5
Polasaí na Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn (Len Uasdátú)

Polasaí na Gaeilge AMLÉ

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Tá Polasaí Teanga socraithe ag Comhairle Náisiúnta Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Tá ar an Aontas cluí leis an Polasaí seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Citation preview

Page 1: Polasaí na  Gaeilge AMLÉ

Polasaí  na  Gaeilge  Aontas  na  Mac  Léinn  in  Éirinn  (Len  Uasdátú)  

Page 2: Polasaí na  Gaeilge AMLÉ

2

Beartas Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn

Is iad seo a leanas na rialacha agus na treoirlínte a bhaineann le húsáid na Gaeilge laistigh d'Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Beidh seasamh sealadach acu i dtéarmaí fheidhm agus obair an Aontais go dtí Comhdháil Náisiúnta 2013, tráth a gcuirfear faoi bhráid na heagraíochta iad.

1. Foilseacháin

a. Cuirfear na príomhcháipéisí uile (beartais, cáipéisí brústocaireachta, srl.) i gcló go dátheangach. I gcás cáipéisí beartais atá ann cheana féin, déanfar iad a aistriú ar bhonn leanúnach as seo amach. Beidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge freagrach as an obair seo ar an iomlán agus rachaidh sé i ndáil chomhairle leis an oifigeach bainteach nuair is gá.

b. I gcás ábhar a chaithfear a chur i gcló faoi shrianta ama - níos lú ná trí seachtaine - ní éileofar iad a aistriú ina n-iomláine. Sna cásanna seo, oibreoidh an t-oifigeach bainteach leis an Leas-Uachtarán don Ghaeilge chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge is mó is sofheicthe agus is féidir, i.e. ceannteidil, réamhrá, srl. le bheith as Gaeilge.

c. Beidh an leagan Gaeilge ar an méid céanna, ar a laghad, agus ar an dearadh céanna leis an leagan Béarla.

2. Feachtais

a. Sa mhéid gur féidir é, cuirfear na hábhair ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon. Beidh feidhm ag an gcuid seo ar imeachtaí oiliúna, ar fheachtais de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus ar chruinnithe de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn go háirithe.

Page 3: Polasaí na  Gaeilge AMLÉ

3

b. Beidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge freagrach as a chinntiú go mbeidh méid áirithe dá chuid ábhar ar fáil i nGaeilge i gcaitheamh aon fheachtais náisiúnta.

i. Beidh sé d'fhreagracht ar an Leas-Uachtarán don Ghaeilge agus ar an Oifigeach Gaeilge de chuid na balleagraíochta baintí an obair seo a chur i ngníomh.

c. Sa mhéid gur féidir é, cuirfear urlabhraithe ar fáil i rith imeachtaí móra. Mura mbeidh sé seo indéanta, áiritheoidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge go mbeidh ráiteas réamhullmhaithe as Gaeilge ag an bpríomhurlabhraí.

d. Beidh sé d'fhreagracht ar an Leas-Uachtarán don Ghaeilge comhordú leis an gCeann-Áras chun a chinntiú go bhfaightear an méid céanna tuairisceoireachta sna meáin Ghaeilge leis na meáin Bhéarla.

3. Forbairt na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn

a. Sa chás nach bhfuil aon Oifigeach Gaeilge ann i mballeagraíocht éigin, oibreoidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge as láimh a chéile leis an aontas bainteach chun a chinntiú go bhfreastalaítear ar riachtanais Gaeilgeoirí.

b. Déanfaidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge seisiún oiliúna a eagrú do Phobal na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn ar bhonn bliantúil. Déanfar an seisiún oiliúna a eagrú i gcomhar le heagraíochtaí bainteacha in earnáil na Gaeilge. Tabharfar san oiliúint seo breac-chuntas ar na freagrachtaí atá ar Oifigigh Gaeilge, nó ar Chumainn Ghaelacha i bpáirt lena Aontas sa chás nach bhfuil aon Oifigeach Gaeilge ann.

c. D'fhonn úsáid na Gaeilge a spreagadh ag an gComhairle Náisiúnta, cuirfidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge gluais ar fáil le húsáid i rith na Comhairle Náisiúnta.

4. Caidreamh Poiblí

a. Beidh sé d'fhreagracht ar an Leas-Uachtarán don Ghaeilge comhoibriú leis an Leas-Uachtarán d'Fheachtais chun a chinntiú

Page 4: Polasaí na  Gaeilge AMLÉ

4

go mbíonn an Ghaeilge ar an leibhéal céanna leis an mBéarla sna meáin shóisialta.

b. Cuirfear tús leis an suíomh Idirlín a aistriú go Gaeilge, ionas go mbeidh rogha ag daoine breathnú air as Gaeilge sa todhchaí.

5. Cumarsáid Sheachtrach

a. Seolfar aon chumarsáid leis na meáin Bhéarla chuig na meáin Ghaeilge chomh maith, agus an chumarsáid sin le bheith as Gaeilge nuair is féidir é laistigh den am atá ar fáil.

b. Déanfar teagmháil leis an Leas-Uachtarán don Ghaeilge nuair a thagann saincheist chun solais a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar obair an Leas-Uachtaráin don Ghaeilge ar bhealach ar bith.

c. Déanfaidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge teagmháil leis an gCeann-Áras sula labhraíonn sé leis na meáin, agus déanfaidh siad eolas bainteach a lorg ón Oifigeach a mbaineann an t-ábhar leis.

6. Forbairt an Bheartais

a. Chun an beartas seo a fhorbairt, agus chun seasamh na Gaeilge a fhorbairt in Aontas na Mac Léinn in Éirinn, déanfaidh an Leas-Uachtarán don Ghaeilge athbhreithniú ar an gcáipéis seo gach sé mhí. Déanfar an t-athbhreithniú seo i gcomhar le Coiste na Gaeilge, agus leis an Uachtarán más gá.

7. Baill foirne de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn

a. Cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil d'fhostaithe de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn ar bhonn toilteanach.

b. Freagrófar an guthán le beannú i nGaeilge agus i mBéarla agus beidh a dhóthain Gaeilge ag an duine a fhreagraíonn an glao, nó múinfear a dhóthain Gaeilge dó, chun an glao a chur ar aghaidh chuig Oifigeach eile, nó chuig ball foirne eile.

Page 5: Polasaí na  Gaeilge AMLÉ

5

c. Tabharfar méid áirithe tacaíochta don Leas-Uachtarán don Ghaeilge chun cabhrú leis an nGaeilge a chur chun cinn ar bhealach eagraithe agus leanúnach, i measc na mballeagraíochtaí agus in Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Tabharfar faoi seo i gcomhar le hEagraíochtaí Náisiúnta eile sa mhéid gur féidir é.