4
MÁ ÚSÁIDTEAR ÁBHAIR DE CHUID TRÓCAIRE LE DO DHALTAÍ CUIRFEAR AR A GCUMAS: Foghlaim faoi na ceisteanna a théann i bhfeidhm ar an domhan atá i mbéal a forbartha Foghlaim faoin obair a dhéanann Trócaire chun dul i ngleic leid na ceisteanna seo Iniúchadh a dhéanamh ar shaol páistí ar fud an domhain, saol Daniel in Uganda go háirithe Páirt a ghlacadh i gComórtas Bosca Trócaire. Féach an bileoigín iniata nó www/trocaire.org/ education do na sonraí ar fad. An acmhainn seo a úsáid: 4 ghrianghraf, póstaer agus 7 ngníomhaíocht atá san acmhainn seo. Chun teacht ar ghníomhaíochtaí le húsáid ar chláir bhána, féach www.trocaire.org.education. ÁBHAIR AGUS SNÁITHEANNA : OSPS: Mé féin agus an domhan mór lasmuigh – an chóir, an chothroime, an comhionannas i measc an phobail. Tír Eolaíocht: Timpleallachtaí an duine – daoine eile agus tíortha eile. Béarla: Forbairt na mothúchán agus na samhlaíochta tríd an teanga. Na hAmharcealaíona: Péint agus Dathanna – cuir an saol in iúl agus léirigh téamaí le dathanna Reiligiún: Beo Go Deo 5 – Beo Go Deo 8. ACMHAINN DON BHUNSCOIL SHINSEARACH Rang 3 go Rang 6 / EOCHAIR-CHÉIM 2 E9 AN ACMHAINN SEO A ÚSÁID: 4 ghrianghraf, póstaer agus 7 ngíomhaíocht atá san acmhainn seo. Chun teacht ar ghníomhaíochtaí le húsáid ar chláir bhána, féach www.trocaire.org.education. DOMHAN CÓIR: FÍS TRÓCAIRE Réamhrá Meabhraíonn an siombal seo obair na bpáistí a bhailiú le cur isteach ar Chomórtas Bosca Trócaire. Tabhair cuairt ar www/trocaire.org/education chun teacht ar na sonraí ar fad GNÍOMHAÍOCHT A HAON: Déan plé ar na hábhair is cúram do na páistí faoin domhan. An dteastaíonn uathu cabhrú le tacú leis an oideachas? A chinntiú go mbíonn tithe cónaithe ag daoine? An timpeallacht a chosaint? Cabhróidh sé seo leis na páistí chun na ceisteanna ar mhaith leo tuilleadh eolais a fháil ina dtaobh a aithint. Déan spléach-chártaí le smaointe na bpáistí orthu agus bíodh siad seo ar fáil mar bhunús le múmhaisiú ranga ‘Crann Fadhbanna agus Réitigh’. Obair ghréasáin: Scrúdaigh an taispeántas sleamhnán ‘Where We Work’ agus ‘What We Do’ ar www.trocaire.org/education. Ní mór do na daltaí, ina ngrúpaí dóibh, a fháil amach cad atá ar siúl ag Trócaire chun dul i ngleic leis na ceisteanna seo. Scríobhann na grúpaí cuntas ar spléach-chártaí ar na bearta atá á gcur i bhfeidhm ag Trócaire. Cuir na spléach-chártaí seo ar na craobhacha ar an ‘Crann Fadhbanna agus Réitigh’, san áit chuí os cionn na n-ábhar cúram domhanda. Cuimhnigh ar nóta a bhreacadh maidir leis an méid atá fiosraithe agus foghlamtha ag na daltaí mar threoir leis an dearadh ranga a bheidh agaibh don Chomórtas Bosca Trócaire.

ACMHAINN DON BHUNSCOIL SHINSEARACH...Lastar coinneal. Déan plé ar a bhfuil i gceist le pobal faoi mar a bhaineann sé le taithí na ndaltaí: an baile, an scoil, cairde, an tír,

  • Upload
    others

  • View
    6

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: ACMHAINN DON BHUNSCOIL SHINSEARACH...Lastar coinneal. Déan plé ar a bhfuil i gceist le pobal faoi mar a bhaineann sé le taithí na ndaltaí: an baile, an scoil, cairde, an tír,

MÁ ÚSÁIDTEAR ÁBHAIR DE CHUID TRÓCAIRE LE DO DHALTAÍ CUIRFEAR AR A GCUMAS:

Foghlaim faoi na ceisteanna a théann i bhfeidhm ar an domhan atá i mbéal a forbartha

Foghlaim faoin obair a dhéanann Trócaire chun dul i ngleic leid na ceisteanna seo

Iniúchadh a dhéanamh ar shaol páistí ar fud an domhain, saol Daniel in Uganda go háirithe

Páirt a ghlacadh i gComórtas Bosca Trócaire. Féach an bileoigín iniata nó www/trocaire.org/education do na sonraí ar fad.

An acmhainn seo a úsáid: 4 ghrianghraf, póstaer agus 7 ngníomhaíocht atá san acmhainn seo. Chun teacht ar ghníomhaíochtaí le húsáid ar chláir bhána, féach www.trocaire.org.education.

ÁBHAIR AGUS SNÁITHEANNA :

OSPS: Mé féin agus an domhan mór lasmuigh – an chóir, an chothroime, an comhionannas i measc an phobail.

Tír Eolaíocht: Timpleallachtaí an

duine – daoine eile agus tíortha eile.

Béarla: Forbairt na mothúchán agus na samhlaíochta tríd an teanga.

Na hAmharcealaíona: Péint agus Dathanna – cuir an saol in iúl agus léirigh téamaí le dathanna

Reiligiún: Beo Go Deo 5 – Beo Go Deo 8.

ACMHAINN DON BHUNSCOIL SHINSEARACH Rang 3 go Rang 6 / EOCHAIR-CHÉIM 2

E9

AN ACMHAINN SEO A úSáID: 4 ghrianghraf, póstaer agus 7 ngíomhaíocht atá san acmhainn seo. Chun teacht ar ghníomhaíochtaí le húsáid ar chláir bhána, féach www.trocaire.org.education.

DOMHAN CÓIR: FÍS TRÓCAIRE

Réamhrá

Meabhraíonn an siombal seo obair na bpáistí a bhailiú le cur isteach ar Chomórtas Bosca Trócaire. Tabhair cuairt ar www/trocaire.org/education chun teacht ar na sonraí ar fad

GNÍOMHAÍOCHT A HAON:

Déan plé ar na hábhair is cúram do na páistí faoin domhan. An dteastaíonn uathu cabhrú le tacú leis an oideachas? A chinntiú go mbíonn tithe cónaithe ag daoine? An timpeallacht a chosaint? Cabhróidh sé seo leis na páistí chun na ceisteanna ar mhaith leo tuilleadh eolais a fháil ina dtaobh a aithint.

Déan spléach-chártaí le smaointe na bpáistí orthu agus bíodh siad seo ar fáil mar bhunús le múmhaisiú ranga ‘Crann Fadhbanna agus Réitigh’.

Obair ghréasáin: Scrúdaigh an taispeántas sleamhnán ‘Where We Work’ agus ‘What We Do’ ar www.trocaire.org/education.

Ní mór do na daltaí, ina ngrúpaí dóibh, a fháil amach cad atá ar siúl ag Trócaire chun dul i ngleic leis na ceisteanna seo.

Scríobhann na grúpaí cuntas ar spléach-chártaí ar na bearta atá á gcur i bhfeidhm ag Trócaire. Cuir na spléach-chártaí seo ar na craobhacha ar an ‘Crann Fadhbanna agus Réitigh’, san áit chuí os cionn na n-ábhar cúram domhanda.

Cuimhnigh ar nóta a bhreacadh maidir leis an méid atá fiosraithe agus foghlamtha ag na daltaí mar threoir leis an dearadh ranga a bheidh agaibh don Chomórtas Bosca Trócaire.

Page 2: ACMHAINN DON BHUNSCOIL SHINSEARACH...Lastar coinneal. Déan plé ar a bhfuil i gceist le pobal faoi mar a bhaineann sé le taithí na ndaltaí: an baile, an scoil, cairde, an tír,

Lastar coinneal.Déan plé ar a bhfuil i gceist le pobal faoi mar

a bhaineann sé le taithí na ndaltaí: an baile, an scoil, cairde, an tír, agus an domhan. Iarr ar na daltaí an mhaith atá le fáil sa phobal acu féin a aithint agus na hathruithe nó na feabhsúcháin ar mhaith leo a fheiceáil.

Obair ghréasáin: Féach ar an bhfógra teilifíse ag Trócaire ar www.trocaire.org/education. Déan plé ar an léiriú a thugtar sa bhfógra sin ar an obair a dhéanann Trócaire.

Gníomhaíocht don Todhchaí: Tabhair ar na daltaí léirú a dhéanamh ar an saol acu féin faoi cheann 10 mbliana mar ba mhaith leo féin é a bheith. Samhlaigh mar a bheadh an saol dá n-oibreodh gach duine i bpáirt le chéile. Féadfaidh an rang pictiúr a tharraingt, nó colláisí a dhearadh, nó déantúis a chur le chéile nó litir a scríobh ón todhchaí idéalach atá leagtha amach acu. Tabhair dóthain ama don uile dhalta nó grúpa a mbarrshamhail féin a roinnt leis an rang. n flip chart and reflect on some of the recurring themes.

SAOL IOMLáN A CHAITHEAMH FAOI SHAOIRSE AGUS LE CEARTA: DÉANANN TRÓCAIRE AN BEART

OBAIR AR SON AN LEASA PHOIBLÍ: IS MÓR AG TRÓCAIRE AN DLúTHPHáIRTÍOCHT

Obair ghréasáin: Scrúdaigh na taispeántais sleamhnán, Daniel ó Uganda agus Khalid, Digna agus Domitille ar www.trocaire.org/education.

Agus an rang roinnte ina cheithre ghrúpa, scríobh amach na cearta a bhí á gceilt ar shaol na bpáistí seo sular thosaigh Trócaire ar obair a dhéanamh leis na pobail sin acu. Ansin breac cuntas ar an obair a rinne Trócaire ar mhaithe le feabhas a chur ar shaol na bpáistí agus a gcuid teaghlach.

Smaoinigh ar cheithre rud eile a dhéanfá d’fhonn a chinntiú go raibh aird á tabhairt ar chearta Daniel, Khalid, Digna agus Domitille. Déan na smaointe ag do ghrúpa féin a roinnt le do rang.

Scríobh an dúshlán focal ar an gclár bán agus déan babhta tobsmaoinimh, scríobh síos dordfhocal ar bith a luann na páistí. Cén fáth a gceapann na páistí go gcaithfimid dúshlán na bochtaineachta a thabhairt? Bain úsáid as gníomhaíocht 6 ar mhaithe le héagóir na bochtaineachta a scrúdú leis an rang.

An Dea-Scéala a scaipeadh: D’fhógair Íosa an Dea-Scéala do na boicht. Iarr ar na páistí

machnamh a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha acu go dtí seo faoi obair Trócaire. Roinn na páistí ina ngrúpaí agus tabhair orthu ailt nuachtáin a chumadh leis an gceannlíne ‘Dea-Scéala’. Féadfaidh siad díriú ar scéal Daniel, nó ar phobal ar bith eile a ndearna Trócaire obair leis. Cuir na hailt seo faoin Dea-Scéala ar taispeáint ar an bpasáiste sa scoil ionas gur féidir leis na páistí iad a léamh.

CEART AGUS CÓIR DO NA BOICHT: TUGANN TRÓCAIRE DúSHLáN NA BOCHTAINEACHTA

GNÍOMHAÍOCHT A DÓ:

GNÍOMHAÍOCHT A TRÍ:

GNÍOMHAÍOCHT A CEATHAIR:

Page 3: ACMHAINN DON BHUNSCOIL SHINSEARACH...Lastar coinneal. Déan plé ar a bhfuil i gceist le pobal faoi mar a bhaineann sé le taithí na ndaltaí: an baile, an scoil, cairde, an tír,

Gníomhaíocht Choiscéime: Trócaire – Stair agus Todhchaí

Abair leis na páistí lorg a gcosa a mharcáil ar an urlár agus na coiscéimeanna a ghearradh amach. Caithfidh siad rud éigin a scríobh amach ar gach coiscéim díobh maidir lena bhfuil déanta ag Trócaire chun domhan níos córa a chur ar bun. Ar chúl gach coiscéime caithfidh siad rud a scríobh amach a bhfuil dóchas acu go dtarlóidh sé sa todhchaí chun domhan níos fearr a chinntiú. Déan deimhin de go ndíríonn na páistí ar ghné an phobail den obair ag Trócaire. Taispeáin lorg na gcosa mar aistear foghlama ar fud an tseomra ranga.

SEASAMH A GHLACADH: IS MÓR AG TRÓCAIRE AN BHUANSEASMHACHT

AN MÓRPHICTIúR: AN DOMHAN ÉAGROTHOM SEO AGAINN

Roinn an rang ina dhá ghrúpa mar seo a leanas:Bíodh ceathrú den rang ina seasamh ag ceann

amháin an tseomra, is iad seo grúpa A.

Bíodh trí cheathrú den rang ina seasamh ag ceann eile an tseomra, is iad seo grúpa B.

Mínigh don rang go bhfuil tú chun ainmneacha tíortha éagsúla a ghlaoch amach. Bronnfar duais ar an gcéad ghrúpa a ainmníonn príomhchathair gach tíre díobh.

Má bhíonn an ceart ag grúpa A, tabhair milseán do gach duine sa ghrúpa sin.

Má bhíonn an ceart ag grúpa B, ná tabhair ach milseán amháin thar ceann na foirne ar fad.

Cuir tús leis an ngníomhaíocht agus lean de bheith ag lorg ainmneacha na bpríomhchathracha ar feadh cúpla nóiméad. Má thosaíonn baill ghrúpa B ag clamhsán faoi na rialacha, abair gur féidir na rialacha a athrú. Níl cead vótála ach ag na daoine sin a bhfuil milseáin acu áfach. Is fiú vóta amháin milseán amháin.

Plé ranga uile: Conas mar a bhí sé a bheith i do bhall de ghrúpa A nó B? Arbh fhearr leat go mbeadh gníomhaíocht eile i gceist? Cad dó go seasann na grúpaí A agus B dar leat? Seasann Grúpa A don mhionlach sin daoine sa domhan sa lá atá inniu ann atá cumhachtach. Seasann Grúpa B don chuid is mó de dhaonra an domhain nach dtugtar éisteacht dóibh go minic. Seasann Trócaire leis na daoine atá i gceist le Grúpa B, daoine a gceiltear a gcearta orthu go minic, leithéidí Daniel agus a phobal.

Cuimhnigh ar nóta a bhreacadh maidir leis an méid atá fiosraithe agus foghlamtha ag na daltaí mar threoir leis an dearadh ranga a bheidh agaibh don Chomórtas Bosca Trócaire.

GNÍOMHAÍOCHT A CúIG:

GNÍOMHAÍOCHT A SÉ:

Meabhraíonn an siombal seo obair na bpáistí a bhailiú le cur isteach ar Chomórtas Bosca Trócaire. Tabhair cuairt ar www/trocaire.org/education chun teacht ar na sonraí ar fad

Page 4: ACMHAINN DON BHUNSCOIL SHINSEARACH...Lastar coinneal. Déan plé ar a bhfuil i gceist le pobal faoi mar a bhaineann sé le taithí na ndaltaí: an baile, an scoil, cairde, an tír,

Maria Casey a scríobh na hábhair.

TRáTH NA GCEIST – CÉ CHOMH MAITH IS ATá EOLAS AGAT AR TRÓCAIRE?

SEIRBHÍS URNAITHE

Eagraigh na daltaí ina bhfoirne agus cuir na ceisteanna seo a leanas orthu. Cuimhnigh go gcabhróidh na freagraí leat chun smaoineamh ar smaointe don dearadh a bheidh agaibh don bhosca Trócaire. Tá freagraí ar na ceisteanna le fáil ar an suíomh gréasáin againn.

1. Cad is brí leis an bhfocal Trócaire?

2. Ainmnigh sé thír ina bhfuil Trócaire ag obair. (Bónasphointe breise ar fáil má tá na tíortha sin sna trí mhór- roinn ina bhfuil Trócaire ag obair – an Áise, Meiriceá Laidineach agus an Afraic.)

3. Cén tír ar a bhfuil Trócaire ag díriú i mbliana?

4. Ainmnigh ceann amháin de chearta an duine a gcabhraíonn Trócaire lena chosaint.

5. Cén earra cáiliúil a scaipeann Trócaire i dtús an Charghais ar mhaithe le hairgead a bhailiú?

6. Cén focal a seasann ‘trad’ dó in ‘Trad for Trócaire’? Iarr ar na páistí tráth na gceist Trócaire dá gcuid féin a eagrú do rang eile sa scoil. Bain úsáid as ceisteanna ilroghnacha ar mhaithe le cumas machnaimh na ndaltaí a spreagadh.

Tabhair ar na daltaí a gcuid paidreacha féin a scríobh – go gcomhoibreoidh náisiúin an domhain lena chéile ar mhaithe leis an uile dhuine, agus aird faoi leith acu ar na daoine is boichte.

Léigh na sleachta ón mBíobla thíos leis an rang. Iarr orthu ceann amháin a roghnú agus déan meirge a dhearadh timpeall air.

Uair an chloig a thógann sé ar Daniel siúl ar scoil gach lá. Tá mórán páistí in Uganda nach bhfuil an t-airgead acu chun bróga a cheannach agus caitheann siad flip fleapanna nó siúlann siad ar scoil cosnochta. Céard faoi mhúscailt feasachta a chur chun cinn i do scoilse agus siúlóid urraithe a eagrú ar mhaithe le dlúthpháirtíocht le Daniel a léiriú?

Míocá 6:8 MÍNÍODH DUIT, A DHUINE, CÉARD IS MAITH AGUS CÉARD A IARRANN AN TIARNA ORT. NÍL UAIDH ACH SEO: AN CEART A DHÉANAMH, BUANGHRá A CHOTHú AGUS SIúL GO HUMHAL I BHFOCHAIR DO DHÉ?

Seanfhocail 31:8-9OSCAIL FÉIN DO BHÉAL AR SON AN BHALBHáIN, AGUS AR SON CHEARTA CáCH ATá TRÉIGTHE. COSAIN CEARTA NA MBOCHT AGUS NA NDEALBH.

Matha 5:3 IS MÉANAR DÓIBH SEO ATá BOCHT Ó SPIORAD, ÓIR IS LEO RÍOCHT NA BHFLAITHEAS. Meabhraíonn an siombal seo obair na bpáistí a

bhailiú le cur isteach ar Chomórtas Bosca Trócaire. Tabhair cuairt ar www/trocaire.org/education chun teacht ar na sonraí ar fad

GNÍOMHAÍOCHT A SEACHT:

: