40
Gaeloideachas | Samhain 2017 1 Clár Fáilte an Ardfheidhmeannaigh Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ar Obair na hEagraíochta Tuairisc an Rúnaí Dréacht-mhiontuairiscí ó Chruinniú Cinn Bhliana 2016 Ráitis Airgeadais 2016 2 4 6 10 18 20 23 Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 1

Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

  • Upload
    others

  • View
    3

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 1

Clár

Fáilte an Ardfheidhmeannaigh

Ainmniúcháin

Rúin

Tuairisc ar Obair na hEagraíochta

Tuairisc an Rúnaí

Dréacht-mhiontuairiscí ó Chruinniú Cinn Bhliana 2016

Ráitis Airgeadais 2016

2

4

6

10

18

20

23

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 1

Page 2: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 20172

Fáilte ón Ardfheidhmeannach

A Chairde dhil,

Thar ceann fhoireann agusbhord stiúrthaGaeloideachas, is mian liomfáilte ó chroí a churromhaibh chuig ComhdháilOideachais agus CruinniúGinearálta 2017. Cuirfimidfáilte ar leith roimh

phríomhoidí nua san earnáil agus is mian liom an deis a thapúgach tacaíocht ón eagraíocht a chur ar fáil daoibh sna róil nua.

Tá tuiscintí agus tuairimí éagsúla againn uile ar an nathCothrom na Féinne. Don mhúinteoir san earnáil lán-Ghaeilged’fhéadfadh go mbaineann sé le haitheantas ar an dua breisea bhaineann le bheith i do mhúinteoir i scoil atá ag feidhmiú tríGhaeilge, nó le cothromaíocht sa réimse acmhainní teagaiscatá ar fáil duit. Don mhúinteoir naíonra d’fhéadfadh gombaineann sé le bunchoinníollacha agus téarmaí oibre sásúlaa bheith acu agus aitheantas don obair fhíorthábhachtach saréimse luathbhlianta. Don phríomhoide, d’fhéadfadh gombaineann sé, i measc eile, le tacaíocht cheart ón RoinnOideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúilsa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas tumoideachais afhorbairt agus a chaomhnú; foirgnimh agus timpeallachtfoghlama chuí gan trácht ar infreastruchtúr tacaíochta cuí dopháistí le Riachtanais Speisialta Oideachais nó páistí as cúlra ledúshláin shocheacnamaíocha. Dá n-iarrfá ar dhalta céard is bríle cothrom na féinne sa scoil lán-Ghaeilge, táim cinnte gombeadh freagraí ilghnéitheacha ann, ag brath ar cén leibhéalscoile ag a bhfuil siad, cén limistéar tíreolaíochta, cén cúlrateangeolaíoch, cé na tacaíochtaí atá de dhíth orthu gopearsanta, agus go deimhin, cé na spéiseanna spóirt, ceoil,drámaíochta nó eile atá acu. Bheadh meascán de chuilecheann acu sin mar fhreagra ag an tuismitheoir/caomhnóir aran gceist chéanna, agus sa bhreis orthu – an mbeidh sé/sí inann a pháiste a fháil isteach sa chóras. Liosta le háireamh atásna pointí thuas, ach creidim gur ceist an-tábhachtach í, atáceangailte go dlúth le mian agus fís an duine aonair, mar aonlenár bhfís choitinn mar dhaoine gairmiúla atá ag obair arbhur son chun go léireofaí meas agus luach ar an rogha adhéanann gach príomhoide, múinteoir, múinteoir naíonra,tuismitheoir agus dalta a bheith páirteach san oideachas lán-Ghaeilge agus chun go ndeimhneofaí gur rogha maith a bhíann.

Creidim go léiríonn an réimse leathan ceardlann aguscainteanna cothrom na féinne ar spéiseanna agus riachtanaisoiliúna na scoileanna, laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht,agus ag an dá leibhéal. In áit riachtanais oiliúna na luathbhliantaa chuimsiú sa chomhdháil seo, tá pleananna á bhforbairtagainn le haghaidh comhdháil luathbhlianta, 32 contae le linn2018 – gníomh a léireoidh an meas agus cothromaíocht atá agdul don earnáil fhíorthábhachtach seo, a leagann bunchlochan tumoideachais dár gcuid páistí.

Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh bhaill na scoileanna lán-Ghaeilge uile ó gach cearn den tír, ón nGaeltacht aguslasmuigh di, ón deisceart agus ón tuaisceart, ag angComhdháil seo. Táimid an-sásta go bhfuil an deis againn anChomhdháil Oideachais náisiúnta seo a reáchtáil agus afhorbairt gach bliain chun freastal ar shainriachtanais nabhforas tumoideachais lán-Ghaeilge mar phobal ar leith maraon leis an deis a sholáthar daoibh tógáil ar an gcomhoibriúagus comhroinnt dea-chleachtais eadraibh. Is iomaí dea-chleachtas atá ann, agus le moladh go hard, agus tá an-áthasorm go bhfuil an taighde a choimsiúnaigh an eagraíocht arCritéir Aitheantais cuí um dhearbhú cáilíochta agus dea-chleachtaisdo bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge ar bhonnuile Éireann foilsithe anois agus go seolfar pacáiste ag angcomhdháil ag 19.15 do mhúinteoirí a dhéanfaidh achoimre aran taighde, a rianóidh na réimsí dea-chleachtais, athabharfaidh samplaí de na dea-chleachtais a bailíodh ó nascoileanna a ghlac páirt sa taighde, agus a chuirfidh uirlismheasúnaithe féinmhéastóireachta ar fail maidir le dea-chleachtais san oideachas lán-Ghaeilge.

Bliain an-ghnóthach a bhí ann ó thaobh an oideachaisGaeltachta, agus scoileanna ag obair go dian ag cur a gcuidpleananna le chéile agus ag freastal ar sheimineáir agusceardlanna. Tá ionadaíocht láidir ar bhord Gaeloideachas demhúinteoirí agus príomhoidí sna scoileanna Gaeltachta, rud achinntíonn go bhfuil saineolas ón talamh sa Ghaeltacht agstiúradh ár gclár oibre mar a bhaineann leis an oideachaisGaeltachta. I measc ár gcuid spriocanna, tá tacaíocht agusfeasacht a mhéadú ar chur chuige an tumoideachais igcomhthéacs na Gaeltachta, agus ag díriú ach go háirithe archeantair agus scoileanna nach bhfuil páirteach sa scéimaitheantais chun críche líon na rannpháirtíochta a mhéadú, deréir thoil na scoile. Chun na críche seo, aithnímid an tábhacht abhaineann le ról láidir comhoibritheach idir Gaeloideachasagus na Ceanneagraíochtaí sa Phleanáil Teanga. Is mór ancúnamh é go bhfuil beirt bhall foirne againn a bhfuil a gclároibre dírithe go príomha ar riachtanais na scoileannaGaeltachta.

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 2

Page 3: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 3

Is cúis áthais dúinn a bheith in ann tógáil ar an gcomhdháil seogo céimiúil, gach bliain agus i gcomhar le COGG arís i mbliana.Déanfaimid comhghairdeas leis an mbeirt OifigeachForbartha Gaeltachta a cheap COGG i mbliana, is iad sin MaitÓ Brádaigh agus Mícheál S. Mac Donnacha. Is chun leasa nascoileanna lán-Ghaeilge uile an chomhroinnt acmhainní agusna hiarrachtaí i gcomhar lena chéile chun clár comhdhála denscoth a chur le chéile. Beidh comhdháil bhliantúil An ForasPátrúnachta ar siúl ar an Satharn, 25 Samhain anseo saMullingar Park, rud a chreideann muid a chuirfidh le héifeachtna gcomhdhálacha faoi seach agus pobal na scoileanna lán-Ghaeilge tarraingthe le chéile chun 3 lá d’fhorbairt ghairmiúil abheith acu atá ag díriú ar a gcuid sainriachtanas féin.

Leanfar sa bhliain atá romhainn ag forbairt agus ag déanamhabhcóideachta thar ceann na scoileanna agus a gcuid pobalfaoi seach ar na mórcheisteanna leanúnacha, ar a n-áirítear ancóras a bhaineann leis an bpróiseas aitheantais bunscoileannaagus iarbhunscoileanna nua; an painéal ath-iomlonnaithe; anriaráiste suntasach atá ann do sholáthar cóiríochta cuí doscoileanna atá i gcúinsí míshásúla le fada an lá, agus riachtanaisspeisialta oideachais sa chóras lán-Ghaeilge. Leagtar amachrúin na scoileanna sa tuarascáil seo agus déanfaimid árndícheall gníomhú orthu go dícheallach. Leagtar amachtuairisc oibre na heagraíochta chomh maith agus fáiltímid igcónaí roimh aiseolas agus moltaí i leith an chláir oibre atá idirlámha agus á bheartú.

Cuirim fáilte speisialta roimh Phríomhfheidhmeannach nuaForas na Gaeilge, Seán Ó Coinn ag an gcomhdháil seo, agustáim an-sásta go bhfuil comharba Sheáin agus é mar Leas-Phriomhfheidhmeannach/ Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais aran bhForas linn freisin, Edel Ní Chorráin.

Mo bhuíochas mór pearsanta leis an 5 cheanneagraíocht eile -Gael Linn, Coláiste na bhFiann, an tOireachtas, Conradh naGaeilge agus Glór na nGael as an gcomhpháirtíocht agus angcomhoibriú leanúnach. Buíochas mór freisin le Caoimhínagus a fhoireann in An Foras Pátrúnachta, Foras na Gaeilge,COGG, Comhairle na Gaelscolaíochta, an tAonad Gaeltachtaagus ár gcuid páirtnéirí uile i bhforbairt an oideachais, agusoideachais lán-Ghaeilge ach go háirithe. Go raibh fada buanan chomhpháirtíocht eadrainn.

Mo bhuíochas leis na scoileanna lán-Ghaeilge atá lonnaithe sacheantar máguaird, agus leo siúd atá ag cabhrú linn chun achinntiú go gcuirfear siamsaíocht, ealaín agus ceol álainn nabpáistí ar fáil dúinn ag an gComhdháil seo. Guímid gach rathar phobail uile na scoileanna lán-Ghaeilge atá anseo inármeasc, agus ar ár gcairde nach raibh ar a gcumas a bheith linn.

Beannachtaí na Comhdhála oraibh go léir.

Bláthnaid ní GhréacháinArdfheidhmeannach

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 3

Page 4: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 20174

Ainmniúcháin do

Bhord Stiúrtha Gaeloideachas

Tá suas le hochtar déag ceadaithe ar Bhord Stiúrtha Gaeloideachas. Roghnófar iad tríd an meicníocht thíos mar atá sonraithe igCuid 3 (b) go (e) d’Airteagail Comhlachais na heagraíochta.

Tá comhdhéanamh an Bhoird ionadaíoch ar na hearnálacha a bhfuil an eagraíocht ag plé leo, agus ar na réigiúin tíreolaíocha inabhfuil sí ag feidhmiú. Tagann an Bord le chéile go míosúil i rith na scoilbhliana le hobair na heagraíochta a threorú, agus suíonnbaill an Bhoird ar fhochoistí ábhartha dá sainspéiseanna agus taithí, m.sh. Riachtanais Speisialta Oiliúna, Na Luathbhlianta,Taighde, An Ghaeltacht.

Uachtarán, Leas-Uachtarán & Iar-UachtaránBeidh ionadaíocht ón trí earnáil i gceist idir an triúr a bheidh sna róil seo san eagraíocht. Don bhliain 2017/2018 ainmneofarUachtarán ón earnáil bunscoile Gaeltachta, agus ainmneofar Leas-Uachtarán ón earnáil iarbhunscoile.

Cuirfidh an Bord Stiúrtha reatha (2016/2017) moladh faoi bhráid an Chruinnithe Ghinearálta d’Uachtarán agus do Leas-Uachtarán don bhliain 2017/2018. Moladh an Bhoird Stiúrtha ná Anna Ní Chartúir, Scoil Sailearna mar Uachtarán agus Fíona UíUigínn, Coláiste Íosagáin mar Leas-Uachtarán ar an eagraíocht don bhliain 2017/2018.

Tá Uachtarán na Cuideachta do 2016/2017, Yvonne Ní Mhurchú, éirithe as an mBord agus ról nua glactha aici leis an RoinnOideachais & Scileanna. Mar sin, feidhmeoidh an tUachtarán a bhí ar an gCuideachta do 2015/2016, Cathnia ÓMuircheartaigh, Coláiste Pobail Osraí, mar Iar-Uachtarán.

Ionadaithe na RéigiúnAg cruinnithe den 6 Réigiún atá ag an eagraíocht ainmníodh na daoine thíos le bheith ar Bhord Stiúrtha Gaeloideachas:

Réigiún 1

Seán Seosamh Mac Íomhair, Scoil Mhuire Doire Beaga

Réigiún 2

Mícheál Ó Broin, Gaelscoil Chnoc na Ré

Réigiún 3

Cormac Ó Tuairisc, Scoil Náisiúnta Éinne

Réigiún 4

Sinéad Ní Shúilleabháin, Gaelcholáiste Luimnigh

Réigiún 5

Seán Ó hArgáin, Gaelscoil Osraí

Réigiún 6

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, Gaelscoil Bhaile Brigín

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 4

Page 5: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 5

Ainmniúcháin ó na hEarnálaDe réir cuid 3(e) d’Airteagail Comhlachais Gaeloideachas, tá beirt le toghadh ó gach ceann den trí earnáil seo:

• Bunscoileanna Lán-Ghaeilge

• Bunscoileanna Gaeltachta

• Iarbhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge

Tréimhse bliana a bheidh i gceist dóibh ar an mBord. Toghfar duine gur oide scoile é nó í agus comhalta boird bainistíochta scoilenach oide scoile é nó í ó gach earnáil, faoi seach. Sa chás nach bhfuil comhalta boird bainistíochta nach oide scoile é nó í agseasamh sa toghchán d’aon cheann de na hearnálacha, is féidir oide scoile a thoghadh chun an folúntas sin a líonadh. Tugadh cuireadh do scoileanna a bhfuil ballraíocht acu le Gaeloideachas ainmniúcháin a chur chun cinn le cur faoi bhráid anchruinnithe. Seo thíos na hainmniúcháin atá faighte go dáta. Beidh cruinniú den trí earnáil seo ar siúl díreach roimh an gCruinniúGinearálta ar an 24 Samhain 2017 ag a nglacfar le hainmniúcháin bhreise ón urlár agus ag a ndéanfar vóta a chaitheamh le beirta cheapadh ó gach earnáil thuasluaite le bheith ar an mBord Stiúrtha.

Bunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht Oidí scoile: Oscailte d’ainmniúcháin ón urlár ag an gcruinniú earnála, 24 Samhain 2017

Comhaltaí boird bainistíochta: Oscailte d’ainmniúcháin ón urlár ag an gcruinniú earnála, 24 Samhain 2017

Bunscoileanna Gaeltachta Oidí scoile: Mícheál S. Mac Donnacha, COGG Mairéad Ní Chualáin, Scoil Mhic Dara

Comhaltaí boird bainistíochta: Oscailte d’ainmniúcháin ón urlár ag an gcruinniú earnála, 24 Samhain 2017

Iarbhunscoileanna Oidí scoile: John de Buitléir, Gaelcholáiste Luimnigh

Comhaltaí boird bainistíochta: Oscailte d’ainmniúcháin ón urlár ag an gcruinniú earnála, 24 Samhain 2017

ComhthoghadhIs féidir leis an gcúigear déag ar an mBord a cheapfar tríd an bpróiseas thuas suas le triúr eile a chomhthoghadh le bheith arBhord na heagraíochta chun cothromaíocht inscne, earnála, saintaithí agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmharainmheánacha i gcomhdhéanamh an Bhoird a dheimhniú. Is gá rún i scríbhinn leis an/na hainmniúcháin air a thabhairt do gachStiúrthóir le fógra 10 lá roimh an gcinneadh faoin gcomhthoghadh a ghlacadh.

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 5

Page 6: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 20176

Rúin 2017

Dréacht Rúin 2017

Rúin

Áitíonn an Chomhdháil seo ar an ROS soiléiriú aeisiúint gur den riachtanas é an Ghaeilge amhúineadh i ranganna speisialta áit a bhfuil páistí lecumas intleachtúil ar an meán-réimse.

Áitíonn an Chomhdháil seo ar an gComhairleNáisiúnta um Oideachas Speisialta treoir shoiléir aeisiúint do scoileanna lán-Ghaeilge atá ag iarraidhranganna uathachais a oscailt gur trí Ghaeilge adhéanfar iad a fheidhmiú.

Éilíonn an Chomhdháil seo ar na húdaráis eaglasta achinntiú go bhfuil seirbhísí eaglasta trí mheán naGaeilge ar fáil do Ghaelscoileanna na tíre.

Impíonn Gaeloideachas ar an bhForas Taighde arOideachas tábhacht tástálacha caighdeánaitheoiriúnacha Gaeilge a bheith ar fáil ag leibhéal nahiarbhunscoile lán-Ghaeilge a aithint agus iad asholáthar dá réir.

Maidir leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta,molann Gaeloideachas:- a) go mbeadh ionadaíocht níos forleithne

ag múinteoirí a bhfuil taithí phraiticiúil acu bheith ag múineadh i scoileanna na Gaeltachta ar an gCoiste comhairleach don Pholasaí Oideachais Gaeltachta

b) go gcuirfí córas trédhearcach ar fáil doscoileanna atá tar éis aitheantas a lorg marscoil Ghaeltachta, a léiríonn cén leibhéaltacaíochta/acmhainní atá á chur ar fáil faoingcóras tacaíochta foghlama bunaithe ar natástálacha caighdeánacha

c) go gcuirfí Cúntóirí Teanga ar fáil do scoileannaGaeltachta a lorg aitheantas mar ScoilGhaeltachta ó thús Mheán Fómhair godeireadh na scoilbhliana

d) go mbeadh gach scoil Ghaeltachta páirteachsa scéim athbhreithnithe DEIS

1.

2.

3.

4.

5.

Moltóir

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin (PO)Gaelscoil Bhaile Brigín

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin (PO)Gaelscoil Bhaile Brigín

Seán de Paor (PO)Gaelscoil Chill Dara

Bord Stiúrtha, Gaeloideachas

Bord Stiúrtha, Gaeloideachas

Cuiditheoir

Tim Ó Tuachaigh (PO)Gaelscoil Ros Eo

Tim Ó Tuachaigh (PO)Gaelscoil Ros Eo

Colm Ó Gógáin (Cathaoirleach)Gaelscoil Chill Dara

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 6

Page 7: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 7

e) nach gcaillfidh aon scoil bheag Ghaeltachtamúinteoir le linn dóibh a bheith ag cur anPholasaí don Oideachas Gaeltachta i bhfeidhm

f) Go mbeadh sé de chead ag gach scoilGhaeltachta poist bhuana a fhógairt murambíonn iarrthóirí ón bpainéal feiliúnach donscoil Ghaeltachta

Iarrann an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachaisagus Scileanna, An tSeirbhís Náisiúnta SíceolaitheOideachais (NEPS) agus ar na soláthróirí seirbhísítacaíochta: a) a chinntiú gur trí Ghaeilge a chuirfear seirbhísí

tacaíochta ar fáil do pháistí gur cainteoirí dúchaisiad i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

b) go dtógfar cúinsí teanga na clainne san áireamhnuair a dháiltear seirbhísí gairmiúla ar chlannagurb í an Ghaeilge an chéad teanga

c) go gcuirfear oiliúint ionghairme éigeantach arghairmithe atá ag cur seirbhísí ar fáil doscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar churchuige an dátheangachais agus ar na dea-chleachtais a bhaineann le freastal ar pháistí sachóras lán-Ghaeilge

Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachaisagus Scileanna freagairt don ghéarchéim atá ann idtaobh soláthar múinteoirí /ionadaithe atá in annteagasc trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoileagus na hiarbhunscoile.

Maidir le hOiliúint Tosaigh Múinteoirí, molann anChomhdháil seo:- a) go gclúdódh COGG 90% de tháillí Ollscoile an

chúrsa Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO)do rannpháirtithe

b) go gcuirfear cúrsa MGO ar bun i mBaile ÁthaCliath láithreach

c) go gcuirfear tús leis an dá chlár a bhaineann lehoiliúint tosaigh mhúinteoirí don oideachas lán-Ghaeilge Meán Fómhair 2018

Molann an Chomhdháil seo go dtabharfar an liúntasdon teagasc trí Ghaeilge do gach múinteoir atá agmúineadh i mbunscoileanna agus iniarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, maraon leis an liúntas Gaeltachta do gach múinteoir atá agteagasc i scoil atá cláraithe don scéim aitheantais, lefeidhm ó Mheán Fómhair 2018

Molann an Chomhdháil don Roinn Cultúir,Oidhreachta agus Gaeltachta infreastruchtúr cuí afhorbairt chun go mbeidh clubanna óige trí mheán naGaeilge do chainteoirí dúchais ar fáil go forleathan snaGaeltachtaí chun sóisialú trí Ghaeilge a chothú.

6.

7.

8.

9.

10.

Bord Stiúrtha, Gaeloideachas

Bord Stiúrtha, Gaeloideachas

Bord Stiúrtha, Gaeloideachas

Bord Stiúrtha, Gaeloideachas

Bord Stiúrtha, Gaeloideachas

Rúin Moltóir Cuiditheoir

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 7

Page 8: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 20178

Proposed Motions 2017

Motions

This Conference asks the DES to issue a clarificationstating that Irish must be taught in special educationclasses where children have a mid-range intellectualcapacity.

This Conference asks the National Council forSpecial Education to issue clear direction to Irish-medium schools seeking to open classes forstudents with autism that those classes willfunction through the medium of Irish.

This Conference asks that religious authoritiesensure that religious services through the mediumof Irish are available to Irish-medium schools.

Gaeloideachas asks that the Educational ResearchCentre recognise the importance of the availabilityof suitable standardised tests in Irish for Irish-medium post-primary schools, and that they beprovided accordingly.

With regard to the Policy on Gaeltacht Education,Gaeloideachas recommends:- a) broader representation of teachers with

practical experience of teaching in a Gaeltachtschool on the advisory committee for thePolicy on Gaeltacht Education

b) that schools applying for status as a Gaeltachtschool be provided with a transparent processthat outlines what level of support andresources will be provided under the systemfor learning support based on standardisedtesting

c) that schools applying for status as a Gaeltachtschool be provided with language assistantsfrom the beginning of September to the endof the school year

d) that every Gaeltacht school be included in therevised DEIS scheme

1.

2.

3.

4.

5.

Proposer

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin (PO)Gaelscoil Bhaile Brigín

Clodagh Ní Mhaoilchiaráin (PO)Gaelscoil Bhaile Brigín

Seán de Paor (PO)Gaelscoil Chill Dara

Board of Directors,Gaeloideachas

Board of Directors,Gaeloideachas

Seconder

Tim Ó Tuachaigh (PO)Gaelscoil Ros Eo

Tim Ó Tuachaigh (PO)Gaelscoil Ros Eo

Colm Ó Gógáin (Cathaoirleach)Gaelscoil Chill Dara

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 8

Page 9: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 9

e) that no small Gaeltacht school will lose a teacherduring their implementation of the Policy onGaeltacht Education

f) that every Gaeltacht school would have theright to advertise permanent posts if a panelcandidate suitable to work in a Gaeltacht schoolis not available

This Conference asks that the Department ofEducation & Skills, the National EducationalPsychological Service and providers of supportservices: a) ensure that support services through Irish be

provided for children who are native speakersand attend Irish-medium and Gaeltacht schools

b) that family languages be taken intoconsideration when services are provided tofamilies whose home language is Irish

c) that in-service training on bilingual approachesand best practice in catering for children in Irish-medium education be made compulsory for allprofessionals providing services to Irish-mediumand Gaeltacht schools

This Conference asks that the Department ofEducation & Skills responds to the crisis at primaryand post-primary level regarding the supply ofteachers and substitute teachers with the ability toteach through the medium of Irish.

With regard to Initial Teacher Education, thisConference recommends:- a) that COGG cover 90% of the University fees

for the Máistir Gairmiúil san Oideachas course(Professional Masters in Education)

b) that the Máistir Gairmiúil san Oideachas coursebe provided in Dublin immediately

c) that the two programmes for Initial TeacherEducation for Irish-medium schools commencein September 2018

This Conference recommends that the allowance forteaching through the medium of Irish be paid to allteachers teaching in Irish-medium and Gaeltachtprimary and post-primary schools, as well as theGaeltacht allowance for all teachers teaching inschools participating in the recognition scheme forGaeltacht schools, with effect from September 2018.

This Conference recommends that the Departmentof Culture, Heritage & the Gaeltacht developappropriate infrastructure to provide Irish-mediumyouth clubs for native speakers in the Gaeltacht topromote the socialisation of the language.

6.

7.

8.

9.

10.

Board of Directors, Gaeloideachas

Board of Directors, Gaeloideachas

Board of Directors, Gaeloideachas

Board of Directors, Gaeloideachas

Board of Directors, Gaeloideachas

Motions Proposer Seconder

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 9

Page 10: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201710

Tuairisc ar Obair na hEagraíochta

2017

Gaeloideachas – Guth don Oideachas Lán-Ghaeilge agusGaeltachta Cuireadh tús le caibidil nua i stair na heagraíochta ag CruinniúGinearálta 2016, nuair a ghlac sí ainm agus struchtúr nua uirthiféin; Gaeloideachas. Cinneadh seo a dhéanamh mar thoradhar Gaelscoileanna Teo., mar a bhí, a bheith aitheanta ag Forasna Gaeilge mar an cheanneagraíocht sa réimse Gaeloideachas,Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge. ‘Guthdon Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta’ atá mar sluánnua na heagraíochta agus tá bliain caite againn ag déanamhbeart de réir na mbriathra sin.

Tá struchtúr rialachais nua na heagraíochta i bhfeidhm ó shinagus á fhorbairt go fóill. Cinntíonn an struchtúr nua go bhfuilionchur agus ionadaíocht ag leibhéal an Bhoird Stiúrtha ag nahearnálacha agus na fearainn uile a bhfuil Gaeloideachas agplé leo, trí phróiseas bunaithe ar choláistí toghchánaíochtaagus coistí comhairleacha. Tá tuairisc ar obair an Bhoird le linn2017 ar fáil i dTuairisc an Rúnaí, agus táimid ag súil le deimhniúan Bhoird nua don bhliain romhainn ag Cruinniú Ginearálta2017. Tá an struchtúr réigiúnda bunaithe agus ag feidhmiú i 6réigiún éagsúla anois. Is é an buntáiste is mó a bhaineann leisan struchtúr seo ná gréasáin tacaíochta idir scoileanna agusidir mhúinteoirí a neartú agus a chinntiú go bhfuil dea-chleachtas á roinnt agus saincheisteanna nó dúshláin áréiteach i mbealach a bheidh chun leasa an chleachtais saseomra ranga nó sa scoil trí chéile. Bhí cúpla coiste an-ghníomhach i mbliana, le hoiliúint ar an RSO agus ar an tSraithShóisearach curtha ar fáil acu. Buntáiste eile a bhain leis angcur chuige nua seo ná gur éascaigh sé meicníocht nua do naréigiúin chun go dtiocfadh rúin agus ainmniúcháin chun cinnó na pobail agus na scoileanna iad féin. Táimid i mbunmeasúnaithe go leanúnach ar an struchtúr seo chun gombeidh sé ábhartha agus éifeachtach agus go bhfuil sé agfreastal go cuí ar riachtanais.

Ní léi féin atá Gaeloideachas ag obair ar son oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. D’éirigh le Gaeloideachas cuidmhaith a chur i gcrích le linn 2017 trí ghaol comhoibritheachna heagraíochta le páirtithe eile a fhorbairt. Ba mhór linnaitheantas a thabhairt don chomhpháirtíocht leis an gcúigceanneagraíocht eile atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge, leForas na Gaeilge féin, leis an Roinn Oideachais & Scileanna, anRoinn Leanaí & Gnóthaí Óige agus an Roinn Cultúir,Oidhreachta & Gaeltachta, COGG, An Foras Pátrúnachta, naheagraíochtaí luathbhlianta, páirtithe oideachais, agus le pobailna naíonraí agus scoileanna féin.

Buanú an Oideachais Lán-Ghaeilge I measc fheidhmeanna Gaeloideachas, áirítear comhairliúchánle pobail na scoileanna lán-Ghaeilge agus idirghabháil thar agceann leis an Roinn Oideachais & Scileanna. Is é seo an ghnéis lárnaí d’obair na heagraíochta. Bíonn muid go leanúnach imbun abhcóideachta Thar ceann ár mball, agus tá áthasorainn go bhfuil fás tagtha ar bhallraíocht na heagraíochta imbliana agus go bhfuil níos mó ná leath de na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta sna 32 chontae cláraithe linn marbhaill.

D’fhreastal Gaeloideachas ar níos mó ná 100 cruinniú go dátain 2017, a raibh baint dhíreach nó indíreach acu le forbairt nahearnála lán-Ghaeilge, agus bhíomar rannpháirteach igcomhairliúchán ar raon leathan saincheisteanna. BhíGaeloideachas i dteagmháil rialta leis na hurlabhraitheoideachais, Gaeilge agus Gaeltachta na bpáirtithe polaitiúla igcaitheamh na bliana chun a gcúnamh a lorg arshaincheisteanna ar leith, ach go háirithe i gcás dáilcheantair araibh feachtas iontu. Cuireadh 3 cheist sa Dáil go dáta in 2017thar ceann na heagraíochta. Rinne an eagraíocht stocaireachtchomh maith ar na ranna cuí Stáit agus tá taifead arbhrústocaireacht Gaeloideachas le fáil go poiblí arwww.lobbying.ie. Seo thíos achoimre ar phlé Gaeloideachas leroinnt de mhórcheisteanna na hearnála i mbliana.

Soláthar múinteoiríNíl aon amhras ach go bhfuil géarchéim sna scoileanna lán-Ghaeilge ag an dá leibhéal ó thaobh soláthar múinteoirí atá arfáil le dul i mbun teagaisc i scoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta leisan inniúlacht chuí sa teanga. Fadhb ollmhór is ea an solátharionadaithe anuas air sin. Tá Gaeloideachas, i gcomhar leis napáirtithe oideachais eile i mbun plé agus abhcóideachtleanúnach leis An Chomhairle Mhúinteoireachta agus anRoinn Oideachais agus Scileanna ar an gceist seo maidir leis anngéarchéim náisiúnta atá ann. Leanfar le stocaireacht ina leithin 2018. Bhí an eagraíocht páirteach freisin i bhforbairtphlécháipéise, faoi stiúir Foras na Gaeilge, gur cáipéisstraitéiseach í faoi fhorbairt chaighdeán Gaeilge ábhar oidíagus caighdeán Gaeilge an mhúinteora sa chóras trí chéile. Táan phlécháipéis faoi scrúdú ag an Roinn Oideachais &Scileanna faoi láthair.

Ceist an phainéil agus liúntais do mhúinteoiríTá an-chuid dúshlán fós á dtuairisciú do Gaeloideachas faoifheidhmiú an phainéil. Bhí cruinniú ag Gaeloideachas lehUachtarán nua Chumann Múinteoirí Éireann i Meitheamh2017. Pléadh cás na scoileanna lán-Ghaeilge, ach go háirithe

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 10

Page 11: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 11

maidir le ceist an phainéil agus liúntais do mhúinteoirí iscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus lorgaíodhtacaíocht CMÉ ina leith. Ó shin, tá cinneadh déanta agGaeloideachas meitheal oibre de shaineolaithe laistigh aguslasmuigh den eagraíocht a bhunú chun an feachtas seo afhorbairt.

Riachtanais Speisialta Oideachais sa chóras lán-GhaeilgeBhí tionchar dearfach ag an stocaireacht a rinneGaeloideachas maidir le leithdháileadh ar acmhainní dodhaltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais sna scoileanna lán-Ghaeilge. I ndiaidh comhairliúcháin na heagraíochta leis anRoinn Oideachais & Scileanna maidir leis an gceist, eisíodhtreoirlínte do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta,dréachtaithe ag Gaeloideachas, in éineacht leis an gciorclánmaidir le Leithdháileadh um Mhúinteoireacht OideachaisSpeisialta i Márta 2017.

Tá fochoiste RSO, faoi stiúir Clodagh Ní Mhaoilchiaráin an-ghníomhach san eagraíocht agus gabhann an eagraíochtbuíochas léi agus le gach ball den fhochoiste.Tá tuairisc ar chomhdháil lae a reáchtáil an fochoiste RSO arfáil faoin mír Forbairt Ghairmiúil thíos.

Rialachán ar Iontráil Scoileanna D'fhaomhaigh an Rialtas an Bille Oideachais (Ligean Isteach iScoileanna) 2016 ar an 6 Iúil, ach ainneoin go raibh sé le bheithi bhfeidhm do Mheán Fómhair 2017, ní dhearnadh é a achtúgo fóill. Mí na Nollag seo caite, chuaigh Ardfheidhmeannachna heagraíochta, mar aon le grúpaí eile os comhair anChomhchoiste Oideachais chun cur i láthair a dhéanamh arna saincheisteanna a bhaineann leis an gcóras lán-Ghaeilgeagus fuarthas éisteacht an-mhaith. Ar cuireadh ón RoinnOideachais & Scileanna i mí Dheireadh Fómhair 2017, chuirGaeloideachas toscaireacht le chéile de phríomhoidí bunscoileagus iarbhunscoile le bualadh leis an Roinn faoin bpróiseasiontrála scoileanna agus sainmheon teanga. Mar a sheasann,níl aon tagairt sa Bhille don teanga, agus glactar leis gur faoiúdarás bhord na scoile a bheidh sé an sainmheon teanga achosaint, tríd an bpolasaí iontrála, ach aird a bheith tugthafreisin ar na riachtanais eile atá sonraithe sa Bhille. Seasann sésa Bhille go fóill nach mbeadh cead seirbhís réamhscoile d’aonchineál, naíonra san áireamh, a úsáid mar chritéir iontrála.

Soláthar cóiríochta Is mian le Gaeloideachas comhghairdeas a dhéanamh leis nascoileanna a fuair foirgneamh nua i mbliana, bhí sé dephribhléid againn bhur laethanta oscailte a cheiliúradh libh.

Tá mór-dhúshláin cóiríochta ag scoileanna lán-Ghaeilge eilego fóill, áfach, agus roinnt acu i seomraí réamhdhéanta ón uairgur bunaíodh iad breis agus scór bhliain ó shin. Tá roinnt eile abhfuil an chóiríocht bhuan atá acu mí-oiriúnach, ag cur bac arfhás na scoile agus ar an leanúnachas ón mbunleibhéal chuig

an iarbhunleibhéal. Rinne Gaeloideachas stocaireacht arAonad Breithmheas Caipitil na Roinne Oideachais &Scileanna i mbliana ar an gceist seo, agus leanfar leis an bpléleo ar mhaithe le cóiríocht chuí a dheimhniú do na scoileannalán-Ghaeilge ar fad.

Forbairtí i Réimse na Luathbhlianta Tá méadú tagtha ar rannpháirtíocht na naíonraí in obairGaeloideachas le bliain anuas. Tá os cionn 75 múinteoirínaíonra rannpháirteach sa ghrúpa príobháideach Facebook abhunaigh Gaeloideachas le go mbeadh comhairle agus dea-chleachtas á roinnt acu. Tá nuachtlitir leictreonach na naíonraíá fháil ag níos mó ná 230 síntiúsóirí gach coicís.

Ghlac 32 naíonra páirt sa scéim Lé Chéile Trí Ghaeilge in 2017,trí imeachtaí trí mheán na Gaeilge a reáchtáil i gcomhpháirt lescoileanna agus naíonraí eile. Tá éileamh leanúnach ar anScéim Iasachta Trealaimh, a chuireann troscán súgartha agusacmhainní teanga ar fáil do naíonraí le húsáid na Gaeilge imeasc na bpáistí a chur chun cinn.

Tá infheistíocht á déanamh ag Gaeloideachas in áis nua achabhróidh le múinteoirí naíonra Gaeilge chruinn a shealbhúagus a úsáid sa naíonra. Cuirfear tacaíochtaí teanga, dírithe arriachtanais múinteoirí naíonra, ar fáil ar shuíomh idirlín nua asheolfar ag deireadh 2017. Beidh físeáin agus áiseanna féin-theagaisc ar an suíomh, bunaithe ar na téamaí is mó aphléitear leo sa naíonra.

Chur Gaeloideachas tacaíocht ar fáil do Na Naíonraí Gaelachale comhdháil lae do na naíonraí a reáchtáil ar an 7 DeireadhFómhair 2017. Cuireadh ceardlann maidir le hAistear agusSíolta ar fáil mar chuid den chomhdháil, forbartha ag Máire UíMhurchú agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agusMeasúnachta, le cúnamh ó Gaeloideachas. Thug 15 múinteoirínaíonra faoi scrúdú béil TEG ar an lá chomh maith, le costasan scrúdaithe urraithe ag an eagraíocht.

Scaipeadh leabhair rolla agus leabhair thaifeadta ar thimpistíagus eachtraí ar naíonraí in am don naíonrabhliain nua, chomhmaith le hábhar bolscaireachta do thuismitheoirí. Rinneadhathchló ar an leabhrán do thuismitheoirí, An Naíonra, ad’fhorbair Gaeloideachas i gcomhpháirt leis Na NaíonraíGaelacha, toisc an t-éileamh air ó naíonraí. Cuireadh an chéaddréacht den lámhleabhar ar an tumoideachas sa naíonra achoimisiúnaigh Gaeloideachas ar fáil ag deireadh 2016 agus táeagarthóireacht á déanamh air faoi láthair. Beidh sé ina áisphraiticiúil do mhúinteoirí naíonra i dtaobh dea-chleachtas achur i bhfeidhm.

Bhí Gaeloideachas an-ghníomhach i mbliana ag stocaireachtag leibhéal náisiúnta ar son aitheantais agus tacaíochtaí cuí dona naíonraí. Rinneadh seo trí ionadaíocht na heagraíochta arFhóram Luathbhlianta na Roinne Leanaí & Gnóthaí Óige,

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 11

Page 12: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201712

Fochoiste an Fhóraim do na Luathbhlianta Lán-Ghaeilge agusGaeltachta, Meitheal Oibre an Fhóraim maidir le ProifisiúnúEarnáil na Luathbhlianta, Fóram Comhairliúcháin Tusla, agus tácathaoirleacht na heagraíochta ar an gComhar NáisiúntaDeonach um Chúram Leanaí. Dhírigh an stocaireacht arinneamar i mbliana ar infheistíocht chuí a mhealladh ón Státdo na luathbhlianta lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus támoltaí sonracha curtha faoi bhráid an Aire Leanaí & GnóthaíÓige, ar iarratas uaithi, maidir le Comhordaitheoir náisiúnta acheapadh don earnáil, oifigigh forbartha luathbhlianta donearnáil lasmuigh den Ghaeltacht a cheapadh, modúl QQImaidir leis an tumoideachas sa naíonra a fhorbairt agus oiliúintriachtanach do mhúinteoirí naíonra a chur ar fáil i nGaeilge.

An Polasaí don Oideachas GaeltachtaTá Gaeloideachas ag plé go leanúnach le tacaíocht a chur arfáil do scoileanna maidir le Polasaí na Roinne Oideachas &Scileanna don Oideachas Gaeltachta. Tá ról Gaeloideachasmar ghuth neamhspleách sainithe, agus trí comhoibriú leis angComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta(COGG) agus an tAonad um Oideachas Gaeltachta, chomhmaith le páirtithe eile. Tá aiseolas an-dearfach agus moladhfaighte ag Gaeloideachas ón Aonad agus ó Chigireacht naRoinne faoi chur chuige agus díograis na heagraíochta inaleith.

Tá Gaeloideachas páirteach sa Choiste Comhairleach umPolasaí Oideachas Gaeltachta, agus le linn na bliana, bhí sípáirteach i ngrúpa oibre leis an Aonad, Údarás na Gaeltachta,an Roinn Gaeltachta agus COGG chun clár feasachta agus eilea fhorbairt i gcomhar lena chéile. Rinne Gaeloideachas ábhara chur ar fáil a scaipeadh leis an gciorclán mar chúnamh do nascoileanna, agus d’eagraigh an eagraíocht 5 chruinniú phoiblísna Gaeltachtaí chun fóram plé a chur ar fáil agus chun eolas ascaipeadh ar an tumoideachas trí chur i láthair ó shaineolaí aran tumoideachas. Bhí freastal an-ard ar na cruinnithe.Cuireadh cáipéis aiseolais i dtoll a chéile ag eascairt astu, athaifead ábhar buartha agus moltaí ó na scoileanna agus abpobail i leith an Pholasaí. Roinneadh an cháipéis ar nascoileanna agus thug Gaeloideachas tuairisc air do ChoisteComhairleach. D’fhreastail foireann Gaeloideachas archruinnithe poiblí eagraithe freisin faoin bPolasaí agus antumoideachas trí na ceanneagrais pleanála teanga agusÚdarás na Gaeltachta, agus rinneadh cuir i láthair ar obair naheagraíochta ag na cruinnithe céanna.

Tá sé deimhnithe anois ag an Aonad gur chláraigh 79% debhunscoileanna agus 97% d’iarbhunscoileanna na Gaeltachtaléirithe spéise maidir le rannpháirtíocht sa scéim. Tá roinntscoileanna i ndiaidh a dheimhniú gur mian leo bheithrannpháirteach amach anseo agus tá an tAonad Gaeltachtaagus na páirtithe eile ag plé leo ina leith. Tá go leor plé aguscomhairle curtha ag Gaeloideachas ar scoileanna ar imeall nanGaeltachtaí maidir le feidhmiú laistigh nó lasmuigh den

scéim. An sprioc atá ag Gaeloideachas don bhliain romhainnná feidhmiú mar ghuth neamhspleách agus tacaíochta ar nasaincheisteanna a bhaineann leis an POG dóibh siúd atácláraithe agus nach bhfuil cláraithe. Tá an eagraíocht i mbunteagmhála le scoileanna nár chláraigh, chun críche fáil amach abhfuil beartaithe acu agus chun plean tacaíochta a chur ar fáildóibh. Tá bileoga maidir leis an tumoideachas deartha agGaeloideachas don dá leibhéal faoi seach, dírithe arthuismitheoirí, agus beidh siad ar fáil do scoileanna go luath.

Seirbhísí Eolais GaeloideachasTá forbairt mhór tagtha ar sheirbhísí nuachta Gaeloideachasle bliain anuas. Déantar suíomh idirlín, Twitter agus Facebookna heagraíochta a nuashonrú go laethúil, agus foilsítearnuachtlitreacha leictreonacha gach coicís do na scoileannaagus na naíonraí faoi seach. Is féidir le héinne gur suim leoclárú leis na seirbhísí nuachta agus iarrtar ar cheannairí agusrúnaithe scoile iad a roinnt go forleathan, le go mbeidhfoireann uile na scoile agus tuismitheoirí ar an eolas fúthu.

Tá plé bríomhar i measc pobail na naíonraí agus na scoileannaar na meáin shóisialta, le níos mó ná 1600 leantóir agGaeloideachas ar Twitter agus breis agus 2300 ar Facebook,áit a bhfuil níos mó ná 300 ball sa ghrúpa príobháideach atá agan eagraíocht do mhúinteoirí bunscoile. Déantar gach iarrachtna gréasáin agus pobail fhíorasacha seo a chothú agus aneartú, chun gur féidir comhroinnt eolais, dea-chleachtaisagus comhairle a éascú.

Bhí trácht rialta sna meáin chumarsáide ar obair naheagraíochta le linn 2017, le 16 agallamh raidió agus 4 alt snanuachtáin. Scaip Gaeloideachas preasráitis maidir lemórscéalta na hearnála, ina measc; an múnla nua le freastal ardhaltaí le riachtanais speisialta oiliúna, soláthar múinteoirí, anPolasaí don Oideachas Gaeltachta, scoileanna le stádas DEIS,bunú scoileanna nua agus scéim na gcúntóirí teanga.

D’fhreagair feidhmeannas na heagraíochta níos mó ná 100fiosrúchán in aghaidh na míosa in 2017, ó naíonraí, scoileanna,tuismitheoirí, taighdeoirí, na meáin agus eile. Tá obair mhórdéanta agus tuilleadh le déanamh le hathfhorbairt iomlán arshuíomh idirlín na heagraíochta a chur i gcrích, chun gombeidh sí dírithe ar riachtanais na n-úsáideoirí éagsúla athugann cuairt uirthi. Tá físeáin á gcruthú faoi láthair,coimisiúnaithe ag Gaeloideachas agus á dtaifeadadh le baillfoirne agus tuismitheoirí na scoileanna, ar ghnéithe éagsúladen tumoideachas. An sprioc atá leo ná go mbeidhtuismitheoirí (agus lucht déanta beartais) níos muiníní aguseolaí ar aidhmeanna, feidhmeanna agus deiseanna sa chórasoideachais lán-Ghaeilge ag an 3 leibhéal, agus ar aghaidh chuigan 3ú leibhéal.

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 12

Page 13: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 13

Bunú Soláthar NuaTá fás ag teacht ar líon na naíonraí agus scoileanna de réir achéile, ainneoin na ndúshlán a bhaineann leis na próisis lesoláthar nua a bhunú ag an trí leibhéal. Tá oifigigh forbarthana heagraíochta ag tacú go leanúnach le tuismitheoirí agusgrúpaí pobail gur mian leo naíonraí agus scoileanna nua abhunú.

NaíonraíTá Gaeloideachas ag plé le fiosrúcháin maidir le naíonraí nua abhunú go leanúnach, agus ag cur comhairle agus cúnamh arfáil d’fhiontraithe agus coistí pobail gur mian leo tabhairt faoi.Pléadh le 26 fhiosrúchán maidir le naíonra a bhunú go dáta i2017. Osclaíodh 3 naíonra nua ó Eanáir 2017, naíonra pobail imBaile Formaid, Baile Átha Cliath agus 2 sheirbhíspríobháideacha, Naíonra Teach Abhaile, Inis, agus NaíonraPáistí Lasmuigh, Mainistir na Corann.

An mór-dhúshlán atá ann do sheirbhísí nua ná foireann chuí aearcú, toisc go bhfuil ganntanas ann d’iarratasóirí leis nacáilíochtaí cuí cúram leanaí agus caighdeán cuí sa Ghaeilgearaon. Tá Gaeloideachas ag plé na ceiste seo go leanúnach agleibhéal náisiúnta, agus ag tacú le múinteoirí naíonra gur mianleo cáilíocht TEG a bhaint amach.

Bunscoileanna Osclaíodh bunscoil nua ilchreidmheach, Gaelscoil anChaisleáin i mBaile an Chollaigh, faoi phátrúnacht An ForasPátrúnachta i Meán Fómhair 2017. Bhain An Foras pátrúnachtna scoile amach i ndiaidh dóibh feachtas a rith i gcomhpháirtle Gaeloideachas agus tuismitheoirí áitiúla. Próiseas an-iomaíoch a bhí ann le cinntiú go mbeadh sí ina scoil lán-Ghaeilge, agus gabhaimid buíochas ó chroí le tuismitheoirí ancheantair agus le pobal Ghaelscoil Uí Ríordáin, a thacaigh gomór le bunú na scoile nua. Déanaimid comhghairdeas leMáire Uí Shé, príomhoide na scoile nua.

Faraor, ní raibh an toradh dearfach céanna ar na feachtais lebunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú i nDún Laoghaire, BailePheiléid nó ceantar Bhaile Átha Cliath 2/4/6, ainneoin gurléirigh tuismitheoirí ard-suim sna feachtais uile. Bhícomhoibriú láidir idir Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachtaagus Conradh na Gaeilge ar na feachtais sa trí cheantar achníorbh leor an líon léiriú spéise le dul in iomaíocht leis nahiarratais ó Educate Together agus Scoil Sinéad le scoileannailchreidmheacha meán-Bhéarla a bhunú sna trí cheantar.

Leanfaidh Gaeloideachas ag plé leis an Roinn Oideachais &Scileanna, An Foras Pátrúnachta, Oifig an ChoimisinéaraTeanga agus páirtithe oideachais eile maidir leis an gcóras umbunú scoileanna a chothromú i dtaobh an chórais lán-Ghaeilge, agus le héileamh go dtugtar riachtanais teanga sanáireamh agus ceantair úra á n-aithint do sholáthar scoile.

Múnlaí nuaTá stocaireacht déanta ag Gaeloideachas i mbliana maidir leisan bpróiseas i dtaobh dífheistiú pátrúnacht scoile agus freastalar mhianta tuismitheoirí i leith oideachas lán-Ghaeilge dábpáistí. Cé gur fhógair an tAire Oideachais & Scileanna gombeadh cur chuige nua ann maidir le dífheistiú ar mhaithe ledul chun cinn a spreagadh, is beag a tharla ina leith in 2017.Ainneoin seo, tá Gaeloideachas ag obair le scoileanna aonairgur mian leo dul i dtreo an oideachais lán-Ghaeilge, agus agcabhrú leo a sprioc a bhaint amach.

Cuireadh athrú stádais i bhfeidhm i mBunscoil Sráid Synge,Baile Átha Cliath, i mbliana chun go mbeadh deis ag an scoiloideachas lán-Ghaeilge a sholáthar den chéad uair. Bunscoilshinsearach do bhuachaillí amháin a bhí sa scoil ónar bunaíodhí in 1864. Cuireadh tús le hoideachas lán-Ghaeilge dobhuachaillí agus cailíní ó rang na naíonán i Meán Fómhair 2017,faoi stiúir múinteoir Helen Diamond agus príomhoide nua nascoile, Victoria McQuaid. Tréaslaímid le bord agus le hiar-phríomhoide na scoile, Gerry Mooney, a d’oibrigh leGaeloideachas ó 2015 leis an t-athrú stádais stairiúil seo abhaint amach.

Iarbhunscoileanna Níor oscail aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua in 2017, achosclaíodh dhá aonad nua ag an iarbhunleibhéal i MeánFómhair 2017.

D’oscail scoil úrnua, Coláiste Dhún Másc, i bPort Laoise faoichomhphátrúnacht an Bhoird Oideachais & Oiliúna agus AnForas Pátrúnachta. Tá aonad lán-Ghaeilge ag feidhmiú sa scoilón gcéad lá, faoi stiúir príomhoide Aoife Elster, a bhfuil taithína mblianta aici i nGaelcholáiste Chill Dara agus i gColáisteGhlór na Mara. Seo an chéad uair don Foras Pátrúnachta scoila oscailt i gcomhpháirt le pátrún eile agus táimid cinnte gombeidh sí ina scoil eiseamláireach maidir le múnla an aonaid.Ba mhaith linn buíochas ach go háirithe a ghabháil letuismitheoirí an cheantair, a bhí i mbun feachtais ó 2013 lehiarbhunscolaíocht lán-Ghaeilge a éileamh dá bpáistí.

Is in 2008 a chuir tuismitheoirí Shligigh agus Liatroma tús lenabhfeachtas le gaelcholáiste a bhunú, agus i ndiaidh blianta fadaagus obair dhíograiseach, osclaíodh Aonad Loch Gile igColáiste na Trócaire i Meán Fómhair 2017. Athrú mór atá anndon scoil; ní hamháin go bhfuil oideachas lán-Ghaeilge ásholáthar acu anois, ach tá buachaillí ag freastal ar an scoil denchéad uair. Déanaimid comhghairdeas leis an gcoiste bunaithe,leis an bpríomhoide, Colette O’Hagan, agus pobal uile nascoile.

In Eanáir 2017, thug an Roinn faomhadh d’oscailt aonaid igColáiste Pobail Bhaile Lotrail i mBaile Átha Cliath i MeánFómhair 2018. Tá tuismitheoirí an cheantair ag obair leGaeloideachas ó 2013, agus tá an-áthas orthu go n-osclófar

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 13

Page 14: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201714

an t-aonad faoi stiúir Fionnuala Ní Chaisil, príomhoideCholáiste Pobail Bhaile Lotrail agus iar-phríomhoideGhaelcholáiste Reachrann.

Ainneoin go bhfuil faomhadh agus tacaíocht na RoinneOideachais & Scileanna faighte ag na haonaid thuasluaite, támúnla an aonaid leochaileach go fóill. Rinne Gaeloideachasstocaireacht i rith na bliana ar an Roinn le tacaíochtaí aguscoinníollacha níos fearr a éileamh do na haonaid uile atá agfeidhmiú timpeall na tíre, agus leanfar leis an cás a dhéanamhar a son.

Forbairt Ghairmiúil

Riachtanais Speisialta Oideachais sa chóras lán-GhaeilgeD’eagraigh Gaeloideachas, i gcomhpháirt le COGG, an chéadcomhdháil ar Riachtanais Speisialta Oideachais sa chóras lán-Ghaeilge in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath aran 3 Márta 2017. ‘Tuiscint na míthuiscintí’ a bhí mar théama nacomhdhála, le ceardlanna ar uathachas, ardchumas, disléicseagus mata. D’fhreastal os cionn 150 rannpháirtithe ar angcomhdháil agus tháinig aiseolas an-dearfach uathu, ag léiriúgo mbeadh éileamh ar a leithéid ar bhonn bliantúil.

Oiliúint do Bhord Bainistíochta Chur Gaeloideachas agus An Foras Pátrúnachta 2 mhodúloiliúna ar fáil do bhord bainistíochta ag an mbunleibhéal, igcomhar leis an Roinn Oideachais & Scileanna agus páirtitheoideachais leasmhara. D’fhreastal 47 ionadaithe ó nascoileanna ar an oiliúint frithbhulaíochta, agus 13 ar an oiliúintmaidir le hearcaíocht. Tá módúil éagsúla á gcur ar fáil anois deréir éilimh, ach íosmhéid de 10 a bheith ar fáil le freastal.

Comhdháil CAERTionóladh Comhdháil agus Cruinniú Ginearálta CAER,Cumann Oideachais na Réigiún Eorpach, i bPrifysgol Cymru YDrindod Dewi Sant (Ollscoil na Breataine Bige) Carmarthen aran 6 agus 7 Aibreán. Bhí tinreamh maith ann agus cainteoiríden scoth ón mBreatain Bheag, Tír na mBascach agus anBheilg. Tá Gaeloideachas ina ball gníomhach den chumann,agus ag obair ó shin i gcomhpháirt le Comhairle naGaelscolaíochta agus coiste CAER i dtreo Comhdháil CAER2018 a reáchtáil ar an 16 agus 17 Márta 2018 i mBéal Feirste.

Comhdhálacha eileD’fhreastal Gaeloideachas ar roinnt mhaith comhdhálachaagus ócáidí oiliúna le linn 2017, le cur lenar réimse saineolaismar eagraíocht agus le taithí na hearnála a roinnt le páirtitheoideachais eile. Ina measc, bhí:

• An Tionól Teagaisc 2017: Dea-chleachtas i Múineadh naGaeilge ‘An Chéad Chéim eile ar aghaidh’

• Comhdháil ar an Ilteangachas sna Luathbhlianta, InstitiúidTeicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

• Comhdháil Choláiste Ollscoil Naomh Muire 'Ag Treorúna Foghlama'

• Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta

• Comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann

• Comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann dophríomhoidí agus leasphríomhoidí

• Comhdháil Equate maidir le pátrúnacht agus creideamh

• Comhdháil idirnáisiúnta faoin tumoideachas agus sóisialúteanga, New Speakers in a Multilingual Europe – Policiesand Practices eagraithe ag COST & The Centre forSocial Studies, University of Coimbra.

• Comhdháil na Comhghuaillíochta um Chearta Leanaí

• Comhdháil taighde Early Childhood Ireland

• Oiliúint Cheannaireachta do Phríomhoidí leis an tSeirbhísum Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí

• Siompóisiam Chumann Náisiúnta Príomhoidí &Príomhoidí Tánaisteacha agus Líonra PríomhoidíBunscoile Éireann

• Siompóisiam taighde ar an dátheangachas eagraithe agDepartment of Speech and Language Studies, Coláistena Tríonóide.

Áiseanna agus acmhainní

Taighde: An Leanúnachas ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann Ó seoladh an taighde a choimisiúnaigh Gaeloideachas arleibhéal aistrithe agus na fachtóirí a théann i gcionn air in 2016,tá feasacht á hardú i measc tuismitheoirí agus pobal nascoileanna ar an gceist. Foilsíodh an taighde ar shuíomh idirlínna heagraíochta agus tá leagan Béarla de á ullmhú faoi láthair.Gabhaimid buíochas le Dr Laoise Ní Thuairisg agus antOllamh Pádraig Ó Duibhir as an tuairisc taighde den scoth achur ar fáil. Tá ábhar bolscaireachta nua don oideachas lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal deartha ag an eagraíochtbunaithe ar thorthaí an taighde.

Taighde: Critéir aitheantais cuí um dhearbhú cáilíochta agusdea-chleachtais do bhunscoileanna agus iarbhunscoileannalán-Ghaeilge ar bhonn uile ÉireannTá an taighde a choimisiúnaigh Gaeloideachas ar mhaithe ledea-chleachtas a aithint, a mholadh agus a spreagadh tríd anearnáil le seoladh ag an Tionól Forbartha. Gabhaimidbuíochas leis na húdair, Dr T.J. Ó Ceallaigh agus Aoife NíShéaghdha, agus táimid cinnte de go mbeidh an taighde seoina thacaíocht ollmhór do scoileanna. Tá uirlisféinmheastóireachta bunaithe ar an dtaighde forbartha aguscurtha i gcló do na scoileanna, agus á dáileadh i bpacáistí anTionóil.

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 14

Page 15: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 15

FoilseacháinTá foilseacháin Gaeloideachas á bforbairt go leanúnach lefreastal ar riachtanais ár mball, agus scaipeadh ábhar nua arnaíonraí agus scoileanna i gcaitheamh na bliana. Tá athchlódéanta ar nach mór gach ceann díobh i mbliana toisc an t-éileamh mór a bhí orthu. Cuirtear gach a fhoilsíonn aneagraíocht ar fáil saor in aisce do na naíonraí agus scoileanna.

Gaeilge do Thuismitheoirí Seoladh suíomh nua de chuid na heagraíochta,www.irishforparents.ie, in 2016 agus rinneadh roinnt mhaithforbartha uirthi in 2017. Tá an suíomh mar acmhainn teangado thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal arbhunscoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta, agus mar acmhainndo mhúinteoirí a mhúineann ranganna Gaeilge dothuismitheoirí. Ar an suíomh tá ábhar teagaisc samplach doranganna, bunaithe ar shainriachtanais tuismitheoirí. Dontuismitheoir, tá ceachtanna féinteagaisc ann, móide eolasmaidir le roinnt de na hacmhainní tacaíochta atá ar fáild’fhoghlaimeoirí. Tá cúnamh ar fáil thar ríomhphost nó fóndo thuismitheoirí leis an obair bhaile chomh maith, ó 3-5i.n.,Luan go Déardaoin, ach glaoch a chur ar fhoireann naheagraiochta nó ríomhphost a sheoladh [email protected]. Thug níos mó ná 3000 duinecuairt ar an suíomh i Meán Fómhair 2017.

‘Le Chéile Trí Ghaeilge’Bhí ró-éileamh arís ar an scéim ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’ imbliana, agus gealladh iomlán an bhuiséid faoi dheireadh nascoilbhliana. Thug an scéim deis do naíonraí agus scoileannaimeacht dá rogha féin a reáchtáil le naíonraí agus scoileannaeile le cúnamh airgid bunaithe ar líon na bhforasrannpháirteacha. Ceadaíodh 58 n-iarratas ar an scéim imbliana, le 17 eile ar an liosta feithimh, agus bhain níos mó na205 naíonra agus scoil tairbhe as.

‘Teanga Tí’ Thacaigh Gaeloideachas, i gcomhar le Foras na Gaeilge, lescéim nua ‘Teanga Tí’ de chuid Ghlór na nGael, scéim a bhfuilmar aidhm aici tacú le 21 scoil agus a gcuid tuismitheoirí anGhaeilge a úsáid sa bhaile. Sprioc na scéime ná spreagadh agustacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh sin an Ghaeilge alabhairt níos minice sa bhaile, le cúnamh ó fhoilseacháin,cluichí Gaeilge agus imeachtaí trí Ghaeilge. Déanfar measúnúar thorthaí na scéime píolótaí seo agus tá súil againn gombeidh deiseanna ann do níos mó scoileanna amach anseo abheith páirteach ann.

Tacaíocht maidir leis an luath-thumadh iomlán a chur ibhfeidhm Leanadh leis an scéim phíolótach ar cuireadh tús leis in 2016do bhunscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht gur mian leoluath-thumadh iomlán a chur i bhfeidhm ina gcuid scoileanna.Ar bhonn éileamh ó scoileanna aonair, cuireann baill foirne

agus baill boird Gaeloideachas oiliúint maidir le buntáistí aguscur i bhfeidhm an chórais ar fáil do bhoird bhainistíochta, baillfoirne, coistí na dtuistí agus tuismitheoirí nua na scoileanna, lehiad a chumasú le tabhairt faoin luath-thumadh iomlán. Tá 6scoil san iomlán théis plé leis an eagraíocht go dáta maidir leisan scéim, agus fáiltítear roimh iarratais eile ar chúnamh.

Nótaí beaga buíochais

Buíochas leis an mBord StiúrthaThar ceann na foirne, is mian liom mo bhuíochas ó chroí aghabháil leis an mBord Stiúrtha as a dtreoir i gcónaí i dtaobhfhorbairt na heagraíochta. Táimid an-bhuíoch den iar-Uachtarán, Yvonne Ní Mhurchú, agus guímid gach rath uirthiina ról nua mar chigire leis an Roinn Oideachas & Scileanna.Táimid buíoch chomh maith le hAnna Ní Chartúir, atá agfeidhmiú mar Uachtarán ó Mheán Fómhair 2017, agus agtnúth le bheith ag obair léi agus í mar Uachtarán don bhliainromhainn. Déanaimid comhghairdeas mór le Sinéad NíShúilleabháin, agus lena fear céile John ar bhreith a linbh nua,Patrick.

Buíochas leis an bhFoireannBliain an-ghnóthach a bhí ann ó thaobh cúrsaí foirne.Bhraitheamar uainn Nóra Ní Loingsigh agus Sandra UíChléirigh agus iad ar saoire máithreachais, ach bhíomar ar bísar fad le fáilte a chur roimh a mic, Eoghan agus Cian. Is cúismhór áthais dúinn iad a bheith ar ais linn, díreach in am donTionól. D’fhágamar slán le Cormac Ó Feinneadha, atá imithele Gaeilge a theagasc i gCeanada, agus chuireamar fáilte mhórroimh Katie Ní Riain, atá mar oifigeach forbartha nua againn.

Táim an-bhuíoch den fhoireann as a gcuid dearfachta agustoilteanais glacadh le cúraimí breise le linn na tréimhse seoagus as dearfacht agus gairmiúlacht i mbun a gcuid oibre igcónaí.

Buíochas le heagraíochtaí oideachais agus GaeilgeGabhaimid buíochas mór leis na heagraíochtaí uile a mbímidag comhoibriú leo agus ag forbairt saincheisteanna oibre lechéile leo; áirítear ina measc COGG; balleagraíochtaí anChoiste Sheasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas, naceanneagraíochtaí, na páirtithe oideachais agus na heagraisoideachais agus Gaeilge uile. Buíochas ar leith le foireann AnForas Pátrúnachta as an gcomhoibriú ar raon leathanceisteanna agus ar na feachtais i dtaobh scoileanna nua abhunú. Ba mhór an chabhair a thug Conradh na Gaeilgedúinn i mbliana leis an ngné seo chomh maith. Cabhraíonn ancur chuige comhoibritheach go mór le forbairt go leorsaincheisteanna san earnáil.

Ba mhór linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh le foireannGlór na nGael agus le muintir agus cairde Fheargail UíChuilinn. Beidh cuimhne againn uile air mar fhear a raibh grá

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 15

Page 16: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201716

agus dílseacht don Ghaeilge agus don ghaelscolaíocht go mórina chroí istigh agus mar bhunchloch dá shaol. Áireoimid uainné mar dhíograiseoir teanga, a thug faoi fhorbairt na teanga gocroíúil, go fonnmhar, go dearfach agus le meangadh mór air igcónaí.

Nóta buíochas ar leith do choiste Na Naíonraí Gaelacha as agcomhoibriú agus muid ag forbairt cur chuigecomhoibritheach idir an dá eagras.

Gabhann Gaeloideachas buíochas mór le Seosamh MacDonnacha atá go fóill d’ár dtreorú tríd an bpróiseasathstruchtúrtha. Is mór againn a thoilteanas a chuid saineolaisa roinnt go fial flaithiúil linn i gcónaí.

Buíochas le Foras na GaeilgeTáimid an-bhuíoch d’Fhoras na Gaeilge as an gcomhoibriúagus as an maoiniú d’fhorbairt agus d’fheidhmiú chlár oibrena heagraíochta. Gabhaimid buíochas ar leith le Joe Ó Coinneagus le Nuala Ní Scolláin as an gcomhoibriú agus as angcúnamh leanúnach. Déanaimid comhghairdeas mór ó chroíle Seán Ó Coinn, a ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach nuaar Fhoras na Gaeilge, agus le Edel Ní Chorráin atá ceaptha marLeas-Phriomhfheidhmeannach/Stiúrthóir SeirbhísíOideachais ar an bhForas. Is iontach an chabhair dúinn sanearnáil go bhfuil beirt atá an-saineolach ar chúrsaí oideachaisagus gaeloideachais ag treorú obair Fhoras na Gaeilge. Guímidgach rath orthu sna róil nua.

Foireann Gaeloideachas Samhain 2017

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 16

Page 17: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 17

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 17

Page 18: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201718

Tuairisc an Rúnaí

2016-17

Bliain ghnóthach, rathúil a bhí ag Bord Stiúrtha Gaeloideachasi mbliana. Reáchtáladh cruinnithe ag leibhéal an BhoirdStiúrtha ó Chruinniú Ginearálta 2016 i leith ar na dátaí seo aleanas: 14 Eanáir, 10 Feabhra, 1 Aibreán, 6 Bealtaine, 17Meitheamh, 9 Meán Fómhair agus 14 Deireadh Fómhair 2017.

Cuireadh fáilte ó chroí roimh bhaill nua ar an mbord nua indiaidh Chruinniú Ginearálta 2016; is iad sin Bláthnaid UíFhatharta agus Máire Ní Mhurchadha (Earnáil nanIarbhunscoileanna), Micheál S. Mac Donnacha agus MairéadNí Chualáin (Earnáil na mBunscoileanna Gaeltachta).Rinneadh comhthoghadh ansin ar Aodh Mac Craith, DealganÓ Ciarubháin agus Áine Máire Ní Fhaoláin. Gabhadh buíochasleo siúd a d’éirigh as an mBord; Cormac Ó Tuairisg, Elaine NíShé, Emily Ní Challaráin, Naomi Ní Mhuiríosa, TJ Ó Ceallaigh,agus Seán Mag Oireachtaigh agus Seán Ó Nuanáin, beirt athug na blianta fada de sheirbhís don eagraíocht.

Gabhadh buíochas chomh maith le Yvonne Ní Mhurchú, asheas siar óna ról mar Uachtarán na heagraíochta ag tús nascoilbhliana 2017 nuair a ghlac sí le ról nua mar chigire dechuid na Roinne Oideachais & Scileanna. Táimid buíoch di asan méid a bhain sí amach le linn a tréimhse mar Uachtarán,agus buíoch chomh maith d’Anna Ní Chartúir, atá ag feidhmiúmar Uachtarán Gaeloideachas ó shin. Sheas Áine Máire NíFhaoláin siar ón mbord ar a ceapachán mar Phríomhoide arCholáiste Áth a'Chóiste. Guímid gach rath uirthi sa ról nua.

Reáchtáladh cruinnithe rialta d’fhochoistí an Bhoird le linn nabliana; An Fochoiste Taighde, an Fochoiste RiachtanaisOideachais Speisialta, Fochoiste na Comhdhála, an FochoisteAirgeadais agus Pearsanra, an Coiste ComhairliúcháinRialachais, an Coiste Comhairleach do na Luathbhlianta Lán-Ghaeilge agus an Mheitheal Oibre don Pholasaí donOideachas Gaeltachta.

Foilsíodh torthaí an taighde coimisiúnaithe ag Gaeloideachasmaidir leis an leanúnachas ón mbunscoil chuig an iarbhunscoilagus tá torthaí an taighde i dtaobh dearbhú caighdeáin achoimisiúnaigh an eagraíocht á n-eisiúint faoi láthair.

Ghlac an eagraíocht páirt an-ghníomhach i gcomhairliúchánde chuid na Roinne Oideachais & Scileanna maidir leis anmúnla nua do leithdháileadh acmhainní i soláthar tacaíochta iréimse na riachtanas speisialta. Rinne an Fochoiste RiachtanaisOideachais Speisialta stocaireacht leanúnach chun gobhfreastalófaí ar riachtanais na hearnála, agus d’fhoilsigh an

Roinn na treoirlínte do na scoileanna lán-Ghaeilge agusGaeltachta i gcomhairle le Gaeloideachas. Ar an 3 Márta 2017,d’fhreastail 150 rannpháirtithe ar chomhdháil lae maidir leriachtanais speisialta oideachais sna bunscoileanna lán-Ghaeilge, eagraithe ag an bhFochoiste Riachtanais OideachaisSpeisialta.

D’oibrigh Fochoiste na Comhdhála go leanúnach i rith nabliana i dtreo Tionól Forbartha Gaeloideachas i bpáirt leCOGG a reáchtáil ar an 24 Samhain 2017. Cothrom na Féinne aroghnaíodh mar théama na hócáide.

Tugadh faoi iniúchadh agus forbairt ar pholasaithe agus archleachtais mar a bhaineann le hacmhainní daonna agusrialachas Gaeloideachas agus rinneadh Lámhleabhar na Foirnea uasdátú.

Tógadh ar an obair mhór a rinneadh le linn 2015 agus 2016 lemeabhráin comhlachais agus bunreacht na heagraíochta aathdhréachtú, le feidhmeanna méadaithe na heagraíochta athabhairt san áireamh. Tá measúnú idir lámha ag CoisteComhairliúcháin Rialachais Gaeloideachas ar chur i bhfeidhm,tionchar agus éifeacht na n-athruithe i struchtúr rialachais naheagraíochta.

Bhí cruinniú amháin ag an gCoiste Comhairleach do naLuathbhlianta Lán-Ghaeilge le linn na tréimhse, agus tácomhoibriú leanúnach ar bun idir Gaeloideachas agus NaNaíonraí Gaelacha, ball-eagraíocht na naíonraí lasmuigh denGhaeltacht.

Reáchtáil Gaeloideachas sraith cruinnithe áitiúla sna mór-Ghaeltachtaí chun ceist an Pholasaí don OideachasGaeltachta a chur chun cinn, le hionchur ón MeithealGaeltachta. Bhí freastal ard agus plé fuinniúil fiúntach ag nacruinnithe, agus dhírigh an eagraíocht ar scoileanna aspreagadh le clárú don scéim le go mbeidís in ann tacaíochtaícuí a éileamh ón Roinn leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm.

Tá obair leanúnach ar siúl ag feidhmeannas na heagraíochta leclár oibre leathan agus uaillmhianach a chur i gcrích, lefeidhmeanna Gaeloideachas mar cheanneagraíocht achomhlíonadh i dtaobh gaeloideachas agus tumoideachas ódheas, Gaeltacht san áireamh; réamhscolaíocht ó dheas,lasmuigh den Ghaeltacht; agus cur chuige comhoibritheach lepáirtithe ó thuaidh sa ghaeloideachas, sa tumoideachas agussa réamhscolaíocht.

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 18

Page 19: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 19

Cláraítear brústocaireacht Gaeloideachas gach ráithe leis angClár Brústocaireachta, agus cuireadh aighneacht maidir ledúshláin bhreise agus riachtanais shonracha na scoileanna aroileáin faoi bhráid na Roinne le linn na tréimhse chomh maith.

Tá ionadaíocht ag an eagraíocht ar bhord COGG; d’éirighYvonne Ní Mhurchú as a ról ar an mbord mar ionadaítuismitheora Gaelscoile nuair a sheas sí siar ó bhord naheagraíochta, agus tá Bláthnaid ní Ghréacháin anois sa ról sinar bhord COGG. Tá ionadaíocht ag Gaeloideachas ar angComhairle Mhúinteoireachta. Tá Aodh Mac Craith marionadaí na heagraíochta ar fhóram comhairliúcháin anLárionaid don Cheannaireacht Scoile. Tá Máire NíMhurchadha mar ionadaí na heagraíochta ar choistecomhairleach na Roinne Oideachais & Scileanna maidir lehionchuimsiú sóisialta agus cur i bhfeidhm DEIS. Tá cinneadh

déanta ag Bord Stiúrtha Gaeloideachas meitheal oibre nua abhunú maidir le feidhmiú na bpainéal sna bunscoileanna lán-Ghaeilge agus lorgófar ionadaíocht ó na scoileanna ina leith.

Misean Gaeloideachas ná go mbeidh sealbhú agus sóisialú naGaeilge á gcur chun cinn tríd an tumoideachas lán-Ghaeilgeón réamhscolaíocht go hiarbhunscolaíocht ar fud na tíre.Gabhaim buíochas ó chroí le hUachtarán, Stiúrthóirí, foireannGaeloideachas agus ár mbaill uilig as an obair den scoth adhéanann siad le fís na heagraíochta a chur chun cinn – sé singo mbeidh fáil ag gach tuismitheoir/caomhnóir arthumoideachas lán-Ghaeilge ar ard-chaighdeán gurb é arogha é dá gcuid páistí.

Sinéad Ní Shúilleabháin, Rúnaí an Bhoird StiúrthaSamhain 2017

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 19

Page 20: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201720

Dréacht-mhiontuairiscí

Cruinniú Ginearálta 2016

Óstán Ormonde, 11 Samhain 2016

Glacadh le Tuairisc an Rúnaí.Glacadh le Tuairisc an Chisteora.

Cur i láthair ar Thuairisc na hEagraíochta:

• Díríodh aird ar na forbairtí éagsúla le linn na bliana.

• Osclaíodh bunscoil amháin, ach bhí drochthoradh ar anbhfeachtas i Marino. Níor osclaíodh aon iarbhunscoil. Támuid ag breathnú anois ar na ceantair aitheanta donchéad tréimhse eile.

• Polasaí don Oideachas Gaeltachta: eisíodh é agus tá aneagraíocht sásta leis na moltaí.

• Acmhainní nua, m.sh. www.irishforparents.ie

• Tugadh eolas mar gheall ar Féasta 100.

Aithníodh tosaíochtaí do 2017:

• Comhdháil RSO á reáchtáil do mhí Márta a bheidhdírithe ar chleachtóirí, taighdeoirí agus daoine gairmiúla.

• Ról an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta a shainiú óthaobh oiliúna agus feasachta de.

• Athbhreithniú ar an bpróiseas bunaithe scoile.

• Tuistí a chumasú.

Gabhadh buíochas le:

• Foras na Gaeilge

• An Fóram Comhpháirtíochta

• An Bord Bainistíochta

• COGG

• An Fhoireann

• An Foras Pátrúnachta

• Seosamh Mac Donnacha

Ghlac Cathnia thar ceann an bhoird agus na heagraíochtabuíochas ach go háirithe le Bláthnaid agus leis an bhfoireann.

D’iarr Seán Ó hArgáin go bhfreastalódh daoine ar nacruinnithe réigiúnda.

Aiseolas ó na cruinnithe réigiúnda:

• Ritheadh 2 shraith de chruinnithe i ngach réigiún agusbunaíodh coiste i ngach réigiún.

• Tugadh le fios gur shíl réigiúin go raibh na teorainneacha

ró-mhór ach tugadh le fios gur féidir le scoileannabogadh nó is féidir fo-réigiúin a bhunú

• Tá anailís ar siúl ar an aiseolas faoi láthair

• Tuairiscíodh go mbeadh sé níos réadúla go mbeadhfóram tacaíochta ar líne ar fáil

• Aiseolas fiúntach tagtha ó na réigiúin agus aithníodh nabuntáistí a bhaineann le réigiúin

Toghadh na daoine seo a leanas:Réigiún 1: John Joe Mac ÍomhairRéigiún 2: Micheál Ó BroinRéigiún 3: Máire Ní MhurchadhaRéigiún 4: Sinéad Ní ShúilleabháinRéigiún 5: Seán Ó hArgáinRéigiún 6: Clodagh Ní Mhaoilchiaráin

Bunscoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht:Toghadh Clíodhna Ní Fhearghaíl, Gaelscoil Bhaile BrigínToghadh Síle Nic Spáidín, Gaelscoil RiabhachCeisteanna/moltaí déanta – féach miontuairiscí na hearnálacéanna

Bunscoileanna Gaeltachta:Toghadh Micheál S. Mac Donnacha, Scoil Mhic Dara, AnCheathrú RuaToghadh Mairéad Ní Chualáin, Scoil Náisiúnta Leitir MealláinCeisteanna/moltaí déanta – féach miontuairiscí na hearnálacéanna

Iarbhunscoileanna:Toghadh Bláthnaid Uí Fhatharta, Coláiste CholmcilleToghadh Fíona Uí Uiginn, Coláiste ÍosagáinCeisteanna/moltaí déanta – féach miontuairiscí na hearnálacéanna

Toghadh an Uachtaráin:Rinneadh Yvonne Ní Mhurchú a mholadh mar Uachtarán nahEagraíochta ar mholadh an bhoird stiúrtha. Rinne Cathnia ÓMuircheartaigh í a mholadh go hoifigiúil agus thacaigh MáirínNí Chéileachair leis an moladh. Glacadh leis an moladh.

Labhair Yvonne ar a fís, agus fís na heagraíochta don chéadbhliain eile.

Mhol Yvonne Ní Mhurchú Anna Ní Chartúir mar Leas-Uachtarán na heagraíochta. Thacaigh Cathnia Ó

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 20

Page 21: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 21

Muircheartaigh leis an moladh agus glacadh leis an moladh.Rúin:Féach an Tuarascáil Bhliaintiúil d’fhoclaíocht na rún.

Rún 1: Molta ag Seán Ó hArgáin, tacaithe ag Máirín NíCheilleachair. Glactha d’aon ghuth.

Rún 2: Molta ag Seán Ó hÁrgáin, tacaithe ag Fíona UíUiginn. Glactha d’aon ghuth.

Rún 3: Molta ag Cormac Ó Tuairisg, tacaithe ag Elaine NíShé. Glactha d’aon ghuth.

Rún 4: Molta ag Cormac Ó Tuairisg, tacaithe ag Aodh MacCraith. Glactha d’aon ghuth.

Rún 5: Molta ag Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, tacaithe agSeán Ó hArgáin. Glactha d’aon ghuth.

Rún 6: Molta ag Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, tacaithe agCormac Ó Tuairisg. Glactha d’aon ghuth.

Rún 7: Thit sé ceal éinne i láthair len é a rith.Rún 8: Thit sé ceal éinne i láthair len e a rith.Rún 9: Molta ag Anna Ní Chartúir, tacaithe ag Dealgán Ó

Ciardabháin. Glactha d’aon ghuth.Rún 10: Molta ag Anna Ní Chartúir, tacaithe ag Micheál S.

Mac Donnacha. Glactha d’aon ghuth.Rún 11: Molta ag Anna Ní Chartúir, tacaithe ag Clíodhna Ní

Fhearghaíl. Glactha d’aon ghuth.Rún 12: Molta ag Adrian Breathnach, tacaithe ag Seán Ó

hÁrgáin. Glactha d’aon ghuth.Rún 13: Tarraingíodh siar é.Rún 14: Molta ag Aodh Mac Craith, tacaithe ag Cormac Ó

Tuairisg. Glactha d’aon ghuth.Rún 15: Molta ag Seán Ó hArgáin, tacaithe ag Aodh Mac

Craith. Glactha d’aon ghuth.Rún 16: Molta ag Seán Ó hArgáin, tacaithe ag Adrian

Breathnach. Glactha d’aon ghuth.Rún 17: Molta ag Fíona Uí Uigínn, tacaithe ag Cormac Ó

Tuairisg. Glactha d’aon ghuth.Rún 18: Molta ag Fíona Uí Uiginn, tacaithe ag Elaine Nic

Réamoinn. Glactha d’aon ghuth.Rún 19: Leasú ar an bhfoclaíocht molta ag Fíona Uí Uiginn

agus tacaithe ag Anna Ní Chartúir. Rún molta agFíona Uí Uiginn agus tacaithe ag Elaine Ní Shé.Glactha d’aon ghuth.

Rún 20: Leasú ar an bhfoclaíocht molta ag Fíona Uí Uiginnagus tacaithe ag Mait Ó Brádaigh. Rún molta agFíona agus tacaithe ag Siobhán Mhic Gearailt.Glactha d’aon ghuth.

Buaiteoirí Chomórtas EDCO:Anna Ní Dhomhnaill, Scoil NaithíKathleen Ní Ghallchóir, Gaelscoil na Ríthe

Buíochas:Gabhadh buíochas le Seán Ó Nuanáin, Seán MagOireachtaigh agus Dealgán Ó Ciarduabháin don obair,tacaíocht agus seirbhís ar fad atá tugtha don eagras.

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 21

Page 22: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201622

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 22

Page 23: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas(Cuideachta Faoi Theorainn Ráthaíochta Gan Scairchaipteal)

Ráitis AirgeadaisDon Bhliain Dar Chríoch31 Nollaig 2016

Halla Naomh PhádraigInstitiúid Oideachais MarinoAscaill Uí GríofaBaile Átha Cliath 9

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 23

Page 24: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201724

Clár

EOLAS

TUARASCÁIL NA STIÚRTHÓIRÍ

RÁITEAS AR FHREAGRACHTAÍ STIÚRTHÓIRÍ

DEARBHÚ STIÚRTHÓIRÍ

TUARASCÁIL AN INIÚCHÓRA

RÁITEAS AR IONCAM AGUS AR CHAITEACHAS

CLÁR COMHARDAITHE

NÓTAÍ AR NA RÁITIS AIRGEADAIS

RÁITEAS AR SHREABHADH AIRGID

25

26

27

28

29

30

31

32

34

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 24

Page 25: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 25

Eolas

Stiúrthóirí Uachtarán Yvonne Ní Mhurchú Anna Ní Chartúir Cathnia Ó Muircheartaigh Clodagh Ní MhaoilchiaráinSeán Ó hArgáin Fíona Uí UiginnSeán Seosamh Mac Íomhair Mícheál Ó Broin Dealgan Ó Ciarubháin Sinéad Ní Shúilleabháin Clíodhna Ní Fhearghaíl (ó 11 Samhain 2016) Síle Nic Spáidín (ó 11 Samhain 2016)Máiréad Nic Chualáin (ó 11 Samhain 2016)Mícheál S Mac Donnacha (ó 11 Samhain 2016)Máire Ní Mhurchadha (ó 11 Samhain 2016)Bláthnaid Uí Fhatharta (ó 11 Samhain 2016)Aodh Mac Craith (ó 11 Samhain 2016)Áine-Máire Ní Fhaoláin (ó 11 Samhain 2016) Cormac Ó Tuairisg (go 11 Samhain 2016) Naomi Ní Mhuiríosa (go 11 Samhain 2016) Elaine Ní Shé (go 11 Samhain 2016) Emily Ní Challaráin (go 11 Samhain 2016) T J Ó Ceallaigh (go 11 Samhain 2016) Seán Mag Oireachtaigh (go 11 Samhain 2016)

Rúnaí Sinéad Ní Shúilleabháin

Oifig Chláraithe Halla Naomh PhádraigInstitiúid Oideachais MarinoAscaill Uí GhríofaBaile Átha Cliath 9

Uimhir Chláraithe 317146

Uimhir CHY 13520

Baincéirí Bainc Aontas Éireann40/41 Sráid an FheistíBaile Átha Cliath 2

Iniúchóir Dáithí Ó Maolchoille, Cuntasóir Cairte, Comhlacht Reachtúil Iniúchóireachta75 Páirc WestonBaile an TeampaillBaile Átha Cliath D14 HW58

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 25

Page 26: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201726

Tuarascáil na Stiúrthóirí

Don Bhliain Dar Críoch 31 Nollaig 2016

Cuireann na stiúrthóirí a ráitis airgeadais don bhliain darchríoch 31 Nollaig 2016 faoi bhráid na gcomhaltaí.

AINM NA CUIDEACHTAAr 6 Deireadh Fómhair 2016 ritheadh rún chun ainm nacuideachta a athrú go “Gaeloideachas”.

ATHBHREITHNIÚ AR IMEACHTAÍ NA BLIANACorpraíodh Gaeloideachas in 1999 faoin ainm“Gaelscoileanna Teoranta” le teacht mar chomharba areagraíocht neamhchorpraithe “Gaelscoileanna” a bunaíodh in1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíochtd’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéalagus ag an iar-bhunleibhéal. Ó Iúil 2014 tá Gaeloideachasfreagrach mar cheanneagraíocht ar an réimseTumoideachas/Gaeloideachas agus Réámhscolaíocht lán-Ghaeilge. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna naheagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoinear mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon leseirbhís thacaíochta do naíonraí lasmuigh den Ghaeltachtagus do scoileanna laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

TORTHAÍ NA BLIANA AGUS STAID CÚRSAÍ AR 31NOLLAIG 2016Tá an ráiteas ar ioncam agus ar chaiteachas agus an clárcomhardaithe don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2016 arleathanaigh 10 go 14. Tá toradh na bliana le léamh sa ráiteas arioncam agus ar chaiteachas ar leathanach 10. Tá staid chúrsaína cuideachta léirithe ar an gclár comhardaithe ar leathanach11.

STIÚRTHÓIRÍIs iad seo leanas na stiurthóirí a bhí ann le linn na bliana:

Yvonne Ní Mhurchú Mícheál S Mac Donnacha (ó 11 Samhain 2016)Anna Ní Chartúir Máire Ní Mhurchadha (ó 11 Samhain 2016)Cathnia Ó Muircheartaigh Bláthnaid Uí Fhatharta (ó 11 Samhain 2016)Clodagh Ní Mhaoilchiaráin Aodh Mac Craith (ó 11 Samhain 2016)Seán Ó hArgáinÁine-Máire Ní Fhaoláin (ó 11 Samhain 2016) Fíona Uí Uiginn Cormac Ó Tuairisg (go 11 Samhain 2016) Seán Seosamh Mac Íomhair Naomi Ní Mhuiríosa (go 11 Samhain 2016) Mícheál Ó Broin Elaine Ní Shé (go 11 Samhain 2016) Dealgan Ó Ciarubháin

Emily Ní Challaráin (go 11 Samhain 2016)Sinéad Ní Shúilleabháin T J Ó Ceallaigh (go 11 Samhain 2016) Clíodhna Ní Fhearghaíl (ó 11 Samhain 2016) Seán Ó Nuanáin (go 11 Samhain 2016)Síle Nic Spáidín (ó 11 Samhain 2016) Seán Mag Oireachtaigh (go 11 Samhain 2016)Máiréad Nic Chualáin (ó 11 Samhain 2016)

STIÚRTHÓIRÍ (ar leanúint)De réir an Bhunreachta éiríonn na stiúrthóirí go léir as oifig agan gcruinniú cinn bhliana agus, iad a bheith inainmnithe,cuireann siad iad féin ar fáil le bheith atofa. Gníomhaíonn na stiúrthóirí go léir ar bhonn deonach.

IMEACHTAÍ TÁBHACHTACHA Ó DHEIREADH NABLIANANí raibh aon imeachtaí tábhachtacha a bhaineann leis angcuideachta ó dheireadh na bliana.

FORBAIRTÍ AMACH ANSEO SA GHNÓTHASLeanfaidh an chuideachta ag feidhmiú faoi mar atá sí faoiláthair sa bhliain seo chugainn.

TAIFID CHUNTASAÍOCHTAIs iad na céimeanna a ghlacann na stiúrthóirí chun slánú adhéanamh de go bhfuil coinníollacha Alt 281 go 285 deAchtanna na gCuideachtaí 2014 go 2017 maidir le taifidchuntasaíochta a choimeád á gcomhlíonadh ná: na polasaitheagus na nósmhaireachtaí riachtanacha a fheidhmiú chunidirbhearta a chlárú; foireann chuntasaíochta chumasach, letaithí oiriúnach, a fhostú; agus dóthain acmhainní a sholátharchun chúram a dhéanamh de na taifid chuntasaíochta.Coimeádtar na taifid chuntasaíochta ag oifig chláraithe nacuideachta.

INIÚCHÓIRChuir Dáithí Ó Maolchoille, Cuntasóir Cairte agus ComhlachtReachtúil Iniúchóireachta, in iúl go bhfuil sé toilteanachleanúint in oifig de réir Alt 383(2), Acht na gCuideachtaí 2014 .

PRÍOMHRIOSCAÍ AGUS ÉIGINNTEACHTAÍMaoinítear an chuideachta go príomha trí dheontas ó Fhorasna Gaeilge. Tá an chuideachta ar cheann de na sécheanneagraíochta atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge chunfeidhmiú sa réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agusRéámhscolaíocht lán Ghaeilge. Is é laghdú ioncaim ónbhfoinse seo an príomhriosca atá ag an gcuideachta.

Ar son na stiúrthóiríYVONNE NÍ MHURCHÚ DEALGAN Ó CIARUBHÁIN Stiúrthóirí17 Meitheamh 2017

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 26

Page 27: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 27

Ráiteas ar Fhreagrachta

í Stiúrthóirí

Don Bhliain Dar Críoch 31 Nollaig 2016

Tá na stiúrthóirí freagrach as tuarascáil na stiúrthóirí agus naráitis airgeadais a ullmhú de réir dlíthe agus rialacháinoiriúnacha.

De réir dlí cuideachta tá iallach ar na stiúrthóirí ráitis airgeadaisa ullmhú i gcomhair gach bliana airgeadais. De réir an dlíroghnaigh na stiúrthóirí na ráitis airgeadais a ullmhú de réirChleachtais Chuntasaíochta a bhfuil gnáth ghlacadh leo inÉirinn. De réir dlí cuideachtaí ní foláir do na stiúrthóirí gan ráitisairgeadais a fhaomhadh mura bhfuil siad sásta go dtugannsiad léargas fíor cothrom ar shócmhainní, dhliteanais agusstádas airgeadais na cuideachta amhail ar dháta dheireadhbliana airgeadais agus ar bhrabús nó caillteanas na cuideachtadon bhliain airgeadais agus go ngéilleann siad ar gach dóigheile do Achtanna na gCuideachtaí 2014 go 2017.

Agus na ráitis airgeadais sin á n-ullmhú acu ní foláir do nastiúrthóirí:

- polasaithe cuntasaíochta oiriúnacha a roghnú agus ansiniad a chur i bhfeidhm go leanúnach,

- breithiúnais agus meastacháin a dhéanamh atá réasúntaagus stuama,

- a rá ar ullmhaíodh na ráitis airgeadais de réir chaighdeáncuntasaíochta is infheidhme, na caighdeáin sin a aithintagus tionchar agus cúiseanna imeachta ábhartha ó nacaighdeáin sin a nótáil, agus

- na ráitis airgeadais a ullmhú ar bhonn gnóthais leantaighach amháin sa chás go bhfuil sé mí-oiriúnach a cheapadhgo leanfaidh an chuideachta i mbun gnó.

Tá na stiúrthóirí freagrach as a áirithiú go gcoimeádann anchuideachta nó go gcoinníonn an chuideachta ar coimeádtaifid chuí chuntasaíochta a mhíníonn agus a chláraíonn mar isceart idirbhearta na cuideachta, a chuireann ar a gcumas amar bith sócmhainní, dliteanais, stádas airgeadais agus brabúsagus caillteanas na cuideachta a aimsiú le cruinneas réasúnta, achuireann ar a gcumas a áirithiú go gcloíonn na ráitisairgeadais agus tuarascáil na stiúrthóirí le hAchtanna nagCuideachtaí 2014 go 2017.

Tá siad freagrach freisin as sócmhainní na cuideachta achosaint agus dá réir sin as céimeanna réasúnta a ghlacadhchun calaois agus gnóthaí cama eile a chosc agus a aimsiú.

Ar son na stiúrthóiríYVONNE NÍ MHURCHÚ DEALGAN Ó CIARUBHÁIN Stiúrthóirí17 Meitheamh 2017

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 27

Page 28: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201728

Dearbhú Stiúrthóirí

Don Bhliain Dar Críoch 31 Nollaig 2016

Tá na ráitis airgeadais ar leathanaigh 10 go 14 á bhfaomhadhag an stiúrthóirí agus deimhníonn siad go bhfuil siad freagrachastu, roghnú polasaithe cuntasaíochta cuí san áireamh, iad achur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus na breithiúnaisthacaíochta a dhéanamh ar bhunús réasúnta agus stuama.Ullmhaíodh iad ar bhunús gnóthais leantaigh ar an mbonn goleanfaidh an chuideachta i mbun gnó.

Deimhníonn na stiúrthóirí gur chuir siad taifid chuntasaíochtauile na cuideachta ar fáil don iniúchóir agus tugadh dó anfhaisnéis go léir atá riachtanach chun na ráitis airgeadais aullmhú.

Deimhníonn na stiúrthóirí, chomh fada agus is eol dóibh agusa chreideann siad, go léiríonn na ráitis airgeadais idirbheartauile na cuideachta don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2016.

Ar son na stiúrthóiríYVONNE NÍ MHURCHÚ DEALGAN Ó CIARUBHÁIN Stiúrthóirí17 Meitheamh 2017

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 28

Page 29: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 29

Tuarascáil an Iniúchóra Neamhspleách

do na Comhaltaí

Tá iniúchadh déanta agam ar ráitis airgeadais Gaeloideachasdon bhliain dár chríoch 31 Nollaig 2016 ar a n-áirítear anRáiteas ar Ioncam agus ar Chaiteachas, an Clár Comhardaithe,an Ráiteas ar Shreabhadh Airgid, an Ráiteas faoin IoncamUileghabhálach agus na nótaí gaolmhara ar leathanaigh 10 go14. Is iad dlí na hÉireann agus caighdeáin chuntasaíochtaeisithe ag an gComhairle um Thuairisciú Airgeadais agusfoilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann (CleachtaisChuntasaíochta a bhfuil gnáth ghlacadh leo in Éirinn) an creattuairisciú airgeadais atá i bhfeidhm in ullmhú na ráiteasairgeadais.

Is do chomhaltaí na cuideachta amháin, mar chomhlacht, faoiréir Alt 391 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a dhéantar antuarascáil seo. Chuaigh mé i mbun na hoibre iniúchta gobhféadfainn a lua le comhaltaí na cuideachta na nithe sin acheanglaítear orm a lua i dtuarascáil iniúchóra agus chun nacríche sin amháin. Chomh fada agus is ceadmhach dom deréir dlí ní ghlacaim ná ní ghabhaim chugam féin freagracht dodhuine ar bith seachas don chuideachta agus do chomhaltaína cuideachta mar chomhlacht, as mo obair iniúchta, as antuarascáil seo, ná as na tuairimí ar tháinig mé orthu.

Freagrachtaí na stiúrthóirí agus an iniúchóra faoi seachMar atá mínithe níos iomláine san Ráiteas ar FhreagrachtaíStiúrthóirí atá leagtha amach ar leathanach 6, tá na stiúrthóirífreagrach as ullmhú na ráiteas airgeadais agus as a bheith sástago dtugann siad léargas fíor cothrom agus go ngéilleann siaddo Achtanna na gCuideachtaí 2014 go 2017 ar gach dóigh eile.Is é an dualgas atá orm na ráitis airgeadais a iniúchadh agustuairim a nochtadh orthu faoi réir dhlí na hÉireann agus nagCaighdeán Idirnáisiúnta um Iniúchta (RA agus Éire). Éilíonn nacaighdeáin seo go gcloífinn le Caighdeáin Eitice do Iniúchóirían Bhoird um Chleachtais Iniúchta, (mar atá leagtha amach inóta 7 de na ráitis airgeadais).

Scóp iniúchadh na ráiteas airgeadaisÁirítear, in iniúchadh, fianaise a fháil faoi na suimeanna agusnochtadh faisnéise sna ráitis airgeadais chun dóthaincinnteachta réasúnta a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadaissaor ó mhíshonrú ábhartha, cé acu calaois nó earráid ba chúisleis. Áirítear leis seo measúnú ar: cé acu an bhfuil nó nachbhfuil na polasaithe cuntasaíochta oiriúnach do chúinsí nacuideachta agus cé acu an gcuirtear nó nach gcuirtear napolasaithe sin i bhfeidhm go comhsheasmhach agus annochtar go leordhóthanach iad; réasúntacht meastacháncuntasaíochta suntasacha a rinne na stiúrthóirí; agus cur iláthair na ráiteas airgeadais. De bhreis air sin, léim an fhaisnéisairgeadais agus neamh airgeadais go léir i dTuarascáil na

Stiúrthóirí chun nithe neamh chomhsheasmhacha leis na ráitisairgeadais iniúchta a aithint agus chun aon eolas, a bhfuil andealramh air go bhfuil sé míchruinn agus é bunaithe ar, nó atáneamh chomhsheasmhach le, heolas ar tháinig mé air a aithintagus mé ag gabháil den iniúchadh. Má thagaim ar eolas faoimhíráiteas nó faoi nithe neamh-chomhsheasmhachaábhartha déanaim na himpleachtaí do mo thuarascáil amheas.

Tuairim ar na ráitis airgeadaisIs í mo thuairim maidir leis na ráitis airgeadais:

go dtugann siad léargas fíor cothrom ar shócmhainní,dliteanais agus stádas airgeadais na cuideachta mar abhí ar an 31 Nollaig 2016 agus ar a toradh don bhliain achríochnaigh ansin; agus

gur ullmhaíodh iad i gceart de réir ChleachtaisChuntasaíochta a bhfuil gnáth ghlacadh leo in Éirinnagus go háirithe le ceangaltais Achtanna nagCuideachtaí 2014 go 2017.

Ábhair a éilíonn Achtanna na gCuideachtaí 2014 go 2017orm a thuairisciú

Fuair mé an fhaisnéis agus na mínithe go léir a mheasmé ba ghá i gcomhair mo iniúchta.

• Is í mo thuairim go raibh na taifid chuntasaíochtaleordhóthanach chun na ráitis airgeadais a bheithiniúchta go héasca agus mar is cuí.

• Tá na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na taifidchuntasaíochta.

• Is í mo thuairim go bhfuil an fhaisnéis a thugtar idtuarascáil na stiúrthóirí ag teacht leis na ráitisairgeadais.

Ábhair gur gá dom a thuairisciú go heisceachtúilNíl aon ní le tuairisciú agam a n-éilítear orm ag forálachaAchtanna na gCuideachtaí 2014 go 2017 a thuairisciú daoibhmás í mo thuairim é nach nochtar luach saothair nóidirbhearta na stiúrthóirí atá sonraithe sa dlí.

Dáithí Ó MaolchoilleCuntasóir CairteSínithe ar a shon agus thar a cheann: Dáithí Ó MaolchoilleComhlacht Reachtúil Iniúchóireachta75 Páirc WestonBaile Átha Cliath D14 HW5817 Meitheamh 2017

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 29

Page 30: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201730

Ráiteas ar Ioncam agus ar Chaiteachas

Don Bhliain Dar Críoch 31 Nollaig 2016

Ráiteas Faoin Ioncam Uileghabhálach

Nótaí 2016 2015 € €

Ioncam 758,181 767,856

Caiteachas (754,034) (764,871)

Barrachas oibreacháin ar ghnáthghníomhachtaí roimh cháin 4,147 2,985

Cáin ar bharrachas ar ghnáthghníomhachtaí 3 - -

Barrachas ar ghnáthghníomhachtaí tar éis cánach 4 4,147 2,985

RÁITEAS FAOIN IONCAM UILEGHABHÁLACH

Nótaí 2016 2015 € €

Ráiteas ar Ioncam agus ar Chaiteachas:

Barrachas ag tús na bliana 165,105 162,120

Barrachas na bliana 4,147 2,985

Barrachas ag deireadh na bliana 169,252 165,105

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 30

Page 31: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 31

Clár Comhardaithe

ar 31 Nollaig 2016

Nótaí 2016 2015 € €

SÓCMHAINNÍ REATHARéamhíocaíocht 3,460 -Airgead sa bhanc 185,309 167,565

188,769 167,565

CREIDIÚNAITHE (iníoctha laistigh de bhliain amháin) 5 (19,517) (2,460)

GLANSÓCMHAINNÍ REATHA 169,252 165,105

SÓCMHAINNÍ IOMLÁNA LÚIDE DLITEANAIS REATHA 169,252 165,105

COTHROMASRáiteas ar ioncaim agus ar chaiteachais 4 169,252 165,105

Ar son na stiúrthóiríYVONNE NÍ MHURCHÚ DEALGAN Ó CIARUBHÁIN Stiúrthóirí17 Meitheamh 2017

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 31

Page 32: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201732

Nótaí ar na Ráiteas Airgeadais

Don Bhliain Dar Críoch 31 Nollaig 2016

1. POLASAÍ CUNTASAÍOCHTA

Gnás CuntasaíochtaUllmhaítear na ráitis airgeadais ar bhonn gnóthais leantaigh agus faoi réir caighdeán chuntasaíochta a bhfuil gnáth ghlacadh leoin Éirinn agus faoi reachtaíocht na hÉireann, Achtanna na gCuideachtaí 2014 go 2017 san áireamh, faoi réir an Chaigdeáin umThuairisciú Airgeadais infheidhme i bPoblacht na hÉireann agus san Ríocht Aontaithe (FRS 102) eisithe ag an gComhairle umThuairisciú Airgeadais agus foilsithe ag Cuntasóirí Cairte na hÉireann.

Sócmhainní seastaDíscríobhtar sócmhainní seasta – trealamh oifige – mar chostas reatha sa bhliain a cheannaítear iad. Tá an polasaí seo ag teachtle bonn maoine na cuideachta.

PinsinTá leasanna pinsin maoinithe thar thréimhse seirbhíse na bhfostaithe mar ranníocaíochtaí do chiste faofa. Tá na ranníocaíochtaícurtha i gcoinne an chuntais Ioncaim agus Caiteachais sa tréimhse lena mbaineann siad.

2. FOSTAITHE AGUS TUARASTAIL2016 2015

€ €

Is é líon míosúil na ndaoine a fostaíodh le linn na bliana mar a leanas:

Feidhmeannaigh 9 7

Tuarastail 375,053 315,529Costais leasa shóisialta 39,383 33,619Préimheanna pinsean 18,747 17,038

433,183 366,186

Gníomhaíonn na stiúrthóirí go léir ar bhonn deonach.

3. CÁIN AR THORTHAÍ AR GHNÁTHGHNÍOMHACHTAÍ

Tá stádas carthanúil faighte ag an gcuideachta ó na Coimisinéirí Ioncaim a thugann faoiseamh ó cháin i leith ioncaim nóghnócháin chaipitiúla a úsáidtear agus atá inúsáidte chun críche aidhmeanna carthanúla amháin. Bronnadh an stádas sin ar angcuideachta i litir ó na Coimisinéirí Ioncaim dar dáta 14 Feabhra 2000.

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 32

Page 33: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 33

4. COTHROMAS

2016 2015 € €

Ráiteas ar Ioncam agus ar Chaiteachas:Barrachas ag tús na bliana 165,105 162,120Barrachas na bliana 4,147 2,985

Barrachas ag deireadh na bliana 169,252 165,105

5. CREIDIÚNAITHE

2016 2015 € €

Creidiúnaithe ginearálta 9,598 2,460Cáin fostaíochta 9,919 -

19,517 2,460

6. STÁDAS NA CUIDEACHTA

Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal is ea an chuideachta. Tá ráthaíocht na gcomhaltaí teoranta go €1 anchomhalta a leanann ar feadh bliana amháin tar éis deiridh le comhaltas aonair.

7. SEIRBHÍSÍ CURTHA AR FÁIL AG AN INIÚCHÓIR NEAMHSPLÉACH

Dála a lán gnóthas eile ar chóimhéid agus den chineál céanna, cuidíonn ár n iniúchóir linn na ráitis airgeadais a ullmhú,tuairisceáin bhliantúla a ullmhú agus a chur bhráid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí agus tuairisceáin a ullmhú agus a chur faoibhráid na n-údarás cánach.

8. FAOMHADH NA RÁITIS AIRGEADAIS

Ar 17 Meitheamh 2017 d’fhaomh na stiúrthóirí na ráitis airgeadais agus d’údaraigh siad go n eiseofaí iad.

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 33

Page 34: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201734

Ráiteas Sreabhadh Airgid

Don Bhliain Dar Críoch 31 Nollaig 2016

2016 2015 € €

INSREABHADH GLAN AIRGIDTHIRIM Ó GHNÍOMHACHTAÍ OIBRIÚCHÁIN 17,744 100,592

Méadú ar airgid tirimagus ar choibhéisí airgid thiri 17,744 100,592

ANAILÍS AR AIRGEAD AGUS AR CHOIBHÉISÍ AIRGIDAGUS AR GHLUAISEACHTAÍ I RITH NA BLIANA

Airgead sa bhanc:Ag tús na bliana 167,565 66,973Insreabhadh airgid thirim 17,744 100,592

Ag deireadh na bliana 185,309 167,565

RÉITEACH IDIR BARRACHAS NA BLIANA AGUS SREABHADH AIRGID THIRIM Ó GNÍOMHACHTAÍ OIBRIÚCHÁIN

Barrachas na bliana 4,147 2,985(Méadú)/laghdú ar réamhíocaíocht (3,460) 98,461Méadú/(laghdú) ar chreidiúnaithe 17,057 (854)

17,744 100,592

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 34

Page 35: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Cuntas Oibriúcháin

Don Bhliain Dar Críoch 31 Nollaig 2016

2016 2015€ €

IoncamDeontais – Foras na Gaeilge 715,719 752,020

– World Wide Global Schools (2015 aisíoc) - (3,000)Ballraíocht 17,252 9,361Fógraíocht/seastáin - Comhdháil/Cruinniú Cinn Bhliana 11,375 4,750Táillí - Comhdháil/Cruinniú Cinn Bhliana 13,835 4,725

758,181 767,856

CaiteachasTuarastail 433,183 366,186

Gnáthchostais Reatha:Taisteal agus Cothabháil 35,490 43,231Cíos 45,435 44,236Árachas 1,287 1,129Costais Oifige 37,911 36,548Trealamh 2,061 10,021Táillí Bainc 634 552Táillí Proifisiúnta 10,770 6,785Táillí Iniúchóireachta agus Cuntasaíochta 2,767 2,645Earcaíocht, Oiliúint 4,837 2,879

Seirbhísí/Gníomhaíochtaí:Bunú Soláthar Nua Tumoideachais 14,925 36,110Le Chéile trí Ghaeilge/Imeachtaí Idirscoileanna 27,150 40,779Nuachtlitir 2,030 4,895Cumasú Teangeolaíochta Stiúrthóirí Naíonraí/ Scéim Thacaíochta Teanga 30,404 9,608Comhairliúcháin le Scoileanna Gaeltachta 4,679 11,442Clár Gaeilge do Thuismitheoirí 14,910 30,000Comhthionscadail agus Ardú Feasachta 2,972 7,196Seimineár Gaeltachta Luath-thum-oideachas 684 -Comhairliúcháin le Scoileanna agus Naíonraí 2,466 -Comhdháil/Cruinniú Cinn Bhliana 40,785 23,127Lámhleabhar Eolais re Naíonraí 3,960 -Ábhair Bholscaireachta 9,979 -Stratéis Cumarsáide 6,664 -Suíomh Idirlín 7,500 -Féasta 100 4,551 -Scéim Theanga do Theaghlaigh 6,000 -Seimineár Eolais do Scoileanna Gaeltachta - 1,200Próiseas Pleanála - 3,472Oiliúint agus Tacaíocht Naíonra - 16,397Leabhrán Scoilphobail - 3,937Coiste Seasta Thuaidh Theas ar Ghaeloideachas - 4,076

Taighde: Dearbhú Cáilíochta agus Dea-chleachtais - 36,000Leanúnachas ó Bhunscoileanna go hIarbhunscoileanna LánGhaeilge - 22,420

754,034 764,871Barrachas na bliana 4,147 2,985

Gaeloideachas | Samhain 2017 35

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 35

Page 36: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201736

Cuntas Oibriúcháin

Don Bhliain Dar Críoch 31 Nollaig 2016

2016 2015 € €

Cuntas 1IoncamDeontais – Foras na Gaeilge 715,719 752,020

– World Wide Global Schools (2015 aisíoc) - (3,000)Fógraíocht/seastáin - Comhdháil/Cruinniú Cinn Bhliana 11,375 4,750Táillí - Comhdháil/Cruinniú Cinn Bhliana 13,835 4,725

740,929 758,495

CaiteachasTuarastail 433,183 366,186

Gnáthchostais Reatha:Taisteal agus Cothabháil 35,490 43,231Cíos 45,435 44,236Árachas 1,287 1,129Costais Oifige 37,911 36,548Trealamh 2,061 10,021Táillí Bainc 634 552Táillí Proifisiúnta 10,770 6,785Táillí Iniúchóireachta agus Cuntasaíochta 2,767 2,645Earcaíocht, Oiliúint 4,837 2,879

Seirbhísí/Gníomhaíochtaí:Bunú Soláthar Nua Tumoideachais 14,925 36,110Le Chéile trí Ghaeilge/Imeachtaí Idirscoileanna 27,150 40,779Nuachtlitir 2,030 4,895Cumasú Teangeolaíochta Stiúrthóirí Naíonraí/Scéim Thacaíochta Teanga 30,404 9,608Comhairliúcháin le Scoileanna Gaeltachta 4,679 11,442Clár Gaeilge do Thuismitheoirí 14,910 30,000Comhthionscadail agus Ardú Feasachta 2,972 7,196Seimineár Gaeltachta Luath-thum-oideachas 684 -Comhairliúcháin le Scoileanna agus Naíonraí 2,466 -Comhdháil/Cruinniú Cinn Bhliana 40,785 23,127Lámhleabhar Eolais re Naíonraí 3,960 -Ábhair Bholscaireachta 9,979 -Stratéis Cumarsáide 6,664 -Suíomh Idirlín 7,500 -Féasta 100 4,551 -Scéim Theanga do Theaghlaigh 6,000 -Seimineár Eolais do Scoileanna Gaeltachta - 1,200Próiseas Pleanála - 3,472Oiliúint agus Tacaíocht Naíonra - 16,397Leabhrán Scoilphobail - 3,937Coiste Seasta Thuaidh Theas ar Ghaeloideachas - 4,076

Taighde: Dearbhú Cáilíochta agus Dea-chleachtais - 36,000Leanúnachas ó Bhunscoileanna go hIarbhunscoileanna LánGhaeilge - 22,420

754,034 764,871

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 36

Page 37: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 37

2016 2015 € €

(Easnamh)/barrachas na bliana –cuntas 1 (13,105) (6,376)

Cuntas 2Ioncam:Ballraíocht 17,252 9,361

Barrachas na bliana - iomlán 4,147 2,985

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 37

Page 38: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201738

Nótaí

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 38

Page 39: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 2017 39

Nótaí

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 39

Page 40: Fáilte an Ardfheidhmeannaigh 2 Ainmniúcháin Rúin Tuairisc ... · Oideachais & Scileanna i dtéarmaí soláthair foirne atá inniúil sa Ghaeilge; polasaithe a dhéanann an córas

Gaeloideachas | Samhain 201740

Nótaí

Annual Report TEXT 2017.qxp_Layout 1 07/11/2017 14:32 Page 40