28
Deireadh Fómhair 2013 Deireadh Fómhair 2013 Deireadh Fómhair 2013 €5 Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 10 ISSN 0014-8946 • Eagarfhocal: Imní an Choimisinéara Teanga • Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh • Scéalta le Colin Ryan & Biddy Jenkinson • Micí Dainín Ó Sé, Seoid Náisiúnta ar lár, le Mícheál de Mórdha • Scéalaíocht Ár Sinsear á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú • Agallamh: labhraíonn Alex Hijmans le Isobel Ní Riain • Íomhá chlúdaigh: Ag Sceitseáil le Diana Muller

Feasta | Deireadh Fómhair 2013

Embed Size (px)

DESCRIPTION

 

Citation preview

Page 1: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

Deireadh Fómhair 2013Deireadh Fómhair 2013Deireadh Fómhair 2013

€5 Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 10ISSN 0014-8946

• Eagarfhocal: Imní an Choimisinéara Teanga• Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh

• Scéalta le Colin Ryan & Biddy Jenkinson• Micí Dainín Ó Sé, Seoid Náisiúnta ar lár, le Mícheál de Mórdha

• Scéalaíocht Ár Sinsear á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú• Agallamh: labhraíonn Alex Hijmans le Isobel Ní Riain

• Íomhá chlúdaigh: Ag Sceitseáil le Diana Muller

Page 2: Feasta | Deireadh Fómhair 2013
Page 3: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 20133

— Clár —— Clár —• Eagarfhocal: Imní an Choimisinéara Teanga! ............. 4• Smaointe Polaitíochta: Fiosrúchán na mBanc & Imní an

Choimisinéara Teanga le Seán Ó Loingsigh ................ 5• Dánta: Colin Ryan, Séamas Barra Ó Súilleabháin,

Micheál Ó hAllmhuráin, Sylvia Bledow ...................... 6• Stolpach, scéal le Colin Ryan ...................................... 7• An Gad is Giorra don Scornach le Biddy Jenkinson .... 8• Tá sé tarraingthe agat, a Mhary Ellen (Coiscéim), le

Máirín Ní Laoithe Uí Shé seolta ................................. 9• 1916 agus mar sin de, le Pádraig Ó Snodaigh á

léirmheas ag Seán Hutton ......................................... 10• Gaeilge an Chláir, in eagar ag Críona Ní Gháirbhith, á

chur i láthair ag Seán Ó Ceallaigh ............................. 12• Anseo agus Ansiúd ............................................ 13 & 16• In Memoriam: Micí Dainín Ó Sé, Seoid Náisiúnta ar lár,

le Mícheál de Mórdha ............................................... 14• Dánta le Pádraig Ó Conaill ......................................... 15• Maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, cad atá romhainn?

Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh naGaeilge, ag Dúchas Éigse do Thiobraid Árann .......... 15

• Scéalaíocht Ár Sinsear le Kim Mc Cone & Pádraig Ó Fiannachta, á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú ............. 17

• Agallamh le Alex Hijmans le Isobel Ní Riain .............. 19• Seamus Heaney, Sàr-Bhàrd is Eadar-Theangaire

Anabarrach, aistriúchán go Gàidhlig ag Niall Gòrdan ... 22• Ag tochailt i measc leabhar, le hAodán Ó Sé ............. 24• Lagú Institiúidí Gaeilge faoi chaibidil ag an gConradh ... 25• Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa ........................... 26

© Feasta agus na Scríbhneoirí• Clúdach: Ag Sceitseáil / Sketching le Diana Muller,

Brushwood Studios Art Gallery,Coillte Pháirc na Saileach, An tSnaidhm, Co. Chiarraí.

www.brushwoodstudios.com F: 00-353 (0)64-6645108

EagarfhocalEagarfhocalDeireadh Fómhair 2013Deireadh Fómhair 2013

REIVIÚREIVIÚden Smaointeachas Éireannachden Smaointeachas Éireannachlitríocht, eolaíocht, polaitíochtlitríocht, eolaíocht, polaitíocht

• Feasta tríd an bpost!12 eagrán tríd an bpost ar €75

(€100 lasmuigh den Eoraip)Donnchadh Ó hAodha,

Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí.353-(0)87-2421267

Suíomh idirlín: www.feasta.ie• Eagarthóir

Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire.

Fón: 353-(0)66-7124169.Ríomhphost: [email protected]

• FoilsitheoiríCONRADH NA GAEILGE

Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áitsan iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

TTuigeann gach duine um an dtaca seo an ról fíorthábhachtachatá glactha idir lámhaibh ag an gCoimisinéir Teanga maidirle cur chun cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí ó ceapadh

sa phost sin é roinnt bheag blianta ó shin. Tá a ThuarascálachaBliantúla againn mar fhianaise ar an stró a bhaineann leis an obairsin agus an brú in aghaidh an doichill a bhíonn i gceist go minic, nílú sin i gcás ranna stáit a mbeifí ag súil le lántacaíocht uathu.

Anois in óráid a thug sé le déanaí ag ócáid a d’eagraighGaelchultúr, thug sé an léargas is géire fós ar an imní a bhraitheannsé maidir le leasaithe atá beartaithe ar Acht na dTeangachaOifigiúla. ‘Tá muid ag crosbhóthar faoi láthair,’ a deir sé, ‘agustréimhse fíorchinniúnach romhainn amach maidir le cinntí faoinmbealach a fhreastalóidh an státchóras feasta ar phobal na Gaeilgeagus na Gaeltachta’. Ní bheadh sé cuí dúinne a bheith ag cur focali mbéal an Choimisinéara: tá an foláireamh a thugann sé lomláidiragus is riachtanas dúinn go léir a bhfuil le rá aige a léamh agus ármarana a dhéanamh air.

Tá dhá shlat tomhais leagtha síos ag an gCoimisinéir maidir ledáiríreacht an Stáit faoin gceist seo, muran ‘iarracht fuarbhruitenó tuilleadh den chur i gcéill’, i bhfocail an Choimisinéara, a bheidhann: is iad, go gcinnteofar sna leasaithe ar an Acht go mbeidhGaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal naGaeltachta, agus go ndéileálfear le ceist na teanga in earcaíochtfoirne don chóras poiblí i gcoitinne.

Ach is é is suimiúla fós in óráid seo an Choimisinéara, rud a chuir -eann go mór lenár n-imní faoi dháiríreacht agus fiú faoi ionracas airírialtais agus a gcuid státseirbhíseach: go gcuirtear a gcuid siléige aguscur i gcéill os ár gcomhair, iad ag cur dallamullóige ar an bpobal, agusag déanamh aimhleas na teanga faoi cheilt.

Tugann an Coimisinéir samplaí den obair seo ag airí rialtais agusag státseirbhísigh chomh fada siar le 1928, a dtáinig sé orthu saChartlann Náisiúnta, samplaí a léiríonn go rabhthas faoi cheilt agdéanamh neamhshuim dá rialacha féin maidir le Gaeilge a bheithag oifigigh de chuid an stáit a bhí fostaithe sa Ghaeltacht.

Ach ba mheasa fós gné eile den chur i gcéill. Is mion minic atátagairt déanta san iris seo le blianta anuas do conas mar a chlis anrialtas ar an teanga thiar i 1974, nuair a chuir siad deireadh leis anriachtanas go mbeadh Gaeilge acusan a bheadh ag dul isteach sastátseirbhís. Léiríonn an Coimisinéir conas mar a thuig ard- státseirbhísigh agus airí na linne gurbh amhlaidh a bheadh, ach bhíceardchumainn na státseirbhíseach á éileamh agus ar aghaidh leo.Go deimhin léirigh Taoiseach na linne, Liam Cosgrave, a imní gombeadh impleachtaí sa chinneadh maidir leis an mBunreacht.Nach beag atá athraithe! ◊

Page 4: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 20134

Cén ról a bhí ag na hardstátseirbhísigh, iadsan sa Roinn Airgeadais, sa Bhanc Ceannais …Cén ról a bhí ag na hardstátseirbhísigh, iadsan sa Roinn Airgeadais, sa Bhanc Ceannais …

TTá sé breis agus dhá bhliain goleith ó shin ó d’éirigh ant-iarThaoiseach Brian Cowen as

an bpolaitíocht tar éis tréimhse ghairidach tubaisteach a thabhairt mar Thaois -each. Ba dhoiligh a rá go raibh an dararogha aige. Ó shin i leith choinnibh sé abhéal dúnta. Ní nach ionadh é sin, adéarfar. Nach raibh dóthain mór dechúis lena thost. Nár shuimiúil agus náraisteach gur roghnaigh sé TG4 chun antost sin a bhriseadh, ach, ar ndóigh,b’fhéidir nach raibh sé ach ag brath treona gaoithe.

Pé ní, bíodh gur eol dúinn go raibh cionaige ar an nGaeilge, ní raibh a chairdeiomadúla, sna meáin chlóite goháirithe, róthógtha lena raibh le rá aige.‘An inadequate response’, arsa anceannlíne ar eagarfhocal an Irish Timesgan aon fhonn orthu a pheacaí amhaitheamh do.

Ceart go leor, ach gur mhó go mór feidhm a bheadh lena ndoicheall dámb’áil leo foras éigin seachas an BancCúlchiste Feidearálach sna Stáit Aontaithe a lua mar thaca lena dtuairimí. Is cosúil go ndúirt siadsan:‘The hardest thing to do is to take awaythe punchbowl when the party is in fullswing’. Caithfidh go raibh an-iarcheann aire Alan Greenspanbailithe leis ar a phinsean um an dtacasin. Nárbh é siúd níos mó ná aon duineeile aspal an tsaormhargaidh, an té achraobhscaoil, sular tharla an tubaistbhaincéireachta, gurb é ár leas eacnam -aíoch saorchead a gcos a thabhairt dona baincéirí. Nach é sin go díreach a bhíar bun ag Brian Cowen?

Bhí oiread céanna doichill ar an SundayBusiness Post maidir leis an agallamh

seo ar TG4, má bhísiadsan beagánníos tomhaiste námar bhí an IrishTimes. Ní ghlactarar an bpáipéar sinach an oiread leráiteas Cowen gurcuireadh armíthreoir é maidirleis an ngéarchéim.Cuireadh sinn arfad ar míthreoir, anSunday Business

Post agus an Irish Times agus go leoreile nach iad san áireamh. Ach, ar

agartha díoltais. Beidh orthu sanfanacht le pé toradh a bheidh ar fhios-ruithe atá idir lámhaibh ag an nGardaSíochána. B’fhéidir go mbeadh breallorthu sa mhéid sin féin. Ní leor caintghraosta ar an teileafón chun baincéiría chur i bpríosún.

Ach, le fírinne, tá riachtanas le fios-rúchán ceart cothrom. Tá sé tábhacht -ach go mbeadh a fhios againn go bhfeidhmíonn ár gcóras rialaithe agusriaracháin go héifeachtach, go háirithele linn éigeandála, mar a tharla le linntarrthála an chórais bhaincéireachaagus nuair a ghlac an Stát freagracht as fiacha baincéireachta.

Cad é go díreach an ról a bhí ag na polaiteoirí, go háirithe an Taoiseach féinagus an tAire Airgeadais? Cén ról a bhíag na hardstátseirbhísigh, iadsan saRoinn Airgeadais, sa Bhanc Ceannaisagus in oifig an Rialtóra Airgeadais a bhífreagrach as comhairle a chur ar na po-laiteoirí? An raibh siad oilte go leor, óthaobh chúlra agus traenála? Cad a bhí igceist ag an iarThaoiseach nuair a dúirtsé gur cuireadh ar míthreoir é? Cé achuir ar míthreoir é, nó conas a tharlasé?

Tá sé riachtanach go mbeadh freagraí arna ceisteanna sin againn, mura bhfuil aleithéid chéanna de thubaist le tarlúfaoi cheann 20 nó 50 nó 100 bliain arís,agus go mbeidh gnáth-cháiníocóirí arís freagrach as fiacha lucht bainc agusrachmasóirí agus infheisteoirí d’uilechineál. Bhí sé de locht ar na fios-rúcháin a deineadh roimhe seo go raibhgach uile dhuine ciontach agus nachraibh aon duine ciontach. Bhí an rialtasciontach, na státseirbhísigh, na meáinchumarsáide, Alan Greenspan, sinn goléir, an Banc Ceannais Eorpach agus antAontas Eorpach.

——◊————◊——

MMar a deirtear, níor chuir sé fiacail ann. I ndáiríre bagheall le buama ag pléascadh

aitheasc an Choimisinéara Teanga agusé ag bronnadh teastas ag tús na míosaag searmanas de chuid Ghaelchultúr imBaile Átha Cliath. Ar an gcéad léamh,ní raibh sé ach ag leagan síos na mbun -riachtanas a shíl sé a bhí i gceist i gcásleasuithe atá le déanamh ar Acht nadTeangacha Oifigiúla, ach bhain ant-ábhar pléascach le taighde a rinne séle déanaí sa Chartlann Náisiúnta.

ndóigh, tá de dhifear ann nach iad násinne a bhí i rialtas.

Tá na macallaí thart timpeall i gcónaíagus d’athmhúscail agallamh Coweniadsan. Thart timpeall leis, tá an fonnagartha agus díoltais. Sin is cúis cuidmhór leis an gcaint ar fad faoi fhios-rúchán poiblí de chineál éigin, nó fios-rúchán ag coiste Dála. An dtarlóidh aleithéid? Ní fios. Tá an rialtas sásta goleor go leanfaí ag corraí an phota seo agcoinneáil inár gcuimhne mí-éifeacht,míchumas, faillí agus lúbarnaíl an rialtais dheireannaigh.

Is fíor leis go raibh fiosrúcháin againnroimhe seo – ar a laghad trí cinn acu.Bhí fiosrúchán Regling-Watson againn,fiosrúcháin Nyberg agus ceann eile faoistiúir an té atá anois ina ghobharnóir aran mBanc Ceannais, Patrick Honohan.Bhí go leor a tháinig chun solais dámbarr, agus sa ghnáthbhealach b’fhéidir gur leor iad, bíodh nách bhfuilseans dá laghad gur leor iad i súile lucht

SmaointeSmaointePolaitíochtaPolaitíochta

Seán Ó LoingsighCuireadh sinn ar fad armíthreoir, an Sunday

Business Post agus an IrishTimes agus go leor eile …

Page 5: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

Ach is léir go bhfuil an Coimisinéir anAch is léir go bhfuil an Coimisinéir an-- imníoch faoi na leasaithe atá beartaithe!imníoch faoi na leasaithe atá beartaithe!

Chomh fada siar le 1928, shínigh Risteárd Ua Maolchatha Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte (aire de chuid Chumann na nGael agus Fhine Gael abhí go mór ar son na Gaeilge) ionstraimreachtúil a d’éiligh go gcaithfeadh fostaithe sna húdaráis áitiúla, nó sna húdaráis sláinte, a bheadh ag obair saGhaeltacht oiread Gaeilge a bheith aculaistigh de thrí bliana is a chuirfeadh ara gcumas a ndualgais a chomhlíonadhtrí Ghaeilge. Mura mbeadh, thabharfaían bóthar dóibh! Cuireadh leis an liostaoifigeach ar ball. Ach níor cuireadh anriail i bhfeidhm riamh. Cuireadh ar athlóé ó bhliain go bliain idir 1928 agus1966, nuair a cuireadh deireadh leis anriachtanas ar fad. Soiniciúlacht, cur igcéill agus an mhéar fhada, a deir anCoimisinéir a bhí i gceist.

Ach ba mheasa a raibh le teacht. Másfíor do Feasta, níor rug bliain chomhholc riamh ar an nGaeilge le 1974.D’fhéadfaí a rá go bhfuil deimhniú airsin le fáil in aitheasc an Choimisinéara.B’shin í an bhliain, ar ndóigh, a cuireadhdeireadh le riachtanas na Gaeilge chundul isteach sa státseirbhís. Cuireadhdeireadh le riachtanas na Gaeilge ar anmbonn, ar bhealach diamhair éigin,

agus de réir a raibh le rá ag Richie Ryan,Aire Airgeadais agus Seirbhíse Poiblí nalinne, go gcuideodh sé le leas na teangalaistigh agus lasmuigh den státseirbhístrí atmaisféar níos fábhraí a chothú di.

Ach bhí fios a mhalairt aige, mar a bhíag gach uile ard-státseirbhíseach a bhíag éileamh an athraithe. Deir anCoimisinéir go léiríonnn na cáipéisí sa Chartlann Náisiúnta, a bhí coinnithefaoi rún ar feadh 30 bliain, ní hamháingo raibh stocaireacht leanúnach ar bunag ceardchumainn de chuid na seirbh -íse in aghaidh riachtanas na Gaeilge,ach gur thuig an tAire go maith gombeadh drochthoradh ag an athrú arstaid na teanga sa tseirbhís, agusdheimhnigh státseirbhíseach sinsearthaeile go gaoismhear i meamram gur marsin a bheadh. Is coup a bhí ann, nócineál stróc polaitiúil ag státseirbhísigh.

Agus chun críoch a chur leis an scéalléanmhar seo, bhí eagla ar an AireAirgeadais go mbeadh impleachtaí bunreachtúla ag an gcinneadh deireadh achur le riachtanas na Gaeilge, agus igceart don Taoiseach féin, Liam Cosgrave,luaigh sé a imní ar an gceist chéanna,agus nach mbeifí in ann freastal ar

chearta an phobail a ngnó a dhéanamhtrí Ghaeilge leis na stát seirbhísigh: níraibh an imní chéanna orthusan.

Focal deireanach ar fad. In ainneoin abhfuil ráite ag an gCoimisinéir ní chreideann sé gur féidirfilleadh ar chóras naGaeilge ‘éigeantaí’, mar achuireann sé é, ná níthugann sé aon tuairimdúinn faoi cad a shíleannsé faoin gceist bhun-reachtúil – nach mbeadhan chéad teanganáisiúnta riachtanach igcás na státseirbh íseach – aimhrial-tacht, má bhí a leithéid riamh ann, nótuilleadh den chur i gcéill?

Is í an fhadhb ná gur féidir a bheith inamhras faoi aon scéim a bheartaíteargo sealadach, nó de thruip na huaire,nó a líonfadh bearna go heatramhach,nó go mbeadh státseirbhísigh sásta leis!

Ach is léir go bhfuil an Coimisinéiran-imníoch faoi na leasaithe atábeartaithe do Acht na dTeangachaOifigiúla agus an baol gur cúlú eile fós abheidh ann. Níor chás dúinn uile abheith buartha! ◊

Page 6: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 20136

DÁNTADÁNTATrí Chaladh le Colin Ryan

1An chumhracht inár gcoinne cheanaspíosraí inti is bláthanna gan ainm

thugamar faoi deara na coirp ar snámh faoi na céannais sméideadh an bháis i scéimh na n-éan

an fiabhras dár scagadhnó gur chrochamar seol

dár dtréigean féini dtaibhreamh toinne

2Sa dara caladh fuaireamar na tithe dulta chun raiceis scáil a gcos go guagach sa taoide

ní thugadh na bacaigh aird ar an déircis dhorchaigh deatach na spéire ár súile

d’fhágamar sparán sa teampallag géilleadh do mhí-rún na gaoithe

3I ndeireadh an aistir bhí sí romhainntír dhearg lastall den sceir

chuamar i dtírle hairm gan fónamh(iad millte ag meirg an dearmaid)

sinne a bhí romhainn ag fanacht go fuar linn féin

Aicíd na Teicneolaíochta(scum 1.04 566)

le Séamas Barra Ó Súilleabháintáimid ar thairseach an ré órgatá an spiorad ag leathnú ar réimse do-shamhlaithe

go luathní bheidh oiread is focal le fuaimniúach an smaoineamh úr seolta tur teón meon go dtí an spás

feicfear é ar foluain lasmuigh díotmar árthach geal dóchaisag triall go fiosrach ar thuiscint

go diamhairbeidh ár mbrionglóidí ag feidhmiú le chéiled’aon ghnóar nós na mbeach i gcoirceog

is na daoine eile siúd atá ag fulaingtnach bhfuil i dtiúin

múinteoirí is ea iadag teagasc na beatha lena mbotúiníobartaighar mhaithe leis an spiorad aontaithe

tá cúis leis an ár sa phlean iomlán, ní foláir,

sin an éabhlóid mhór, a bhráthairtusa agus misetáimid ar thairseach na foirfeachta

Dhá Dhánle Micheál Ó hAllmhuráin

1. anocht anocht tánn tú molta go hard as do shaothrúas ar dhein tú chun ár dteanga a shaibhriúis chun solas a chaitheamh ar chríocha máguairdle linn do ghuth a bheith ag fógairt go bhfuil tú ar lár

anocht tá an t-aer trom le léirmheasanna fútis fé mar a d’iompair tú d’intleacht sa dubhfhuachtis sa dúthaigh a bhí á dhiantreabhadh agat dúinnle linn do ghuth a bheith ag fógairt go bhfuil tú ar lár

anocht tá gach sceideal iompaithe bunoscionntá fístéipeanna ag freastal ar an bhfolúsd’fhonn d’eascairt is do dhearcadh d’athchruthúle linn do ghuth a bheith ag fógairt go bhfuil tú ar lár

fós labhrann íobartaigh thostacha amach anocht i ndígibh an dearúid

ag fógairt nár chosain tú a gcearta go fornocht i gcúirt na gcumhacht

2. bás filean bhileog bhán ní bheidh romhat níos móle fíoracha a fháscadh nó a chur ag iompó

castacht na cruinne ní bheidh romhat níos móle foirfeacht a fhuineadh nó a thomhas mar threoir

lomshaothar leathchríochnaithe ní bheidh romhat níos móle bunfhírinne a fhí nó a shníomh mar dhiamhair-chló

teann-íomhánna tagartha ní bheidh romhat níos móle aithne a bhronnadh ar do bheo oíche is ló

spreagadh na saoithe ní bheidh romhat níos móled anam éagruthach a theilgean idir ord is inneoin

tranglam an tsaoil ní bheidh romhat níos móle hifreann na n-adamh cinn a iamh le fíorcheol

go tobann tánn tú téaltaithe go suaimhneach as an saol uainnag sealbhú a raibh á chuardach agat mar réaltacht na rún

Aus Rosenblüten As Peitil Rósannale Angelika Deffner aistrithe ag Sylvia Bledow

Aus Rosenblüten As peitil rósannaein duftendes Lager chóireoinnwill ich bereiten leaba chumhrahoch oben im Himmel thuas sna flaithisin sieben mal siebzig Jahren i gceann seachtó éigin bliain

Und heute, Is inniu,Geliebter, a mhuirnín,hier unten, thíos anseo,mein Freund, a chara,begreif ich die Dornen tuigim dealgader Rosen na rósanna

Page 7: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

‘Stolpach!’ a dúirt an Ceallachánach go dorrga: an ghaoththirim ag scuabadh na sráideanna; b’in é an lá ar tháinig anstrabhsachán mná ina gúna dúdhearg, bean a raibh mearbhall croí inti.

BB’fhada Yalluck ag seargadh cheal uisce, na feirmeachamáguaird ag dul chun raice, scléip agus bruíon ar nasráideanna ar an Aoine, nimh sna madraí. An

geimhreadh ann anois, Mí Iúil, agus gan súil le fearthainnfós. Ba ghearr go dtiocfadh an samhradh, na sráideanna inandalladh súl le géire gréine.

‘Ba mhaith linn monarcha a thógáil anseo,’ a dúirt an strabhsachán.

Marit ab ainm di, í á ligean féin chun tosaigh beagán, na firag iarraidh gan féachaint ar a cíocha. An diabhal inti.

Bhí triúr sa choiste: an Ceallachánach, Mick (stroimpiléadbolgshúileach) agus Len an feosachán. An Ceallachánach áthochas féin go cáiréiseach, rúnda. Bruth féasóige air, abhríste ina mhála, sprochaillí faoina shúile, fonn suain air. Éag dul chun an donais.

Tar éis na cainte go léir níor léir dó fós céard a bheadh ádhéanamh sa mhonarcha, ach ba chuma, féach scéimh nateicneolaíochta uirthi, seo na pleananna ar an mbord.

‘Talamh atá uainn, heicteár b’fhéidir,’ a dúirt Marit.

Bhí sin le fáil, stráice lom, agus ba ghearr go raibh seid mhórá tógáil ann. Tháinig an tEarrach de réir a chéile, séasúr stolltach: píosaí d’iarann rocach ag rince thar an gclós, crainnghuma ag titim ar dhroim a chéile ar na bóithre.

An Ceallachánach ina sheasamh ar an gcosán, gloiní gréineair, é ag beannú go fánach dá lucht aitheantais. É folamh inachroí istigh, dreach folamh ar a éadan. Na blianta áchreimeadh. A bharúil nach bhfágfadh sé lorg ar bith ar ansaol seo, rud nár bhuair riamh roimhe sin é.

Chuala sé duine éigin ag scairteadh air, a iníon, í ag teachtina choinne. É á scrúdú mar a scrúdódh sé strainséir, bean ógthónach, a gruaig ina stothall ag an ngaoth. Í ag scairteadhair, ag scairteadh. Mhothaigh sé go raibh sí á breith uaidh, aguth ag dul in éag, agus chonaic sé an strabhsachán ar a cúl,ag gáire. Chas sé agus chuir chun siúil, ag éalú.

É ag cur a thola leis an neamh réaltacht, nó le réaltacht nua.An sciamhaí gránna ag siúl na sráideanna, súile na phobail áleanúint. A bhean féin á fuadach uaidh, gan inti ach scáil nócuimhne, meall gan tathag lena ais sa súsa. Í á cur as a ceartag an strabhsachán.

‘Nár shiúil tú na críocha riamh?’ a dúirt Marit. ‘Nach bhfacatú na hiontais?’

Níor chuimhin leis cár tharla an comhrá seo, má tharla ar chorar bith. Marit ina theannta, a cumhracht, a draid mhealltach.

‘An Téalainn,’ a dúirt sé. ‘Na hoileáin. Bhíosóg.’

Iad ina seasamh sa chlós páirceála ar chúlna siopaí agus málaí plaisteacha á síobadhtimpeall a gcos. Pearóidí ag dul tharstu derúid agus an Ceallachánach ag meabhrú aran óige. Dúirt sé:

‘Céard a tharraing anseo thú?’

‘An spás, a dúirt sí,’ ag gáire. ‘Dreach natíre. Na daoine. Chuile shórt.’

A draidgháire, a cumhracht: í ag imeacht uaidh ina pearóid.

Bhí obair sa bhaile mór anois, an t-aos óg ag tabhairt an-aghaidhe ar an monarcha. Tugadh faoi deara go raibh antéagar á chailleadh acu, iad á snoí. Níorbh fhéidir leo a rácén obair a bhíodh idir lámha acu sa tseid mhór, an chaint agdul ar seachrán orthu, a súile ag seachaint na ceiste.

‘Tá rath ag teacht ar an áit, ambaiste, a dúirt Mick.

Níor chuir an Ceallachánach focal as; é ina shuí ann leis angcuid eile i mbéal an tsamhraidh, séasúr tarta agus dóiteáin.

‘Céard tá siad a dhéanamh?’ a dúirt an feosachán.

‘Scátháin,’ a dúirt an Ceallachánach, faoi mara bhí fios an scéilaige. ‘Scátháin, arm’anam.’

Ní raibh ag teastáilach freagra éiginagus iad ar mhuin namuice anois, airgead áshaothrú agus áchaitheamh. Chonaic an coistean t-am a bhí le teacht, é á ghiniúint saghlésholas, i míshuaimhneas na gaoithe.

—◊——◊—

OOíche amháin chuir an Ceallachánach an nuachtán ileataobh (ba bheag air an teilifís, b’fhearr leis leabhar, giota staire, beatha Napoléon nó eile) agus

d’éirigh ina sheasamh. A bhean (an méid di a mhair) sáite iseó éigin. Amach leis go fáilí, oíche gharbh, gealach ann, é áthochas féin agus ag drantán ceoil.

An mhonarcha roimhe agus fuinneog ar oscailt, d’aonghnób’fhéidir, í á mealladh chun dánachta, chun díchéille. Bhíaclaíocht na hóige caillte aige ach d’éirigh leis an leac a churde. Ciúnas roimhe istigh, caochsholas, gléasra anaithnid. Éag dul ó áit go háit ag feadaíl go ciúin, ag cuimilt a láimheden fhearas.

Mhúscail a lámh rud éigin, an solas ag preabarnach, siosarnach ann, scáileanna ag caint le chéile. Í féin ann, súilaici leis, a béal cam ag gáire.

‘Céard tá á dhéanamh anseo?’ a dúirt an Ceallachánach.

‘Buama.’

É ag cuimhneamh ar a bhféadfadh tarlú, an blosc, an ghaothag géarú chun tubaiste. Fuascailt.

‘Buama eile,’ a dúirt sí, faoi mar a bhí a chuid smaointe léiteaici. ‘Pléascadh gan stad, síorchlaochlú. Athróidh an

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 20137

STOLPACHSTOLPACHScéal le Colin RyanScéal le Colin Ryan(Stolpach – Aimsir thirim ghaofar)

Page 8: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 20138

domhan, ní bheidh rud ar bith mar a bhí. Ar mhaith leat é afheiceáil?’

Chuimhnigh an Ceallachánach ar an ngaoth, ar an neamh -bhuaine. An saol ag cur dathanna de. Cén difríocht a bheadhidir seo agus pé saol eile a d’fhéadfadh a bheith ann?

‘Difríocht ar bith,’ a dúirt sí. ‘Nó difríocht an domhain. Cá bhfios dúinn?’

Lean sé isteach i seomra í: chonaic sé é féin ann, an fear ad’fhéadfadh bealach eile a ghabháil, bealach an fhile, antaistealaí nó an díthreabhaigh. Ní bheadh le déanamh aigeach ligean leis féin, ligean don phléascadh é a réabadh agusa athdhéanamh. Chuaigh an tnúth agus an scéin i ngreimann; ba ghearr go mbrisfeadh a ghol air. D’oscail rud éigin:bhí fásaigh ann, cathracha iontacha, réalt bhuíonta úra.Mhothaigh sé na cosa ag imeacht uaidh ar urlár nach raibhann. Ach bhí a fhios aige go raibh sé ródhéanach: bhí a roghadéanta. D’fhéach sí féin air agus í ag gáire.

‘Cén fáth ar bhuail tú isteach chugainn?’ a dúirt sí. ‘Nach bhfuair tú an rud a bhí ag teastáil uait?’

D’oscail doras na monarchan roimh bhrú na gaoithe agustháinig an oíche isteach de léim. Amach leis, an tseanspéiros a chionn agus an ghnáth shráid roimhe amach.

Bhí bean spréite ar an tolg, ag míogarnach. Dreach doiléiruirthi mar a bheadh ar dhuine faoi thoinn. É á scrúdú agusgan a fhios aige cé bhí sínte ann i ndáiríre – a bhean féin, anstrabhsachán, iarlais eile. Ghabh eagla é agus é ag seachaintna scáthán chun nach bhfeicfeadh sé strainséir.

An teach ar crith ag an stolpach: súil ag an saol le fearthainn,le fóirithint. Chuaigh an Ceallachánach a chodladh, agimeacht le sruth na haimsire, le saol a bhí ag imeacht nó leteacht. An ghaoth ina tost anois agus míle dath ar napearóidí: d’oscail doras agus chuaigh sé thar tairseachamach.

— Críoch— Críoch

Bhíos ocht mbliana déag sa bhliain1998 agus d’aontaigh mo thuistígo bhféadfainn dul ag fánaíocht

im aonar i gCill Mhantáin. Bhí orm athaispeáint go raibh m’ainm thíos do nabrúnna i nGleann Dá Loch, GleannMolúra, Acadh Mheánach, BealachConglais, Ceatharlach, geallúint a thabhairt go ndéanfainn béile dom féingach oíche agus go nglaofainn abhailedá bhfaighinn deis.

Saoire scoile na Samhna a bhí ann.Bhíos sásta liom féin agus mé agdéanamh ar Acadh Mheánach mar gurtháinig mé ó Ghleann Dá Loch tharBhóthar na gCró síos isteach sa ghleannsan áit ar bhuaigh mo shinsir, ClannBranach, ar fhórsaí Eilíse. Bhí aiste áscríobh agam ar an gcath don Ardteistagus bhraitheas go mba mhór an ní é antalamh a bheith siúlta agam.

Áirítear gur ionann buataisí troma siúila chaitheamh d’aon lá amháin agus cúigthonna meáchain a bhogadh. Ní haonionadh mar sin go raibh na cosatuirseach agus mé i ngiorracht míle slído bhrú óige Acadh Mheánach, OícheShamhna. Bhí sé idir dhá sholas,ceobhrán báistí ann agus mé ag cuimhneamh ar an mbia a bheadhagam go luath.

Shíleas gur stumpa crainn, no carraigaonair a bhí sa mheall dubh romham.D’éirigh sé ina sheasamh áfach. Dob éan duine ab airde dá bhfaca mé riamhé. Bhí cóta mór air, hata ait agus rudéigin ar a dhroim aige.

‘Dia dhuit,’ a bheannaíosdó.

Dhein sé gnúsachtachéigin.

‘Bhfuil tú ar do bhealachgo dtí an Brú Óige, modhála féin?’

I mBéarla a d’fhreagair sé.Thuigeas, cé go raibhcanúint ait aige, nósnaidhm ar a theanga, goraibh sé ag tairiscint momhála droma a iompardom.

‘Míle maith agat ach níl aon ní ann...canna bradáin dom shuipéar agus stocaífliucha...’

Leag sé lámh ar strapaí an mhála. Baghráin liom an teagmháil ach dúras gobéasach go rabhas i dtaithí an mhála.

‘Iompair thar an gcrosbhóthar é, marsin,’ ar seisean go grod. ‘ Ina dhiaidhsin...’

Bhí uabhar ag teacht orm i ngeallar chomh mór agus a bhí sé, agusmar narbh fhéidir liom é a

fheiscint i gceart sa bhreacsholas, agusmar nach raibh radharc ceart agam aran rud a bhí thiar ar a dhroim aige.Shiúil sé gan ghleo.

‘An leat an capall dubh thall?’ a d’fhiafraíos de.

Ní rabhas deimhin de gurbh capall é,ach cad eile a bheadh ann?

‘Ní capall é.’

Shroiseamar an crosbhóthar. Bhíomar iradharc an bhrú, gan ach cúpla céadslat le dul agam.

‘Anois!’

Bhraitheas a lámha orm. Níl a fhiosagam ar bhéiceas. Bhíos mar a bheinnag screadaíl gan éifeacht im chodhladhagus tromluí orm. Phléasc doras anbhrú ar oscailt agus leath solas uaidh.Chuala mé inneall á mhúscailt agustháinig carr ag réabadh im threo, soilsear lasadh, adharc á séideadh. Stop sé ledíoscán coscán os mo chomhair.

‘Eleanór Ní Thuathail? Fáilte. Mise Ruairí an Bhrú. Léim isteach.’

Chasas thart ag ceapadh go mbeadh anfathach lem ais. Ní raibh éinne ann.

‘A Ruairí, níl a fhios agam cad d’imighair, ach bhí fear anseo in aice liom. Fearan-mhór. Fathach. Sílim go raibh sé agdéanamh ar an mbrú.’

‘Bhuel, ní fheicim éinne anois. Léim isteach. Léim isteach anois!’

D’fhágas an brú go moch ar maidinsular bhog éinne eile, ar mo shlí goBealach Chonglais agus Ceatharlach.Stopas ag an gcrosaire agus d’fhéachasthart. Bhí leacht cuimhne ar thaobh anbhóthair.

‘Guí ar son Aodh Ó Tuathail 1780-1798.

San áit seo a chroch Edward Hempen-stall é, gan de chroch aige ach aghualainn féin.’

Chuimhníos ar rann a bhíodh ag modhaideo: �Here lie the bones ofHempenstall, judge, jury, gallows, ropeand all.’

Chuas ar cosa in airde i dtreo Cheatharlaigh.◊

[Nóta: uabhar - eeriness]

An Gad is Giorra don ScornachAn Gad is Giorra don Scornachle Biddy Jenkinson le Biddy Jenkinson

Page 9: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 20139

CCuimhní cinn Mhary Ellen Ní Shéaghdha atá sa leabharTá sé tarraingthe agat, a Mhary Ellen, bean a chuaighgo Meiriceá ó Chathair an Treantaigh i bParóiste

Fhionn Trá i gCorca Dhuibhne, agus gan í ach seacht mblianadéag, breis is caoga bliain ó shin. Tar éis na scoile d’oibrigh sísa bhaile agus i mBaile Átha Cliath sara dtug sí aghaidh ar naStáit. Níor cheap sí gur ann a fhanfadh sí, ach is mar sin atharla. Is i Chicago a bhí cónaí uirthi go mbog sí go Floridacúpla bliain ó shin. Bhí sí mar bhainisteoir ar bhácús agusd’oibrigh sí go cruaidh. Is baintreach anois í gur rugadh iníonamháin di, Sandy, agus garmhac Jordan, gur breá leis BarackObama. Tá an scéal breactha ar phár ag Máirín Ní Laoithe UíShé atá pósta le deartháir Mhary Ellen, Tony.

Faightear cur síos breá ó MharyEllen ar a clann, an scoil, nacomharsain, muintir a mátharagus a hathar, póstaíocha,feirmeoireacht, tragóidí farraige,agus a lán eile. San insint deintear cur síos ar An Carghas,Lá le Mártan, Na Ráiseanna, AnChoróin Mhuire, An Nollaig, agusaraile.

Is iontach an chuimhne atá aici.Bhraithfeá a meon dearfach trídan leabhar go léir. Níl aonmhaoithneachas ann, tá sé fírinneach, n’fhéadfainn é a churuaim go raibh sé léite agam.

Ceistíonn sí conas a ceapadh go raibh roinnt de na clis‘spóirt’ a bhíodh acu greannmhar? Bhí na clis chéannaagainn go léir agus is minic a bhí leanbh bocht thíos leo.

Tréaslaím a saothar le Máirín agus is breá an rud é go bhfuilsí i mbun na hoibre seo ó d’éirigh sí as a post marphríomhoide i Scoil Naomh Eirc. Is mó leanbh scoile atá sí taréis a ghríosadh chun scéalaíochta agus amhránaíochta.

Is ceiliúradh do pharóiste Cheann Trá an leabhar leis ansaibhreas cainte atá ann. Mar shampla:

• Luíos amach orm féin.

• Piseoga gan dealramh – Ráite baoise. Baothchaint.

• Thosnaigh cúrsaí ag leá.

• Níor lú léi an sioc ná daoine a fheiscint díomhaoin.

• Tá an lóchrann san ag tabhairt an-dóchas dom.

• Tá fóidín mearaí ar an bhfear bocht.

• Thug sé na leaca liatha leis anall.

• Cuir ort an teanntánsan. (An bra ó Mheiriceá)

• Cheannaigh Mam ionarálainn gorm.

• Bhí fuacht orm sa trapmar ní raibh aon chabhail orm. Fothragadh ar na héinne.

• Thugamar seáp faoin siopa agus súp go cluasa orainn.

Tá ana-thuiscint ar shaol na n-imirceach sa leabhar:

‘D’aithneofá an dream a thagadh ó Shasana. Ní rabhadar chomh déanta suas, chomh péacach le dreamMheiriceá. Bhí slang difriúil acu. Bhí Sasana níos giorraagus níos fusa teacht air agus teacht as.

D’oibrigh Mary Ellen go dian agus léirítear go bhfuil ana-shlíaici le daoine: –

Thugainn uaim ar bheagán na cístí a bhíodh fágtha taréis an lae. Choimeádainn ar láimh a lán acu mar sin,mar faoi mar a deir an seanfhocal, faigheann lámh iatadorn dúnta.’

B’ait léi a saol díomhaoin nuair a d’éirigh sí as a cuid oibre; níraibh ar siúl aici ach gíotáil gan dealramh.

Cé gur áit mharbhánta Florida, tá Mary Ellen dulta i dtaithína háite agus í breá sásta ann. Deir sí faoi mhná Florida: –

ag séanadh a n-aois…. dá mbeifeá suite laistiar dóibhag an Aifreann, bheadh gáire agat mar níl aon oidhrear chúl a gcuid gruaige nuair a thosníonn an ghruaigliath ag fás amach aríst, ach bundún circe! … mé féinsan áireamh!’

Tugtar ana-chur síos ar Joeín Mháiréad a caill eadh níró-fhada ó shin:

Bhí Joeín géarchúiseach, fiosrach, gealgháireach agusan focal maith aige i gcónaí. ‘Ná raibh do luíochán leapan ort i gcaitheamh do shaoil, ach an fhaid abheidh tú i do chodlach inti istoíche’ ab ea a ghuí dogach n-aon’.

Cá n-imíonn an duine a fhiafraíonn Mary Ellen?

Tá deireadh an leabhair cosúil le dán filíochta agus MaryEllen ag caint ar a céad turas eile abhaile:

Gheobhad soir an tráigh – Tráigh Fionn Trá – cosnocht.Is cuma cad é. Is don áit seo mé. N’fheadar cé leis abhuailfead. Cífimid. An scóp! Is fada liom go ngealfaidhan lá. Nach breá a bheith beo. Moladh le Dia.

Tá gach rud aige baile anois ach Thanksgiving. ◊

Máire Uí Shíthigh a sheol

Tá sé tarraingthe agat,Tá sé tarraingthe agat,a Mhary Ellena Mhary Ellen

le Máirín Ní Laoithe Uí Shéle Máirín Ní Laoithe Uí Shéar an 17 Lúnasa 2013 i Halla Cheann Trá

(Coiscéim, 2013. €12)

Máirín Ní Laoithe Uí Shé& Áine Ní Laoithe

O’Hara ag an seoladh

Page 10: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201310

TTá leabhar atá spéisiúil agus éagsúil curtha ar fáil agPádraig Ó Snodaigh sa tsraith Macallaí na Cásca darteideal 1916 Agus Mar Sin De. Tá cur síos beacht

déanta aige ar ábhar an tsaothair sa Réamhrá: ‘Saghas dialann oibre atá ann’, cuntas ar shaothrú na staire seachasar an ‘saothar críochnaithe’. Luann sé freisin gné eile denscríbhneoireacht atá le fáil sa leabhar: ‘scéalta a shíleas abheith barrúil [agus] cinn eile a léirigh mianach na ndaoine abhí i gceist’. Maidir leis na daoine seo ‘a bhí gceist’,meabhraíonn sé dúinn go bhfuil ‘na pearsain staire a ardaítear romhainn mar laochra’ ina ndaoine ‘go laigí anduine go greann agus aiféala’. Is fiú a rá freisin gur téamatábhachtach leanúnach eile sa leabhar seo mórthioncharBhráithreachas na Poblachta ar na himeachtaí as a d’eascairÓglaigh na hÉireann agus gach a lean de sin.

Insíonn sé freisin sa Réamhrá mar a theip ar an iarracht arinneadh an leabhar seo a fhoilsiú i 1986 chun Éirí Amach naCásca a chomóradh: ‘urchair thámáilte a bhí sa chomóradh:drochthráth dúinn ab ea lár na 1980idí agus fágadh an

iarracht seo arleaththaobh’ ag am gur‘tugadh an t-ardán’ dolucht athscríofa na staire.

Ach mar a deir Pádraig saleabhar seo ‘Tá athscríobhagus athscríobh ann’ agus‘ní stair go hathscríobh’.Sa scrúdú a dhéanann séar athscríobh na staire abhain le hÉirí Amach naCásca, díríonn sé ar bheirtd’fhoireann Choláiste nahOllscoile Bhaile ÁthaCliath lenár linn sa leabhar seo (agus i leabhar eile a scríobh sé,Two Godfathers of Revisionism, 1991): antAthair Francis Shaw agusAn tAthair F X Martin.Pietas agus nua-Réam -ann achas faoi chló na

staire a thugann sé ar iarracht Shaw, ‘The Canon of Irish History – A Challenge’ (a bhí ar fáil i 1966 ach nár foilsíodh godtí 1972) – ag tabhairt an bhreithiúnais seo air: ‘ionsíothlú nastaire chun leas na polaitíochta’, ‘tá sin doghlactha’ (lch 43).Tá scéal spéisiúil le ríomh aige freisin faoi pholaitíocht namoille fada a cuireadh ar fhoilsiú alt Shaw.

Sheol ráiteas an tSnodaigh thuas ar ais mé i dtreoComhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916 (1966) chun amheabrú dom féin cén sórt staire a scríobh sé sa leabhar sin.An sórt staire a chleacht agus a mhol na hathscríobhaitheDudley Edwards agus Moody a bhí i gceist: is é sin mion-scrúdú a dhéanamh ar na cáipéisí agus insint ‘dílis’ staire a

bhunú ar fhíricí an taighde sin. Tá an focal sin ‘dílis’ curthaidir lúibíní agam mar go bhfuil go leor saineolaithe comhaim-seartha staire a déarfadh go bhfuil sé iontach deacair insintchothrom staire a scríobh. Ach sa mhéid gur féidir teacht ingar dó sin a dhéanamh, tá sé déanta ag Pádraig (féach marshampla an aiste ‘De hÍde agus 1915: Mac Néill agus 1916’).

I 1961 d’fhoilsigh F X Martin alt dar teideal, ‘Eoin Mac Néillon the 1916 Rising’. Bhí dhá cháipéis le Mac Néill i gceist,ceann acu an litir ‘The North Began’ a d’fhoilsigh Mac Néillsa Claidheamh Solais i nDeireadh Fómhair 1913 – agus támacalla den chiall a bhain Martin as an alt seo in The OxfordCompanion to Irish History (1998): ‘his [Mac Néill’s] article,pointing to the example of the Ulster Volunteer Force, provided the inspiration for the Irish Volunteers’.

Ach tá go leor atá scríofa sa leabhar seo a léiríonn go raibhdaoine eile ag eagrú agus ag druileáil sarar rith sé le hEoinMac Néill peann a chur le pár i nDeireadh Fómhair 1913,féach na caibidlí beathaisnéise faoi Con Colbert agus SeánMac Diarmada, mar shampla; nó sa chaibidil thar a bheithspéisiúil, ‘Fórsa Óglach Lár na Tíre’, in a fheiceann muid anbleachtaire-stairí faoi lán seoil, agus cur síos thar a bheithcothrom agus beacht á thabhairt aige ar an ábhar seo.

Is spéisiúil go léiríonn léamh Ruth Dudley Edwards arimeachtaí na laethanta sin ró-shimplíocht léamh Martin,agus tábhacht Bhráithreachas na Poblachta sna himeachtaíseo (Ruth Dudley Edwards, Patrick Pearse: The Triumph of Failure (1977) leathanaigh 177-8).

II s fiú a rá freisin go n-aontaíonn Charles Townshend (Political Violence in Ireland. 2000, lgh 256-9), go leagtaran iomarca béime ar ‘The North Began’. Cuireann seisean

béim ar ‘spontaneity’ i dtús fhás na nÓglach, é ag baintúsáide as alt Béarla ó 1968 le Pádraig, ‘The Midland Volunteer Force, 1913’, mar fhianaise. In áit eile déanann sémór de chumas ‘the new generation of republicans’ i ‘theheavy spadework of organisation building’ (lch 241).

Maidir leis an dara cáipéis le Mac Néill a bhí i gceist, meamram faoi straitéis na nÓglach a d’ullmhaigh sé chuncúrsaí a phlé ag cruinniú de choiste feidhmeannach nanÓglach go luath i 1916, níor baineadh úsáid as ag an gcruinniú sin. Léirigh an cháipéis go raibh sé i gcoinne nastraitéise a bhí ceaptha ag baill den Bhráithreachas a bhígníomhach sna hÓglaigh. Nuair a shéan na daoine seo goraibh a leithéid de straitéis ar intinn acu, leag sé a cháipéis arleataobh; ach b’é tuairim Martin gur meamram tábhachtacha bhí mar ‘centre of discussion at the meeting’ an cháipéisseo. Bhí Pádraig in ann an ráiteas seo a bhréagnú ar fhianaise Bulmer Hobson.

Feannann sé Martin mar staraí sa chaibidil ‘The Lists ofXavier Martin’, agus tugann sé sonc dó ó am go ham ináiteanna eile sa leabhar.

Seachas athscríobh na staire agus tábhacht anBhráithreachais sna himeachtaí as ar lean Éirí Amach naCásca, tá téama eile ag rith tríd an leabhar seo. Fadhb atá

Macallaí na Cásca 9

1916 AGUS MAR SIN DE,1916 AGUS MAR SIN DE, le Pádraig Ó Snodaighle Pádraig Ó SnodaighLéirmheas le Seán HuttonSÚIL SIAR AR 1916

Page 11: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201311

Cnuasach leabhar GaeilgeCnuasach leabhar GaeilgeDheasúin BhreatnaighDheasúin Bhreatnaighbronnta ar Acadamhbronnta ar Acadamh

na hOllscolaíochta Gaeilge,na hOllscolaíochta Gaeilge,An Cheathrú Rua, Co. na GaillimheAn Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

BBhronn iníon an scríbhneora, Deasún Breatnach, cnuasach leabhar Gaeilge a hathar ar Ionad Acadamhna hOllscol aíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i

nGaeltacht Chonamara ar an 28 Meán Fómhair. Tá isteach isamach le 750 leabhar faoi stair, litríocht, chultúr agus shaíochtna tíre sa leabharlann seo. Beidh na leabhair mar chuid deshainbhailiúchán a bheidh in úsáid ag mic léinn an BA sa Chumarsáid le linn a gcuid staidéir ar an gCeathrú Rua.

Scríbhneoir, iriseoir, file,intleachtóir, poblachtach agusgníomhaí ab ea Deasún Breat-nach a rugadh i mBaile ÁthaCliath i 1922 agus a cailleadh sabhliain 2007. Is mar gheall arról Acadamh na hOllscolaíochtaGaeilge i gcur chun cinn an ardoideachais trí mheán naGaeilge, agus an obair atá arbun ag an Acadamh i réimse naCumarsáide Gaeilge, a chinnclann Dheasúin Bhreatnaigh achuid leabhar Gaeilge abhronn adh ar an institiúidléinn. Cuirtear oideachas iléann agus i gcleachtas naCumarsáide ar mhic léinn fochéime a bhíonn ag gabháil denBA sa Chumarsáid GY106. Déantar cúram ar leith deniriseoireacht le linn an chúrsa seo a eagraítear go huile agus gohiomlán trí mheán na Gaeilge. Téann céimithe an chúrsa agobair le comhlachtaí ardghradaim i dtionscal na meán.

LLeathchéad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916,chuaigh Deasún Breatnach ar stailc ocrais i 1966 chunaird a tharraingt ar a laghad a bhí bainte amach ó thaobh

an oideachais trí Ghaeilge. Ba bhall é den ghrúpa MISNEACH,a bhunaigh an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain. Bhí Luci, a bheanchéile, agus Deasún féin ina mbaill de ghrúpa bunaitheoirí nachéad bhunscoile lán-Ghaelaí i gContae Bhaile Átha Cliath,Scoil Lorcáin, i mBaile na Manach. Scríobh an Breatnach raonleathan leabhar agus ábhar i nGaeilge: úrscéalta do dhéagóirí,scéalta do pháistí, leabhar taighde faoin mbéaloideas, filíocht,gearrscéalta, agus bhí saothar fairsing iriseoireachta aige.Scríobhadh sé don irisleabhar The Bell agus do Scéala Éireannagus é ina chónaí ar Inis Oírr i lár na gcaogaidí. D’fhoilsigh séailt i nGaeilge san Evening Press agus chaith sé seal ag obairdon Irish Farmers Journal agus ina fho-eagarthóir ar an nu-achtán The Irish Times. Sholáthraigh sé ábhar don nuachtánseachtainiúil Gaeilge Inniu agus do na hirisleabhair Comharagus Feasta. Scríobh sé as Gaeilge sna nuachtáin Saoirse agusAn Phoblacht, a raibh sé ina eagarthóir air.

Arsa Dónall Ó Braonáin thar ceann Acadamh na hOllscol -aíochta Gaeilge: ‘Cuimhneachán seasta a bheidh ann faoishaol agus saothar Dheasúin. Iriseoir cruthanta a bhí ann ashaothraigh a cheird go cumasach, agus a chuir go mór leis anallagar náisiúnta agus caibidil chultúrtha na hÉireann.’ ◊

ann a aithneoidh duine ar bith a chuaigh i ngleic leis an stairriamh i.e. an t-eolas a bhíonn in easnamh ar chúis amháin nóar chúis eile. Nuair a bhí Pádraig ar thóir páipéar a bhain leJoseph Mary Plunkett, chuaigh sé go dtí teach áirithe ardúradh leis go mbeadh teacht aige orthu ann agus labhair séleis an té a bhí i mbun an tí. Arsa mo dhuine leis: ‘Ní raibhaon rud polaitiúil iontu. Ní raibh ann ach litreacha uaidh donchlann … chuireas tine leo.’

BBhí sé ródhéanach freisin i gcás Robert Page, ball denBhráithreachas a chuaigh le hÓglaigh Redmond iscoilt 1914, agus a throid sa Chéad Chogadh

Domhanda. Dar le Pádraig: ‘Bhí sé in aois na leanbaíochta,beagnach, agus is beag a fuair mé uaidh ó thaobh eolais dontráchtas’. Ach an scéal is taitneamhaí ar an ábhar seo, tá séle fáil in aiste ghairid spraíúil, ‘An Piarsach’, atá bunaithe aran eolas go mbaineadh An Piarsach úsáid as shorcóirí fónagraif chun a óráidí a chleachtadh: ach ní raibh teacht araon cheann de na huirlisí úd ag Scoil Éanna a thuilleadh, iadscaipthe mar bhronntanaisí thar na blianta de réir dealramh.

Bhí deacrachtaí thar na bearta ag Pádraig féin agus é i mbuntaighde, áfach, nuair a diúltaíodh cead dó páipéir Eoin MhicNéill a iniúchadh, cosc nár cuireadh ar F X Martin, de réirdealraimh. Leagann sé an milleán ar Michael Tierney, a phósiníon Mhic Néill agus a bhí ina Uachtarán ar Choláiste nahOllscoile Bhaile Átha Cliath lenár linn. Nochtann Pádraigscéal sa leabhar seo freisin gur iarr Martin ar Bulmer Hobsongan cuidiú leis sa taighde a bhí ar bun aige (scéal a bhí aige óbhéal Hobson). Ach ní hé sin deireadh. Theip air freisin radharc a fháil ar cháipéis le Seán Ó Muirthile ar stair anBhráithreachais (ar chuir rialtas an tSaoir Stáit bac ar a fhoilsiú), nuair a chuaigh sé i dteangmháil le Risteárd ÓMaolchatha, an té a raibh an cháipéis ina sheilbh.

Mar a dúradh i dtús na haiste, tá éagsúlacht ag baint le 1916Agus Mar Sin De, agus tá iarracht déanta agam príomhthéa-maí an leabhair a iniúchadh. Is fiú a rá go bhfuil aistí tait-neamhacha ann atá imeallach ar bhealaí do na téamaí seomar ‘Mac Easmainn agus an luibheolaíocht’ agus ‘Lá leis anbPiarsach’. Ach thar gach ní eile, tá raidhse eolais anseo archur amach Uí Shnodaigh ar an stair agus cleacht adh nastaire i gcás ceisteanna atá conspóideach fós in Éirinn. ◊

DIARMUID Ó GRÁINNE, 1950-2013DIARMUID Ó GRÁINNE, 1950-2013Cainteoir dúchais Gaeilge as Aill an Phréacháin i bhForbachana Gaillimhe ab ea Diarmuid Ó Gráinne. Buille trom ar scríbh-neoireacht na Gaeilge is ea a bhás, agus bás Mhaidhc DainínUí Shé, a cuireadh ar an lá céanna leis, 31 Lúnasa. D’fhreastailDiarmuid ar Choláiste Éinde i nGaillimh agus ar CholáistePhádraig, Droim Conrach, Áth Cliath (1968-70), mar ar spreagSéamus Ó Mórdha, Ollamh le Gaeilge, chun pinn é. Chleachtsé an iliomad réimse: úrscéalaíocht, gearrscéalaíocht, fealsún -acht, léirmheastóireacht, stair, agus máthair an áil ar fad,b’fhéidir, an dialann aíocht. Machnóir ab ea é, fear go raibh rudle rá aige, agus an teanga len é a chur in iúl. Ghabh sé lefeirmeoireacht agus lean air ag scríobh. Shamhlaínnse saoluaigneach leis: b’fhéidir go raibh dul amú orm. Ba léir dom antaitneamh a bhain sé as leabhar a raibh lámh an eagarthóraagam féin air, a bheathaisnéis ar Nietzsche, a bhreacadh. Saolfaoi chló eile a bhí ann dó, ionannú: b’eisean fealsamh naGearmáine. Chomh déanach le hIúil 2013, tháinig úrscéal eilefós leis ó Choiscéim, Aois na nIontas. Tá an teanga gann inniuar dhea-scríbhneoirí próis ón nGaeltacht. Braithfimid uainn é.Solas na bhFlaitheas dó. — P Mac Fhearghusa

Page 12: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201312

IIs é seo an tríú hiarracht ar Ghaeilge an Chláir a chur arphár. Bhí saothar mór ag an Athair Mac Clúin, a bhí inaOllamh le Gaeilge i gColáiste Fhlannáin in Inis, a bhreac

síos dhá imleabhar de Ghaeilge an Chláir – Caint an Chláir i1940, agus fuaireamar iarracht Nils Holmer i 1962, The Dialects of County Clare I & II. Anois, in 2013, tá seoltachugainn sár-shaothar Críona Ní Gháirbhith ina bhfuil cursíos ar a bhfuil fanta d’fhocail Ghaeilge i measc an Bhéarla saChlár. Is liosta focal é atá ag cúngú in aghaidh na bliana deréir mar a chaitheann an aimsir agus a scuabann tonntaollmhóra na meán cumarsáide chun siúil pé fuíoll dúchaiscainte atá againn ónár sinsear.

Cad a choinnigh beo na focail seo arbh fhuíoll ársa iad ad’fhan i mbéal daoine agus iad ar a ndícheall ag cur Béarla ara smaointe Gaeilge, cuid acu do-aistrithe go Béarla. Inatheannta sin, bhí na focail chomh beacht, chomh glé sin, ina

gcur síos ar nádúr an duine, ara chruthaíocht, ar a nósanna,ar chiotachas an duine, nó anainmhí, i mbun an tsaoil. Níraibh focal Béarla i ngar donGhaeilge chun cur síos ar na cúrsaí áirithe sin agus tarr -aingíodh láithreach as stórfocal na Gaeilge chun léiriú adhéanamh ar an smaoineamhagus ar an ngníomh. Thug sinbeatha go ceann glúine nódhó breise do na focailGhaeilge i gcaint an Bhéarla.

De réir mar a cuireadhoideachas ar dhaoine,déanadh íonghlanadh ar agcuid Béarla agus cuireadhchun siúil na focail Ghaeilge,

bíodh is go maireann macalla díobh i gcaint an phobail tuaithe go fóill.

Is ag an bpointe seo a thuigimid tábhacht shaothar ChríonaNí Gháirbhith, a úsáidí is atá i gcás mhúineadh agus tuiscintna Gaeilge sna scoileanna agus, ar ndóigh, gur féidir an stórfocal a úsáid mar bhonn dúchasach don fhoghlaimeoirGhaeilge. Sa chur chuige, deir sí féin: –

‘Sa bhliain 2007 thosnaigh mé ag bailiú agus ag scríobhliostaí focal i nGaeilge .i. focail a chuala mé féin i mBaileAodha, Eidhneach, agus mé ag fás aníos ansin. Chuirmé comórtas ar siúl agus scríobh mé litir faoi a foilsíodhsa Clare Champion agus bhailigh cnuasach beag focalsa tslí sin. Chláraigh mé don M Lit mar mhac léinn iRoinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, BaileÁtha Cliath, mar ar mhol an tOllamh Seosamh Watsondom dul i mbun taighde foirmiúil a dhéanamh arGhaeilge i ngnáthchaint na ndaoine. .i. an Béarla igContae an Chláir: thugas faoi.’ Lch 157

Deir an tOllamh Seosamh Watson: –

Is iomaí gné de shaol an duine ar a gcuirtear síos anseo.i. cúrsaí aimsire, an iascaireacht agus gnóthaí farraige,an talmhaíocht agus an fheirmeoireacht, an dúlra,damhsaí agus ceol, an cearrbhachas agus caithimh aimsire eile nach iad, cleamhnas agus pósadh agus tharaon ní, tréithe an duine, idir chorp agus phearsa, ar adtugtar léargas cuimsitheach ann.

Tá suas le 1,800 focal sa bhailiúchán seo, ar a n-áirítearmórán nach bhfuil i gcnuasach iomráiteach Mhic Clúin, agustá suas le 2,500 de mhínithe Béarla ann. Samplaí:–

Adhastar: ‘halter, put the adhastar on the ass.’ ‘Bhí fearmacánta ina chónaí in Eidhneach agus tugtaí adhastar mar leasainm air, toisc a mhinicí is a bhíodhsé ag lorg adhastar ar iasacht.’

Buailteán: Big stick. Hitting the dog with a big buailteán2. The striking wattle of the flail.

Corráinín Speile: curved file for to edge scythe.

Cuisle: Pulse. Cuisle mo chroí.

Fadharcán: Corn on foot 2. A knot in wood. The plank isfull of fadharcáns

Gamalóg: Foolish person.

Faghairt: Fire in his eyes.

Fialtach: Big bulky person or animal.

Liobarnach: Awkward

Tá innéacs Gaeilge agus Béarla sa leabhar a chuireann gomór le tuiscint an duine ar an bhfocal, agus ina dheireadh tádhá leathanach d’fhocail Ghaeilge dá dtagraítear faoi naceann fhocail, mar shampla: Cuach: garbhshíon na gCuach;Cos: bacóid; Buí: buachallán; Béal: íde; Dul: amú; Práta:caochán; Míog: pilibín; Saor: gobán agus mar sin de, arfeadh 200 ceann fhocal.’

Tá macallaí na seanaimsire múscailte ag Críona Ní Gháirbhithsa leabhar seo a bhíogann ár n-aigne ar shaibhreas Gaeilgean Chláir. Tuigimid, ag léamh an chiste foclóra seo dúinn,doimhneacht agus fairsinge na Gaeilge sa Chlár. Léiríonn séfreisin go paiteanta chomh lárnach is a bhí Gaeilge an Chláirsa bhfoclóir náisiúnta. Deir Seosamh Watson: –

Cuireann an cnuasach luachmhar seo go mór lenárn-eolas ar oidhreacht shaibhir Ghaeilge a bhí i seilbhphobal an Chláir, tráth a mhair a dteanga shinsearachbeo, beathach ina measc agus léiríonn lena chois sin, andílseacht siúd agus a gcion uirthi, fiú i ndiaidh dámórchuid dul i muinín an Bhéarla mar ghnáththeangalaethúil.

Tréaslaímid uile a saothar le Críona Ní Gháirbhith as leabharchomh luachmhar a chur inár láthair. Tréaslaímid freisin leisna foilsitheoirí, Coiscéim, a rinne cur amach fíorshlachtmharar an leabhar.◊

GAEILGE AN CHLÁIRGAEILGE AN CHLÁIRSéad-Chnuasach Focal ón mBéarlaSéad-Chnuasach Focal ón mBéarla

In eagar ag Críona Ní Gháirbhith. Coiscéim, 2013. €12á chur i láthair ag Seán Ó Ceallaigh

Page 13: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

Ógras, Ciarraí Lár

Ógras, Trá Lí

Ógras,Baile

UíThaidhg

Ógras, Gníomh go Leith

Ógras an Ghleanna, Uíbh Ráthachálainn na bhFear bhFionn bhFial

Ag Campaí SamhraidhAg Campaí Samhraidh

ÓGRAS 2013ÓGRAS 2013Risteárd Ó Fuaráin

oifigeach forbartha na Mumhan087 2194992 & [email protected]

Tamara agus Edwina

Page 14: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201314

MMó chráiteacht is mo chumha ná tnáithigh! Tádúiche Duibhneach agus críoch Fódhla ar faddallta ag an ochlán ó tháinig an drochscéal

chugainn maidin Déardaoin seo caite [29 Lúnasa 2013] goraibh an saol seo fágtha go tobann ag an bpearsa agus anseoid náisiúnta, Maidhc Dainín Ó Sé. Go deimhin, tá smut nósciar substaintiúil de shaíocht, de chultúr agus d’oidhreachtna dúiche seo, is na tíre ar fad, caillte go buan againn. Isbeidh sé ana-dheacair a bhróga a líonadh go deo.

Bhí aithne ag an saol mór ar Mhaidhc Dainín mar údar, marcheoltóir, mar fhear suilt agus cuideachtan agus mar dhuinede phearsana móra Oireachtas na Gaeilge le tamall maith debhlianta.

Micí Dainín a thugtaí ina dhúiche dhúchais air, an dúiche sinab ansa lena chroí. Bhí aithne agamsa air mar dhlúth charadílis, is mar dhuine domhain, díograiseach, dúthrachtach,dícheallach, deisbhéalach; ceoltóir, údar, cumadóir, amhránaí, fear inste scéal, rí comhluadair, pearsa preabúilOireachtais agus pearsa náisiúnta, fear muinteartha agusfear muintire.

Scrígh sé fiche éigin leabhar Gaelainne agus tá dhá cheannacu sin aistrithe go Béarla. Éacht ann féin é seo: níl aonduine i ndúiche Duibhneach ná in aon phobal tuaithe eile, arm’eolas, a bhfuil an méid sin scríbhneoireachta curtha deaige ina theanga dhúchais. Leabhair mhaithe téagartha is eaa bhformhór agus leabhair a bhfuil fealsúnacht agus meonan tuata tuisceanaigh go smior iontu, mar go raibh spéis arleith ag údar Charracháin sa chosmhuintir dár díobh é, inanósanna, a seanchas is a scéalta. B’iad ‘lucht na gcaipíní’ sina ‘alma mater’, a ollscoil, a inspioráid agus an tobar as ar líonsé a pheann go rábach.

Mar a deireadh sé féin, bhí sé ‘coitianta ar a’ bpeann’ óbhain a chéad leabhar, A Thig Ná Tit Orm, cáil náisiúntaamach dó, nuair a d’fhoilsigh Coiscéim ar dtús é sa bhliain

1987, ‘an leabhar is soléite sa teanga’ mar a deirtear sachuntas atá ag ‘Coiscéim’ ar an leabhar iomráiteach sin.

Sé atá in A Thig Ná Tit Orm cuntas ar eachtraithe i saol anúdair, ó bhí sé ina gharsún beag, i ndaichidí an chéid seocaite, ar a fhód dúchais, Carrachán, i bparóiste Mórdhach,faoi scáth Chnoc Bhréanainn, go dtí gur fhill sé abhaile, i1969, óna aistear mar imirceánach. Bhí saol sin an imirc -eánaigh i ndán do phlúr na bhfear is na mban n-óg le linn doMhicí Dainín a bheith tagtha in inmhe fir is i gcoinlíocht, isdála na gcéadta eile bhailigh sé féin leis an Mám amach.

Fear fadradharcach ba ea é agus bhí sé suite meáite ar fhilleadh abhaile nuair a bheadh sé oiriúnach chuige. Is buíochas mór le Dia na Gile Glóire gur éirigh leis an bheart adhéanamh is gur scaoil sé snaidhm is cornasc na himirce. Istá an t-ádh linne ar fad gur mar sin a tharla is gur fhill sé abhaile chugainn.

Ní raibh sé i bhfad neadaithe ar a fhód dúchais arís nuair atháinig cor eile chun feabhais i saol na Gaeltachta i.e. bunúRaidió na Gaeltachta i 1972. Is bhíodh ‘Micí Dainín é féin’,ambaiste, coitianta i mbun ceoil agus amhráin ar an raidiósin is bhí an-éileamh air dá réir. Is mar sin a cuireadh aithne fhorleathan ar Mhicí Dainín ar dtús.

Is féidir a rá gurb é an Raidió agus an tOireachtas an dá eagras sa tír seo is mó a raibh cion aige orthu, agus bhí tionchar nach beag acu ar a phearsa poiblí. Casadh a lándaoine air le linn a thréimhsí ar Chomhairle an Raidió agus éag taisteal go cruinnithe ó cheann ceann na tíre. Bhí an t-ádhleis an scríbhneoir seo a bheith fairis ar chuid mhaith dáchuid bóithreoireachta.

Aon duine a d’fhreastail ar an Oireachtas le blianta fada, táfhios aige go mbíodh Maidhc Dainín agus a bhosca ceoil i láraon aonaigh agus na cuideachtan. Is mar sin a bhí aige, bliaini ndiaidh bliana, go dílis, ó thús na seachtóidí den gcéad seocaite. Cad é ‘Up Kerry’, is ‘Up Carrachán’ is ‘Up Cam Amhais’,ambaiste, is ceol is amhráin go frathacha! Ceann de nacuimhní gléineacha atá i mo cheann is ea é féin agus ‘Rí Thoraí’, Peatsaí Dan Mac Ruairí, lena mboscaí ceoil is iad imbun an ‘Tennessee Waltz’ ag Oireachtas na bliana 2011 igCill Airne ….

RRud eile atá léir i mo chuimhne is ea an urraim a bhí agdream óg an Oireachtais dó mar údar A Thig Ná TitOrm. Bhíodh a leithéid sin ‘leáite anuas air’ istigh i

gClub An Oireachtais, rud a thaitnigh go mór leis agus a thugmisneach agus spreagadh dó mar údar. Á mhuise, moth-óimid uainn é ag Oireachtas na bliana seo i gCill Airne, idir ógagus aosta ….

Iad siúd a raibh ard-aithne acu ar Mhicí Dainín, thuigeadar,leis, gurb iad a bhean agus a ál agus an fónamh a rinne séorthu an chuid ba thábhachtaí dá shaol pearsanta, agus níraibh aon rud ina cheann b’ansa leis ná saol maith compord -ach a bheith acu sin le toradh a shaothair féin. Is d’éirighthar barr leis sna gnóthaí sin.

MICÍ DAINÍN Ó SÉMICÍ DAINÍN Ó SÉSeoid Náisiúnta ar lárSeoid Náisiúnta ar lár

MaidhcDainínÓ Sé

Page 15: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201315

Cé go raibh ana-chuid áthais agus rangáis ina shaol, mar sinféin do luigh coraí crua an tsaoil go trom air, babhtaí. Cailleadh deartháir leis, Tomáisín Dainín, agus é ina fhear óg.Amhránaí den scoth ab ea Tomáisín agus, dá mairfeadh sé,bheadh oiread cáile mar amhránaí air is a bhí ar Mhicí féin.Cailleadh a iníon Deirdre, go hobann, i Philadelphia, i mbláthna hóige is ina máthair ar ál óg. Ní raibh Micí ach díreachdulta ar a phinsean óna phost le Kerry Co-OP nuair a tharlaan tubaiste sin dó. Cailleadh a dheirfiúr is í ina bean óg, agusbhí a dheartháireacha ar fad imithe roimhe. Ba é Oisín i ndiaidh na Féinne é, deireadh an áil.

Faraor, ní raibh a shláinte ar fónamh le tamall anuas achd’iompair sé an chros sin, leis, le dínit is le diongbháilteacht.Is ní raibh aon súil ag aon duine go sciobfaí uainn chomhtapa é.

Guím suaimhneas agus sólás a bheith ag a bhean ‘KateCastleisland’ is a mhuirear, is a ghaolta eile ar fad atácroíbhriste ina dheoidh.

Trócaire sa chré air féin is ar a mhuintir ar fad.

— Mícheál de Mórdha— Mícheál de Mórdha

Maoiniú ó Fhoras na Gaeilge,Maoiniú ó Fhoras na Gaeilge,cad atá romhainn?cad atá romhainn?

Mar leanas a labhair Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, nuaira d’oscail sé Dúchas, Éigse do Thiobraid Árann, i nDún Mhuire, Sráid an Phiarsaigh,Aonach Urmhumhan ar an 13 Meán Fómhair: –

Táim buíoch as an gcuireadh a fuaireas Dúchas na bliana seo a oscailt. Is ócáid shuimiúil thaitneamhach í an tionól seo i gcónaí agus molaim go mór Coiste ContaeThiobraid Árann de Chonradh na Gaeilge agus an chraobh anseo san Aonach as clárdá leithéid seo a chur ar fáil dúinne, agus go háirithe do lucht na Gaeilge anseo igCo. Thiobraid Árann. Tá sé tabhachtach dúinn an pobal Gaelach a chothú agus aneartú trí imeachtaí mar seo.

Táim chun beagán cainte a dhéanamh i dtaobh an leagan amach nua maoinithe atále cur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge – leagan amach a d’fhógair an CATT (ComhairleAireachta Thuaidh / Theas) i lár mí Iúil. Tá eolas áirithe ina thaobh ar fáil go coitianta,ach ina ainneoin san, beidh go leor mionsonraí folaithe go dtí go dtiocfaidh ceisteanna nua chun cinn. Déanfad iarracht an-ghairid mo léamhsa air a chur iláthair.

FÁITHMHEAS, AN RIACHTANAS AGUS AN GNÍOMHFÁITHMHEAS, AN RIACHTANAS AGUS AN GNÍOMH

Sa leagan amach nua seo, tá an dá Stát ag léiriú conas a chabhrófar le lucht naGaeilge agus an riar, treoir agus stiúir a bheidh ann chun cuspóirí áirithe a churchun cinn. Tá soiléire ná raibh ann le tamall le brath ar an méid san. Tá sé soiléirfreisin, im thuairimse, go bhfuil baol ann go ndéanfaidh an leagan amach nuaimeallú ar Chonradh na Gaeilge mar eagraíocht náisiúnta pobail, muna gcoimeádfaimid súil ar a mbeidh ag titim amach. Ní léir in aon chor go mbeidh páirtchinnireachta nó pleanála ar bith gur fiú trácht air ag daoine deonacha nuair a thosnóidh an córas nua, agus cuirfidh san srian nach beag le cumas na heagraíochtadaoine cumasacha dúthrachta a choimeád ar an leibhéal náisiúnta.

Taobh amuigh ar fad den mhaoiniú agus den chomhpháirtíocht leis an státchórasatá i gceist, caithfimidne, mar eagraíocht, más maith linn ár bhféiniúlacht agus árgcumas eagrúcháin féin a choimeád, aire a thabhairt dár gclár oibre féin freisin, nód’fhéadfadh sé titim i léig agus dul as, nó bheith slogtha, cheal aire uainn féin. Sésin, de bhreis ar bheith i bpáirt leis an stát, mar a thárlóidh tríd an gcóras nua, caithfimid bheith ag obair ar nithe breise dár gcuid féin. Ní i gcónaí a bhíonn sansoiléir inár n-aigne, ní thugaimid dóthain airde air go minic, agus ní i gcónaí achoiread a thugaimid faoi ndeara chomh cleithiúnach is atáimid faoi láthair armhaoiniú ón stát. Tá an bonn don pháirtíocht leis an stát á athrú go suntasach anois,agus caithfimidne bheith aireach go maith dá réir, mar tá misean níos leithne i gcónaí againn ná díreach a bheith páirteach i dtionscnaimh leis an stát.

Is dúshlán, bagairt agus buntáiste dúinn an cor nua seo, agus éireoidh linn, mádheinimid é a láimhseáil i gceart anois. Beidh sé ró-dhéanach tosnú air seo i gceanncúpla bliain, agus beidh níos lú roghanna ann faoin tráth san. Cuirim fáilte roimhdhíospóireacht sa ghluaiseacht dheonach ar an méid atá ráite agam.

Is breá liom Dúchas 2013 a fhógairt tosnaitheDonnchaDonnchadh Ó hAodhadh Ó hAodha , Uachtarán, Conradh na Gaeilge, Uachtarán, Conradh na Gaeilge

Maidhc Dainín Ó SéMaidhc Dainín Ó Sé1942 - 20131942 - 2013

Tá an Gaeilgeoir cumasach grámharImithe go brách gan fuaim,Ní bheidh sé arís inár láthairAg canadh amhrán don slua,D’ardaigh sé meon a raibh i láthairSa bhaile is gan dabht thar cuan,Tá do bhuile agat tugtha, a shárfhir,Codladh gan cháim duit, luaim.

Fad is a bheidh uisce ag rithagus drúcht ar bharr an fhéir, beidh cuimhne ar Mhaidhc i measc Gael i bhfad is i gcéin.

Go dtuga Dia na Glóire suaimhneas síoraí dó,

agus leaba i measc fhíorfhathaigh ár dteanga dhúchais bíodh aige.

— Pádraig Ó Conaill— Pádraig Ó Conaill

Slán le Dónal BreathnachCathair Uí Mhóráin, Trá Lí,

a d’éag ar an 12 Bealtaine 2013

Tá scamall dúch dorcha brónachAg sileadh, mo lom, thar an Ríocht,Mar tá an fámaire imithe go deo uainn,Ní chloisfimid go brách uaidh arís.Nach iontach mar a thug sé uaidh

comhairleDo dhaoine faoi bhrú, mar a bhíonn,Ag impí orthu bheith ag caint is ag

comhráChun faoiseamh d’fháil dóibh féin ón

bpian.

Tá do chlann is do ghaolta go deorachAch tá sólás le fáil acu, achainím, Mar beidh fáilte i gcathair na glóireRoimh Dhónal an laoch ó Chiarraí.D’fhágais do bhronntanas go deonach,Tá do bhuille agat tugtha le brí,Tóg an sos atá tuilte agat, a óigfhir,,Ar Neamh thuas ar feadh na

síoraíocht’.

Codladh, a laoch-fhir ar neamh go sámh.

— Pádraig Ó Conaill— Pádraig Ó Conaill

Page 16: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

• COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINEÓGA (9/10-12) Maoinithe ag Foras naGaeilge An Chéad Duais €2,000: Daideole Áine Ní Ghlinn, Glenbrook Park, RáthFearnáin, Baile Átha Cliath 14. An DaraDuais €750: Oileán na nDraoithe leProinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn.

• COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINEÓGA (13-15) Maoinithe ag Foras naGaeilge. An Chéad Duais €2,000: Vaimpír san Áiléar le Orna Ní Choileáin,Ard Aidhin, BÁC 5. An Dara Duais €750:Raic le Máire Uí Dhuf aigh, Inis Oírr,Oileáin Árann.

• COMÓRTAS A4: ÁBHAR LÉITHEOIR -EACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTAMaoinithe ag Foras na Gaeilge AnChéad Duais €2,000: Fianaise le MicheálÓ Ruairc, Garrán an Úlloird, Cúl Mín,Baile Bhlainséir, BÁC 1. An Dara Duais€750: Nuair a Stadann an Ceol le MarieWhelton, Institiúid Oideachais Marino,Ascaill Uí Ghríofa.

• COMÓRTAS A5: GEARRSCÉAL – DUAISAN MHAOLÁNAIGH Maoinithe agOireachtas na Gaeilge An Chéad Duais€400: Nochtadh na Fírinne le Bríd Dáib-hís, Clochar na Toirbhirte, Cill Choca, Co.Chill Dara. Duais €100: An Carria le Eithne Ní Ghallchobhair, Maigh Gumna,Ard an Rátha, Tír Chonaill. Duais €100:An Bás Beo le Mícheál Ó Conghaile, ClóIar-Chonnacht, Indreabhán.

• COMÓRTAS A6: DÁN Maoinithe agCraobh Aimhirgin de Conradh naGaeilge. Duais €200: Míol Mór Bhreandáin le Proinsias Mac a’ Bhaird,Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

• COMÓRTAS A7: CNUASACH FILÍOCHTAMaoinithe ag Coistí Gairmoideachais naMumhan agus na Gaeltachta. Duais€1,250: Aimsir Ársa le Cathal ÓSearcaigh, Mín a Leá, Gort an Choirce,Leitir Ceanainn, Tír Chonaill.

• COMÓRTAS A9: LÉIRMHEASTÓIR EACHTAR FHILÍOCHT Maoinithe ag Oireachtasna Gaeilge agus Éigse Éireann – PoetryIreland. Duais €400: Mo Mháistir Dorcha le Pádraig de Paor, Coláiste naTríonóide, BÁC

• COMÓRTAS A10: Saothar Próis Maoin ithe ag Oireachtas na Gaeilge.Duais €1,250: An Colm Bán le Liam ÓMuirthile, Páirc na Rós, Ascaill na Cille,Dún Laoghaire.

• COMÓRTAS A11: COMÓRTAS NASCRÍBH NEOIRÍ ÚRA Maoinithe ag Forasna Gaeilge. Duais €1,000: CuimhníPoircealláin le Majella Ní Dhomhnaill,Bóthar Chill Easpaig Sáráin, Bré, Co. ChillMhantáin. Duais €1,000: Rocky Ros Mucle Rónán Mac Con Iomaire, An BótharBuí, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.Duais €375: Geronimo agus Scéalta Eilele Seán Mac Sheáin Mac Eochaidh, Powerscourt, Bóthar Dhún Mór, PortLáirge. Duais €375: Tuatha Dé Danainnin Éirinn le Diarmuid de Faoite, Cúirt anMhainéir, Cnoc na Cathrach, Gaillimh.

• COMÓRTAS A12: CUR CHUN CINN NAGAEILGE Maoinithe ag Conradh naGaeilge. Duais €500: Athchuairt ar anmBreac-Ghaeltacht le John Walsh,Roinn na Gaeilge, OÉ, Gaillimh.

• COMÓRTAS A13: AISTE INNEAL TÓIR -EACHTA Maoinithe ag Cumann na nInnealtóirí. Duais €1,000: An Inneal -tóireacht – idir eolaíocht agus ealaín leCaitlín Uí Mhaolagáin, An Ardaidh, Gortan Choirce, Leitir Ceanainn.

• COMÓRTAS A14: DRÁMA RAIDIÓMaoinithe ag RTÉ. Duais €500: Teiripe leBrian Ó Tiomáin, Willbrook, RáthFearnáin, Baile Átha Cliath 14.

• COMÓRTAS A15: DRÁMA AON GHNÍMHMaoinithe ag Údarás na Gaeltachta. Duais€600: Viriliter Age le Brian Ó Tiomáin,Willbrook, Ráth Fearnáin, BÁC 14.

• COMÓRTAS A16: COMÓRTAS CUIMH-NEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC Maoinitheag Oireachtas na Gaeilge & ag angCumann Scoildrám aíochta: –

ROINN A An Chéad Duais €200: Is BinnBéar ina Thost le Áine Treasa Ní Dheirg,Ráth Chairn, Baile Átha Buí. An DaraDuais €150: Scéal na Nollag le Áine NíGhlinn, Glenbrook Park, Ráth Fearnáin,Baile Átha Cliath 14.

ROINN B An Chéad Duais €200: An Dialann le Brian Ó Meacháin, ArdBhríde, Baile Locha Riach. An Dara Duais€150: Cogadh na Traí le Lisa NíDhoinnléibhe, Goirtín Fliuch, Béal Áthaan Ghaorthaidh, Co. Chorcaí.

ROINN C (Duais i gcuimhne Dhonncha UíShúilleabháin) An Chéad Duais €300:Am ar Dóigh! le Proinsias Mac a’ Bhaird,Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. AnDara Duais €150: Aoibhinn agus Diarmaid le Brian Ó Baoill, An TeachMór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

• COMÓRTAS A17: SCRIPT TEILIFÍSEMaoinithe ag TG4.Duais €500: AntOileán le Brian Ó Tiomáin, Willbrook,Ráth Fearnáin, BÁC 14. Duais €500:Dótáil le Dónal de Buitléir, Caiseal nagCorr, Gort an Choirce, Co. Dhún nanGall.

• COMÓRTAS A18: SCÉAL DÍRITHE ARDHÉAGÓIRÍ Maoinithe ag Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael.Duais €500: Iománaí ón Iasacht le SeánUa Cearnaigh, Ard Aoibhinn, Gort naSilíní, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman.

• COMÓRTAS A19: AGALLAMH BEIRTEMaoinithe ag Údarás na Gaeltachta.Duais €500: Lá Spóirt le Aodh Ó Domhnaill, Bóthar an Fhaiche, An Charraig Dhubh.

• COMÓRTAS A20: CUMADÓIREACHTAMHRÁN Maoinithe ag Oireachtas naGaeilge. Duais €1,000: Máire as ÁrainnMhór le Proinsias Mac a’ Bhaird agusDoimnic Mac Giolla Bhríde, LeitirCeanainn, Co. Dhún na nGall. ◊

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201316

IARSMALANN AN TÚIR, DOIREIARSMALANN AN TÚIR, DOIREAr an 26 Meán Fómhair in Iarsmalann an Túir,Doire, thug an Dr Éamonn Ó Ciardha léacht darteideal 'Imeacht na nIarlaí agus Plandáil Uladh',mar chuid de shraith léachtaí Island Voice, arnaeagrú ag an gComhairle Cathrach. An sprioc nádearcadh na nGael ar Phlandáil Uladh a chíoradh;tá cothrom 400 bliain ann ó Pharlaimint 1613.• Ó chlé: Mickey McGuinn ess, staraí; KeithWright, Church of the Latter Day Saints; Pól ÓFrighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle CathrachDhoire; Dr Éamonn Ó Ciardha, Léachtóir, agusMargaret Edwards, Oifigeach Oideachais,Comhairle Cathrach Dhoire, ag an Túr.

Scoth na Scríbhneoireachta — Daoine FástaScoth na Scríbhneoireachta — Daoine FástaBuaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2013Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2013

Page 17: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201317

IIs é atá in Scéalaíocht Ár Sinsear ná naoi gcinn de scéaltaó ré na Sean-Ghaeilge aistrithe go Nua-Ghaeilge agPádraig Ó Fiannachta maille le tráchtaireacht ó Kim

McCone. Bhí dúshláin áirithe ag baint leis an aistriúchán soagus míníonn Ó Fiannachta gur dhein sé iarracht cloí leis annGaeilge Mhoch chomh mór agus ab fhéidir leis ach cló naNua-Ghaeilge a chur ar na scéalta ag an am céanna (lch v).Admhaíonn sé gur deacair don aistritheoir gach gné den stíla thabhairt ‘thar bhearna bhaoil an aistriúcháin’ (ibid.) achtríd is tríd, éiríonn go maith leis, mar a chífear sna samplaí aleanas. Féach an bheocht atá sa chomhrá thíos idir an ríAilill, Eoghan Mac Ailealla agus Lughaidh Mac Con in CathMá Mucramha:

‘Beir breith eadrainn, a Ailill.’ ‘Beag a thairbhe,’ arsa Ailill.‘Cad dúirt sibh nuair a fuarthas an fear.’ ‘Liomsa an ceol, adúrtsa,’ arsa Lughaidh. ‘Liomsa an ceoltóir, a dúrtsa,’ arsaEoghan. ‘Fíor duit,’ arsa Ailill, ‘le hEoghan an fear.’ ‘Isdrochbhreith,’ arsa Lughaidh. ‘Is cóir í,’ arsa Ailill. ‘Ní cóirí,’ arsa Lughaidh, ‘ní gnáth cóir as do bhéal.’ ‘Ní tú is cóir álochtú,’ arsa Eoghan, ‘aitheach de do shórt.’ ‘Is aitheachde mo shórt a lomfaidh an ceann sin díotsa agus ashatlóidh ar do leaca!’ ‘Conas a dhéanfá-sa sin?’ arsaEoghan. ‘Ar pháirc an chatha,’ arsa Lughaidh: ‘mí ón láinniu, tar go gcomhracam i gCeann Abhrad.’ (ScéalaíochtÁr Sinsear, lch 25)

‘Beir breith dún, a Ailill’. ‘Bec torbai’, or Ailill. ‘Cid at- rubartbair in tan fríth in fer?’ ‘At-rubart-sa’, or Lugaid, ‘lemma céol’. ‘At-rubart-sa’, ar Éogan, ‘is lem on céoluid’. ‘Is fír’, orAilill, ‘la Éogan in fer’. ‘Is drochbreth’, or Lugaid. ‘Fír dano’,or Ailill. ‘Ní fír,’ or Lugaid, ‘ní gnáth fír fort béolu’. ‘Ní tú aschóir dia chairigud’, or Éogan, ‘aithech samlut’. ‘Bid aithechsamlum-sa’, or Lugaid, ‘lomméras a cend-sin dít-sa 7saltéras fort leccoin’. ‘Cinnas do-génta-su?’ or Éogan. ‘I rroíchatha’, or Lugaid, ‘a llaa-sa i cind mís do-téis co comairsemi Cind Abrat’. (1)(1)

Is deas mar a bhorrann is a thránn an argóint sa tsliocht sanagus is dóigh liom go n-éiríonn leis an aistritheoir teannasagus gontacht an bhunleagain a bhreith leis sa Nua-Ghaeilge. No féach ar Dheirdre a chuireann a dúil in iúl doNaoise in Loingeas Mac nUisnigh:

‘Is álainn,’ ar seisean, ‘an tsamhaisc atá ag dul tharainn.’‘Dlitear samhaisc a bheith mór,’ ar sise, ‘san áit nachmbíonn tairbh.’ ‘Tá tarbh an chúige agat,’ ar seisean, ‘.i. RíUladh.’ ‘Dhéanfainn rogha eadraibh araon,’ ar sise, ‘agusthoghfainn tairbhín óg mar thusa.’ ‘Ná habair é!’ ar seisean,‘fiú de bharr fháistine Chathbhadh.’ ‘An do mo dhiúltú adeire sin?’ ‘Is dó, go deimhin,’ ar seisean. Leis sin chaith síléim chuige agus rug greim ar a dhá chluais ar a cheann.‘Dhá chluais méala agus fonóide iad seo,’ ar sí, ‘murambeireann tú mise leat.’ (Scéalaíocht Ár Sinsear, lch 111)

‘Is cáin,’ ol-se-sseom, ‘in t-šamaisc téte sechunn!’ ‘Dlegtair,’ol-si-si, ‘samaisci móra bale na·bít tairb.’ ‘Atá tarb in chóicidlat,’ or-se-sseom, ‘.i. rí Ulad.’ ‘No·togfainn-se etruib far ňdís,’or-si-si, ‘ocus no·gēbainn tarbín óag amalt-so.’ ‘Ni-thó!’ ol-se-sseom. ‘Cid fo bīthin fáitsine Cathbad.’ ‘In dom fémed-sa adeiri sin?’ ‘Bid dō immurgu,’ or-se-ssem. La sodainfo·ceird-si bedg cuci corro·gab a dá n-ó fora chinn. ‘Dá n-ómēle ocus cuitbiuda in-so,’ ol-si, ‘manim·bera-su latt.’ (2)(2)

Tá níos mó de dhúshlán ag baint leis na giotaí beaga filíochtaa fhaightear anso is ansúd sa phrós. In Oidhe DhiarmadaMhic Fhearghasa Ciorrbheoil, tuarann an fáidh Beag Mac Dégur mar seo a leanas a bheidh ríocht Dhiarmada i ndiaidh abháis:

Is olc an saol atá chugam;Beidh fir daor,Mná saor,Meas crann folamh,Coill caoin,Bláth olc,Gaotha iomadúil,Samhradh fliuch,Arbhar glas,Iomad bó,Bainne tearc... (Scéalaíocht Ár Sinsear, lch 102).

An téacs ar ar bunaíodh an t-aistriúchán:

Olc bith aromthá · daera fir · saera mná · mess fás ·fidh cáin · olcc bláth · ili gáith · samh fliuch ·ith nglass · immat buar · terc ass... (3)(3)

BBraithim go mbeadh línte 4 agus 5 thuas doiléir gomaith don léitheoir Nua-Ghaeilge. Caoin sa chiall‘smooth’ .i. gan fásra atá i gceist ach is dócha gur

túisce a chuimhneodh duine sa lá atá inniu ann ar ‘pleasant’nó a leithéid. Bhí réimse leathan bríonna ag an bhfocal satSean-Ghaeilge leis: ‘devoid of fruit’ le comhartha ceiste amholann an Dictionary of the Irish Language (s.v. caín) sachás so. Cuirtear an focal crann leis an bhfocal mess/meassan aistriúchán chun go dtuigfí gur ‘fruit of a forest tree’ (mara thugtar i bhFoclóir Uí Dhónaill s.v. meas²) atá i gceist ach fósbraithim go mbeadh an líne sin doiléir go maith do léitheoiríar an gcéad amharc. Tá na giotaí filíochta pas deacair mar sin– bheadh tuairim agat cad tá á léiriú iontu ach ba dheacairmionscagadh a dhéanamh ar chuid de na línte gan dul i dtreona mbunfhoinsí agus na saothar acadúla a thráchtann orthu.Ná cuireadh deacrachtaí mar seo as don léitheoir!

Tá blúirí Laidine sa tsliocht as Beatha Phádraig agus aistríodhiad so go Béarla:

‘Gornias washed his face agus osclaíodh a shúile dó...’ (lch130) ‘Pádraig, however, nuair a chuala sé na focail sin...’(lch 130), ‘Is é seo indeed faoi deara teacht Phádraig i dtúsgo hÉirinn’ (lch 132).

Scéalaíocht Ár SinsearScéalaíocht Ár Sinsearle Kim Mc Cone agus Pádraig Ó Fiannachta

An Sagart, Athchló 2012 Léirmheas le Síle Ní Mhurchú

Page 18: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201318

Tá cúpla sliocht níos faide ná san leis ann aistrithe ó Laidingo Béarla agus ní bheadh aon locht agam orthu san ach isdóigh liom go bhfuil greann neamhbheartaithe ag baint leisna blúiríní gearra Béarla mar atá thuas toisc go dtugann siadcódmheascadh an lae inniu chun cuimhne – b’fhearr anLaidin a aistriú go Gaeilge agus é a chur i gcló Iodálach, darliom.

Bíonn teachtaireachtaí na scéalta so folaithe rud a fháganngur deacair do léitheoirí an lae inniu iad a dhéanamh amach,mar a mhíníonn Ó Fiannachta (lch v) agus mar leigheas airseo, míníonn Kim McCone cuid de na modhanna anailíse ambaineann scoláirí úsáid astu – mionstaidéar ar chúlra nascéalta, an anailís struchtúrach, coincheap natairseachúlachta, agus a thuilleadh nach iad. Tugtar eolasdúinn ar sheachadadh na scéalta, ar thionchar naCríostaíochta agus an Bhíobla agus mar a fíodh an traidisiúndúchasach leis an dtraidisiún eaglasta, ar fheidhm na scéaltasa tréimhse inar cumadh iad agus ar ghnéithe d’aeistéitic nascéalta. Tá an chuid seo bunaithe ar an leabhar Pagan Pastand Christian Present in early Irish literature le Kim McConearís (lch 18). Ina theannta san go léir, cuireadh nótaí le gachscéal sa leabhar a thugann eolas breise ar chóipeanna ilámhscríbhinní, ar eagráin i gcló, ar thuairimí scoláiríéagsúla, ar théama an scéil, ar chosúlachtaí agus ardhifríochtaí idir scéalta éagsúla, agus mar sin de. Is mór anchabhair iad so do léitheoirí.

TTháinig an leabhar so amach ar dtúis i 1992. Tá fichebliain, mar sin, idir an dá eagrán agus is mór an truanár tugadh na nótaí a ghaibheann leis na scéalta suas

chun dáta chun obair atá déanta ag scoláirí sa tréimhse sin achur san áireamh. Luaitear (lch 105) léacht a thug CorneliusButtimer i Má Nuad ar an bhfeidhm a bhaintear asfuaimeanna in Loingeas Mac nUisnigh; cuireadh aistebunaithe ar an léacht so i gcló ó shin in Éigse (4)(4); b’fhiú a luago bhfuil an buntéacs Laidine de bheathaí Phádraig leTíreachán agus Muirchú (luaite ar lgh 123-9) ar fáil ar líneanois ar an suíomh www.confessio.ie agus aistriúchánGaeilge leo; tá ailt nua scríofa ó shin ag scoláirí éagsúla archuid de na scéalta agus tá eagráin nua tagtha amach dechuid de na leabhra a dtagraítear dóibh sna nótaí.

Na scéalta eile sa leabhar nár luadh roimis seo ná: OidheChonchúir, Giniúint Chormaic Uí Choinn, Eachtra MacnEachdhach Mhuighmheadhóin, Toghail Bruíne Da Deargaagus Eachtra Fhearghasa Mhic Léide. Beidh an leabhar soan-úsáideach do lucht labhartha Nua-Ghaeilge atá ag foghlaim Sean-Ghaeilge agus luaitear ar an gclúdach cúil gobhfuil an-éileamh air sna hollscoileanna. Ina theannta san,mholfainn d’aon duine ar suim leis no léi litríocht na Gaeilgeé a léamh. Ba mhaith an dream chun scéalaíochta iad na sinsir agus níor cheart an méid a scríobhadar a ligint indíchuimhne.

(1) O’Daly, Máirín (eag.), Cath Maige Mucrama / TheBattle of Mag Mucrama, Dublin 1975, lch 40.

(2) Hull, Vernon (eag.), Longes mac nUislenn, New York1971 (athchló), lch 46.

(3) O’Grady, Standish Hayes (eag.), Silva Gadelica i, London 1892, lch 80.

(4) Buttimer, Cornelius, ‘Longes mac nUislenn reconsidered’, Éigse 28 (1995), lgh 1-41. ◊

IMRAM 2013IMRAM 2013FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGEFÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE10 10 –– 19 Deireadh Fómhair19 Deireadh Fómhair

CLÁR NA FÉILECLÁR NA FÉILE• Déardaoin 10 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Pavilion Theatre, TÚR

NA nAMHRÁN: TIONSCADAL COHEN• Dé hAoine 11 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Pavilion Theatre,

RÉ-DHAMHSA: TIONSCADAL VAN MORRISON• Dé Sathairn 12 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Toner’s Pub

(Upstairs), LEABHAR MÓR na nAMHRÁN: Ceiliúradh ismór-oíche amhránaíochta

• Dé Luain 14 Deireadh Fómhair | 6.00pm | DIT Aungier Street, CLÓDRAÍOCHTA 3: Taispeántas Clóghrafaíochta

• Dé Luain 14 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Goethe-Institut Irland,NÍ FÉIDIR LABHAIRT INA THAOBH: TIONSCADAL WITTGENSTEIN

• Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Helen Roe Theatre,SOMHAIRLE MacGILL-EAIN: OIRFÉAS NA hALBAN

• Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair | 7.45pm | The Grand Social,NUAIR A BHÍ MÉ ÓG: Ceiliúradh ar ‘Máire’ (Séamus Ó Grianna)• (9.30pm Grand Folk Club)

• Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Cois Teallaigh,SPLANCANNA Ó SHAOL EILE: Caint le hAlex Hijmans

• Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair | 8.30pm | The Grand Social,IS Í AN ÓICHE MO BHEANSA: TIONSCADAL JACK KEROUAC

• Déardaoin 17 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Cois Teallaigh, NALAOCHRA AR LÁR: Ceiliúradh ar thriúr laochra liteartha, Seamus Heaney, Maidhc Dainín Ó Sé agus Diarmuid Ó Gráinne

• Déardaoin 17 Deireadh Fómhair | 8.30pm | The Grand Social,DHÚISÍOS AR MAIDIN: TIONSCADAL NA nGORMACHA

• Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Gaelchultúr, IDIR DHÁTHEANGA, IDIR DHÁ SHAOL: LÉACHT IMRAM LE MÁIRÍN NICEOIN

• Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Helen Roe Theatre,AN FILE AGUS AN FUASCAILTEOIR

• Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair | Áras na Scríbhneoirí, CEARDLANN NÁISIÚNTA DO GHEARRSCÉALAITHE GAEILGE:CLÓ IAR-CHONNACHT

• Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair | 8.00pm | McGrattan’s, OÍCHEÓMÓIS DO ALAN TITLEY

——◊——Tháinig borradh nach beag ar IMRAM i gcaitheamh 2013.Léiríodh Non, je ne regrette rien: Tionscadal Piaf-Brel timpeallna tíre, Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail agus ÁrasÉanna, Inis Óirr, san áireamh. Agus an fómhar seo, i gcomharle NASC, tabharfaidh Túr na nAmhrán: Tionscadal LeonardCohen cuairt ar ocht n-ionad ar fad.

Cheana féin bhí imeachtaí IMRAM ag an bhféile Mountains to Sea i nDún Laoghaire, Féile Scríbhneoirí ÁthaCliath agus Féile Litríochta Iarthar Chorcaí.

Tá clár spleodrach eicléicteach againn arís i mblianaagus ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar chuid acu anseo,Damhsa na Gealaí: Tionscadal Van Morrisson agus an seó trí-theangach Ní Féidir Labhairt ina Thaobh: TionscadalWittgenstein, an fealsamh a tháinig go hÉirinn. Léireoimidómós do Bholcán na mBriathra, Alan Titley; cuimhneofar siarar Shéamus Ó Grianna agus an oidhreacht liteartha aige agustabharfaidh an Mary Ryan Blues Band sinn ar imram corraitheach ar fharraigí gorma, – Tionscadal na nGormacha,amhráin agus filíocht a d'eascair as fulaingt an phobailghoirm.

Sea, a iomramhaithe, an méid sin go léir agus tuilleadhag IMRAM 2013 - ceardlanna, léachtaí, cainteanna agus dántaar chláir fógraíochta i lár na cathrach. AR BORD LIBH!

Page 19: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201319

Ceist 1:Ceist 1: Alex, is ón Ísiltír tú. Cad a thug ort an Ghaeilge afhoghlaim agus ceithre leabhar a scríobh as Gaeilge inadhiaidh sin?

Mheall comharthaí bóthair dátheangacha na hÉireann moshuim sa Ghaeilge nuair a bhí mé i mo dhéagóir (agus mé arsaoire in Éirinn le mo mhuintir thiar ag deireadh na 1980í.)Ba é sin an chéad splanc. Níor shamhlaigh mé go deo ag anam sin go scríobhfainn ceithre leabhar sa teanga, ach ba ésin a tharla. Ar feadh ar a laghad deich mbliana tar éis doman tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach a bhaintamach ag Ollscoil na Gaillimhe i 1998, ba í an Ghaeilge mophríomtheanga oibre agus luigh sé le réasún go scríobhfainnna leabhair a theastaigh uaim a scríobh sa teanga sin.

Ceist 2:Ceist 2: Bhunaigh tú caifé in Éirinn – an raibh taithí agat ar ansaghas seo oibre cheana?

Ní raibh. An plean a bhí agam ag an am ná go mbeadh ancaifé agam mar ‘phost lae’ agus go luífinn isteach ar an scríbhneoireacht chruthaitheach san oíche. Níor éirigh leisan bplean – post lae agus oíche a bhí sa chaifé. Níor scríobhmé an leabhar atá bunaithe ar an tréimhse sin, Aiséirí, go dtíceithre bliana tar éis dom léas an chaifé a dhíol ar aghaidh.

Ceist 3:Ceist 3: Bananaphoblacht ainm an chaifé sin. Cad ba chúisleis an ainm agus an bhfuil sé fós ann?

Bhí mé díreach tar éis cuairt a thabhairt ar Mheiriceá Theasdon chéad uair nuair a thóg mé an caifé ar láimh. Theastaighuaim rud éigin ‘réabhlóideach’ a chur in iúl leis an ainm, achan rud is mó a sheasann amach i m’aigne faoi ná rud a dúirtbean ó Chonradh na Gaeilge (a bhí lonnaithe trasna anbhóthair) liom an lá ar péinteáladh comhartha an chaifé: ‘Níla fhios agam cén chaoi a bhfuil éinne chun é sin a rá!’ Níl ancaifé ann a thuilleadh. Is siopa fóin anois é, muna bhfuil dulamú ar m’fhoinsí i nGaillimh.

Ceist 4:Ceist 4: Caifé dátheangach a bhí ann. Conas is féidirdátheang achas a chur i bhfeidhim i gcaifé? An raibh anGhaeilge ag gach ball foirne?

Bhí biachlár dátheangach ann agus bhí Gaeilge ag thart arthrian den fhoireann – laethanta an Tíogair Cheiltigh a bhíann, agus bhí postanna i bhfad níos fearr ar fáil do dhaoinele Gaeilge. Mé féin agus duine nó beirt eile fágtha as anáireamh, mic léinn a bhí sna hoibrithe (páirt-aimseartha) arfad a raibh Gaeilge acu. Éireannaigh nach raibh Gaeilge acuagus daoine ón iasacht a bhí sa chuid eile. Ach le sceidealúcliste, bhíomar in ann a chinntiú go raibh duine le Gaeilge agobair an chuid is mó den am.

Ceist 5:Ceist 5: An mbraitheann tú go bhfuil draíocht ag baint le tithecaifé? Deir Naoise san úrscéal agat Aiséirí gur amharclannan caifé. An gcreideann tú féin é sin?

Gan dabht tá draíocht ag baint le tithe caife. Áiteanna iad inagcastar daoine ar a chéile agus ina gcastar saolta bun oscionn. Go deimhin, creidim gur cheart gur amharclann deshaghas a ba cheart a bheith i dteach caife maith – agus os achionn sin arís, teach pobail.

Ceist 6:Ceist 6: Scríobh tú leabhar beathaisnéiseach ar do shaol saBhrasaíl dar teideal FavelaFavela. Cheap mé tar éis an leabharsin a léamh go raibh an carachtar Naoise sa leabharAiséiríAiséirí bunaithe ort féin go pointe ach go raibh cuid díotle feiscint sa charachtar Rebekka chomh maith. An bhfuildul amú orm sa mhéid sin?

Níl dul amú ort, agus tá carachtar eile in Aiséirí, Alex OneArrow, bunaithe orm féin go pointe freisin. Shocraigh mé mothaithí féin a roinnt idir an triúr acu – Naoise, Rebekka agusAlex One Arrow – ach tá tréithe ó dhaoine beo eile aguspinse maith samhlaíochta caite isteach sa triúr acu freisin. Iscosúla saothar ficsin le pota anraith ná mar a cheapfá.

Ceist 7: Ceist 7: Thug tú aghaidh ar an mBrasaíl i ndiaidh duit tamallfada a chaitheamh in Éirinn agus tá tú i do chónaí ann óshin. Caithfidh go bhfuil Éire agus an Bhrasaíl an-éagsúillena chéile. Cén fáth go dtaitníonn an dá áit seo chomhmór sin leat?

Chaith mé dhá bhliain déag in Éirinn; ó 1995 go 2007. Tácónaí orm sa Bhrasaíl ó shin. Ní féidir an dá thír a chur igcomparáid le chéile. ‘Saol eile’ atá sa Bhrasaíl; sin an fáth gobhfuil SplancannaSplancanna ó shaol eile ar an gceathrú leabhar uaim.Tá ceangal an-domhain ach an-éagsúil agam leis an dá thir,mar atá agam, go deimhin, le mo thír dhúchais, an Ísiltír.

Ceist 8:Ceist 8: Tá leabhar gearrscéalta scríofa agat atá suite saBhrasaíl dar teideal Gonta.Gonta. Éiríonn leat an comhthéacsiasachta a chruthú trí mheán na Gaeilge, rud nach bhfuiléasca. Cén cur chuige a bhí agat agus an Ghaeilge á cur álabhairt i dtír iasachta agat?

Agus mé ag obair ar na leaganacha Gaeilge de na scéalta inGonta (tá leaganacha Béarla agus Ollainnise ann freisin)chloisfinn na carachtair ag labhairt i nGaeilge. Bhí canúintláidir Chonamara ar dhuine de na carachtair, Wanderson asan scéal ‘Fanann a ndeirtear sa jíp sa jíp’, mar shampla.

Bhí orm a bheith cúramach leis seo, áfach, mar ní fhéadfadhna carachtair a bheith ‘Gaelach’, óir is Brasaíligh iad ar fad.

Agallamh le hAlex HijmansAgallamh le hAlex Hijmansle Isobel Ní Riainle Isobel Ní Riain

Page 20: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201320

Mar shampla, ní fhéadfaidís leaganacha cainte a úsáid a thagraíonn d’Éirinn: ní fhéadfaidís rudaí ar nós ‘i bhfad Éireann níos fearr’ a rá, ná fiú ‘cuireann tú soir mé’, toisc godtagraíonn an ‘soir’ sa leagan cainte sin d’ospidéal meabharghalair i mBéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe. Níos tábhachtaí fós, ní fhéadfaidís focail Bhéarla achaitheamh isteach mar a dhéanann cainteoirí Gaeilge igcaint nádúrtha, toisc nach mbeadh oiread agus focal Béarlaag na carachtair in Gonta.

Mar a fheiceann tú, bhí go leor oibre i gceist leis seo agus goleor útamála le go leor ceisteanna beaga fánacha. Agus baiontach an chabhair a thug eagarthóirí na bhfoilsitheoirí,Cois Life, dom leis na scéalta seo freisin, mar a rinneadar legach ceann de mo chuid leabhar.

Ceist 9:Ceist 9: Tá foclóir iontach agat sa Ghaeilge ach ní thagann anfhoclóireacht salach ar sholéiteacht do chuid scríbh-neoireachta. An gcaitheann tú a lán ama ag déanamhtaighde ar an teanga féin?

Ceann de na rudaí a d’fhoghlaim mé i seomraí nuachta RTÉagus TG4 ná focail chasta, nó nuachumtha, a sheachaint dábhféadfaí ar chor ar bith é, agus pé téarma a bhí i gceist amhíniú i nGaeilge shimplí. Sin é an cur chuige a bhíonn agam

le mo chuid scríbhneoireachta freisin, idir fhicsean agusneamhfhicsean. Go deimhin, is é seo an cur chuige a bhíonnagam i gcás téarmaí iasachta freisin. Bhí gluais de théarmaíPortaingéilise in Favela, ach ó Gonta ar aghaidh déanaim modhícheall brí na dtéarmaí iasachta a dhéanamh soiléir satéacs féin, ionas nach mbíonn ar an léitheoir dul chuig cúl anleabhair chun breathnú ar ghluais.

Ceist 10:Ceist 10: Thosnaigh tú ag foghlaim na Gaeilge nuair a bhí túfiche blian d’aois. Caithfidh go bhfuil cumas neamh -ghnáthach ionat maidir le teangacha a fhoghlaim. Cén curchuige a bhí agat agus tú ag foghlaim na Gaeilge ar dtús?Cad a mholfá don Éireannach a bheadh ag dul i ngleic leisan teanga sa mheánscoil nó san ollscoil féin?

Bhí an t-ádh orm sa chaoi is gur éirigh liom cónaí le cainteoiríGaeilge sna blianta tosaigh, agus bhí mo shaol sóisialta fitefuaite lena saol sóisialta siúd, rud a d’fhág gur chaith mé andúrud ama i gcuideachta chainteoirí Gaeilge. Go deimhin, isdóigh liom gurb é sin an t-aon bhealach le teanga a thabhairtleat i gceart: go leor, leor ama a chaitheamh i dteannta nandaoine a labhraíonn í.

Thug mé sin faoi deara in athuair sa Bhrasaíl agus mé agfoghlaim na Portaingéilise. Go deimhin, rinne mé cinneadhgan aon chúrsa teanga oifigiúil a dhéanamh agus í a fhoghlaim ó na daoine a bhí (agus atá) timpeall orm, rud afhágann go bhfuil blas nádúrtha chathair Salvador orm anois(a deirtear liom.)

Ceist 11:Ceist 11: Tá leabhar nua scríofa agat dar teideal SplancannaSplancannaÓ Shaol Eile.Ó Shaol Eile. Tréaslaím do leabhar leat. Níl sé feictheagam fós. An bhféadfá a rá liom cad go díreach atá i gceistsa leabhar sin?

Céad grianghraf. Céad aiste. Cur síos ar an mBrasaíl i bhfísagus i bhfocail. Mar a déarfadh fear an Bhéarla, déanann séan rud atá scríofa ar an gcanna! Seachas an cur chuige físiúil,is é an difear is mó idir an saothar seo agus Favela agusGonta ná go bhfuil an Bhrasaíl ar fad faoi chaibidil sa leabharseo, seachas cathair amháin, Salvador.

Alex, go raibh míle maith agat as an agallamh seo agus gon-éirí go geal leat sa todhchaí.◊

Coiste Logainmneacha ainmnithe ag an Aire Stáit Mac FhionnlaoichCoiste Logainmneacha ainmnithe ag an Aire Stáit Mac FhionnlaoichD'fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., Aire Stáit, ar an 19 Meán Fómhair ’13, go bhfuil Coiste Logainmneacha ainmnitheaige. Coiste saineolaithe de dheichniúr ball é seo, a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono ar feadh tréimhse trí bliana, in áitan Choimisiúin Logainmneacha a bhíodh ann roimhe seo. An príomh dhualgas a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha comhairlea chur ar an Aire Stáit maidir le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha an Stáit, sula dtugtar stádas dlíthiúil dóibhtrí orduithe logainmneacha. Is trí chóras ar líne go príomha a dhéanfaidh an coiste a chuid oibre. Tionólfar cruinnithe ó thráthgo chéile le saincheisteanna a phlé. Arsa an tAire Stáit, ‘Is cuid an-uathúil dár n-oidhreacht iad logainmneacha na tíre agus tásé tábhachtach go ndéanfaidh muid iad a chaomhnú. Tá sé an-tábhachtach fosta, ar ndóigh, go mbeidh leaganacha údarásachaGaeilge de na logainmneacha ar fáil chun críocha oifigiúla an Stáit.’ Déanann an Brainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta taighde ar logainmneacha na hÉireann sula dtugtar stádas dlíthiúil dóibh trí orduithe logainm-neacha. Dhéantaí an obair seo i gcomhar leis an gCoimisiún Logainmneacha ar a raibh seacht mball déag. Faoi réir chinneadhan Rialtais faoin bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, socraíodh an Coimisiún Logainmneacha a scor agus coiste a d’fhei-dhmeodh ar bhonn pro bono agus go príomha ar líne a cheapadh ina áit.

Baill an Choiste Logainmneacha: An tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Ollamh le Nua-Ghaeilge, OÉ, Má Nuad (Cathaoirleach). An tOllamh MicheálÓ Mainnín, Stiúrthóir, Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Ollamh le Gaeilge agus don Léann Ceilteach, Ollscoil na Banríona,Béal Feirste. Dr Siobhán Ní Laoire, Léachtóir le Gaeilge agus le Léann Éireannach, Institiúid Teicneolaíochta BÁC (DIT). Dr Caoilfhionn NicPháidín, Léachtóir Sinsearach/Stiúrthóir Tionscadal Taighde, Fiontar, Ollscoil Chathair BhÁC (DCU). Dr Éamonn Ó hÓgáin, ar scor ón InstitiúidArd-Léinn, BÁC. Dr Aoibheann Nic Dhonnchadha, Institiúid Ard-Léinn, BÁC. An tOllamh Liam Mac Mathúna, Iar-Cheann na Scoile, Scoil naGaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, BÁC (UCD). Donncha Ó Baoill, FeidhmeannachTeanga agus Cultúir, Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga. Dr. Úna Uí Bheirn, Iar-Stiúrthóir ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, AcadamhRíoga na hÉireann, An Charraig, Co. Dhún na nGall. Breanndán Ó Beaglaoich, múinteoir agus ceoltóir, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí.◊

Page 21: Feasta | Deireadh Fómhair 2013
Page 22: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201322

RRugadh Séamús Ó hÉanaigh saGhiblean 1939, am fear is sinede naoinear cloinne. Bha

tuathanas lethchiad acair aig athair annan Conn daidh Dhoire, ach b’egnothaichean cruidh a b’ fheàrr leis.Chòrd an dòigh-bheatha seo ri PádraigÓ hÉanaigh, rud a ghineadh annsan lebràithrean a phàrantan an dèidhdhaibhsan an t-saoghal seo fhàgail guro-luath. Bhuin màthair a’ bhàird riteaghlach air an robh an sloinneadhMacCana, daoine aig an robh ùidh nachbu bheag ann an gnothaichean co-cheangailte ri ùr-ghnìomhachasseach obair thraidiseanta na tuatha.

Bha a càirdean-se ag obair aig a’mhuileann-lìon, ‘s tè dhiubh air mhuintearas aig an teaghlach leis anrobh am muileann. Tha am bàrd air tarraing a thoirt air mar a bha an dàsheòrsa sin de phàrantan aige, seannteaghlach na Gàidhlig len crodh, agusmuinntir Ulaidh nan tionnsgalan ùra: gudearbh, saoilidh e gur e seo pàirt glèlàidir den teannas a tha a’ dol taobh a-staigh dheth fhèin, a’ dol cuideachd riteannas eile a thog e bho phàrantan, ‘se sin an rud eadar caint is ciùinead,bruidhinn is balbhachd.

B’e duine neo-bhriathrach athair, ‘s amhàthair tuilleadh is deònach bruidhinn a-mach mu rudan, agus creididh Séamús gur h-e seo a dh’adhbhraich ‘an troid ris fhèin’ às antig a chuid bàrdachd.

Dh’fhàs Ó hÉanaigh suas air an tuathagus chaidh e gu bun-sgoil ionadail. Nafhear glè òg, chunnaic e na saighdearanAimeirigeanach rin obair-mhàrsail is eilesna raointean ‘s iad ag ullachadh guIonnsaigh Nòrmandaidh 1944. Bha iadag obair a-mach às ionad itealan achaidh a thogail mu mhìle bhon taighaige, agus a-rithist tha Ó hÉanaigh a’cur feum air an ìomhaigh seo dhethfhèin mar chulaidh-mhothachaidh air acothromachadh eadar ‘eachdraidh agusaineolas’ gus a bheatha ‘s a fhàs marbhàrd a riochdachadh.

Eadhan ged a ghluais a theaghlach às antuathanas far an deachaidh àrach(Mossbawn a bh’ air) sa bhliadhna1953, agus ged a dh’fhalbh e fhèin airiomadach turas a thug e na b’ fhaide

buileach o àite a bhreith, ‘s ann athaobh àite, ‘s chan e inntinn, athachair seo; tha sgìre dhùthchail Chonndaidh Dhoire fhathast mar ‘tìr nah-inntinne’, far a bheil a’ chuid is mò debhàrdachd Uí hÉanaigh freumhaichte.

Nuair a bha e dusan bliadhna dh’aois,bhuannaich Séamús Ó hÉanaighsgoilearachd gu Colaiste Naomh ColmCille, sgoil-chòmhnaidh Chaitligeachann an cathair Dhoire, dà fhichead mìleon tuathanas, agus b’ e a’ chiad imrichseo às Mossbawn a bu chudtromaichena bheatha. Sna bliadhnaichean athigeadh an dèidh seo, dhèanadh e imrich uair is uair, gu Béal Feirste(1957-72), gu Poblacht na h-Éireann, faran do chuir e dachaigh air dòigh, agus o1982 air adhart, rachadh e a theagasggu cunbhalach a dh’Aimeireagaidh.

Ach tha a h-uile turas a tha sin a’crochadh air a’ chiad imrich às Mossbawn, rud a chanas e fhèin a bhamar gum biodh ga thoirt air falbh o ’talamh tròcair saothar an tuathanaisgu flaitheas an fhoghlaim’. ‘S beag iongnadh, mata, gum bi an imrich seouair is uair a’ nochdadh mar thèama nabhàrd achd, a’ tòiseachadh le ‘Digging’,a’ chiad dàn sa chiad leabhar aige, ‘s a’tighinn gu sealladh nas eagraichtedheth ann an ‘Alphabets’ (The HawLantern, 1987), gu ruige an stuth às ùireair a’ chuspair ann an ‘A Sofa in the Forties’, a chaidh fhoillseachadh sa bhliadhna 1995 sa leabhar Spirit Level.

AAig a’ cholaiste, dh’ionnsaich ÓhÉanaigh Laidean agus Gaeilge,agus b’iad na cànanan sin, cuide

ris an Angla-Shacsan a rinn e maroileanach aig Colaiste na Banrighinnann am Béal Feirste, a bu chudtrom -aiche ann a bhith ga leasachadh, ga‘shàbhaladh’ mar gum biodh, is gathoirt air adhart mar bhàrd.

Tha na ciad rannan a rinn e mar thidsear òg ann am Béal Feirste aig tùsnan 60an, agus mòran dhe na dàin isainmeile aige ann an North – leabharcudromach a chaidh fhoillseachadh sabhliadhna 1975 – a’ leantail cruth- cànain an Angla-Shacsain mar a gheibhear sin sa Bheurla. Bha a chuidbàrdachd tòrr nas teinne a thaobhmeadrachd agus nas làine de dh’fhaclan

aig an àm seo seach mar a bhiodh i sna80an agus sna 90an, àm a dh’fhàsbuaidh fuaimean ‘Meadhan-thìreach’dualchas litreachail agus cànanach naBeurla na bu nochdte na shaothar.

TTha Station Island (1984), mar eisimpleir, a’ sealltainn buaidh chudromach Dante, agus

gheibhear mar gum biodh mac-talla deVirgil – cho math ri eadar-theangachadhde Leabhar VI den Aeneid – anns an leabhar Seeing Things (1991). Thàinigna dh’ionnsaich e mun Ghaeilge gu buille eadar- theangachadh de sgeul onGhaeilge Mheadhanaich, ‘SuibhneGealt’, air an tug e Sweeney Astray(1982), cho math ri eadar-thean-gachaidhean eile: oir bha dualchas naGàidhlig Èireannaich riamh ann an teis-mheadhan na h-obrach aige, gu cultarach agus gu poilitigeach.

Thàinig dàin Uí hÉanaigh gu aire a’mhòr-shluaigh airson a’ chiad uair annam meadhan nan 60an, nuair a bha emar phàirt de bhuidheann bhàrd achaidh aithneachadh sa cheann thallmar ‘Sgoil Mu Thuath’ de sgrìobhadhÈireannach. Ged a tha Ó hÉanaighdiofraichte a thaobh stoidhle ‘s eile bhosgrìobhadairean mar Micheal Longley isDerek Mahon (a chomh-aimsirich fhèin)agus Paul Muldoon, Medbh McGuckianagus Ciaran Carson (ginealach nas òige),tha iad uile co-cheangailte ‘s an dòigh ‘sgun d’ rugadh iad aig àm a bha daoinesgaraichte bho chèile a thaobh creidimhagus poilitigs, ginealach a dh’fhulaing -eadh fòirneart, beachdan cruaidhneo-chaochlaideach agus mì-earbsachdon taobh a-staigh.

B’ i a’ bhuil gun do thòisich bàrdachd UíhÉanaigh a’ fàs na bu duirche, mar gumbiodh, sna 70an, agus cuideachd thugseo air a bhith a’ cnuasachadh ceist nabàrdachd, a dleastanan agus acòraichean san t-saoghal, os rud e gumbi a’ bhàrdachd air a cothromachadheadar saorsachd cruthachail taobha-staigh dhith fhèin agus uallachshòisealta a’ bhàird mar dhuine saor.Tha na h-aistidhean a nochd sna trìprìomh-chruinneachaidhean de rosg aigÓ hÉanaigh, ach gu h-àraid na sgrìobh esna leabhraichean The Government ofthe Tongue (1988) agus The Redress ofPoetry (1995), a’ toirt fianais air cho fìor

SEAMUS HEANEY,SEAMUS HEANEY, 13 Aib 1939 – 30 Lún 201313 Aib 1939 – 30 Lún 2013Sàr-Bhàrd is Eadar-Theangaire AnabarrachSàr-Bhàrd is Eadar-Theangaire Anabarrach

arna aistriú ón mBéarla ag Niall Gòrdanarna aistriú ón mBéarla ag Niall Gòrdan

Page 23: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201323

chudromach is a bha a’ cheist seodhasan ‘s e a’ tighinn gu chuid fhèinmar sgrìobhadair.

‘S iad na ceistean sin cuideachd a thugair Ó hÉanaigh dol an-sàs fad 10 bliadhna ann am ‘Field Day’, companaidh teatair a chaidh a chur airbhonn sa bhliadhna 1980 leis an dràmaiche Brian Friel agus an cleasaiche Stephen Rea. Leis a’ chompanaidh seo chaidh e an lùibpròiseact leis na bàird Seamus Deaneagus Tom Paulin, cho math ris an t-seinneadair Dàibhidh Hammond, ‘siad a’ feuchainn ri ealain is smaointinnbuill a’ chompanaidh a thoirt a-steachdhan chùis-uamhais a bha air chois annam poilitigs na h-Èireann.

Ann a bhith a’ cur sreath de dhealbhan-cluiche agus de phamflaidean (a thàiniggu crìch, a thaobh Shéamúis, leis a leagan fhéin de Philoctetes aig Sophocles, a chuir an companaidh airturas mar dhealbh-cluich sa bhliadhna1990 fon tiotail ‘The Cure at Troy’. Airdòigh, chuir Field Day gu mòr ris andeasbad chruaidh a bha a’ dol ann anÈirinn air feadh nan 80an agus nan 90an.

Aig an aon àm ‘s a bha Ó hÉanaigh a’tòiseachadh mar bhàrd, thachair e ris a’bhoireannach a bha e a’ dol a phòsadh,tè a bha gu bhith na màthair do thriùircloinne. Thàinig Máire Doibhlin, cleasShéamúis, o theaghlach mór, feadhainndhiubh a bha iad fhèin nan sgrìobhad -airean agus nan luchd-ealain, Máirenam measg. Bha i air cruinneachadh cudromach fhoillseachadh de shàr-sgeulachdan na h-Èireann air an innsegu h-às ùr (‘Over Nine Waves’, 1994).

Tha pàirt glè mhòr air a bhith aice annam beatha a’ bhàird, ‘s i a’ nochdadh gutric air dòigh a choreigin sna dàin aigebhon toiseach, agus ‘s e gum bi ise a’fuireach ann am Baile Átha Cliath gusgnothaichean an teaghlaich is an taighea chur air dòigh a nì e comasach dhàsandol gu Harvard gach bliadhna.

Bha an teaghlach air bliadhna ‘shaor’mar gum biodh a chaitheamh thallthairis ann an 1970/71 nuair a bhaSéamús na òraidiche-air-chèilidh aigCampus Berkeley Oilthigh Chalifòrnia.B’ e am fèin-dhùbhlain agus am fàire ùra dh’fhiosraich e ann an Aimeireagaidha thug air an obair mar òraidiche aigOilthigh na Banrighinn (1966-72) aleigeil dheth goirid an dèidh dha tilleadh a dh’Èirinn, agus rinn e imrichgu bothan ann an Conndaidh ChillMhantáin a chor agus gum b’ urrainn

dha dol ri obair bàrdachd is sgrìobhaidhair a dhubhan fhèin gu làn-aimsireach.

Beagan bhliadhnaichean an dèidh làimh,rinn an teaghlach imrich gu Baile ÁthaCliath far an robh Séamús ag obair maròraidiche ann an Colaiste Carysfort, colaiste trèanaidh thidsearan, agus emar Cheannaird Roinn na Beurla ann gu1982, nuair a thòisich obair Harvard. Bhaseo a’ leigeil leis a’ bhàrd ochd mìosan achur seachad aig an taigh gun obair- teagaisg ri dhèanamh mar mhalairt airobair aon seamastair aig Harvard.

Sa bhliadhna 1984, rinneadh ÓhÉanaigh na Ollamh Boylston deReatoraic is Òraideachd, onoir fìor mhòrsan oilthigh sin. Ann an 1989, chaidh athaghadh mar Ollamh Bàrdachd 5 bliadhna aig Oilthigh Àth nan Damh,rud a tha a’ ciallachadh gum feum e trìòraidean poblach a thoirt seachad gachbliadhna ach gun air a bhith na chòmhnaidh ann.

AAir feadh a dhreuchd, tha SéamúsÓ hÉanaigh daonnan air cur rignothaichean ealain is foghlaim,

an dà chuid ann an Èirinn agus thallthairis. Agus e na òraidiche òg aig Oilthigh na Banrighinn, bha e an-sàsann a bhith a’ foillseachadh pham-flaidean de bhàrdachd a’ ghinealaich abha ag èirigh suas, agus ghabh e thairisa’ bhùth-obrach bàrdachd ainmeil athòisich am bàrd Sasannach, Philip Hobsbaum, nuair a dh’fhàg esan BéalFeirste sa bhliadhna 1966.

Bha e cuideachd na bhall fad 5 bliadhnaair Comhairle nan Ealain ann amPoblachd na h-Èireann (1973-78), agusthar nam bliadhnaichean tha e air abhith mar bhreitheamh agus maròraidiche aig tòrr cho-fharpaisean bàrdachd is cho-labhartan litreachais, ‘se gu sònraichte ceangailte ri Sgoil-Shamhraidh Eadar-Nàiseanta WB Yeats,a thèid a chumail gach bliadhna ann anSligeach. Ri linn nam bliadhnaichean guruige seo tha e air ceuman-oilthighonarach fhaotainn: tha e na bhall airAosdána, acadamh luchd-ealain isluchd-sgrìobhaidh na h-Èireann, agusna bhall bho thall thairis air AcadamhAimeireaganach nan Ealain ‘s anLitreachais. Sa bhliadhna 1996, bliadhna an dèidh dha Duais Nobel anLitreachais a bhuannachadh, chaidh achur na Chommandeur de L’ Ordre desArts et Lettres le Ministreachd Frangacha’ Chultair.

FOCLÓIRFOCLÓIR• Eadar-theangaire anabarrach – aistritheoir

iontach

• sa Ghiblean – San Aibreán• tuathanas – feirm• gnothaichean cruidh – ag plé le heallach• bhàrd – bard – file• ùr-ghnìomhachas – gnóthaí nua-aoiseacha• an dà sheòrsa – an dá shórt• bho phàrantan – ó thuismitheoirí• bruidhinn is balbhachd – caint agus tost• neo-bhriathrach – ar bheagán focal• bun-sgoil ionadail – bunscoil áitiúil• bhon taigh – ón tigh (teach)• a dh’adhbhraich – a spreag• mothachadh – coineasacht• cothromachadh – cothromaíocht• eachdraidh – stair • a riochdachadh – riocht a thabhairt do• ionad itealan – ionad eitleán• fhathast – fós • freumhaichte – fréamhaithe• àrach – upbringing • bhuannaich – bhuaigh• do chuir e dachaigh – abhaile• imrich – imeacht / bogadh• bu chudtromaiche – ba thábhachtaí• falbh – fágaint• oileanach – mac léinn• air adhart – ar aghaidh• is ainmeile – is ainmiúla /cáiliúla• cudromach – tábhachtach• cruth-cànain – blas (cànan – teanga)• ‘Meadhan-thìreach’ – Meánmharach• bu nochdte – níos léire• eadar-theangachadh – aistriúchán• mac-talla – macalla• teis-mheadhan – fíor-lár• ‘Sgoil Mu Thuath’ – Scoil an Tuaiscirt• diofraichte a thaobh stoidhle – stíl dhifriúil • ginealach – glúin• beachdan neo-chaochlaideach – tuairimí

dochta / neamhathraitheacha (neo = nea)• mì-earbsachd – mí-mhuinín• saorsachd cruthachail – saoirse

chruthaitheach• sna trì prìomh-chruinneachaidhean de

rosg – sna trí phríomhchnuasach de phrós• a’ toirt fianais – ag tabhairt fianaise• cuideachd – chomh maith• cleasaiche – aisteoir• pròiseact – project / tionscadal• cùis-uamhais – géarchéim / cúis uafáis• de dhealbhan-cluiche – sraith de dhrámaí• fon tiotail – faoin teideal• deasbad – díospóireacht• boireannach – bean• feadhainn dhiubh – cuid acu• cruinneachadh – cnuasach• innse gu h-às ùr – insint as an nua• a’ nochdadh gu tric – le fáil go minic• a nì e comasach dhàsan – a chuir ar a

chumas siúd• thòisich a’ fàs na bu duirche –

thosaigh ag éirí ní ba dhoirche• òraidiche – léachtóir• fèin-dhùbhlain – féin-dúshlán• Oilthigh – Ollscoil• a leigeil dheth – a ligint de• cho-labhartan – comhdháil• co-fharpaisean – comórtas

Page 24: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201324

TTháinig glaoch gutháin mo charadaniar aduaidh orm. Is amhlaidh goraibh carn mór leabhar le

caitheamh amach ag siúracha ChlocharTheas na Toirbhirte i gCorcaigh. Níl achdornán beag siúracha lonnaithe san áitstairiúil anois, mar ar bhunaigh Nano deNógla (1718-84) an t-ord sa bhliain 1754.

Rugadh Nano (Honora) de Nógla dochlann rachmasach Chaitliceach goraibh tailte fairsinge acu i mBaile Ghrífínar bhruach Abhainn Mhór na Mumhan.Cuireadh oiliúint Chaitliceach uirthi ibPáras na Fraince, toisc toirmeascbheith ar a leithéid in Éirinn faoi Achtna bPéindlithe, 1695. Gaol gairid ab eaEdmund Burke le Nano de Nógla. Seomar a thagair Burke do na Péindlithe:‘Their declared object was to reduce theCatholics in Ireland to a miserable populace, without property, without estimation, without education’.

Tháinig Nano go Baile Átha Cliath arfeadh tamaill, ach mheall an saolcráifeach ar ais go Páras í. Le linn dibheith ina nóibhíseach rialta, ghoillgéarchéim na mbochtán in Éirinn uirthi,agus d’fhill sí ar theaghlach a dearthár igcathair Chorcaí. Is faoi rún a bhunaighsí a petite école i mbothán láibe in CoveLane, i ngan fhios dá muintir agus inaghaidh an dlí. Bhí tríocha daltabaineann aici ar dtúis; i gcionn blianaáfach, bhí dhá chéad dalta idir chailíní isbhuachaillí i gcúig ‘scoil scairte’ faoinastiúir. Ní i gcónaí a chuirtí na Péindlithe ibhfeidhm le dúthracht.

Ritheadh Acht Faoisimh do Chaitlicigh ibPairlimint Shasana i 1782, acht acheadaigh scoileanna Caitliceacha inÉirinn. Sampla agus tionchar tréan abea saothar Nano de Nógla i dtaca leis anbhfaoiseamh sin. Bhí a saothar inaeiseamláir do laochra eile an léinn doChaitlicigh na hÉireann, mar atá, Éamonn de Rís (1762-1844) agusCaitríona Nic Amhlaoibh (1778-1841).

An TochailtAn TochailtInniu, seo againn ré iar-chléire na hÉireann, ré ina bhfuil na hoird oiliúna

imithe i léig. Pé ní, bhuaileamar beirt isteach chuig Clochar na Toirbhirte,Cove Lane, ar thóir na leabhar. De réirscéala ón tSiúr Bride Given, tá ionadoidhreachta spioradálta agus clocharbeag nua le tógáil taobh leis an dá scoilatá díomhaoin le roinnt blianta anuas.Beidh taispeántas beag leabhar, grianghrafanna agus iarsmaí eile ágcaomhnú san ionad oidhreachtaamach anseo. Ach ní chloisfear clog nascoile ná gártha na gcailíni sa chlósfeasta.

Trí leibhéal staighre in airde sa chlochara bhí stóras na sean-leabhar, iarsmarlann léinn na mban rialta is nandaltaí araon. Luíomar isteach arthochailt i measc na leabhar Gaeilge abhí ina gcarn smúitiúil. Bhí dealramh antseomra ranga ar chuid acu, Fíon naFilíochta san áireamh; leathanaigh ariarraidh, nótaí scríofa ar na himill – arfad sa chló Gaelach. Is cuimhin liom anduanaire seo in eagar ag An Seabhac,gach caibidil maisithe le léaráidí agSomhairle Mac Cana. Cráifeacht, Aislingí, Grá, Caointe, Deoraíocht,Aortha, Suantraithe is An Dúlra cinn -teidil na gcaibidlí.

Tháinig aoibhneas na línte ar aischugam, thar bhreis is caoga bliain:bhímis á n-aithris os ard sa rang:

Gile mo chroí do chroí-se, a Shlánaitheoir

Is ciste mo chroí do chroí-se d’fháilim chomhair…

agus

A Mháire bheag de Barra, domhairbh tú m’intinn

D’fhág tú beo dealbh mé i nganfhios dom’ mhuintir…

agus

Aoibhinn beatha an scoláireBhíos ag déanamh léinn,Is follas díbh, a dhaoine,Gur dó is aoibhne in Éirinn.

Ní minic a bhaintear taitneamh as leabhar gramadaí, ach d’aimsigh mé

cóip de Réidhchúrsa Gramadaighe(1938) le Brian Mac Giolla Phádraig. Isleabhar cuimsitheach, suimiúil é , inandeintear tagairtí do chanúintí nateanga. Tá riail nó ceacht amháinléirithe ins gach dhá leathanach, ionasgur féidir aonad foghlama a thuiscint gobeacht. Is mór an trua go bhfuil an leabhar as cló le blianta fada, cé go bhfuil caighdeánú agus simpliú déantaar litriú is ghramadach na teanga ó shin.

Mar scríbhneoir téacsleabhar gramadaíis mó atá cuimhne ar an údar. I gCill Ria,Cúil Raithin, Co. Dhoire, a rugadh é,Bernard Fitzpatrick, 13 Meitheamh1888. I gCill Ria i 1903 a cheangail sé leConradh na Gaeilge. Tar éis dó cáiliúmar mhúinteoir náisiúnta, fuair sé teastas ó Choláiste Laighean i 1911. Bhí Éamonn de Valera in aon rang leis agusSinéad Ní Fhlannagáin (Bean de Valeraar ball) mar mhúinteoir acu. Bhunaighsé craobhacha den choláiste i nDroich -ead Átha, i bPort Laoise, i gCeannanasMór, sa Mhuileann gCearr agus sa Tulach Mhór. Bhain Brian lánteastasmúinteora Gaeilge amach i 1912. Ó1913 amach bhí sé ina rúnaí ag angColáiste, ansin ina chláraitheoir, agus ó1928 amach, ina ardmháistir go dtí gurdruideadh é timpeall 1948. Chaith séroinnt blianta ina phríomhoide saMhodhscoil Láir i mBaile Atha Cliath inaice leis An Roinn Oideachais. Bhí cáilnach beag ar na modhscoileanna as feabhas a gcuid oiliúna.

Leabharlann Cois TineLeabharlann Cois TineI measc na leabhar tarrtháilte le léamhagam fós tá Corca Dhuibhne le DonnchaÓ Conchúir, dírbheathaisnéis Mhicí MacGabhann, Rotha Mór an tSaoil, aistítaistil dár teideal Ceo Meala Lá Seaca leMicheal mac Liammóir, agus mardhúshlán foghlama, Irish Syllabic Poetry1200-1600 le Eleanor Nott. Dealraíonnsé nach gá dhom an RTÉ Guide acheann ach go fóill! Mar fhocal scoir, seodréacht as Caitheamh Aimsire, cnuasach filíochta le Torna (Tadhg ÓDonnchadha) a chuir Muintir Guí Teo.,Corcaigh i gcló i 1917.

Ceist agamsa ar phobul Éireann,Ceist a théann le brí;

Is dóibh nach fuláir gan mhoill a fhreagairt,

Nó ciúin fén ama luí.An toiligh sibhse, a chlann na

ndeágh-aithreach,Bhúr dteanga is ársa céim

Do shleamhnú uaibh go scartha scáinte,’S í dhul go bráth i n-éag?

Ag tochailt i measc LeabharAg tochailt i measc Leabharle hAodán Ó Séle hAodán Ó Sé

Réidhchúrsa Gramadaighe

Page 25: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

Lagú Institiúidí GaeilgeLagú Institiúidí GaeilgeEaspa dhul chun cinn na StraitéiseEaspa dhul chun cinn na Straitéise

faoi chaibidil ag Conradh na Gaeilge faoi chaibidil ag Conradh na Gaeilge

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201325

CeardlannaCeardlannascríbhneoireachtascríbhneoireachta

Chló Iar-ChonnachtChló Iar-ChonnachtBeidh dhá cheardlann scríbhneoir eachta,ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann inGaoth Dobhair, ar siúl ag Cló Iar-Chonnacht(CIC) i mí Dheireadh Fómhair. Díreoidh ceard-lann Ghaoth Dobhair ar an scríbhneoireachtchruthaitheach den uile chineál agus díreoidhceardlann Bhaile Átha Cliath ar anngearrscéal amháin. Tugtar cuireadh doscríbh neoirí sampla dá saothar a sheoladhchuig Eagarthóir Cúnta Chló Iar-Chonnacht,Áine Ní Cholchúin. Beidh áit do dheichniúr aran gceardlann. Níl aon táille ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistilagus lóistín féin.

• BAILE ÁTHA CLIATH: I gcomhar le IMRAMagus Áras na Scríbhneoirí. Spriocdháta d’iarr -atais: 4 Deireadh Fómhair. Seoltar gearrscéalchuig CIC ag an seoladh thíos ROIMH an 4Deireadh Fómhair, 2013. Dáta: Dé Sathairn,19 Deireadh Fómhair. Ionad: Áras na Scríbh-neoirí, Cearnóg Parnell, BÁC. Stiúrthóirí:Micheál Ó Conghaile agus Mícheál Ó Ruairc.

• GAOTH DOBHAIR: I gcomhar le CiorcalScríbhneoireachta Ghaoth Dobhair. Sprioc -dháta d’iarratais: 11 Deireadh Fómhair. Dáta:Dé Sathairn, 26 Deireadh Fómhair. Ionad:Acadamh na hOllscol aíochta Gaeilge, PáircGhnó Ghaoth Dobhair. Stiúrthóirí: Micheál ÓConghaile agus Eilís Ní Dhuibhne. Seoltarsaothar samplach: gearrscéal, cúig nó sé dedhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta dodhéagóirí san áireamh) chuig CIC ROIMH an11 Deireadh Fómhair 2013.

• SAOTHAR SAMPLACH GO: Áine NíCholchúin nó Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.Fón: 091-593307 Facs: 091-593362 Rp:[email protected] — Críoch

BAILL NUA Á LORG DO CHÓR EAGLASTA GAEILGEBAILL NUA Á LORG DO CHÓR EAGLASTA GAEILGEIn tlacht uas ligaib! Tá baill nua, idir fhir agus mhná, á lorg ag Cór Gaeilge Dhomhnach Cearna,atá lonnaithe i Séipéal Mhuire an tSóláis, Domhnach Cearna, Baile Átha Cliath. Díríonn ansainchór seo, atá ar an bhfód le 20 bliain, ar Cheol Eaglasta atá trí mheán na Gaeilge amháin:canaimid ábhar traidisiúnta agus amhráin bheannaithe na Gaeilge (‘Ag an bPósadh a bhí igCána’), ábhar nua-aimseartha agus comhaimseartha (Seán Ó Riada agus Tomás Ó Canainn),ábhar clasaiceach (Schubert, Bach) atá cóirithe ag an Stiúrthóir don Ghaeilge, agus fiú ábharó Liber Hymnorum. Glacaimid páirt in go leor féiltí agus cláracha, mar shampla, Féile CheoilThraidisiúnta Dhomhnach Cearna, ‘Aifreann an Lae’ ar Raidió na Gaeltachta agus go leor eile.Canaimid gach Domhnach ar a 9 ar maidin sa séipéal, agus bíonn cleachtadh againn gachLuan ar a 9p.m. Tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil le Sorcha 087 673 0805.

LLabhair Conradh na Gaeilge faoinngéarghá atá ann le struchtúr ard -leibhéil a bhunú idir na húdaráis agus

na heagraíochtaí pobail Gaeilge agusGaeltachta, nuair a tháinig toscaireacht iláthair an chéad Fho-Choiste um An Straitéis20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 de chuidan Chomhchoiste Oireachtais umChomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht i dTeachLaighean, Baile Átha Cliath ar an 19 MeánFómhair 2013.

Tharraing an toscaireacht ón gConradh airdan Fho-Choiste um an Straitéis ar na deac rachtaí seo a leanas ach go háirithe:

1. Struchtúr easnamhach curtha ar bun ag na húdaráis leis an Straitéis a chur i bhfeidhm

2. An lagú atá déanta ar na hinstitiúidí Gaeilgeagus Gaeltachta le trí bliana anuas

3. Na pleananna forfheidhmithe ó na Ranna Rialtais leis an Straitéis a chur i bhfeidhm

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradhna Gaeilge: ‘Is gá don Rialtas an pobalGaeilge agus Gaeltachta a aithint margheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm naStraitéise 20 Bliain go práinneach agus,chuige sin, an struchtúr riachtanach ard -leibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agusGaeltachta, áit a dhéanfar moltaí i dtaca leisan nGaeilge agus leis an Straitéis sulagcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad.

‘Faoi láthair áfach, is oth le Conradh naGaeilge go bhfuil, ar an iomlán, easnaimhmhóra sna pleananna forfheidmithe ad’fhoilsigh na Ranna Rialtais i mí Iúil 2013chun an Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá easpaspriocanna dúshlánacha intomhaiste iontu,agus tá go leor sna pleananna atá ar siúl agna ranna cheana féin: samplaí is ea Scéim nagCúntóirí Teanga; Scéim na bhFoghlaimeoiríGaeilge; na foilseacháin bhliantúla a eisíonnRoinn an Taoisigh; srl.

Dá mbeadh struchtúr ardleibhéil i réim leis na húdaráis agus le hionchur ó phobal na Gaeilgeagus na Gaeltachta, creideann Conradh naGaeilge go mbeadh pleananna forfheidhm -ithe i bhfad níos dúshlánaí, níos uaillmhianaí,níos fad-radharcaí agus níos comhtháite ann

chun an teanga a chur chun cinn. MolannConradh na Gaeilge go mba chóir go mbeadhplean cuimsitheach ann chun fáil réidh leis anmaolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi 2016; go mbunófaí scéim phíol -ótach in 2013 chun tús a chur le roinnt ábharpríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán agus sna blianta láiragus sna hard bhlianta sa bhunscoil, i meascmoltaí fad radharcacha eile.

Luaigh Conradh na Gaeilge chomh maith gurfágadh aon tagairt do na cinntí a glacadh lebeagnach trí bliana anuas nár aontaigh anpobal Gaeilge agus Gaeltachta leo ar lár ó napleananna for fheidhmithe, nuair a labhairsiad leis an bhFo-Choiste um An Straitéis 20Bliain don Ghaeilge: cuir i gcás an t-athrústádais atá molta d’Oifig an ChoimisinéaraTeanga; an diúltú ar aon leasú a ghlacadh aran Acht Gaeltachta ón bpobal; deireadh abheith curtha leis an deontas d’ábhar oidí lefreastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht, agus eile.

Arsa de Spáinn: ‘Níos measa fiú ná an easpatagartha do na droch-chinntí seo le trí blianaanuas, cinntí a lagaíonn institiúidí Gaeilgeagus Gaeltachta, tá go leor tagairtí dosprioc anna tábhachtacha a leagadh amachsa Straitéis a ndeir na Ranna Rialtais éagsúlaina dtaobh anois nach dóigh leo go mbeidha leithéid indéanta sa ghearrthéarma gomeántéarma, i ngeall ar na costaisfhéideartha a bhaineann leo. Níl na costaisfhéideartha luaite leo, ámh, agus ní fiosdúinn an ndearnadh costáil orthu riamh, achcreideann Conradh na Gaeilge go láidir gurgá don Rialtas breis acmhainní a chur ar fáildon teanga, agus nach mór dóibh a bheithníos uaillmhianaí sna spriocanna a leagannsiad amach do na Ranna éagsúla.’

Creideann Conradh na Gaeilge gur chóir gombeadh ról monatóireachta aggníomhaíocht neamhspleách seachas ag anRoinn féin maidir leis na pleananna forfheidhmithe, agus maidir leis an dul chuncinn ar spriocanna na Straitéise 20 Bliaindon Ghaeilge. Ba chóir an CoimisinéirTeanga a usáid, mar shampla, nó ba chóir gombeadh ar na Ranna Rialtais tuairisciú don Chomhchoiste féin fiú.◊

Tá maoiniú de €3mhilliún bronnta ag anAE ar an Ollamh Valerie O'Donnell, asCo. Chill Mhantáin,chun tabhairt faoithionscadal taighde letuiscint a fháil ar ról nalipidí, nó geireacha, ibhforbairt an ghalairchardashoithíoch (cardiovascular) agus an néaltraithe indaoine a bhfuil an claonadh géiniteachiontu na galair seo a fhulaingt.

Tá an maoiniú luaite i measc na ngradamis mó ar domhan le haghaidh taighde atáar thús cadhnaíochta.

Is fiú breathnú ar a bhfuil ar fáil as Gaeilgeag an Aontas Eorpach ag http://ec.europa.eu/ireland/press_office/index_ga.htm mar shampla. Bua suntas -ach don teanga ab ea Gaelú shuíomh naparlaiminte.

Page 26: Feasta | Deireadh Fómhair 2013

www.feasta.ie Feasta, Deireadh Fómhair 201326

BlúiríníBlúiríníle

PádraigMac

Fhearghusa

• UÍBH RÁTHACH• UÍBH RÁTHACH

D’oscail an tAire Stáit Donnchadh MacFhionnlaoich T.D. seomra áise nua agLárionad Oifig ChomhchoisteGhaeltacht Uíbh Ráthaigh, Ciarraí, ar an27 Meán Fómhair. Cuireadh €21,563 arfáil in 2012 chun an seomra áise a osclaíodh anois i gCeann Eich a thógáil.De thoradh na hinfheistíochta, dúirt antAire Stáit go mbeidh ar chumas anChomhchoiste, i gcomhar le pobal UíbhRáthaigh, a bheith lárnach i dtreisiú naGaeilge mar theanga pobail, rud a thag ann leis an bpróiseas pleanálateanga a bhfuil dúshraith reachtúiltugtha dó faoi Acht na Gaeltachta.

• BEWLEY’S @ 6!• BEWLEY’S @ 6!

Tráthnóna siamsaíochta le Gael LinnAmharclann Café Bewley’s, SráidGrafton, BÁC 2, 6p.m. – 8p.m., DéMáirt, 22 Deireadh Fómhair. Glórgléigeal agus ceol fliúite Mhuireann NicAmhlaoibh á tionlacan ag an gcumadóiragus giotaraí Gerry O’Beirne. Cead isteach €15, blaisíní bia san áireamh.Beár ar oscailt / Tae agus caife ar fáil.Áirithint riachtanach, spás teoranta:087-2547574 [email protected]

• FACHTÓIR G, ÁRAS CHRÓNÁIN• FACHTÓIR G, ÁRAS CHRÓNÁIN

Craobhchomórtas: ceol, rince, filíocht,amhránaíocht, spraoi do chách, in ÁrasChrónáin, Ionad Cultúir, BÁC 11 ar a8.00p.m. ar an 11 Meán Fómhair.

• ÉILEAMH UÍ CHEALLAIGH• ÉILEAMH UÍ CHEALLAIGH

D’iarr an Feisire Eorpach Sean Kelly aran Aire Oideachais a chinntiú go bhfuilar chumas Gaelscoileanna na múinteoiríis oiriúnaí a fhostú chun folúntais a líonadh i scoileanna lánGhaeilge,bunaithe ar fhonn an mhúinteoramúineadh i ngaelscoil. Is dóigh leis gurceart eis ceacht á dhéanamh do nascoileanna seo maidir leis na painéil áitiúla. Tá sé éagórach iachall a chur arghaelscoil eanna múinteoirí a fhostú ónbpainéal áitiúil amháin, nuair atá siaddírithe ar thimpeallacht lánGhaeilge achothú. Is leatrom é seo ar mhúinteoirínach bhfuil fonn orthu múineadh ingaelscoil, ná ní chun leasa na bpáistí éach oiread, a deir sé. Tá an feisired’Fhine Gael ag iarraidh ar an Aire

Oideachais agus ar an Roinn an scéal aathbhreithniú. Más féidir leis nascoileanna iarratasóirí a bhfuil nascileanna cuí acu a fháil ó na painéil áitiúla, is bónas é; ach ní cóir bac a churar scoileanna na hiarratasóirí atá in annan t-oideachas lánGhaeilge is fearr asholáthar do na páistí a aimsiú, dar leis.

• LÍON AN DÚLRA• LÍON AN DÚLRA

Eagrán an Fhómhair de Líon an Dúlra arfáil anois ar an nGréasán: nuachtlitirspraíúil faoin dúlra agus faoi chúrsaítimpeallachta, dírithe ar lucht bun-scoile, agus an t-ábhar inti ag teachtlena bhfuil leagtha síos sa churaclam.www.gaeilge.ie/ForasnaGaeilge/Lion_an_Dulra.asp

• COIMISIÚN FULBRIGHT• COIMISIÚN FULBRIGHT

Tá an tréimhse iarratais do GhradaimFulbright 2014-2015 ar oscailt faoiláthair. Gradaim iad seo do shaoránaighde chuid na hÉireann nó an AE chun gondéanfaí staidéar, taighde, nó teagascsna Stáit Aontaithe. Bíonn deontasairgeadais, árachas timpiste, cláirchultúrtha agus ghairmiúla, agus riar -achán víosa i gceist. Is gá iarratais abheith istigh faoin 13 Samhain 2013. Tuilleadh eolais ar an suíomh nua-dheartha: www.fulbright.ie.

• OILEÁIN ÁRANN• OILEÁIN ÁRANN

D’fhógair an tAire Stáit Donnchadh MacFhionnlaoich T.D. le deireanas go bhfuilan conradh chun seirbhís aeir a chur arfáil d’Oileáin Árann don tréimhse ón 1Deir. Fómhair 2013 go dtí 30 MeánFómhair 2014 gnóite ag Aer Arann Islands, an chuideachta atá i mbun naseirbhíse faoi láthair. Faoin gconradh,cuirfidh Aer Arann Islands cúig thuras

fillte in aghaidh an lae ar fáil ó Luan gohAoine agus ceithre thuras fillte DéSathairn agus Dé Domhnaigh.

• MAOINIÚ TEANGA• MAOINIÚ TEANGA

Tá Feisire Eorpach Shinn Féin, MartinaAnderson, ag lorg tacaíocht airgid ar anAE d’eagraíochtaí teanga. Eagraíochtaíneamh-rialtasacha a oibríonn ar sonteangacha réigiúnacha agus neamhfhor-leathana atá i gceist. Mar a mhíníonn síis ionann lucht labh artha na dteangachaseo agus 10% de dhaonra an AE, ach níbhfaigheann siad ach 1% den mhaoiniúteanga. Is gá rann pháirtíocht a chothú,a deir sí, agus cabhróidh an scéimphíolótach atá á moladh aici le heag -raíochtaí na cleachtais is fearr amhalartú lena chéile, chomh maith letaighde agus teicneol aíochtaí nuateanga a thriail. Ghlac Parlaimint nahEorpa le tuarascáil ar theangacha atáneamhfhorleathan agus i mbaol ledéanaí. Tá leasú molta aici ar bhuiséadan AE, dírithe ar fheidhm a thabhairt doghnéithe áirithe den tuarascáil seo.

• SÉIDEÁN SÍ• SÉIDEÁN SÍ

D’aontaigh an Roinn Oideachais agusScileanna maoiniú a chur ar fáil goceann trí bliana d’Fhoras na Gaeilge lego raghfar i gcomhar le COGG (anChomhairle s um Oideachas Gaeltachtaagus Gaelscolaíochta) agus CCEA, chunáiseanna leictreon acha a bhaineann leSéideán Sí a réiteach agus a chur ar líne.Amach anseo beidh suíomh gréasáin arleith ann dírithe ar Shéideán Sí, áit ambeidh teacht ag múinteoirí agus daltaíar réimse leathan d’áiseanna. Féachnasc: www.gaeilge.ie/seideansi

Ó chlé: Eilín Uí Mhorónaigh, Conradh na Gaeilge, Donnchadh Ó Duibhir, staraí; anDr Emma Nic Chárthaigh, Ollscoil Luimnigh, a thug léacht na hoscailte, Iníonacha,Cait agus Cúirt, radharc ar fhobairt na scríbhneoireachta agus na lámhscríbhinní inÉirinn ó ré na gCloch Oghaim go dtí an 19ú haois ag Dúchas, Éigse do ThiobraidÁrann, i nDún Mhuire, Aonach Urmhumhan, ar an 13 Meán Fómhair, le DonnchadhÓ hAodha, uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus Celine Ní Chóchlaigh, Coiste DúicheThiobraid Árann de Chonradh na Gaeilge.

Page 27: Feasta | Deireadh Fómhair 2013
Page 28: Feasta | Deireadh Fómhair 2013