14
Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna. Tá uimhir ag gabháil le gach earráid, agus bainfear úsáid as an uimhir sin le tagairt a dhéanamh do na hearráidí sna ceartúcháin a dhéanfar ar bhur gcuid tascanna i rith na bliana. (i. Nuair a cheartófar bhur gcuid tascanna, ní scríobhfar míniú in aice le gach botún, ach scríobhfar uimhir, agus beidh oraibhse féachaint ar an liosta seo le míniú a fháil ar an earráid, agus le foinsí a fháil a chabhróidh libh níos mó eolais nó cleachtaí breise a fháil ar an bpointe gramadaí atá i gceist.) Tá iarracht déanta na hearráidí a chur in ord ag tosnú leis na pointí is bunúsaí (nó na botúin is tromchúisí) agus ag críochnú le pointí atá níos casta agus nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna. Mar sin, ba cheart daoibh tosaíocht a thabhairt do na hearráidí a bhfuil uimhreacha ísle ag gabháil leo. Ba cheart go gcabhródh an córas seo libh bhur n-aird a dhíriú níos mó ar na hearráidí is coitianta a dhéanann sibh féin. M.sh. Má tá uimhir 4 scríofa ar do cheartúcháin arís is arís eile, ba cheart daoibh obair agus cleachtaí breise a dhéanamh ar an bpointe gramadaí sin le dul i ngleic leis an deacracht atá agat. Ar ndóigh, beidh dlúthcheangal idir na cineálacha earráidí a dhéanann sibh agus na marcanna a fhaigheann sibh ar na tascanna. Dá mbeadh go leor botún agaibh le huimhreacha idir 1-6, mar shampla, is dócha go bhfaigheadh sibh marc sách íseal ar bhur gcuid oibre. Cuimhnígí air seo agus sibh ag scríobh agus ag léamh siar ar bhur gcuid oibre agus bainigí úsáid as an bhfoinse seo mar sheicliosta agus sibh ag profáil bhur gcuid tascanna (sula gcuireann sibh isteach chuig an teagascóir iad!). Seo liosta de na foinsí tagartha a luaitear thíos agus na giorrúcháin a ghabhann leo. Ba cheart daoibh na foinsí seo a úsáid le míniú níos cuimsithí ar na pointí gramadaí agus cleachtaí breise a fháil. GGS 2008 = Gramadach Gan Stró (Éamonn Ó Dónaill, 2008) GGS 2011 = Gramadach Gan Stró (Éamonn Ó Dónaill, 2011) CS = Cruinnscríobh na Gaeilge (Ciarán Mac Murcaidh, dara heagrán, 2004) LGG = Leabhar Gramadaí Gaeilge (Nollaig Mac Congáil, 2002) UG = Úrchúrsa Gaeilge (D.P. Ó Baoill & É. Ó Tuathail, eagrán leasaithe, 1992) NIG = New Irish Grammar (The Christian Brothers, 2006) CO (An Caighdeán Oifigiúil) Giorrúcháin eile: AC = Aimsir Chaite AL = Aimsir Láithreach AF = Aimsir Fháistineach MC = Modh Coinníollach MO = Modh Ordaitheach BS = Briathar saor TA = Tuiseal Ainmneach TG = Tuiseal Ginideach TGI = Tuiseal Ginideach Iolra AB = Ainm briathartha RF = Réamhfhocal CC = Clásal coibhneasta

Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

  • Upload
    others

  • View
    7

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa

Treoracha

Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna. Tá uimhir ag gabháil le gach earráid, agus bainfear úsáid as an uimhir sin le tagairt a dhéanamh do na hearráidí sna ceartúcháin a dhéanfar ar bhur gcuid tascanna i rith na bliana. (i. Nuair a cheartófar bhur gcuid tascanna, ní scríobhfar míniú in aice le gach botún, ach scríobhfar uimhir, agus beidh oraibhse féachaint ar an liosta seo le míniú a fháil ar an earráid, agus le foinsí a fháil a chabhróidh libh níos mó eolais nó cleachtaí breise a fháil ar an bpointe gramadaí atá i gceist.)

Tá iarracht déanta na hearráidí a chur in ord ag tosnú leis na pointí is bunúsaí (nó na botúin is tromchúisí) agus ag críochnú le pointí atá níos casta agus nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna. Mar sin, ba cheart daoibh tosaíocht a thabhairt do na hearráidí a bhfuil uimhreacha ísle ag gabháil leo.

Ba cheart go gcabhródh an córas seo libh bhur n-aird a dhíriú níos mó ar na hearráidí is coitianta a dhéanann sibh féin. M.sh. Má tá uimhir 4 scríofa ar do cheartúcháin arís is arís eile, ba cheart daoibh obair agus cleachtaí breise a dhéanamh ar an bpointe gramadaí sin le dul i ngleic leis an deacracht atá agat.

Ar ndóigh, beidh dlúthcheangal idir na cineálacha earráidí a dhéanann sibh agus na marcanna a fhaigheann sibh ar na tascanna. Dá mbeadh go leor botún agaibh le huimhreacha idir 1-6, mar shampla, is dócha go bhfaigheadh sibh marc sách íseal ar bhur gcuid oibre. Cuimhnígí air seo agus sibh ag scríobh agus ag léamh siar ar bhur gcuid oibre agus bainigí úsáid as an bhfoinse seo mar sheicliosta agus sibh ag profáil bhur gcuid tascanna (sula gcuireann sibh isteach chuig an teagascóir iad!).

Seo liosta de na foinsí tagartha a luaitear thíos agus na giorrúcháin a ghabhann leo. Ba cheart daoibh na foinsí seo a úsáid le míniú níos cuimsithí ar na pointí gramadaí agus cleachtaí breise a fháil.

GGS 2008 = Gramadach Gan Stró (Éamonn Ó Dónaill, 2008) GGS 2011 = Gramadach Gan Stró (Éamonn Ó Dónaill, 2011) CS = Cruinnscríobh na Gaeilge (Ciarán Mac Murcaidh, dara heagrán, 2004) LGG = Leabhar Gramadaí Gaeilge (Nollaig Mac Congáil, 2002) UG = Úrchúrsa Gaeilge (D.P. Ó Baoill & É. Ó Tuathail, eagrán leasaithe, 1992) NIG = New Irish Grammar (The Christian Brothers, 2006) CO (An Caighdeán Oifigiúil) Giorrúcháin eile: AC = Aimsir Chaite AL = Aimsir Láithreach AF = Aimsir Fháistineach MC = Modh Coinníollach MO = Modh Ordaitheach BS = Briathar saor TA = Tuiseal Ainmneach TG = Tuiseal Ginideach TGI = Tuiseal Ginideach Iolra AB = Ainm briathartha RF = Réamhfhocal CC = Clásal coibhneasta

Page 2: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

INNÉACS

N.B. Níl sa leathanach seo ach innéacs. Féach ar na leathanaigh thíos le mínithe agus samplaí a fháil.

1. Struchtúr na habairte nó ord na bhfocal 26. (a) Ireland: Éire, Éirinn, Éireann (b) Irish: Gaeilge, Gaelach, Éireannach

2. Tá foirm/ aimsir an bhriathair mícheart (a) M.Ord., (b) A.C., (c) A.L., (d) A.F.

27. Céimeanna comparáide na haidiachta

3. An chopail “Is” vs. an briathar “Bí” 28. (a) Fleiscín, (b) comhfhocal, (c) séimhiú tar éis réimíre/ i gcomhfhocal

4. An tAinm briathartha (a) Úsáid /struchtúr an AB (b) Foirm an AB

29. An t-alt dúbailte

5. Botún céille 30. Modh coinníollach/ Má agus Dá

6. Botún litrithe 31. Aidiacht + ainmfhocal (baininscneach, iolra, ginideach)

7. Foirm dhiúltach nó cheisteach an bhriathair 32. Struchtúr na copaile

8. Athruithe tar éis na réamhfhocal 33. Cúpla / cé mhéad/ na céadta/ na mílte + uatha

9. Athruithe tar éis an réamhfhocail agus an ailt 34. An briathar saor (a) foirm an BS, (b) BS agus ainmní, (c) aid. bhriathartha in ionad BS

10. An aidiacht shealbhach (a) athruithe tar éis na n-aidiachtaí sealbhacha (b) aidiacht shealbhach mhícheart

35. Séimhiú tar éis ‘chéad’, ‘aon’, ‘uile’, ‘chuile’

11. a + h ar bhriathar /ainm briathartha 36. Sula v roimh

12. Iolra 37. Ba cheart an frása seo a bheith diúltach (ní…ach)

13. Botún a bhaineann le huimhreacha (a) Bunuimhreacha, (b) Orduimhreacha (c) Uimhreacha Pearsanta

38. Is fearr (best) vs. Is fearr + le (favourite)

14. Réamhfhocal + aidiacht shealbhach 39. Tá v Bíonn

15. Foirm an réamhfhocail agus an ailt 40. (a) To know: aithne / a fhios / eolas (b) To ask: iarr ar/ cuir ceist ar/ fiafraigh de

16. Inscne an fhocail 41. Réamhfhocal simplí /comhshuite + seo/ sin

17. Athruithe ar an ainmfhocal tar éis an/na 42. Ainmfhocal vs. aidiacht nó réimír vs. aidiacht/ dobhriathar, srl.

18. Tuiseal ginideach (a) TG uatha, (b) TG iolra, (c) TA, (d) Foirm an TG, (e) Úsáid ‘de’ nuair ba cheart an TG a úsáid

43. Ag labhairt faoi am

19. Réamhfhocal mícheart / in easnamh 44. á + h/urú

20. Béarlachas 45. An/na + uimhreacha

21. Claoninsint (An chaint indíreach) 46. Clásal coibhneasta díreach/ indíreach nó Foirm spleách/ neamhspleách an bhriathair

22. Is maith liom ag + ainm briathartha 47. Ainm duine nó logainm sa TG

23. Áfach/ Freisin /Ach, srl. ag tús abairte 48. An aimsir ghnáthchaite

24. Suíomh vs. gluaiseacht 49. Briathra/ ainmneacha briathartha

25. Forainm 50. Ceann vs. duine

Page 3: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

1. Níl ciall leis an abairt seo mar go bhfuil struchtúr bunúsach na habairte nó ord na bhfocal san abairt as riocht. Seo cúpla leid le cabhrú leat an struchtúr a cheartú:

Téann an briathar ag tús na habairte, de ghnáth, agus leanann an t-ainmní (the subject) é.

Tagann an aidiacht tar éis an ainmfhocail de ghnáth

Stuchtúr an ainm bhriathartha (féach pointe 4)

NB: Ná bain úsáid as aistritheoirí ar líne, ar nós Google translate!!

Féach LGG: lch 18-9

2. Tá foirm an bhriathair mícheart nó tá sé san aimsir mhícheart.

CS: caibidil 12 agus 13

LGG: lch 116-166 (a) Modh Ordaitheach: (b) Aimsir Chaite:

GGS 2011: lch 84 – 7 GGS 2011: lch 92 - 98

GGS 2008: lch 57 – 62 GGS 2008: lch 64 - 69 (c) Aimsir Láithreach: (d) Aimsir Fháistineach:

GGS 2011: lch 110 -11 GGS 2011: lch 143 -151

GGS 2008: lch 78 – 84 GGS 2008: lch 106-113

Samplaí: Thaitníonn an Ghaeilge liom > Taitníonn an Ghaeilge liom Deireann siad > Deir siad (gan –eann) Foghlaim rud éigin nua gach lá > Foghlaimím rud éigin nua gach lá Ceangalaíonn sé an dá rud le chéile > Ceanglaíonn Rachfaidh mé > Rachaidh mé (gan f) Gheobhfaidh mé > Gheobhaidh mé (gan f) Bhí an clár seo ar siúl le trí bliana anuas > Tá an clár seo ar siúl le trí bliana anuas

3. An chopail “Is” vs. an briathar “Bí” (*féach freisin uimhir 32)

GGS 2011: lch 166-70

GGS 2008: 126-9

CS: caibidil 17

Samplaí: Tá sé múinteoir maith. Is múinteoir maith é. Bhí sí mo mhúinteoir nuair a bhí mé ar scoil > Ba í mo mhúinteoir í nuair …. Sílim go bhfuil sé an rang is fearr > Sílim gurb é an rang is fearr (é) Sílim go bhfuil sé file iontach > Sílim gur file iontach é

Leid 1: Is annamh a bhíonn dhá ainmfhocal/ nó forainm agus ainmfhocal le fáil díreach i ndiaidh aon fhoirme den bhriathar ‘Bí’ (tá/ níl/ bhfuil/ bhí/ raibh/ beidh, bheadh, srl.)

Leid 2: Ní minic a bhíonn ainmfhocal díreach tar éis an fhocail “bheith”

Bí cúramach! Is féidir an briathar ‘Bí’ a úsáid leis na réamhfhocail “i” agus “ar” chun dhá ainmfhocal a cheangal le chéile in abairtí faoi leith, mar shampla:

Tá sé ina mhúinteoir/ Ba mhaith liom a bheith i mo dhochtúir Tá sé ar cheann de na ranganna is fearr atá agam.

Page 4: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

4. An tAinm briathartha (botún le struchtúr nó le foirm an AB) (a) Úsáid/ struchtúr an AB:

Ba cheart an t-ainm briathartha a úsáid san abairt seo, nó

tá an t-ainm briathartha in úsáid nuair nár cheart é a úsáid, nó

tá struchtúr na habairte ina bhfuil an t-ainm briathartha as ord.

Leid: San áit a bhfuil frása infinideach sa Bhéarla, baintear úsáid as an ainm briathartha sa Ghaeilge, agus bíonn struchtúr faoi leith ag baint leis. Tabhair faoi deara an difear idir an dá struchtúr seo: (i) I want to play music = Ba mhaith liom ceol a sheinm (Cuspóir díreach) (ii) I want to listen TO music = Ba mhaith liom éisteacht LE ceol. (Réamhfhocal NIG: lch 126-130 roimh an gcuspóir)

(b) Tá foirm an AB mícheart

GGS 2011: lch 196-9

GGS 2008: lch 153-7

5. Botún céille: Níl ciall leis an bhfocal nó leis an bhfrása seo sa chomhthéacs seo. Féach san fhoclóir agus cinntigh go bhfuil an focal nó an frása ceart agat.

6. Botún litrithe: Níl an focal seo litrithe i gceart. Cuardaigh san fhoclóir é.

Leid: Ná déan dearmad ar an riail: leathan le leathan, caol le caol!

Ná déan dearmad ar na sínte fada!

Seo roinnt botún litrithe a dhéantar go minic: o i gcóir > i gcomhair (cóir = just/ right) o Le haighidh > le haghaidh o inniú > inniu – níl aon síneadh fada ar an ‘u’! o deachair > deacair (gan h!) o fhéin > féin (níl aon h) o úfásach > uafásach o tuarim > tuairim o taithníonn > taitníonn (gan h) o comh > chomh (le h!) o diffriúl > difriúil ( f x 1, i x 3) o alán > a lán (dhá fhocal, cosúil le ‘a lot’ sa Bhéarla!!) o an domhain > an domhan (níl aon ‘i’ sa tuis. ainmneach)

Focail atá an-chosúil lena chéile:

o taisteal = travel ; teastáil = wanting o siúl = to walk ; súil = eye o céanna = same ; cheana = already o go raibh maith agat as ocht as ucht (ocht = 8!) o aird (attention) ; ard (high – gan síneadh fada!) o ar chur ar bith ; ar chor ar bith (cur = to put; cor = turn) o rud éigin (something) ; B’éigean dom imeacht (I had to leave)

Page 5: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

7. Botún le foirm dhiúltach nó cheisteach an bhriathair

GGS 2011: lch 94/5, 113-5, 147-9

GGS 2008: lch 66-69, 81-84, 109-113

CS: caibidil 12 agus 13 Samplaí: Níor chonaic Ní fhaca An tógann An dtógann

8. Athruithe ar an ainmfhocal tar éis réamhfhocail

GGS 2011: lch 28-32

GGS 2008: lch 17-21

CS: lch 51-4

9. Athruithe ar an ainmfhocal tar éis réamhfhocail agus an ailt

GGS 2011: lch 34-37

GGS 2008: 23-26

CS: 54-9 *Bí cúramach: ní bhíonn aon athrú tosaigh tar éis “idir an” nó “gan an”

10. Botún a bhaineann leis an aidiacht shealbhach: (a) Athruithe ar an ainmfhocal tar éis na n-aidiachtaí sealbhacha, nó (b) aidiacht shealbhach mhícheart

Samplaí: Chonaic mé a mháthair agus a athair = I saw HIS mother and HIS father Chonaic mé a máthair agus a hatháir = I saw HER mother and HER father Tá mé ina chónaí > Tá mé i mo chónaí

GGS 2011: lch 154-9

GGS 2008: lch 115 - 120

CS: 96-7

11. a + h ar bhriathar / ainm briathartha

Samplaí: sin é an fear a tagann a thagann / an féidir leat an fhidil a seinm a sheinm *Eisceacht: an briathar saor (rialta) san aimsir chaite. Sin an scoil a bunaíodh in 2001.

12. Iolra an ainmfhocail (foirm mhícheart den iolra, nó uatha scríofa in ionad iolra nó a mhalairt, nó níl sé soiléir an raibh uatha nó iolra i gceist agat.)

Samplaí: na polasaí > ‘an polasaí’ nó ‘na polasaithe’? na cláranna > na cláir tionscnamh iontacha > ‘tionscnamh iontach’ nó ‘tionscnaimh iontacha’

GGS 2011: lch 13-25

GGS 2008: lch 11-14

CS: 36-43

UG: lch 11-16

Page 6: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

13. Botún a bhaineann le huimhreacha (Foirm an ainmfhocail tar éis uimhreacha, nó foirm na huimhreach í féin)

(a) Bunuimhreacha: * Ná déan dearmad: bunuimhreacha + uimhir uatha * Tá na focail ‘bliain’, ‘uair’, ‘ceann’ agus ‘seachtain’ neamhrialta.

GGS 2011: lch 100-107

GGS 2008: lch 71-76

CS: 117-20

Samplaí: ceathair theach – ceithre theach; trí bhliain – trí bliana seacht chathaoireacha - seacht gcathaoir (b) Orduimhreacha:

GGS 2011: lch 120-124

GGS 2008: lch 86-88

CS: 122-3

Samplaí: chéad bliain > chéad bhliain; dara bhliain > dara bliain tríú aiste > tríú haiste (c) Uimhreacha Pearsanta

Leanann an TG iolra na huimreacha pearsanta

Bíonn ‘h’ tar éis ‘beirt’

GGS 2011: lch 138 -141

GGS 2008: lch 101-104

CS: 120-2

Samplaí: beirt páistí > beirt pháistí; seachtar gcara > seachtar cairde trí daoine > triúr (ní gá an focal ‘daoine’ a chur leis)

14. Réamhfhocal agus aidiacht shealbhach ag teacht le chéile (*féach 15 freisin) le + a = lena; faoi + a = faoina; i + a = ina ó + a = óna; do/de + a = dá

GGS 2011: lch 155-6

GGS 2008: 116 -7

LGG: lch 100

15. Botún le foirm an réamhfhocail agus an ailt: (*féach 14 freisin) i + an = sa; i + na = sna (*bí cinnte nach meascann tú ‘i’, ‘sa’, ‘san’, ‘sna’) faoi + an = faoin; faoi + na = faoi na (dhá fhocal) do + an = don; do + na = do na (dhá fhocal) le + an = leis an; le + na = leis na (dhá fhocal) ó an = ón; ó + na = ó na (dhá fhocal) trí + an = tríd an *Bí cúramach: trí + na = trí na

GGS 2011: lch 34-7

GGS 2008: lch 23

CS: 55-9

LGG: lch 22-26

Page 7: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

16. Inscne an fhocail (*féach 17, 25 agus 31 freisin)

GGS 2011: lch 10 – 11

GGS 2008: lch 9-10

CS: lch 31-5

LGG: lch26-7

17. Athruithe ar an ainmfhocal tar éis an/na *Is minic a bhíonn baint aige seo le pointe 16 thuas! Samplaí: Tá an choláiste > an coláiste (fir.) Bheinn caillte gan an idirlíon > gan an t-idirlíon (fir) Fuair mé an foinse seo ar líne > Fuair mé an fhoinse seo (bain.) Níl an t-aiste críochnaithe agam > Níl an aiste críochnaithe agam (bain.) Bhuail mé léi an seachtain seo caite > Bhuail mé léi an tseachtain seo caite (bain.) Canann mo mháthair na n-amhráin sin > na hamhráin sin (na + h roimh ghuta)

GGS 2011: lch 9, 15

GGS 2008: lch 8, 12-14

CS: lch 34-35

LGG: lch 20-22

18. Tuiseal ginideach (a) Ba cheart an focal a chur sa TG uatha (b) Ba cheart an focal a chur sa TG iolra (lagiolra nó tréaniolra?) (c) Níor cheart an focal seo a chur sa TG – ba cheart é a fhágáil sa tuiseal ainmneach (d) Tá iarracht déanta an focal a chur sa TG, ach tá botún i bhfoirm an ghinidigh (e) Tá an réamhfhocal ‘de’ curtha isteach agat san áit arbh fhearr an TG a úsáid

(Sampla: an tromlach de na daoine > tromlach na ndaoine, an tús den aiste > tús na haiste, an freagra den cheist > freagra na ceiste)

GGS 2011: lch 46 – 60

GGS 2008: lch 33-42 agus 181-2

CS: lch 45-8, 62-85

UG: lch 17-28

19. Réamhfhocal/ forainm réamhfhoclach mícheart nó in easnamh Samplaí: D’íoc mé don ghúna > Díoc mé as an ngúna Sheol mé ríomhphost do Chlíona > Sheol mé ríomhphost chuig Clíona Bí cúramach go háirithe leis na frásaí seo a leanas: D’éirigh sí sa scrúdú > D’éirigh léi sa scrúdú. Theip mé an scrúdú > Theip orm sa scrúdú. Thaitin mé an cúrsa > Thaitin an cúrsa liom Tá mé ag freastal an ollscoil > Tá mé ag freastal ar an ollscoil

GGS 2011: lch 162-4

GGS 2008: lch 122-124

CS: 169-70

LGG: lch 64 - 85

UG: lch 168-184 (*dhá chaibidil iomlána)

Page 8: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

20. Béarlachas: *Bí cúramach nuair a bhíonn tú ag aistriú frásaí díreach ón mBéarla, go háirithe frásaí sa Bhéarla ina bhfuil na focail “up”, “down”, “in”, “out” agus “get” Samplaí: It’s up to you = Tá sé suas duitse Fút féin atá sé They got married = Fuair siad pósta Phós siad It’s getting late = Tá sé ag fáil déanach Tá sé ag éirí déanach Look it up = Féach suas é Cuardaigh é

21. Claoninsint (An chaint indíreach) Samplaí: Is dócha tá sé tábhachtach > Is dócha go bhfuil sé tábhachtach Déarfainn gur bhris sé gach riail; Tá súil agam go mbeidh sé go maith

CS: lch 46-8

UG: lch 194-199

22. Is maith liom + ag + ainm briathartha

Is maith liom ag snámh > Is maith liom a bheith ag snámh Is breá liom ag damhsa > Is breá liom a bheith ag damhsa Is aoibhinn liom ag léamh > Is aoibhinn liom a bheith ag léamh Is fuath liom ag siúl sa bháisteach > Is fuath liom a bheith ag siúl sa bháisteach

23. Áfach/ Freisin /Ach/ Agus ag tús na habairte Sampla: Áfach, tá níos mó cumhachta ag an Aontas Eorpach anois … > Tá níos mó cumhachta ag an Aontas Eorpach anois, áfach, ….

CS: 279

24. Suíomh v gluaiseacht:

Leid: Baintear úsáid as briathra ar nós “bí” agus “fan” nuair a bhíonn suíomh i gceist, agus baintear úsáid as briathra ar nós “téigh”, “tar”, “fill”, “siúil”, “rith”, srl nuair a bhíonn gluaiseacht i gceist.

Samplaí: Suíomh Gluaiseacht/ Treo Bhí mé sa bhaile v Chuaigh mé abhaile D’fhan sé istigh v Tháinig sé isteach An raibh tú amuigh? v An ndeachaidh tú amach? Tá sí thuas … v Chuaigh sí suas v Tháinig sí aníos Beidh sé thíos v Rachaidh sé síos v Tiocfaidh sé anuas

GGS 2011: lch 126-128

GGS 2008: lch 90 - 92

CS: 177-82

UG: lch 130-133

Page 9: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

25. Botún a bhaineann le forainm Leid 1: sé/ sí/ siad = ainmní na habairte; é/ í/ iad = cuspóir na habairte m.sh. Bhuail sé é = He hit him Leid 2: Bí cinnte go réitíonn an forainm leis an ainmfhocal a dtagraíonn sé dó. m.sh. Is ceist suimiúil í.

26. Na focail “Ireland” and “Irish” a aistriú go Gaeilge (a) Éire, Éirinn, Éireann

Éire = ainm na tíre (leis féin)

Éirinn = tuiseal tabharthach (in Éirinn, le hÉirinn, ar Éirinn, faoi Éirinn, *eisceacht: idir Éire agus Sasana)

Éireann = TG (muintir na hÉireann, foireann na hÉireann, Dáil Éireann)

(b) Gaeilge, Gaelach, Éireannach

Gaeilge = ‘the Irish language’ (ní gá “an teanga Ghaeilge” a scríobh)

Gaelach = Gaelic/ Irish (aidiacht a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar rudaí a bhaineann leis an gcultúr agus le traidisiúin de ghnáth – m.sh. ceol/ damhsa Gaelach)

Éireannach = aidiacht a úsáidtear le cur síos a dhéanamh ar rudaí a bhaineann le hÉirinn nó le muintir na hÉireann – m.sh. is banna ceoil ‘Éireannach’ é U2 – ach ní ceol ‘Gaelach’ a sheinneann siad.

27. Céimeanna comparáide na haidiachta Samplaí: tábhachtach > níos tábhachtaí; lá te > an lá is teo níos mó álainn > níos áille

GGS 2011: lch 78-81

GGS 2008: lch 52-55

CS: lch 97-100

28. Botún a bhaineann le fleiscín, comhfhocal nó réimír (a) Botún a bhaineann le fleiscín (b) Comhfhocal: ba cheart na focail seo a scríobh mar fhocal amháin (c) Botún a bhaineann le séimhiú ar an dara cuid den chomhfhocal, nó tar éis réimíre Samplaí: sráid + baile = sráidbhaile; ainm + focal = ainmfhocal an difríocht = the difference; an-difríocht = a big difference!

GGS 2011: lch 12,13 (comhfhocail)

GGS 2011: lch 67-8 (an fleiscín)

GGS 2008: lch 46-9

CS: 270-2

LGG: lch 207-8

29. An t-alt dúbailte

Samplaí: the man of the house = an fear an tí sa leabharlann na hollscoile > i leabharlann na hollscoile (sa = i + an) don bhean an tí > do bhean an tí (don = do + an) an fhoireann Bhaile Átha Cliath > foireann Bhaile Á.C. (is ainmfhocal dílis é B.Á.C.)

LGG: lch 26

Page 10: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

30. An Modh coinníollach/ Má agus Dá *Leid 1: San áit a mbíonn “If + aimsir chaite + MC” sa Bhéarla, bíonn “Dá + MC + MC sa Ghaeilge. *Leid 2: Baintear úsáid as ‘Dá + urú ’ roimh bhriathra sa MC amháin. *Leid 3: Baintear úsáid as ‘Má + h ’ leis an aimsir láithreach den chuid is mó. *Leid 4: Is é ‘Mura + urú ’ an fhoirm dhiúltach de ‘Má’ agus ‘Dá’ Sampla: If I had the money, I would go travelling: Má bhí an t-airgead agam, rachainn ag taisteal > Dá mbeadh an t-airgead agam…. Dá mba rud é go raibh sé anseo > Dá mba rud é go mbeadh sé anseo

GGS 2011: lch 172-82

GGS 2008: lch 131-140

CS: 137-8, 159-61

31. Aidiacht ag réiteach le hainmfhocal (baininscneach, iolra, ginideach) Samplaí: aiste fada fhada (aiste = bain) scéalta áibhéalach áibhéalacha (iolra) leabhair suimiúla shuimiúla (iolra a chríochnaíonn ar chonsan caol + h) ag barr an leathanaigh bháin (TG fir) ACH ag barr na bileoige báine (TG bain) *Ní réitíonn an Aid. fhaisnéiseach leis an AF: Tá an aiste fada (The essay is long)

GGS 2011: lch 63-66 agus 70-75

GGS 2008: lch 44-48

CS: lch 90-95, 226-235

32. Struchtúr na copaile: Abairt aicme v abairt ionannais, nó botún eile a bhaineann le struchtúr na copaile Samplaí: Seán is a teacher = Is múinteoir é Seán. (abairt aicme) Seán is the teacher = Is é Seán an múinteoir. (abairt ionannais) *Na déan dearmad: Úsáidtear Is, An, Ní, Gur gan h, Gurb + guta san Aimsir Láithreach; Úsáidtear Ba +h, Ar+h, Níor+h, Gur+h, Gurbh + guta - san A. Chaite

GGS 2011: lch 166

CS: lch 183-206

UG: lch 94-104

33. Cúpla, cé mhéad, na céadta, na mílte, srl. + uimhir uatha Samplaí: cúpla ceisteanna ceist cé mhéad ranganna rang na mílte daoine duine

GGS 2011: lch 12

GGS 2008: lch 10

CS: lch 279

LGG: lch 29

Page 11: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

34. An briathar saor (a) tá foirm an bhriathair shaoir mícheart, mar shampla: - Bhunaíodh Bunaíodh an scoil sa bhliain 1895 (Ní bhíonn séimhiú ar an mbriathar saor rialta san aimsir chaite) - Dúntar Dúnfar an siopa amárach (tar – A. Láithreach, far – A. Fháistineach) (b) tá briathar saor in úsáid le hainmní, mar shampla: - Dúradh gach duine go raibh…. Nó Dúirt gach duine go raibh…. (c) tá an aidiacht bhriathartha in úsáid san áit ar cheart an briathar saor a úsáid, m.sh.: Bhí an

foirgneamh tógtha sa bhliain 1996 > Tógadh an foirgneamh

GGS 2011: lch 184-92

GGS 2008: 142 – 150

CS: lch 141-4, 163-5

UG: lch 61-68

35. Séimhiú tar éis ‘chéad’, ‘aon’, ‘uile’, ‘chuile’, … an chéad bhliain aon fhadhb gach uile dhuine chuile Mháirt

36. ‘Sula’ agus ‘roimh’ Sula +urú + briathar Roimh +h + ainmfhocal (nó ainm bhriathartha) Samplaí: roimh chuaigh mé go Meiriceá > sula ndeachaigh mé go Meiriceá roimh tháinig sé abhaile > sular tháinig sé abhaile ACH tá eagla orm roimh thaibhsí; tar abhaile roimh a seacht a chlog *Áirítear an t-ainm briathartha mar ainmfhocal anseo agus úsáidtear ‘roimh’ leis, m.sh: roimh theacht abhaile dom (= sular tháinig mé abhaile)

LGG: lch 170

37. Ba cheart an frása seo a bheith diúltach: níl sé ach a cúig a chlog; níl ann ach scrúdú, ní dhearna mé faic; níl tada agam

38. Is fearr (best) v Is fearr + le (favourite) Is í Beyonce mo cheoltóir is fearr = Beyonce is my best musician Is í Beyonce an ceoltóir is fearr liom = Beyonce is my favourite musician

39. Tá v Bíonn Samplaí: Tá sé i gcónaí ag gearán > Bíonn sé i gcónaí ….

UG: lch 105-110

40. “To know” agus “to ask” (a) To know: aithne / a fhios / eolas

LGG: lch 214

(b) To ask: iarr ar / ceist a chur ar / fiafraigh de

I asked him for a loan = d’iarr mé iasacht air (to ask s.o. for s.thing)

I asked him to help me = d’iarr mé air cabhrú liom (to ask s.o. to do s.thing)

Page 12: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

I asked him where he was going = d’fhiafraigh mé de cá raibh sé ag dul (ag lorg eolais, bíonn an cheist í féin san abairt)

I asked him a question = chuir mé ceist air (rud ginearálta, gan an cheist í féin a bheith san abairt)

41. Réamhfhocal simplí nó comhshuite + seo/ sin

le + (é) sin = leis sin (chomh maith leis sin, maidir leis sin) ar + (é) sin = air sin (mar gheall air sin) roimh + (é) sin = roimhe sin i + (é) sin = ann sin (ansin) do + (é) sin = dó sin ag + (é) sin = aige sin chuig + (é) sin = chuige sin de bharr +(é) sin = dá bharr sin (dá thoradh sin, dá dheasca sin, dá réir sin, srl.) in ainneoin + (é) sin = ina ainneoin sin (ina chomhair sin, ina ionad sin, srl.) le haghaidh + (é) sin = lena aghaidh sin

42. Ainmfhocal vs. aidiacht nó Réimír vs. aidiacht/ dobhriathar/ ainmfhocal

Leid 1: Nuair a chuardaíonn tú focal san fhoclóir, bí cinnte go bhféachann tú ar na giorrúcháin atá in aice leis: a = aidiacht, n = ainmfhocal (m = ainmfhocal firinscneach, f = ainmfhocal baininscneach, pref. = prefix)

Leid 2: Is minic a chríochnaíonn aidiachtaí ar –iúil nó –ach. Is minic a chríochnaíonn ainmfhocail theibí ar –achas/ -acht/ -íocht

difriúil = different difríocht = difference tábhachtach = important tábhacht = importance príobháideach = private príobháideachas = privacy óga = young (uimh. iolra) óige = youth

Ró- v an iomarca (too v too much): Cuirtear ró- roimh aidiacht > róshalach, rómhór; Cuirtear an iomarca roimh ainmfhocal > an iomarca airgid

Droch- v go dona: Is réimír é ‘droch-‘ agus téann sé roimh ainmfhocal – m.sh. drochlá, drochscéala; is dobhriathar é ‘go dona’ agus úsáidtear é i bhfrásaí mar seo: Tá an aimsir go dona.

43. Ag labhairt faoi am Samplaí: Tá mé anseo ar feadh coicíse > Tá mé anseo le coicís anuas. Thosaigh mé cúrsa nua inniu. Beidh sé ar siúl ar feadh míosa go ceann míosa. Tá mé sa tríú bliain an bhliain seo i mbliana

GGS 2011: lch 51 agus lch 129-130

GGS 2008: lch 37-8 agus lch 93-4

UG: lch 138-148

Page 13: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

44. á + h/urú Tá dhá fheidhm ag an bhfocal “á” sa Ghaeilge:

a) (d)á = ag + é /í / íad ag déanamh é = (d)á dhéanamh ag úsáid é = (d)á úsáid

ag déanamh í = (d)á déanamh ag úsáid í = (d)á húsáid ag déanamh iad = (d)á ndéanamh ag úsáid iad = (d)á n-úsáid

b) á + ainm briathartha = “being done” (by…) Tá an taighde á dhéanamh (agam) Tá an leabhar á oscailt (agam) Tá an aiste á déanamh (agam) Tá an iris á hoscailt (agam) Tá na scrúduithe á ndéanamh (ag…) Tá na leabhair á n-oscailt

45. An/na + uimhreacha Sampla: an dhá > an dá; an trí > na trí

GGS 2011: lch 105

LGG: lch 192 (TG san áireamh)

46. An clásal coibhneasta díreach/ indíreach nó Foirm spleách/ neamhspleách an bhriathair Samplaí: Conas a raibh an cluiche? Conas a bhí an cluiche? Cad a bhfuil tú ag déanamh? > Cad atá tú a dhéanamh? / Cad atá ar siúl agat? Cá chuaigh tú > Cá ndeachaigh tú? Cén fáth atá tú anseo? Cén fáth a bhfuil tú anseo? Sin an scannán is fearr a bhfaca mé le tamall > Sin an scannán is fearr a chonaic mé Sin an cúrsa ar mhaith liom a dhéanamh > Sin an cúrsa ba mhaith liom a dhéanamh

GGS 2011: lch 132 -136

GGS 2008: lch 96-99

CS: lch 210-219

LGG: lch 176-188 (foirm choibhneasta na copaile san áireamh)

UG: lch 205 -228 (trí chaibidil iomlána, caibidil iomlán ar an gcopail) Bí cúramach nuair a bhíonn ‘who’ nó ‘what’ mar fhorainm coibhneasta sa Bhéarla: Ná haistrigh díreach ón mBéarla iad (mar “cé” agus “cad”!!) That’s the man who won the prize = Sin an fear cé a bhuaigh an duais That’s what I thought! = Sin cad a shíl mé féin.

47. Ainm duine nó logainm sa tuiseal ginideach

GGS 2011: logainmneacha – lch 222

GGS 2008: logainmneacha – lch 183-4

CS: Ainmneacha: lch 236-244; logainmneacha: lch 249-54

LGG: Ainmneacha: lch 198 – 200; logainmneacha: lch 204-5

UG: lch 229- 239

48. An aimsir ghnáthchaite

GGS 2011: Aonad 25 – lch 201 – 209

GGS 2008: Aonad 24 – lch 158 – 165

CS: lch 139-40, 161-63

Page 14: Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha...Córas Ceartúcháin do Thascanna Scríofa Treoracha Seo liosta de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn sna tascanna

49. Foirmeacha briathra/ ainmneacha briathartha

Aimsir chaite Ainm briathartha/ Ainmfhocal

Chuir Cheangail D’fhreastail Thaistil Shiúil Bhraith Phléigh Bhrúigh

ag cur / a chur ag ceangal/ a cheangal ag freastal/ a fhreastal ag taisteal/ a thaisteal ag siúl/ a shiúl (*ar siúl = happening) ag brath/ a bhrath ag plé/ a phlé ag brú/ a bhrú

Samplaí: Sin an oráid a chuir fearg orm. (a chuir = Aimsir chaite) Bhí orm an dán a chur de ghlanmheabhair (a chur = to put)

50. Ceann vs. duine *B’fhearr gan an focal “ceann” a úsáid le tagairt a dhéanamh do dhuine (sa Ghaeilge scríofa go háirithe) Samplaí: ceann duine de mo chuid cairde ceann duine de na hamhránaithe is fearr liom ACH ceann de na hamhráin is fearr liom