64
MIONFHÉILTE Spraoi samhraidh, coinnigh áitiúil é Julie Fowlis ag iompar lóchrann na nGael i Hollywood IRIS GHAEILGE DON NUA-AOIS IÚIL 2012 | EAG. 28 CEARTCHOIRM Cuairt agus ceol Aung San Suu Kyi TRÍD AN bhFUINNEOG Réamhamharc ar Windows 8 CEOL CRÓGA €5 | £4

NÓS 28 - Iúil 2012

  • Upload
    nos

  • View
    287

  • Download
    8

Embed Size (px)

DESCRIPTION

An dara heagrán de NÓS athsheolta le hagallamh le Julie Fowlis faoi cheoil an scannáin Brave; ceolchoirm Aung San Suu Kyi; téacs-teanga na nGael; Windows 8; Toraitheoirí; Beirlín; tábhacht Frantz Fanon agus eile...

Citation preview

Page 1: NÓS 28 - Iúil 2012

mionfhéilteSpraoi samhraidh, coinnigh áitiúil é

Julie Fowlis ag iomparlóchrann na nGael i Hollywood

ir is ghae ilge don nua-aois

iÚil 2012 | e ag . 28

ceartchoirmCuairt agus ceol Aung San Suu Kyi

tríd an bhfuinneogRéamhamharc ar Windows 8

ceol cróga

€5 | £4

Page 2: NÓS 28 - Iúil 2012

fáilte

Page 3: NÓS 28 - Iúil 2012

* fáilte

nós 3

an tathéirí abúLeag muid amach leis eagrán nua athsheolta seo nach mbeadh muid díreach ag tabhairt léargais ar an chultúr comhaimseartha Gaelach agus ar na treochtaí idirnáisiúnta - bíodh sé i bhfoirm cheoil, scannáin, teicneolaíochta, faisin nó eile - ach go gcuirfeadh muid gríosú agus lón machnaimh ar fáil chomh maith faoi cá háit a bhfuil muid ag dul mar phobal. Tá go leor ábhar spraíúil le fáil sna leathanaigh seo romhat agus alt nó dhó fosta a thugann orainn amharc níos doimhne ar an saol thart orainn. Ceann acu sin ná alt Fheargail Mhic Ionnrachtaigh ar an réabhlóidí frithchoilínithe Frantz Fanon. Chaith an ceannródaí seo a shaol ag iarraidh pobail a ndearnadh coilíniú orthu a spreagadh lena slabhraí cultúrtha a bhriseadh agus lena dtodhchaí leithleach féin a chruthú. Chun aon dul chun cinn suntasach a dhéanamh, dar le Fanon go raibh ar na pobail seo; a aithint go ndearnadh comhshamhlú iomlán orthu; intleachtóirí dúchasacha a chothú le filleadh ar a stair agus ar thábhacht an chultúir dhúchais; agus iarracht mhór a dhéanamh daoine a athmhuscailt agus a spreagadh trí athbheochan chultúrtha agus litríochta. Cé nach mbreathnaíonn cuid mhór daoine ar Éirinn an lae inniu mar thír a ndearnadh coilíniú uirthi, sin an rud a tharla. Thuig dream áirithe thart ar 100 bliain ó shin sin go rímhaith agus chabhraigh fealsúnacht

ar nós na fealsúnachta a bheadh ag Fanon leathchead bliain ina dhiaidh, chabhraigh sé sin leo cuid dá bhfís a bhaint amach. Is fiú smaoineamh ar na gnéithe tábhachtacha seo d’athmhuscailt phobail anois agus pobal na Gaeilge agus Gaeltachta ag iarraidh cur chuige a aontú a chuirfidh ar chumas na ndaoine aghaidh a thabhairt ar an todhchaí go muiníneach misniúil.

Athéirí cultúir agus pobail atá ag croílár chuspóirí NÓS - chomh maith leis an iris a líonadh lán íomhánna gnéasúla de cheoltóirí, aisteoirí, éadaí, giúirléidí agus gnáthGhaeil ar ndóigh. Mar thogra neamhbhrabúsach atá bunaithe ar an mheon deonach, bíonn cabhair ag teastáil uainn i gcónaí. Mar sin má chreideann tú féin in athéirí na Gaeilge agus na tíre, agus má thaitníonn dearcadh NÓS leat, tá dhá rud ar féidir leat a dhéanamh: #1 Síntiús bliana don iris a fháil duit féin, nó do do chéile, nó do do chairde, nó do gach duine agaibh! Bíonn NÓS ag brath ar shíntiúsóirí fadradharcach leis an fhís a fhíorú. #2 Páirt a ghlacadh in obair na hirise mar scríbhneoir, grianghrafadóir, smaointeoir, díoltóir nó eile. Má tá suim agat bheith i measc na ndaoine fionnuara díograiseacha a chuireann ábhar ar fáil go rialta, tá breis eolais ar leathanach 46.

Scaipigí an focal mar sin agus, go dtí an chéad uair eile, bígí dána.

t o m a í ó c o n g h a i l e

Page 4: NÓS 28 - Iúil 2012

4 nós

nósGaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil

chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach

Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

an iris

eagarthóirTomaí Ó Conghaile

rannpháirtitheBen Ó Faoláin, Cillian de Búrca, Angus Lambkin, Neansaí Nic an Tiompánaigh,

Micheál Mac an Bheatha, Eoin P. Ó Murchú, Diarmuid Ó Muirgheasa, Seanán Ó Coistín, Cathal Mac Dhaibhéid, Ian Mac Murchaidh, Niamh Ní Mhaoileoin, Ursula Ní

Choill, Feargal Mag Ionnrachtaigh, Caitlín Nic Íomhair, Damian McConville,Marcus Lynam, William Murphy, Jürgen Matern, Lavki

teagMháilCultúrlann McAdam Ó Fiaich

216 Bothár na Bhfál, An Cheathrú Ghaeltachta

Béal Feirste, BT12 6AH

[email protected]

faigh cóipTá NÓS ar díol in ollscoileanna, ionaid chultúrtha agus siopaí áirithe ar fud na

hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Comh maith le hairgead a shábháil, faigheann

síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 47.

buíochas

Page 5: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

nós 5

nós 5

istighCeolLéirmheasanna 6Clasaiceach - Bothy Culture 9Julie Fowlis 10This Club 14Ceolchoirm Aung San Suu Kyi 16Comórtas: Live at Leopardstown 19Féile Chathair na Mart 20Grá don gCeol? 24

SCáileán Léirmheasanna 26Clasaiceach - Bad Lieutenant 27Sceideal Iúil TG4 28

an lárAill-tumadóireacht Red Bull 32

TeiCCuid Súl 34Téacs-Teanga na nDaoine 35Windows 8 - Réamhamharc 36

leabhair Green Is The Colour 38Our Fada 39

SaOlMeath na Mór-Fhéilte 40Domhan na dToraitheoirí 44

TaiSTealBeirlín 48

gníOmhaíOchaSFrantz Fanon 50Rás an Róis Rite 52

STílFaisean ar líne 54Darragh Logan 56

amuigh Seisiún an tSamhraidh 58An Cabaret Craiceáilte 59

Page 6: NÓS 28 - Iúil 2012

hot chip - In our HeadsdoMino

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *“I have a low tolerance for mediocrity in music and life. I’m into pain and joy and the in-between doesn’t interest me” Steve Earle

Ní chúiseofaí Hot Chip riamh as lagmheasarthacht. Chúiseofaí iad, b’fhéidir, as bheith ag brath an iomarca ar éifeachtaí meonúla, agus as bradaíl chultúrtha,

ach bíonn fiúntas éigin thar an ghnáth le gach tréimhse a chaitheann Joe Goddard agus Alexis Taylor sa stiúideo.

Ar nós ionsaí déanta ag mac léinn PhD ar do chluasa lena thráchtas sa phopcheol nua-aimseartha, tá ceol Hot Chip lán de smaointe uaillmhianacha. Smaointe nach dtagann le chéile go foirfe den chuid is mó, is fíor, ach nuair a thagann ní furasta diúltiú dá ndraíocht.

Is ceirnín pop amach is amach é In Our Heads - pop gliondrach dírithe ar an gcroí agus, i gcás an dá shingil iontach ‘Flutes’ agus ‘Night And Day’, dírithe ar chroílár an urláir rince chomh maith. Beag seans go gcloisfidh tú sineirge idir focail agus ceol níos éifeachtúla, ná níos greannmhara, ná ‘Night And Day’ i gcairt na singil i mbliana.

Is i gcomhthéacs bholadh allais agus fhuinneamh an indie-disco is mó a dhéanann ceol Hot Chip ciall i gconaí; nuair a fhágtar an t-urlár rince ina ndiaidh, ar bhailéid mar ‘Look At Where We Are’ agus ‘Always Been Your Love’, nílid chomh hiontach sin mar chomhluadar.

Ar na hamhráin mhalla tá an baol ann go n-imeoidh amhránaíocht mhín falsetto Taylor ar fiarsceabha. Ní théann, ach fós is deacair taithneamh a bhaint as an turas nuair atá amhras ort go bhfuil an carráiste chun léimint den iarnród.

An méid sin ráite, tá In Our Heads léirithe go samhlaíoch agus go slachtmhar tríd is tríd, agus níl aon amhras faoi chumas Alexis mar scríbhneoir amhrán.

Má tá cáineadh tuillte ag an albam seo, agus sa tuairim seo tá, is ar roghanna aeistéitiúla seachas cumas Hot Chip mar cheoltóirí atá an locht.

Iarracht éigríonna in ómós do ré Abbey Road Lennon-McCartney atá i mbailéad bog-rac ‘Now There Is Nothing’.

6 nós

Agus tá níos measa fós ann i bhfoirm ‘Don’t Deny Your Heart’, port Hi-NRG a mbeadh Stock, Aitken & Waterman brodúil as, le Alexis Taylor ag glacadh páirt Rick Astley.

Fondue sofaisticiúil do na cluasa, mar sin, a bhfuil á tharriscint ag Hot Chip an turas seo. Tá an oiread ceana a bheas agat ar In Our Heads ag brath go hiomlán ar do bhlaiseadh féin, ach ní shamhlóinn go mbead féin ag filleadh ar an albam go ró-mhinic amach anseo.

delta funktionen - Tracesdelsin

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *Foireann róbat i mbun seandálaíochta ar phláinéad Mharsa. Nó spásárthaí eachtardhomhandach san aer os cionn phirimidí na Sean-Éigipte. Cuid de na físeanna intinne a spreagann Traces, albam début éachtach Niels Luinenburg na hÍsiltíre.

Ar nós The Black Dog i bhfad roimhe,

éiríonn le Luinenburg ceol leictreonach a chumadh a bhfuil blas seanda agus todhchaíoch air san am céanna. Tírphictiúirí fuaime griothalacha ó spás taifeadta ar threalamh analógach deannachúil. Ceol leictreonach, croí daonna.

Mar a deir an fear féin, is toradh é Traces ar na blianta caite ag an gcumadóir ag tumadh go domhain in uiscí an cheoil leictreonaigh. Cinnte, tá meas Luinenburg ar house, techno, electro agus italo-disco soiléir sa taifead seo, ach ní baol dó bheith ina sclábhaí ag a chuid inspioráidí.

Ar nós Ukkonen na Fionlainne, a d’eisigh albam iontach sainiúil ag tús na bliana, níl Delta Funktionen sásta maireachtaint faoi scáth an zeitgeist.

Ceol rince 4/4 atá anseo, go bunúsach, ach léirithe leis an oiread díograise agus stáidiúlachta go n-éiríonn le Traces d’intinn a shuaitheadh chomh maith le go ghéága.

Leagann ‘Target’ fuaimeanna dorcha díoscánacha anuas ar dhromchla de bhuillí gambacha techno sula dtagann na sreangáin lúbtha (á la ‘Inner City Life ‘ le Goldie) isteach leath slí tríd chun tú a sheoladh i dtreo na spéire. Deánann

ceol

Page 7: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

nós 7

Zulu Winter - languageplay it again saM

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *Tá dosaen bliain ann ó thosnaigh baill Zulu Winter ag cumadh ceoil mar aonad.

Tar éis leath an ama sin bheadh gnáthbhanna indie-rac i ndiaidh cúpla albam a thaifeadadh, blianta maithe a n-óige a chur amú ar chamchúirteanna lena lucht leanúna ag dul i léig de réir a chéile agus scaradh de

bharr naimhdis idirphearsanta nó easaontacht chruthaitheach.I gcás Zulu Winter níl a gcéad albam ach díreach

saolaithe, ach is sa mhéid sin amháin gur grúpa indie-rac as an ngnáth iad.

Dá dtabharfadh ainm andúchasach an ghrúpa le tuiscint duit go mbeadh blas éigin de phopcheol na hAfraice (á la Vampire Weekend ) ar cheol Zulu Winter, bheadh dul amú ort. Faraor, níl a leithéid sin d’iontais le haimsiú ar Language.

Thar aon cheann eile, an focal a spreagann ceol Zulu Winter ná lagmheasarthacht.

Lagmheasarthacht, sea, ach lagmheasarthacht chríochnúil an cheardaí oilte – an saigheas lagmheasarthachta a rinne daoine saibhre de Coldplay. Ní foláir a rá go bhfuil dealramh nach beag ag glór Will Daunt le Chris Martin - gan dabht le hamhráin tnúthánacha mar ‘Moment’s Drift’ ina seilbh níl aon chúis nach mbeidh na staidiamaí móra á líonadh ag Zulu Winter amach anseo.

Éiríonn leo freisin, i gcás singil mar ‘Let’s Move Back To Front’ agus ‘We Should be Swimming’, sciuird mhaith a thabhairt faoin bhfuaim aigeanta indie sin don urlár rince a bhíonn á cleachtadh ag bocanna mar Bloc Party.

Ach tá an rud ar fad chomh foirmleach, agus tá obair

léiriúcháin Claudius Mittendorfer (Interpol, The Vaccines) chomh snasta, foirfe, gan samhlaíocht go bhfuil an baol ann go mbeadh an saothar seo ina mhasla d’aon ghrúpa, ó The Flaming Lips go Pale Saints go Ride, a rinne iarracht riamh ceol indie-rac a stiúradh i dtreo nua.

donall donnelly - Tremolocladdagh records

Léirmheas le Neansaí Nic an Tiompánaigh * * * * *Nuair a luaitear ‘albam aonair’ sa cheol traidisiúnta ar na saolta seo, tuigtear don éisteoir nach albam aonair sa chiall is beaichte den fhriotal sin atá i gceist.

Ní minic a gheibhtear an ceoltóir teidil amháin i dteannta le tionlacaí mar a bhíodh nuair a bhí leithéidí Matt Molloy, Tommy Peoples,

Noel Hill agaus a macasamhail ag saothrú na ceirde i dtús ama.Na laethanta seo, bítear ag dúil le halbam a bhfuil tús

áite ag an cheoltóir teidil, ach a bhfuil ‘cairde’ an cheoltóra ag seinm ina chuideachta. Sin go díreach an rud atá ar fáil san albam seo – tá ainm Donal Donnelly luaite ar an chlúdach tosaigh, agus is ag Donnelly atá tús áite ar an albam, ach cuireann na haoicheoltóirí go mór leis an táirge chomh maith.

Sin ráite, is é an fidléir Eoghanach féin a chum bunús na dtiúineanna ar an albam seo.

Tá ceoltaí ilchineálacha i measc na bportanna atá cumtha ag Donnelly anseo, idir strathspéanna, muzsikás, portanna, ríleanna agus tiúineanna malla.

Is rioscúil an rud ag Donnelly gur fhan sé glan amach ó chanóinphortanna an cheoil thraidisiúinta agus gur chuir sé an oiread seo dá phíosaí féinchumtha isteach.

B’fhiú go mór dó gabháil sa tseans ar an dóigh seo, nó is píosaí blasta taitneamhacha iad bunús na dtiúineanna féinchumtha seo, agus is sna portanna seo atá buaicphointí Tremolo le fáil i ndáiríre. Tá mé ag smaointiú anseo go sainiúil ar rian 7, ‘Muzsikás’, agus ar an chéad phort atá ar an albam, ‘Sunday’s Well’.

Ní mór a admháil go bhfuil ceoltóirí den chéad scoth ag seinm i gcuideachta Uí Dhonnghaile anseo: cuireann Donncha Moynihan, Karl Nesbitt agus Stijn van Beek go mór leis an tacar seo ceoil gan amhras.

Mar sin féin, is cosúil gurbh é Donnelly a réitigh na cóiriúcháin, agus caithfear a rá go bhfuil cóiriúcháin agus

Luinenburg tréan-chiombail luath-cheoil acid-house Chicago a athlonnú go suíomh nua neamhshaolta ar ‘Utopia’, agus is cath le gunnaí léasair in easpa domhantharraingthe a shamhlófá leis an ‘Onkalo’ caoindéanta.

Agus an chuid is fearr á choimeád go dtí an deireadh ag Luinenburg, tá ‘On a Distant Journey’ ina iontas eipiciúil - cleamhnas torthúil idir italo-disco leithéidí Yello, acid-techno amh an Aphex Twin agus electro boilgearnach Drexiya a leanann ar aghaidh is ar aghaidh… is ar aghaidh!

Diamant garbh a éiríonn níos lonraí le gach éisteacht.

Page 8: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

8 nós

ramzi aburedwan - reflections of Palestineriverboat

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *Bí cinnte go bhfuil duine éigin i Hollywood ag lorg na gceart chun scannán a léiriú bunaithe ar shaol Ramzi Aburedwan.

Le linn an Chéad Intifada (1987-1993) glacadh griangraf den Phalaistíneach óg ag caitheamh clocha le fórsaí forghabhala Iosrael.

Buachaill tanaí gan ach ocht mbliana d’aois i gcóta cró-dhearg lena láimh ardaithe aige chun cloch a chaitheamh le teannadh ar an namhaid, ba

léiriúchán ardchaighdeáin ar fáil anseo. Ní hamháin, mar sin, go bhfuil ardchumas teicniúil le

sonrú i bhfidléireacht Dhonaill, ach tuigtear ó na cóiriúchán ar Tremolo, agus ó na portanna a chum sé é féin go bhfuil blas maith aige don léiriúchán agus cluas mhaith aige don chumadóireacht mar an gcéanna.

Dar ndóigh, ní albam traidisiúnta atá anseo, mar baineann go leor de na tiúineanna ar Tremolo le traidisiúin eile cheoil seachas traidisiún an cheoil Ghaelaigh.

Is beag is miste sin, áfach, nó d’fhéadfaí cás a dhéanamh de nach ann do cheol traidisiúnta nó ceol neamh-thraidisiúnta níos mó, ach gur cinnte go bhfuil droch-cheol agus ceol maith ann ar an tsaol seo. Níl amhras ar bith ann, mar sin, go bhfuil ceol maith ar fáil ar Tremolo don té a bhfuil cluas aige le héisteacht.

ghearr go raibh an íomhá le feiscint go forleathan mar phóstaer, agus Ramzi Aburedwan ina ógfhear cuidsúlach don gCéad Intifada ag muintir na Palaistíne dá bharr.

Idir an dá linn tá na clocha curtha uaidh ag Aburedwan agus an basúc agus an véidhlín pioctha suas ina n-ionad aige. Tar éis dó scoláireacht a bhaint amach, de sheans, chun staidéar ag an Conservatoire National de Angers sa Fhrainc tá Ramzi anois ina stiúrthóir ar an Palestine National Ensemble of Arabic Music.

Is é credo simplí Aburewan ná go bhfuil cultúr láidir ag teastáil chun tír láidir a chothú, agus tá beart déanta de réir a bhriathair aige le bunú Al Kamandjati - eagraíocht neamhbhrabúsach a mhúineann ceol clasaiceach do 400 teifeach ó Bheirut go Ramallah.

Scéal maith beatha leath na hoibre, mar a deir an fear margaíochta, ach cad faoi cheol Ramzi Aburewan?

Tá Reflections of Palestine ina phléisiúr neamhghnách. Is minic ceol Arabach ró-dheabhóideach don éisteoir Eorpach, agus na taifeadtaí rud beag ró-gharbh freisin.

Ní hamlaidh i gcás Reflections. Seo scoth an cheoil Arabaigh uirlise casta ag ensemble gur aoibhinn leo gach mionsaothrú séiseach agus luas a thairgíonn cumadóireacht eachtrúil Aburedwan.

Cinntíonn rogha uirlisí an ensemble (an basúc, an úide, an chláirnéid agus an bosca ceoil) go bhfuil gealas ar leith ag baint le Reflections, agus tá máistreacht na gceoltóirí Tareq Rantissi agus Bachir Rouimi ar a gcuid cnaguirlisí ina hiontas meadhránach.

Tá macalla glic de cheol giofógach Oirthear na hEorpa le clos sa tséis ordnáideach agus sna hathraithe drámatúla i luas an cheoil ar ‘Gitans En Orient’.

Cé go bhfuil blas níos machnamhaí ar phoirt mar ‘San Andresse’ agus ‘Badhar’ táid díreach chomh tarraingteach leis na poirt rince.

Is minic ‘aoibhneas’ luaite le ceol ag criticeoirí de bharr leisciúlachta, ach tá ceol Ramzi Aburedwan díreach sin: go haoibhinn.

Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag

www.raidionalife.ie

Page 9: NÓS 28 - Iúil 2012

Martyn bennett - Bothy culture 1998

nós 9

Ní minic a mheasctar ardchultúr clasaiceach na nGael le cur chuige laethúil scéimeanna cónaithe Dhún Éideann, ach sin a bhí in ann do cheoltóir ar leith de dhúchas Cheap Bhreatainn, Ceanada thiar.

Tháinig Martyn Bennett, mac le cainteoir dúchais as Oileán Leódhais, go hAlba agus é ina

dhéagóir agus thosaigh sé ag buscáil lena phíb mhór lasmuigh d’Ionad Naomh Séamas ag bun Shráid an Phrionsa.

Ach ba phíobaire as an ngnáth é agus in éineacht leis bhí synths, agus buillí móra techno ag spaisteoireacht amach astu ar nós na gaoithe.

Spreag an ceol leithleach seo muintir na háite agus iad fós i mbun ceiliúrtha i ndiaidh oícheanta fada ag féilte na cathrach - bhíodh siad ag damhsa thart, idir ógánaigh na gclubanna agus sean-leaids na mbeár, ar an tsráid os comhair an phíobaire óig.

Garbh, ní chuirfinn air, ach thóg sé cúpla bliain eile dó snas a chur ar a chuid ceoil chun é a leagadh síos ar cheirnín.

Mar aon le scileanna na píbe móire agus cumas na teicneolaíochta, bhí an fhidil, an pianó agus an fheadóg, idir beag is mór, sa mheascán aige chomh maith.

Ba é Bothy Culture an dara ceirnín aige agus an ceann ba chlúití. Albam speisialta é a thuganns cuireadh do lucht na mbuillí móra leictreonacha teacht i dtreo chultúr domhain na nGael.

Tá na traiceanna ‘Aye’ agus ‘Shputnik in Glenshiel’ lán le spraoi, pleidhcíocht agus dar ndóigh na buillí ramhara sin a chuirfeadh aon urlár damhsa faoi lán seoil.

Agus ar an láimh eile tugann sé cuireadh do lucht liath na gcomórtas coimeádach náisiúnta dul i dtreo an tsaoil úir lán fuinnimh.

Sa rian ‘Hallaig’ bhain Martyn úsáid as taifead de shár-bhard na hAlban, Somhairle MacGill-Eain, agus é ag léamh a dháin den ainm céanna. Tá nasc ann le hÉirinn le cluinstin fosta leis an bport ‘Yer man from Athlone’ a chuirfeadh séisiún craiceáilte in intinn éinne a bhí riamh páirteach ann.

Meascán ceart den sean agus den nua is ea é an traic seo a luascann an t-éisteoir ó aoibhneas cluboíche go suaimhneas na hamhránaíochta traidisiúnta, agus ar ais arís agus arís eile. Críochnaíonn an t-amhrán le sean-leaid bocht caillte agus port a’ bhéil á chanadh aige ina aonair.

Tagann deireadh le Bothy Culture le ‘Waltz for Hector’,

traic atá níos crua ná a cheapfá agus a thugann léargas ar a chéad cheirnín eile, Hardland, a tháinig amach cúpla bliain ina dhiadh.

Ní raibh a leithéid ann riamh, agus go tobann bhí an ceol teicní-cheilteach á scaipeadh go hidirnáisiúnta. Chas Martyn fiú ag oíche oscailte an scannáin Braveheart agus os comhair fhoireann sacair na hAlban sular imir siad i gCorn Domhanda ‘98.

Ar an drochuair áfach ní raibh an fear ilchumasach seo le fanacht inár measc. Bhí drochshláinte aige, idir ailse agus liomfóma Hodgkin, agus cailleadh é gan é ach 33 bliain d’aois.

Agus é ag dul in olcas, d’imigh na buillí móra ach d’fhan éifeacht an cheoil damhsa agus lean sé air ag cur amach ceol nua-aimseartha le tionchar traidisiúnta, agus arís eile ba cheol ceannródaíoch é.

Tá an laoch seo fós ag tabhairt treorach agus dúshlán dúinn chun sár-thraidisiún na nGael a chur chun cinn ar bhealach comhaimseartha don aos óg atá romhainn.

Eisíodh albam speisialta de cheol Martyn, Aye, i Márta na bliana seo. Eolas le fáil ag www.martynbennett.com

albaMclasaiceach

Angus Lambkin

Page 10: NÓS 28 - Iúil 2012
Page 11: NÓS 28 - Iúil 2012

Tá an t-amhránaí Gàidhlig, Julie Fowlis, le cloisteáil ar fhuaimrian

an scannáin nua Brave. Fuair Tomaí ó conghaile amach cad é mar

a thaistil a cuid ceoil ó Inse Ghall go Hollywood...

ag ceolgo cróga

Page 12: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

12 nós

Mar is eol do lucht NÓS is inár saol laethúil féin, inár dtithe, lenár gcairde agus lenár bpáistí a dhéanfaidh muid an Ghaeilge a athneartú sna

blianta atá le teacht.Ní ionann sin is a rá ar ndóigh nach dtugtar

spreagadh ar leith dúinn nuair a tharraingítear aird ar ár dteanga ar an ardán idirnáisiúnta, mar is bealach iontach é le híomhá na Gaeilge a ardú sa bhaile chomh maith.

Sin díreach atá ar siúl faoi láthair agus amhrán i nGaeilge na hAlban le cluinstin go suntasach sa phoiblíocht don mhórscannán beochana is déanaí de chuid Disney Pixar, Brave.

Scannán gleoite é seo atá lonnaithe i nGarbhchríocha na hAlban sa 10ú cead agus a leanann scéal cailín óg rua, Merida, ar boghdóir í a thugann dúshláin na sean-traidisiún agus a chuireann a clann faoi gheasa dá bharr, rud nach mór di a chur ina cheart sula n-éiríonn sé ró-mhall.

Tá fuaimrian an scannáin féin i mBéarla ach tá lucht éisteachta ar fud an domhain ag cur eolais ar cheol na nGael mar gheall ar an amhrán galánta le

Julie Fowlis, ‘Tha mo Ghaol air Àird a’ Chuain’, atá in úsáid sa bholscaireacht do Brave, sna Stáit Aontaithe ach go háirithe.

“Is ardán iontach é don teanga,” arsa an ceoltóir cumasach as Uibhist a Tuath agus í ag lua gur craoladh an blaisín don scannán ag na gradaim Oscar os comhair lucht féachana domhanda de 40 milliún duine.

“Tha mi a’ smaoineachadh gum bi Brave math dhan Ghàidhlig agus do chultar na h-Alba anns an fharsaingeachd, agus tha mi cinnteach gu bheil sinn a’ dol a dh’ fhaicinn togail anns an aireamh de luchd-turais an ath-bhliadhna air a shàilleabh!

“‘S e cothrom air leth a bh’ ann dhuinn a bhith ag obair air proiseact fiolm mar seo. Tha am fiolm fhèin sgoinneil agus tha an ceòl a chaidh a sgrìobhadh le Pàdraig Doyle iomchaidh agus ceòlmhor.”

Dúirt Julie gur mór an t-áthas a bhí uirthi bheith ag obair ar scannán atá fréamhaithe i gcultúr Gaelach na nGarbhchríoch ach go háirithe, cultúr a bhfuil a cúlra féin fréamhaithe ann.

D’fhás sí aníos le teanga agus amhráin na Gàidhlig mórthimpeall uirthi ach tá blas

Page 13: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

nós 13

comhaimseartha ar a cuid ceoil atá tar éis ardmholadh a thuilleadh ó chéin agus ó chóngar don trí albam atá eisithe aici go dtí seo, ‘Mar A Tha Mo Chridhe’ (2005), ‘Cuilidh’ (2007) agus ‘Uam’ (2009).

Ina ainneoin sin cuireadh iontas uirthi féin nuair a fuair sí glaoch ó dhuine de cheannasaithe ceoil Disney, Tom MacDougall, ag fiafraí di an mbeadh suim aici traic Gàidhlig, chomh maith le dhá amhrán Béarla, a dhéanamh don scannán, a bhfuil aisteoirí clúiteacha ar nós Billy Connolly, Emma Thompson, Julie Walters agus Robbie Coltrane uilig le cloisteáil ann.

“Vóta deas muiníne a bhí ann mar níor chuala siad mé ag ceol ach i nGàidhlig amháin,” arsa Julie. “Le bheith ionraic níl aon taifeadtaí domh ag ceol i mBéarla mar sin is dócha nach raibh a fhios acu cad é go díreach lena raibh mé cosúil. Is ar éigean a bhí a fhios agam féin!”

Chuir sí na rianta le chéile i nDún Éideann in éineacht lena fear céile, an Gael Éireannach, Éamon Doorley, agus le roinnt seachtainí anuas tá siad beirt ag freastal ar ócáidí premiere sna Stáit agus in Alba.

Ag caint faoin chairpéad dearg sin, dúirt Julie go raibh sí ag iarraidh a spiorad Gaelach a léiriú faoi na soilse chomh maith mar sin chuaigh sí i bpáirtnéireacht le cainteoir eile Gàidhlig, an dearthóir faisin Sandra Mhoireach (www.sandramurray.co.uk), le feisteas oiriúnach a chruthú do na himeachtaí móra.

“Ba thoil liom go mbeinn mo chuma ag teacht le híomhá spreagúil na nGarbhchríoch,” arsa sí. “Tá cruthúcháin Sandra go hálainn agus tá láithreacht dá gcuid féin acu.

“Thaitin sé go mór liom bheith ag obair léi agus tá sé i gceist againn cúpla tionscadal cruthaitheach a dhéanamh le chéile go luath.”

Agus fuaimeanna na Gaeilge anois scaipthe ar fud an domhain aici, beidh i bhfad níos mó daoine ag súil go mór leis an chéad tógra eile ón Ghael cróga ceolmhar seo.

Beidh Brave i bpictiúrlanna na hÉireann ar 17 Lúnasa. Tá tuilleadh eolais faoi cheol Julie, fuaimrian Brave san áireamh, le fáil ar www.juliefowlis.com

Grianghraif: Ar bharr, Julie Fowlis ag Premiere Domhanda Brave i Hollywood (le Deborah Coleman) agus, ar dheis, ag taispeántas an scannáin i nDún Éideann (le hEoin Carey / EIFF)

Page 14: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

14 nós

Bhí cupán tae ag cillian de Búrca leis an ngrúpa This club le déanaí. Bhuel sin a dúirt sé linn ar aon nós...

Page 15: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

nós 15

Bheadh sé éasca smaoineamh go raibh This Club fíor-sciobtha ag baint clú amach dóibh féin i saol an cheoil.

Tháinig a gcéad singil, I Won’t Worry, amach i mí Lúnasa 2011 agus ní raibh sé i bhfad sula raibh sé in úsáid go forleathan i bhfeachtas fógraíochta ag banc Éireannach.

Tar éis sin, d’eisigh siad a gcéad albam, Highlife, i mí na Bealtaine agus anois tá a gcuid ceoil á chasadh ar chuid de na stáisiúin raidió is mó sa tír. Thall i Londain chas Graham Norton amhrán dá gcuid ar a chlár ar BBC Raidió 2 ar na mallaibh fiú.

Ach i bhfírinne, téann scéal This Club i bhfad níos faide siar ná sin.

Thosaigh Johnny Holden, Philip Broadbery, Kieran Walkin agus Max Carpio amach i 2006 faoin ainm Hoarsebox.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin mheall siad lucht éisteachta in Éirinn agus sna Stáit ach go háirithe lena EP Cuckooland agus a bhfuaim bhríomhar agus fonnadóireacht ghlóir.

Ach, agus iad ag obair ar a gcéad albam in Mississippi, mhothaigh na buachaillí go raibh a stíl ag athrú go mór agus go raibh ainm nua ag teastáil uathu chun sin a léiriú.

Is san albam sin, Highlife, gur féidir cloisteáil cad é go díreach a dhéanann This Club chomh maith sin.

Admhaíonn na buachaillí go hoscailte nach bhfuil ach aon sprioc amháin acu lena gcuid ceoil, “A fhad is go mbíonn daoine ag croitheadh a dtóin leis, is maith sin!”, a deir siad, agus níl aon amhras go bhfuil ag éirí go maith leo go dtí seo.

A luaithe is a chuirtear Highlife ar siúl, cloistear stíl so-aitheanta This Club leis

na buillí bríomhara agus blaisíní de cheol damhsa.

Leoga, bíonn an spiorad céanna sin acu nuair a dhéanann siad taifead ar a bhfíseáin cheoil.

Taifeadadh an físeán do ‘I Won’t Worry’ i samhradh na bliana seo caite, nuair a thug na buachaillí cuireadh dá lucht leanúna theacht le chéile i mBarra an Teampaill i lár Bhaile Átha Cliath mar ‘thobshlua’ le haghaidh píosa spraoí.

“Thaifead muid é taobh istigh de 5 uair a chloig – ní raibh cead againn ón Chomhairle Chathrach nó aon rud agus bhí muid go díreach ag súil go stopfadh daoine linn ar an tsráid mar go ndearna muid an t-amhrán céanna arís agus arís eile... agus stop siad! Sin an rud is iontaí faoi Bharra an Teampaill.”

Tá an samhradh ar an séasúr is gnóthaí do gach ceoltóir agus banna ceoil, agus is amhlaidh an scéal é do This Club i mbliana.

“Mar gheall go bhfuil an t-albam eisithe againn ar na mallaibh bíonn ár sceideal ag leathnú i gcónaí, agus tá cuma an-ghnóthach ar chúrsaí don sé mhí amach romhainn,” a deir Johnny.

Ag iarraidh a bhfuaim a bhlaiseadh beo? Beidh na buachaillí ag seinm ag féile Indiependence i mBaile Mhistéala, Contae Chorcaí 3-5 Lúnasa agus Féile Rós Thrá Lí 17-21 Lúnasa.

Cuireann Cillian de Búrca an clár dátheangach, Guaranteed Irish, i láthair gach Domhnach ar 8in ar Classic Hits 4FM. Is féidir éisteacht ar 94 – 105 FM nó ar www.classichits.ie

club seoan cheoil

Page 16: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

16 nós

Thug duine de na daoine is uaisle ar domhan cuairt ar Éirinn le déanaí. Ní duine uasal, mar dhea, ar nós ceoltóra nó duine de theaghlach ríoga ach duine atá uasal go smior.

Mar sin féin caitheadh léi mar a bhí ceoltóir mór le rá inti. Ba í Aung San Suu Kyi a tháinig go hÉirinn ar ndóigh ach faraor ba bheag a mhair a cuairt.

Dhá bhliain ó shin eagraíodh ceolchoirm sa Cheoláras Náisiúnta chun a 65ú breithlá a cheiliúradh ach ag an am sin bhí sí fós i ngéibhinn ina teach i Rangún ag an réimeas ansmachtúil atá i gceannas i mBurma.

Ní raibh cead aici bualadh le haon duine ná taisteal lasmuigh dá teach. Is ar éigean a shíl aon duine go dtiocfadh

athrú ar an riocht ina raibh sí. Agus níor shamhlaigh aon duine a bhí i láthair ag an gceolchoirm an oíche úd go mbeadh sí in Éirinn dhá bhliain ina dhiaidh sin. Saor. Agus cead aici filleadh ar a tír dhúchais.

An tráth sin ba chime í Aung San Suu Kyi. Anois is feisire tofa í sa chomdháil nua i mBurma.

Tá cead aici taisteal agus bualadh le daoine agus labhraíonn sí faoi pé rud is mian léi gan bhac. Thug sí a céad chuairt lasmuigh de Bhurma don chéad uair ó bhí 1988 ann.

An fhadhb a bhí aici roimhe seo ná go raibh fios mhaith aici dá bhfágadh sí Burma nach ligfeadh an réimeas di filleadh abhaile. Anois tá sí in ann teacht agus imeacht gan bhac.

ceart agus coirms e a n á n ó c o i s t í n

Page 17: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

nós 17

Thug sí cuairt ar an Téalainn ar dtús agus d’fhill sí abhaile gan aon fhadhb. Ba léiriú é sin go raibh rudaí tar éis athrú.

Ach ba í a cuairt chuig an Eoraip an ceann is suntasaí. Ba mhithid di a duais Nobel a ghlacadh í féin. Fuair fear in Éirinn darb ainm Bill Shipsey gaoth ar a cuairt agus láithreach bonn thosaigh sé ag beartú ceolchoirm a reáchtáil ionas go bhféadfadh Amnesty International a ngradam a bhronnadh uirthi i gceart.

Shroich sí an Eilbhéis agus is cúis mhór mhórtais í go raibh bean as Baile Átha Cliath i láthair nuair a chas sí le daoine ar dtús. Bhronn an bhean bláthfhlasc de rósanna dearga agus bána ar Aung San Suu Kyi sa Ghinéiv.

Ba é ‘Electric Burma’ an t-ainm a thug siad ar an gceolchoirm faoi leith seo agus is dá bharr na ceolchoirme a thug sí cuairt go hÉirinn ar 18 Meitheamh, an chéad chuairt a thug sí ar Éirinn agus is dóigh an t-aon cheann a thabharfaidh sí riamh.

Bhí nasc áirithe ag Éirinn léi áfach mar fad is a bhí U2 ag seinm ar fud na cruinne i rith a dturas 360, chuir siad scéal Aung San Suu Kyi os comhair an phobail ag a gceolchoirmeacha.

Chum Bono an t-amhrán ‘Walk On’ di agus le linn ghigeanna an turais sin shiúil daoine amach ar an ardán le haghaidheanna fidil d’Aung San Suu Kyi acu chun a thaispeáint don lucht éisteachta cérbh í.

Ag an gceolchoirm dheiridh i bPáirc an Chrócaigh in Iúil 2009, d’fhógair Bono gur bhronn Amnesty International gradam faoi leith uirthi. Gradam Teachta Cogúis (Ambassador of Consience Award) a bhí ann, an duais is tábhachtaí atá ag an eagraíocht. D’eascair an t-ainm ó dhán a chum Séamus Heaney, ‘The Republic of Conscience’.

Reáchtáladh ‘Burma Aibhléiseach’ mar sin in Amharclann Bhord Gais Energy, áit a raibh an brat urláir dearg sínte ar an talamh roimpi agus bhí na meáin chumarsáide ann go tiubh.

Bhí an amharclann lán in onóir na mná seo agus nuair a tháinig sí isteach sheas an lucht féachana ar fad ar a mboinn agus chuir siad fáilte mhór roimpi.

Shuígh sí i measc na ndaoine le Séamus Heaney, buaiteoir Nobel eile, lena hais. Thosaigh an taispeántas le rince ó Riverdance agus ansin tháinig ceoltóirí agus aisteoirí cáiliúla ó Éirinn agus ó thíortha eile ar an ardán. Léigh siad sleachta ó dhán Heaney.

Ag an deireadh an chéad chuid, tháinig Bono agus Salil Shetty, Ard-Rúnaí Amnesty International, ar an ardán chun an duais a bhronnadh uirthi. Labhair sí leis an slua chun a buíochas a chur in iúl dúinn. Dúirt sí gur mhaíomh na Sasanaigh gurbh iad muintir Bhurma Éireannaigh an oirthir mar gheall go rabhadar de shíor ag troid in aghaidh na Sasanach, gur ól na fir an iomarca agus go gcreideann daoine i bpiseoga.

Page 18: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

Bhí an dara cuid ní ba bheogaí.Sheinn Bob Geldof agus Lupe Fiasco i measc

ceoltóirí eile. Bhí an ceol níos troime agus níos tapúla – nílim cinnte an raibh sé iomlán oiriúnach di ach pé scéal é seinneadh é.

Chríochnaigh an cheolchoirm le gach duine de na hamhránaithe agus ceoltóirí ag seinm le chéile. Ba é an t-amhrán deiridh a chan siad ná ‘Stand Up For Your Rights’, an t-amhrán a chan Bob Marley fadó.

I ndiaidh an spraoi ar an stáitse, tíolacadh lasmuigh í chun saoirse Bhaile Átha Cliath a ghlacadh i gceart. Bhí breis agus míle duine ann chun í a fheiceáil ach tugadh tús áite do dhídeanaithe ó Bhurma a bhfuil cónaí orthu i gCeatharlach agus i Maigh Eo. Thaitin sé go mór leo í a fheiceáil.

Faraor ní labhair sí mórán cé gur mhaíomh sí gur thaitin an chuairt go mór léi agus go raibh muintir na hÉireann ina croí agus go dtuigeann sí go bhfuil tacaíocht mhór aici.

Ós rud é go raibh sí 67 bliana d’aois an lá dár gcion, bronnadh císte lá breithe uirthi agus chan an slua ‘Lá Breithe Sona Duit’ di.

Agus leis sin d’imigh sí léi.Ní raibh sí in Éirinn ach b’fhéidir seacht n-uaire

a chloig. Chuaigh sí go mór i bhfeidhm ar dhaoine mar bhíodar sásta seasamh lasmuigh ar feadh trí nó ceithre uaire a chloig chun fanacht le hí a chloisteáil. Caitheadh léi ar nós gur taoiseach rialtais í seachas ceannaire an fhreasúra dhaonlathaigh i dtír ansmachtach.

Cé go bhfuil sé go hiontach go bhfuil Aung San Suu Kyi saor agus tá cead aici taisteal agus filleadh ar Bhurma, níor chóir do dhaoine samhlú go bhfuil gach rud go maith anois agus gur tír dhaonlathach í láithreach. Sin mar a dúirt Suu Kyi í féin.

Níl rudaí ach tar éis feabhsú beagán. Le déanaí tharla slad in iarthar na tíre nuair a d’ionsaigh Búdaithe agus Moslamaigh a chéile agus maraíodh breis agus 30 duine. Loscadh na mílte tithe agus tá éigeandáil ann anois in iarthar na tíre. Caithfidh Aung San Suu Kyi bheith an-chúramach faoi cad a dheireann sí faoin scéal seo mar d’fhéadfadh sí rudaí a chur chun olcais.

N’fheadar cad atá i ndán do Bhurma. Má éiríonn leis bheith ina thír dhaonlathach as seo amach is de bharr na hoibre a rinne Aung San Suu Kyi agus daoine cosúil léi thar na blianta a tharlóidh sé. Agus ar an lá sin smaoineoidh Éire ar an lá úd a thug sí cuairt anseo le freastal ar cheolchoirm na gceart, agus ar cheartchoirm an cheoil.

Is comhalta de Choiste Gnó de Ghníomhaíocht ar son Bhurma in Éirinn é Seanán Ó Coistín. Tig le daoine tuilleadh eolais a fháil faoi Bhurma agus faoin eagraíocht ar www.burmaactionireland.org

Page 19: NÓS 28 - Iúil 2012

comórtas

Tá nós agus Live aT LeopardsTown 2012 ag TabhairT amach 5 duais den scoTh de na mórimeachTaí rásaíochTa agus ceoiL aTá ar siúL ag baiLe na Lobhar an

samhradh seo.

déardaoin 19 iúiL is iad royseven a bheas ag buaLadh amach na dTiúineanna ag an ráschúrsa, Tá The minuTes ag ceoL 26 iúiL, beidh ryan sheridan ar an

ardán 9 Lúnasa agus cuirfidh The saw docTors féin deireadh Leis an TsraiTh cheoLchoirmeacha déardaoin 16 Lúnasa.

Tá 4 péire Ticéad Le haghaidh do rogha gig agus oíche rásaíochTa Le buachan againn an mhí seo, mar aon Le duais speisiaLTa amháin de ‘bearTán na féiLe /

fesTivaL bundLe’ a Thugann cead isTeach don bhuaiTeoir móide 3 cara chomh maiTh Le dearbhán béiLe don fesTivaL foodcourT agus buidéaL bud do gach aoi.

an Leor sin duiT?!

Le bheiTh san iomaíochT do na duaiseanna ionTacha seo ní gá ach freagra na ceisTe simpLí seo Thíos, mar aon Le d’ainm agus sonraí TeagmháLa, a sheoLadh

chuig [email protected] roimh 6in dé céadaoin 25 iúiL.

cén sórT rásaíochTa a bhíonn ar siúL ag baiLe na Lobhar?a. rásaíochT ioraí ruab. rásaíochT chapaLL

c. rásaíochT bhéarLóirí

Page 20: NÓS 28 - Iúil 2012

* ceol

20 nós

wesTporT fesTivalcathair na Mart, Maigh eo

Tháinig idir bháisteach agus ghrian anuas ar na sluaite a bhí i láthair ag an chéad fhéile shamhraidh i dTeach Chathair na Mart an mhí seo caite ach chuir an aimsir dhrámatúil leis an spraoi ceolmhar a bhí le mothú thar an deireadh seachtaine réchúiseach. Meascán deas de cheoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta a bhí ar an trí ardán agus bhí an grianghrafadóir as an Dún, Damian McConville, ann le cuid acu a cheapadh do NÓS. Eolas faoi na pictiúir ar leathanach 19.

croí na féile

Page 21: NÓS 28 - Iúil 2012

* ceol

nós 21

Page 22: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

22 nós

Grianghraif:Lgh 16-17, deiseal ón chlé, Mal Tuohy agus JPR Dalton ó The Riptide Movement; Brendan Murphy ó The 4 of Us; Damian O’Neill, The Undertones; Brendan agus a dheatháir Declan.

Lgh 18-19, deiseal ó chlé, Jim Lockhart ar an bhféadóg le linn bhuaicphointe oíche Shathairn; Imelda May ar an bpríomhardán; Damien Dempsey; Bronagh Gallagher; Charles O’Connor agus Barry Devlin ó Horslips.

Page 23: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

nós 23

Page 24: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

24 nós

gceol?

níl trua de laghad agam do na mórlipéidí ceoil seo atá ag streachailt anois chun teacht i dtír agus daoine ag roinnt ceoil go mídhleathach.

Cén chúis an nimh seo? Lig dom scéal a ársaí daoibh agus beidh muid ar fad

neadaithe sa tuairim chéanna, tá súil agam...Bhuel, ‘ar ais sa lá’, téim isteach go baile mór an Iúir

chun singil a cheannach.An leagan a rinne Shane MacGowan de ‘My Way’ – char

thuig mé ag an am sin gur chóipeáil sé na Sex Pistols díreach glan ach cibé ar bith.

Isteach liomsa chuig an siopa seo, níl mé ag dul é a ainmniú ach bhí an t-ainm cosúil le Wellworths, ach ní Wellworths a bhí ann.

Chuaigh mé a chuartú ceirnín nua Shane na bhfiacla

deasa ach theip sé orm é a fháil, cha raibh acu ach an ‘Tap Farty’ mar a déarfá.

Maith go leor, a dúirt mé liom féin, cuirfidh mé ceist ar an chailín ag an deasc, agus amhlaidh a rinneas.

Dhearbhaigh sí dom nach mbíodh acu ach an ‘Tap Farty’.

Muise!Ansin, tharla sé, sula raibh an t-am agam mo theanga a

smachtú tháinig an cheist amach. Ceist shoineanta a bhí ann, tá sé tábhachtach dom go gcreideann tú mé ar an phointe sin.

“But sure, how ken a recard git inta tha Tap Farty if ye ken only buy what’s init already?”

“Níl a fhios agam,” a dúirt cailín na deisce go neirbhíseach. Shíl mé go raibh sí chun caitheamh amach, dáiríre, b’shin an chuma a bhí uirthi.

grádon

M i c h e á l M a c a n b h e a t h a

Page 25: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

nós 25

gceol?

B’ansin a chonaic mé a méar ag bogadh i dtreo an fhóin – “Whadda ye doin’?” arsa mise.

“Tá mé ag cur glaoch ar an bhainisteoir,” ar sise.

“Yer wha?,” a deir mise, “no need, don’t ba’ar, doesn’ matter.”

Ró-mhall, cibé caidé cnaipe a bhrúigh sí, nocht mo dhuine níos gaiste ná cú.

Fear beag, cuma bhainisteoir siopa air amach is amach, feasóigín gabhair air – tá a fhios agat féin.

“An bhfuil fadhb ann?” a deir sé go dáiríre.“Prablam?” arsa mise, “no prablam at awl boy, I jist ast

ye girl there how do recards git inta tha Tap Farty if ye can only buy recards in the Tap Farty.”

“O,” ar seisean, “tá sé sin casta.” Go dtí an lá atá inniu ann, níl a fhios agam beo cén dóigh

arbh fhéidir leis sin a rá.“Oibríonn sé le ‘projections’, ní ionann é agus an méad

céiríní a dhíoltar... éhm... go díreach.”“Proyectyins? a dúirt mé, “ye mane its nathin t’ do wi’

the much yis ‘re sellin?”“Bhuel, baineann sé leis an méid a shíleann muid go

bhfuil muid chun a dhíol,” a d’fheagair sé. Sea, níor thuig mise cad é a ba chiall leis sin ach an

oiread. Ach ag amharc siar, tuigim anois gurb é an rud a bhí

sé ag rá i ndairíre ná: “Seo na cinn a ba mhaith linn sibh a cheannach.”

I bhfocal eile, i gcás na gcairteacha móra, is cur i gcéill an rud ar fad.

Níl aon smacht againne mar ‘mhargadh’ ar a bhfuil sna cairteanna – na siopaí a dheachtaigh sin, agus lean muidne iad mar a bheadh caoirigh ionainn, ag ceannach na gcéiríní a shíl muid a raibh á gceannach ag gach duine eile.

Tá an scéal éagsúil ar ndóigh le ceoltóirí áitiúla a bhíonn ag treabhadh leo ach mórshaol an cheoil? Bréag amach is amach.

Cibé ar bith, ar ais chuig an siopa sin a raibh ainm cosúil le Wellworths aige ach nárbh Wellworths é.

Mar sin, seo an dís againne inár seasamh mar a bheadh leamhsháinn Mheicsiceach ann.

Seo mise, leaidín óg cróga nach raibh uaidh ach ‘recard’, agus seo mo dhuine lena bhoilgín beorach.

Agus ansin an ráiteas mór, an ráiteas a chuir deireadh le mo chuid spéise sa cheol.

“Níor cheart duit a bheith a bheith ag cur ceisteanna mar sin,” ar seisean.

Stopfaidh mé ag scríobh ar feadh soicindín chun ligean don ráiteas sin dul i bhfeidhm ort.

“A wuz only askin’,” arsa mise.“Amharc a bhuachaill,” a deir sé, “níl muid ag iarraidh

aon trioblóid.”“Trouble?! A’m only lookin t’ buy an oul Shane

MacGowan recard,” arsa mise.“Sílim gur cheart duit a fhágáil anois,” a dúirt sé. “Wha!?” a deirimse ach ansin mhothaigh mé an fear

beag Iúrach ramhar le croiméal bocht a bhí ina sheasamh taobh thiar de – fear ‘slándála’.

Fear beag le bolg mór beorach an tráth seo agus ‘Bomber Jacket’ air – an gcuimhin libh ‘Bomber Jackets’?

B’shin deireadh le héirí amach na maidine – bua ag an bourgeois!

Shiúil siad beirt ‘in éineacht’ liom chun an dorais agus cuireadh amach ar an tsráid mé.

Char cheannaigh mé ceirnín, téip, diosca ná mp3 ón lá sin ach ní cheannóidh mé go deo.

Ó shin amach, shíl mé gur bréag a bhí ann i dtionscadal mór an cheoil lárshrutha agus níor tháinig mé ar mórán fianaise a d’athraigh m’intinn.

Anois, abair liom a chairde – trua ar bith agat do na comhlachtaí móra ‘ceoil’?

An bhfuil fíor-rogha ann? An bhfuil fíor-mhargadh ann? An bhfuil saoirse ann? An bhfuil aon cheol ann níos mó fiú?

Agus cén áit arbh fhéidir le fear bocht leagan Shane McGowan de ‘My Way’ a cheannach?

don

Page 26: NÓS 28 - Iúil 2012

* Ceol

26 nós

scáileán

7 days in havanaleonardo padura fuentes, 15a

Léirmheas le hAngus Lambkin * * * * *Ba ghníomh dúshlánach é an scannán Spáinnise seo a chur le chéile faoin saol comhaimseartha i bpríomhchathair Chúba. Chuir seacht stiúrthoirí, sea seacht, rompu seacht bpíosa éagsúla – ceann le haghaidh gach lá den tseachtain – a scannánú agus a thabhairt le chéile sa deireadh. Bheadh aithne súl againn sa tír seo ar fhear acu, Benicio del Toro, agus tá clú ar Gaspar Noé agus Juan Carlos Tabío chomh maith.

Cé go bhfuil 7 Days In Havana snasta go leor, bheifeá ag tnúth le níos mó ón chomhoibriú idirnáisiúnta seo idir an Fhrainc, an Spáinn agus Cúba féin.

Tá an seacht scéal suimúil go leor iontu féin ach ní léir cén fáth ar cuireadh le chéile iad i dtús báire, seachas b’fhéidir chun turasóirí a mhealladh chun na cathrach le féilte, uisce gorm glan agus féidearthachtaí gnéis.

Tá ábhar grinn le fáil ann leis an gceoltóir mar shampla a théann ar an drabhlás theis dó duais a bhaint ag féile scannáin Havana agus a bhailíonn leis lena thiománaí tacsaí chuig tobsheisiún trumpaí.

Tá fhios ag madaí na sráide go bhfuil saibhreas ar leith ag baint le cultúr Chúba. Is trua nach n-ardaíonn an scannán seo ár n-aird ar an tír, ach ní hé go n-íslíonn sé é ach an oiread. Bain sup as ar dhrochlá samhraidh agus beidh tú sona go leor.

Where do We go now?nadine labaki, 12a

Léirmheas le hÚna B * * * * * I ndiaidh an scannáin ardmholta, Caramel, bhí brú nach beag ar an stiúrthóir/scríbhneoir/aisteoir cumasach Nadine Labaki chun cur chuige níos fearr arís a leagan os ár gcomhair.

Le Where do we go now? díríonn sí ar chúrsaí cogaidh, creidimh agus comhoibriú i mbaile beag sa Liobáin, áit ina bhfuil Moslamaigh agus Críostaithe ina gconaí le chéile.

Bhíodh cúrsaí go dona agus tá timpealleacht an bhaile clúdaithe le buamaí talún. Mar gheall ar achrann atá tosnaithe arís sa domhan mór, tá fir bharr na sráide ag réiteach go holc lena chéile, agus is cosúil go rachaidh an seicteachas i bhfeidhm ar an tsíocháin arís eile. Ach le hiarrachtaí tuisceanacha éagsúla – bristear an raidió agus scriosadh an teilifís – coinníonn na mná suaimhneas (agus aineolas) de shaghas éigin sa cheantar, ach is deacair an feachtas é agus ní léir go n-éireoidh leo.

Baintear an-úsáid as an scéalaíocht le scannán flúirseach a chruthú. Idir ceol, damhsa agus aisteoireacht den scoth, léirítear dúinn na deacrachtaí a bhíonn ag baile beag in am an ghá, agus an dóchas atá in ann chun síocháin a mholadh agus cogadh a shéanadh. Tá neart aoibhnis ann chomh maith, agus tugtar orainn breathnú orainn féin agus muid ag réiteach leis na comharsanaí, le linn séasúr an ghá nó fiú séasúr an ghrá.

Page 27: NÓS 28 - Iúil 2012

* Scáileán

nós 27

abel ferrara - Bad lieutenant1992

Ní maith clú na bpéas in amannaí fud fad an domhain agus ní foláir nár chabhraigh an scannán seo leis an íomhá sin.

Ní chabhródh leithéidí Dirty Harry, Unlawful Entry ná Training Day leis ach an oiread.

Ach i Bad Lieutenant cruthaíonn an stiúrthóir Abel Ferrera ceann de na carachtair is truaillithe dá raibh ann riamh. Gafa le gach aon rud idir dhrugaí,

mhná, alcól agus chearrbhachas, imíonn an póilín seo ar strae i Nua-Eabhrac.

Is léir go bhfuil baint nach beag idir an post tromchúiseach atá aige agus an méid rudaí mídhleathacha atá ar siúl aige, ach faoin am a chuireann muid aithne air agus é ag i mbun cigireachta ar dhúnmharú míofar dúbailte, tá a aird glan díríthe ar Shraith Dhomhanda Baseball agus é ag moladh dá chomhoibrithe airgead a chur ar Mets an Úill Mhóir.

Tá geallta á gcur aige ar chuile chluiche sa tsraith agus de réir mar a chailleann sé, cuireann sé an oiread airgid faoi dhó arís ar an gcluiche dar gcionn chun na bhí caillte aige a bhaint thar ais.

Agus é faoi bhrú leis an tóraíocht ar scroblaigh na

cathrach, téann sé in olcas le gach druga, deoch agus bean a thagann ina threo. Ní théann na cluichí leis ach an oiread agus i ndiaidh ceann amháin acu scaoileann sé a ghuna ar raidio a chairr – radharc clúiteach ón scannán – agus bailíonn sé leis le hairgead a dhéanamh don chéad gheall eile.

Cé go dtiteann sé as a chéile mar dhuine agus é ag déileáil le héigniú uafásach, beireann sé greim ar an mbeirt choirpeach atá uaidh agus iad ag caitheamh cnagchócaoin is ag breathnú ar chluiche deireanach na sraithe.

Seachas iad a thabhairt chun dlí, áfach, caitheann sé píopa agus am leo. Ag déanamh ceangail idir an slánú atá uaidh agus slánú na gcoirpeach, cuireann sé ar bhus iad le píosa airgid agus léiríonn sé dóibh nár cheart teacht ar ais ar eagla a mbáis.

Sa deireadh thiar, éiríonn leis na Mets ach ní lenár ‘Leifteanant Lofa’, nach n-éiríonn leis a chuid airgid a thógáil riamh.

Tharraing Bad Lieutenant aird an phobail nuair a eisíodh é 20 bliain ó shin – dúirt Martin Scorsese go raibh sé ar an chúig scannán is fearr a rinneadh le linn na 90s – agus bhí go leor cainte faoin ábhar scanrúil atá le feiceáil ann.

Ach is mar gheall ar thaispeántas Harvey Keitel sa phríomhról a bhfuil an moladh tuillte, é ag líonadh a charachtair lán le fuinneamh agus daonnacht, agus ag cur béime ar an tábhacht a bhaineann le slánú dóibh siúd atá imithe ar strae.

Is léir gur chuir Keitel é féin ar an líne idir corp agus anam chun cruachás an phóilín seo a chur in iúil.

Bheadh éifeacht ag Bad Lieutenant ar ¬aon duine, agus ní do lucht an lagbhoilg é in aon chor.

Glacann sé an breathnóir ar thuras ag dul i ngleic leis an lofacht mar a dhéantar ar thalamh agus, idir maith agus olc, ní thagann ceachtar againn slán as.

scannánclasaiceach

Page 28: NÓS 28 - Iúil 2012

* scáileán

28 nós

John Beagdé domhnaigh 15 iúil 21.30Clá r faoin a m hrá na í John Beag Ó Flatharta, is é ar thuras pearsanta ar ais go dtí an stiúideo tar éis cúig bliana déag.

rásaí na gaillimhe gach domhnach 22.30Seo do sheans an dá chlár deiridh do Rásaí na Gaillimhe a haon a fheiceáil sula dtosaíonn sraith a dó é ó 15 Iúil.

mí na meala dé Máirt 3 iúil 20.30Brian & Sinéad Mullen: I nDoire i 1983 a chas Sinéad agus Brian ar a chéile an chéad uair. Chaith Brian roinnt ama sa Bhreatain Bheag ag coláiste sular bhog sé ar ais go Doire. Tar éis na bainise chuaigh siad ar an mbád go Manchain i gcuideachta cairde leo a tháinig chuig an mbainis agus as sin go Bangor na Breataine Bige.

Damhsa Down UnDer gach Máirt 22.00 Sraith ina léirítear saol an damhsa ghaelaigh san Astráil. Níor éirigh le Samantha Murphy áit a bhaint amach sa Chraobh Dhomhanda - ach d’éirigh le Thommy Wilson agus beidh seisean ag tabhairt a aghaidhe ar Bhaile Átha Cliath. Casfaimid le Carina Young agus lena máthair Cheryl agus feicfimid an tionchar atá ag na tuismitheoirí ar na damhsóirí óga seo.

glór Tíre: Togha & rogha gach céadaoin 22.30Sraith Nua: Súil siar ar réaltaí móra cheol tíre na hÉireann agus iad le feiceáil ar stáitse ar an gclár ‘Glór Tíre’ i dteach tábhairne Theach na Céibhe. I measc na n-aíonna beidh Mick Flavin, Hugo Dunca n, Thoma s Mag uire, Louise Morrissey agus Trudi Lalor.

ó Tholg go Tolg gach déardaoin 21.30Cuirtear síos sa tsraith éagsúil seo ar dhaoine a bhíonn ag taisteal agus a f haigheann lóist ín saor in a isce. Taistealaíonn Áine Goggins agus Maeve Hackett ar fud na hEorpa ag fanacht le teaghlaigh éagsúla ar chuir siad aithne orthu ar an idirlíon. Labhraíonn siad le chéile i nGaeilge ionas nach dtuigeann aon duine eile iad agus is mór an spraoi a bhíonn ag an mbeirt chailín ar an mbealach.

mí iúil ar tg4

Cé a Chónaigh i mo TheaChsa?

dé haoine 6 iúil 22.55Tabharfaidh Manchán Magan cuairt ar Theach Coolatore i gCo. na hIarmhí, teach atá suite ar thailte ríthe ársa na hÉireann agus fiosróidh sé an tarraingt a bhí ag rí an phopcheoil Michael Jackson ar an teach.

dé haoine 13 iúil 22.55Sa chlár seo tugann Manchán cuairt ar Mount Vernon i gCo. an Chláir. In 1788 a thóg an Colonel William Persse an teach seo agus thug sé Mount Vernon air mar gheall ar an gcairdeas a bhí aige le Uachtarán Mheiriceá, George Washington, a raibh teach aige leis an ainm céanna.

dé haoine 20 iúil 22.55Ta bh a r f a id h M a n c h á n c u a i r t a r Chaisleán Bhaile na hInse i gConamara i

gCo. na Gaillimhe. Tá an Caisleán suite ar bhruach na habhann agus an locha agus neadaithe i gcoill i gceantar sléibhe agus ní hiontas ar bith é gur tháinig agus go dtagann daoine chuig an áit álainn seo ar thóir suaimhnis agus caithimh aimsire.

dé haoine 27 iúil 22.55An babhta seo tugann sé cuairt ar Achadh Mheánach i gCo. Chill Mhantáin. Os cionn dhá chéad bliain ó shin a tógadh teachín an aisteora agus an scríbhneora Éamon Morrissey i gcroílár Chill Mhantáin.

Page 29: NÓS 28 - Iúil 2012

* scáileán

nós 29

moBs mheiriCeá gach déardaoin 22.30San tsraith seo tugann Páidí Ó Lionáird scéal na gcoirpeach Éireannach i SAM suas chun dáta. Cruthaíonn an tsraith nach ag caoineadh le cumha a bhíodh cuid de na Gaeil thall ó 1960 i leith ach ag carnadh go coiriúil agus in aighneas leis an Mafia nó ag obair i bpáirt leo. Gunnadóirí Mafia ab ea cuid de na Gaeil thar na blianta.

Comhrá: paDDy fiTzdéardaoin 5 iúil 19.30Is as Rinn Mhaoile in iarthuaisceart Chonamara Paddy, ar fearr le go leor daoine “Fear an Hata” a thabhairt air. Chaith sé tréimhsí fada i Sasana agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit ar imir sé peil le foireann Nua-Eabhrac. Scéalaí, ceoltóir agus fear cuideachta é nach bhfuil drogall ar bith air a thuairimí a roinnt.

páDraig ó máilledéardaoin 12 iúil 19.30Is as Doire Fhatharta in aice leis an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara Pádraig Ó Máille. Agus é ina fhear óg, théadh sé go Sasana gach Geimhreadh ag obair sna monarchana biatais i lár na tíre sin, fostaíocht shéasúrach a bhí coitianta ag fir Chonamara ag an am. Phós sé féin agus a bhean, Nóra, taobh istigh de chúig seachtainí ó bhuail siad lena chéile.

Úna ní laChTnáin déardaoin 26 iúil 19.30Is as Co. Mhuineacháin ó dhúchas í Úna Uí Lachtnáin ach tá formhór a saoil caite aici i mBaile Átha Cliath. Tá dlúthbhaint aici le hOireachtas na Gaeilge, féile ar fhreastail sí uirthu ar dtús siar sa bhliain 1952. Ní raibh naoi mí caite ó chas sí le Seán ‘Dublin Bay Rockall’ go dtí gur phós siad. Bhí seisean ina Mhéara ar an bpríomhchathair lena linn agus ina Theachta Dála freisin.

néiliDh mUlligandé domhnaigh 22 iúil 21.30

Léargas ar shaol Néilidh Mulligan, aisteoir agus fear grinn as Gaoth Dobhair. Amharcann an clár seo ar na laethanta a chaith Néilidh ina aisteoir, ina bhall d’Óglaigh na hÉireann, ina fhear grinn agus ina athair.

DáiThí ar roUTe 66 gach déardaoin 22.00Rachaidh Dáithí Ó Sé trí Texas agus stopfaidh sé ag bialann an ‘Big Texan’ chun triail a bhaint as stéig atá acu atá 72 unsa meáchain. Rachaidh sé as sin go New Mexico agus tabharfaidh sé cuairt ar uaigh Billy the Kid sula rachaidh sé ar eitilt bhalúin te thar an Rio Grande.

Page 30: NÓS 28 - Iúil 2012

* scáileán

30 nós

planDáilgach céadaoin ag 22.15 ón 18 iúilSraith spreagúil staire ina dtugtar léargas as an nua dúinn ar cheann de mhór-imeachtaí stair na hÉireann sa mhílaois seo caite – Plandáil Uladh sa seachtó aois déag. D’fhág an feachtas plandála – an ceann ba mhó riamh i stair an domhain go dtí sin, deirtear – a rian go láidir ar oileán na hÉireann agus ar a polaitíocht, tionchar atá go fóill le mothú go dtí an lá atá inniu ann. Is é an ceoltóir agus cumadóir ceoil iomráiteach Neil Martin, arb as Béal Feirste dó, a chuirfidh an mhór-shraith seo i láthair. Is i bhfoirm aistir a thugann Neil faoi scéal casta ilghnéitheach na Plandála a insint.

sa mBaile san inD dé domhnaigh 29 iúil 21.30Téann beirt deirfiúracha as Conamara ar aistear fada go dtí an India chun aithne a chur ar ghaolta leo agus chun léargas a fháil ar an gcultúr an-dathúil, éagsúil agus iontach seo ar an taobh eile den domhan.

CÚla4: mr. menluan -aoine 9:10, ar cúla4 na nógTá an seó seo bunaithe ar na Leabhair “Mr. Men and Little Miss” a chruthaigh Roger Hargreaves. Bíonn eachtraí nua ag titim amach do mhuintir an bhaile seo gach lá. Is cuma má bhíonn tú sásta, cantalach nó dána, bíonn cara ag fanacht leat i gcónaí sa seó Mr. Men!

gaa BeoBeochraoladh ar an gCraobh Iomána faoi 21, urraithe ag Bord Gáis, le Micheál Ó Domhnaill agus Brian Tyers.Céadaoin 11 Iúil 19.15: Cluiche Ceannais LaigheanCéadaoin 18 Iúi l 19.15: Craobh na Mumhan, Luimneach v Tiobraid ÁrannDéardaoin 19 Iúil 19.15: Craobh na Mumhan, Port Láirge v An Clár

wimBleDonluan 25 Meitheamh - domhnach 8 iúilBeochlúdach laethúil agus buaicphointí gach oíche ar an gCraobh Leadóige is cáiliúla ar fad. Beidh an t-iomlán againn

mí iúil ar tg4

an samhraDh linn gach déardaoin 20.30, ó 5 iúil Tá Síle Ní Bhraonain ag taisteal na tíre arís an Samhradh seo ag láithriú seó spraíúil spleodrach. Is ar Bhaile Dhún na nGall i dTír Chonaill a thabharfaidh An Samhradh Linn aghaidh an chéad seachtain agus cuirfidh Síle go leor spraoi i bhur láthair. Beidh sí i gColáiste Bhun an Inbhir i nGaoth Dobhair chomh maith, áit ina mbeidh neart craic agus damhsa ar an sean-nós.

Page 31: NÓS 28 - Iúil 2012

* scÁileÁn

nós 31

TG4.tv • twitter.com/TG4TV • facebook.com/TG4TV flickr.com/TG4 • youtube.com/TG4

beo ar an aer, na réaltaí ar fad ó chian is ó chóngar, idir fhir is mhná. Is ar an Satharn 7 Iúil a imreofar Cluiche Ceannais Singil na mBan agus beidh Cluiche Ceannais Singil na bhFear ar bun lá arna mhárach. Craolfar clár buaicphointí gach oíche. Is iad Mac Dara Mac Donncha agus Brian Tyers na tráchtairí agus beidh an clúdach ar fáil freisin ar an Seinnteoir ar www.tg4.tv.

ToUr De franCesatharn 30 Meitheamh - domhnach 22 iúilTá an rás rothar is clúití agus is deine ar domhan ar ais linn arís agus beidh beochlúdach laethúil agus buaicphointí gach oíche ag TG4 ar an rothaíocht uilig sa 99ú Tour ar fad. Beidh Prologue ann mar thús agus ina dhiaidh sin 20 Céim, cuid acu ar a talamh réidh agus cuid eile ar shleasa na gcnoc agus go mullach an tsléibhre uaireanta, 3,497 cileaméadar ar fad. Is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn na tráchtairí agus beidh an clúdach ar fáil freisin ar an Seinnteoir ar www.tg4.tv.

rás aigéin volvosatharn 7 iúil 12:45Beochlúdach eisiach ar an rás cuain i gCuan na Gaillimhe. D’éirigh chomh maith sin le cuairt an Ráis seo ar Chathair na dTreabh i 2009 gur léir go mbeadh fonn ar an lucht eagair filleadh ar Ghaillimh agus tá a n-onóir is mó ar fad, críoch an Ráis, bronnta ar Ghaillimh an uair seo.

laoChra gael – na CoimhlinTí dé haoine 06 iúil 20.30A n Clá r v T iobra id Á ra n n 1997 - 2001: Caithfear súil sa chlár seo ar an gcoimhlint iomána a bhíodh idir An Clár agus Tiobraid Árann idir 1997 agus 2001. Bhuaigh an dá chontae Corn Liam Mhic Cárthaigh sna blianta sin. Cuirfear Ger Loughnane, John Costigan, Seán Bán Breathnach, Anthony Daly, John Leahy, Jamesie O’Connor agus Brendan Cummins faoi agallamh ar an gclár.

dé haoine 13 iúil 20.30Uladh Abú 1991 – 1994: Bhuaigh An Dún Corn Mhic Uidhir sa bhliain 1991. Bhí

sé 23 bliain roimhe sin ó bhuaigh aon f hoireann i gCúige Uladh Corn Mhic Uidhir.

dé haoine 20 iúil 20.30Gaillimh v Luimneach 1980 - 1981: Caithfidh an clár seo súil siar ar an gcoimhlint a bhíodh idir Gaillimh agus Luimneach san iomáint idir 1980 agus 1981. Beidh Conor Hayes, Sean Silke, Joe Connolly, Eamonn Cregan agus Liam O’Donoghue ag glacadh páirte sa chlár.

moTorsporT irelanDgach céadaoin 23.00Buaicphointí gach seachtain ar mhór-imeachtaí Samhraidh an spóirt seo/. Orthu sin i mí Iuil, beidh Rallaí Dhún na nGall, an Chraobh Tarmac agus Rallaí Foraoise Thiobraid Árann.

greyhoUnD viewgach déardaoin 21.00Buaicphointí, nuacht, agallaimh agus réamh-eolas ó shaol na rásaí con as comórtais i ngach cuid den tír.

Page 32: NÓS 28 - Iúil 2012

ón cholóiM go conaMara

nós

Beidh Sraith Dhomhanda Aill-tumadóireachta Red Bull ar cuairt anseo in Éirinn ag tús na míosa seo chugainn agus na tumadóirí is fearr ar domhan ag tarraingt ar Pholl na bPéist, Inis Mór, Árainn, lena scileanna mórthaibhseacha a léiriú. Ina measc siúd a bheas ag tumadh isteach in uiscí Gaelacha na hÉireann tá an Colómach, Orlando Duque, a bhí ag Caisleán Cheapach Corcóige, Conga, Maigh Eo, le déanaí ag ullmhú don mhórimeacht, a bheas ar siúl ag 2in Dé Sathairn 4 Lúnasa.

Grianghraf le Romina Amato

Page 33: NÓS 28 - Iúil 2012

nosmag.Com

Page 34: NÓS 28 - Iúil 2012

34 nós

teic

an éan é? an eitleán é?

Tá na mílte físeán ar líne de dhaoine ar fud an domhain ag déanamh rudaí craiceáilte san aer, ach seo ceann atá píosa beag éagsúil. Seachas fíordhuine a chur ag eitilt, dhearaigh na dúdannaí seo i Nua-Eabhrac trí eitleán mionsamhlacha i bhfoirm daoine agus sheol siad san aer iad os cionn an Úill Mhóir ag tús na bliana. Tá rud éigin draíochta ag baint leis na gluaiseachtaí a dhéanann siad agus le níos mó ná 8 milliún cnag faighte ag an fhíseán ar Youtube, is léir go bhfuil go leor eile faoi gheasa acu chomh maith.

www.youtube.com/watch?v=mutMlugWrp8

gach lá bím ag seofaláil!

Tá foireann NÓS an-tugtha do na físeáin iontacha a chuireann Coláiste Lurgan ar an Spidéal ar fáil gach bliain ach ní muidne amháin a bhfuil dúil againn sa cheann seo a d’eisigh siad i mí na Nollag seo caite. Tá breis agus 40.5 míle radharc ag an leagan Gaeilge de ‘Party Rock’ le LMFAO agus ba é Stiofán Ó Fearail a chuir a ghlór Gaelach leis an traic. Tagann na liricí go maith leis an bhunfhíseán agus tá ardchaighdeán fuaime ann a ligeann don bhreathnóir sult a bhaint as an cheol agus an greann.

http://vimeo.com/33217795

ní scian í sin...

Bhí go leor línte clasaiceacha ag Paul Hogan agus é os comhair an cheamara sa scannán Crocodile Dundee ach ní raibh mórán níb fhearr ná an freagra a thug sé ar an bhithiúnach áitiúil i Nua-Eabhrac a tharraing scian amach chun é féin agus Linda Kozlowski (ar phós Hogan í cúpla bliain ina dhiaidh sin) a robáil. Bhí a scian féin ag Mick na hiargúltachta ar ndóigh agus tá ómós tugtha don radharc clúiteach seo ag fir bheaga Lego - níl an scian chomh scanrúil le lann an scannáin ach tá sé greannmhar mar sin féin !

www.youtube.com/watch?v=681zvpfnkn8

cuId súl l

Téacsanna GIorraITHe a cHonaIc muId an mHí seo...

Page 35: NÓS 28 - Iúil 2012

* teic

nós 35

Thug na Gaeil taitneamh don fhocal scríofa riamh anall. Go deimhin is sa Ghaeilge atá an litríocht dhúchais is sine as iarthar na hEorpa.

Ó d’éiríomar cleachtaithe ar phoncanna is scríobanna a leagan ar ghalláin thugamar aghaidh ar lámhscríbhinní is ar an gcló Gaelach, is ansin léimeamar isteach ar an gcló Rómhánach. Anois agus ré na ríomhairí buailte linn, nochtann fadhb a bhí ag gach aon dream a bhreac an teanga ó bhí an tOgham ann; conas cur síos a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil taobh istigh de 140 nó 160 carachtar (twitter agus téacsanna faoi seach)?

Ó ba chrua an obair poncanna a ghreanadh i gcloch, agus go mba mhór an costas ar leathanach páipéir, tháinig na Gaeil isteach ar chórais ghiorrúcháin, ‘7’ in áit ‘agus’ nó ‘K’ don fhocal ‘cath’ mar shampla. An rud is déanaí atá ag dó na geirbe againn ná conas a rá go raibh oíche den scoth againn, nó nach raibh an scannán úd thar mholadh beirte is a bheith gearr, sciobtha leis.

Sa lá atá inniu ann is gá do theangacha dul i ngleic le saol na

teicneolaíochta le go gcuirfear ar aghaidh iad. Tá an oiread sin dár gcumarsáid ag tarlú ar líne anois go bhfuil gá againn leis na giorrúcháin seo leis an gcumarsáid sin a éascú.

Léiríonn úsáid fhorleathan roinnt de na frásaí seo beocht na teanga agus chuige sin is cóir dúinn iad a scaipeadh is a úsáid níos minice.

Táthar ann a cheapfadh gur chun aimhleas aon teanga atá a leithéidí seo ach tá dul amú millteanach orthu sin!

I ré seo na dtáibléad, na ríomhairí glúine, na bhfón is na ‘ríomhairí’ póca, tá gach teanga á modhnú féin, ag aistriú, ag iompú, is ag giorrú. Is dul chun cinn an méid seo. Tá an Béarla chun tosaigh ar gach teanga eile sa réimse seo, ach ná bíodh leisce orainne coinneáil suas leis.

Samhlaigh na seanGhaeil bhochta ag scríobadh go dóite ar chlocha seasta, scríobhfaimis an chéad tweet/twít/tbhaoit/ghiolc eile i gcuimhne orthu!

Cad iad na giorrúcháin a bhíonn in úsáid agat féin? Aon mholadh sa bhreis agat? Déan teagmháil le [email protected] nó úsáid iad ar Twitter le @murchadhmor

CainT na nDaoine aBÚe o i n p . ó M u r c h Ú

giorrÚcháin na gaeilgegrma - go raibh maith agatgrmma - go raibh míle maith agatcgl - ceart go leorgml - gabh mo leithscéalldt - le do thoilbld - buíochas le diafmt - feicfidh mé túgoa - gáire os ardasg - ag scairteadh gáireds - deireadh seachtainedas - dála an scéilmaf - maith an fearomd - ó mo dhialch – leathanachtbo - tá brón ormv- bhíWil - bhfuil7n - seachtainn8 - anochtcf - cén fáth?7 nó s – agussiv – sibh6 - sésgf - slán go fóilla# - a thaisce (nílim iomlán cinnte faoin gceann seo ach is breá leis na hultaigh é!)bmtag (lMfao) - briseadh mo thóin ag gáirenasaa (yolo) - níl ach saol amháin agatréamhól - predrinkingcadever - whatevsbrónsies - sozfréigniú - frapesabháiste cabáiste - savage cabbage

Page 36: NÓS 28 - Iúil 2012

* teic

36 nós

Tá Windows 8 ag druidim linn agus don bhreathnóir neodrach ar chúrsaí teicneolaíochta is beag nuacht níos deise a bhí ann le fada, fada an lá.

Cheana féin is féidir réamhamharc saor-in-aisce a fháil ar thodhchaí Microsoft trí leagan réamh-eisiúna a íoslódáil óna suíomh féin agus beidh an leagan iomlán ar fáil sna siopaí roimh dheireadh na bliana.

An chúis a bhfuil Windows 8 chomh suimiúil sin, i ndáiríre, ná Apple.

Is dócha go bhfuil a fhios ag cách anois go bhfuil an iPad i ndiaidh lucht leanúna ollmhór a mhealladh mórthimpeall na cruinne.

In ainneoin na n-iarrachtaí is fearr ó Google, Samsung, Motorola agus na comhlachtaí sin uilig, gan trácht ar iarrachtaí Microsoft deich mbliana ó shin, tá éirithe le Apple an chéad táibléad a chur ar díol a bhfuil an saol mór i ndiaidh glacadh leis.

An fhadhb atá ann anois do chomhlachtaí eile, agus do Microsoft ach go háirithe, ná go bhfuil an-chuid den ríomhaireacht ‘thraidisiúnta’, a rinneadh le fada an lá ar bhogearraí Microsoft amháin, anois ag tarlú ar ghléasanna cosúil leis an iPad.

Agus nuair a deirimid gléasanna ‘cosúil’ leis an iPad, is é atá i ndáiríre i gceist ná an iPad féin.

Is beag éifeacht a bhí ag táibléad ar bith eile ar an margadh go dtí seo.

Tarraingt na dtáibléadTá cúis iontach maith go bhfuil daoine ag casadh i dtreo na dtáibléad mar seo.

Is é sin, go fíor-shimplí ar fad, go bhfuil siad níos deise.Cinnte sa chás go bhfuil léitheoireacht le déanamh, is

fearr i bhfad táibléad seachas ríomhaire glúine nó deisce, go háirithe mar gheall ar an gcaighdeán scáileáin atá anois ar an iPad (ba chóir go bhfeicfear scáileáin eile dá leithéid sin ar tháibléid eile go luath).

Mar aon leis sin tá teacht ar leagan táibléid de an-chuid irisí anois, go háirithe ar an iPad, agus cuma níos deise ná fiú an leagan clóite ar an-chuid acu (Beidh NÓS ansin roimh i bhfad – Eag).

Más léamh amháin a bhí i gceist áfach, ní bheadh cúis mhór imní ann do na comhlachtaí uilig nach Apple iad, ach tá táibléidí, agus an comhéadan tadhail a ghabann leo, i bhfad níos oiriúnaí do leithéidí Twitter agus Facebook

fUinneogna ToDhChaí?

Tá an leagan is úire den chóras oibriúcháin Windows ag brath ar na táibléid ar a mbeidh sé in úsáid, dar le Diarmuid ó Muirgheasa

Page 37: NÓS 28 - Iúil 2012

* teic

nós 37

chomh maith. Tá cluichí ag gluaiseacht i dtreo na dtáibléad freisin, agus cé gur mheas an-chuid daoine fiú bliain nó dhó ó shin nach raibh aon mhaitheas i dtáibléid d’aon saghas obair tháirgiúlachta, táimse le tamall anois ag déanamh mo chuid scríbhneoireachta ar scáileán tadhail an iPad agus gan aon mhór-fhadhb agam leis, agus níl mé liom féin.

Tá chuile saghas sás nó app anois ar fáil do gach sórt oibre, agus níos mó agus níos mó tá obair cheart á déanamh ag daoine ar tháibléid.

Slánú Microsoft?Mar sin cé go bhfuil céadtadán iontach mór den mhargadh ríomhaireachta ag Microsoft go fóill, n’fheadar cén saolré atá fágtha ag an domhan sin ina bhfuil ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine fós i gceannas.

Ó thaobh na dtáibléad de, níl Microsoft faoi láthair fiú san iomaíocht, agus tá sé sin ar eolas go maith acu.

Sin an chúis a bhfuil Windows 8 dírithe go hiomlán, nach mór, air sin a réiteach.

Is córas oibriúcháin é atá dírithe ar chic mór sa tóin a thabhairt do Apple agus don iPad, agus níl i ríomhairí deisce agus ríomhairí glúine ach cuid bheag den chothromóid. Ní gá bheith i do Einstein le tuiscint go bhfuileadar ag dul sa tseans leis an straitéis seo.

Cinnte beidh Windows 8 go breá ar ríomhairí deisce, agus ar tháibléid, ach an mbeidh sé maith a dhóthain i gceachtar den dá áit?

An rachaidh daoine i dtaithí ar na hathruithe móra atá le teacht?

Agus ag caint orthu sin tá deireadh leis an gcnaipe Start, mar shampla, agus cé bhfuil an ‘desktop’ traidisiúnta fós ann, is é an comhéadan ‘Metro’ anois an chéad rud a fheicfidh tú i ndiaidh do ríomhaire

a chur ar siúl.Arís tá sé seo dírithe go mór ar tháibléid, agus arís

chuirfeá an cheist: an rachaidh úsáideorí traidisiúnta i dtaithí air sciobtha a dhóthain nach gcasfaidh siad ar rud éigin eile? Ar ríomhairí deisce ó Apple, fiú?

Geallúintí móraAr ndóigh braitheann an-chuid ar cén saghas táibléid atá in úsáid agat. An mbeidh táibléid Windows 8 ar chomhchaighdeán leis an iPad? Cad faoi shaolré an chadhnra?

Tá caint mhór á déanamh ag Microsoft.Deir siad go mbeidh na gléasanna gasta, na cadhnraí

mór a dhóthain agus go mbeidh chuile rud ullamh le dul i mbun troda leis na hiarrachtaí is fearr ó Apple.

Muna mbíonn, beidh Microsoft i dtrioblóid mhór.Ní bheidh deireadh leo thar oíche nó faic mar sin, ach

tá an domhan iomlán ag gluaiseacht ar aghaidh anois i dtreo teic atá soghluaiste, agus munar féidir le Microsoft bheith páirteach ann is deacair samhlú go bhfillfidís riamh ar na

laethanta órga.

Page 38: NÓS 28 - Iúil 2012

38 nós

Bhí foireann na hÉireann an-leamh, go bhfóire Dia orainn, le linn Chraobh na hEorpa. Bhí an imirt lag. Bhí níos mó seans agam féin cúl a scóráil ná mar a bhí ag Robbie Keane,

ná bí ag caint ar fhear Loch Garman, Kevin Doyle (meas tú ar chuir nuacht faoi fhadhbanna cánach Mick Wallace isteach air?).

D’fhéadfadh rudaí a bheith a bhfad níos measa.Ní raibh Roy Keana ag imirt – ó gabh mo leithscéal,

ag éirí mí-fhoighneach, páistiúil agus ag gearán nach raibh a mhadra ina theannta!

Ach d’fhéadfadh rudaí a bheith a bhfad níos measa.Níl folt gruaige ar nós folt álainn, aoibhinn Wayne

Rooney ag éinne des na himreoirí. Is cuimhin liom a bheith ag breathnu ar Jimmy ‘Whirlwind’ White ag imirt snucair tar éis dó trasphlandú gruaige a fháil. Stop mé ag breathnú ar a chuid imeartha agus thosaigh ag féachaint an raibh ribí gruaige ag titim amach.

Sílim gur sin atá ar bun ag comrádaithe Rooney agus dá bharr níor shroich an liathróid é riamh – nó sin an leithscéal a bhí á ofráil aige dúinn.

D’fhéadfadh rudaí a bheith i bhfad, i bhfad níos measa.Ar a laghad níl Richard Dunne ag sodar i ndiaidh mná

céile a chomrádaithe.Nó níos measa fós! Ar a laghad níl Seán Naomh Leger ag

dul os comhair cuairte toisc ‘fucking n….r’ a ghlaoch ar dhuine

dá chomhimreoirí.Ní ró-fhada ó shoin go raibh post an bhainisteora ar

bhonn páirtaimseartha. Níl sé ró-fhada ó bhí ‘croneyism’ dochreidte ag baint leis an FAI agus gur chuma leo faoi na himreoirí.

Is minic go raibh níos mó oifigeach de chuid an FAI ag taisteal chuig na cluichí idirnáisiúnta. Thógfaidís earraí leo le díol ar an margadh dubh agus ansin chaithfidís an t-airgid ar striapaigh! Posh!

Ní ró-fhada ó shoin nár shroich an fhoireann aon chraobh riamh. Bhí orainn brath ar fhoireann an Tuaiscirt chun aon dath glas a fheiscint i gcraobh idirnáisiúnta.

Agus ba é an ‘tÉireannach’ Gary Mackay ag scóráil cúl dos na hAlbanaigh i gcoinne na mBulgárach a chuir chun na Gearmáine sinn i 1988.

Tá fadhbanna ag an bhfoireann – beagán ar nós na foirne rugbaí – is é sin nach bhfuil na himreoirí maith go leor! Ionraic mar imreoirí, cinnte. Ionraic mar iomaitheoirí cinnte. Ach teoranta.

Ceapadh i gcónaí go mbeadh foireann níos láidre ann mura mbeadh deighilt foirne ann.

Ó thús an tSaorstáit go dtí tús na seascaidí bhí foireann an deiscirt agus an tuaiscirt ag roghnú na n-imreoirí céanna. Smaoinigh nach bhfuil ach ceithre spórt ar an oileán deighilte.

Tá caint leanúnach ann faoi fhoireann uile-Éireann a

d’fhéadfadh rudaí bheith níos measa

leabhair

Page 39: NÓS 28 - Iúil 2012

* Leabhair

nós 39

Anois mar is eol do dhuine ar bith a raibh sé de dhualgas orthu mo chuid stuif a phrofléamh agus a chur in eagar, ní dlúthchairde mé féin agus an síneadh fada, i bhfírinne tá

mé den sean-déanamh, iad siúd a deir “if in doubt, leave it out”.Agus ní bhím gan dabht ró-mhinic.Cosúil lena lán scríbhneoirí braithim ar eagarthóirí

agus fo-eagarthóirí le cuma chiallmhar a chur ar mo chuid rámhaillí (nod don eolach, tá leath an ailt seo scríofa i meascan de Klingon agus Gaeilge Mhín an Chladaigh ach beidh sé soléite agaibhse nuair a léann sibh é, a bhuíochas don eagarthóir).

Tá mana agam, dá mba rud é gur mhian le Dia muid litriú ceart agus gramadach a fhoghlaim, ní chruthódh sé fo-eagarthóirí.

Ach is suimiúil an leabhar é Our Fada, agus tugann sé chun solais an tábhacht a bhaineann leis an diabhal síneadh fada, le thart fá 3,000 sampla chomh maith le habairtí beaga greannmhara.

Tharla agus mé ag póirseáil fríd an leabhar seo gur tháinig mé ar leathnach 52, atá mar a tharlaíonn sé díreach i ndiaidh leathnach 51 agus roimh leathnach 53, agus chuir sampla ansin scéal i gcuimhne dom:

Lá den tsaol bhí mé faoi agallamh ar Blas BBC Raidió Uladh agus chuir an láithreoir in aithne mé mar “Dónall Mac Giolla Coill [sic]”.

Ar an toirt tháinig strainc ar aghaidh an léiritheora, agus ghlac mise leis ó tharla gur mé an t-aon duine san ollchruinne ar féidir leis m’ainm a rá i gceart nach raibh ann ach mion-mheancóg foghraíochta.

Ach ar leathnach 52 tá seo leanas: Coill - Wood, forest. Geld, castrate. Violate, despoil. Eg coil choill as gen. of coll Hazel.

Agus faoi: Cóill - Gaelic family names: Ó Cóill, Mac Cóill, Mac (Giolla) C(h)oil. OrigionyMac Giolla Chomhghaill meaning a devotee of St. Comhghall (translit. =Cole, Coyle, Cowal & Mac Cool)

I ndiaidh dom sin a léamh, thuig mé nach raibh an bhean bhocht ag spochadh asam (déanfaidh an té atá eolach miongháire anseo!) ach nár chuala sí mo shloinne i gceart.

Tá ábhar léitheoireachta agus macnaimh sa leabhar seo, agus tábhacht lena leithéid.

Thig linn uilig a bheith falsa agus muid i mbun pinn, agus is cinnte cibé atá ag léamh seo nach n-aithneoidh said séimhiú nó síneadh fada in easnamh, ach gurbh é an eagarthóireacht a rinneadh air roimh fhoilsiú.

Fágfaidh mé sibh le sampla eile ó leathanach 66 den leabhar a léiríonn chomh contúirteach i gcásanna áirithe is atá ár síneadh fada:

Donn, doirse ón donáil! Noble one, silence your wailing – Dónn doirse ón Dónall Doors burn from the happy-go-lucky fellow.

d’imir mar ‘Shamrock Rovers’ i gcoinne na Brasaíle agus chaill 3-2 sa bhliain 1973. B’fhoireann uile-oileánda í agus léiríodh go raibh fonn ar imreoirí imirt le chéile.

Tá gluaiseacht mhall ina threo – Corn Setanta mar shampla nó foireann Doire ag imirt i Léag na hÉireann – agus bhí caint ann tráth go ndéanfadh Donegal Celtic agus Newry Town amhlaidh.

Airgead agus a easpa a chuirfidh na foirne ag imirt i Léag uile-Éireann. Theip ar Mhuineachán roinnt seachtainí ó shoin agus is cinnte go mbeidh ceann de Salthill Devons agus Mervue Utd imithe sara fada chomh maith.

Tá an-chuid agus níos mó i leabhar Peter Byrne, Green is the Colour, faoi shacar na hÉireann. Níl go leor ann domsa

faoin Tuaisceart ach tá an-léamh ann faoi thús an chluiche seo in Éirinn.

Sílim go mbainfidh tú níos mó taitnimh as an leabhar seo ná mar a bhainfeá as breathnú ar fhoireann an deiscirt nó an tuaiscirt go ceann tamaill eile.

r. ó snodaigh agus M. ó domhnaill - our FadacoiscéiM

Léirmheas le Dónall Mac Giolla Chóill

gura fada buan thú

peter byrne - green is the colourandre deutsch

Léirmheas le Ferdia McCartan

Page 40: NÓS 28 - Iúil 2012

40 nós

meaTh namór-fhéilTe

* Ceol

saol

Page 41: NÓS 28 - Iúil 2012

* saol

nós 41

meaTh namór-fhéilTe

Tá samhradh bríomhar faoi lán seoil fós le féilte, feiseanna agus fleánna go leor ar siúl ach níl sé díreach mar a bhí séasúr na bliana seo caite.

An fáth leis seo ná go bhfuil cuid mhór de mhuintir na tíre ag cóisireacht anois san Astráil nó i SAM agus bhí roinnt eile againn sa Pholainn ar na mallaibh (ná labhraímis faoi chúrsaí sacair).

Agus is fiú an turas trasna na farraige go Sasana a lua chomh maith, ach go háirithe leis na cluichí Oilimpeacha ar an bhealach.

Bhíodh sé de nós ag go leor de mhuintir hÉireann roimhe seo ar ndóigh taisteal go dtí an taobh eile den tír chuig féilte móra i rith an tsamhraidh ach tá sé le sonrú nach bhfuil an scéal díreach mar an gcéanna i mbliana.

Tá sé le feiceáil sa Bhreatain fosta, áit ar ghnách linn aghaidh a thabhairt uirthi go minic le haghaidh ceolchoirmeacha.

Gan Oxegen anseo, ná Sonisphere ná The Big Chill i Sasana, tá an chuma ar an scéal go bhfuil féilte móra ag streachailt ar fud na háite de bharr an chúlaithe eacnmaíochta.

Ní raibh an t-éileamh ann le haghaidh an Titanic Lockdown i mBéal Feirste ach an oiread (bhí orthu na himeachtaí ar fad a chur ar ceal ag tús Meithimh), ní ba luaithe i mbliana d’fhógair Summer Sessions i mBaile Átha Cliath nach mbeadh sé ann agus shocraigh fiú Glastonbury sos a ghlacadh i 2012 chomh maith.

Mheas bunaitheoir na féile clúití sin, Michael Eavis, go raibh todhchaí neamhchinnteach ag a leithéid d’imeacht.

“Tá cuid den fhadhb ag baint le cúrsaí eacnamaíochta ach b’fhéidir go bhfuil daoine ag smaoineamh go bhfuil sé seo go léir feicthe acu roimhe,” arsa sé.

“Seans nach mbeidh ach trí bliana nó mar sin fágtha de.”Tá roinnt mhaith féilte nach bhfuil chomh cáiliúil sin

buailte fosta - ní bheidh Féile Scannánaíochta Maureen O’Hara in iarthar Chorcaí i mbliana agus ní

bhfaighimid blas dá bhfuil ann ag Chillifest ó thuaidh.Seans go bhfuil barraíocht féilte ann, nó nach bhfuil go

leor grúpaí móra tarraingteacha ann le go mbeadh ceolchoirm d’ardchaighdeán gach áit, ach tá ag éirí le cuid acu mar sin féin.

An ghné is coitianta atá acu sin a bhfuil rath éigin orthu an samhradh seo ná gur féilte níos lú iad atá níos saoire mar nach gá duit íoc as an éagsúlacht mhór a chuir leithéidí Oxegen ar fáil roimhe seo.

Sna blianta a chuaigh thart ghabh Oxegen gach grúpa maith gan mórán a fhágáil do na himeachtaí eile, rud a d’fhág

Tá na féilte ollmhóra ag streachailt ach tá borradh áirithe faoi na mionfhéilte áitiúla, a deir Ian Mac Murchaidh

Page 42: NÓS 28 - Iúil 2012

* saol

42 nós

corcaighindiependence festivalBaile Mhistéala, 3-5 LúnasaFeeder, 2 Many DJ’s, Scroobius Pip,Beardyman, Sabre, Royseven, Ham Sandwich, Bitches with Wolves srl.

uíbh fhailíCastlepaloozaTulach Mhór, 3-5 LúnasaThe Charlatans, Ghostpoet, King Charles, Jape, Solar Bears srl.

aontroimTennants vitalBéal Feirste, 21-22 LúnasaFoo Fighters, The Black Keys, The Minutes, The Stone Roses, Florence + the Machine, Rodrigo Y

Gabriela srl.

cabhánfleadh Cheoil na héireann 10-20 LúnasaComórtais agus scoth an cheoil trad agus spraoi.

laoiselectric picnic 31 Lúnasa - 2 Meán Fómhair The Cure, The Killers, Elbow, Sigur Rós, Christy Moore, Glen Hansard, Ed Sheerin srl.

bácpáirc mharlay23 Lúnasa, David Guetta, Benny Bennassi, Rozzle Kicks srl.25 Lúnasa, Van Morrisson, Tom Jones, Bobby Womack

go raibh sé i bhfad Éireann ró-chostasach le cúpla bliain anuas (thart ar ¤240 nó mar sin).

Tá praghsanna mar seo as dáta anois dar le custaiméirí.I gcomparáid leis sin, tá lucht ceoil ag sábháil go leor

airgid ag leithéidí The Sea Sessions i mBun Dobhráin nó Indiependence Festival i mBaile Mhistéala nó ag féile nua Chathair na Mart nó ag Tennants Vital i mBéal Feirste.

Agus ag deireadh an lae ní fhéadfá freastal ar na céadta de na bannaí “is fearr leat” (nach bhfuil ach b’fhéidir amhrán maith amháin ag 75% acu) taobh istigh de 3 lá ar aon nós.

B’fhearr éisteacht leis an cheol ina bhfuil dúil mhaith agat gan íoc as gach grúpa eile chomh maith.

Sular tháinig Oxegen ar an saol, nó Witness mar a bhí air roimhe, ní raibh aon imeacht sa samhradh cosúil le ceolchoirm Shláine, agus tá go leor cosúlachtaí idir sin agus imeachtaí an tséasúir seo – cuirtear béim ar chúpla grúpa mór, ar lá amháin, ar ardán amháin.

Is dá bharr sin gurb é seo samhradh na bhféilte áitiúla in áit na bhféilte ollmhóra.

Agus fianaise tugtha gur féidir le féilte níos lú nideog rathúil a aimsiú dóibh féin sa timpeallacht reatha, is í an cheist atá ann anois ná an bhfeicfidh muid féile shamhraidh Ghaeilge áit éigin le cur leis an chraic a bhíonn againn uilig ag an tSamhain?

féilTe agUs CeolChoirmeaCha - lÚnasa

Page 43: NÓS 28 - Iúil 2012

NÍ THAGANN TADA GAN IARRACHTMUISE, NÍ RAIBH AN TÉ A DÚIRT SIN AG MAGADH

Page 44: NÓS 28 - Iúil 2012

* saol

44 nós

Toil agUs ToraDhsé mhí ó shin chinn caitlín Nic Íomhair go dtabharfadh sí

faoi aiste bia nach ligeann duit ach torthaí agus glasraí

amha a ithe. seo a tuairim faoin toradh...

maith domh as a bheith mórtasach, ach tá mé an-mhaith chuig detox.

Faraor géar, tá mé níos fearr fós chuig retox, rud a fhágann gur minic mé caite ar an tolg ag olagón gur osclaíodh an darna buidéal aréir.

B’shin go díreach an dóigh a bhí orm i mí Eanáir na bliana seo: spadánta agus cantalach tar éis drabhlás na Nollag, agus ceo intinne ag cur bac ar mo chuid smaointe.

Chinn mé gur theastaigh sos ó bhabhlaí móra pasta is ó ghloiní móra Chianti, agus théis babhta Googlála tháinig mé ar aiste radacach bia.

Page 45: NÓS 28 - Iúil 2012

* saol

nós 45

Deirtear fúithi gur féidir léi saol is sláinte a athrú ó bhun go barr, tuirse a ruaigeadh, agus fiú galair mhóra thromchúiseacha ar nós na hailse agus an diaibéitis a leasú.

Seans gur chuala tú caint cheana ar ‘raw foodists’, nach n-itheann aon cheo a theastaíonn teas thar 47 céim lena réiteach (ceaptar go maraítear mionraí ag teocht níos airde ná sin).

Céim eile níos doichte ná na toraitheoirí, nó ‘fruitarians’, nach n-itheann ach torthaí, glasraí, cnónna agus síolta.

Tá an stíl beatha seo i mbéal an phobail faoi láthair agus cúpla toraitheoir páirteach sna Cluichí Oilimpeacha.

Aclaí is ea An Dr. Doug Graham, fear cumtha na haiste bia a bhfuil na míorúiltí thuas luaite léi. Dar le Graham nár chóir tada a ithe nach bhfuil mealltach ina stad bunaidh, i. gan teas nó blas a chur leis.

Ar phlean s’aige, ar a dtugtar ‘80-10-10’, itear 10% dár gcalraí ó gheir, 10% ó phróitéin agus an 80% eile ó charbaihiodráit - a mhalairt ghlan den Atkins Diet ar chuala muid an oiread sin faoi cúpla bliain ó shin.

Bíonn an bia amh, veigeán, agus bunaithe go mór (95%) ar thorthaí milse. An 5% eile, bíodh dornán cnónna agus glasraí go flúirseach ann. Sin é.

Sásaíonn torthaí do riachtanais fuinnimh agus glasraí na mion-mhionraí.

Dar le Graham nach bhfuil gann in 80-10-10 ach dhá rud: vitimín D2 le linn an gheimhridh (faightear ón ghrian é nuair a nochtann sí í féin) agus vitimín B12, muna mbíonn caighdeán na hithreach ina bhfástar plandaí an-fholláin.

Cén fáth sa diabhal an leanfadh éinne aiste bia chomh cúng sin?

Tá scéalta dochreidte maith faoi dhaoine a thug faoi agus a chur tús le saol úr sláintiúil. Taispeánann clár faisnéise amháin gur féidir diaibéiteas a chur siar taobh istigh de 30 lá.

Ceaptar gur féidir mórán an rud céanna a dhéanamh le galar croí. Is cosúil go bhfuil ceangal idir feoil agus ailsí áirithe, ar féidir iad a sheachaint, smachtú, is a leasú féin go nádúrtha trí bhia.

Tá YouTube breac le scéalta faoi dhaoine a tháinig slán ó ghalair éagsúla agus a chaill mórán meáchain ar 80-10-10.

Deirtear go dtagann feabhas ar an aigne chomh maith leis an cholainn - ó ghlinne intinne go ‘emotional poise’, cibé cad é sin, araon le feabhas ar mhianta agus chumas collaí (más fíor).

Creideann údar amháin fiú gurb í an bheatha an lúb ar lár idir an cine daonna agus síocháin domhanda.

Dar leis gur minic lorg an fhoréigin agus na forála ar bhéile; fulaingíonn leath den domhan - daoine, ainmhí, timpeallacht - as a gcuireann muidne ar ár bplátaí.

Tá cuid de na hargóintí seo tromchúiseach go leor agus cuid eile rud beag amaideach.

Mar sin féin, mealladh mé nuair a léigh mé gur chuir daoine feabhas ar radharc a súile le 80-10-10.

Chinn mé go mbainfinn féin triall as ar feadh bliana,

agus sé mhí anonn mothaím go bhfuil cuid mhaith le moladh.Ní dheachaigh mé chuig an radharceolaí go fóill, ach

airím seacht n-uaire níos bríomhaire, cé nach gcreidim go gcaithfear achan rud a dhíbirt seachas torthaí agus glasraí le sláinte a fheabhsú.

Mothaím níos suaimhní agus níos fócasaithe – ach é sin toisc gur dhíbir mé (nach mór) an t-ól is an caife seachas aon athrú spioradálta, dar liom.

Níl aiste bia ar bith gan locht, agus tá duáilcí an chinn seo measartha soiléir. Bíonn torthaí aibí blasta agus dathúil, ach doiligh le haimsiú agus réimse measartha cúng ar fáil.

Muna dtiteann tú as an wagon corruair ní thaobhóidh tú bialann nó pub aríst go brách: caithfidh an chothromaíocht cheart a aimsiú idir solúbthacht agus barraíocht.

Is olc agus is maith liom simplíocht an bhia; fíor-fast food é toradh ach airím laethanta fada sa chistin uaim fosta.

Ní fhásann formhór an bhia in Éirinn – slán, a phrátaí dílse m’óige - rud a chiallaíonn gur deacair tacú le gnó áitiúil in am seo an ghátair, agus go mbíonn lorg carbóin millteanach mór agat.

Deirtear gur fearr ná gnáth-bhia é don timpeallacht, lena bhfuil d’uisce agus gráinne curtha amú ag beathú ainmhí, agus an t-uafás meatáin agus caca fanta ar an fhód i ndiaidh na gréithe a ní.

Fiú más fíor sin, áfach, deirtear go mbíonn na comhlachtaí móra torthaí ina jungle capitalists fíochmhara, rud a luíonn ar mo choinsias go trom.

Tá pobal na dtoraitheoirí beagáinín ait fosta; fir mhóra macho ag taobhú le hipíthe agus formhór acu chomh gafa lena sláinte go mbíonn siad mós tur.

Faoi dheireadh, is cuma cén sórt smalcaire tú féin, níl sé éasca go leor torthaí a ithe le bheith ar barr do shláinte, ach má éiríonn leat...

Page 46: NÓS 28 - Iúil 2012

noaejbs

gasnboe

folÚnTaisréabhlÓidí ilchumasach

tá duine fuinniúil samhlaíoch ag teastáil chun cabhrú le nós forbairt sa tréimhse amach romhainn. bheadh an té seo bainteach le gach gné den tionscadal ceannródaíoch ach le freagracht ar leith as margaíocht agus cur chun cinn an fhoilseacháin.

is post páirtaimseartha é seo atá lonnaithe i mbéal feirste go príomha ach le féidearthacht ann aistriú go baile átha cliath tar éis tamaill.

Má tá suim agat ann, má tá gaeilge ar ardchaighdeán agat agus má tá paisean agat do na meáin ghaeilge, cuir rphost chuig [email protected] roimh 3 lúnasa 2012.

tá nós beo mar gheall ar na daoine díograiseacha sin a chuidíonn leis an iris ar bhonn deonach mí i ndiaidh míosa. tá buiséad teoranta againn agus gan an obair thábhachtach seo ní bheadh muid ar an bhfód.

chun iris mhíosúil den scoth a chur amach inár dteanga féin tá scríbhneoirí, grianghrafadóirí, smaointeoirí, lucht bolscaireachta agus tuilleadh ag teastáil... Má thaitníonn nós leat agus má cheapann tú gur féidir leat cabhrú linn in aon bhealach, gabh i dteagmháil linn ar [email protected] in am ar bith.

baill airm nÓs

Page 47: NÓS 28 - Iúil 2012

glac síntiús linnput nÓs in your hands

roghnaigh síntiús:éire €50 / £40sasana, alba, cymru £50an eoraip €80cuid eile den domhan €90

+ faigh gach eagrán sa phost gach mí.+ sábháil 17% ar phraghas clúdaigh na hirise.+ bí ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta nÓs.

+ íoc anois ar líne le cárta creidmheasa trí paypal ag www.nosmag.comnó le seic/ordú poist do nÓs leis an bhfoirm seo thíos.

ainm / name:

seoladh / address:

rphost / email:

fón / phone:

nÓscultúrlann Mcadam ó fiaich216 bóthar na bhfálbéal feirstebt12 6ah

Page 48: NÓS 28 - Iúil 2012

*

* TaisTeal

48 nós

Breis agus 20 bliain tar éis titim an bhalla Eorpaigh is clúití riamh (gabh mo leithscéal Haidrian), tá príomhchathair na Gearmáine ag borradh go beoga bríomhar.

Is cathair í Beirlín atá lán le stair ar ndóigh ach tá saol corraitheach cultúrtha inti le neart deiseanna ragairne agus spraoi – más sin atá uait, tá Beirlín gan sárú.

Áit ollmhór í a bhfuil ar a laghad seachtain de dhíth chun í go léir a fheiceáil agus aithne cheart a chuir uirthi.

Is é an chéad rud a thugann tú faoi deara ná go bhfuil Beirlín ag cur thar maoil le hiontais. Geata Brandenburg, an Reichstag, an Tiergarten, an Balla, Checkpoint Charlie – sin na cinn is mó aithne ach tá i bhfad Éireann, nó i bhfad Beirlín ba chóir a rá, níos mó ná sin ann. Tá siad gan chuimse.

Iontas na n-iontasIs dóigh gurb é Geata Brandenburg an t-iontas is mó aithne sa chathair. Is comhartha na cathrach é agus is áille an geata é. I bhfochair an gheata, tá an Reichstag (Arás an Bundestag) agus sa cheantar céanna tá an Denkmal für die ermordeten Juden Europas (Cuimhneachán do na Giúdaigh Eorpacha a Dúnmharaíodh).

Seo machaire ar a bhfuil breis agus 2,700 leacán tógtha air chun na milliúin Giúdach ar dhúnmharaigh na Naitsithe iad i rith an Dara Cogadh Domhanda a chomóradh. Tá na leacáin leagtha amach i dtreasa agus is féidir siúl eatarthu. Shílfeá gur ait an bealach é chun na daoine a dúnmharaíodh a chomóradh mar go bhfuil cuma ghruama dhuairc ar na leacáin agus téann an duairceas sin i bhfeidhm ort agus tú ag siúl tríd.

Níl Checkpoint Charlie rófhada ón séadchomhartha sin.

Buail trasna chuig an taobh thoir den chathair chuig an Fernsehtrum atá lonnaithe gar do Alexanderplatz a fheiceáil.

Thóg rialtais an DDR (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine) sna 1960í é chun a léiriú cá mhéad dul chun cinn a bhí déanta acu agus freisin chun a gcumhacht a thaispeáint d’iarthar Bheirlín mar ba é, agus is é fós, an foirgneamh is airde sa chathair.

Is éard is brí le Fernsehtrum ná túr cianamharcaíochta. ‘Cianamharcaíocht’ an chéad fhocal a bhí ann i nGaeilge ar theilifís agus is crann an-ard tarchurtha teilifíse é seo maille le hionad inar féidir Beirlín ar fad a fheiceáil ó ard san aer. Is oiriúnach an cur síos é túr cianamharcaíochta mar feidhmíonn sé mar chrann tarchurtha teilifíse agus mar ionad faire ag an am céanna.

Agus tú i bhfochair an Fernsehtrum, siúl chuig Alexanderplatz agus féach ar an gclog spéisiúil atá ann. Glaoitear Weltzeituhr air agus is aisteach agus iontach an clog é! Is cineál dealbh é ar a bhfuil aimneacha cathracha éagsúla ar fud na cruinne scríofa. Ar mhullach na deilbhe tá cnuasach de chruinneáin atá mar léiriú de na plainéid agus iad ina bhfithis agus is nós do mhuintir na cathrach coinní a dhéanamh bualadh ag an gclog.

I measc na n-iontas eile ar chóir cuairt a thabhairt orthu ná an Tiergarten. Is fearann ollmhór é seo i lár na cathrach ina bhfuil garraí na n-ainmhithe agus an Siegessäule (Colún an Bhua). Sin an séadchomhartha ar a bhfuil aingeal órga ar a mhullach a bhí le feiceáil sa bhfíseán don amhrán ‘Stay’ de chuid U2.

Is fiú go mór dul chuig Schloss Charlottenburg in

BeoChT Bheirlín

lena meascán den stair agus den saol comhaimseartha, tá

príomhchathair na Gearmáine deacair a shárú

* Ceol

taisteal

Page 49: NÓS 28 - Iúil 2012

*

* TaisTeal

nós 49

iarthar na cathrach freisin, bruíon nó pálás gleoite í seo le seomraí agus garraí galánta ann.

180 iarsmalannIs deacair é a shamhlú ach tá 180 iarsmalann éagsúla i mBeirlín - Conas a thig le duine ar bith cuairt a thabhairt orthu uile riamh?

Tá oileán acu darbh ainm Museumsinsel (Oileán na nIarsmalann) ar a bhfuil cúig iarsmalann agus dánlann bailithe le chéile in aon cheantar amháin. Is iad na hiarsmalann is tábhachtaí agus is mó i mBeirlín. Tá na hiarsmalanna seo ag cur thar maoil le hiarsmaí ársa ó shuíomhanna éagsúla ar fud na cruinne.

B’fhéidir gurb é Pergamonmuseum an ceann is iomráití de bharr an altóir ghalánta ón Tuirc ann agus an Geata Ishtar ón Bhablóin.

Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Iarsmalann an DDR atá suite in oirthear na cathrach (ar ndóigh). Is iarsmalann nua-aimseartha é seo chun tuiscint a fháil ar conas mar a bhí an saol ag daoine i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine sular theip uirthi in 1989. Tá sí lán le léaráidí, mionsamhlacha agus taispeántais idirghníomhacha chun an phoblacht seo, a shíl go leor bheith urchóideach, a léiriú.

Tá lán cead ag daoine a láimhe a leagadh ar na taispeántas agus nithe a bhraith. Taitneoidh sé go mór le cách.

Saol agus siamsaAr a bharr seo, tá Beirlín i gcroílár an tsaoil chomhaimseartha agus is áit lárnach í le haghaidh na cruthaitheachta, na

n-ealaíon agus cultúr na gcaiféanna. Tá an nua taobh leis an sean agus má tá tú chun seal a chaitheamh i mBeirlín, is fiú blas a fháil air seo agus béile ceart Gearmánach a chaitheamh.

Moltar go mór duit bualadh isteach sa bhialann Nante-Eck ar an tsráid mhór Unter den Linden i gceartlár na cathrach. Caitheann na freastalaithe feistis dhúchasacha agus is bia Gearmánach amháin a dháiltear. Tá an bia breá folláin agus líonfaidh sé go draid thú!

Ba chóir freisin buidéal de Zille’s Fassbrause a cheannach agus a ól. Is deoch neamhmheisciúil é agus is deacair an blas a mhíniú ach beidh fonn ort é a ól arís agus arís eile!

Más mian leat dul ag damhsa istoíche tar éis saol lae Bheirlín a bhlaiseadh, tá neart roghanna agat.

Glac leis an gcomhairle seo: Is club iontach é Matrix. Tá sé suite in oirthear na cathrach agus tá seacht seomra ann le ceol éagsúil i ngach ceann acu. Más fearr leat ceol damhsa, ba chóir dul chuig Waterfront atá tógtha cois abhann. Fanann na clubanna ar oscailt go dtí moch ar maidin.

Agus chun na teacht ar na háiteanna seo ar fad, ní bheidh iontas ort a chloisteáil go bhfuil córas iompair den scoth ar fáil i mBeirlín.

Is iomaí cineál iarnróid atá ar fáil – S-Bahn, U-Bahn, riancharranna mar aon le busanna agus báid! Tá iarnród timpeall lár na cathrach ar a dtugtar an Ringbahn (an Fáinne) agus is féidir taisteal anonn is anall air.

Moltar go mór duit Berlin WelcomeCard a cheannach nuair a shroicheann tú an chathair iontach seo mar bheidh tú in ann taisteal ar na córais éagsúla ar fad gan ticéid a cheannach i dtólamh. Cad eile a bheadh uait?!

Page 50: NÓS 28 - Iúil 2012

50 nós

* TaisTeal

* Ceol

aaaaaaaTugann Àdhamh ó Broin léargas dúinn ar na dúshláin atá roimh Ghaeil na halban sa lá atá inniu ann, agus ar an dílseacht

atá ag teastáil chun iad a shárú. Tá gaisce de dhíth...

gníoMhaíochas

Page 51: NÓS 28 - Iúil 2012

* gníomhaíochas

nós 51

‘emancipate yourselves from mental slavery, none but ourselves can free our minds.’

Tháinig an líne chlúiteach seo ó amhrán iomráiteach de chuid Bob Marley chun solais dom le déanaí agus mé ag comhdháil Eorpach i bPáras.

Comhdháil ar leith a bhí ann le haghaidh chomóradh 50 bliain bhás Frantz Fanon. Is mar shíceolaí, teoiricí réabhlóideach agus fealsúnaí is mó atá iomrá ar Fanon a d’imir ról ceannasaíochta sa ghluaiseacht réabhlóideach san Algéir sna 1950í agus sna luath 60í.

D’éag Fanon de bharr Leoicéime ag aois 36 ach d’fhág a chuid smaointe rian cinniúnach ar ghluaiseachtaí cultúrtha agus polaitiúla ar fud na cruinne ó shin i leith.

Tá clú go háirithe ar an leabhar deireanach a scríobh sé, The Wretched of the Earth, a thug léargas glinn dúinn ar thionchar neamhthrócaireach an choilíneachais agus an chiníochais ar a gcuid íobartach.

Níos tábhachtaí, áfach, leag sé fís chumachtach agus radacach amach faoin streachailt dhíchoilínithe atá ag teastáil chun dul i ngleic leis an dídhaonnú a shíolraíonn ón phróiseas coilíneach.

Dar le Fanon go raibh trí chéim ar leith arbh éigean dul tríd sa phróiseas díchoilínithe.

1Ar dtús, bhí ar na bundúchasaigh aithint go ndearnadh comhshamhlú iomlán orthu ag an chumhacht forghabhála;

2Sa dara céim, go mbeadh ar intleachtóirí dúchasacha filleadh ar an stair s’acu agus ar thábhacht an chultúir dhúchais;

3Agus sa chéim dheireanach go ndéantar iarracht mhór chun na bundúchasaigh a athmhuscailt agus a spreagadh trí athbheochan chultúrtha agus litríochta.

Más rud é go n-éiríonn leis an athbheochan chultúrtha seo i gcomhthéacs an choilíneachais, dar le Fanon, spreagfar streachailt níos leithne ar son fuascailte agus neamhspleáchais náisiúnta.

“To fight for national culture”, arsa Fanon, “means first and foremost to fight for the liberation of the nation, that material keystone which makes the building of a culture possible.”

Sa chaint a thug mé féin ag comhdháil Fanon i bPáras, d’úsáid mé an sainmhíniú seo ar an díchoilíniú chun cur síos a dhéanamh ar athbheochan na Gaeilge in Éirinn ó Chonradh na Gaeilge go hÉirí Amach na Cásca in 1916.

Lena chois sin, le neart samplaí ó dhíograiseoirí a ghlac páirt san athbheochan chomhaimseartha sna blianta i ndiaidh na Stailce Ocrais in 1981, thagair mé don tionchar idé-eolaíoch atá ag smaointeoireacht Fanon go fóill anuas go dtí an lá inniu.

D’éist mé le cainteoirí eile ón Fhrainc, ón Phalaistín, Meiriceá Laidineach, an Nigéir, an Afraic Theas agus ó phobal gorm Mheiriceá Thuaidh ag déanamh comparáidí comhchosúla ag baint feidhme as teoiricí Fanon chun stair agus polaitíocht logánta s’acu a chíoradh.

Mar sin féin, an argóint is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná an teachtaireacht a bhí ag saineolaí ar an Afraic Theas a bhain úsáid as rabhadh dorcha Fanon ar chontúirtí an nuachoilíneachais.

Scríobh Fanon go raibh baol ollmhór ann go dtiocfadh aicme de ‘náisiúntóirí buirgéiseacha’ chun cinn tar éis do ‘neamhpléachas foirmeálta’ teacht i gcrích a bheadh ag cur i bhfeidhm córas chomh héagothrom céanna leis an ré choilíneach.

Léirigh sé gurb amhlaidh atá an scéal in Afraic Theas Nua an lae inniu ina bhfuair daoine cead vótála ach ní an comhionannas eacnamaíochta ar gealladh dóibh.

D’fhorbair aicme shabhir ghorm sa ré úr agus d’ardaigh an t-anró agus bochtanas na cosmhuintire is measa sa tréimhse chéanna. Is le croí trom a chuir an cainteoir síos ar na círéibeanna fíochmara uisce agus leictreachais in 2005 nuair a chuir rialtas an ANC cos ar bolg ar gach aon fheachtasaíocht ar son ceart bunúsach.

Léirigh Fanon go raibh difear idir ‘neamhspleáchas’ agus ‘fuascailt’ agus gur ghá bheith airdeallach ar an fhíric seo.

Is cinnte go bhfuil a fhís dhíchoilíneach chun fuascailte chomh feiliúnach sa lá inniu agus a bhí ariamh gach aon áit ina bhfuil rian an choilíneachais le mothú go fóill, Éire san áireamh.

fís franTzTá teachtaireacht fhrithchoilíneach Frantz Fanon chomh hábhartha inniu agus a bhí riamh, a deir Feargal Mac Ionnrachtaigh

Page 52: NÓS 28 - Iúil 2012

52 nós

rás an róis rite

Bhí Niamh Ní Mhaoileoin ag babhtaí cáilithe BÁC do chomórtas Rós Thrá Lí i mbliana. Seo a léamh ar an ócáid...

* Gníomhaíochas

roinnt seachtainí ó shin bhíos in Óstán Carlton, Baile Bhlainséir, le haghaidh réamhbhabhtaí Rós Thrá

Lí a bhí ag teacht chun deiridh.Bhí na Rósanna uilig ar stáitse

agus beirt ionadaí na féile ag tabhairt óráidí fadalacha, mar is dual do na hócáidí seo.

Ba léir nár cheistíodar riamh le linn blianta fada de bheith ag roghnú Rósanna cén chaoi ar thaitin sé leis na mná bheith seasta faoi shoilse lasta i saltaí arda agus gúna go talamh, iad i measc 55 duine eile agus meangadh gáire ar a n-aghaidh. Cé nár thit Rós ar bith i laige, ba bhaolach an rud é.

Is cosúil gur mionrud a leithéid thuasluaite, ach léiríonn sé a lú tuisceana atá ag stiúrthoirí na féile ar na mná ar chóir bheith ag croí na n-imeachtaí.

Is minic a mheabhraítear dúinn nach féile áilleachta í Féile na Rósanna. Is dócha gur fíor sin; ní comórtas chultacha snámha atá i gceist agus ní raibh tagairt ar bith do chuma na mban ag an ócáid ach an oiread.

Ach ní díriú ar an ngné fhisiciúil an t-aon bhealach leis an mbonn a bhaint de mhná agus tráchtearra a dheanamh díobh.

Ní comórtas áilleachta atá ann ach féile inbhainistitheachta.

Ta an comórtas ar oscailt do mhná idir ocht mbliana deag agus seacht mbliana is fiche. Ní féidir leo bheith pósta riamh agus níor ceadaíodh máithreacha singil cur isteach air go dtí cúpla bliain ó shin.

Chomh luath agus a éiríonn leat bheith i do Rós, ní féidir, i measc rialacha eile, tobac a chaitheamh agus tú ag caitheamh na saise; grianghraf bheith glactha díot seachas sa chaoi a ndeirtear; breis agus deoch amháin a iompar, ná pionta a ól.

Is bean uasal í an Rós, agus ní uasal an pionta. Anuas go dtí na 1970í, níor freastalaíodh pionta ar bhean in Éirinn. B’shin mar a bhí.

Leag an ócáid ag a raibh mé i láthair béim ar an tábhacht a bhaineann leis na Rósanna bheith tarraingteach d’fhir. Fear a chuireann an oíche i láthair i gconaí; bíonn fir óga i gcónaí mar chomhluadar coimhdeachta ag gach Rós le haire a thabhairt di; fir a bhí sa bheirt cheoltóir ar an oíche agus fir a bhí sna hionadaithe ón bhFéile féin.

Chuir Will Leahy ó 2fm, óstach BÁC, tús leis an seó ag rá “I’ve passed more women through my hands than Colin Farrell”. Bhí an tuiscint ann go mbeadh na mná úd tarraingteach, ba chuma céard a dúirt sé nó céard a

d’fhiafraigh sé dóibh. Chuir Leahy líon áiféiseach

ceisteanna mar gheall ar aithreacha agus ar bhuachaillí cara na mban. Níor fiafraíodh mar gheall ar mháithreacha gan trácht ar chailín cara, nach mbeadh riamh ag Rós.

Agus é ag caint le duine acu luaigh sé gur dócha nach mbeadh cailín sócúlach ag rá go raibh a hathair no a buachaill ag obair i mbanc i gcomhthéacs an chúlaithe eacnamaíochta. Is dócha, dar leis, nach mbeadh bean ag obair in áit ar nós bainc.

I mbabhta Bhaile Átha Cliath bhí triúr ban fostaithe san earnáil airgeadais, mar aon le bean ghnó, dochtúir agus Garda. Is fisiceoir í Arlene O’Neill, Rós úr na Príomhchathrach, atá ag obair i dtreo a céim dochtúireachta.

Fós féin, is mó cainte a rinneadar mar gheall ar an gcaoi gur iníonacha agus céilí den scoth a bhí iontu ná ar a n-eachtaí féin.

An fhadhb a bhain le Babhtaí Rós BÁC ná go ndearnadh cailiní áille deasa de mhná cumasacha, suimiúla agus gníomhacha.

Is cuma an ngleastar i gcultacha snámha iad nó nach ngleastar, tá sé sin cúngaigeanta agus is nós é ba chóir a bhriseadh.

Page 53: NÓS 28 - Iúil 2012

cuir cor i do chinniúint, Lúnasa 17

Page 54: NÓS 28 - Iúil 2012

54 nós

* TaisTeal

* Ceol

stíl

faisean ponC ComC a t h a l M a C D h a i b h é i D

Page 55: NÓS 28 - Iúil 2012

* stíl

nós 55

is deacair macnamh ar Londain gan smaointiú faoi chúrsaí faisin. Cuimhním féin ar na dearthóirí nuálacha a bhí spreagtha ag an chathair, leithéidí Vivienne Westwood agus

Alexander McQueen; ar na gallphoic bhreátha ar Rae Saville lena hataí arda agus a mbástchótaí breidín.

Smaoinímse ar Shráid Carnaby nuair a bhí réabhlóid faisin na seascaidí faoi lán seoil; ar shiopaí seanré Bhaile Camden le togha agus rogha na n-éadaí athláimhe iontu.

Tá an faisean, bíodh sé maith nó olc, fite fuaite le stair, cultúr agus íomha phríomhchathair Shasana.

Ar an gcatwalkAn mhí seo caite, don chéad uair riamh, rinne Londain ceiliúradh ar Sheachtain Faisin na bhFear.

Is dócha go raibh muid ar fad ag fanacht go foighneach ar theacht na seachtaine sin, a fheara? Bhí gach duine againn gafa leis an bheoshruth a craoladh go laethúil ó chroílár an aonaigh, nach raibh? Thaitin an cnuasach cultacha ildaite ó Richard James go mór linn, nár thaitin?

Mar dhea! Is beag suime atá againn i gcursaí an catwalk sna bólaí seo. Ní foláir a rá áfach gurb ócáid shuntasach í Seachtain Faisin na bhFear. Eagraithe ag Comhairle Faisin na Breataine, léirigh an t-imeacht go bhfuil an margadh d’fhaisean na bhfear ag dul ó neart go neart taobh seo an Atlantaigh, dhearbhaigh sé go bhfuil ár dtothlú do bhrandaí móra ag méadú, agus le tinreamh mór i rith na seachtaine ar fad, ba léir chomh maith go bhfuil fir anois ag lorg inspioráid stíle. Ach an foinse inspioráide réadúil é an catwalk?

Ní dóigh liom é. Ní chaithfeadh éinne againn leath de na héadaí a bhí ar taispeáint i Londain. Thairis sin, agus níos tábhachtaí fós, ní íocfaimis astu. Dar liom, ní fiú ár gcuid ama a mheilt ag déanamh anailíse ar stíl na mainicíní aonchineálacha – ní ghléasann siad iad féin fiú! Cad is tobar dár gcuid inspioráide mar sin? An Gréasán Domhanda, ar ndóigh!

Inspioráid ar líneLe traidhfil de bhlianta anuas, tá borradh as cuimse tagtha ar líon na mblaganna faisin ar líne, agus tá fir na cruinne tar éis an bhlagadóireacht stíle a iniúchadh go fonnmhar.

Is í aidhm na mblaganna seo ná timpeallacht fháiltiúil a chruthú d’fhir le plé a dhéanamh ar nósanna faisin. Go minic, uaslódálann údair na mblaganna grianghraif díobh féin nó de dhaoine stíliúla - idir óg agus aosta - a chonaic siad agus iad

amuigh ag fámaireacht.Moltar agus ceiliúrtar stíleanna éagsúla, sainiúla,

suimiúla. Chun blas ceart a bhrath ar éiteas na mblaganna atá faoi chaibidil agam anseo, b’fhiú spléachadh a thabhairt ar mistermort.com nó ar trashness.com.

Taitníonn coincheap na mblaganna faisin go mór liom. Tá rud éigin úr, orgánach ag baint leo - gnáthdhaoine, gnáthéadaí, saor ón scáthú aerscuaibe agus ón mhargaíocht.

Is paisean, seachas gnó, é an faisean d’údair agus d’ábhair na mblaganna seo.

Ní hamháin sin, tá an t-uafás le foghlaim uathu. Ar an bhlag PutThisOn.com, cuir i gcás, gheobhaidh tú comhairle ar chultacha, spéaclaí gréine, bríste géine, criosanna agus neart eile nach iad. Sa bhreis air sin, cuireann blaganna cosúil le PutThisOn.com béim ar an mhana “buy less, buy better”. Chífear nach gá moll mór airgid a chaitheamh ar éadaí nuair atá scoth na n-earraí ar fáil ar phraghasanna ísle ar ebay agus a leithéidse – teachtaireacht an–úsáideach agus muid i lár an chúlaithe!

Gan aon agó, spreagtar thú agus tú i mbun brabhsála. Is iomaí Gael, mar shampla, le claonadh ar leith do lipéid Mheiriceá – macasamhail Tommy Hilfiger, Ralph Lauren, GANT srl. Má tá an bhara sin fút, mholfainn cuairt ar unabashedlyprep.com. Tugtar treoir iontach ar stíl na bPoncán ar an bhlag ceannródaíoch seo.

Faisean FódhlaAdmhaím go raibh mé i gcónaí den tuairim go raibh fir Fhódhla ábhairín ar chúl i dtaca le blaganna faisin.

Shíl mé nach mbeadh saoránaigh na hÉireann incurtha lenár gcairde i Londain, Nua-Eabhrac, Páras agus Milan ó thaobh na stíle nó ó thaobh na blagadóireachta de. Ach, agus colún faisin Paul Galvin á léamh agam ar na mallaibh, bhí áthas orm fáil amach go raibh dul amú orm.

San alt úd, chuir an Gealbhánach an blag breá, stitchesfabricandsoul.com, ar mo shúile dom. Á móradh ar an sár-bhlag seo tá daoine paiseanta faiseanta Bhaile Átha Cliath - mic léinn ag tuirlingt ón 46a, turasóirí ar Shráid Grafton, oibrithe ar sos lóin ina measc. Blag Éireannach eile arbh fhiú trácht air, atá tiomnaithe go príomha do stíl na bhfear, ná male-mode.com.

Seachain an catwalk a chairde – go maire an ríomhlóid fhaisin!

Page 56: NÓS 28 - Iúil 2012

* stíl

56 nós

Page 57: NÓS 28 - Iúil 2012

** stíl

nós 57

bhí iomrá ar an Iodáil riamh anall mar gheall ar an stíl faoi leith a bhíonn le feiceáil ar mhuintir na tíre. Faisean na bhfear agus faisean na mban – is rud tábhachtach é ‘la bella

figura’ i saol na nIodálach.Ach faoi láthair tá Gael Éireannach amháin ag glacadh

a pháirte féin i saol faisin na tíre agus é ag déanamh píosa mainicíneachta faoi ghrian mheánmhuirí na Sicile.

Is as Dún Géannain i dTír Eoghain é Darragh Logan, fear óg a rinne staidéar ar an Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ach, mar a mhínigh sé do NÓS, tar éis dó 25 bliain a chaitheamh in Éirinn bhuail fonn taistil é.

“Ní raibh mórán oibre le fáil sa bhaile nuair a chríochnaigh mé an ollscoil mar sin bhí orm rud éigin eile a dhéanamh,” arsa Darragh.

“Fuair mé amach faoin cáilíocht CELTA le bheith i do mhúinteoir Béarla i dtíortha eile, chuir mé isteach ar phost agus sa deireadh fuair mé ceann anseo sa tSicil.

“Tá mé ag baint an-sult as, tá an ghrian, na sléibhte agus an fharraige galánta ar an oileán ach domhsa itheann siad barraíocht trátaí, ní bhíonn prátaí ar bith ann!”

Taobh amuigh de bheith ag teagasc agus ag dul i taithí ar an saol Iodálach, níorbh fhada gur chuir Darragh aithne ar ghrianghrafadóir áitiúil Orazio Ortulani a bhí ag cuartú mainicíní le haghaidh siút dá ghnólacht féin.

“Chuir Orazio ceist orm an mbeinn sásta páirt a ghlacadh i gceann de na seisiúin ghrianghrafadóireachta agus shíl mé go mbainfinn triail as,” ar seisean.

“Ní raibh mórán de sin déanta agam roimhe ach bhí siad sásta leis na pictiúirí agus anois tá mé in ann obair eile a fháil dá bharr.”

Tá Darragh ag déanamh corrphíosa mainicíneachta do chomhlachtaí eile sa tSicil ach cad a shíleann na hIodálaigh den mhainicín nua Éireannach?

“Níl mé cinnte cad é a shíleann siad faoi mo chuid scileanna féin ach creideann siad go bhfuil gach Éireannach lán ceoil agus Guinness! Cuireann siad suim in Éirinn, ag rá gur tír álainn í agus ag déanamh tagartha don aimsir.

“Maidir lenár dteanga, chreid cuid mhór acu go raibh an Ghaeilge cosúil leis an Bhéarla sular chuala siad í… caithfidh mé toiseacht ar an Ghaeilge a theagasc dóibh mar sin!”

ag caitheamh la bella vitaIs de BHunadH THír eoGHaIn é DarragH logaN aTá anoIs Ina mHúInTeoIr aGus Ina mHaInIcín san IodáIl

Page 58: NÓS 28 - Iúil 2012

* * 58 nós

aMuigh

seisiÚn an tsamhraiDhclub chonradh na gaeilge

baile átha cliath

Page 59: NÓS 28 - Iúil 2012

* **

amuigh

nós 59

CaBareT CraiCeáilTecomórtas peile na gaeltachta,

gaoth dobhair

Page 60: NÓS 28 - Iúil 2012

**

amuigh 60 nós

Page 61: NÓS 28 - Iúil 2012

**

amuigh

nós 61

Page 62: NÓS 28 - Iúil 2012

C

M

Y

CM

MY

CY

CMY

K

IWU_AD.pdf 1 28/05/2012 14:20

www.raidiofailte.comwww.raidiofailtearis.com

www.facebook.com/samhlaighsin

Raidió Fáiltewww.raidiofailte.com - 107.1fm

Sraith faisnéise de sheacht gclár léirithe agus curtha i láthair ag Eoghan Ó Neill agus Máirín HurndallA seven-part documentary series produced and presented by Eoghan Ó Néill and Máirín Hurndall

Gaeilgeoirí na SeanchilleIrish Speakers of the Shankill Road

Francis Joseph Bigger - Éireannach bródúil, Ultach bródúilFrancis Joseph Bigger - Proud Irishman, proud Ulsterman

Protastúnaigh na bhFálThe Protestant heritage of the Falls Road

An Conradh i mBéal Feirste - Ó Bhothár Beersbridge go CríochdheighiltBelfast Gaelic League - From the Beersbridge Road to Partition

Titanic, Guthanna ó na Gantraí - Scéaltaí agus CuimhníTitanic, Voices from the Gantries - Stories and Memories

Cá bhfuil an Éire Dhearg? Bunú Pháirtí an Lucht Oibre agus a oidhreacht.Where is the Red Ireland? The founding of the Labour Party and its legacy.

An Lámh Dhearg Abú - Cúnant Uladh. Cad iad na ceachtanna?Red Hand Forever - The Ulster Covenant. What are the lesssons?

SAMHLAIGH SINIMAGINE THAT

Page 63: NÓS 28 - Iúil 2012

C

M

Y

CM

MY

CY

CMY

K

IWU_AD.pdf 1 28/05/2012 14:20

Page 64: NÓS 28 - Iúil 2012

*