12
An Roinn Oideachais agus Scileanna Department of Education and Skills Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC Ainm na scoile Scoil Náisiúnta Eadán Fhionn Fraoich Seoladh na scoile Na Gleannta Contae Dhún na nGall Uimhir rolla 17122I Dáta na cigireachta: 20-03-2019

Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

  • Upload
    others

  • View
    3

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

An Roinn Oideachais agus Scileanna

Department of Education and Skills

Meastóireacht Curaclaim

Matamaitic

TUAIRISC

Ainm na scoile Scoil Náisiúnta Eadán Fhionn Fraoich

Seoladh na scoile

Na Gleannta

Contae Dhún na nGall

Uimhir rolla 17122I

Dáta na cigireachta: 20-03-2019

Page 2: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

This report is written in Irish. An English translation of the report is provided at the end of the report

Tá an tuairisc seo scríofa i nGaeilge. Tá aistriúchán Béarla den tuairisc ar fáil ag deireadh na tuairisce.

MEASTÓIREACHT CURACLAIM Déanann Meastóireachtaí Curaclaim tuairisciú ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama in ábhair faoi

leith i gCuraclam na Bunscoile (1999). Dearbhaíonn siad dea-chleachtas agus déanann siad moltaí,

nuair is cuí, chun cuidiú le forbairt bhreise a dhéanamh ar an ábhar sa scoil.

CONAS AN TUAIRISC SEO A LÉAMH

Le linn na cigireachta seo, rinne an cigire meastóireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc sa

Mhatamaitic faoi na ceannteidil seo a leanas:

1. Cáilíocht fhoghlaim na ndaltaí 2. Ag tacú le foghlaim na ndaltaí trí eispéiris foghlama agus trí chleachtas na múinteoirí 3. Éifeacht phleanáil scoile, lena n-áirítear FMS, ag cur foghlaim na ndaltaí chun cinn

Tugann na cigirí cur síos ar an gcáilíocht a bhaineann le gach ceann de na réimsí sin agus iad ag baint

úsáide as contanam cáilíochta na Cigireachta a thaispeántar ar leathanach deiridh na tuairisce seo.

Soláthraíonn an contanam cáilíochta samplaí den teanga a úsáideann cigirí agus iad ag déanamh

meastóireachta agus ag cur síos ar cháilíocht sholáthar na scoile i ngach réimse.

Tugadh deis do bhord bainistíochta na scoile a thuairim a léiriú ar thorthaí agus ar mholtaí na

tuairisce; ba rogha leis an mbord glacadh leis an tuairisc gan freagra a thabhairt.

COSAINT LEANAÍ

Le linn na meastóireachta, rinneadh seiceáil mar a leanas ar nósanna imeachta na scoile maidir le caomhnú leanaí: 1. Tá ainm an teagmhálaí ainmnithe agus an ráiteas slánchumhdaithe leanaí ar taispeáint go

feiceálach gar do phríomhdhoras na scoile / sa limistéar fáiltithe. 2. Tá sé dearbhaithe ag gach múinteoir ar tugadh cuairt orthu go bhfuil ráiteas slánchumhdaithe

leanaí na scoile léite acu agus go bhfuil siad eolach ar a bhfreagrachtaí mar dhuine faoi shainordú.

3. Tá ráiteas slánchumhdaithe leanaí na scoile faofa ag an mbord agus áirítear ann athbhreithniú bliantúil agus measúnú riosca.

Bhí cleachtas na scoile ag teacht lena n-éilítear faoi gach ceann de na seiceálacha thuas.

Page 3: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

Meastóireacht Curaclaim

Dáta na cigireachta 20-03-2019

Na gníomhaíochtaí cigireachta ar tugadh fúthu

Plé leis an bpríomhoide agus leis na múinteoirí

Athbhreithniú ar cháipéisí ábhartha

Agallamh le fócasghrúpa daltaí

Breathnóireacht ar theagasc agus ar fhoghlaim

Scrúdú ar obair na ndaltaí

Caidreamh le daltaí

Aiseolas don phríomhoide agus do na múinteoirí

COMHTHÉACS NA SCOILE

Is scoil tuaithe chomhoideachais faoi phátrúnacht Easpag Chaitliceach Dheoise Ráth Bhotha í Scoil

Náisiúnta Eadán Fhionn Fraoich. Tá an scoil páirteach i Scéim Aitheantais na Scoileanna Gaeltachta. Tá

beirt oidí príomhshrutha sa scoil le seisear daltaí déag ar na rollaí. Déanann triúr oidí riachtanais

speisialta oideachais (RSO) atá roinnte leis an scoil seo agus lonnaithe i scoileanna eile tacaíocht

fhoghlama a chur ar fáil do dhaltaí. Tá tinreamh na ndaltaí go han-mhaith ar an iomlán.

ACHOIMRE AR NA PRÍOMHCHINNTÍ AGUS MOLTAÍ:

CINNTÍ

Tá cáilíocht foghlama agus gnóthachtála na ndaltaí go han-mhaith san uimhearthacht.

Tá cáilíocht eispéireas na bhfoghlaimeoirí ar chaighdeán an-ard sa scoil.

Tá cáilíocht an teagaisc go han-éifeachtach; cuirtear an luath-thumoideachas agus an tumoideachas san uimhearthacht i bhfeidhm go han-rathúil.

Baineann láidreachtaí leis an tacaíocht fhoghlama sa scoil don Mhatamaitic; ní bhaineann na hoidí tacaíochta usáid as cur chuige Chontanam na Tacaíochta ina gcuid pleanála.

Tá obair an-éifeachtach déanta ag an fhoireann maidir le féinmheastóireacht scoile (FMS).

MOLTAÍ

Is fiú úsáid a bhaint as cur chuige Chontanam na Tacaíochta ar bhonn scoile uile chun tacú le

daltaí le deacrachtaí foghlama sa Mhatamaitic agus iad ar ardchumas foghlama sa

Mhatamaitic.

Page 4: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

MIONCHINNTÍ AGUS MOLTAÍ

1. CÁILÍOCHT FOGHLAMA NA NDALTAÍ Tá cáilíocht foghlama na ndaltaí go han-mhaith ar an iomlán. Baineann na daltaí taitneamh as an

Mhatamaitic agus tá siad an-spreagtha chun foghlama. Le linn agallaimh le fócas-ghrúpa na ndaltaí,

léirigh siad dearcadh dearfa i leith an ábhair agus an úsaid a bhaineann siad as ábhair nithiúla chun

tacú leo san fhoghlaim. Is léir ón chaighdeán ard oibre i gcóipleabhair agus ó thionscadail

uimhearthachta atá curtha i gcrích agus ar táispeáint go tarraingteach ar fud an scoile go bhfuil raon

leathan coincheapa ar eolas agus in úsáid ag na daltaí sa dá rangsheomra.

Le linn na meastóireachta léirigh na daltaí sa dá rang príomhshrutha cumas agus tuiscint an-mhaith

maidir le freagraí agus sainmhínithe a thabhairt ar fhírící uimhreacha, agus iad ag baint úsáide as

téarmaíocht chuí trí mhéan na Gaeilge. Is féidir leo a gcuid eolais ar na próisis mhatamaiticiúla a chur

i bhfeidhm i gcomhthéacsanna éagsúla, suíomhanna ón bhfíorshaol san áireamh. Tá gnóthachtáil

formhór na ndaltaí sa Mhatamaitic ar caighdeán an-ard de réir na dtorthaí foghlama sa Churaclam

Bunscoile.

2. TACÚ LE FOGHLAIM NA NDALTAÍ: EISPÉIRIS NA BHFOGHLAIMEOIRÍ AGUS CLEACHTAS NA MÚINTEOIRÍ

Tá cáilíocht eispéireas na bhfoghlaimeoirí ar chaighdeán an-ard sa scoil. Cuirtear ar a gcumas gnéithe

den Mhatamaitic a aithint ina dtimpeallacht trína bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí

comhoibritheacha ranga agus i dtimpeallacht na scoile. Bíonn deiseanna torthúla ag daltaí chun úsáid

a bhaint as acmhainní ábhartha, an teicneolaíocht san áireamh, agus is léir go mbaineann siad leas

astu. Sna ceachtanna a breathnaíodh bhí na daltaí in ann tascanna a bhain le cruthanna agus

siméadracht a chur i gcrích go hinmholta. Bíonn deiseanna acu chun smaointeoireacht mhatamaiticiúil

a fhorbairt agus dul i ngleic le foghlaim ar bhonn fiosraithe.

Tá cáilíocht an teagaisc go han-éifeachtach. Ullmhaíonn na múinteoirí an phleanáil dhifreáilte chun

freastal ar na cumais agus na ranganna éagsúla. Bíonn luas agus struchtúir maith ar na gceachtanna.

Usáideann na múinteoirí ceistiúchán éifeachtach chun daltaí a chur chun foghlama sa Mhatamaitic.

Déantar na ceachtanna a fhí isteach go han-mhaith san obair i réimsí eile an churaclam agus is

inmholta mar a dhéantar comhtháthú leis an scéalaíocht Ghaeilge chun tacú leis an fhoghlaim.

Baineann na múinteoirí usáid as stráitéis ‘súile matamaitice’ ar mhaithe leis na daltaí a spreagadh chun

nasc a dhéanamh idir an fhoghlaim sa rang agus an mhatamaitic sa timpeallacht. Tá an scoil páirteach

i dtionscadal de chuid an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta chun códú a chur chun

cinn i measc na ndaltaí agus glacann siad páirt i gcluichí tairbheacha.

Tá cáilíocht an teagaisc do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais go han-mhaith ar an iomlán.

Déantar an tacaíocht fhoghlama a sholáthar trí aistharraingt agus tacaíocht in-ranga chomh maith. Cé

go bhfuil an phleanáil aonair ann le spriocanna ar leith leagtha amach, is fiú úsáid a bhaint as cur

chuige Chontanam na Tacaíochta ar bhonn scoile uile chun tacú le daltaí le deacrachtaí foghlama sa

Mhatamaitic agus iad ar ardchumas foghlama sa Mhatamaitic.

Tá cáilíocht an mheasúnaithe go han-mhaith ar an iomlán. Déanann na múinteoirí obair na ndaltaí sna cóipleabhair a cheartú agus tugann siad aiseolas an-chuiditheach do na daltaí. Coinníonn na múinteoirí taifid go cúramach ar dhul chun cinn na ndaltaí de réir na gcuspóirí foghlama. Déanann siad anailís ar

Page 5: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

thorthaí na dtrialacha caighdeánaithe chun gnóthachtáil daltaí aonaracha a aithint. Déanann na daltaí machnamh ar a bhfoghlaim agus cláraíonn siad na príomhfhíorais agus scileanna atá sealbhaithe acu.

3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN

Tá cáilíocht na pleanála scoile agus na féinmheastóireachta scoile go han-mhaith ar an iomlán. Tá an

phleanáil scoile uile don Mhatamaitic cuimsitheach agus tá treoir mhaith ann don phleanáil do na hil-

ranganna. Cuireann na múinteoirí aonaracha pleanáil ghearrthréimhseach ar fáil chun freastal ar na

cumais éagsúla sna ranganna. Oibríonn foireann an scoile go comhoibritheach le pobal na

dtuismitheoirí mar pháirt den FMS. Tá obair an-torthúil déanta i bhforbairt téarmaíocht na

Matamaitice ar bhonn leanúnach agus i bhforbairt stráitéisí san fhadhbréiteach mar pháirt den FMS.

Tá moladh tuillte ag an bhord bhainistíochta as an raon leathan acmhainní atá curtha ar fáil don

teagasc agus don fhoghlaim sa Mhatamaitic.

Page 6: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

CONTANAM CÁILÍOCHTA NA CIGIREACHTA

Déanann cigirí cur síos ar cháilíocht an tsoláthair sa scoil agus feidhm á baint acu as contanam

cáilíochta na cigireachta a thaispeántar thíos. Tugann an contanam cáilíochta samplaí den teanga a

úsáideann cigirí nuair a bhíonn siad ag déanamh meastóireachta agus ag cur síos ar cháilíocht

sholáthar na scoile do gach réimse.

Leibhéal Cur síos Sampla de na téarmaí tuairisciúla

An-mhaith

Úsáidtear An-mhaith áit a bhfuil cáilíocht na réimsí a ndéantar meastóireacht orthu ar chaighdeán an-ard. Ní bhíonn tionchar rómhór ag an líon beag réimsí atá le feabhsú ar cháilíocht an tsoláthair ar an iomlán. Do roinnt scoileanna sa chatagóir seo cáilíocht an tsoláthair ar a rinneadh meastóireacht thar cionn agus is sampla é do scoileanna eile de shárchaighdeáin soláthair.

An-mhaith; ar cháilíocht an-ard; cleachtas an-éifeachtach; le moladh go hard; an-rathúil; beagán réimsí le feabhsú; go hiontach; ar chaighdeán an-ard. Ar fheabhas: thar cionn; ar sárchaighdeán; le láidreachtaí an-suntasacha; thar barr

Maith

Úsáidtear Go maith áit inar léir go bhfuil na láidreachtai sna réimsí a ndéantar meastóireacht orthu níos treise ná na réimsí ina bhfuil gá le feabhas a dhéanamh. Bíonn tionchar ag na réimsí ina bhfuil gá le feabhas a dhéanamh ar cháilíocht foghlama na ndaltaí. Ní mór don scoil tógáil ar a cuid láidreachtaí agus gníomhú le dul i ngleic leis na réimsí atá aitheanta ina bhfuil gá le feabhas a dhéanamh d’fhonn caighdeán an-mhaith a bhaint amach.

Go maith; cáilíocht mhaith; fiúntach; cleachtas éifeachtach; inniúil; úsáideach; inmholta; caighdeán maith; roinnt réimsí le feabhsú

Sásúil

Úsáidtear Sásúil áit a bhfuil cáilíocht an tsoláthair sách maith. Tá na láidreachtaí sa mhéid ar a bhfuil meastóireacht á dhéanamh díreach níos treise ná na laigí. Cé nach mbíonn drochthionchar suntasach ag na laigí cuireann siad srian le cáilíocht na n-eispéireas foghlama agus ba chóir déileáil leo d’fhonn caighdeán níos fearr a bhaint amach.

Sásúil; sách maith; soláthar oiriúnach cé go bhfuil féidearthachtaí ann le feabhas a dhéanamh; leibhéal cáilíochta inghlactha; is gá feabhas a dhéanamh i réimsí áirithe

Measartha

Úsáidtear Measartha áit, in ainneoin go bhfuil roinnt láidreachtaí sna réimsí a ndéantar meastóireacht orthu, go bhfuil níos mó easnaimh nó laigí ann freisin ná na láidreachtaí. Beidh ar an scoil dul i ngleic le heasnaimh áirithe gan mhoill lena chinntiú go mbíonn an soláthar sásúil nó níos fearr ná sin.

Measartha; laigí soiléire ann a bhfuil tionchar acu ar fhoghlaim na ndaltaí; gan a bheith sásúil; deacrachtaí ann; ní mór feabhas a dhéanamh i réimsí ar leith; gá le gníomhú le feabhas a dhéanamh

Lag

Úsáidtear Lag áit a bhfuil easnaimh thromchúiseacha sna réimsí a ndéantar meastóireacht orthu. Is gá don scoil uile gníomhú láithreach ar bhonn comhordaithe le dul i ngleic leis na réimsí atá mar ábhar imní. I gcásanna áirithe, b’fhéidir go mbeidh gá le hionchur ó ghníomhaireachtaí eile le tacú leis na feabhsuithe.

Lag; míshásúil; easnamhach; neamhéifeachtach; go dona; athrú, forbairt nó feabhas suntasach ag teastáil; deacrachtaí suntasacha ann

Page 7: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

An Roinn Oideachais agus Scileanna

Department of Education and Skills

Curriculum Evaluation

Mathematics

REPORT

Ainm na scoile /

School name Eadán Fhionn Fraoich National School

Seoladh na scoile /

School address

Glenties

County Donegal

Uimhir rolla /

Roll number 17122I

Date of inspection: 20-03-2019

Page 8: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

WHAT IS A CURRICULUM EVALUATION?

Curriculum Evaluations report on the quality of teaching and learning in specific subjects of the

Primary School Curriculum (1999). They affirm good practice and make recommendations, where

appropriate, to aid the further development of the subject in the school.

HOW TO READ THIS REPORT

During this inspection, the inspector evaluated learning and teaching in Mathematics under the

following headings:

4. Quality of pupils’ learning 5. Supporting pupils’ learning through learner experiences and teachers’ practice 6. The effectiveness of school planning, including SSE, in progressing pupils’ learning

Inspectors describe the quality of each of these areas using the Inspectorate’s quality continuum

which is shown on the final page of this report. The quality continuum provides examples of the

language used by inspectors when evaluating and describing the quality of the school’s provision in

each area.

The board of management of the school was given an opportunity to comment on the findings and

recommendations of the report; the board chose to accept the report without response.

CHILD PROTECTION

During the inspection visit, the following checks in relation to the school’s child protection procedures were conducted: 1. The name of the DLP and the Child Safeguarding Statement are prominently displayed near the

main entrance to the school. 2. The Child Safeguarding Statement has been ratified by the board and includes an annual review

and a risk assessment. 3. All teachers visited reported that they have read the Child Safeguarding Statement and that

they are aware of their responsibilities as mandated persons. The school met the requirements in relation to each of the checks above.

Page 9: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

Curriculum Evaluation

Date of inspection 20-03-2019

Inspection activities undertaken

Discussion with the principal and teachers

Review of relevant documents

Pupil focus-group interview

Observation of teaching and learning

Examination of pupils’ work

Interaction with pupils

Feedback to the principal and teachers

SCHOOL CONTEXT

Eadán Fhionn Fraoich national school is a rural, co-educational school under the patronage of the

Catholic Bishop of the Raphoe Diocese. The school is participating in the Gaeltacht School Recognition

Scheme. The school has two mainstream teachers and sixteen pupils are enrolled. Three special

education needs teachers (SET) who are based in other schools and shared with this school, provide

learning support for pupils. Overall pupil attendance is very good.

SUMMARY OF MAIN FINDINGS AND RECOMMENDATIONS:

FINDINGS

The quality of pupil learning and achievement in numeracy is very good overall.

The quality of learner experiences in the school is of a very high standard.

The quality of teaching is very effective; both early immersion and immersion education in numeracy are implemented very successfully.

Learning support for Mathematics in the school has strengths; the learning support teachers do not use the Continuum of Support in their planning.

The staff has undertaken very effective work in terms of school self-evaluation (SSE).

RECOMMENDATIONS

The Continuum of Support should be used, on a whole-school basis, to support pupils with

learning difficulties in Mathematics and those with high learning ability in Mathematics.

Page 10: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

DETAILED FINDINGS AND RECOMMENDATIONS

1. THE QUALITY OF PUPILS’ LEARNING The quality of pupils’ learning is very good overall. Pupils enjoy Mathematics and they are very

motivated to learn. During the interview with the pupil focus-group, they indicated that they were

positively disposed to the subject and to their use of concrete materials to support learning. It is

evident from the high standard of work in copybooks and from projects in numeracy that have been

completed and displayed attractively throughout the school, that pupils know and use a wide range

of concepts in both classrooms.

During the evaluation, pupils in the two mainstream classes displayed a very good ability and

understanding in terms of giving answers and defintions to number facts while using the appropriate

terminology in Irish. They can apply their knowledge of mathematical processes to a variety of

contexts, including real life situations. Most pupils’ attainment in Mathematics is of a very high

standard, relative to the learning outcomes of the Primary Curriculum.

2. SUPPORTING PUPILS’ LEARNING: LEARNER EXPERIENCES AND TEACHERS’ PRACTICE Learner experiences are of a very high quality in the school. Learners are enabled to identify aspects

of Mathematics in their environment by participating in co-operative activities in the classroom and

in the school environment. Pupils have productive opportunities to use relevant resources, including

technology, and they clearly avail of these opportunities. The manner in which pupils were able to

complete tasks involving shapes and symmetry, in the lessons observed, was commendable. They are

provided with opportunities to develop mathematical thinking and to engage in enquiry-based

learning.

The quality of teaching is very effective. Teachers prepare differentiated planning to cater for the

various abilities and classes. There is a good pace and structure to the lessons. Teachers use effective

questioning to initiate pupils’ learning in Mathematics. The lessons are very well linked to other

aspects of the curriculum and there is commendable integration with storytelling in Irish, to support

learning. Teachers use a ‘mathematical eyes’ strategy to encourage pupils to link the learning in the

classroom with mathematics in the locality. The school is participating in a National Council for

Curriculum and Assessment project that promotes coding amongst pupils and they participate in

worthwhile games.

The quality of teaching for pupils with special educational needs (SEN) is very good overall. Learning

support is provided by means of withdrawal and also through in-class support. Although there is

individual planning where specific objectives are outlined; the Continuum of Support approach should

be used on a whole-school basis to support pupils with learning difficulties in Mathematics and those

with high learning ability in Mathematics.

The quality of assessment is very good overall. Teachers correct pupils work in their copybooks and they provide constructive feedback. Careful records of pupil progress relative to the learning objectives are maintained. Teachers analyse the outcomes of standardised tests to identify the attainment of individual pupils. Pupils reflect on their learning and record the main facts and skills that they have aquired.

Page 11: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

3. THE EFFECTIVENESS OF SCHOOL PLANNING, INCLUDING SSE, IN PROGRESSING PUPILS’ LEARNING

The quality of school planning and school self-evaluation is very good. Whole-school planning for

Mathematics is comprehensive and gives good direction for planning in multi-grade classes. Individual

teachers have short-term planning in place to cater for the different ability levels in their classes. The

staff works collaboratively with the parent community as part of SSE process. Very productive work

has been undertaken, as part of SSE, in the ongoing development of Mathematical terminology and

problem-solving strategies. The board of management is to be commended for the extensive

resources provided for the teaching and learning of Mathematics.

Page 12: Meastóireacht Curaclaim Matamaitic TUAIRISC...3. ÉIFEACHT PHLEANÁIL SCOILE, FÉINMHEASTÓIREACHT SCOILE SAN ÁIREAMH, AG CUR FOGHLAIM NA NDALTAÍ CHUN CINN Tá cáilíocht na pleanála

Published June 2019 / Foilsithe Meitheamh 2019

THE INSPECTORATE’S QUALITY CONTINUUM

Inspectors describe the quality of provision in the school using the Inspectorate’s quality continuum

which is shown below. The quality continuum provides examples of the language used by inspectors

when evaluating and describing the quality of the school’s provision of each area.

Level Description Example of descriptive terms

Very Good

Very good applies where the quality of the areas

evaluated is of a very high standard. The very few areas

for improvement that exist do not significantly impact on

the overall quality of provision. For some schools in this

category the quality of what is evaluated is outstanding

and provides an example for other schools of

exceptionally high standards of provision.

Very good; of a very high quality; very

effective practice; highly

commendable; very successful; few

areas for improvement; notable; of a

very high standard. Excellent;

outstanding; exceptionally high

standard, with very significant

strengths; exemplary

Good

Good applies where the strengths in the areas evaluated

clearly outweigh the areas in need of improvement. The

areas requiring improvement impact on the quality of

pupils’ learning. The school needs to build on its strengths

and take action to address the areas identified as requiring

improvement in order to achieve a very good standard.

Good; good quality; valuable; effective

practice; competent; useful;

commendable; good standard; some

areas for improvement

Satisfactory

Satisfactory applies where the quality of provision is

adequate. The strengths in what is being evaluated just

outweigh the shortcomings. While the shortcomings do

not have a significant negative impact they constrain the

quality of the learning experiences and should be

addressed in order to achieve a better standard.

Satisfactory; adequate; appropriate

provision although some possibilities

for improvement exist; acceptable

level of quality; improvement needed

in some areas

Fair

Fair applies where, although there are some strengths in

the areas evaluated, deficiencies or shortcomings that

outweigh those strengths also exist. The school will have

to address certain deficiencies without delay in order to

ensure that provision is satisfactory or better.

Fair; evident weaknesses that are

impacting on pupils’ learning; less than

satisfactory; experiencing difficulty;

must improve in specified areas; action

required to improve

Weak

Weak applies where there are serious deficiencies in the

areas evaluated. Immediate and coordinated whole-

school action is required to address the areas of concern.

In some cases, the intervention of other agencies may be

required to support improvements.

Weak; unsatisfactory; insufficient;

ineffective; poor; requiring significant

change, development or improvement;

experiencing significant difficulties;