24
Leagan 2 1 Bealtaine 2020 DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: TREOIRLÍNTE DO BHUNSCOILEANNA (SCOILEANNA A FHEIDHMÍONN TRÍ MHEÁN AN BHÉARLA)

DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

Leagan 2

1 Bealtaine 2020

DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: TREOIRLÍNTE DO BHUNSCOILEANNA (SCOILEANNA A FHEIDHMÍONN TRÍ MHEÁN AN BHÉARLA)

Page 2: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

1

Clár Ábhar

1. Réamhrá .......................................................................................................................................... 2

1.1 Na prionsabail a thacaíonn leis an gCiorclán seo ...................................................................... 2

1.2 Teanga i gcuraclam na bunscoile .............................................................................................. 3

1.3 Cén fáth a meastar go bhfuil sé riachtanach cead a thabhairt do roinnt daltaí bheith

díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge? .................................................................... 3

2. Cad iad na príomhathruithe ar iarratas ar dhíolúine a phróiseáil? ................................................. 4

3. An próiseas um breithniú a dhéanamh ar iarratas ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar

Ghaeilge........................................................................................................................................... 5

3.1 Na forais le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge ..................................... 5

3.2 Cad iad na nósanna imeachta le haghaidh díolúine a dheonú ó staidéar a dhéanamh ar

Ghaeilge? ........................................................................................................................................ 6

3.3 Próiseáil a dhéanamh ar iarratas ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge ................. 6

3.4 Cad é an nós imeachta achomhairc? ........................................................................................ 7

4. Cad iad na ceanglais maidir le coimeád taifead? ............................................................................ 8

5. Cad iad na ceanglais maidir le tuairisciú? ....................................................................................... 8

6. Cad iad na socruithe do dhaltaí atá díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge? ................. 8

7. Cad iad na socruithe do dhaltaí nach gcomhlíonann na critéir le haghaidh díolúine ó staidéar

na Gaeilge? ..................................................................................................................................... 8

8. Conas ar cheart faisnéis maidir le Deimhniú Díolúine an dalta a chomhroinnt idir scoileanna? ... 8

9. Cad iad na trialacha measúnaithe molta? ....................................................................................... 9

10. Fiosrúcháin maidir le Ciorcláin ar Dhíolúintí ón nGaeilge ............................................................... 9

11. Fiosrúcháin maidir leis an bPróiseas um Achomhairc Díolúine ón nGaeilge .................................. 9

AGUISÍN 1: GLUAIS ................................................................................................................... 10

AGUISÍN 2: IARRATAS AR DHÍOLÚINE Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE ................... 12

AGUISÍN 3: TREOIR GHASTA DO PHRÓISEÁIL NA nIARRATAS .................................................. 13

AGUISÍN 4: SEICLIOSTAÍ LE hAGHAIDH IARRATAIS A PHRÓISEÁIL ........................................... 14

AGUISÍN 5: DEIMHNIÚ DÍOLÚINE Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR AN nGAEILGE .................... 23

LE NÓTÁIL

Foilsíodh an chéad leagan de na Treoirlínte seo nuair a heisíodh Ciorclán 0052/2019 i mí Lúnasa 2019.

Is ar mhaithe leis an bpróiseas trína ndéanann scoileanna iarratais ar dhíolúine a bhreithniú atá aon

leasú atá déanta bunaithe mar thoradh ar chomhairle agus ar aiseolas ó thuismitheoirí, ó phríomhoidí

scoile agus ó gheallsealbhóirí eile. NÍL AON ATHRÚ AR THÉARMAÍ AN CHIORCLÁIN. Cuirtear san

áireamh sna Treoirlínte seo freisin comhairle do scoileanna speisialta agus do scoileanna

príomhshrutha ina bhfuil ranganna speisialta os rud é nach bhfuil gá le hiarratas foirmiúil a dhéanamh

le haghaidh Deimhniú Díolúine, mar atá leagtha amach i bhfo-mhír 1.2 den Chiorclán, thar ceann

dalta/scoláire atá rollaithe sna suíomhanna seo. Tá daltaí/scoláirí atá rollaithe sna suíomhanna seo

díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ach gan Deimhniú Díolúine a bheith acu.

Page 3: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

2

1. Réamhrá Tá sé mar chuspóir ag an doiciméad seo treoir a thabhairt do scoileanna ar na cleachtais agus na

nósanna imeachta atá i gceist le hiarratais ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge i

mbunscoileanna a phróiseáil. Tugtar an treoir seo maidir le díolúintí ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

i gcomhthéacs an Chiorcláin athbhreithnithe atá eisithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna le

héifeacht ó mhí Mheán Fómhair 2019. Is é atá i gCiorclán 0052/2019 ná athbhreithniú ar Chiorclán

12/96. Ba cheart na Treoirlínte seo a léamh i gcomhar leis an gCiorclán.

Leagtar amach i gCiorclán 0052/2019 na cúinsí eisceachtúla ina bhféadfar breithniú a dhéanamh ar

dhíolúine a dheonú do dhaltaí ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge. Cinneadh tábhachtach is ea an

cinneadh díolúine a dheonú do dhalta ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge a mbeidh impleachtaí aige

d’fhoghlaim an dalta san am i láthair agus sa todhchaí. Sna Treoirlínte seo, tugtar treoir

mhionsonraithe maidir le hiarratais a phróiseáil i gcás gach ceann de na cúinsí eisceachtúla a chuirtear

i láthair sa Chiorclán. Sna Treoirlínte seo freisin, faigheann scoileanna gluais (Aguisín 1), foirm iarratais,

Deimhniú Díolúine agus seicliostaí chun phróiseáil na n-iarratas, coinneáil taifead agus tuairisciú a

threorú, agus mionsonraí faoin sásra achomhairc (Aguisíní 2- 5).

Forbraíodh na Treoirlínte seo mar fhreagairt don aiseolas leathan a fuaireadh sa chomhairliúchán

poiblí ar dhréacht chiorcláin ar dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge.1 Léiríonn siad dea-chleachtas maidir

le riachtanais fhoghlama teanga agus litearthachta na ndaltaí agus prionsabail an chothromais agus

an ionchuimsithe a shainaithint agus maidir le haghaidh thabhairt orthu. Tá na Treoirlínte freisin

bunaithe ar na prionsabail atá mar bhonn agus mar thaca ag Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB) agus

ar bhuntáistí an dátheangachas atá le baint ag gach foghlaimeoir trí dhul i ngleic le staidéar na Gaeilge

agus an Bhéarla araon.

1.1 Na prionsabail a thacaíonn leis an gCiorclán seo Tá an Ghaeilge agus an Béarla mar bhunchlocha sna curaclaim i scoileanna na hÉireann ó bhunú an

Stáit i leith. Eascraíonn sé sin as stádas an dá theanga sa Bhunreacht mar theangacha oifigiúla agus as

an aidhm fhollasach atá ag Rialtais i ndiaidh a chéile sochaí dhátheangach a fhorbairt. Mar thoradh ar

an dá theanga a chur san áireamh i gcuraclaim náisiúnta, tugtar stádas ar leith in eispéireas foghlama

na ndaltaí d’fhoghlaim teanga agus do bhuntáistí an dátheangachais. Trí fhorbairt scileanna teanga ar

feadh an tsaoil ó aois luath trí theagmháil leis an dá theanga, is féidir leanaí a ullmhú go fónta le

haghaidh teangacha breise a fhoghlaim de réir mar a théann siad ar a n-aistear tríd an oideachas agus

a ghlacann siad páirt i sochaí dhomhanda.

Is do chách iad na teangacha. I gCuraclam Teanga na Bunscoile, tugtar rochtain ar fhoghlaim teanga

do gach dalta ag leibhéal na bunscoile agus déanann Sonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí forbairt

agus doimhniú ar scileanna agus inniúlachtaí na ndaltaí sa Ghaeilge agus iad ag dul i dtreo na sraithe

sinsearaí. Mar thoradh ar Ghaeilge agus Béarla a theagasc inár mbunscoileanna faigheann ár leanaí

taithí ar an dátheangachas ó aois luath2. Cuireann scoileanna na hÉireannaigh nua san áireamh freisin,

ar daltaí iad a thugann a dteangacha féin leo ó gheall le dhá chéad tír ó áiteanna ar fud an domhain.

Ar na buntáistí a bhaineann le dhá theanga a fhoghlaim ag an aon am amháin tá feabhsuithe ar

scileanna cognaíocha, ar fheidhmiú teangeolaíoch, ar chruthaitheacht agus ar réiteach fadhbanna

toisc go mbreisítear scileanna cumarsáide agus smaointeoireachta na ndaltaí agus chomh maith lena

rannpháirtíocht sa tsochaí. Tá prionsabail an ionchuimsithe agus na difreála chun tosaigh sa soláthar

1 Flynn, N. et. al. (2019) Tuarascáil ar an gComhairliúchán Poiblí ar Dhíolúintí ó bheith ag Déanamh Staidéir ar an nGaeilge i Scoileanna 2 An Roinn Oideachais agus Scileanna, (2017) Déanann Teangacha Nasc: Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 2017-2026.

Page 4: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

3

curaclaim agus sna forbairtí curaclaim atá ann cheana. Trí dhá theanga a fhoghlaim, forbraítear

feidhmiú teangeolaíoch na ndaltaí trí thuiscint níos doimhne a fhorbairt ar an dóigh a n-oibríonn an

teanga agus ar an dóigh ar féidir í a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh. Cuireann sé lena gcumas chun

anailísiú a dhéanamhh ar conas a oibríonn an teanga, chun teangacha a chur i gcomparáid, agus chun

a machnamh a dhéanamh ar an dóigh a bhfoghlaimíonn siad teangacha, de bhreis ar na buntáistí a

sholáthraíonn sí dá bhfoghlaim i réimsí eile curaclaim.

1.2 Teanga i gcuraclam na bunscoile Leagann Curaclam Teanga na Bunscoile, atá dírithe ar gach foghlaimeoir, lena n-áirítear daltaí i

scoileanna agus i suíomhanna oideachais speisialta, torthaí foghlama agus contanaim dul chun cinn

amach don Ghaeilge agus don Bhéarla araon. Tá struchtúr Curaclam Teanga na Bunscoile bunaithe ar

chur chuige comhtháite d’fhoghlaim teanga a thacaíonn le haistriú scileanna teanga idir an Ghaeilge

agus an Béarla. Is athrú ó bhonn é an cur chuige seo in eispéireas foghlama teanga na leanaí i

mbunscoileanna agus i suíomhanna bunoideachais agus leagann sé síos an comhthéacs nach mór a

chur san áireamh agus breithniú á dhéanamh ar na critéir chun díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú

ag teacht le téarmaí an Chiorcláin seo.

Tá an Ciorclán agus na Treoirlínte seo leagtha síos freisin i gcomhthéacs na samhla um Leithdháileadh

um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta 3 . Cuireann an tsamhail seo ar chumas scoileanna

príomhshrutha tacaíocht bhreise teagaisc a thabhairt do na daltaí uile ina scoileanna a bhfuil an

tacaíocht sin de dhíth orthu bunaithe ar a riachtanais shainaitheanta foghlama sa scoil in ionad í a

bheith bunaithe go príomha ar dhiagnóis aon mhíchumais ar leith.

1.3 Cén fáth a meastar go bhfuil sé riachtanach cead a thabhairt do roinnt daltaí bheith díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge?

Soláthraíonn Curaclam Teanga na Bunscoile solúbthacht i bhfreastal ar riachtanais foghlama teanga

scoláirí aonair. Ina theannta sin tá rochtain ag scoileanna ar réimse tacaí, lena n-áirítear a bhféinriar

chun freastal ar riachtanais agus acmhainní a leithdháileadh mar a fheictear dóibh is gá ag leibhéal

áitiúil ag teacht leis an tsamhail um Leithdháileadh um Mhúinteoireacht Oideachais Speisialta.

Aithnítear, d’ainneoin na solúbthachta a sholáthraíonn Curaclam Teanga na Bunscoile, an réimse tacaí

agus rochtain ar idirghabhálacha spriocdhírithe thar thréimhse ama, gur féidir cúinsí eisceachtúla a

bheith ann ina mbíonn dalta ag streachailt le dul chun cinn leordhóthanach a dhéanamh i dteanga

teagaisc na scoile (Béarla mar T14).

Ba cheart díolmhú dalta ó staidéar na Gaeilge a bhreithniú i gcomhthéacs creat Contanam Tacaíochta

na Roinne a chabhraíonn le scoileanna riachtanais na ndaltaí a aithint agus fhreagairt dóibh. Aithnítear

sa chreat sin go mbíonn riachtanais speisialta oideachais le sonrú feadh leanúntais, idir riachtanais

éadroma, riachtanais throma, riachtanais shealadacha agus riachtanais fhadtéarmacha, agus go

dteastaíonn leibhéil dhifriúla tacaíochta ó dhaltaí, ag brath ar a riachtanais shainaitheanta oideachais.

Tá sé mar aidhm ag na Treoirlínte seo tacú le scoileanna aghaidh a thabhairt ar éagsúlacht leathan

riachtanais foghlama na ndaltaí trí na nithe seo a dhéanamh:

eispéireas foghlama difreáilte a sholáthar do dhaltaí i dtimpeallacht ionchuimsitheach scoile

3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta na mBunscoileanna Príomhshrutha: Leithdháileadh Múinteoirí Oideachais Speisialta. 4 I scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, úsáidtear Béarla (T1) mar phríomhtheanga teagaisc, ach amháin i gcás na Gaeilge. Sna scoileanna seo, múintear an Ghaeilge mar an dara theanga (T2). An Roinn Oideachais agus Scileanna (2011) Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol: An Straitéis Náisiúnta chun Litearthacht agus Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011- 2020.

Page 5: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

4

treoir a thabhairt do scoileanna agus iad ag breithniú gach iarratais ar dhíolúine ó staidéar a

dhéanamh ar Ghaeilge, le linn aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do dhaltaí maidir le lán a

gcumais a bhaint amach chun dul i ngleic le foghlaim na Gaeilge agus taithí a fháil ar bhuntáistí

an dátheangachais agus iad a ullmhú chun teangacha breise a fhoghlaim de réir mar a théann

siad ar a n-aistear tríd an oideachas agus a ghlacann siad páirt i sochaí dhomhanda

aitheantas a thabhairt don neamhspleáchas atá ag scoileanna príomhshrutha maidir le

tacaíocht bhreise teagaisc a thabhairt do na daltaí uile ina scoileanna a mbíonn gá acu leis an

tacaíocht sin, agus í bunaithe ar a riachtanais shainaitheanta foghlama in ionad í a bheith

bunaithe go príomha ar dhiagnóis aon mhíchumais ar leith (an tsamhail um Leithdháileadh

Múinteoirí Oideachais Speisialta)

a aithint nach mór cinntí a bheith bunaithe ar fhreagairt na ndaltaí d’idirghabháil

spriocdhírithe thar thréimhse ama.

2. Cad iad na príomhathruithe ar iarratas ar dhíolúine a phróiseáil? Tá sé mar aidhm ag na príomhathruithe a chuirtear i láthair i gCiorclán 0052/2019 tacú le

rannpháirtíocht iomlán agus rochtain na ndaltaí ar Curaclam Teanga na Bunscoile ag teacht lena

gcumas, agus tacú le scoileanna agus múinteoirí agus iad ag freastal ar na riachtanais sin.

Breithniú na teanga teagaisc sa scoil

Tá an Ciorclán agus na Treoirlínte seo le cur i bhfeidhm i mbunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán

an Bhéarla amháin.

Riachtanais foghlama teanga na ndaltaí i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta i

scoileanna príomhshrutha

Aithnítear an t-údarás atá tarmligthe do scoileanna speisialta agus do scoileanna príomhshrutha ina

bhfuil ranganna speisialta sa chinnteoireacht maidir le riachtanais foghlama Gaeilge na ndaltaí atá

rollaithe i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta i mbunscoileanna príomhshrutha.

Na cúinsí eisceachtúla inar féidir díolúine a dheonú

Léiríonn na cúinsí eisceachtúla inar féidir díolúine a dheonú do dhaltaí ó staidéar a dhéanamh ar an

nGaeilge na forbairtí i soláthar curaclaim agus oideachais ar bhonn níos ginearálta, lena n-áirítear

tuiscintí reatha maidir le dheacrachtaí agus difríochtaí foghlama.

Breithniú ar an gcéim is oiriúnaí ag ar cheart díolúine a dheonú ó staidéar a dhéanamh ar

Ghaeilge

Ag teacht leis na prionsabail atá mar bhonn le Curaclam Teanga na Bunscoile agus leis an gContanam

Tacaíochta, leagann an Ciorclán seo síos aois 12 bhliain nó an bhliain dheireanach sa bhunoideachas

mar an tráth is oiriúnaí chun iarratas a bhreithniú ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge i

gcás daltaí

i. a fuair a mbunoideachas lasmuigh den stát nó

ii. atá ag athrollú tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear.

I gcás daltaí a bhfuil deacrachtaí suntasacha agus marthanacha foghlama acu, féadfar díolúine a

bhreithniú sa chás ina bhfuil rang a dó ar a laghad bainte amach acu sa bhunscoil.

Page 6: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

5

Ag bogadh ar shiúl ó dhiagnóis i leith riachtanais foghlama na ndaltaí a shainaithint

Ag teacht le beartais eile na Roinne i réimse na riachtanas speisialta oideachais, tacaíonn an Ciorclán

seo le sainaithint riachtanas seachas le húsáid a bhaint as samhail dhiagnóiseach, chatagórúil.

Measúnuithe síceolaíochta agus scóir chumais chognaíoch

Níl gá níos mó le measúnaithe síceolaíocha agus scóir cumais chognaíoch chun iarratais ar dhíolúine ó

staidéar na Gaeilge a phróiseáil.

Scóir ghnóthachtála litearthachta mar chritéir

I gcás daltaí a bhfuil deacrachtaí suntasacha agus marthanacha foghlama acu, níl ach aon scór

gnóthachtála litearthachta amháin ag/faoi bhun an 10ú peircintíl in aon cheann de Léitheoireacht

Focal, Léamhthuiscint nó Litriú i gceist sna critéir le haghaidh díolúine.

Sásra achomhairc

Sa chás go ndiúltaítear d’iarratas ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, is féidir

achomharc a iarraidh ar an gCoiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge.

3. An próiseas um breithniú a dhéanamh ar iarratas ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

Is cinneadh an-tábhachtach é díolúine a dheonú do dhalta ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge nár

cheart a bhreithniú ach amháin i gcúinsí eisceachtúla toisc go mbeidh impleachtaí aige i leith fhoghlaim

an dalta sa todhchaí. Ní mór an cinneadh ar dhíolúine a dheonú do dhalta ó staidéar a dhéanamh ar

Ghaeilge a bhreithniú freisin i gcomhthéacs bheartas na scoile maidir le díolúine ó staidéar a

dhéanamh ar Ghaeilge. Féadfaidh tuismitheoirí nó caomhnóirí a iarraidh go dtionscnófaí an próiseas

um dhíolúine a dheonú ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge.

A luaithe atá sé soiléir go bhfuil sé beartaithe ag an tuismitheoir/na tuismitheoirí, ag an gcaomhnóir/na

caomhnóirí iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Díolúine, ba cheart don phríomhoide a chinntiú go

dtabharfar míniú soiléir ar gach céim den phróiseas, lena n-áirítear na doiciméid riachtanacha ar fad

(féach Cuid 3.2 agus Cuid 3.3).

3.1 Na forais le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge Leagtar amach i gCuid 2.2 de Chiorclán 0052/2019 na cúinsí eisceachtúla ina bhféadfar breithniú a

dhéanamh ar dhíolúine a dheonú do dhalta ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge:

a. daltaí a fuair a gcuid oideachais suas go dtí 12 bhliain d’aois (nó suas go dtí an bhliain

dheireanach, agus an bhliain sin san áireamh, dá gcuid bunoideachais) lasmuigh den stát

agus nach raibh deis acu dul i mbun staidéar ar an nGaeilge

b. daltaí a bhí rollaithe cheana mar dhaltaí aitheanta i mbunscoileanna agus atá á n-athrollú tar

éis tréimhse a chaitheamh thar lear, ar choinníoll go bhfuil trí bliana as a chéile ar laghad

caite ó rollaíodh iad roimhe seo sa stát agus iad 12 bhliain d’aois ar a laghad ar athrollú

dóibh.

Page 7: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

6

c. daltaí

i. a bhfuil an dara rang bainte amach acu ar a laghad

agus

ii. ag a bhfuil deacrachtaí suntasacha foghlama acu atá leanúnach, d’ainneoin go raibh

rochtain acu ar chur chuige difreáilte maidir le foghlaim teanga agus litearthachta i

nGaeilge agus i mBéarla thar thréimhse ama. Ba cheart go gcuimseofaí fianaise

dhoiciméadach den chineál seo, a shealbhaíonn an scoil, Pleananna Tacaíochta Scoláirí ina

mionsonraítear

athbhreithnithe rialta ar riachtanais foghlama mar chuid de thimthriall measúnachta

leanúnaí

spriocanna a leagadh amach

idirghabháil agus athbhreithniú atá bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear scóir tástála

(léamh focal, léamhthuiscint, litriú, scóir eile teanga/litearthachta) ag príomhphointí

athbhreithnithe.

agus

iii. tráth an iarratais ar dhíolúine ba cheart don dalta scór caighdeánaithe ar thástáil scoite sa

Léamh Focal, sa Léamhthuiscint nó sa Litriú a bheith bainte amach atá ag/faoi bhun an

10ú peircintíl.

iv. daltaí ar eachtrannach atá in Éirinn mar oifigeach taidhleoireachta nó consulach duine dá

t(h)uismitheoirí/c(h)aomhnóirí.

3.2 Cad iad na nósanna imeachta le haghaidh díolúine a dheonú ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge? I gcás gach ceann de na cúinsí eisceachtúla a leagtar amach thuas agus i gCuid 2.2 den Chiorclán,

caithfidh an tuismitheoir/na tuismitheoirí nó an caomhnóir/na caomhnóirí, thar ceann an dalta

iarratas foirmiúil i scríbhinn (Aguisín 2) a dhéanamh chuig an scoil ar Dheimhniú Díolúine ó staidéar a

dhéanamh ar Ghaeilge. Agus é/í ag teacht ar chinneadh ar cé acu ar cheart díolúine a dheonú nó a

dhiúltú, is amhlaidh, de réir mar is cuí, go rachaidh an príomhoide i ndáil chomhairle leis an

tuismitheoir/na tuismitheoirí nó leis an gcaomhnóir/na caomhnóirí agus leis an dalta a bhfuil an t-

iarratas á dhéanamh thar a c(h)eann agus le pearsanra ábhartha scoile agus sásóidh sé/sí é/í féin go

bhfuarthas rochtain ar an bhfianaise ar fad lena mbaineann.

3.3 Próiseáil a dhéanamh ar iarratas ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge Próiseálann príomhoide na scoile, thar ceann bhord bainistíochta na scoile, na hiarratais a fhaigheann

an scoil ar Dheimhniú Díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge. Cuirtear in iúl san iarratas foirmiúil

i scríbhinn arna chur isteach ag an tuismitheoir/na tuismitheoirí, ag an gcaomhnóir/na caomhnóirí an

cúinse eisceachtúil atá mar fhoras don iarratas, de réir fhomhíreanna 2.2a, 2.2b, 2.2c nó 2.2d de

Chiorclán 0052/2019.

Agus é/í ag breithniú an iarratais, déanfaidh an príomhoide na nithe seo a leanas:

A chinntiú go bhfuil an dáta ar a bhfuair an scoil an t-iarratas taifeadta ar an bhfoirm.

Admháil i scríbhinn a thabhairt, á rá go bhfuarthas an t-iarratas ar dhíolúine ó staidéar a

dhéanamh ar Ghaeilge.

An t-iarratas i scríbhinn a phlé leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí, leis an gcaomhnóir/na

caomhnóirí agus an fhomhír atá mar fhoras don iarratas (2.2a, 2.2b, 2.2c nó 2.2d) a dheimhniú.

Page 8: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

7

Eolas a thabhairt don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí

faoi na chéad chéimeanna eile de phróiseáil an iarratais.

Eolas a thabhairt don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí

faoi aon impleachtaí a bheidh ann don dalta le linn a (h)oideachas bunscoile agus sa todhchaí

má dheonaítear an díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge.

A chur in iúl don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go

bpróiseálfar an t-iarratas agus go ndeimhneofar an toradh i scríbhinn laistigh de 21 lá scoile

ón iarratas a fháil.

A mhíniú don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go n-

eiseofar Deimhniú Díolúine sínithe i gcás go gcinnfear go bhféadfar díolúine a dheonú ó

staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge.

A chur in iúl don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go

bhféadfar i gcás go ndiúltaítear d’iarratas, achomharc in aghaidh chinneadh na scoile a

dhéanamh chuig an gCoiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge laistigh de 30 lá féilire ón

dáta a gcuirtear cinneadh na scoile gan díolúine a dheonú in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do

na tuismitheoirí nó don chaomhnóir/do na caomhnóirí.

Eolas a thabhairt don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí

maidir leis na socruithe d’fhoghlaim an dalta i gcás go ndeonófar díolúine.

Úsáid a bhaint as an Treoir Ghasta agus na Seicliostaí atá curtha ar fáil (Aguisín 3 agus Aguisín

4) chun próiseáil an iarratais a threorú i gcás na fomhíre ábhartha i gCuid 2.2 den Chiorclán.

Toradh an iarratais a chur in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don

chaomhnóir/do na caomhnóirí.

Socruithe a dhéanamh chun go gcoimeádfar an fhoirm iarratais agus na doiciméid tacaíochta

ar fad de réir na reachtaíochta um chosaint sonraí, lena n-áirítear cóip den Deimhniú Díolúine

(Aguisín 5), nuair is infheidhme, agus an Seicliosta.

I gcás go ndeonófar díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge, ba cheart taifead an dalta ar

an mBunachar Sonraí Ar Líne do Bhunscoileanna (POD) a nuashonrú ach mionsonraí a

thabhairt faoin dáta a deonaíodh an díolúine agus faoi na forais ar ar deonaíodh an díolúine.

3.4 Cad é an nós imeachta achomhairc? Más mian le tuismitheoir/caomhnóir achomharc a dhéanamh, beidh an t-achomharc teoranta

d'athbhreithniú ar cé acu ar chloígh an scoil le próiseáil an iarratais ar dhíolúine ón nGaeilge de réir

mar atá leagtha amach sa Chiorclán agus sna Treoirlínte seo.

Féadfaidh an tuismitheoir/na tuismitheoirí nó an caomhnóir/na caomhnóirí, laistigh de 30 lá féilire ón

dáta a gcuirtear cinneadh na scoile gan díolúine a dheonú in iúl i scríbhinn, achomharc a dhéanamh

chuig an gCoiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge in aghaidh chinneadh na scoile gan díolúine a

dheonú. Tá an fhoirm achomhairc ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne,

https://www.education.ie/ga/Tuismitheoirí/Eolas/Díolúine-ón-nGaeilge/Foirmeacha.html.

Ba cheart breac-chuntas a thabhairt san achomharc i scríbhinn ar an gcúis shonrach/na cúiseanna

sonracha a bhfuil an t-iarratasóir ag déanamh achomhairc in aghaidh an chinnidh agus ar na cúinsí ina

meastar nár cuireadh an próiseas i bhfeidhm i gceart.

Féadfaidh aon tuismitheoir nó aon chaomhnóir atá míshásta le toradh an achomhairc chuig an gCoiste

Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge, dul in iontaoibh an Ombudsman do Leanaí i gcás go mbeidh

an dalta a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh thar a c(h)eann faoi bhun 18 mbliana d’aois, nó an

Ombudsman.

Page 9: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

8

4. Cad iad na ceanglais maidir le coimeád taifead? Ní mór na doiciméid ar fad a bhaineann leis an iarratas agus leis an nós imeachta próiseála, lena n-

áirítear mionsonraí faoin gcinneadh/cóip den Deimhniú Díolúine nuair is iomchuí, a choinneáil sa

Chomhad Tacaíochta Scoláire/sa Chomhad Díolúine Dalta de réir mar is iomchuí, agus ba cheart iad a

bheith ar fáil lena n-athbhreithniú ag oifigigh údaraithe de chuid na Roinne.

5. Cad iad na ceanglais maidir le tuairisciú? Ceanglófar ar lucht bainistíochta na scoile faisnéis staitistiúil a sholáthar don Roinn maidir leis an líon

díolúintí a deonaíodh faoi Chiorclán 0052/2019 sa scoilbhliain roimhe agus maidir leis na forais ar ar

deonaíodh na díolúintí sin ach an Bunachar Sonraí Ar Líne do Bhunscoileanna (POD) a úsáid.

Ba cheart gach dalta ar deonaíodh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge dóibh a thaifeadadh ar

an gcóras Bunachar Sonraí Ar Líne do Bhunsoileanna (POD), lena n-áirítear na daltaí sin a roghnaigh

gan feidhm a bhaint as an díolúine a deonaíodh in aon soilbhliain ar leith (alt 2.3 de Chiorclán

0052/2019).

6. Cad iad na socruithe do dhaltaí atá díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge?

Ba cheart do scoileanna, nuair is iomchuí, riachtanais foghlama litearthachta na ndaltaí atá

díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge a chur san áireamh agus iad ag leithdháileadh na n-

acmhainní teagaisc riachtanais speisialta oideachais atá ar fáil. Chun tacú le cleachtais

ionchuimsitheacha, ba cheart dalta atá díolmhaithe ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a áireamh

ar bhealach bríoch i ngnéithe de ghníomhaíochtaí Gaeilge agus cultúrtha de réir a c(h)umas agus

sainspéiseanna.

Sa chás go bhfuil riachtanais Béarla mar theanga bhreise ag dalta, ba cheart rochtain a thabhairt dó/di

ar dhianchúrsa Béarla mar theanga bhreise mar ulmhúchán dá rannpháirtíocht iomlán i gCuraclam

Teanga na Bunscoile ag leibhéal a thagann lena c(h)umas.

7. Cad iad na socruithe do dhaltaí nach gcomhlíonann na critéir le haghaidh díolúine ó staidéar na Gaeilge?

Ba chóir cur chuige difreáilte i leith fhoghlaim teanga agus aon tacaíochtaí eile a sholáthar do dhaltaí

a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nach gcomhlíonann na critéir maidir le díolúine ón

nGaeilge de réir Treoirlínte do Ag Tacú le Daltaí i Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Riachtanais

Speisialta Oideachais acu agus le Riachtanais Speisialta Oideachais: Contanam Tacaíochta.

I gcásanna den sórt sin, ba chóir don scoil athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir cur chuige

foghlama difreáilte a sholáthar chun an cuidiú is fearr a thabhairt don dalta dul i mbun a c(h)uid

foghlama a mhéid is féidir agus ag leibhéal a oireann dá riachtanais. Is féidir leis an bpríomhoide

machnamh a dhéanamh ar chomhairliúchán le síceolaí ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais

(SNSO/NEPS) freisin.

8. Conas ar cheart faisnéis maidir le Deimhniú Díolúine an dalta a chomhroinnt idir scoileanna?

Sa chás go ndeonaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge do dhalta i scoil phríomhshrutha, ba chóir

Deimhniú Díolúine (Aguisín 5) a chomhlánú agus a eisiúint chuig tuismitheoir(í)/caomhnóir(í).

Page 10: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

9

I gcás dalta atá ag aistriú chuig scoil/rang príomhshrutha ó scoil/rang speisialta ba chóir do

phríomhoide na scoile/ranga speisialta, chun cuidiú leis an aistriú, Deimhniú Díolúine a thabhairt don

dalta de réir Alt 1.2 den Chiorclán. Ba chóir go mbeadh Comhad Tacaíochta an Scoláire cothrom le

dáta agus ba chóir go mbeadh cóip den Deimhniú Díolúine san áireamh ann.

Is é/í an tuismitheoir nó an caomhnóir atá freagrach as a chinntiú go gcuirtear cóip den Deimhniú

Díolúine ar fáil don scoil ag a bhfuil an dalta ag aistriú.

9. Cad iad na trialacha measúnaithe molta? Tá nóta gearr treorach maidir le rohgnú trialacha measúnaithe foilsithe ar láithreán gréasáin na

Roinne. Is féidir teacht air seo anseo: www.education.ie/ga/Tuismitheoirí/Eolas/Díolúine-ón-

nGaeilge/Díolúine-ón-Gaeilge.html. Is féidir teacht ar threoir maidir le measúnú agus le hidirghabháil

ag www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Seirbhísí/An-tSeirbhís-Náisiúnta-Síceolaíochta-

Oideachais-NEPS-/Acmhainni-Foilseachain.html. Tá comhairle ar fáil freisin ón tSeirbhís Náisiúnta

Síceolaíochta Oideachais (SNSO/NEPS), An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) agus

ó fhoilsitheoirí na dtrialacha féin faoi na trialacha cuí le húsáid chun críche áirithe.

10. Fiosrúcháin maidir le Ciorcláin ar Dhíolúintí ón nGaeilge R-phost: [email protected]

Seoladh: An tAonad um Beartas Curaclaim agus Measúnachta (CAP)

An Roinn Oideachais agus Scileanna

Sráid Maoilbhríde

Baile Átha Cliath 1.

D01 RC96

Teil: 01-889 2257 / 2384

11. Fiosrúcháin maidir leis an bPróiseas um Achomhairc Díolúine ón nGaeilge

R-phost: [email protected]

Seoladh: Rannóg Bunachar Sonraí agus Airgeadais na Scoileanna

An Roinn Oideachais agus Scileanna

Corr na Madadh

Baile Átha Luain

Co. na hIarmhí.

N37 X659

Teil: (090) 648 3896 / 4269 / 4030

Page 11: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

10

AGUISÍN 1: GLUAIS Eispéireas Foghlama Difreáilte

Is éard is difreáil ann ná creat le haghaidh teagasc éifeachtach, áit a dtugtar bealaí difriúla chun na

foghlama do dhaltaí difriúla. Is próiseas é ar laistigh de a fhreastalaítear ar na difríochtaí idir

foghlaimeoirí chun go mbeidh rochtain fhiúntach ag gach dalta in aon ghrúpa ar an gcuraclam agus

chun gur féidir leo páirt a ghlacadh ina gcuid foghlama. Cinntíonn sé go bhfuil na nithe a fhoghlaimíonn

dalta, an dóigh a bhfoghlaimíonn sé/sí agus an dóigh a dtaispeántar an fhoghlaim sin ag teacht le

leibhéal réidhe agus spéis an dalta aonair agus leis an modh roghnaithe foghlama dó/di. Tá difreáil ina

bealach réamhghníomhach le haghaidh modhanna teagaisc agus foghlama a choigeartú, rud a bhfuil

pleanáil ar leibhéal an mhúinteora aonair agus ar leibhéal na scoile uile i gceist leis.

Scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla

I scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, úsáidtear an Béarla (T1) mar phríomhtheanga an teagaisc,

ach amháin i gcás na Gaeilge. I gcás scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, leagtar amach in

Curaclam Teanga na Bunscoile go n-úsáidfear Gaeilge agus Béarla araon i gcur i bhfeidhm an

churaclaim.

Treoirlínte do Bhunscoileanna: Ag Tacú le Daltaí i Scoileanna Príomhshrutha a bhfuil Riachtanais

Speisialta Oideachais acu

Leis na treoirlínte seo, tacaítear le scoileanna cur chun feidhme a dhéanamh ar an tsamhail

athbhreithnithe le haghaidh acmhainní teagaisc oideachais speisialta a leithdháileadh. Déantar

soláthar éifeachtach do dhaltaí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu laistigh de chreat

cuimsitheach scoile uile lena leagtar béim ar an teagasc agus an fhoghlaim éifeachtach do chách agus

ar dhea-chomhar agus dea-theagmháil idir scoileanna, tuismitheoirí/caomhnóirí agus daltaí.

https://www.education.ie/ga/An-Córas-Oideachais/Oideachas-Speisialta/

Oideachas Ionchuimsitheach

De réir na Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (2011), is é is ionchuimsiú ann ná an próiseas

trína dtugtar aghaidh ar na riachtanais éagsúla atá ag foghlaimeoirí agus trína bhfreagraítear do na

riachtanais sin. Is é atá i gceist leis deireadh a chur le bacainní ionas go gcumasófar do gach

foghlaimeoir an tairbhe is mó is féidir a bhaint as a scolaíocht. www.ncse.ie/inclusive-education-

frameworka agus www.sess.ie/special-education-teacher-allocation/primary/continuing-

professional-development-cpd-primary

Príomhphointí Athbhreithniúcháin

Faoin Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta, is gá measúnuithe caighdeánaithe a

dhéanamh ag trí phointe éigeantacha anois. Luaitear i gCuid 6.4 de Chiorclán 0056/2011 go

gceanglaítear ar scoileanna trialacha caighdeánaithe a sheoladh i Léitheoireacht an Bhéarla agus

Matamaitic le linn mhí na Bealtaine/mhí an Mheithimh do gach dalta i ranganna 2, 4 agus 6.

https://www.education.ie/ga/Ciorcláin-agus-Foirmeacha/Ciorcláin-Gníomhacha/cl0056_2011_ir.pdf

Curaclam Teanga na Bunscoile

Tá Curaclam Teanga na Bunscoile ceaptha do mhúinteoirí a bhfuil leanaí de gach cumas acu, i ngach

comhthéacs scoile. Tugtar leis an gcuraclam comhtháite tacaíocht do mhúinteoirí chun cabhrú le gach

leanbh an fhoghlaim atá riachtanach i dteanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a bhaint

amach. Tá an beartas seo ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2010).

http://www.curriculumonline.ie/primary

https://www.education.ie/ga/An-Córas-Oideachais/An-Straitéis-20-Bliain-don-Ghaeilge-2010-2030/

Page 12: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

11

Critéir Dhul Chun Cinn

Tugtar leis na Critéir Dhul Chun Cinn atá in Curaclam Teanga na Bunscoile creat do mhúinteoirí a bhfuil

mar aidhm leis cabhrú leo cinntí eolacha a dhéanamh chun tacú le foghlaim teanga a gcuid daltaí agus

chun na chéad chéimeanna eile den fhoghlaim teanga a shainaithint.

Riachtanas Speisialta Oideachais: Leanúntas Tacaíochta

Leag an Roinn Oideachais agus Scileanna creat an Leanúntais Tacaíochta amach chun cabhrú le

scoileanna na riachtanais atá ag daltaí a shainaithint agus freagairt do na riachtanais sin. Aithnítear sa

chreat sin go mbíonn riachtanais speisialta oideachais le sonrú feadh leanúntais, idir riachtanais

éadroma, riachtanais throma, riachtanais shealadacha agus riachtanais mharthanacha, agus go

dteastaíonn leibhéil dhifriúla tacaíochta ó dhaltaí, ag brath ar a riachtanais shainaitheanta oideachais.

https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Col%C3%A1ist%C3%AD/Seirbh%C3%ADs%C3%AD/An-

tSeirbh%C3%ADs-N%C3%A1isi%C3%BAnta-S%C3%ADceola%C3%ADochta-Oideachais-NEPS-

/Acmhainni-Foilseachain.html

Leithdháileadh Múinteoirí Oideachais Speisialta

Faoin tsamhail athbhreithnithe, soláthraíonn an Roinn tacaí teagaisc oideachais speisialta go díreach

do scoileanna, bunaithe ar a bpróifíl oideachais (comhpháirt bhonnlíne san áireamh). Tugtar tuilleadh

saoirse do scoileanna acmhainní teagaisc a leithdháileadh ar bhealach solúbtha atá bunaithe ar na

riachtanais atá ag daltaí, gan aon ghá le míchumas a dhiagnóisiú. Ceann de na príomhphrionsabail atá

taobh thiar den tsamhail is ea go mbeidh gach dalta in ann rollú ina scoil áitiúil, beag beann ar na

riachtanais speisialta oideachais atá acu, agus go gcuirfear fáilte rompu sa scoil sin.

Comhad Tacaíochta Scoláire

Cuireadh Comhad Tacaíochta Scoláire le chéile chun scoileanna a chumasú idirghabhálacha a phleanáil

agus conair an dalta tríd an Leanúntas Tacaíochta a rianú. Leis an gComhad, éascaítear múinteoirí i

ndul chun cinn agus riachtanais a dhoiciméadú thar thréimhse ama agus cabhraítear leo leibhéal cuí

tacaíochta a thabhairt do dhaltaí, ar aon dul lena leibhéal riachtanais. Is sa Chomhad Tacaíochta

Scoláire a choinnítear le chéile an fhaisnéis ar fad faoin tacaíocht a thugtar don dalta: an fhaisnéis a

bailíodh, pleananna, idirghabhálacha agus athbhreithnithe, a bhíonn bunaithe ar chomhairliúcháin le

gairmithe eile nuair is ábhartha.

https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Col%C3%A1ist%C3%AD/Seirbh%C3%ADs%C3%AD/An-

tSeirbh%C3%ADs-N%C3%A1isi%C3%BAnta-S%C3%ADceola%C3%ADochta-Oideachais-NEPS-

/comhad-an-scolaire-um-leanuntas-tacaiochta-treoirlinte.pdf

Plean Tacaíochta Dalta

Cuirtear feabhas ar an soláthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu trí phróisis

sainaitheanta soiléire a sheoladh agus trí idirghabhálacha a phleanáil go cúramach chun aghaidh a

thabhairt ar riachtanais forbartha acadúla agus/nó riachtanais forbartha pearsanta agus sóisialta.

Gnéithe ríthábhachtacha de phróiseas comhtháite comhoibríoch um réiteach fadhbanna is ea

riachtanais a shainaithint, pleanáil a dhéanamh, spriocanna a shocrú agus faireachán a dhéanamh ar

thorthaí. Taifeadtar mionsonraí sa Phlean Tacaíochta Dalta.

Marthanach/leanúnach

Is é atá i gceist leis seo ná na deacrachtaí suntasacha marthanacha atá ag leanaí áirithe leis an

léitheoireacht ar chúis ar bith, beag beann ar an rochtain atá acu ar dheiseanna foghlama atá

éifeachtach agus cuí d’fhormhór na leanaí eile.

Page 13: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

12

AGUISÍN 2: IARRATAS AR DHÍOLÚINE Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE

Iarratas ar Dhíolúine ó Staidéar a Dhéanamh ar Ghaeilge Bunscoileanna

Lena chomhlánú ag an tuismitheoir/na tuismitheoirí nó ag an gcaomhnóir/na caomhnóirí

Ainm an dalta

Dáta breithe

Rang

Ainm na scoile

Is mian liom/linn iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge thar ceann _________________________________(ainm) Cuir in iúl () an foras le hiarratas a dhéanamh ar dhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge de réir Chiorclán 0052/19

2.2a: Daltaí a fuair a gcuid oideachais suas go dtí 12 bhliain d’aois (nó suas go dtí an bhliain dheireanach, agus an bhliain sin san áireamh, dá gcuid bunoideachais) lasmuigh den stát agus nach raibh deis acu dul i mbun staidéir ar an nGaeilge.

2.2b: Daltaí a bhí rollaithe cheana mar dhaltaí aitheanta i mbunscoileanna agus atá á n-athrollú tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear, ar choinníoll go bhfuil trí bliana as a chéile ar a laghad caite ó rollaíodh iad roimhe seo sa stát agus iad 12 bhliain d’aois ar a laghad ar athrollú dóibh.

2.2c: Daltaí a bhfuil an dara rang bainte amach acu ar a laghad agus a bhfuil deacrachtaí suntasacha foghlama acu atá leanúnach, d’ainneoin go raibh rochtain acu ar chur chuige difreáilte maidir le foghlaim teanga agus litearthacht i nGaeilge agus i mBéarla thar thréimhse ama agus tráth an iarratais a bhfuil scór caighdeánaithe acu ar thástáil scoite i Léitheoireacht Focal, Léamhthuiscint nó Litriú ag/faoi bhun an 10ú peircintíl.

2.2d Daltaí ar eachtrannach atá in Éirinn mar oifigeach taidhleoireachta nó consulach duine dá t(h)uismitheoirí/c(h)aomhnóirí.

Tabhair mionsonraí faoi aon doiciméid tacaíochta atá á gcur isteach chuig an scoil 1. ______________________________________________________________________________

2. ______________________________________________________________________________

3. ______________________________________________________________________________

4. ______________________________________________________________________________

Tuigim/tuigimid, a bhfuil m’ainm/ár n-ainmneacha leis seo thíos, go bhféadfar na doiciméid atá á soláthar a athbhreithniú le linn do phearsanra ábhartha scoile agus do ghairmithe eile, nuair is gá, an t-iarratas seo a phróiseáil.

Sínithe _______________________________ Dáta: ___________________________ Sínithe________________________________ Dáta: ____________________________

Don scoil amháin: Dáta a fuarthas an t-iarratas:

Príomhoide: ___________________ Dáta:________________________

Uimhir rolla na scoile: ____________

Page 14: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

13

AGUISÍN 3: TREOIR GHASTA DO PHRÓISEÁIL NA nIARRATAS

- Comhairliúchán le

tuismitheoir(í)/caomhnóir(í)/dalta

-Comhairligh maidir leis an bpróiseas

agus impleachtaí a d’fhéadfadh a

bheith ag díolúine

Iarratas i scríbhinn ar Dhíolúine ó Staidéar na Gaeilge chuig an Scoil

(Próiseáil t-iarratas laistigh de 21 lá scoile)

Deimhnigh an fhomhír den Chiorclán

atá mar fhoras don iarratas

2.2a nó 2.2b nó 2.2.d

Deimhnigh an fhomhír den Chiorclán

atá mar fhoras don iarratas

2.2c

- Athbhreithnigh fianaise maidir le haois agus staid

sa bhunoideachas (2.2a)

- Athbhreithnigh fianaise ar aois, tréimhse lasmuigh

den stát, tréimhse(í) rollacháin cheana mar dhalta

aitheanta (2.2b)

-Athbhreithnigh fianaise ar státas

tadhlaidheoireachta an tuismitheora (2.2d)

- Comhairliúchán le

tuismitheoir(í)/caomhnóir(í)

- Comhairligh maidir leis an bpróiseas

agus impleachtaí a d’fhéadfadh a

bheith ag díolúine

- Téigh i gcomhairle leis an múinteoir ranga agus an fhoireann riachtanais speisialta oideachais

-Cinntigh go bhfuil an dara rang ar a laghad bainte amach ag an dalta

- Athbhreithnigh fianaise ar fhreagairt d’idirghabháil spriocdhírithe atá taifeadta sa Chomhad Tacaíochta Scoláire

- Athbhreithnigh scóir ghnóthachtála sa litearthacht ag tráth an iarratais

Comhlánaigh an Seicliosta

Ní thagann leis na critéir –

Dearbhaigh an cinneadh i scríbhinn

Tagann leis na critéir –

Eisigh Deimhniú Díolúine

Taifead an cinneadh ar POD

Cuir in iúl go bhfuil rogha ann gan leas a bhaint

as an díolúine a deonaíodh, gan an ceart chun

leas a bhaint as an díolúine amach anseo a

chailleadh ar aon bhealach.

Comhairligh maidir leis an rogha

achomharc a dhéanamh ar chinneadh

na scoile chuig an gCoiste Achomharc

um Dhíolúintí ón nGaeilge

Page 15: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

14

AGUISÍN 4: SEICLIOSTAÍ LE hAGHAIDH IARRATAIS A PHRÓISEÁIL

Seicliosta le hAghaidh Próiseáil a Dhéanamh ar Iarratais ar Dhíolúine ó Staidéar a dhéanamh

ar Ghaeilge de réir Chiorclán 0052/2019 Fomhír 2.2a: ................................... Leathanach15

Daltaí fuair a gcuid oideachais suas go dtí 12 bhliain d’aois (nó suas go dtí an bhliain dheireanach,

agus an bhliain sin san áireamh, dá gcuid bunoideachais) lasmuigh den stát agus nach raibh deis

acu dul i mbun staidéir ar an nGaeilge.

Seicliosta le hAghaidh Próiseáil a dhéanamh ar Iarratais ar Dhíolúine ó Staidéar a dhéanamh

ar Ghaeilge de réir Chiorclán 0052/2019 Fomhír 2.2b ................................... Leathanach 17

Daltaí bhí rollaithe cheana mar dhaltaí aitheanta i mbunscoileanna agus atá á n-athrollú tar éis

tréimhse a chaitheamh thar lear, ar choinníoll go bhfuil trí bliana as a chéile ar a laghad caite ó

rollaíodh iad roimhe seo sa stát agus iad 12 bhliain d’aois ar a laghad ar athrollú dóibh.

Seicliosta le hAghaidh Próiseáil a dhéanamh Ar Iarratais ar dhíolúine ó Staidéar a dhéanamh

ar Ghaeilge de réir Chiorclán 0052/2019 Fomhír 2.2c ................................... Leathanach 19

Daltaí a bhfuil an dara rang bainte amach acu ar a laghad agus a bhfuil deacrachtaí suntasacha

foghlama acu atá leanúnach, d’ainneoin go raibh rochtain acu ar chur chuige difreáilte maidir le

foghlaim teanga agus litearthacht i nGaeilge agus i mBéarla thar thréimhse ama agus tráth an

iarratais a bhfuil scór caighdeánaithe acu ar thástáil scoite i Léitheoireacht Focal, Léamhthuiscint

nó Litriú ag/faoi bhun an 10ú peircintíl.

Seicliosta le hAghaidh próiseáil a dhéanamh ar Iarratais ar Dhíolúine ó Staidéar a dhéanamh

ar Ghaeilge de réir Chiorclán 0052/2019 Fomhír 2.2d ................................... Leathanach 21

Daltaí ar eachtrannach atá in Éirinn mar oifigeach taidhleoireachta nó consulach duine dá

t(h)uismitheoirí/c(h)aomhnóirí.

Page 16: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

Lch 1 de 2

15

SEICLIOSTA LE hAGHAIDH PRÓISEÁIL A DHÉANAMH AR IARRATAIS AR DHÍOLÚINE Ó STAIDÉAR A

DHÉANAMH AR GHAEILGE DE RÉIR CHIORCLÁN 0052/2019 2.2a:

Daltaí fuair a gcuid oideachais suas go dtí 12 bhliain d’aois (nó suas go dtí an bhliain dheireanach, agus

an bhliain sin san áireamh, dá gcuid bunoideachais) lasmuigh den stát agus nach raibh deis acu dul i

mbun staidéir ar an nGaeilge.

Ainm na scoile

Uimhir rolla na scoile

Ainm an dalta

Dáta breithe

UPSP an dalta

1. AN tIARRATAS A FHÁIL

a) Tá an dáta ar a bhfuair an scoil an t-iarratas taifeadta ar an bhfoirm. Tá Níl

b) Admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an t-iarratas agus cuireadh in iúl don

tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go bpróiseálfar

an t-iarratas laistigh de 21 lá scoile ón dáta a fuarthas an t-iarratas.

Tá Níl

2. AN tIARRATAS A BHREITHNIÚ

a) Tá an t-iarratas i scríbhinn agus na doiciméid tacaíochta pléite leis an

tuismitheoir/na tuismitheoirí, leis an gcaomhnóir/na caomhnóirí agus an fhomhír

atá mar bhunús leis an iarratas deimhnithe.

Tá Níl

b) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí faoi na chéad chéimeanna eile de phróiseáil an iarratais.

Tá Níl

c) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí agus don dalta faoi aon impleachtaí a bheidh ann anois agus sa todhchaí

sa chás go ndeonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge.

Tá Níl

d) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí go n-eiseofar Deimhniú Díolúine sínithe i gcás go gcinnfear go bhféadfar

díolúine a dheonú.

Tá Níl

e) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí go bhféadfar, sa chás go ndiúltaítear d’iarratas, achomharc a dhéanamh

ar chinneadh na scoile chuig an gCoiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge

laistigh de 30 lá féilire ón dáta a gcuirtear cinneadh na scoile gan díolúine a dheonú

in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí.

Tá Níl

Page 17: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

Seicliosta le hAghaidh Próiseáil a Dhéanamh ar Iarratais - 2.2a Lch 2 de 2

16

f) Tá na socruithe d’fhoghlaim an dalta (mar a léirítear i gCuid 6 de na Treoirlínte seo),

i gcás go ndeonaítear díolúine, mínithe don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don

chaomhnóir/do na caomhnóirí agus don dalta.

Tá Níl

g) Tá fianaise scrúdaithe ar fhreastal an dalta ar scoil/scoileanna lasmuigh den stát

suas go dtí 12 bhliain d’aois (nó suas go dtí an bhliain dheireanach dá c(h)uid

bunoideachas, an bhliain dheireanach san áireamh).

Tá Níl

h) Tá eispéireas oideachasúil agus/nó dul chun cinn an dalta breithnithe. Tá Níl

3. CINNEADH A DHEIMHNIÚ

a) Tá sé deimhnithe go bhfuair an dalta thuasluaite a (h)oideachas suas go dtí 12

bhliain d’aois (nó suas go dtí an bhliain dheireanach, agus an bhliain sin san

áireamh, dá c(h)uid bunoideachais) lasmuigh den stát agus nach raibh deis aige/aici

dul i mbun staidéir ar an nGaeilge.

Tá Níl

b) Deonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

Ní dheonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

I gcás go ndiúltaítear d’iarratas ar dhíolúine, luaigh an chúis/na cúiseanna leis an gcinneadh.

AN CINNEADH A CHUR IN IÚL AGUS A THAIFEADADH

4. Tá toradh an iarratais agus (nuair is iomchuí) an chúis/na cúiseanna ar cinneadh gan

díolúine a dheonú, curtha in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don

chaomhnóir/do na caomhnóirí.

Tá Níl

5. Tá socruithe déanta chun go gcoimeádfar an fhoirm iarratais agus na doiciméid

tacaíochta ar fad de réir na reachtaíochta um chosaint sonraí, lena n-áirítear cóip den

Deimhniú Díolúine, nuair is infheidhme, agus an seicliosta seo.

Tá Níl

Príomhoide: ___________________

Dáta:_____________________

Page 18: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

Lch 1 de 2

17

SEICLIOSTA LE hAGHAIDH PRÓISEÁIL A DHÉANAMH AR IARRATAIS AR DHÍOLÚINE Ó STAIDÉAR A

DHÉANAMH AR GHAEILGE DE RÉIR CHIORCLÁN 0052/2019 2.2b:

Daltaí bhí rollaithe cheana mar dhaltaí aitheanta i mbunscoileanna agus atá á n-athrollú tar éis

tréimhse a chaitheamh thar lear, ar choinníoll go bhfuil trí bliana as a chéile ar a laghad caite ó

rollaíodh iad roimhe seo sa stát agus iad 12 bhliain d’aois ar a laghad ar athrollú dóibh.

Ainm na scoile

Uimhir rolla na scoile

Ainm an dalta

Dáta breithe

UPSP an dalta

1. AN tIARRATAS A FHÁIL

a) Tá an dáta ar a bhfuair an scoil an t-iarratas taifeadta ar an bhfoirm. Tá Níl

b) Admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an t-iarratas agus cuireadh in iúl don

tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go

bpróiseálfar an t-iarratas laistigh de 21 lá scoile ón dáta a fuarthas an t-iarratas.

Tá Níl

2.

AN tIARRATAS A BHREITHNIÚ

a) Tá an t-iarratas i scríbhinn agus na doiciméid tacaíochta pléite leis an

tuismitheoir/na tuismitheoirí, leis an gcaomhnóir/ na caomhnóirí agus an fhomhír

atá mar bhunús leis an iarratas deimhnithe.

Tá Níl

b) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí faoi na chéad chéimeanna eile de phróiseáil an iarratais.

Tá Níl

c) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí agus don dalta faoi aon impleachtaí a bheidh ann anois agus sa

todhchaí sa chás go ndeonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge.

Tá Níl

d) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí go n-eiseofar Deimhniú Díolúine sínithe i gcás go gcinnfear go

bhféadfar díolúine a dheonú.

Tá Níl

e) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí go bhféadfar, sa chás go ndiúltaítear d’iarratas, achomharc a dhéanamh

ar chinneadh na scoile chuig an gCoiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge

laistigh de 30 lá féilire ón dáta a gcuirtear cinneadh na scoile gan díolúine a dheonú

in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na

caomhnóirí.

Tá Níl

Page 19: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

Seicliosta 2.2b Lch 2/2

18

f) Tá na socruithe d’fhoghlaim an dalta, i gcás go ndeonaítear díolúine, mínithe don

tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí agus don

dalta.

Tá Níl

g) Tá scrúdú déanta ar fhianaise ábhartha ar rollú an dalta i scoil/scoileanna aitheanta cheana, ar thréimhse de thrí bliana as a chéile ar a laghad a bheith caite thar lear agus ó bhí an dalta rollaithe cheana sa stát, agus ar aois an scoláire (12 bhliain d’aois) tráth an iarratais.

Tá Níl

h) Tá eispéireas oideachasúil agus/nó dul chun cinn an dalta breithnithe. Tá Níl

3. CINNEADH A DHEIMHNIÚ

a) i. Tá 12 bhliain d’aois slánaithe ag an dalta thuasluaite. Tá Níl

ii. Tá ar a laghad tréimhse trí bliana as a chéile caite thar lear agus ó bhí an dalta

thuasluaite rollaithe cheana i scoil sa stát seo.

Tá Níl

b) Deonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

Ní dheonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

I gcás go ndiúltaítear d’iarratas ar dhíolúine, luaigh an chúis/na cúiseanna leis an gcinneadh.

AN CINNEADH A CHUR IN IÚL AGUS A THAIFEADADH

4. Tá toradh an iarratais agus (nuair is iomchuí) an chúis/na cúiseanna ar cinneadh gan

díolúine a dheonú, curtha in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don

chaomhnóir/do na caomhnóirí.

Tá Níl

5. Tá socruithe déanta chun go gcoimeádfar an fhoirm iarratais agus na doiciméid

tacaíochta ar fad de réir na reachtaíochta um chosaint sonraí, lena n-áirítear cóip den

Deimhniú Díolúine, nuair is infheidhme, agus an seicliosta seo.

Tá Níl

Príomhoide: ___________________

Dáta:_____________________

Page 20: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

Lch 1/2

19

SEICLIOSTA LE hAGHAIDH PRÓISEÁIL A DHÉANAMH AR IARRATAIS AR DHÍOLÚINE Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE DE RÉIR CHIORCLÁN 0052/2019 2.2c:

Daltaí a bhfuil an dara rang bainte amach acu ar a laghad agus a bhfuil deacrachtaí suntasacha foghlama acu atá leanúnach, d’ainneoin go raibh rochtain acu ar chur chuige difreáilte maidir le foghlaim teanga agus litearthacht i nGaeilge agus i mBéarla thar thréimhse ama agus tráth an iarratais a bhfuil scór caighdeánaithe acu ar thástáil scoite i Léitheoireacht Focal, Léamhthuiscint nó i Litriú ag/faoi bhun an 10ú peircintíl.

Ainm na scoile

Uimhir rolla na scoile

Ainm an dalta

Dáta breithe

UPSP an dalta

1. AN tIARRATAS A FHÁIL

a) Tá an dáta ar a bhfuair an scoil an t-iarratas taifeadta ar an bhfoirm. Tá Níl

b) Admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an t-iarratas agus cuireadh in iúl don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go bpróiseálfar an t-iarratas laistigh de 21 lá scoile ón dáta a fuarthas an t-iarratas.

Tá Níl

2.

AN tIARRATAS A BHREITHNIÚ

a) Tá an t-iarratas i scríbhinn agus na doiciméid tacaíochta pléite leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí, leis an gcaomhnóir/na caomhnóirí agus an fhomhír atá mar bhunús leis an iarratas deimhnithe.

Tá Níl

b) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí faoi na chéad chéimeanna eile de phróiseáil an iarratais.

Tá Níl

c) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí agus don dalta faoi aon impleachtaí a bheidh ann anois agus sa todhchaí sa chás go ndeonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge.

Tá Níl

d) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go n-eiseofar Deimhniú Díolúine sínithe i gcás go gcinnfear go bhféadfar díolúine a dheonú.

Tá Níl

e) Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go bhféadfar, sa chás go ndiúltaítear d’iarratas, achomharc a dhéanamh ar chinneadh na scoile chuig an gCoiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge laistigh de 30 lá féilire ón dáta a gcuirtear cinneadh na scoile gan díolúine a dheonú in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí.

Tá Níl

f) Tá na socruithe d’fhoghlaim an dalta, i gcás go ndeonaítear díolúine, mínithe don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí agus don dalta.

Tá Níl

Page 21: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

Seicliosta le hAghaidh Próiseáil a Dhéanamh ar Iarratais - 2.2c Lch 2 de 2

20

g) Tá athbhreithniú déanta ar Comhad Tacaíochta Scoláire an dalta. Tá Níl

h) Chuathas i ndáil chomhairle le múinteoir ranga agus foireann múinteoirí oideachais speisialta an dalta.

Tá Níl

3. CINNEADH A DHEIMHNIÚ

a) I gcás an an dalta thuasluaite, i) tá rang a dó ar a laghad bainte amach aige/aici

agus

Tá Níl

ii) tá deacrachtaí suntasacha foghlama atá leanúnach aige/aici, cé go raibh rochtain aige/aici ar chur chuige difreáilte i leith foghlaim teanga agus litearthachta i nGaeilge agus i mBéarla araon thar thréimhse ama, mar a léirítear sa Chomhad Tacaíochta Scoláire, lena n-áirítear

athbhreithnithe rialta ar riachtanais foghlama mar chuid de thimthriall leanúnach measúnachta

socrú spriocanna

idirghabháil agus athbhreithniú atá bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear scóir i dtrialacha (Léitheoireacht Focal, Léamhthuiscint, Litriú, scóir eile i dteanga/litearthacht) ag príomhphointí athbhreithniúcháin.

Agus

Tá Níl

iii) Tá Scór Caighdeánaithe ag an dalta thuasluaite i dtriail scoite i Léitheoireacht Focal, Léamhthuiscint nó i Litriú ag/faoi bhun an 10ú peircintíl tráth an iarratais ar dhíolúine.

Tá Níl

b) Deonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

Ní dheonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

I gcás go ndiúltaítear d’iarratas ar dhíolúine, luaigh an chúis/na cúiseanna leis an gcinneadh.

AN CINNEADH A CHUR IN IÚL AGUS A THAIFEADADH

4. Tá toradh an iarratais agus (nuair is iomchuí) an chúis/na cúiseanna ar cinneadh gan díolúine a dheonú, curtha in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí.

Tá Níl

5. Tá socruithe déanta chun go gcoimeádfar an fhoirm iarratais agus na doiciméid tacaíochta ar fad de réir na reachtaíochta um chosaint sonraí, lena n-áirítear cóip den Deimhniú Díolúine, nuair is infheidhme, agus an seicliosta seo.

Tá Níl

Príomhoide: ___________________ Dáta:_____________________

Page 22: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

Lch 1/2

21

SEICLIOSTA LE hAGHAIDH PRÓISEÁIL A DHÉANAMH AR IARRATAIS AR DHÍOLÚINE Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE DE RÉIR CHIORCLÁN 0052/2019 2.2 d

Daltaí ar eachtrannach atá in Éirinn mar oifigeach taidhleoireachta nó consulach duine dá dtuismitheoirí/gcaomhnóirí.

Ainm na scoile

Uimhir rolla na scoile

Ainm an dalta

Dáta breithe

UPSP an dalta

1. AN tIARRATAS A FHÁIL

a. Tá an dáta ar a bhfuair an scoil an t-iarratas taifeadta ar an bhfoirm. Tá Níl

b. Admhaíodh i scríbhinn go bhfuarthas an t-iarratas agus cuireadh in iúl don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go bpróiseálfar an t-iarratas laistigh de 21 lá scoile ón dáta a fuarthas an t-iarratas.

Tá Níl

2. AN tIARRATAS A BHREITHNIÚ

a. Tá an t-iarratas i scríbhinn agus na doiciméid tacaíochta pléite leis an tuismitheoir/na tuismitheoirí, leis an gcaomhnóir/na caomhnóirí agus an fhomhír atá mar bhunús leis an iarratas deimhnithe.

Tá Níl

b. Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí faoi na chéad chéimeanna eile de phróiseáil an iarratais.

Tá Níl

c. Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí agus don dalta faoi aon impleachtaí a bheidh ann anois agus sa todhchaí sa chás go ndeonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge.

Tá Níl

d. Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go n-eiseofar Deimhniú Díolúine sínithe i gcás go gcinnfear go bhféadfar díolúine a dheonú.

Tá Níl

e. Tá eolas tugtha don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí go bhféadfar, sa chás go ndiúltaítear d’iarratas, achomharc a dhéanamh ar chinneadh na scoile chuig an gCoiste Achomhairc um Dhíolúintí ón nGaeilge laistigh de 30 lá féilire ón dáta a gcuirtear cinneadh na scoile gan díolúine a dheonú in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí.

Tá Níl

Page 23: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

Seicliosta le hAghaidh Próiseáil a Dhéanamh ar Iarratais - 2.2d Lch 2 de 2

22

f. Tá na socruithe d’fhoghlaim an dalta, i gcás go ndeonófar díolúine, mínithe don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí agus don dalta.

Tá Níl

3. CINNEADH A DHEIMHNIÚ

Eachtrannach atá in Éirinn mar oifigeach taidhleoireachta nó consulach duine de thuismitheoirí/chaomhnóirí an dalta.

Tá Níl

Deonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

Ní dheonaítear díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge

I gcás go ndiúltaítear d’iarratas ar dhíolúine, luaigh an chúis/na cúiseanna leis an gcinneadh.

AN CINNEADH A CHUR IN IÚL AGUS A THAIFEADADH

4. Tá toradh an iarratais agus (nuair is iomchuí) an chúis/na cúiseanna ar cinneadh gan díolúine a dheonú, curtha in iúl i scríbhinn don tuismitheoir/do na tuismitheoirí, don chaomhnóir/do na caomhnóirí.

Tá Níl

5. Tá socruithe déanta chun go gcoimeádfar an fhoirm iarratais agus na doiciméid tacaíochta ar fad de réir na reachtaíochta um chosaint sonraí, lena n-áirítear cóip den Deimhniú Díolúine, nuair is infheidhme, agus an seicliosta seo.

Tá Níl

Príomhoide: ___________________ Dáta:_____________________

Page 24: DÍOLÚINTÍ Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE: …/Eolas/Díolúine-ón... · 3 Ciorclán 0013/2017 agus Ciorclán 007/2019 chuig Údaráis Bhainistíochta ... múintear an Ghaeilge

23

AGUISÍN 5: DEIMHNIÚ DÍOLÚINE Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR AN nGAEILGE

DEIMHNIÚ DÍOLÚINE Ó STAIDÉAR A DHÉANAMH AR GHAEILGE

Ciorclán 0052/2019

Ainm an dalta: _____________________________

Dáta breithe: _____________

Ainm na scoile: ______________________________________________ Uimhir Rolla: __________

Seoladh na Scoile: _______________________________________________________

______________________________________________________

Deonaíodh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge don dalta thuasluaite de réir théarmaí Chiorclán 0052/2019 agus ar fhorais an chúinse eisceachtúil seo a leanas (cuir de réir mar is cuí): 1.2 Bhí an dalta rollaithe i Scoil Speisialta aitheanta nó i Rang Speisialta i scoil

phríomhshrutha aitheanta * 2.2 a. Fuair an dalta a (h)oideachas suas go dtí 12 bhliain d’aois nó an bhliain

deireanach den oideachas bunscoile lasmuigh den Stát agus ní raibh deis aige/aici staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge.

2.2 b. Bhí an dalta rollaithe roimhe seo mar dhalta aitheanta i mbunscoil nó in iar-

bhunscoil agus tá sé/sí á (h)athrollú tar éis tréimhse nach lú ná trí bliana as a chéile a chaitheamh thar lear agus tá sé/sí 12 bhliain d’aois ar a laghad tráth an athrollaithe.

2.2 c. Tá deacrachtaí foghlama suntasacha agus leanúnacha ag an dalta, d’ainneoin go

raibh rochtain aige/aici ar idirghabháil spriocdhírithe i leith foghlaim teanga agus litearthachta i nGaeilge agus i mBéarla araon thar thréimhse ama, agus tá Scór Caighdeánaithe aige/aici i dtástáil scoite i Léamh Focal, i Léamhthuiscint nó i Litriú ag/faoi bhun an 10ú peircintíl tráth an iarratais.

2.2d. Is eachtrannach atá in Éirinn mar oifigeach taidhleoireachta nó consulach duine

dá t(h)uismitheoirí/c(h)aomhnóirí.

Tugadh míniú dom ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an díolúine ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge do mo mhac/do m’iníon. Sínithe: ________________________ Sínithe: ________________________

Tuismitheoir/Caomhnóir Tuismitheoir/Caomhnóir Dáta: ________________________ Dáta: ________________________ Sínithe: ________________________ Dáta: ____________________________

Príomhoide na scoile

(*Féach Cuid 8 de na treoirlínte seo).