agus atá in ann a chuid mothúchána mheas. Mar a deir an Doibhlineach in Aistí Critice agusCultúir ‘tá gach pearsain scartha óna chéile, an mise óntusa’3737 ach léiríonn An Branar gan Cur go bhfuil an duinescartha uaidh féin freisin in amanna éagsúla le linn an tsaoil,agus gurb é turas nó iomramh an tsaoil seo ná na gnéitheéagsúla a bhaineann linn mar dhaoine a réiteach lena chéile,agus teacht ar thuiscint orainn féin dá bharr.

Más turgnamhach agus nua-aoiseach iad na stíleanna scríbhneoireachta atá pléite anseo, ní mór béim a chur archeard aíocht Ghaeilge na tríonóide liteartha. Is de bharrthuiscint na scríbhneoirí seo ar an nGaeilge a d’éirigh leo anchothromaíocht idir an turgnamhacht agus brí an scéil a aimsiú. Bhí ómós ag an Súilleabhánach, ag an Doibhlineachagus ag Eoghan Ó Tuairisc don fhocal agus don teanga, agusmar a deir Ó Tuairisc ina aiste ‘religio Poetae’ is é an focal aneochair don ealaíontóir agus ní mór meas a bheith ag anealaíontóir air:

In principo erat Verbum. I dtús aimsire bhí an Focalann. Deirim go bhfuil an Focal bunúsach, gurb é anFocal a dhealaíonn an duine amach ón iasc agus ónainmhí, gurb é an Focal a mhúnlaíonn an t-anam mara mhúnlaíonn an t-anam an corp, gurb é an Focalamháin a cheanglaíonn nasc an religio idir an dáshaol, go bhfuil an Focal sacrálta – an Focal is lú dágcaitheann sibh as bhur mbéal amach. Deirim gurb éan Poeta is cosantóir agus is aingeal coimhdeachtadon Fhocal; agus am ar bith, áit ar bith, a dtéann anPoeta i mbun cheardaíocht an Fhocail a chleachtadh,go foighneach, go dícheallach, go macánta, le paiseana chroí is le cumas a aigne, is san áit sin agus ar anuair sin a shéideann an t-inanálú faoi ón saol eile.3838

Más turgnamhach aidhmeanna agus cur chuige na n-údarseo ní mór spléachadh a thabhairt ar théama turgnamhach,nua-aoiseach atá ar fáil i saothar na tríonóide liteartha seo,is é sin téama na mímhoráltachta in Éirinn. Níl Éire Ghaelachcheartchreidmheach Thomáis Uí Chriomhthain ná Éire

Page 20: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201320

bhocht scéalta Uí Chadhain le fáil sna húrscéalta seo.Léiríonn an Súilleabhánach, Ó Tuairisc agus an DoibhlineachÉire mar áit mhímhorálta, choimhthíoch agus naimhdeach igcasadh turgnamhach seo nuaphrós na Gaeilge.

II n Dé Luain tá deireadh le dlí, ciall, réasún agus morál-tacht agus fir ag marú a chéile. Cé go bhfuil uaisleacht agbaint leis na híobairtí seo, ní mór aghaidh a thabhairt ar

an ngné apacailipteach a bhaineann le sochaí atá i mbun éiríamach. Léirítear i bhfoclóir Uí Dhónaill gurb é ‘Lá an Luain,the day of judgement’3939 agus tá an toise le sonrú san úrscéalgo bhfuil deireadh ag teacht leis an tsibhialtacht agus leis anmoráltacht dá bharr.

Mar a dúradh ní ba luaithe, is iomaí cosúlacht atá ann idirJay Gatsby agus Louis Stein, ach is iomaícosúlacht atá le sonrú freisin idir Meiriceána bhfichidí in The Great Gatsby agus Éirena seascaidí in An Uain Bheo. Tá easpamoráltachta ag baint leis an dá shochaí –tá gach mac máthar ag tochras ar acheirtlín féin cosúil le Bilí Buistéir inúrscéal Uí Shúilleabháin agus DaisyBuchanan in úrscéal Scott Fitzgerald.Domhan sóisialta na huasaicme domhanna n-úrscéalta seo – gach duine ag iarraidh sup agus só a bhaint as an saol,cuma cén costas. Déantar an ghnémhímhorálta seo a threisiú in An UainBheo leis an iniúchadh a dhéanann anSúilleabhánach ar chliseadh pósta agus ar

an gcollaíocht lasmuigh agus laistigh den phósadh.

Níl mórán den chaidreamh sona pósta le sonrú in An UainBheo. Léirítear go bhfuil máthair Louis faoi chois ag an UasalStein agus go bhfuil sí neirbhíseach, buartha agus míshástasa chaidreamh:

A ceann cromtha ag Mam. Í ag piocadh is ag scaoileadhmionbhruascar briosca a bhí fágtha ar phláta – goneirbhíseach.4040

Léirítear go bhfuil Eimear míshásta lena caidreamh le Darachagus í fágtha i mbun an tí le leanbh óg faoina cúram, agusléirítear deirfiúr Louis, rebecca, agus í míshásta inacaidreamh pósta de bharr nach féidir léi leanbh a thabhairtar an saol. Is léir, mar sin, nach bhfuil mórán sásaimh le baintas an gcaidreamh coinbhinsiúnach in An Uain Bheo.

Is réabhlóideach an léiriú a rinne an Súilleabhánach ar mhianta collaíochta in Éirinn mhímhorálta na seascaidí, agusgo háirithe ar mhianta collaíochta na mban. Léirítear Eimearmar bhean a bhfuil mianta collaíochta aici agus mar bheannach bhfuil sásta lena caidreamh collaíochta. Is léiriú thar abheith turgnamhach agus réabhlóideach é sin nuair achuimhnítear gur foilsíodh An Uain Bheo sna seascaidí. Isbean éirimiúil, dhathúil, mhealltach í Eimear a bhfuil andomhan siúlta aici, ach ní haon ‘Angel of the house’4141 í mar adeireadh Virginia Woolf. Sa domhan mímhorálta seodéanann Eimear, ar máthair agus bean chéile í, iarracht fearmór ban a mhealladh í féin:

...Nach fíor do na hExistentialists a deir nach bhfuil sasaol ach scáil...is geal liomsa Sartre agus a chairde, aLouis’ … Bhí Eimear ag druidim leis go healaíontaagus níor chúlaigh sé. Ag druidim leis agus X-anna ángearradh san aer roimhe aici lena gloine. Ba chirte

aici cros cheap sé. Í buailte leis...É mar a bheadh sé ara aire – suas díreach. A lámha ar a bhrollach...angloine tite le hurlár...

‘Deas an chaimse … deas na lúbanna, a Louis.’

‘Árannach,’ arsa Louis go tiubh. Bhí a chorp uile inachaor the dhearg ag na méara fada a bhí ag táthlú anchaimse … ó bhrollach go muineál go hascaill, go … adhá láimh anois freisin ar bhanda an choim... a ceannlena bhrollach... í tarraingteach cumhachtach armhórán bealaí; bua breise aici – níor mhaighdean náaingeal í...4242

Más mian le carachtair Uí Shúilleabháin páirt a ghlacadh sasaol mímhorálta seo, is léir go bhfuil Fearghus Mac GiollaChalma ag éalú uaidh agus é ar an turas traenach ar ais godtí a áit dúchais féin.

Tuigtear dúinn go bhfuil díomá air leis an tír mhímhoráltaseo a raibh an oiread sin measa aige uirthi agus é inabhuachaill óg. Tá grá tugtha aige do Laure ach ní dondearcadh saoil atá aici; ní féidir leis glacadh le cúlra anchailín ná leis an aicme lena mbaineann sí:

Maíonn sí, ina hiníon fhear ghnó di, nach ndéanfaidhan t-oibrí ach suí i do bhun mura gcoinníonn tú srianteann air – fairíor, a chuirfidh sí d’aguisín leis sin anoisi gcead duit tar éis a raibh d’argóintí eadraibh faoi.Airíonn tú an bhuile mhire ag borradh ionat mar a tharlaíonn chomh minic sin agus tú ag éisteacht lenahathair agus a chairde gnó ag mairgnigh os cionn antríú martini. Sin an uair a dtagan an drogall ar fad atáagat leis an Éirinn nua seo ina shruth searbh múiscechun do bhéil, agus fonn dall creachta agus sladta ágcothú ag cuimhne d’óige agus do thuismitheoirí agusan dúiche dhearóil inár tógadh thú agus córas iomlánna mbodach polaitíochta agus na mboicíní gaimbín araibh an saol faoina mbois acu.4343

BBraitheann Fearghus go bhfuil brionglóidí na saoirsecaillte ag muintir na hÉireann, agus nach bhfuil ag curas don phobal anois ach cúrsaí airgid agus iad

‘fumbl[ing] in a greasy till’4444. Is léir d’Fhearghus gur fíor gobhfuil ‘romantic Ireland’s dead and gone’4545 agus an cinneadh atá roimhe ná glacadh leis an ngné sin den tsochaíagus dul leis, nó scaradh go hiomlán ón tsochaí chéannaagus diúltú do na luachanna leithleasacha a bhaineann léi.Seasann muintir Laure don tsaint agus don leithleachas atá iréim in Éirinn na mímhoráltachta i súile Fhearghuis: ‘marg -adh maith a bheadh [sa phósadh], a bhí sé a rá, ar nós cumaliom, achan phingin a bhí ag an athair’4646 – ach tuigeann sé gombeadh air droim láimhe a thabhairt lena chuid luachannamoráltachta chun glacadh le saol den chineál sin.

Is í an scríbhneoireacht, áfach, an t-aon leigheas atá ar anmímhoráltacht seo, agus nuair a léiríonn Fearghus go bhfuilsé chun triail a bhaint as an scríbhneoireacht chruthaitheachtuigeann an léitheoir go bhfuil sé chun teacht, ní hamháin ara chló féin, ach ar a phobal féin agus ar a áit sa tsochaí. Mara scríobh an Doibhlineach in Aistí Critice agus Cultúir: ‘[is] ían litríocht an chaoi is fearr atá ag pobal le aithne a chur airféin, le sainmhíniú a dhéanamh air féin, trí mheán nandaoine pribhléidithe sin, na scríbhneoirí.’4747 Sa tslí gur aimsigh an Piarsach a chló ceart trí mheán na filíochta, agusgur aimsigh Darach Mac Giolla rua é féin trí mheán na scríbhneoireachta in An Uain Bheo, is cinnte go n-aimseoidh

E. Ó Tuairisc

Page 21: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201321

Fearghus Mac Giolla Chalma é féin trí mheán na scríbh-neoireachta chomh maith.

Le turgnamhacht na tríonóide liteartha seo, léiríodh dúinngur féidir linn aithne a chur orainn féin trí intinn dhaoineeile, trí smaointe dhaoine eile agus trí eispéireas dhaoineeile – is é sin, comhairle an Doibhlinigh a leanúint agusaithne a chur orainn féin trí mheán na nualitríochta. Nuair a

d’fhógair Pádraic Ó Conaire do scríbhneoirí na nualitríochta‘[s]crúdaítear an duine. Scrúdaítear a aigne’4848, leag sé béimar chroí na húrscéalaíochta Gaeilge. Más rud é gur leagadhsíos slata tomhais na nualitríochta le ré na hAthbheochana,ba í tríonóid na turgnamhachta a chuir na haidhmeanna sin igcrích go turgnamhach agus go misniúil dá bharr.

— Críoch— Críoch

LEABhArLIOSTALEABhArLIOSTA::• • Barry, Peter., 2002. Beginning

Theory: An Introduction to Literary and Cultural Theory (Manchester: Manchester University Press.)

• Bradbury, Malcom and Mc Farlane, James., 1991. ‘TheName and Nature of Modernism’in Bradbury, Malcom and Mc Farlane, James., (editors) Modernism: A Guide to European Literature 1890 – 1930 (London:Penguin Books.)

• Breathnach, Diarmuid agus NíMhurchú, Máire., 2003. 1983-2002 Beatháisnéis (Baile ÁthaCliath: An Clóchomhar Tta.)

• Caerwyn Williams, J.E. agus NíMhuiríosa, Máirín., 2001. Traidis-iún Liteartha na nGael (BaileÁtha Cliath: An Clóchomhar Teo.)

• Chaudhuri, Amit., 2003. D. H.Lawrence and ‘difference’: Postcoloniality and the Poetry ofthe Present (Oxford: Oxford University Press.)

• Denvir, Gearóid., 2005. Litríochtagus Pobal: Cnuasach Aistí(Conamara: Cló Iar-Chonnachta.)

• huxley, Aldous., 2007. BraveNew World (London: Vintage.)

• Kiberd, Declan., 2002. Idir DháChultúr (BÁC: Coiscéim.)

• Lewis, rodger., 2002. ‘Money,Love and Aspiration in The GreatGatsby’ in New Essays on theGreat Gatsby (Cambridge: Cambridge University Press.)

• Mac Aodha Bhuí, Iarla., 1992. Diarmaid Ó Súilleabháin:Saothar Próis (Baile Átha Cliath:An Clóchomhar.)

• Mac Craith, Mícheál., 2007. ‘AnTuras Fionnachtana i saotharcruthaitheach Bhreandáin UíDhoibhlin’ in Breandán Ó Doibhlin: Saol agus Saothar(Baile Átha Cliath: Coiscéim.)

• Mac Craith, Mícheál., 1997.‘Fearann coimirce an scríbh -neora: úrscéalta Bhreandáin UíDhoibhlin’ in Ó Dúshláine,Tadhg., (eagarthóir) Féilscríbhinnan Doibhlinigh: Irisleabhar MháNuad 1996-1997 (Maigh Nuad:An Sagart.)

• Mac Grianna, Seosamh., 2004.Mo Bhealach Féin (Baile ÁthaCliath: An Gúm.)

• Moore, George., 2000. The Untilled Field (Gerrards Cross:Colin Smythe Ltd.)

• Nic Eoin, Máirín., 1988. EoghanÓ Tuairisc: Beatha agus Saothar(Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.)

• Nic Eoin, Máirín., 2006.‘Contemp orary prose and dramain Irish 1940 – 2000’ in Kelleher,Margaret and O’Leary, Philip.,(eagarthóirí) The Cambridge History of Irish Literature VolumeII 1890 – 2000 (Cambridge: Cambridge University Press.)

• Nic Eoin, Máirín., 2005. Trén bhFearann Breac: An DíláithriúCultúir agus Nualitríocht naGaeilge (Baile Átha Cliath: CoisLife.)

• Nic Eoin, Máirín., 1997.‘úrscéalaíocht na Gaeilge i ré anIndibhidiúlachais’ in Ó Dúshláine,Tadhg (eagarthóir) Féilscríbhinnan Doibhlinigh: Irisleabhar MháNuad 1996 – 1997 (Maigh Nuad:An Sagart.)

• Ó Cadhain, Máirtín., 2007. Créna Cille (Baile Átha Cliath:Sáirseál Ó Marcaigh Teo.)

• Ó Croiligh, Oilibhéar 1968. ‘Mistéir na réabhlóide: TuairiscTéama’ in Irisleabhar Mhá Nuad1968 (Maigh Nuad: An Sagart.)

• Ó Doibhlin, Breandán., 1974.Aistí Critice agus Cultúir (BaileÁtha Cliath: FoilseacháinNáisiúnta Teoranta.)

• Ó Doibhlin, Breandán., 1984. AnBranar gan Cur (Baile ÁthaCliath: Sáirséal Ó Marcaigh Teoranta.)

• Ó Doibhlin, Breandán., 1998.Néal Maidine agus Tine Oíche(Baile Átha Cliath: Sáirséal ÓMarcaigh.)

• Ó Dónaill, Niall., 2005. (eag.) Foclóir Gaeilge-Béarla (BaileÁtha Cliath: An Gúm.)

• Ó hAnluain, Eoghan., 1996.‘Beatha duine a cheardaíocht’ inComhar iml. 25, Uimhir 12, Nollaig 1966

• O’Leary, Philip., 2006. ‘The Irishrenaissance, 1880-1940: liter -ature in Irish’ in The CambridgeHistory of Irish Literature Volume2 1890-2000 (Cambridge: Cambridge University Press.)

• Ó Murchú, Seosamh., (eag.)1986. Comhar: Diarmaid Ó Súilleabháin 1932-1985 (BaileÁtha Cliath: Comhar Teoranta.)

• Ó Murchú, Seosamh., (eag.)1985. Comhar: Eoghan Ó Tuairisc1919-1982 (Baile Átha Cliath:Comhar Teoranta.)

• Ó Súilleabháin, Diarmaid., 1986.An Uain Bheo (Baile Átha Cliath:Sáirséal Ó Marcaigh Teoranta.)

• Ó Súilleabháin, Diarmaid., 1972.‘An Uain Bheo: Focal ón údar’ inIrisleabhar Mhá Nuad 1972(Maigh Nuad: An Sagart.)

• Ó Tuairisc, Eoghan., 1998. DéLuain (Baile Átha Cliath: SáirséalÓ Marcaigh Teoranta.)

• Ó Tuairisc, Eoghan., 1963.‘Léacht a tugadh donchomhchaidreamh: religio Poetae’ in Comhar iml. 22 uimh.1 Eanáir 1963 (Baile Átha Cliath:Comhar Teoranta.)

• Ó Tuama, Seán., 1995.Repossess ions: Selected Essayson the Irish Literary Heritage(Cork: Cork University Press.)

• Scott Fitzgerald, F., 1994. TheGreat Gatsby (London: PenguinBooks.)

• Titley, Alan., 1991. An tÚrscéalGaeilge (Baile Átha Cliath: AnClóchomhar Tta.)

• Woolf, Virginia., 2008. VirginiaWoolf: Selected Essays (Oxford:Oxford University Press.)

• Yeats, W.B., 1992. W.B.Yeats: Collected Poems (London: Vintage.)

TAGAIrTÍTAGAIrTÍ1 An tÚrscéal Gaeilge lch 5402 ‘An Uain Bheo: Focal ón údar’ –

Irisleabhar Mhá Nuad lch 653 ‘Díonbhrollach’ – Néal Maidine

agus Tine Oíche lch 94 Ibid. 5 Ibid. lch 106 ‘The Name and Nature of

Modernism’ – Modernism: AGuide to European Literature1890-1930 lch 22

7 Ibid. lch 268 D H Lawrence and ‘difference’:

Postcoloniality and the poetry ofthe present lch 145

9 ‘The Name and Nature of Mod-ernism’ – Modernism: A Guide toEuropean Literature 1890-1930lch 20

10 An Branar gan Cur lch 511 Ibid. lch 4112 An Uain Bheo lch 713 Diarmaid Ó Súilleabháin:

Saothar Próis lch 4914 ‘Money, Love and Aspiration in

The Great Gatsby’ – New Essayson The Great Gatsby lch 43

15 ‘Diarmuid Ó Súilleabháin:Saothar Próis’ lch 130

16 Dé Luain lch 22417 An Uain Bheo lch 8218 Ibid. lch 14319 Dé Luain lch 9720 An Branar gan Cur lch 3821 Traidisiún Liteartha na nGael lch

37122 Repossessions: Selected Essays

on the Irish Literary Heritage lch208

23 Trén bhFearann Breac lch 38124 ‘The Name and Nature of

Modernism’ – Modernism: AGuide to European Literature1890-1930 lch 24

25 An Uain Bheo lgh 242,24526 An Uain Bheo lch 10027 Brave New World lch 11828 An tÚrscéal Gaeilge lch 14829 Dé Luain lch 15530 Ibid. lch 14431 An tÚrscéal Gaeilge lch 41932 Aistí Critice agus Cultúir lch 1033 Néal Maidine agus Tine Oíche

lch 1134 Aistí Critice agus Cultúir lch 17935 ‘Fearann coimirce an scríbh -

neora: úrscéalta Bhreandáin UíDhoibhlin’ – Féilscríbhinn anDoibhlinigh: Irisleabhar MháNuad 1996-1997 lch 69

36 Ibid. lch 7037 Aistí Critice agus Cultúir lch 18738 ‘Léacht a tugadh don

chomhchaidreamh: religio Poetae’ – Comhar iml 22 uimh 1Eanáir 1963 lch 12

39 Foclóir Uí Dhónaill lch 80540 An Uain Bheo lch 3441 Virginia Woolf: Selected Essays

lch 14142 An Uain Bheo lch 13343An Branar gan Cur lch 1544 ‘September 1913’- W B Yeats:

Collected Poems lch10245 Ibid. 46 An Branar gan Cur lch 12347 Aistí Critice agus Cultúir lch 1048 Litríocht agus Pobal: Cnuasach

Aistí lch 63

Page 22: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201322

SCAIRT FEITHIDE:SCAIRT FEITHIDE:rogha Dánta Ko Unrogha Dánta Ko Un

Gabriel rosenstock a d’aistrigh go Gaeilge.An Sagart, 2012. 218 lch. €15. ISBN: +1-903896-78-9

Léirmheas le Chinatsu hakamadaLéirmheas le Chinatsu hakamada

II s file Cóiréach é Ko Un a dhéanann ionadaíocht ar na filíCóiréacha comhaimseartha, ach aithnítear é freisin mardhuine de mhórfhilí an domhain. Ó 1958 i leith, d’fhoil-

sigh sé beagnach ochtó leabhar filíochta sa Chóiréis. Tá cuiddá dhánta aistrithe go teangacha éagsúla eile. Faightear saleabhar seo don chéad uair, leaganacha Gaeilge dá fhilíocht,aistrithe ag Gabriel rosenstock.

Saol casta a bhí ag Ko Un i dtréimhse chorrach de stair naCóiré. Bhí an Chóiré faoi smacht na Seapáine nuair a rugadhé i 1933. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, scoilteadh a thírdhúchais idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas agusar feadh trí bliana i dtús na gcaogaidí, bhí a mhuintir thíos gomór leis an gCogadh Cóiréach. rinneadh manach Zen- Bhúdaíoch de Ko Un sa tréimhse sin. Tar éis don sos cogaidha theacht i bhfeidhm i 1953, tháinig deachtóireacht i réim saChóiré Theas. D’fhág sé saol an mhanaigh i 1962 agus i dtúsna seachtóidí, chuaigh sé i mbun troda leis na deachtóirí.Ciontaíodh i dtréas é, gabhadh é roinnt uaireanta agus gearradh téarma príosúin fiche bliain air, fiú.

Tá thart ar dhá chéad dán le Ko Un sa chnuasach ildaite seodar teideal Scairt Feithide. Na gnéithe éagsúla dá eachtraísaoil go léir atá léirithe sa leabhar seo, lena dhánta ildaite óthaobh carachtair, ábhair, agus réanna de, chuirfidís ionad arléitheoirí. Ina ‘réamhscairteadh’, luann rosenstock rudan-suimiúil faoin mórfhile seo: ‘tagraítear dó sa Chóiré saniolra toisc a liacht sin guth aige’.

roinntear na dánta ina gcúig chuid. Is é ‘Meascra Dánta’ anchéad rannóg, áit a bhfuil dánta gearra ar gach sórt ábhair:an duine, ainmhithe, an dúlra, an aimsir, an tírdhreach agusábhair mhachnaimh ina bhfaightear móitífeanna agus spioraid an Zen-Bhúdachais:

Má chaithfidh manach an baile a fhágáil,teacht abhaile mar sinsin dáiríredáirírecúram an bhúda.

Ach go deimhin ní féidir dul abhaile i gceartgan an baile a fhágáil ar dtús, nach fíor?

(‘Ag Fágáil an Bhaile’)

Tugann Ko Un súil chothrom ar gach ní beo is marbh, mar eilimintí de chuid an tsaoil seo againne. Déanann sé trácht aréin, ainmhithe, agus fiú feithidí i gcuideachta Bhúda agusmanaigh uaisle Bhúdaíocha. Fágann an fheithid bhídeachceist shimplí ach deacair ar Ko Un; tar éis do chuileog ga achur ann, rinne sé pleist di:

Deireadh leis an gcuileog.Cad atá ar siúl anseo? (‘Cuileog’)

Sa dara cuid ‘Theas agus Thuaidh’, faightear dánta dá mhuin-tir féin, muintir uile Leithinis na Cóiré. Léiríonn Ko Un an stairchoiteann agus chomhroinnte idir an dá thír ón ré Ársa go dtían lá inniu – ón ré go raibh foraoisí giúiseacha ársa scaipthear fud na leithinse go dtí an t-am inar tógadh na creasa

dímhíleataithe ar a bhfuil fiailí mothracha ag scoilteadh naleithinse (féach ar ‘Giúiseanna Chinp’a-ri’ agus ‘DMZ’).

Dánta ar chúrsaí taistil sa Tibéid atá sa tríú cuid, ‘Dánta óDhíon an Domhain’. Tá cuid de na dánta chomh tuairisciúilagus fírinneach go gcuirfeadh siad suaitheadh cultúir ort,mar shampla dánta ar nós ‘Canna Folamh’ agus ‘Adhlac adhSpéire’. Tá samhlaíocht iontu, ach ní bhaineann fantaiseachtleo. Fírinne shaol na ndaoine a bhíonn iontu i gcónaí.

Tá an taisteal ar cheann de na téamaí lárnacha ina dhántaagus tá mapa móitífe tábhachtach dó, ach ní gnáthmhapaatá i gceist anseo. I gcuid a ceathair, ‘Dánta Eile’, tarraingíonnsé mapa nua de dhomhan nua le teanga nua, agus molannsé do gach aon duine, cuairt a thabhairt ar na háiteannacoimhthíocha (féach ar ‘Mapa Glantacháin’, ‘Tír Aduain’,‘Mapaí á dTarraingt’, agus ‘An Bóthar Nár Siúladh Fós’).

An chuid dheireanach ná ‘Dánta as Deich Míle Beatha’, tograleanúnach an fhile a chuireann síos ar gach sórt duine abhuail leis, é féin ina luathóige san áireamh. Tá thart ar 30imleabhar sa Chóiréis foilsithe go dtí seo ina bhfuil 5,600duine luaite, agus é féin ina leanbh-aois san áireamh.Chuireadh an dán seo pian ar mo chroí – ‘Siopa IlrannachMitsukoshi’. Chuaigh Ko Un beag agus a athair go dtí anchraobh Chóiréach de shiopa ilrannach an tSeapánaigh sin,an áit gur mhaith le gasúir bheaga dul lena dtuismitheoirí.Bhí sé ar deoraíocht ann, áfach:

eagla roimh earraí só,eagla roimh Sheapánaigh, roimh Chóiréigh.Sa deireadh chuir an bhean díolacháin an ruaig orainn.

CCannaítear cailliúint na féiniúlachta sa dán ‘An BheanChéile as Suregi’. Chócaráil an bhean eorna agussháigh sí spúnóg agus cipíní itheacháin sa bhabhla

mar ofráil dá fear céile marbh. ‘Níl spúnóg mhiotail ná cipíníitheacháin miotail aici níos mó, thóg na Seapánaigh iad’,áfach. Bhí uirthi spúnóg adhmaid agus na cipíní adhmaid aúsáid, de réir nósmhair eacht na Seapáine. Chaill sí gach rudagus níl tada fágtha ann. Agus bádh a caoineadh ina teangadhúchais i measc grágaíola na bhfroganna.

Tá cáil ar rosenstock as dánta ón iliomad teanga a aistriú goGaeilge, ach admhaíonn sé ina ‘réamhscairteadh’ gurbhraith sé ar leaganacha Béarla go bunúsach chun an cnuasach dúshlánach seo a dhéanamh. Ag an bpointe sin,dúirt sé ‘braithim im chroí istigh gur thugas eisint na ndántaliom formhór an ama, dath na ndánta, mar a déarfá, agusgur dhathaíodar mise de réir mar ba thoil leo féin é’. Bheadhdath na ndánta i leagan Gaeilge beagáinín difriúil le bun -leagan sa Chóiréis, ach d’fhéadfá a rá go mbeadh éagsúlachtna ndathanna ag cur sraitheanna machnaimh eile lecanbháis na mbundánta, gan na bunbhríonna a athrú.

Tugann an leabhar léargas maith dúinn ar stair, ar chultúragus ar smaointeoireacht na Cóiré, chomh maith le tíorthaeile na hÁise. Mholfainn an leabhar seo freisin d’aon duine abhfuil suim aige nó aici i ndírbheathaisnéisí. Tuairisc bheo isea an rogha dánta seo ar bheatha an mhórfhile. Tuairiscghonta ach tuairisc a fhágann go leor ceisteanna ar an intinn.

Page 23: Feasta | Iúil 2013
Page 24: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201324

Bhí na mílte i láthairnuair a tugadh corpruairí Uí Bhrádaigh,

iar-uachtarán Shinn FéinPoblachtach go hEaglaisAn Chroí ró-Naofa, ros

Comáin, tráthnóna Aoine agus arísmaidin Dé Sathairn, an 8ú Meitheamh,don tórramh. Ag aifreann an tórraimh araibh ceathrar sagart páirteach ann,dúirt an sagart Mac Lochlainn faoi ruairí:–

Athair dílis teaghlaigh a bhí ann araibh dearcadh láidir poblachtachaige a fuair sé óna mhuintir.Comharsanach maith a bhí ann araibh meas ag muintir ros Comáin air.Ba mhian leis tír aontaithe gan roinnagus fostaíocht a bheith ag óg agussean. Bhí suim aige sa dúchas as aroileadh é, ina cheantar féin, inachreid eamh, agus ba mhaith leisleanúnachas a fheiceáil sa dúchas sin.

Ba i nGaeilge a bhí formhór an aifrinnagus b’aoibhinn ceol na bpíob, na fidle,na hamhráin, an cór agus napaidreacha. Níor chuir an líon mór gardaí a bhí thart fán eaglais isteach arphobal an aifrinn ach níor thaitin sé leisan teaghlach ná le lucht reachtála antórraimh.

Ag deireadh an aifrinn labhair ConchúirÓ Brádaigh agus dúirt sé an méid seofaoina athair:–

Ba athair caoin cinéalta a bhí ann aghlac páirt ghníomhach lenabheanchéile i dtógáil an teaghlaigh. …Chomh maith le saoirse na hÉireann,bhí suim aige i saoirse i dtíortha eile arfud an domhain. … Bhí grá aige riamhdon teanga Ghaeilge agus ní dhéan-faidh mé dearmad go deo ar nacuairteanna ar Ghaeltacht Chonamaraagus an deis a thug sé dúinn martheaghlach eolas a chur ar ár ndúchasagus ár gcultúr. Ba dhuine nach raibhaon bhaint aige le seicteachas dechineál ar bith. Go minic thug cuid dena meáin a mhalairt de thuairim nárléirigh fírinne na beatha.

A Mhuintir

rugadh ruairí Ó Brádaigh i mBaileLongfoirt ar an 2 Deireadh Fómhair1932. Ba dhuine é de thriúr teaghlaigha bhí ag Matt Ó Brádaigh as Béal Áthana Laoi i gCo. Longfoirt agus May Mac

Gafraidh as Béal Feirste, a raibh ceangalacu le Tír Chonaill. Bhí an bheirt acusanan-ghníomh ach i nGluaiseacht naPoblachta, Matt in Óglaigh na hÉireannagus May i gCumann na mBan. Bhí adheartháir Seán an-ghníomhach i SinnFéin sna seachtóidí, agus ar fheabhasmar oifigeach poiblíochta agus martheagascóir, agus ba mhinic a dheirfiúrMáire (May Óg) páirteach ingníomhaíocht toghcháin nuair atoghadh ruairí mar Theachta Dála doShinn Féin do Longfort / An Iarmhí i1957. Ba as Sráid na hEaglaise i rosComáin a bhean chéile, Patsy NíChonchúir, a sheas leis i gcónaí mar arinne a sheisear teaghlaigh, Matt,Conchúr, ruairí Óg (a bhí seal mar eag -arthóir ar Saoirse), Colm, Deirdre agusEithne. I dTír Chonaill bhí máthair ruairí, May, páirteach i gConradh naGaeilge, agus i Longfort bhí sí seal marchathaoirleach ar an Chumann Camógaíochta.

A Óige

Go méanscoil Naomh Mel i Longfort achuaigh ruairí Ó Brádaigh, agus ansin i1950 go Coláiste Ollscoile Bhaile ÁthaCliath, áit ar bhain sé céim amach satráchtáil agus teastas i dteagasc naGaeilge. Theagasc sé ina dhiaidh sinlena bhean chéile, Patsy Ó Conchúir, sacheardscoil i ros Comáin, agus cé gurchaill sé a phost de bharr a ghníomh -aíocht leis an I.r.A, thug Coiste Gairm -oideachais ros Comáin a phost ar ais dói 1965. Ba le linn dó a bheith ar anOllscoil a chláraigh sé le Sinn Féin; bhísé ar an Ard-Chomhairle i 1954 agus arChomhairle an Airm i 1956. Bhí siad agullmhú an t-am sin do Chogadh na Teorann agus ghlac ruairí páirt in ionsaíar bheairic Chonstáblacht ríoga Uladh inDoire Uí Fhloinn i gCo. Fhear Manach;bheir na gardaí air féin agus ceathrareile a bhí sa cholún agus fuair siadtéarma príosúntachta.

Saol Corrach

Saol corrach go leor a bhí ag Ó Brádaighina dhiaidh sin, gníomhach i gcúrsaímíleata agus polaitíochta, ag éaló gocaithréimeach le Dáithí Ó Conaill aspríosún an Churraigh i gCill Dara, inachrann polaitiúil le comrádaithe a bhíag imeacht ó bhunphrionsabail anphoblachtánachais Éire a bheith saor ó

Chorcaigh go Málainn ó aon saighdiúirde chuid na Breataine. Ag deireadh nagcaogaidí bhí tréimhse cineál ciúin ann,agus ansin i 1969 tháinig an t-ionsaíuafásach ar Shráid Bombay i mBéalFeirste, agus thosaigh náisiúntóirí an Tuaiscirt ag teicheadh ó dheas.

Bhí ruairí páirteach i mbunú na Seal-adach a scar ón dream oifigiúil, agustoghadh ina Uachtarán ar Shinn Féin é i1970, post ar chruthaigh sé gohéifeacht ach ina bhun gur éirigh sé as i1993.

Sinn Féin Poblachtach

Ní scéal úr ar bith gur tharla scoilt inGluaiseacht na Poblachta, agus shiúilruairí Ó Brádaigh agus a luchttacaíochta amach ó Ardfheis 1986,bhun aigh siad Sinn Féin Poblachtachagus bhí sé ina Uachtarán ar an eagrassin ó 1986 go 2009, nuair a d’éirigh séas de bharr a shláinte. Bhí sé soiléir ódhiúltaigh Mac Adhaimh agus MacAonghusa agus a lucht taca do pholasaíÉire Nua go raibh seo ag teacht. Bhíth -ear ag cur i Leith Uí Bhrádaigh nachraibh sé ar son próiseas síochána, ach níhin mar a bhí. Ba mhinic a bhuail sé lehAondachtóirí ó Thuaidh le cúrsaísíochána a phlé, agus bhí baint aige lecainteanna le hionadaí na Breataineagus leis na ministéirí Protastúnacha óntuaisceart a bhí i bhFiacail, Co. an Chláir.Ba é Deasún Daltún ó Chontae ChillDara a ceapadh ina Uachtarán ar SinnFéin Poblachtach in 2009, agus bhí seole rá aige faoina sheanchara:–

Ba cheannródaí i bpoblachtánachasna tíre seo é sa dara leath den 20úcéad. Fear cróga onórach a bhí annagus b’obair éachtach a rinne sé. Isbocht an cás gur chuir rialtas na tírefórsa mór gardaí go dtí an tórramhseo ar lá a adhlactha, rud a bhí mí-shásúil dá theaghlach. Tá súil agamnach bhfeic eann muid an HeavyGang a bhí ann ag teacht ar ais.

Scríbhinní

Diomaite de mhórán scríbhinní a rinneruairí do Shinn Féin, Éire Nua agusSaoirse ó 1986, scríobh sé leabhar tarraingteach faoina sheanchara, An Ginearál Tomás Mag Uidhir – Dílseachta chur Preas na Saoirse i gcló i 1997.Fuair Mag Uidhir, as an Chrois, Co.Mhaigh Eo ,a bhí i gceannas sa Dararannán Iartharach i gCogadh na Saoirse(1919-23), bás i 1993 in aois a 101 bliain. Bhí a mhac an Dr Seán Mag Uidhir as Caisleán an Bharraigh, sean-chara de chuid ruairí le blianta fada, agan tórramh ar an Satharn.

Ómós do Ruairí Ó Brádaighle Pádraig Ó Baoighill

Page 25: Feasta | Iúil 2013

SeolannAire na Gaeltachtaan iris TAIRSEACH

Bhí an tIonad Fáiltithe iScoil na Meán, Sráid Áinséir, BÁC, plódaithenuair a thug Aire naGaeltachta, DonnchadhMac Fhionnlaoich achéad chuairt ar an Institiúid le deireanaschun an iris TAIrSEACh a sheoladh, agus chun aitheantas a thabhairt d’obair naGaeilge san Institiúid. Bhí léachtóirí agus mic léinn ó Scoil na Meán i láthair chomhmaith le baill foirne ó scoileanna eile san Institiúid, agus cuairteoirí ó EagraíochtaíGaeilge. ‘Is iris bhliantúil í Tairseach a fhoilsíonn na mic léinn sa 4ú bliain, agus iscuid bhunúsach í d’obair phraiticiúil Ghaeilge na mac léinn ar an BA in Iriseoireachtle Teanga (Gaeilge),’ a dúirt Cathaoirleach na hócáide agus Stiúrthóir na hirise ÍteNí Chionnaith, agus í ag labhairt faoi thábhacht na Gaeilge in oiliúint iriseoirí aguschraoltóirí. Tá idir throm agus éadrom san eagrán reatha, altanna faoin scéim oibreJobBridge, freaca dóireacht, dúnmharú an mhic léinn ó Munich a bhí ag staidéar imBÁC, mná gnó áilleachta, ciníochas i gcúrsaí spóirt, albaim cheoil srl. agus tá ant-ábhar go léir i bhfoirm shnasta, tharraingteach, lándaite. D’fháiltigh Brian O’Neill,Ceannasaí Scoil na Meán, roimh an Aire agus rinne sé comhghairdeas leis na micléinn a chuir an iris le chéile, Stephen Bourke, Casey Fitzgerald agus Declan Marron,agus lena stiúrthóir Íte Ní Chionnaith. ‘Aithnímid an Ghaeilge mar chuid thábhachtach d’oiliúint na mac léinn Iriseoireachta agus Meán Cumarsáide,’ a dúirtsé agus é ag trácht ar thraidisiún láidir Gaeilge Scoil na Meán. Mhol an tAire MacFhionnlaoich saothar na mac léinn: ‘Tá sé soiléir go bhfuil sár-obair curtha isteachagaibh, agus an iliomad ábhar clúdaithe agaibh,’ ar seisean. ‘Léiríonn bhur gcuidoibre díograis agus dílseacht d’ár dteanga náisiúnta. Tá tábhacht ar leith ag baintleis an iriseoireacht i nGaeilge do phobal na Gaeilge agus is dea-shampla í an obairatá ar siúl anseo.’ Thug an tAire aitheantas ar leith d’Íte Ní Chionnaith, Léachtóir Sinsearach le Gaeilgei Scoil na Meán, atá ag dul ar scor an Samhradh seo tar éis 33 bliana ag saothrú arson na Gaeilge san Institiúid. ‘D’fhág sí a lorg ar chúrsaí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Institiúid,’ ar seisean, agus thug sé moladh ar leith di as a cumas igcúrsaí craoltóireachta. • Thuas, iriseoirí Tairseach 2013, ó chlé: Casey Fitzgerald,Declan Marron & Stephen Bourke, leis an Aire, Donnchadh Mac Fhionnlaoich.◊

www.feasta.ie Feasta, iúil 201325

Ba mhór an spéis a chuir an staraí, Déanna nEalaíon Liobrálach robert W. Whiteas Ollscoil Indiana, i saol ruairí Ó Brádaigh agus gluaiseacht Na Sealadachsa tír seo ó 1970 i léith. Chaith sé sé mhíag am amháin sa tír seo agus chuir séleabhar 438 leathanach le chéile dethaighde chuimsitheach ar ábhar a bhícorraitheach go leor. Agus d’ainneoin anscoilt a bhí ann, níl gangaid ná faltanasle feiceáil in insint an údair, an ghairm -iúlacht go soiléir ó thús go deireadh.Agus don té ar mian leis eolas níos fearra chur ar ruairí Ó Brádaigh agus a shaol,is fiú an leabhar The Life and Politics ofan Irish Revoluntionary a léamh.

Bhí aithne agam féin ar ruairí Ó Brád aighle breis agus leathchéad bliain. Badhuine onórach ionraic é, a bhí dílis dochusp óirí Tone agus an Phiarsaigh, agusa chreid nach mbeadh sé indéantasaoirse bhuan a bhaint amach gombeadh fórsaí na Breataine imithe as antír. Ba ghráin leis Stormont, An BordPóilíneachta agus aon námhaid eile ad’fhág deighilt sa Tuaisceart. Bhí sé an-bhriste faoi na stailceoirí ocrais, agus níróshásta a bhí sé faoi oibriú ceannais anama sin. Ag an mháirseáil i mBunDobhráin anuraidh, bhí sé i láthair i ndiaidh babhta tinnis agus d’ainn eoincéim bhacáil (de bharr taisme bóthair i1984) shiúil sé an cúrsa ar fad linn amachgo dtí Leacht Cuimhneacháin na stailc -eoirí ocrais ar Bhóthar Shligigh. Ba sin an sracadh a bhí san fhear, gan géill eadh,dílis go deireadh. Léirigh Dan hoban asBaile Uí Fhiacháin an spiorad do-chloítesin ina óráid ar bhruach na huaighe:–

Tá mé brónach, ach bródúil assaighdiúir dílis d’óglaigh na hÉireann,comrádaí le seasca bliain. Agus ébreoite cupla oíche ó shin, dúirt séliom gur las muid bladhaire nasaoirse, go raibh fir agus mná ardóigh againn, agus go raibh súil aigego raibh glúin óg le theacht. Níordhíol Ó Brádaigh aon rud riamh leisan námhaid, é dáiríribh go deireadh.

An Ghaeilge

Luaigh mé cheana an tacaíocht a thugsé don Ghaeilge agus mar a lean asheisear teaghlaigh den traidisiún sin.Bhí sé soiléir go raibh spiorad anGhaelachais agus an cheoil dúchais gomór chun cinn ag aifreann an mhairbhar an Satharn agus ina dhiaidh sin arbhruach na huaighe gur chuir cantair -eacht bhríomhar Amhrán na bhFiann sateanga dhúchais go glórmhar lenaadhlacadah i gCré na Cille. Solas na bhFlaitheas dá anam uasal! ◊

AN SAoL AN SAoL le Mícheál ó hAllmhuráinle Mícheál ó hAllmhuráinan fíor nach bhfuil aon ní nua ann fén ngréingo mbíonn an saol céanna i réim go síoraígo dtagann is go n-imíonn gach ní fé scéima dheimhníonn go bhfanann an réaltacht cruinngan aon fhorbairt ná nuaíocht le sonrú ar aon taobh

na léirtuiscintí go léir a lonraíonn a leithéidnach bhfuil siad bunaithe ar mheabhraíocht chinnfréamhaithe i ndiagacht a bhí i gcumhacht i rénó i reiligiún atá scuabtha ar leataoibhag fórsaí a fhógraíonn an fhírinne le faobhar

an bheatha-shlabhra seo atá beo ar ár bplainéadlúb ar lúb nach bhfuilimidne á sníomhag cur leis an ilghnéitheacht i láithriú ár laesea, ag cruthú go húrnua eisintínach raibh riamh ann cheana i dteacht na dé

mar sin, as seo amach fair ar an ngréinmar sholas-pheann a bhíonn ag scríobh i gcónaíi ndialann na síoraíochta cuntaisí ar an saola bhíonn ag síor-theacht chun foirfeachta is fuascail go fíorcén pháirt atá agat féin san úr-dhéanamh go léir

Page 26: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201326

BLÚIRÍNÍBLÚIRÍNÍle

PádraigMac

Fhearghusa

• CLG i gConamara• CLG i gConamaraD’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., ledeireanas go raibh allúntas de €100,000á cheadú aige do Chumann LúthchleasGael – Comhairle Chonnacht. Cead -aíodh seo chun cuid de na costaisreatha a bhaineann le raon gníomh -artha a thac aíonn le neartú na Gaeilge amhaoiniú. Imeachtaí spóirt faoi stiúir naComhairle i mbunscoil eanna agus iar-bhunscoil eanna Ghaeltacht na Gaill -imhe atá i gceist. Ar mhaithe le ‘normalú na Gaeilge mar theangacumarsáide i measc an aosa óig’ antacaíocht seo, a dúirt an tAire.• Comhdháil Litríochta, Gaillimh• Comhdháil Litríochta, GaillimhBeidh an dara comhdháil is fiche arLitríocht agus ar Chultúr na Gaeilge arsiúl in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, aran Aoine – Satharn, 11/12 DeireadhFómhair. Na haoichainteoirí ná: An Dr.Stiofán Ó Cadhla, Col. na hOllscoile,Corcaigh; An Dr. Deirdre Ní Mhathúna,Col. Phádraig, Droim Conrach; An Dr.Brian Ó Catháin, Ollscoil na hÉireann,Má Nuad. Comhfhreagras: [email protected]• Gaeltacht Thír Eoghain • Gaeltacht Thír Eoghain Tairbhe agus taitneamh le baint as ScoilSamhraidh Ghaeilge, 1 – 5ú Iúil. Seo an4ú bliain a bhfuil ‘Gaeltacht ThírEoghain’ á reáchtáil ag: 20, The Diamond, Cabhán an Chaorthainn nóPomeroy, Co. Thír Eoghain. Bíonn ranganna Gaeilge creidiúnaithe ar fáilag leibhéil difriúla, maraon le hócáidícultúrtha eile a bhaineann leis anteanga, um Nollaig, Oíche Shamhna,agus deireadh seachtaine na FéilePádraig. Fáilte roimh dhuine ar bith arsuim leis nó léi an Ghaeilge. Eolas: [email protected] nó glaoighar 028 87757800.• CLG & an Ghaeilge• CLG & an GhaeilgeBhí ócáid ag Cumann Lúthchleas Gael arArdán Uí Ógáin i bPáirc an Chrócaigh aran Déardaoin, 13 Meitheamh, chun abhfeachtas nua Gaeilge a chur i láthair.Ag an ócáid fáisnéise seo de chuidChoiste na Gaeilge, thacaigh na himreoirí seo leis an bhfeachtas: Joe

Canning (Gaillimh), Ciarán Kilkenny (ÁthCliath), Marc Ó Sé, (Ciarr aí) agus NeilMcGee, (Dún na nGall).• Feasta ar an Idirlíon• Feasta ar an IdirlíonBíonn clár Feasta, agus suas le trian d’ábhar míosúil na hirise, le fáil agwww.feasta.ie: gabh isteach in ‘cartlann’, gliogáil arís ar chlúdach aneagráin atá uait, gliogáil arís eile fós ar‘clár na míosa’ agus chífear na téac-sanna den eagrán sin atá ar fáil,gearrscéal etc., i ndath dearg. B’fhéidirgurb é an bealach is fusa le tagairt doscríbhneoir ar leith, a raibh ábhar aigear Feasta sa tréimhse 2001 – 2013, aaimsiú ná gabh áil isteach in Google.Mura bhfuil fhios agat cathain a bhíscéal áirithe le Frainc Ó Murchadha arFeasta, cuir i gcás, clóscrígh isteach“Frainc Ó Murchadha” agus Feasta agusscéal ar Google, chun an cuardach atheorannú de bheagán, agus ba chóirgo mba chúnamh duit na cláir mhíosúlaatá ar an idirlíon ó Bhealtaine 2000 ileith. Tá innéacs cuimsitheach ar Feasta(1948 – 2000) curtha fáil ag Liam Mac Peaircín, ar ndóigh, ach beidh tamallann cheal airgid go n-iomlán ófar sin. • An Ceadúnas Teilifíse• An Ceadúnas TeilifíseTá leagan Gaeilge den suíomh idirlínwww.tvlicence.ie ar fáil anois. Is féidir,dá réir, ceadúnas teilifíse a cheannachas Gaeilge. Tá An Post le mol adh as antseirbhís seo. Bhfuil fáth, ámh, nachmbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí snahoifigí poist féin amach anseo? Fear nacumhachta Declan Small, Bainisteoir, AnPost ag [email protected].• Tionól Gaeltachta • Tionól Gaeltachta Beidh Tionól Gaeltachta Chonradh naGaeilge 2013 ar Oileán Árainn Mhóir,Co. Dhún na nGall, 4 - 7 Iúil 2013. Déanteagmháil le Mairéad Seoighe ar +353(0)1 4757401 / [email protected]áithreach, más mian leat teacht chuigtóstal na nGaeilgeoirí ar Árainn Mhóran samhradh seo.

• Sliabh Bladhma• Sliabh BladhmaChonac i dteachtaireacht ó Áine MáireUí Chuirc go bhfuil muintir Laoise ag cloíle dea-nósanna sláintiúla. Bhí siúlóidacu, trí Ghaeilge gan dabht, ar ShliabhBladhma, dúthaigh cheilte Fhinn MhicCumhail, ar an 8 Meitheamh.• An Trá Mhór• An Trá MhórLe haghaidh Bhliain na Gaeilge beidh‘Caife le Gaeilge' ar siúl in IonadCultúrtha an Gharda Chósta, an TráMhór, Co. Phort Láirge, ag 11a.m. ar anMáirt deiridh den mhí. Labhair Gaeilgeleo! Eolas: 087 6400184• Scéal do Scríbhneoirí• Scéal do ScríbhneoiríSuíomh idirlín Nua-Ealaíne le bheith inGaillimh chun árdán a thabhairt dóibhsiúd ar mhaith leo na hamharc-ealaíonacomhaimseartha a phlé trí Ghaeilge.Fáilte roimh scéala ó scríbhneoirí naGaeilge. Beidh comórtais scríbhneoir -eachta ar an ábhar ar siúl sa bhfómhar.Eolas: nuaealaí[email protected].• Gaelscoileanna • Gaelscoileanna Bhí oíche eolais do thuismitheoirí ag anbhForas Pátrúnachta agus Gaelscoil -eanna i nDumhach Trá / An rinn, ar an5 Meitheamh in ionad pobail na rinne,BÁC 4. D’fhógair an roinn Oideachais gon-osclófar bunscoil nua i gceantarDumhach Trá / An rinn i Meán Fómhair2014. Tá an Foras Pátrúnachta ag iarr -aidh freastal ar an éileamh ar oideachaslán-Ghaeilge sa cheantar agus chuigesin, tá an Foras ag déanamh iarr atais arphátrún acht na scoile nua agus teast-aíonn tacaíocht an phobail uathu. AnForas an t-aon córas pátrúnachta abunaíodh chun oideachas lán-Ghaeilgea chur chun cinn agus tá 67 scoil faoinaphátrúnacht. www.foras.ie. Teil: 01 –6294110; r-phost: [email protected]• Gael-Taca, Corcaigh• Gael-Taca, CorcaighBíonn an Café Cois Laoi, Port Uí Shúill -eabháin gnóthach: anraith, ceap airí agussailéid bhlasta. roinnt stoc nua sa siopa,idir leabhair, chochaill agus t-léinte. ◊

Ábhar gairdis d’Éireannaigh, agus do roinnOideachais Éireannach, na trí gaelscoileannanua atá le hoscailt i Meán Fómhair 2013:Gaelscoil na Giúise, Teach na Giúise, Baile ÁthaCliath 24; Gaelscoil Shliabh rua, An Chéim,BÁC 18, agus Gaelscoil Mhic Aodha, Baile ChillDara. Tuismitheoirí na scoileanna nua a rogh-naigh ainmneacha dóibh: tagairt is ea‘Gaelscoil na Giúise’ do na crainn as ar ainm-níodh an ceantar; sean-ainm ar Bhinn TríCharr aig is ea ‘Sliabh rua’, agus toisc gombeidh Gaelscoil Mhic Aodha lonnaithe amach anseo i nDún Mhic Aodha, bheartaighpobal na scoile aird a thabhairt ar stair na beairice. • (Thuas, mug-seat d’oifigeach amhol don Aire gur chuí bac a chur ar neartú na gaelscolaíochta; áirítear gur fuadaíodhtamall ó shin é).◊

Page 27: Feasta | Iúil 2013

www.feasta.ie Feasta, iúil 201327

Page 28: Feasta | Iúil 2013