22
1 RÁITEAS STRAITÉISE 2010-2011

RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

1

RÁITEAS STRAITÉISE

2010-2011

Page 2: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

2

ÁR BHFÍS

Úsáid níos mó a bhaint as

modhanna iompair

inbhuanaithe ar fud na tíre

Page 3: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

3

Clár Ábhair Ráiteas an Chathaoirligh 5

Ráiteas an Phríomhfheidhmeannaigh 6

Faoin Údarás Náisiúnta Iompair 8

Ár bhFís 8

Ár Misean 8

Ár dTéarmaí Tagartha 8

Ár gCustaiméirí 8

Ár Reachtaíocht 9

Ár gComhshaol 10

Timpeallacht Gheilleagrach 10

Reachtaíocht Gheilleagrach 11

Ár nEagraíocht 12

Tosaíochtaí Straitéiseacha 2010-2011 14

Srianta 17

Tuairisciú ar Dhul Chun Cinn 17

AGUISÍNÍ 19

Aguisín 1: Struchtúr Eagraíochtúil 20

Aguisín 2: Comhaltaí Boird 21

3

Page 4: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma
Page 5: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

5

Ráiteas an Chathaoirligh Tá áthas orm an chéad Ráiteas Straitéise de chuid an

Údaráis Náisiúnta Iompair a tháinig chun cinn ar 1

Nollaig 2009 a chur i láthair.

Is trua gur i láthair ghéarchéim gheilleagrach é bunú an

Údaráis Náisiúnta Iompair ach ní bhaineann sé ón

réasúnaíocht atá taobh thiar dá bhunú. Tá an fhorbairt

ar chóras iompair chomhtháite chomh bailí agus

tábhachtach céanna mar a bhí riamh agus beidh ról

tábhachtach aige inár dtéarnamh geilleagrach

náisiúnta. Is é an dúshlán atá os comhair an Údaráis

ná a chuid téarmaí tagartha reachtúla a bhaint amach

in ainneoin na sriantaí acmhainne dosheachanta atá

ann. Tá sé de rún daingean ag an Údarás agus fonn

mór air leanúint leis an jab.

Tá maoiniú substaintiúil an Státchiste curtha in áirithe ag an

Rialtas chun forbairt a dhéanamh ar bhonneagar iompair

phoiblí i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus leanann sé air

le maoiniú suntasach a chur ar fáil d’fhóirdheontas seirbhísí

bus agus iarnróid atá de dhíth go sóisialta.

Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair lán dírithe ar a chinntiú go

ndéanfar an maoiniú atá ar fáil a chaitheamh go maith agus

go mbainfidh an pobal taistil tairbhe as córas iompair phoiblí

feabhsaithe.

John Fitzgerald Cathaoirleach Deireadh Fómhair

2010

Page 6: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

6

Ráiteas an Phríomhfheidhmeannaigh

I dtéarmaí an-ghinearálta is iad téarmaí tagartha

straitéiseacha an Údaráis Náisiúnta Iompair ná modhanna

iompair níos fearr agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil do

dhaoine a bhíonn ag taisteal trí ghníomhaireachtaí

reachtúla eile.

Príomhghné den chúram seo ná seirbhísí poiblí bus agus

iarnróid a chur ar fáil go náisiúnta. I dtosach tá a leithéid á

dhéanamh trí chonarthaí a bhronntar ar Bhus Átha Cliath,

Iarnród Éireann agus Bus Éireann maidir lena ngréasáin

eisiacha. Beidh tairiscint iomaíoch i gceist leis an leathnú

thar na gréasáin sin sa todhchaí áfach, trína bhfaightear

seirbhísí iarnróid éadroma cheana féin. Ar 30 Meán

Fómhair tugadh freagracht don Údarás as an tionscadal

ticéadaithe comhtháite a fhorbairt, tionscadal atá á chur i

bhfeidhm i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath i dtús báire.

Níos déanaí in 2010 glacfaidh an tÚdarás Náisiúnta

Iompair leis an bhfeidhm um rialú iomaíocht maidir le

soláthar seirbhísí tráchtála bus do phaisinéirí ar fud na

tíre chomh maith le glacadh le feidhmeanna agus

foireann an Choimisiún um Rialáil Tacsaithe, a bhfuil

cúram náisiúnta aige.

I dteannta lena chuid feidhmeanna náisiúnta

tábhachtacha tá freagrachtaí suntasacha eile ag an

Údarás Náisiúnta Iompair maidir le Mórcheantar Bhaile

Átha Cliath. Go sonrach tá sé de chúram an Údaráis

córas iompair chomhtháite agus inrochtana a fhorbairt a

chuireann le hinbhuanaitheacht chomhshaoil,

comhtháthú sóisialta agus le dul chun cinn geilleagrach.

Is é an tasc láithreach maidir leis sin ná maoirsiú agus

maoiniú éifeachtach an chláir infheistíochta caipitil Iompar

21 do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Áiríonn sé sin

tógáil Metro Thuaidh agus an DART Faoi Thalamh chomh

maith le leathnú an chórais iarnróid éadroim i measc

tionscadal eile. Thairis sin tá sé de chúram ag an Údarás

freisin déileáil le pleanáil iompair straitéiseach agus le

pleanáil straitéiseach um bainistíocht tráchta ar fud

Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Le comhtháthú éifeachtach na pleanála iompair agus

úsáide talún a chinntiú tá sé de dhualgas ar na húdaráis

réigiúnacha go léir dul i gcomhairle leis an Údarás

Náisiúnta Iompair nuair atá siad ag ullmhú treoirlínte

pleanála réigiúnacha dá gceantair féin. I gcás

Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath tá ról ríthábhachtach ag

an Údarás i bhfoirmiú na bpróiseas pleanála contae agus

áitiúla chomh maith.

Is léir mar sin go bhfuil réimse fairsing feidhmeanna

tábhachtacha ag an Údarás Náisiúnta Iompair, a

bhaineann go díreach le saol gach saoránach.

Is í an phríomhthosaíocht ag an bpointe luath seo ná

struchtúr eagraíochtúil éifeachtach a fhorbairt agus a

chinntiú go mbíonn go leor acmhainní ar fáil dó. Tá an-

chuid oibre déanta cheana féin i ndáil le riachtanais

acmhainne an Údaráis Náisiúnta Iompair a aithint ag cur na

mórfheidhmeanna breise agus na foirne breise atá le haistriú

chuig an Údarás in 2010 san áireamh. Anois táimid i mbun

ullmhúcháin agus forfheidhmithe a dhéanamh ar na

gníomhartha riachtanacha. Trí thoradh rathúil a chinntiú

maidir leis seo soláthrófar bunús daingean lena mbeidh an

tÚdarás in ann cur leis. Ba mhaith liom aitheantas a

thabhairt do thacaíocht agus do thiomantas na foirne atá

ag déanamh obair an Údaráis in ainneoin an athraithe

suntasaigh atá ag tarlú.

Cuid thábhachtach eile den chéad phas seo ná forbairt a

dhéanamh ar chaidrimh oibre éifeachtacha agus

feiliúnacha le heagraíochtaí agus páirtithe leasmhara

ábhartha eile. Cheana féin tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair

tar éis dul i mbun comhairliúchán poiblí maidir leis an

straitéis iompair fadtéarmaigh atá beartaithe do

Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus le dréacht-Treoirlínte

do Cheadúnú Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí.

Tá áthas orm a thuairisciú go bhfuil an Ráiteas Straitéise

formhuinithe go hiomlán ag Bord an Údaráis Náisiúnta

Iompair. Lena leithéid a dhéanamh áfach, d’aithin comhaltaí

an Bhoird go bhfuil ról an Údaráis ag forbairt go fóill agus,

sna cúinsí eiseacha, go soláthraíonn an chéad Ráiteas seo

réamhléiriú ar thosaíochtaí straitéiseacha a mbeidh ar an

Údarás a athbhreithniú go luath amach anseo.

Dá réir sin tá sí mar aidhm agam go dtuairisceoidh an

tÚdarás Náisiúnta Iompair ar an dul chun cinn atá déanta

aige i leith na ngníomhaíochtaí a leagtar amach sa Ráiteas

Straitéise seo ina Thuarascáil Bhliantúil go luath in 2011

agus in 2012. Measaim go ndéanfaidh an tÚdarás

athbhreithniú ar an Ráiteas ag an tráth sin de dheasca taithí

a bheidh gnóthaithe aige ina chéad bhliain iomlán ar an

bhfód. Is féidir na feidhmeanna breise a bheidh le baint

amach ag an Údarás faoi dheireadh 2010 a chuimsiú sa

Ráiteas Straitéise ag an am sin chomh maith.

Gerry Murphy Príomhfheidhmeanh

Deireadh Fómhair 2010

Page 7: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma
Page 8: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

8

Faoin Údarás Náisiúnta Iompair

Ár bhFís "Úsáid níos mó a bhaint as modhanna iompair inbhuanaithe

ar fud na tíre"

Ár Misean Is é ár Misean ná úsáid níos mó a bhaint as modhanna

iompair inbhuanaithe ar fud na tíre i dtacú le beartais

agus tosaíochtaí an Rialtais. Tá trí choda ar leith ann atá

idircheangailte.

Is iad sin

1. soláthar seirbhísí iompair phoiblí chomhtháite ag

oibritheoirí poiblí agus príobháideacha sa Stát a rialú,

2. forbairt agus forfheidhmiú chóras iompair

chomhtháite a dhaingniú laistigh de Mhórcheantar

Bhaile Átha Cliath, agus

3. cur le pleanáil úsáide talún ar leibhéal údaráis

réigiúnaigh agus áitiúil le comhtháthú éifeachtach na

pleanála iompair agus úsáide talún a chinntiú

i mbealach a chuireann le hinbhuanaitheacht

chomhshaoil agus comhtháthú sóisialta agus a

chuireann dul chun cinn geilleagrach chun cinn.

Ár dTéarmaí Tagartha Is iad téarmaí tagartha an Údaráis Náisiúnta Iompair ná

seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a rialú ar fud na

hÉireann agus, go sonrach i Mórcheantar Bhaile Átha

Cliath, le seachadadh tionscadal agus seirbhísí iompair

phoiblí a stiúradh agus a chomhtháthú.

Ar leibhéil náisiúnta, tá an tÚdarás freagrach as -

> bealaí bus a cheadúnú agus feithiclí beaga poiblí

agus a gcuid tiománaithe a rialú (freagracht le bheith

aistrithe go déanach in 2010),

> dul i mbun conarthaí le haghaidh soláthar

seirbhísí iompair phoiblí,

> maoiniú a chur ar fáil do sheirbhísí taistil bhus

agus iarnróid sainiúla a meastar le bheith

riachtanach ar chúiseanna geilleagrach nó sóisialta,

agus

> comhtháthú na pleanála úsáide talún agus iompair

a chinntiú i bpleananna forbartha réigiúnacha.

Laistigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, áirítear na nithe

seo a leanas i bhfreagrachtaí an Údaráis

> ullmhú agus athbhreithniú rialta ar straitéis iompair,

> glacadh le plean comhtháite um fhorfheidhmiú agus

plean straitéiseach um bainistíocht tráchta,

> tógáil an bhonneagair iompair phoiblí a mhaoiniú,

> gréasán iompair phoiblí chomhtháite a chur chun cinn,

> ticéadú comhtháite, táillí agus scéimeanna faisnéise a

chur i bhfeidhm,

> táillí a rialú agus úsáid níos mó á baint as iompar poiblí a

spreagadh,

> rothaíocht agus siúl a chur chun cinn,

> bearta bainistithe éilimh a chur i bhfeidhm (gan dolú

bóthair san áireamh), agus

> comhtháthú na pleanála úsáide talún agus iompair a

chinntiú.

Clúdaíonn Mórcheantar Bhaile Átha Cliath seacht gceantar

údaráis áitiúil, lena n-áirítear Comhairle Cathrach Bhaile Átha

Cliath agus Comhairlí Contae Fhine Gall, Dhún Laoghaire- Ráth

an Dúin, Átha Cliath Theas, Chill Dara, na Mí agus Chill

Mhantáin. Tá an Ceantar ar chomhréim le hÚdarás

Réigiúnach Bhaile Átha Cliath agus le hÚdarás Réigiúnach an

Lár-Oirthir, a chuireann foras daingean ar fáil do chomhtháthú

agus chomhoibriú éifeachtach maidir le pleanáil úsáide talún

agus iompair.

Ár gCustaiméirí Tá riachtanais an chustaiméara iompair phoiblí, na rothaithe

agus na gcoisithe mar bhonn le hobair uile an Údaráis. Is é ár

bpríomhfhócas ná seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a

fheabhsú don chustaiméir eisiach agus chun custaiméirí nua

a mhealladh.

Áirítear ár ngeallsealbhóirí agus oibritheoirí a oibríonn linn lenár

misean a bhaint amach i gcustaiméirí an Údaráis.

Ní mór don Údarás modhanna cumarsáide cuí lena

chustaiméirí a bhunú agus na modhanna atá le húsáid. An

chéad ghníomh a thógaimid ná Plean Gníomhaíochta do

Chustaiméirí agus Cairt Chustaiméirí a fhorbairt chun freastal

ar riachtanais ár gcustaiméirí.

Page 9: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

9

Ár Reachtaíocht Cuimsítear dhá Acht an Oireachtais sa bhunús reachtúil

don Údarás Náisiúnta Iompair.

Déileálann an tAcht um Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath

2008 go príomha le socruithe agus feidhmeanna rialachais

chorparáidigh agus le cumhachtaí gaolmhara maidir le

córas iompair chomhtháite a fhorbairt i Mórcheantar Bhaile

Átha Cliath. Déanann sé foráil freisin do dhíscaoileadh

Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath agus d’aistriú an

tionscadail ticéadaithe comhtháite ón nGníomhaireacht

um Fháil Iarnród chuig an Údarás nua. Tá tús curtha le

formhór d’fhorálacha an Achta 2008 faoin am seo.

Page 10: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

10

Déanann an tAcht um Rialú Iompair Phoiblí 2009 foráil

d’athainmniú Údarás Iompair Bhaile Átha Cliath mar an tÚdarás

Náisiúnta Iompair agus tugann sé feidhmeanna breise dó ar

leibhéal náisiúnta maidir le seirbhísí iompair phoiblí a fháil,

seirbhísí bus tráchtála a cheadúnú chomh maith le foráil a

dhéanamh d’aistriú foirne agus freagrachtaí an Choimisiúin um

Rialáil Tacsaithe chuig an Údarás. Níl tús curtha ach le cuid de

na forálacha suntasacha ón Acht 2009 ach meastar go

gcuirfear tús iomlán leis an Acht faoi dheireadh 2010 faoin am

a mbeidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair bunaithe ina iomlán.

I Márta 2010 leathnaigh an tAire Iompair feidhmeanna an

Údaráis Náisiúnta Iompair maidir le scéim faisnéise

chomhtháite um iompar poiblí a fhorbairt agus a

fhorfheidhmiú go Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Port

Láirge agus a gcontaetha comhtheagmhálacha. I Meán

Fómhair 2010 leathnaigh an tAire freagracht an Údaráis i

ndáil le Ticéadú Comhtháite go náisiúnta chomh maith.

Ár gComhshaol Tá na nithe seo a leanas ag an Údarás Náisiúnta Iompair

> téarmaí tagartha náisiúnta chun soláthar seirbhísí bus

agus iarnróid phoiblí a dhaingniú, agus

> téarmaí tagartha réigiúnacha chun córas iompair

chomhtháite a fhorbairt do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Is í aidhm na faisnéise seo a leanas ná na príomh-staitisticí

iompair a bhaineann leis an dá cheantar seo a léiriú.

Baineadh na sonraí staitistiúla ón Ollchlár Iompair 2008 a

d’fhoilsigh an Príomh-Oifig Staidrimh.

Figiúirí Náisiúnta (2008)

> Rinneadh 192 turas paisinéirí ar sheirbhísí bus

sceidealaithe do phaisinéirí (gan seirbhísí iompair scoile

san áireamh) arna fheidhmiú ag Bus Átha Cliath agus Bus

Éireann;

> D’iompair Bus Éireann 19 milliún paisinéir sna

príomhchathracha réigiúnacha, is iad sin Corcaigh, Gaillimh,

Luimneach agus Port Láirge;

> Bhí 1,905 oibritheoir bus ceadúnaithe ann. Mar sin féin,

níl staidrimh iontaofa ar fáil do líon na bpaisinéirí a

d’iompair oibritheoirí dá leithéid;

> Rinneadh 45 milliún turas paisinéirí (gan turais

idirnáisiúnta san áireamh) ar sheirbhísí Iarnróid Éireann;

> Rinneadh 0.72 milliún tonnaí lastas a iompar ar

iarnród.

Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (MBÁC)

> Cé nach bhfuil ach 10% d’achar talún an Stáit i MBÁC tá

beagnach 40% de dhaonra iomlán an Stáit ann.

> B’ionann daonra MBÁC in 2006 agus 1.66 milliún duine. > In 2008, chuaigh líon na bhfeithiclí ceadúnaithe i MBÁC

thar 910,000 feithicil nó 36.5% d’iomlán an Stáit.

> In 2008 bhí MBÁC freagrach as 38% de na gluaisteáin

phríobháideacha go léir agus 30% de na feithiclí earraí uile

sa Stát.

> In 2008 ní raibh ach 11% den Ghréasán Bóithre

Náisiúnta i MBÁC (tomhaiste de réir faid). Bhí 41% den

ghréasán náisiúnta mótarbhealaí agus débhealaí ann áfach

(tomhaiste de réir faid).

> In 2008 rinneadh níos mó ná 204 milliún turas paisinéirí

ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath, DART, iarnróid

bhruachbhailtigh1 agus Luas.

> Is príomhthairseach an Stáit í MBÁC, trí Aerfort Bhaile

Átha Cliath, Chalafort Átha Cliath agus Chuan Dhún

Laoghaire, le haghaidh allmhairithe agus onnmhairithe chomh

maith le turasóireacht isteach agus amach.

Timpeallacht Gheilleagrach

Gineadh méaduithe arda bliantúla ar fhostaíocht, ar

thithíocht, ar úinéireacht ghluaisteán, ar úsáid iompair

phoiblí, ar astuithe agus ar mhórán táscairí geilleagracha

eile de bharr na n-ardrátaí fáis a braitheadh sa timpeallacht

gheilleagrach sa tréimhse idir thús na 1990idí agus 2007.

Mar sin féin, ó 2008 i leith chonacthas laghdú mór ar fhás

geilleagrach, atá tar éis treochtaí a bhí ann le 15 bliain anuas

a aisiompú i mórán cásanna. Bhí sé seo le feiceáil go mór

san earnáil iompair.

Mar thoradh ar seo tháinig dúshláin a bhaineann bainistiú a

dhéanamh ar gheilleagar atá i gcúlú eacnamaíoch chun cinn

in áit dúshláin a bhí ann de bharr geilleagair bhorrtha. Cé gur

tharla an t-athrú seo ar rathúnas geilleagrach an náisiúin thar

tréimhse ama gearr is léir go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama

don gheilleagar teacht chuige féin arís. Mar sin féin, cé go

bhfuil an t-éileamh ar iompar ag laghdú i láthair na huaire,

ní mór don Údarás pleanáil do chóras iompair chomhtháite

chun tacú le geilleagar náisiúnta atá ag athshlánú.

1 Téann roinnt seirbhísí iarnróid bhruachbhailtigh níos faide ná MBÁC

Page 11: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

11

Ciallaíonn staid reatha an airgeadais phoiblí go bhfhéadfadh

go mbeadh infheistíocht phoiblí i mbearta agus i

mbonneagar iompair srianta. Beidh sé níos tábhachtaí ná

riamh luach ar airgead a fháil. Reachtaíocht Gheilleagrach Tá an rialtas tiomanta do chaighdeán na reachtaíochta

geilleagraí laistigh den stáit a fheabhsú. Beidh an tÚdarás

Náisiúnta Iompair bainteach go gníomhach leis na

tionscnaimh go léir a thagann chun cinn de bharr Ráiteas

an Rialtais ar Reachtaíocht Gheilleagrach agus oibreoidh

sé lena fheidhm rialála a fheabhsú.

Page 12: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

12

Ár nEagraíocht Rialachas

Is comhlacht Stáit neamhthráchtála é an tÚdarás Náisiúnta

Iompair a bunaíodh ar 1 Nollaig 2009. Léirítear struchtúr

eagraíochtúil an Údaráis in Aguisín 1.

Tá 12 comhalta ar Bhord an Údaráis, arna gceapadh ag an

Aire Iompair. Léirítear ballraíocht reatha an Bhoird in Aguisín

2.

Go ginearálta, buaileann an Bord le chéile ar bhonn míosúil.

Foilsítear miontuairiscí ó chruinnithe an Bhoird ar shuíomh

gréasáin an Údaráis Náisiúnta Iompair

www.nationaltransport.ie

Tá Coiste Iniúchóireachta bunaithe ag an mBord.

Maoiniú

Mar aon le gníomhaireachtaí Stáit neamhthráchtála eile

déantar costais riaracháin an Údaráis Náisiúnta Iompair a

mhaoiniú faoi láthair trí mheán deontas Stáit a íocann an

Roinn Iompair leis an Údarás.

Ina theannta sin, faigheann an tÚdarás deontais Stáit

suntasacha (caipitil agus reatha) ón Roinn Iompair chun

seirbhísí agus bonneagar iompair a chur ar fáil.

Beartais Rialtais

Tá ról lárnach ag an Údarás Náisiúnta Iompair maidir le cur

i bhfeidhm beartais an Rialtais. Maidir leis seo tá roinnt

príomhcháipéisí beartais de chuid an Rialtais lena

gcloíonn an tÚdarás nuair a bhíonn a chuid feidhmeanna

agus freagrachtaí á gcur i gcrích aige.

I measc na bpríomhcháipéisí beartais tá -

> An Straitéis Náisiúnta Spásúlachta 2002-2020; > Plean Forbartha Náisiúnta 2007-2013; > Ag Cur le Geilleagar Stuama na hÉireann – Creat um

Athnuachan Eacnamaíochta Inbhuanaithe; > Taisteal Níos Cliste - Todhchaí an Iompair

Inbhuanaithe; > Tosaíochtaí Infheistíochta Bonneagair 2010-2016; > Clár um Athchóiriú na Seirbhísí Poiblí; > Comhaontú Seirbhíse Poiblí 2010-2014; > Ráiteas Rialtais ar Reachtaíocht Gheilleagrach; > Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta

2007-2016; > Straitéis Staidrimh an Bhoird Náisiúnta Staidrimh

2009-2014; > Straitéis Náisiúnta um Athrú Aeráide 2007-2012; > Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht

Fuinnimh; > Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Sholáthar Poiblí

Glas; > Straitéis Náisiúnta um Fhorbairt Inbhuanaithe; > Creatlach an Pholasaí Náisiúnta Rothaíochta.

Page 13: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma
Page 14: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

14

Tosaíochtaí Straitéiseacha 2010-2011

Tosaíocht 1 Córas iompair chomhtháite a fhorbairt i Mórcheantar Bhaile

Átha Cliath

Príomhchuspóirí

> Forbairt ar chóras iompair phoiblí chomhtháite a chur

chun cinn ina mbíonn na seirbhísí go léir (Luas, metro,

bus agus iarnród bruachbhailteach) nasctha trí mheán

áiseanna acomhail ar ardchaighdeán, ticéadaithe

comhtháite, táillí agus faisnéise do chustaiméirí d’fhonn

gréasán comhtháite a fheidhmíonn faoi bhranda comónta

ar leith a chruthú;

> Córas iompair phoiblí inrochtana a fhorbairt a

chinntíonn go mbíonn formhór an phobail in ann teacht go

furasta ar chóras iompair phoiblí iontaofa agus a

chuireann ar chumas daoine atá faoi mhíchumas nó a

bhfuil lagú gluaiseachta orthu rochtain a fháil ar na

seirbhísí sin.

Garspriocanna i dtreo Seachadta

> Dréacht-straitéis iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha

Cliath a chur faoi bhráid an Aire Iompair le faomhadh in

2010;

> Dréachtphlean comhtháite um fhorfheidhmiú do

Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a chur faoi bhráid an

Aire Iompair le faomhadh i gcomhréir le tréimhse ama

reachtúil;

> Tús a chur le hullmhú plean straitéiseach um

bainistíocht tráchta do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath

nuair a chuirtear an plean comhtháite fhorfheidhmiú i

gcríoch.

Tosaíocht 2 Maoirsiú a dhéanamh ar an gclár infheistíochta caipitil i

Mórcheantar Bhaile Átha Cliath

Príomhchuspóirí

> Seachadadh an mhórchláir infheistíochta caipitil i

Mórcheantar Bhaile Átha Cliath a bhainistiú i gcomhréir le

beartais Rialtais agus an Údaráis Náisiúnta Iompair;

> Tosaíochtaí a cheapadh de réir an mhaoinithe atá ar

fáil agus riachtanas Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath;

> Luach ar airgead a sheachadadh.

Garspriocanna i dtreo Seachadta > Tacar treoirlínte ardleibhéil um bainistíocht

tionscadail a fhorbairt agus a chothú a leagfaidh amach

próisis mhionsonraithe tuairiscithe agus tairsí do

ghníomhaireachtaí seachadta;

> A chinntiú go ndéantar maoirsiú ar dhul chun cinn na

bPríomhchuspóirí ar bhonn rialta.

Tosaíocht 3 Soláthar na seirbhísí iompair phoiblí chomhtháite a

dhaingniú agus tacaíocht a thabhairt dó ar fud an Stáit

Príomhchuspóirí

> Córas cothrom agus éifeachtach a bhunú do

cheadúnú na mbealaí bus tráchtála ar bhonn náisiúnta;

> Soláthar na seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí a

dhaingniú;

> É a dhéanamh níos éasca agus níos áisiúla do

dhaoine teacht ar sheirbhísí iompair phoiblí agus iad a

úsáid.

Garspriocanna i dtreo Seachadta

> Treoirlínte ceadúnaithe bus a chríochnú faoi

Dheireadh Fómhair 2010;

> Monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar gach

conradh seirbhíse poiblí maidir le seirbhísí iompair

phoiblí do phaisinéirí a sholáthar, lena n-áirítear na

seirbhísí siúd a sholáthraíonn Bus Átha Cliath, Bus

Éireann agus Iarnród Éireann;

> Tacú le cur i bhfeidhm na faisnéise fíorama do

phaisinéirí i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i

nGaillimh, i Luimneach agus i bPort Láirge ag tosú in

2011;

> Seirbhís náisiúnta idirghníomhach idirmhódúil um

pleanáil turais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm;

> Cur i bhfeidhm rathúil an tionscadail ticéadaithe

comhtháite i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath le linn

2011.

Page 15: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

15

Tosaíocht 4 A chinntiú go dtugtar aghaidh iomlán ar bhreithnithe iompair

mar chuid de phleanáil úsáide talún

Príomhchuspóirí

> Comhtháthú éifeachtach na pleanála iompair agus

úsáide talún a chur chun cinn.

Garspriocanna i dtreo Seachadta

> Páirt iomlán a ghlacadh sna próisis phleanála

réigiúnacha agus áitiúla nuair is cuí laistigh de

Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath d’fhonn comhtháthú

rathúil na straitéisí iompair agus úsáide talún a chinntiú;

> Páirt a ghlacadh sna próisis phleanála réigiúnacha

lasmuigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Page 16: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

16

Tosaíocht 5 Spreagadh a thabhairt d’úsáid mhodhanna iompair níos

inbhuanaithe

Príomhchuspóirí

> Aistriú ón ngluaisteán go modhanna iompair níos

inbhuanaithe (iompar poiblí, rothaíocht agus súil) a chur

chun cinn).

Garspriocanna i dtreo Seachadta

> Lámhleabhar Náisiúnta um Dhearadh Rothaíochta a

fhorbairt;

> Clár na nIonad Oibre um Thaisteal Níos Cliste a

bhainistiú;

> Tacú le tionscnaimh na Scoileanna Glasa;

> Suíomh gréasáin roinnte gluaisteán a fhorbairt.

Tosaíocht 6 Bunú rathúil an Údaráis Náisiúnta Iompair a chinntiú

Príomhchuspóirí

> Próiseas bunaithe an Údaráis Náisiúnta Iompair a

chur i gcrích;

> Riachtanais acmhainne an Údaráis Náisiúnta Iompair a

aithint.

Garspriocanna i dtreo Seachadta

> Feidhmeanna ceadúnaithe bus an Choimisiúin um

Rialáil Tacsaithe agus na Roinne Iompair a

chomhshamhlú isteach san Údarás Náisiúnta Iompair le

linn 2010;

> Socruithe cóiríochta oifige a réasúnú faoi dheireadh

2010;

> Éifeachtúlachtaí agus feabhsuithe riaracháin a aithint

agus a shaothrú nuair is féidir.

Tosaíocht 7 Eagraíocht ghairmiúil a fhorbairt atá in ann freastal ar

dhúshláin reatha agus dúshláin an todhchaí

Príomhchuspóirí

> Tabhairt faoinár bhfeidhmeanna de réir na gcaighdeán

seirbhíse poiblí is airde agus é mar aidhm luach ar

airgead a chinntiú;

> A bheith tiomanta do cháilíocht ardchaighdeáin a

chinntiú inár gcuid oibre agus inár gcuid cumais agus

saineolais inmheánaigh.

Garspriocanna i dtreo Seachadta

> Córais chuí a chur i bhfeidhm le cinntiú go ndéantar

bainistiú maith ar thionscadail agus go mbíonn bunús

daingean le cinntí maidir le maoiniú;

> Straitéis acmhainní daonna a fhorbairt don eagraíocht;

> Oiliúnú agus forbairt foirne a chur chun cinn.

Tosaíocht 8 Caidreamh seachtrach

Príomhchuspóirí

> Caidrimh éifeachtacha a fhorbairt le geallsealbhóirí

lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha,

gníomhaireachtaí iompair, oibritheoirí bus, ionadaithe

poiblí, grúpaí ionadaíocha, úsáideoirí iompair, s.rl.

Garspriocanna i dtreo Seachadta

> Bunachar sonraí de gheallsealbhóirí a bhunú;

> Straitéis chumarsáide a fhorbairt;

> Dul i mbun comhairliúcháin phoiblí nuair atá beartais

mhóra á n-ullmhú;

> Úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin chun

tuarascálacha, miontuairiscí an Bhoird agus cáipéisí eile

a scaipeadh d’fhonn muintir an phobail a chur ar an

eolas.

Page 17: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

17

Srianta

Staid gheilleagrach Bhí tionchar diúltach ag an gcúlú eacnamaíoch ar

infhaighteacht na n-acmhainní ar fud na hearnála poiblí.

Mar sin féin, toisc nach bhfuil an tÚdarás Náisiúnta

Iompair fada ar an bhfód agus go bhfuil sé fós i mbun a

réimse iomlán feidhmeanna a ghnóthú, tá sé níos mó

faoi mhíbhuntáiste ná formhór na n-eagraíochtaí san

earnáil phoiblí dá réir.

Beidh ar an Údarás feidhmiú le níos lú foirne agus

maoinithe ná mar a measadh ar dtús toisc srianta

reatha ar earcú san earnáil phoiblí agus ar mhaoiniú

Státchiste. Cuirfidh sé seo isteach ar chumas an

Údaráis a shainordú fadréimseach a sheachadadh sa

ghearr go meántéarma. Mar thoradh ar sin, is dóchúil

go mbeidh ar an Údarás a chuid acmhainní a dhíriú ar

fhorfheidhmiú a phríomhfheidhmeanna agus ar na

réimsí oibre eile sin ar féidir leo an luach poiblí is mó a

bhaint amach dar leis an Údarás.

Tuairisciú ar Dhul Chun Cinn

Áireoidh an tÚdarás sonraí ar an dul chun cinn atá bainte Beidh an straitéis seo mar bhonn leis na pleananna gnó

amach faoi na cuspóirí straitéiseacha ina Thuarascáil do gach rannóg laistigh den Údarás agus do phróifíl róil

Bhliantúil a chuirfear faoi bhráid an Aire Iompair. gach ball foirne. Déanfar dul chun cinn i seachadadh na

bpleananna rannóige agus pearsanta a thomhas ag

deireadh gach bhliain.

17

Page 18: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma
Page 19: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

19

AGUISÍNÍ

Page 20: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

20

Aguisín 1: Struchtúr Eagraíochtúil2

2 Ó Nollaig 2010.

Page 21: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

21

Aguisín 2: Comhaltaí Boird

Tá 12 comhalta ar Bhord an Údaráis Náisiúnta Iompair 1. An tUas. John Fitzgerald (Cathaoirleach), lena n-áirítear cathaoirleach, 8 ngnáthchomhalta agus 3 ceaptha um Nollaig 2009; chomhalta de bhrí oifige, iad go léir ceaptha ag an Aire Iompair. Is iad seo a leanas comhaltaí an Bhoird 2. An tUas. Gerry Murphy (Príomhfheidhmeannach) ceaptha (úsáidtear cló iodálach le comhaltaí de bhrí oifige a léiriú): um Nollaig 2009;

3. Linda Saunders Uasal, ceaptha um Nollaig 2009;

4. An Dr. Berna Grist, ceaptha um Nollaig 2009;

5. An tUas. Frank King, ceaptha um Nollaig 2009;

6. An tUas. John Tierney (Bainisteoir Cathrach Bhaile Átha

Cliath), ceaptha um Nollaig 2009;

7. An tUas. Damian Usher, ceaptha um Nollaig 2009;

8. Valerie O'Reilly Uasal, ceaptha i Márta 2010;

9. Margaret O'Shaughnessy Uasal, ceaptha i Márta 2010;

10. An tUas. Jim Deegan, ceaptha i Meitheamh 2010;

11. Folúntas do ghnáthchomhalta;

12. Is é Hugh Creegan an Comhalta Boird is déanaí, faofa

um Nollaig 2010

Coiste Iniúchóireachta Is iad atá ar Choiste Iniúchóireachta an Bhoird ná:

An tUas. John Tierney (Cathaoirleach)

Linda Saunders Uasal

An tUas. Damian Usher

Page 22: RÁITEAS STRAITÉISE · Ár Misean 8 Ár dTéarmaí Tagartha 8 Ár gCustaiméirí 8 Ár Reachtaíocht 9 Ár gComhshaol 10 Timpeallacht Gheilleagrach 10 ... seirbhísí iarnróid éadroma

22

Pasanna 3 go 6 de réir Treoirlínte PPP (Gafa go

seicheamhach)

National Transport Authority

Dún Scéine, Cúirt Uíbh Eachach, Harcourt Lane, Dublin 2.

Údarás Náisiúnta Iompair

Dún Scéine, Cúirt Uíbh Eachach, Lána Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Teil: +353 1 879 8300

Facs: +353 1 879 8333 rphost: [email protected] gréasán: www.nationaltransport.ie