20

Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Is féile Ghaeilge agus chultúrtha í Seachtain na Gaeilge a leanann ar aghaidh ar feadh choicíse i mí an Mhárta gach bliain in Éirinn agus thar lear. Is í aidhm na féile ná an Ghaeilge agus an cultúr Ghaelach a chur chun cinn, agus deis a thabhairt do dhaoine iad a bhlaiseadh. Beidh na céadta mílte daoine páirteach in imeachtaí le céilithe, ceolchoirmeacha, quizeanna boird, srl. san áireamh nuair a reáchtáiltear féile na bliana seo chugainn ó 4 - 17 Márta 2013. Seachtain na Gaeilge | 4 - 17 Márta 2013 | Croí na Teanga - It's You! | www.snag.ie

Citation preview

Page 1: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013
Page 2: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Gaeilge gan Stró! -Beginners Level

Gaeilge gan Stró! -Lower Intermediate Level

- Cúrsaí Ardteiste- Ranganna oíche do dhaoine fásta - Cúrsaí ríomhfhoghlama- Cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí- Ranganna beo ar líne

- Leaving Certificate courses- Evening classes for adults- e-learning courses- Summer courses for teachers- Live online classes

€34.95 - www.siopa.ie €34.95 - www.siopa.ie

€20 - www.siopa.ie €9.95 - www.siopa.ie

Move beyond a cúpla focal

Ranganna Gaeilge - Irish language classes

Gramadach gan Stró!QuickGuide

Irish Grammar

Lo-call: 1890 252 900 • (01) 484 5220 • www.gaelchultur.com • www.ranganna.com • www.siopa.ieGaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2

This multimedia language course for adult learners of Irish is aimed at those who have not previously studied Irish or who only know a few words of the language.

Tá an cúrsa teanga ilmheán seo d’fhoghlaimeoirí fásta dírithe orthu siúd nach bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge cheana nó nach bhfuil acu ach roinnt abairtí bunúsacha.

This book is aimed at people who usually find grammar books complicated and confusing. It is suitable for those who have a reasonable standard of spoken Irish but who wish to improve their grammar and written skills.

Tá an graiméar seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí agus scileanna scríofa.

This multimedia language course for adult learners of Irish is suitable for those who have studied Irish in the past and who still understand some of the language.

Tá an cúrsa teanga ilmheán seo d’fhoghlaimeoirí fástaoiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga.

QuickGuide Irish Grammar is an easy-to-use resource which focuses on the main aspects of Irish grammar. It is an indispensable tool for both regular users of Irish and learners of the language.

Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge.

C

M

Y

CM

MY

CY

CMY

K

SnaG2013.pdf 1 29/11/2012 17:07:56

Page 3: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Seachtain na Gaeilge 4 Márta go 17 Márta 2013 1

Gaeilge gan Stró! -Beginners Level

Gaeilge gan Stró! -Lower Intermediate Level

- Cúrsaí Ardteiste- Ranganna oíche do dhaoine fásta - Cúrsaí ríomhfhoghlama- Cúrsaí samhraidh do mhúinteoirí- Ranganna beo ar líne

- Leaving Certificate courses- Evening classes for adults- e-learning courses- Summer courses for teachers- Live online classes

€34.95 - www.siopa.ie €34.95 - www.siopa.ie

€20 - www.siopa.ie €9.95 - www.siopa.ie

Move beyond a cúpla focal

Ranganna Gaeilge - Irish language classes

Gramadach gan Stró!QuickGuide

Irish Grammar

Lo-call: 1890 252 900 • (01) 484 5220 • www.gaelchultur.com • www.ranganna.com • www.siopa.ieGaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2

This multimedia language course for adult learners of Irish is aimed at those who have not previously studied Irish or who only know a few words of the language.

Tá an cúrsa teanga ilmheán seo d’fhoghlaimeoirí fásta dírithe orthu siúd nach bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge cheana nó nach bhfuil acu ach roinnt abairtí bunúsacha.

This book is aimed at people who usually find grammar books complicated and confusing. It is suitable for those who have a reasonable standard of spoken Irish but who wish to improve their grammar and written skills.

Tá an graiméar seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí agus scileanna scríofa.

This multimedia language course for adult learners of Irish is suitable for those who have studied Irish in the past and who still understand some of the language.

Tá an cúrsa teanga ilmheán seo d’fhoghlaimeoirí fástaoiriúnach do dhaoine a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge ag am éigin ina saol agus a thuigeann méid áirithe den teanga.

QuickGuide Irish Grammar is an easy-to-use resource which focuses on the main aspects of Irish grammar. It is an indispensable tool for both regular users of Irish and learners of the language.

Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge.

C

M

Y

CM

MY

CY

CMY

K

SnaG2013.pdf 1 29/11/2012 17:07:56

CLÁR | CONTENTS

Fáilte | Welcome ……………………………………………………………………………………….……… 2

Tóstal Éireann 2013 | The Gathering Ireland 2013 .............................................................………...........… 3

Smaointe Imeachtaí | Event Ideas ………………………………………………………………….………... 4

Ag eagrú Imeachtaí| Organising Events ....…………………………………………………………………. 5

Tráth na gCeist | Table Quiz ………………………………………………………………………………..... 9

Comórtais Óige | Youth Competitions …………………………………………………………………….. 12

Bliain na Gaeilge | Celebrating our Language ………………………………..…………………………... 14

Ábhair Tacaíochta | Support Materials …………………………………………………………………..... 16

TEAGMHÁIL | CONTACT

Seachtain na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Guthán: +353 (0)1 4757401 ● Facs: +353 (0)1 4757844

Ríomhphost: [email protected] ● Suíomh Gréasáin: www.snag.ie

Bí mar chara linn ar Facebook: SnaGaeilge

Lean muid ar Twitter: @SnaGaeilge

SPRIOCDHÁTAÍ | DEADLINES

1. Clárú imeachtaí don chlár, Tóstail Sheachtain na Gaeilge …........……………………..... 14/01/2013Deadline to register events in Seachtain na Gaeilge Gatherings Guide(Níos mó eolais ar Leathanach 3 | Further details on Page 3)

2. Clárú imeachtaí do Chlár Oifigiúil na Féile SULT ………………………………………...… 25/01/2013Deadline to register events for SULT, the Official Festival Guide

3. Orduithe d’ábhair tacaíochta ………………………………………………………………..… 01/02/2013Deadline to order Support Materials

4. Iontrálacha do na Comórtais Óige ………………….………………………………………… 22/03/2013Deadline for Youth Competition Entries

Príomhurra Sheachtain na Gaeilge:

Page 4: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

2

FÁILTE | WELCOME

Go raibh míle maith agaibh arís i mbliana as páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge. Tá súil againn go gcabhróidh Lámhleabhar Oifigiúil na Seachtaine 2013 libh agus sibh i mbun eagrúcháin do Sheachtain na Gaeilge in bhur gceantar.

Tá smaointe imeachtaí agus treoracha d’imeachtaí a eagrú chomh maith le Tráth na gCeist samplach & liosta de na hábhair tacaíochta atá ar fáil i mbliana. Tá níos mó acmhainní ar www.snag.ie.

Is bliain mhór í 2013 mar gheall ar Bhliain na Gaeilge agus Tóstal Éireann & tá súil againn go mbeidh sibh ábalta a bheith mar chuid den dá thionscadal seo chomh maith!

***Thank you again for taking part in Seachtain na Gaeilge. We hope our Official Handbook 2013 will help you as you are organising Seachtain na Gaeilge in your area.

There are various event ideas and directions for organising events as well as a sample Table Quiz and list of support materials that are available this year. Don’t forget to visit www.snag.ie for extra resources, translations & a full list of events!

2013 is a big year with Bliain na Gaeilge and The Gathering Ireland & we hope that you will be able to take part in these two initiatives with our help!

Is pribhléid dom cuireadh a bheith faighte agam chun beagán beag seo a scríobh do leathanach brollaigh an lámhleabhair seo. Tá gach éinne go bhfuil baint acu le heagrú na seachtaine, idir Coiste Náisiúnta, foireann agus na dreamanna go léir ar fuaid na tíre le moladh go mór mar gheall ar an obair ar leith atá idir lámha acu chun fuinneamh breise a chur faoi labhairt na Gaeilge i measc an phobail le linn seachtain na féile.

Tá moladh mór ag dul freisin do na meáin chumarsáide a chuireann deiseanna labhairt na teanga ar a súile don phobal – agus a thugann an dea-shampla iad féin. Traoslaím libh ar fad.

***It is a privilege for me to have the opportunity to write a few words of welcome in the Official Handbook for Seachtain na Gaeilge.

Everyone who is involved in organising events for the week, between Coiste Náisiúnta, teams and groups all over the country are due high praise on account of the work they do to give extra energy to speaking Irish in their communities during Seachtain na Gaeilge.

The media are to be commended too as they give the wider community the chance to speak Irish – as they set a good example themselves. Congratulations to you all.

A chairde

Brenda Ní Ghairbhí & Áine Ní Chuaig, Oifig Sheachtain na Gaeilge

Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Paddy BarnesBuaiteoir Boinn, Cluichí Oilimpeacha 2012

Medallist, Olympic Games 2012

Evanne Ní ChuilinnLáithreoir Teilifíse & Colúnaí

Television Presenter & Columnist

Róisín Ní ThomáinLáithreoir Teilifíse & Múinteoir

Television Presenter

“A lot of my family speak Irish and are Irish teachers so I’m

happy to support it 100%; it’s our national language!”

“Tá an Ghaeilge tar éis go leor deiseanna a thabhairt dom & is pribhléid dom tacú leis an

bhféile.”

“Tá ríméad orainn a bheith mar ambasadóirí 2013 & ag súil go

mór leis an nGaeilge a spreagadh ar fud na tíre!”

CÚPLA FOCAL Ó PHEARSANA NA FÉILE | A FEW WORDS FROM SEACHTAIN NA GAEILGE AMBASSADORS

Page 5: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Seachtain na Gaeilge 4 Márta go 17 Márta 2013 3

TÓSTAL ÉIREANN 2013| THE GATHERING IRELAND

Beidh Tóstal Éireann ar siúl in 2013. Tionscadal turasóireachta is ea é chun na céadta míle turasóir breise a mhealladh go hÉirinn le linn na bliana trí réimse leathan imeachtaí pobail a reáchtáil.

Le cinntiú go mbeidh an Ghaeilge i gcroí-lár Thóstal Éireann, beidh Seachtain na Gaeilge ag déanamh fógraíochta idirnáisiúnta ar imeachtaí na féile le clár speisialta, Tóstail Sheachtain na Gaeilge, a sheolfar chuig grúpaí dhiaspóra na hÉireann timpeall na cruinne.

Más mian leat eolas faoi aon mhórimeacht Sheachtain na Gaeilge de bhur gcuid a chur san áireamh sa chlár speisialta seo, iarrtar ort an t-imeacht a chlárú ar www.snag.ie faoi Dé Luain, 14 Eanáir 2013.

Níos mó eolais faoi Thóstal Éireann ar www.thegatheringireland.com

SMAOINTE IMEACHTAÍ TÓSTAIL

• Scoil / Ceardlanna Gaeilge agus Cultúir• Deireadh Seachtaine Tumchónaithe• Dráma / Ceolchoirm mór / Scoil Cheoil• Comhdháil faoin nGaeilge thar lear• Teacht le chéile Scoile/ Cumainn/ Clainne• Caint Staire/Oidhreachta faoi shloinnte• Aonach traidisiúnta / Féile teaghlaigh• Céilí Mór / Damhsa ar an mBóthar

• Laoch mór idirnáisiúnta a cheiliúradh

The Gathering Ireland will be taking place in 2013. It is a tourism initiative to attract hundreds of thousands of extra visitors to Ireland during the year through a wide range of community events.

To ensure that Irish will be at the heart of The Gathering, Seachtain na Gaeilge will be giving international publicity to its events with ia special Seachtain na Gaeilge Gatherings Guide, which will be sent to Irish diaspora groups around the globe.

If you wish to include details of any of your bigger Seachtain na Gaeilge events in our Gatherings Guide, you are asked to register the details of the event on www.snag.ie by Monday, 14 January 2013.

More information about The Gathering at www.thegatheringireland.com

IDEAS FOR GATHERING EVENTS

• Language & culture School/Workshops• Irish language immersion week-end• Play / Concert / Music School • Conference about the Irish language abroad• School/ Club/ Clan Reunion• Historical/Heritage Talk about surnames• Traditional fair / Family festival• Céilí Mór / Dancing at the Crossroads• Celebrate a local hero

Page 6: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Imeachtaí Tráthnóna Evening EventsCéilí CéilíCeolchoirm ConcertDráma Stage PlayGeamaireacht PantomimeSeó Tallainne Talent ShowOíche seanchais / scéalaíochta

Evening of storytelling / lore

Seisiún Ceoil Traidisiúnta Traditional Music SessionBlaiseadh Fíona / Bia Wine / Food TastingLéacht/Aoichainteoir Lecture/Guest SpeakerComhrá Gaeilge

Irish language conversation exchange

Oíche Filíochta Poetry nightComórtas Haiku Haiku CompetitionCáirióice as Gaeilge Karaoke in IrishDioscó Gaelach Celtic DiscoSeoladh Leabhair / Albaim Book / Album LaunchTaispeántas Scannán Film ScreeningAn Ghaeilge Factor An Ghaeilge FactorComórtas Talainne(ceol, damhsa, dán, dráma, greann, hiopnóiseachas, draíocht!)

Talent Competition(music, dance, song, poem, drama, comedy, hypnotism, magic!)

Imeachtaí Lae Daytime EventsMaidin Tae / Caife Tea / Coffee MorningTuras Dúlra / Stairiúil Nature / Historical TourPicnic Ghaelach PicnicAonach Leabhar Book FairLá Spóirt Sports DayTuras chuig leabharlann áitiúil Visit to local library

Turas chuig iarsmalann áitiúil Visit to local museum

Léamh gearrscéalta do ghasúir Children’s storytelling

Cuairt chuig Dánlann Visit to Art GallerySeó Puipéid Puppet ShowSmidiú Aghaidhe & Balúin Face and balloon paintingCóisir do Pháistí Children’s partyMórshiúl Sráide Street ShowTuras Rothaíochta Bicycle TripRang do ghrúpa idirnáisiúnta

Irish class for international group

Díolachán Cácaí / Bácáil Cake / Bake Sale

Comórtais CompetitionsAmhránaíocht SingingCeol MusicDamhsa DanceEalaín ArtFilíocht PoetryScéalaíocht StorytellingTráth na gCeist Table QuizBréagchomórtas Teilifíse Scit TV ShowCoinne Chéad Aithne Blind DateBabhláil BowlingPeil / Iománaíocht Gaelic Football / HurlingSnámh & Spórt eile Swimming and other sportsTóraíocht Taisce Treasure HuntCulaith Bhréige Fancy DressBiongó BingoDíospóireacht DebateTaispeántas na bhFuinneog Window DisplayGúrú Gramadaí na Gaeilge Irish Grammatical ChampionBácáil BakingImirt Cártaí Card-playingPúl / Snúcar Pool / SnookerGeandáil Ghasta Speed datingCad é an pictiúr? PictionaryDúrún Dúnmharaithe Murder MysteryMilliúnaí? Who wants to be a millionaire?

Ceardlanna WorkshopsPotaireacht PotteryCócaireacht CookeryAmhránaíocht SingingCeol MusicDamhsa DamhsaScríbhneoireacht / Filíocht Writing / PoetryCniotáil / Fuáil Knitting / SewingCóiriú Bláthanna Flower ArrangingIóga YogaScileanna Sorcais Circus SkillsSurfáil Surfing

Taispeántais ExhibitionsGrianghrafadóireacht PhotographyEalaín Art DesignÁbhar Ceardaíochta Arts and CraftsCultúr / Oidhreacht Culture / HeritageScannáin Ghaeilge Irish language film screening

Eile OtherClár raidió ar an stáisiún áitiúil

Radio programme on local station

Bronnadh na bhFáinní Presentation of FáinníTéama i siúlóid Lá Fhéile Pádraig

Theme in St. Patrick’s Day Parade

FÁILTE | WELCOMEFÁILTE | WELCOME

4

SMAOINTE IMEACHTAÍ | EVENT IDEAS

Page 7: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Seachtain na Gaeilge 4 Márta go 17 Márta 2013 5

SMAOINTE IMEACHTAÍ | EVENT IDEASFÁILTE | WELCOMEFÁILTE | WELCOMESMAOINTE IMEACHTAÍ | EVENT IDEAS

CÉILÍ• Cuireann grúpa ceoil go mór le céilí ach

is féidir ceol a sheinm le dlúthdhiosca nó seinnteoir MP3 mura bhfuil ceoltóirí ar fáil.

• Is mór an chabhair í má tá na damhsaí ar eolas ag lucht eagraithe an chéilí chun daoine eile a spreagadh chun dul ar an urlár damhsa.

• Bíonn céilí ag brath ar fhear nó bean an tí atá an-spreagúil, an-fuinniúil agus taithí mhaith acu ar na céimeanna a theagasc do shlua.

• Más mian libh níos mó idirghníomhaíochta a chothú leis an slua, is féidir cluichí a imirt ar nós Damhsa na nDealbh, Srón le Srón, & duaiseanna a chur ar fáil don damhsóir is fearr & eile.

CEOLCHOIRMTá go leor roghanna ann maidir le ceoltóirí a fháil a bheadh oiriúnach do cheolchoirm do Sheachtain na Gaeilge:• Tá go leor ceoltóirí den scoth a bhfuil amhráin

Ghaeilge acu agus is fiú a bheith ag tacú leo agus á gcur os comhair an phobail

• Tá go leor ceoltóirí tar éis amhráin a chanadh i nGaeilge do na halbaim Snag, Ceol & Rí-Rá go speisialta do Sheachtain na Gaeilge, mar sin b’fhéidir nach mbeidís ábalta seit iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge ach an t-amhrán nó na hamhráin atá déanta as Gaeilge acu cheana féin

• Tá an Ghaeilge ag go leor ceoltóirí freisin, mar sin fiú mura bhfuil amhráin i nGaeilge acu, beidh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt leis an slua - mura bhfuil siad rómhuiníneach as a gcuid Gaeilge, is féidir cabhair a thairiscint dóibh maidir le cúrsaí aistriúcháin & foghraíochta

• Mura bhfuil amhráin Ghaeilge ag an mbanna ceoil, an mbeidís sásta ceann nó dhó a fhoghlaim go speisialta don oíche? An féidir libhse cabhrú leo chun é sin a dhéanamh?

• Is féidir deis a thabhairt do cheoltóirí áitiúla dul ar an ardán roimh na príomhcheoltóirí, mar shampla banna áitiúil, grúpa scoile, cór agus iad ag canadh i nGaeilge chomh maith

Is féidir cur le hatmaisféar na Gaeilge ar an oíche trí fhear nó bean an tí a bheith ag cur na gceoltóirí i láthair trí Ghaeilge, comharthaíocht timpeall an ionaid, agus na daoine ag obair mar mhaoir agus ag an mbeár má tá beár ann, ag labhairt Gaeilge leis an slua chomh maith.

DÍOSPÓIREACHT• Bíonn dhá fhoireann de thriúr ag teastáil• Is fearr rún atá spéisiúil, greannmhar nó

conspóideach fiú a roghnú • Bíonn láithreoir, moltóirí & cathaoirleach

chun plé le cúrsaí ama ag teastáil • Má tá duine mór le rá ag díospóireacht, i

mbun moltóireachta, nó fiú ag cur na foirne i láthair, tabharfaidh sé cúis bhreise do dhaoine freastal ar an díospóireacht.

• Beidh na cainteoirí buíoch as uisce a bheith ar fáil dóibh, agus is deas an rud fáiltiú a reáchtáil ina dhiaidh chun deis a thabhairt do chainteoirí, lucht féachana agus lucht eagraithe níos mó cainte a dhéanamh ar ábhar na díospóireachta agus go leor eile

IMEACHTAÍ NEAMHTHRAIDISIÚNTAB’fhiú smaoineamh ar rud éigin a dhéanamh atá as an gnách, nach imeacht traidisiúnta é ach go n-éiríonn leis dul i bhfeidhm go mór ar an bpobal. Is breá leis na meáin aon rud atá eisceachtúil, éagsúil agus is féidir an t-imeacht seo a úsáid chun aird na meán agus an phobail áitiúil a tharraingt ar bhur gcuid imeachtaí ar fad. Seo roinnt smaointe ach níl aon teorainn leis na rudaí gur féidir a dhéanamh!• Taispeántas rince tobshlua • Físeán mearscaipthe• Sraith fógraí nó póstaer Gaeilge atá

greannmhar nó cliste a chur timpeall an bhaile

• Iarracht ar churiarracht domhanda Saothar ealaíne poiblí a dhéanamh i lár an bhaile

DRÁMA• Slí amháin chun tabhairt faoi seo ná

teagmháil a dhéanamh le grúpa drámaíochta áitiúil & fiafraí díobh dráma Gaeilge a léiriú do Sheachtain na Gaeilge.

• D’fhéadfaí dráma atá déanta acu cheana i mBéarla a aistriú go Gaeilge.

• Is féidir grúpa nua drámaíochta Gaeilge a chur ar bun ach b’fhiú taithí drámaíochta a bheith ag an stiúrthóir, go háirithe.

• Is féidir scoileanna meánleibhéal a mhealladh más drama é a bhfuil baint aige leis an gcuraclam scoile.

B’fhiú go mór teagmháil a dhéanamh leis an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta i gcomhair comhairle maidir le roghnú scripte, cúrsaí léiriúcháin agus níos mó: www.drama-gaeilge.ie

Page 8: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

FÁILTE | WELCOMEFÁILTE | WELCOME

6

SMAOINTE IMEACHTAÍ | EVENT IDEAS

MAIDIN CAIFEIs ócáid an-deas í an mhaidin caife agus is féidir í a reáchtáil in iliomad áiteanna gan an t-uafás oibre:• Caifé, bialann, óstán, ionad pobail, scoil,

naíonra, leabharlann, siopa, ceaintín oifige, ionad cultúir, clubtheach, teach tábhairne, ionad siopadóireachta, margadh, banc, caife idirlín, puball, bád, aon áit gur féidir le daoine suí agus caint, agus tae & caife a bheith ar fáil!

• Ní mór don ionad agus am a bheith oiriúnach & má tá sibh á heagrú in áit nach ndíoltar tae & caife de ghnáth, bí cinnte go bhfuil gach rud agaibh: málaí tae, caife, brioscaí, bainne, siúcra, cupáin, spúnóga, bosca bruscair!

• Cuir leis an atmaisféar trí phóstaeir Ghaeilge a chrochadh, ceol Gaeilge a bheith ar siúl, ábhair léitheoireachta Gaeilge a bheith timpeall an tseomra

• Tabhair cuireadh d’aoichainteoir a spreagfaidh daoine chun freastal air

• Eagraigh cúpla duine le bheith mar stiúrthóirí nó éascaitheoirí ar an gcaint

• Cuir bileoga nathanna úsáideacha ar fáil • Suaitheantais ainm chun cabhrú le daoine

aithne a chur ar a chéile & is féidir dathanna difriúla a úsáid chun leibhéil Ghaeilge éagsúla a chur in iúl

TRÁTH NA gCEISTIs breá le gach duine tráth na gceist!• Chun cabhrú libh, tá ceisteanna as Gaeilge

curtha ar fáil sa lámhleabhar seo. B’fhiú féachaint orthu roimh ré le cinntiú go bhfuil siad oiriúnach don lucht freastail atá agaibh. Tá roinnt leabhar ar fáil chomh maith atá lán go béal le ceisteanna Gaeilge - cnag.ie/siopa!

• Ná déan dearmad ar: pinn, páipéar, clár bán, marcóirí, daoine chun na bileoga a bhailiú & na freagraí a cheartú.

• Cuireann babhta ceoil nó pictiúr go mór leis an ócáid, chomh maith le cluichí breise, spotduaiseanna agus duaiseanna maithe don chéad chúpla bord

• Cuireann fear nó bean an tí spreagúil go mór leis an ócáid

• Cuir foireann oibre le chéile; leag amach buiséad agus dualgais.

• Establish an organising committee, prepare budget and allocate responsibilities.

• Déan liosta de gach rud a theastaíonn i gcomhair an imeachta, m.sh. trealamh fuaime, árachas, sábháilteacht.

• Make a list of all there is required for the event, eg. sound equipment, insurance, safety.

• Aimsigh ionad don imeacht, socraigh teideal agus dáta don imeacht

• Locate a venue for event, confirm a title and date for the event

• Cláraigh imeacht ag www.snag.ie• Register event at www.snag.ie

• Cruthaigh leathanach Facebook don imeacht• Create a Facebook page for the event

• Iarr urraíocht ó na gnólachtaí áitiúla• Seek sponsorship from local businesses

• Cuir aoichainteoir agus siamsaíocht in áirithe don ócáid

• Book a guest speaker and entertainment for the event

• Réitigh preaseisiúint do na meáin áitiúla.• Prepare a press release for local media.

• Seol preaseisiúint agus grianghraif chuig nuachtáin ach bí ar an eolas faoi spriocdhátaí na nuachtán áitiúil.

AG EAGRÚ IMEACHT – CÉIM AR CHÉIM | ORGANISING AN EVENT STEP By STEP

Roimh an Imeacht | Before the Event

Page 9: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

7Seachtain na Gaeilge 4 Márta go 17 Márta 2013

SMAOINTE IMEACHTAÍ | EVENT IDEAS

• Send press release with photo to local newspapers, taking note of publication deadlines for local newspapers.

• Seol preaseisiúint agus grianghraif chuig stáisiúin raidió áitiúla agus déan iarracht agallamh a fháil ar chlár.

• Send press release with photo to local radio stations and try to line-up an interview on a particular show.

• Seol cuirí don imeacht chuig teagmhálaithe ar ríomhphost, le nasc chuig an imeacht ar Facebook agus www.snag.ie.

• Send out invites to the event by email to contacts, with link to www.snag.ie and the event on Facebook.

• Croch póstaeir timpeall an bhaile agus scaip bileoga eolais.

• Distribute posters around your town and circulate flyers / info sheets.

• Cruthaigh fillteán teagmhálaithe agus seol téacs gréasáin chuig grúpa i gcomhair meabhrúcháin.

• Create a contacts folder and send group texts as a reminder for your event.

• Glac grianghraif agus scaip cúpla ceann ar Twitter

• Take photos and post some of them on Twitter

• Scaip liosta teagmhálaithe, ag tabhairt cuireadh do dhaoine clárú d’eolas faoi imeachtaí eile

• Send around a contact list, inviting people to register for information about future events

• Má tá óráid á tabhairt, gabh buíochas le lucht tacaíochta an imeachta m.sh. urraithe, eagraithe, aíonna

• If you give a speech, thank those who supported the event eg sponsors, organisers, guest speakers/musicians

• Déan iarracht fáilte speisialta a chur roimh dhaoine nua & beagáinín ama a chaitheamh leo

• Try to extend a special welcome and spend some time with new faces in the crowd

• Déan cur síos gearr faoin imeacht agus seol le grianghraif chuig nuachtáin áitiúla

• Write a brief report about your event and send with photographs to local newspapers

• Cuir grianghraif & scéalta ón imeacht ar Facebook

• Post pictures and stories from the event on Facebook

• Déan cairdeas Facebook leis na daoine a bhí ag an imeacht & scaip eolas faoin gcéad imeacht eile!

• Make friends on Facebook with the people who came to the event & send out information about the next event!

• Bíodh cruinniú leis an bhfoireann eagrúcháin agus pléigh an t-imeacht - rudaí ar éirigh go maith leo, na fadhbanna, an dóigh chun imeacht a fheabhsú amach anseo.

• Hold a meeting with the organising team and discuss the event - things that went well, the problems, how to improve future events.

• Líon an fhoirm aiseolais a bhfaighidh tú ó oifig Sheachtain na Gaeilge i ndiaidh na féile & seol ar ais í - is eolas an-luachmhar é agus rachaidh do thaithí chun leasa na féile!

• Fill in & return the feedback form you will receive from the Seachtain na Gaeilge office after the festival - it’s very valuable information to us and your experience will benefit the festival!

Le linn an Imeachta | During the Event

Tar éis an Imeachta | After the Event

Page 10: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Choimisineara Teanga A5 Ad_Layout 1 30/08/2010 10:10 Page 1

Page 11: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Seachtain na Gaeilge 4 Márta go 17 Márta 2013 9

TRÁTH NA gCEIST | TABLE QUIZ

EOLAÍOCHT | Science1. Cén dath a chuireann aigéad ar pháipéar litmis? Dearg2. Cén miotal a fhaightear ó bháicsít? Alúmanam3. Tá báisteach aigéadach comhdhéanta go príomha as ocsaíd a thagann ó dhá dhúil. Ainmnigh

ceann acu. Sulfar nó Nítrigin4. Cén t-ainm a thugtar de ghnáth ar charbónáit chailciam? Cailc5. Cén t-inneall a úsáidtear chun fuinneamh cinéiteach a iompú go leictreachas? Gineadóir6. Cad a thugtar ar an athrú colainne a théann feithid tríd ó bhreith go lán-aibíocht? Meiteamorfóis7. Cad a thugtar ar dhamhna (matter) a bhfuil toirt chinnte aige ach gan cruth seasta? Leacht8. Cé a cheap an t-eitleán an chéad lá riamh? Na deartháireacha Wright9. Cén t-ainm iomlán a bhíaranbhfearacheapoladíosail? Rudolf Diesel10. Cad a thugtar ar an meascán gás atá san atmaisféar ag timpeallú an domhain? Aer

TÍREOLAÍOCHT | Geography1. Cad í an tír is mó sa Chríoch Lochlann? An tSualainn2. Cén tír a bhfuil Auschwitz (Birkenau) lonnaithe inti? An Pholainn3. Céard í príomhchathair Alaska? Juneau4. Cá bhfuil Muir na Sáimhe (The Sea of Tranquillity)? Ar an nGealach5. Cén chathair atá ar bhruach chaolas an Bosphorus? Istanbul na Tuirce6. An bhfuil Trópaic an Ghabhair (Tropic of Capricorn) ó thuaidh nó ó dheas den mheánchiorcal?

Ó dheas7. Cad í teanga náisiúnta na hIaráine? Fairsis8. Cén tír a dtugtaí Siam uirthi go dtí 1939? An Téalainn9. Cén sainchomhartha tíre a osclaíodh san Astráil i 1932? Droichead Chalafort Sydney10. Cén t-ainm atá ar an tír is lú sa domhan? Cathair na Vatacáine sa Róimh (0.2 míle cearnach)11. Céard é an t-aon stát i Meiriceá a thosaíonn leis an litir ‘P’ ? Pennsylvania12. Céard é an t-oileán is mó ar domhan? An Ghraonlainn

STAIR | History1. Ar D-Day, 6 Meitheamh 1944, cé a d’ordaigh ar Fhórsaí na gComhghuaillithe (Allies) ionsaí a

dhéanamh ar an Eoraip? Dwight Eisenhower2. Cén stát i Meiriceá a cheannaigh na Meiriceánaigh ó Napoleon in 1803? Louisiana3. Scaoileadh Mandela saor ó phríosún, rinne an Íaráic ionradh ar an Chuáit agus bhí aontú sa

Ghearmáin. Cén bhliain a bhí inti? 19904. Cérbh é an chéad duine a shroich an Mol Theas? Roald Amundsen (ón Iorua)5. Cén chathair san Iodáil arbh é baile dúchais Marco Polo? An Veinéis6. Cén chathair i Meiriceá inar maraíodh Martin Luther King sa bhliain 1968? Memphis7. Cén tír a thug Florida do Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1891? An Spáinn8. Cén creideamh a bhí ag Adolf Hitler? Caitliceach9. Cén bhliain ar fhág na Meiriceánaigh Vítneam? 197310. Cé a dúirt “Vini, vidi, vici” (I came, I saw, I conquered)? Julius Caesar

Choimisineara Teanga A5 Ad_Layout 1 30/08/2010 10:10 Page 1

Page 12: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

24

FÁILTE | WELCOMETRÁTH NA gCEIST | TABLE QUIZ

10

SCANNÁN / TEILIFÍS | Film / TV1. Cén t-ainm atá ar an aisteoir a bhí sa phríomhpháirt in éindí le Leonardo Di Caprio sa scannán

‘Titantic’ ? Kate Winslet2. Sa chlár teilifíse ‘Simpsons’, cén t-ainm atá ar an mbeirt ghasúr atá ag Ned Flanders? Tod agus Rod3. Bhí ‘Miss Moneypenny’ ina rúnaí ag cé? M (ní ag James Bond)4. Cén bhan-aisteoir a luaiteoir leis na scannáin Little Women, Edward Scissorhands agus

Beetlejuice? Winona Ryder5. Cén t-aisteoir fir atá luaite leis na scannáin Houdini, The Great Race agus The Boston Strangler?

Tony Curtis6. Cén t-ainm a bhí ar an madra a bhí acu sa chlár teilifíse ‘The Brady Bunch’ ? Tiger (sípéir gallda /

English sheepdog)7. Cén t-aon scannán leantach (sequel) riamh a fuair duais Oscar don phictiúr is fearr? Godfather II8. Cé mhéad duais Oscar a bhuaigh Alfred Hitchcock? Níor bhuaigh sé ceann ar bith!9. Ainmnigh an scannán ina ndeir Humphrey Bogart “We’ll always have Paris” ? Casablanca10. Sa chlár teilifíse ‘Simpsons’, cén t-ainm gur fearr aithne ar Robert Underdunk Twilliger?

Side Show Bob

CEOL | Music1. Céard é an chéad shingil a bhí ag an amhránaí Tom Jones, agus a chuaigh go huimhir a haon sna

cairteacha sa Bhreatain? It’s Not Unusual i 19652. Freddie Bulgara an t-ainm ceart a bhí ar cén amhránaí cáiliúil atá ar shlí na fírinne? Freddie

Mercury3. Cén cumadóir ceoil as Meiriceá a bhuaigh gradam Oscar don scór ab fhearr do na scannáin seo a

leanas: Schindler’s List, E.T. agus Jaws? John Williams4. Cén t-Iodálach a scríobh an ceoldráma cáiliúil ‘La Bohème’? Giacomo Puccini5. Cén bhliain ar rugadh an cúpla ‘Jedward’ ? 19916. I saol an cheoil, cén t-ainm is fearr aithne ar Robert Zimmerman? Bob Dylan7. Cé a chum na fuaimrianta do na scannáin seo a leanas: A Fist Full of Dollars, For A Few Dollars

More agus The Good, The Bad And The Ugly? Ennio Morricone8. Cén t-ainm ceart atá ar ‘The Edge’ ón ngrúpa U2? David Evans9. Cuir ainm ar an uirlis ceoil sa cheoltéama ón scannán ‘The Mission’? Óbó (Gabriel’s Oboe)10. Cén bhliain ar bhásaigh Elvis Presley? 197711. Cé a bhuaigh Corn Uí Riada ag Oireachtas 2011 i gCill Airne? Jimí Ó Ceannabháin

AINMHITHE / DÚLRA | Animals / Nature1. Cén t-ainmhí a thugann an páiste is mó ar an saol? Míol Mór Gorm2. Cén sórt ainmhí é an ‘Bustard’ ? Éan3. Cén sort ainmhí é an ‘Bromach’ (colt)? Stail óg4. Cén t-éan atá ábalta snámh chomh tapa le rón? Piongain (penguin)5. Céard é an t-éan is lú in Éirinn? An Cíorbhuí (ní an dreoilín mar a deirtear sa bhéaloideas!)

(goldcrest)6. Ainmigh dhá éan nach bhfuil in ann eitilt? Kiwi, Cassowaries, Rheas, Ostrais (Ostrich),

Tinamous, Éamú(Emu) agus Piongain.7. Cad a thugtar ar iasc nach bhfuil aon chnámha acu? Iasc Loingeánach (cartilaginous fish) ar nós

an siorc8. Cé acu seo nach bhfuil eireaball air - goraille, panda, hamstar? Goraille9. Cén t-ainmhí ar féidir leis maireachtáil níos faide ná camall gan uisce? Francach10. Céard é an cineál féar is airde agus is tuibhe ar domhan? Bambú

Page 13: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Seachtain na Gaeilge 4 Márta go 17 Márta 2013

FÁILTE | WELCOME TRÁTH NA gCEIST | TABLE QUIZ

11

GINEARÁLTA | General 1. Deirtear gur mhanach Beinidicteach a rinne ‘champagne’ an chéad lá riamh. Cén t-ainm a bhí air?

Dom Perignon2. Cad é an t-ainm ceart atá air ‘pot-pourri’ ? Putrid Pot3. Cé mhéad fiacail atá ag duine fásta? 324. Cén eagraíocht a úsáideann an mana ‘Fidelity, Bravery, Integrity’ ? An F.B.I.5. Céard dó a sheasann na litreacha ‘DVD’ ? Digital Versatile Disk6. Cé mhéad mí ina bhfuil 31 lá? 77. Cén dearthóir bróg a bhfuil cáil air de bharr an dath dearg ar bun atá mar thrádmharc? Christian

Louboutin8. Cén teanga is mó a labhraítear ar domhan? Sínis9. Cen réaltchomhartha a sheasann an portán dó? Cancer10. Cén chathair ina bhfuil an ‘Forbidden City’? Beijing

LITRÍOCHT / Literature1. Cén scríbhneoir cáiliúil ó Shasana a bhfuil ‘John Ronald Reuel’ mar ainm baiste air? J.R.R. Tolkien2. San úrscéal ‘Around the World in Eighty Days’, a scríobh an Francach Jules Verne, cén carachtar a

théann ar thuras timpeall na cruinne? Phileas Fogg3. Cé a scríobh an t-úrscéal ‘Treasure Island’ ? Robert Louis Stevenson4. Cén chéad ainm a bhí ar na triúr deirféar Bronte? Charlotte, Emily agus Anne5. ‘PS, I Love You’ is ainm don chéad leabhar a scríobh Cecilia Ahern. Cén t-ainm a bhí ar an dara

ceann? Where Rainbows End6. Cé a scríobh an t-úrscéal ‘Cré na Cille’ ? Máirtín Ó Cadhain7. Cá bhfuil an scríbhneoir James Joyce curtha? Zurich na hEilvéise8. Cé a scríobh na drámaí Peer Gynt, Enemy of the People agus Hedda Gabler? Henrik Ibsen ón Iorua9. Cé a scríobh The Snapper, The Commitments agus The Van? Roddy Doyle10. Cén contae in Éirinn inar rugadh Oscar Wilde? Baile Átha Cliath11. Cé a scríobh ‘Waiting for Godot’ ? Samuel Beckett

BIA / DEOCH | Food / Drink1. Cén comhlacht sreangshiopaí mearbhia (fast food chain) a bhunaigh Ray Kroc? McDonald’s2. Cén comhábhar a úsáidtear i mbácáil ionas go n-ardóidh arán? Giosta (Yeast)3. Céard iad na ceithre phríomh-chomhábhair a théann isteach i Sailéad Waldorf? Soilire (celery),

úlla (apples), gallchnó (walnut) agus fíonchaora (grapes)4. Cad é an príomh-chomhábhar atá i Hummus? Sicphiseánaigh5. Cad é an príomhtháirge a ndéantareaspórtáil air ó Chúba? Siúcra6. Céard as a bhfuil tófúdéanta?Pónairí Soighe (Soya beans)7. Cén tír a dtagann cáis parmesan as? An Iodáil8. Tagann an cháisFetachugainnócéntír?An Ghréig9. Cén tír a mbíonn Fajitas ar an mbiachlár go forleathan? Meicsiceo10. Cén cnó a úsáidtear chun marzipan a dhéanamh? Almóinní (Almonds)11. Cén t-ainm is fearr aithne ar an nglasra ‘zucchin’ ? Cúirséad (Courgette)12. Cén tír a mbíonn cáca Panettone acu go traidisiúnta faoi Nollaig? An Iodáil

Page 14: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

24

FÁILTE | WELCOME

12

COMÓRTAIS ÓIGE | yOUTH COMPETITIONS

Níos mó eolais ar www.snag.ie

COMÓRTAS RANNA DUAISEANNA

Gradam na mBunscoileanna

Roinn amháin / One categoryBunscoileanna

Bunscoileanna amháin / Primary schools only

Acmhainní don scoil

Gradam na Meánscoileanna

Roinn amháin / One categoryMeánscoileanna

Meánscoileanna amháin / Second level schools onlyTuras Scoile

Gradam na nÓgchlubanna

Dhá roinn d’ógchlubanna amháinTwo categories, youth clubs only

Ógchlubanna

5-12 bliain d’aois

13-20 bliain d’aois

Turas Ógchlub

an roinn

Clár Raidió

Dhá roinn Bunscoile

Ó dheas Ó thuaidh

Rang 3-4 Rang 5-6

Rang 5-6 Rang 7

Dhá roinn Meánscoile

Ó dheas Ó thuaidh

Bliain 1-3 Bliain 8-11

Bliain 4-6 Bliain 12-14

4 dhuais an roinn

€60 - 1ú Áit

€40 - 2ú hÁit

€20 - 3ú hÁit

€20 - 4ú hÁit

Blagáil

Trí roinn Bunscoile

Ó dheas Ó thuaidh

Rang 1-2 Rang 3-4

Rang 3-4 Rang 5-6

Rang 5-6 Rang 7

Dhá roinn Meánscoile

Ó dheas Ó thuaidh

Bliain 1-3 Bliain 8-11

Bliain 4-6 Bliain 12-14

4 dhuais an roinn

€60 - 1ú Áit

€40 - 2ú hÁit

€20 - 3ú hÁit

€20 - 4ú hÁit

Filíocht

Trí roinn Bunscoile

Ó dheas Ó thuaidh

Rang 1-2 Rang 3-4

Rang 3-4 Rang 5-6

Rang 5-6 Rang 7

Dhá roinn Meánscoile

Ó dheas Ó thuaidh

Bliain 1-3 Bliain 8-11

Bliain 4-6 Bliain 12-14

4 dhuais an roinn

€60 - 1ú Áit

€40 - 2ú hÁit

€20 - 3ú hÁit

€20 - 4ú hÁit

Ealaín

Ceithre roinn BunscoileÓ dheas Ó thuaidhNaíonáin Rang 1-2Rang 1-2 Rang 3-4Rang 3-4 Rang 5-6Rang 5-6 Rang 7

Dhá roinn Meánscoile

Ó dheas Ó thuaidh

Bliain 1-3 Bliain 8-11

Bliain 4-6 Bliain 12-14

4 dhuais an roinn

€60 - 1ú Áit

€40 - 2ú hÁit

€20 - 3ú hÁit

€20 - 4ú hÁit

Page 15: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Seachtain na Gaeilge 4 Márta go 17 Márta 2013

FÁILTE | WELCOME

13

COMÓRTAIS ÓIGE | yOUTH COMPETITIONS

Foirm Iarratais na gComórtas Óige | youth Competitions Entry Form

Spriocdháta: Dé hAoine, 22 Márta 2013

(LÍON AN FHOIRM I gCEANNLITREACHA LE DO THOIL)

Comórtas: ………………………………...……………………………………………………………......

Roinn: ……………………….…………………. Líon iontrálacha: ……………………………......

Ainm na Scoile / Ógchlub: ……………………………………………….......……………………….....

Seoladh na Scoile / Ógchlub: ……………………………………………………………………..……..

………………………………………………………………………………………………………....……

…………………….……………………………………………………………………………….......……

Ainm an Mhúinteora / an Cheannaire: …………………………………………………………...…….

Uimhir Gutháin: ……………………………………………………………………………………...…...

Ríomhphost: ………………………………………………………………………………………...……..

Síniú: …………………………………………… Dáta: …………………….........................…..........

Treoracha, foirmeacha le híoslódáil agus tuilleadh eolais le fáil ag www.snag.ie

Tá an-bhrón orainn nach féidir le hOifig Sheachtain na Gaeilge aon ábhar a sheoladh ar ais sa phost chuig scoileanna/ógchlubanna ach déan teagmháil linn faoi shocruithe eile más mian libh ábhar a fháil ar ais

SEICLIOSTA* Foirm Iarratais amháin do gach roinn* Ainm an dalta, scoil/ógchlub & roinn ag gabháil le gach ábhar iontrála* Liosta ainmneacha gach dalta ceangailte leis an bhfoirm iarratais* Seol iarratais roimh Dé hAoine, 22 Márta 2013, chuig:

Comórtais, Seachtain na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, Éire

Page 16: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

24

FÁILTE | WELCOME

14

BLIAIN NA GAEILGE

Céard í Bliain na Gaeilge?Beimid ag ceiliúradh na Gaeilge in 2013 ar fud an oileáin agus ag cur na mílte deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don dá mhilliún duine sa phobal a bhfuil Gaeilge ar leibhéil éagsúla acu, chomh maith le daoine a mhealladh leis an nGaeilge a fhoghlaim. Beidh idir imeachtaí náisiúnta, imeachtaí sa phobal, comórtais agus tionscadail nua Ghaeilge ar siúl i rith na bliana. Cén fáth 2013?Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge in 1893 le bunú Chonradh na Gaeilge. In 2013 beimid ag tabhairt aitheantais don dul chun cinn ar fad atá déanta le 120 bliain anuas ag na heagraíochtaí Gaeilge agus Gael-tachta, na scoileanna agus grúpaí eile ó shin i leith leis an nGaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a chur chun cinn. Cé atá páirteach?Tá ionadaithe ó bhreis is 50 eagraíocht (idir eagraíochtaí Gaeilge, Gael-tachta, cultúrtha, mac léinn agus eile) ar ghrúpa oibre ag eagrú clár na bliana. Ní amháin sin ach beidh na céadta grúpa eile ag reáchtáil im-eachtaí in 2013. Céard gur féidir leat déanamh in 2013?

• Cláraigh imeachtaí linn ag www.gaeilge2013.ie• Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomh-

ghleacaithe agus eile in 2013• Glac páirt sna comórtais – duaiseanna iontacha le baint amach• Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim

in 2013 (d’fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 freisin)• Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht• Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar im-

eachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i Tóstal Éireann 2013

• Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

Cuir ríomhphost chuig [email protected] nó téigh go

www.gaeilge2013.ie le haghaidh níos mó eolais

Page 17: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Seachtain na Gaeilge 4 Márta go 17 Márta 2013

FÁILTE | WELCOME

15

Comórtas na SeanfhocalTáimid ag lorg scoileanna le seanfhocal traidisiúnta nó seanfhocal nua a léiriú i slí spraíúil, cliste, difriúil. Beidh daltaí in ann cur isteach ar an gcomórtas trí bhrí an tseanfhocail a léiriú le físeán nó amhrán nó mórshaothar ealaíne.

Dáta tosaithe: 1 Eanáir 2013Spriocdháta: 3 Bealtaine 2013Duais: Geansaí cochaill le haghaidh gach

duine sa rang go mbíonn an bua acu (bunscoil & meánscoil)

An Focal Gaeilge is fearr leat!Céard é an focal Gaeilge is fearr le muintir na hÉireann? Táimid ag eagrú comórtais i rith Bliain na Gaeilge ar fad le teacht ar an bhfocal is fearr leo. Is féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh sa chomórtas tríd an bpost, ríomhphost, ár suíomh gréasáin nó trí na meáin sóisialta.

Dáta tosaithe: 1 Eanáir 2013Spriocdháta: 31 Nollaig 2013Duais: €1,000 don duine leis an bhfocal is

fearr agus tá geansaí cochaill le buachaint ag duine amháin gach seachtain a ghlacann páirt sa chomórtas

Comórtas Amhránaíochta na gColáistí Samhraidh I rith an tsamhraidh in 2013 beimid ag cuardach an amhráin is fearr as Gaeilge sna coláistí samhraidh. Beidh mic léinn in ann cur isteach ar an gcomórtas tríd amhrán nua a chumadh nó

amhrán ó cheoltóir eile a úsáid le focail nua agus an ceol seinnte ag na mic léinn iad féin.

Beidh 10 n-amhrán roghnaithe le dul ar aghaidh go dtí an craobh ag an Oireachtas i 2013 i gCill Áirne, Co. Chiarraí.

Dáta tosaithe: 1 Meitheamh 2013Spriocdháta: 31 Lúnasa 2013Duais: T-léinte, geansaithe cochaill agus €1,000

Comórtas Ealaíne na gCampaí SamhraidhI rith an tsamhraidh in 2013 beimid ag cuardach saothar ealaíne sna campaí samhraidh. Beidh mic léinn in ann cur isteach ar an gcomórtas trí na saothair a chur chugainn sa phost nó grianghraf a chur chugainn tríd an bhfoirm ar ár suíomh gréasáin www.gaeilge2013.ie.

Dáta tosaithe: 1 Meitheamh 2013Spriocdháta: 31 Lúnasa 2013Duais: Geansaithe cochaill

Comórtas na nÓgchlubannaI rith Bhliain na Gaeilge táimid ag iarraidh ar chlubanna óga bratacha móra speisialta a chur le chéile. Is gá lógó na bliana agus eolas ar thábhacht na Gaeilge do bhaill an Chlub a chur ar an mbrat mór.

Dáta tosaithe: 1 Eanáir 2013Spriocdháta: 31 Meán Fómhair 2013Duais: Geansaí cochaill le haghaidh gach

duine san ógchlub go mbíonn an bua acu (bunscoil & meánscoil)

Page 18: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

24

FÁILTE | WELCOME

16

Ábhar Praghas Ábhar Praghas

Póstaer Náisiúnta Saor Greamáin1 rolla - €102 rolla - €153 rolla - €20

Póstaer Áitiúil Saor Pinn10 bpeann - €850 peann - €35100 peann - €65

Balúin10 mbalún - €450 balún - €18100 balún - €30

Fáinní Eochrach10 gcinn - €850 ceann - €35100 ceann - €65

Scrabble Classic €30 an ceann Bandaí Láimhe €1 an ceann

Scrabble Junior €20 an ceann Fáinní10 bhfáinne - €4020 fáinne - €7050 fáinne - €150

Míreanna Meara - Ainmhithe €8 an ceann T-Léinte

1 t-léine - €1010 t-léine - €9020 t-léine - €16050 t-léine - €350

Míreanna Meara - Dathanna na gContaetha

€8 an ceann Málaí Spóirt

1 mhála - €510 mála - €5020 mála - €9050 mála - €200

Pacáistí

Mála SpóirtT-léineFáinneBanda Láimhe

*Albam Rí-Rá mar bhónas

1 phacáiste - €1510 bpacáiste - €13020 pacáiste - €200

ÁBHAIR TACAÍOCHTA | SUPPORT MATERIALS

Page 19: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013

Seachtain na Gaeilge 4 Márta go 17 Márta 2013

FÁILTE | WELCOME

17

FOIRM ORDAITHE | ORDER FORM

FOIRM ORDAITHEDáta: ___________________

Ainm na Scoile / an Ógchlub:____________________________________________________________

Ainm an teagmhálaí:___________________________________________________________________

Uimhir fóin an teagmhálaí:______________________ R-phost:_____________________________

Seoladh don ordú:_____________________________________________________________________

______________________________________________________________________________________

Méid airgid iniata leis an bhfoirm seo: €____________ (€5 san áireamh don phostas)

Liosta de na hábhair atá ag teastáil uait (cuir líon na n-ábhar ar an líne chuí):

Is gá an fhoirm ordaithe seo a chur ar ais faoi

Dé hAoine, 1 Feabhra 2013

chuig: ORDUITHE,

SEACHTAIN NA GAEILGE, 6 SRÁID FHEARCHAIR, BAILE ÁTHA CLIATH 2

(nó glaoigh orainn le huimhir chárta creidmheasa)

Póstaer náisiúnta __________

Póstaer áitiúil __________

Balúin __________

Greamáin __________

Scrabble Classic __________

Scrabble Junior __________

Míreanna Meara - Ainmhithe __________

Míreanna Meara - Dathanna na gContaetha __________

Pinn __________

Fáinní Eochrach __________

Bandaí Láimhe __________

Fáinní __________

Málaí Spóirt __________

Pacáistí

(Banda láimhe, t-léine, fáinne, mála spóirt agus an t-albam Rí-Rá le Hector mar bhónas ar fad in aon

phacáiste amháin)

Líon pacáistí:

NÓTAÍ TÁBHACHTACHA:1. Is gá ordú a chur isteach roimh an spriocdháta, 1 Feabhra 2013, le cinntiú go mbeidh na hábhair ordaithe agat in am don fhéile.

2. Is gá seic a scríobh le ‘SEACHTAIN NA GAEILGE TEO.’ nó is féidir glaoch a chur ar an oifig ag 01 4757401 le huimhir chárta creidmheasa.

3. Is gá €5 a chur le haon ordú don chostas poist. Beimid i dteagmháil leat má bhíonn costas níos mó ná sin air de bharr mheáchan an ordaithe.

Beag meÁn mór Toise t-léinte (cuir an líon sa bhosca)

Beag meÁn mór Toise t-léinte (cuir an líon sa bhosca)

T-Léinte __________

Page 20: Seachtain na Gaeilge | Lámhleabhar | 4 - 17 Márta 2013