32
A bhfuil i ndán do 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh faoi 2025 — machnamh agus cásanna féideartha PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA

PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

1

A bhfuil i ndán do 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh faoi 2025 — machnamh agus cásanna féideartha

PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA

Page 2: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

22 3

An Coimisiún Eorpach COM(2017)2025 1 Márta 2017

Rue de la Loi / Wetstraat, 2001040 Bruxelles/Brussels

+32 2 299 11 11

Page 3: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

32 3

Réamhrá

An 25 Márta 2017, tiocfaidh 27 gceannairí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le chéile faoi shíocháin agus faoi chairdeas sa Róimh.

Nuair a bhí Conarthaí na Róimhe á nglacadh ag na sé Bhallstát bhunaitheacha 60 bliain ó shin is ar éigean a chreidfeadh mórán daoine an t-éacht atá déanta ó shin.

Agus na 60 bliain sin á gcomóradh againn, cuimhnímid ar an nglúin a d’imigh romhainn agus ar an bhfís a bhí acu don Eoraip agus ar an gcaoi ar fíoraíodh í. Is mithid dúinn anois súil siar a chaitheamh, le bród, ar an méid atá bainte amach againn agus na luachanna atá i bpáirt againn a thabhairt chun cuimhne.

Ach ina theannta sin ní mór dúinn tús a chur le ré nua agus i ndiaidh chruinniú mullaigh na Róimhe. Tá dúshláin mhóra le sárú againn, ar a n-áirím an tslándáil, leas an phobail seo againne agus an ról nach mór don Eoraip a imirt sa saol seo atá ag dul i gcastacht agus in éagsúlacht in aghaidh an lae. Ní mór don Eoraip agus 27 mBallstát inti cur le chéile, a cinniúint féin a fhuineadh agus fís don todhchaí a shamhlú di féin.

Is é atá sa Pháipéar Bán seo ionchur an Choimisiúin Eorpaigh sa ré nua seo i dtionscadal na hEorpa. Is é atá uainn caoi thabhairt don Eoraip a bealach chun tosaigh a ghabhfaidh sé a thoghadh. Is mian linn na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn a leagan amach agus an chaoi a bhféadfaimid aghaidh a thabhairt orthu le chéile a chur in iúl.

Déanfar na smaointe sin a phlé go fada leitheadach ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus sa tsochaí shibhialta go ginearálta agus, ina dhiaidh sin, saothróidh mé na smaointe sin a thuilleadh agus nochtfaidh mé

mo smaointe féin maidir le todhchaí na hEorpa i m’óráid bhliantúil ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2017. Cuideoidh sin leis an gComhairle Eorpach teacht ar chéadchonclúidí roimh dheireadh na bliana agus cinneadh ar chomhairle maidir leis na bearta is gá a dhéanamh in am do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2019.

Agus ár mbealach á réiteach againn, ní mór dúinn a choinneáil i gcuimhne gur fearr go mór an Eoraip agus sinn misniúil aontaithe agus muinín againn as an gcumas atá ionainn an todhchaí a mhúnlú le chéile.

Is chun feabhais atá an saol dulta againn a bhuí leis an Aontas Eorpach. Caithfimid a chinntiú gurb amhlaidh a bheidh sé ag na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.

Jean-Claude Juncker1 Márta 2017

© European Union

Page 4: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

4

“Ní d’aon iarracht amháin a thógfar an Eoraip, ná de réir aon phlean amháin. Is trí thorthaí nithiúla a bhaint amach, rud as a dtiocfaidh dlúthpháirtíocht de facto, a thógfar í.”

Robert Schuman9 Bealtaine 1950

Page 5: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

5

Clár Ábhair

RÉAMHRÁ UACHTARÁN AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

1. BROLLACH

2. NA TOSCA A CHINNFIDH TODHCHAÍ NA hEORPA

3. CÚIG CHÁS FHÉIDEARTHA DON EORAIP FAOI 2025

CÁS 1: COINNEÁIL AR AN gCÚRSA AR A bhFUILTEAR

CÁS 2: AN MARGADH AONAIR AGUS É SIN AMHÁIN

CÁS 3: IAD SIN A BHFUIL NÍOS MÓ UATHU DÉANANN

SIAD NÍOS MÓ

CÁS 4: NÍOS LÚ A DHÉANAMH, AGUS É A DHÉANAMH

AR SHLÍ NÍOS ÉIFEACHTÚLA

CÁS 5: I bhFAD NÍOS MÓ A DHÉANAMH LE CHÉILE

4. AN BEALACH ROMHAINN

5. IARSCRÍBHINNÍ

PRÓISEAS AN PHÁIPÉIR BHÁIN

NA CÚIG CHÁS FHÉIDEARTHA: FORLÉARGAS BEARTAIS

3

6

8

15

16

18

20

22

24

26

28

29

Page 6: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

6

1. Brollach Ar feadh na mblianta fada, ba í an Eoraip an bealach chun cinn.

An fhís a bhí ag Altiero Spinelli agus Ernesto Rossi, príosúnaigh pholaitiúla a chuir an réimeas faisisteach i ngéibheann ar Inis Ventotene le linn an Dara Cogadh Domhanda, is í an fhís sin ba bhonn leis an tionscadal seo. Ina bhforógra Eoraip Saor agus Aontaithe, thug siad léargas ar chóras faoina dtiocfadh comhghuaillithe agus céilí naimhde, rud a chinnteodh go gcuirfí deireadh go deo le “sean-naimhdis éigiallta” na hEorpa.

Seasca bliain ó shin, le tréan dúthrachta don fhís a bhí acu de thodhchaí shíochánta choiteann, shínigh bunaitheoirí an Aontais Conarthaí na Róimhe, agus chuaigh siad dá réir i gceann aistear uaillmhianach ionsar an gcomhtháthú Eorpach. Chinn siad gur ag an mbord caibidlíochta agus ní hé ar mhachaire an chatha a réiteoidís a gcuid easaontas feasta. Chuir siad an smacht reachta in áit an nirt mhíleata. Thug siad caoi do thíortha eile teacht isteach leo, agus ar an dóigh sin an Eoraip a athaontú agus sinn a neartú.

Dá thoradh sin, in ionad na n-imeachtaí léanmhara a thit amach san Eoraip san am atá caite, tháinig seachtó bliain de shíocháin agus Aontas méadaithe 500 milliún saoránach a mhaireann faoi shaoirse agus faoi shéan i gceann de na geilleagair is rathúla ar domhan. Is lóchrann síochána agus cobhsaíochta an tAontas anois agus is beag an chosúlacht idir é agus an Eoraip inar troideadh cathanna sna páirceanna agus sna trinsí thart ar Verdun nó an Eoraip a bhí roinnte ag an gCuirtín Iarainn agus ag Balla Bheirlín.

Níor cheart íobairt na nglún a chuaigh romhainn a ligean i ndearmad go deo. Is le dua a gnóthaíodh an dínit dhaonna, an tsaoirse agus an daonlathas agus níor cheart iad a thabhairt suas go deo. Fiú murab ionann an chiall atá ag Eorpaigh an lae inniu don tsíocháin agus an

chiall a bhí ag sinsear di, tá na bunluachanna sin fós dár gceangail le chéile.

Is san Aontas Eorpach, ar ceithre mhilliún ciliméadar cearnach achar a chríche, is féidir le muintir na hEorpa leas a bhaint as éagsúlacht mhór cultúir, smaointe agus traidisiún. Is ann is féidir le saoránaigh naisc bhuana le saoránaigh eile den Aontas a shnaidhmeadh agus is féidir leo taisteal thar theorainneacha náisiúnta chun obair nó staidéar a dhéanamh gan airgeadra a mhalartú. Is ann atá an smacht reachta tagtha ina áit an chos ar bolg. Is ann atá an comhionannas ina chúis a bhfuiltear ag troid ar a shon agus ní ina ábhar cainte amháin.

Ina ainneoin sin, measann roinnt mhaith Eorpach go bhfuil an tAontas i bhfad rófhada uathu agus measann roinnt eile díobh go bhfuil tionchar rómhór aige ar a saol laethúil. Ní léir do dhaoine eile an ann do bhreisluach na hEorpa agus ní léir dóibh an dóigh a gcuireann an tAontas feabhas ar an gcaighdeán maireachtála. Agus bhí roinnt mhór daoine ann agus níor chomhlíon a ndearna an tAontas a n-ionchas le linn na géarchéime airgeadais, eacnamaíche agus sóisialta is measa dá raibh ann ó aimsir an chogaidh.

Níl aon chosúlacht ann go bhfuil na dúshláin atá roimh an Eoraip ag dul i laghad. Tá an geilleagar ag téarnamh go maith ón ngéarchéim airgeadais dhomhanda ach níl na sochair a eascraíonn as sin á roinnt go sách cothrom. Tá saol corrach ann i gcodanna de chomharsanacht an Aontais agus is é an toradh a bhí air sin an ghéarchéim dídeanaithe is mó dá raibh ann ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda. Rinne sceimhlitheoirí ionsaithe ar chroílár ár gcathracha. Tá cumhachtaí nua domhanda ag teacht chun cinn agus ní mór do na cumhachtaí seanbhunaithe ullmhú faoina chomhair sin. Anuraidh, vótáil ceann dár mBallstát imeacht as an Aontas.

Ní gá go gcuirfeadh sin teorainn le dul chun cinn na hEorpa. Ba mhinic rath a theacht ar an Aontas de bharr

Forógra Ventotene

© European University Institute

Foinse: An Coimisiún Eorpach

bliain den tsíocháin

Cogadh Síocháin

Page 7: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

7

An tAontasCustaimEorpach

Limistéar Schengen

Comhlachas Saorthrádála na hEorpa

An Limistéar Euro

NATO

Comhairle na hEorpa

An tAontas EorpachAn

Lim

isté

ar E

orpa

ch

Eacn

amaí

och

An Ostair An Bheilg An Eastóin An Fhionlainn Poblacht na Seice

An Fhrainc An Ghearmáin An Ghréig An Iodáil An Danmhairg

An Laitvia An Liotuáin Lucsamburg Málta

An Ísiltír An Phortaingéil

An Chipir Éire

An tSlóvaicAn tSeoirsia

An Rúis

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Poblacht Iar-

Iúgslavach na Macadóine

An Úcráin

An Airméin

Montainéagró

An Asarbaiseáin

An tSeirbia

An Albáin

An Mholdóiv

An tSlóivéin

An Ungáir

MonacóAndóra San Mairíne An Tuirc

Lichtinstéin An Eilvéis

An Iorua

An Íoslainn

An Pholainn

An Spáinn An tSualainn

An Ríocht Aontaithe

An Bhulgáir An Chróit

Ceanada Na Stáit Aontaithe

An Rómáin

An Eoraip inniu

Foinse: An Coimisiún Eorpach

géarchéimeanna agus imeachtaí gan choinne. Is minic an Eoraip i bpranc na hEorpa — níor cuireadh an Comhphobal Cosanta Eorpach ar bun i gceart sna 1950í, bhí turraingí rátaí malartaithe ann sna 1970í, theip ar aontachais agus cailleadh reifrinn le blianta beaga anuas — ach níor theip riamh uirthi í féin a oiriúnú mar ba ghá agus níor stop forás de bheith ag teacht uirthi.

Sna 25 bliana seo a chuaigh thart, glacadh le Conradh Maastricht, Conradh Amstardam agus Conradh Nice, méadaíodh an Aontas faoi dhó, athchóiríodh ó bhonn é agus tháinig athrú chun feabhais air. Le Conradh Liospóin, a tugadh i gcrích tar éis deich mbliana d’idirphlé, cuireadh tús le ré nua i gcomhtháthú na hEorpa, ré atá fós lán poitéinsil.

Níor leor mar fhreagairt ag na glúine a d’imigh romhainn, agus ní leor againne anois, dul siar ar bhóithrín na smaointe ná gníomhú gearrthéarmach.

Ba cheart an fhreagairt sin a bhunú ar dhearcadh chomhpháirteach agus ar an bprionsabal gurbh fhearrde sinn teacht le chéile.

Agus seacht gcinn is fiche de chinn stáit agus rialtais de chuid an Aontais ar tí teacht le chéile sa Róimh chun 60 bliain den tionscadal seo againne a chomóradh ní mór dúinn breathnú romhainn.

Leagtar amach sa Pháipéar Bán na tosca a chinnfidh an chaoi a mbeidh rudaí sna deich mbliana atá romhainn agus cuirtear roinnt cásanna féideartha faoin bhforás a d’fhéadfadh a bheith i ndán don Eoraip faoi 2025. Ar an gcaoi sin, cuirfear tús le díospóireacht a dhíreoidh ár n aigne ar fhreagraí nua a fháil ar an tseancheist:

Cén saghas todhchaí is mian linn a bheith againn féin, ag ár gclann agus ag an Aontas?

Page 8: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

8

2. Na tosca a chinnfidh todhchaí na hEorpa

SEASAMH NUA I nDOMHAN ATÁ AG ATHRÚ

Is san Eoraip atá an margadh aonair is mó ar domhan agus an dara airgeadra is mó a úsáidtear. Is í an bloc trádála is cumhachtaí ar domhan í agus an deontóir is mó de chúnamh forbartha agus daonnúil. A bhuí i bpáirt leis an gclár Fís 2020, an clár taighde ilnáisiúnta is mó ar domhan, tá an Eoraip i dtús cadhnaíochta ó thaobh na forbartha de. Tá éifeacht nach beag ag baint lena hiarrachtaí taidhleoireachta agus tá an domhan níos sábháilte agus níos inbhuanaithe dá bharr sin, agus is léiriú air sin an socrú stairiúil a rinneadh leis an Iaráin maidir lena clár núicléach, agus an ról ceannasach a bhí ag an Aontas i gComhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus i nglacadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe do 2030. Cuireann an obair a dhéanaimid i ndlúthchomhar le NATO agus an ról gníomhach atá againn i gComhairle na hEorpa le tionchar na hEorpa.

Is comhpháirtí tarraingteach í an Eoraip i súile an-chuid dá comhpháirtithe. Cé nach dealraitheach go dtiocfaidh aon tír eile isteach san Aontas go luath, is mór an sporadh é an fhéidearthacht féin teacht isteach ann chun an chobhsaíocht agus an tslándáil a neartú feadh ár dteorainneacha. Oibríonn an tAontas go gníomhach i gcomhar leis na tíortha sa chomharsanacht aige, bíodh sin san oirthear nó sa deisceart. Tá tionchar dearfach na hEorpa ar fud an domhain níos tábhachtaí anois ná riamh i bhfianaise na comhpháirtíochta láidre atá againn leis an Úcráin agus an chomhair fhorleathain idir sinn agus ár gcomhpháirtithe Afracacha.

Ina ainneoin sin go léir, tá rud amháin nach féidir a shéanadh: Tá tábhacht na hEorpa ag meath, de réir

mar atá tábhacht codanna eile den domhan ag méadú. In 1900, san Eoraip a bhí thart ar 25 % de dhaonra an domhain. Faoi 2060, ní bheidh ann ach 5 %. Ní bheidh níos mó ná 1 % de dhaonra an domhain ag Ballstát ar bith faoin am sin.

Meastar go dtiocfaidh meath ar chumhacht eacnamaíocht na hEorpa i dtéarmaí coibhneasta agus gur i bhfad níos lú ná 20 % d’olltáirgeacht intíre an domhain a bheidh aici faoi 2030 (thart ar 25 % figiúr an ama i láthair). Tá tionchar méadaitheach na ngeilleagar i mbéal forbartha ag cur méadú ar an ngá go mbeidh an Eoraip ag labhairt d’aon ghuth agus go n-oibreoidh na Ballstáit le chéile chun leas a bhaint as a gcumhacht eacnamaíoch.

Is léiriú an-soiléir ar an méadú atá ag teacht ar an teannas ar fud an domhain, an comhchruinniú trúpaí ag teorainneacha thoir an Aontais, na cogaí agus an

2004 2015

2%

6%4%

15%2%2%

21%

24%22%

3%

2%5%

18%

11%5%

28%26%

2%<2%<2%

Stáit Aontaithe Mheiriceá

AE27

An tSeapáin

An Ríocht Aontaithe

An tSín

Ceanada

Meicsiceo

An Bhrasaíl

An India

An chuid eile den domhan

Foinse: Eurostat agus Roinn Staidrimh na Náisiún Aontaithe

Tá laghdú ag teacht ar sciar na hEorpa d’olltáirgeacht intíre an domhain

Is airgeadra domhanda an euro ach tá téagar ag teacht in airgeadraí eile freisin

Tabhair faoi deara: Léirítear sna táblaí an t-athrú a tháinig ar an gciseán airgeadraí le déanaí a úsáideann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, na “Cearta Speisialta Tarraingthe” mar a thugtar orthu

Foinse: An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Is leis an 30/11/2015 agus an 24/02/2017 faoi seach a bhaineann na figiúirí

33%

48%

12%

7%

¥¥

£

$

2015

30%

43%

8%

8%

11%

2017

$

£

¥

4%2060

1960 11%

2015 6%

1900 25%

Tá laghdú ag teacht ar an sciar de dhaonra an domhain atá san Eoraip

Foinse: Roinn Staidrimh na Náisiún Aontaithe agus Eurostat, AE27

Page 9: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

9

sceimhlitheoireacht sa Mheán Oirthear agus san Afraic agus an úsáid atá á baint as neart méadaitheach ar fud an domhain. Is tábhachtaí anois ná riamh ár marana a dhéanamh ar conas freagairt do bhagairtí agus bagairtí a choisc, bagairtí ar nós cibearionsaithe móra agus ionsaithe de shaghas níos traidisiúnta. Leanfaidh NATO den tslándáil chrua a chur i bhfeidhm don chuid is mó de na Ballstáit ach ní mór don Eoraip bheith géarchúiseach agus cúram a dhéanamh dá slándáil féin. Ní leor “cumhacht bhog” nuair is treise an neart ná an smacht reachta.

D’ainneoin gur i laghad atá an domhan ag dul agus nach raibh a chodanna ceangailte chomh dlúth céanna le chéile riamh, tá filleadh an leithliseachais ina bhagairt ar an

trádáil idirnáisiúnta agus an iltaobhachas. Is ar oscailteacht na hEorpa agus ar na naisc láidre idir í féin agus a comhpháirtithe a leanfaidh an rath de bheith bunaithe agus ar an gcumas atá inti a bunluachanna a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda. Mar sin féin, is ag dul i méid atá an dúshlán atá romhainn an fód a sheasamh ar son na saorthrádála forásaí agus an domhandú a threorú.

GEILLEAGAR AGUS SOCHAÍ ATÁ ATHRAITHE Ó BHONN

An ghéarchéim airgeadais eacnamaíoch dhomhanda a thosaigh in 2008 sna Stáit Aontaithe, chuaigh sé go smior san Eoraip. Chuaigh an tAontas i mbun oibre go diongbháilte agus dá bharr sin tá bun níos seasmhaí ar an geilleagar arís agus tá an dífhostaíocht ag titim go dtí an leibhéal is ísle ó thosaigh an ghéarchéim. Mar sin féin, ní mar an gcéanna atá an téarnamh ag dul i bhfeidhm ar earnálacha éagsúla den tsochaí agus sna réigiúin éagsúla. Is tosaíocht phráinneach fós é dul i ngleic le hainiarsmaí na géarchéime, e.g. an dífhostaíocht fhadtéarmach agus na leibhéil arda fiachais phríobháideacha agus phoiblí in an-chuid áiteanna san Eoraip.

Ar an nglúin óg go háirithe a ghoilleann sé seo. Den chéad uair ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann tá baol ann go mbeidh an ghlúin seo de dhaoine fásta óga níos boichte ná a dtuismitheoirí. Níor mhaith an mhaise don Eoraip faillí a dhéanamh sa ghlúin is mó oideachas a bhí againn riamh agus gan ach an éagothroime a fhágáil le hoidhreacht acu.

De dheasca na nithe sin uile tá amhras ann nach mbeidh geilleagar margaidh sóisialta an Aontais in ann beart a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh gach glúin níos fearr as ná an ghlúin a chuaigh roimpi agus nach dtitfidh duine

Foinse: Tuarascáil ó Aireacht Cosanta na Ríochta Aontaithe: Clár Treochtaí Straitéiseacha: Treochtaí Straitéiseacha Domhanda — Amach go 2045

Meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó faoi 2045 ar chaiteachas iad sin is mó a chaitheann airgead i réimse na cosanta (billiún USD)

2012 2045

682 1335

251

117

1270

654

295

108

87

67

63

97

113

58

51

46

46

35

Stáit Aontaithe Mheiriceá

An tSín

An India

An Rúis

An Ríocht Aontaithe

An Fhrainc

An tSeapáinAn Ghearmáin

An Bhrasaíl

Foinse: OECD, 2015, AE = an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit

Tá an tAontas Eorpach ar an deontóir is mó de chúnamh forbartha agus daonnúil (% den iomlán agus billiún USD)

56%

74 billiún USD 32 billiún USD

24%

7%TÍORTHA EILE

7% 3%

3%

2004

2005

2006

2007

2008

2009

2010

2011

2012

2013

2014

2015

2016

2017

5

10

15

20

25

8.2

18.6

Faoi 25 bliana d'aois

Iomlán

Tá na leibhéil dífhostaíochta ag titim ach tá siad ard fós sna 28 mBallstát

Foinse: An Coimisiún Eorpach

Page 10: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

10

ar bith chun deiridh. Tá an méid sin le brath sa limistéar euro go háirithe, rud a léiríonn nach mór dúinn an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a chomhlánú agus feidhmíocht an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta a neartú. Is deacra a bheidh sé sna blianta atá romhainn geilleagar Eorpach atá níos ionchuimsithí, níos iomaíche, níos athléimní agus níos seasmhaí i leith na todhchaí a chur chun cinn.

Tá daonra na hEorpa ag dul in aois go tapa agus tá an t-ionchas saoil níos airde ná mar a bhí riamh. Beidh aois airmheán 45 bliana ag daonra na hEorpa faoi 2030 agus fágfaidh sin gurb í an Eoraip an réigiún “is sine” ar domhan faoin am sin. Tá tionchar nach beag á imirt ag struchtúir an teaghlaigh, ag an daonra atá ag síorathrú, ag an uirbiú agus ag difríochtaí i saol oibre daoine ar an gcaoi a gcomhtháthaítear an tsochaí. Lá den saol bhíodh post ar feadh a shaoil ag an ngnáthoibrí Eorpach ach in imeacht glúin amháin tá athrú tagtha air sin agus

d’fhéadfadh sé breis agus deich bpost a bheith aige le linn a ghairmréime. Tá níos mó ban san fhórsa saothair ná mar a bhí riamh cheana ach tá bacainní leantacha le sárú againn sula mbeidh fíor-chomhionannas inscne bainte amach againn. Agus an daonra in aois fostaíochta ag laghdú, ní mór don Eoraip leas iomlán a bhaint as buanna a lucht saothair.

Tá córas leasa shóisialta na hEorpa ar an gcóras is forbartha den saghas sin ar domhan, agus is córas ar féidir leas a bhaint as chun fadhbanna a réiteach sa tsochaí ar fud an domhain. Tá lucht eolaíochta an Aontais ar thús cadhnaíochta ar leibhéal domhanda sa taighde atáthar a dhéanamh chun cóireáil do ghalar Alzheimer a cheapadh. Mar sin féin beidh orainn nuachóiriú nach beag a dhéanamh ar ár gcórais cosanta sóisialta i dtreo is go leanfaidh siad de bheith inacmhainne agus go gcoinneoidh siad de bheith bord ar bhord leis na cúinsí nua déimeagrafacha agus oibre.

Is amhlaidh is tábhachtaí seo agus an Eoraip ag dul i ngleic le digitiú na sochaí. Is deacra an fostaí a dhealú ón duine féinfhostaithe, earraí a dhealú ó sheirbhísí agus tomhaltóirí a dhealú ó tháirgeoirí. Tá go leor post ann anois nárbh ann dóibh deich mbliana ó shin. Tiocfaidh go leor eile chun cinn sna blianta atá romhainn. D’fhéadfadh go leor de na leanaí atá ag freastal ar an mbunscoil sa lá atá inniu ann post a fháil in earnáil nach ann di fós. Déanfaidh an méadú atá ag teacht ar úsáid na teicneolaíochta agus ar an uathoibriú difear don fhostaíocht agus d’earnáil na tionsclaíochta. Ní mór infheistíocht ollmhór a dhéanamh i scileanna agus athsmaoineamh a dhéanamh ar chórais foghlama feadh an tsaoil chun an leas is mó is féidir a bhaint as na deiseanna nua a thiocfaidh chun cinn agus chun aon

an Domhan

33

an Eoraip45

Meiriceá Thuaidh

40

Meiriceá Laidineach

& tíortha Mhuir Chairib

34an

Afraic

21

an Aigéine35

an Áise35

Foinse: RAND na hEorpa

Beidh muintir na hEorpa ar na daoine is sine ar domhan faoi 2030 (aois airmheáin de réir réigiúin an domhain)

An Ío

slai

nn

An Io

rua

An D

anm

hairg

An tS

lóiv

éin

An F

hion

lain

n

Pobl

acht

na

Seice

An B

heilg

An tS

lóva

ic

An O

stai

r

An tS

uala

inn

Lucs

ambu

rg

An Ís

iltír

An U

ngái

r

An G

hear

mái

n

An F

hrai

nc

An P

hola

inn

An C

hóiré Éire

ECFE

Cean

ada

An Io

dáil

An tS

eapá

in

An A

strá

il

An P

horta

ingé

il

An G

hréi

g

An S

páin

n

An L

aitv

ia

An R

íoch

t Aon

taith

e

An E

astó

in

Stái

t Aon

taith

e M

heiri

ceá

Mei

csice

o

An tS

ile

Ballstáit AE Tíortha ECFEIs mó cothroime

Is lú cothroime

20

0

40

Is san Eoraip atá na sochaithe is cothroime ar domhan

NB: Sa ghraf seo úsáidtear comhéifeacht Gini inarb ionann agus 0 an chothroime fhoirfe chun leithdháileadh ioncaim a léiriú.

Foinse: ECFE, na sonraí is déanaí atá ar fáil

Page 11: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

11

tionchar diúltach a sheachaint. Caithfear cearta sóisialta nua a bhunú freisin chun freagairt do shíorathruithe an tsaoil oibre.

Ag an am céanna, tá an Eoraip tiomanta don gheilleagar a dhícharbónú agus d’astaíochtaí díobhálacha a laghdú. Agus ní mór dúinn leanúint de ghníomhú de réir na n-athruithe ar an aeráid agus ar an gcomhshaol. Ní mór dúinn athrú a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn agus a gcumhachtaítear ár dtionscail, ár gcathracha agus ár dteaghlaigh. Táimid inár gceannródaithe cheana ó thaobh “cathracha cliste”, ar acmhainní nádúrtha a úsáid go héifeachtúil agus ar an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide. Is le comhlachtaí de chuid an Aontais 40 % de phaitinní an domhain do theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite. Ar na dúshláin is mó atá romhainn tá réitigh nuálacha comhshaoil a chur ar an margadh, sa bhaile agus ar an gcoigríoch.

MÉADÚ BAGAIRTÍ AGUS IMNÍ I dTAOBH NA SLÁNDÁLA AGUS TEORAINNEACHA

Is díol suntais é a shaoire agus a chobhsaí atá an saol san Eoraip murab ionann is an t-easaontas atá forleathan in áiteanna eile ar fud an domhain. De na 25 thír is síochánta ar domhan, tá 15 san Aontas. Mar sin féin, chuaigh tionchar scanrúil na n–ionsaithe a rinneadh le deireanas go smior sa tsochaí seo againn. Tá sé ag éirí níos deacra bagairtí inmheánacha agus bagairtí

seachtracha a aithint ó chéile agus tá athrú tagtha ar mheon an phobail maidir leis an tsábháilteacht agus teorainneacha pearsanta. Ach rud atá paradacsach go leor, is fusa go mór anois agus is coitianta gluaiseacht ar fud an domhain le haghaidh na hoibre agus na fóillíochta.

Méadóidh ar an mbrú a thiocfaidh den imirce agus tiocfaidh sreafaí imirceach ó áiteanna éagsúla ar domhan de réir mar a leanfaidh tionchar an fháis daonra, an teannais fhorleathain agus an athraithe aeráide ar aghaidh. Tháinig 1.2 milliún dídeanaí go dtí an Eoraip in 2015, géarchéim imirce nach bhfacthas a leithéid ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Bhí an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht ina n ábhar plé chonspóidigh i measc na mBallstát dá bharr sin agus d’éirigh amhras ginearálta faoin gcaoi a ndéanfar teorainneacha a bhainistiú sa todhchaí agus faoi shaorghluaiseacht daoine laistigh den Eoraip.

Ní ann do theorainneacha a thuilleadh do na 1.7 milliún Eorpach a thaistealaíonn chuig Ballstát eile gach lá agus do na céadta milliún duine a thaistealaíonn ar fud na hEorpa gach bliain ar chúiseanna teaghlaigh, turasóireachta agus gnó. Mar sin féin, den chéad uair ó leagadh na ballaí beagnach dhá scór bliain ó shin, tá rialú sealadach á dhéanamh ag teorainneacha áirithe laistigh den Eoraip de dheasca na ngéarchéimeanna a d’éirigh le déanaí.

25 bliana ó shin: titim Bhalla Bheirlín

© AP Photo/Thomas Kienzle

Page 12: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

12

MUINÍN NA SAORÁNACH AS AN AONTAS AGUS A nDEARCADH AIR A CHEISTIÚ

Tá athruithe éagsúla ag dul i bhfeidhm ar an saol agus tá roinnt mhaith daoine ann nach bhfuil ar a suaimhneas a thuilleadh, rud a fhágann go bhfuil siad míshásta leis an bpolaitíocht choiteann agus le hinstitiúidí ar gach leibhéal. Is iad an neamhshuim agus an easpa muiníne as obair na n údarás poiblí an léiriú is follasaí ar an míshástacht sin. Tá folús ag éirí as sin, folús is furasta a líonadh le dioscúrsa pobalach agus náisiúnaíoch.

Is díobhálach na cleachtais fadhbanna a chur i leith “na Bruiséile” agus creidiúint a ghlacadh as an rath sa bhaile, gan glacadh le freagracht as cinntí comhpháirteacha agus an milleán a chur ar dhaoine eile. Níl muintir na hEorpa gan beann ar na híomhánna follasacha sin den easaontas.

Tá tacaíocht mhór ann fós don tionscadal Eorpach ach ní chuirfear an mhuinín sin ann gan choinníoll gan cheist feasta. Feictear do dhá thrian de mhuintir na hEorpa go bhfuil an chobhsaíocht i réim san Aontas

murab ionann is in áiteanna eile ar domhan. Tacaíonn breis agus 80 % den phobal le ceithre shaoirse bunaidh an Aontais. Tacaíonn breis agus 70 % de na saoránaigh sa limistéar euro leis an airgeadra comhchoiteann. Mar sin féin, tá laghdú tagtha ar an muinín a chuireann na saoránaigh san Aontas agus tá sin i gcomhréir leis an easpa muiníne sna húdaráis náisiúnta. Thart ar thrian de na saoránaigh a chuireann muinín san Aontas faoi láthair ach bhí muinín ann ag tuairim agus a leath deich mbliana ó shin.

Beart a dhéanamh de réir ár mbriathair — sin é an dúshlán leantach atá romhainn. B’fhéidir gurb é a chastacht atá an tAontas is cúis leis seo toisc go bhfeidhmíonn sé ar leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta in éindí. Is minic an pobal dall ar an méid a dhéantar agus ar an té a dhéanann é agus ní léir an leas a dhéanann an tAontas don saoránach mura mínítear go háitiúil é. Is minic nach dtuigeann an pobal áitiúil go bhfuil an fheirm béal dorais, an córas iompair áitiúil nó na hollscoileanna á bpáirtmhaoiniú ag an Aontas.

Tá neamhréir idir ionchais na saoránach agus cumas an Aontais iad a bhaint amach. Féach mar shampla

An-ardArdMeánachÍsealAn-ísealNíl san áireamh

An leibhéal síochána

An ÍoslainnAn DanmhairgAn OstairAn Nua-ShéalainnAn PhortaingéilPoblacht na SeiceAn EilvéisCeanadaAn tSeapáinAn tSlóivéinAn FhionlainnÉireAn BhútáinAn tSualainnAn AstráilAn GhearmáinAn IoruaAn BheilgAn UngáirSingeapórAn ÍsiltírAn PholainnOileán MhuirísAn tSlóvaicAn Spáinn

12345678910111213141516171819202122232425

Na 25 thír is síochánta ar domhan

Foinse: An tInnéacs Síochána Domhanda

Page 13: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

13

Foinse: Eorabharaiméadar, Deireadh Fómhair agus Samhain 2016, AE28

Tacaíocht don euroCobhsaíocht i réim in AE

70%

25%

5%

66%

29%

5%

Tacaíocht do cheithre shaoirse AE

81%

14%

5%

Ar a sonIna n-aghaidh

Níl a fhiosAontaíonn go hiomlánEasaontaíonn go hiomlán

Níl a fhios Ina aghaidh (sa limistéar euro)Ar a shon (sa limistéar euro)

Níl a fhios

Cad é tuairim mhuintir na hEorpa faoin Aontas?

an dhífhostaíocht i measc an aosa óig: d’ainneoin an iliomad cruinniú mullaigh a thionóil an tAontas agus bearta tacaíochta fónta a rinne sé is ag na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí sna réimse seo i gcónaí. Níl sna hacmhainní a chuirtear ar fáil ar leibhéal na hEorpa ach 0.3 % den mhéid a chaitheann na Ballstáit sa réimse sóisialta.

Is deacair muinín an phobail a thabhairt ar ais, comhaontú a chruthú agus spiorad muintearais a chothú agus rochtain éasca ag an bpobal ar an iliomad foinsí faisnéise atá chomh flúirseach, ach san am céanna, chomh doiligh sin a thuiscint i gceart. Is deacra ná riamh coinneáil suas leis an sruth nuachta

ar an toirt a bhíonn ar fáil ó dhubh go dubh agus gníomhú dá réir. Tá níos mó tvuíteanna á seoladh in aghaidh an lae anois ná mar a bhí á seoladh in aghaidh na bliana deich mbliana ó shin. Agus faoi 2018, beidh thart ar thrian de dhaonra an domhain ag baint úsáid as na meáin shóisialta.

Is ag géarú a bheidh na treochtaí sin agus tiocfaidh as sin athrú leanúnach ar an dóigh a bhfeidhmíonn an daonlathas. Cruthófar deiseanna nua chun dul i dteagmháil leis an bpobal agus chun an díospóireacht phoiblí a éascú. Mar sin féin ní mór don Aontas agus do na Ballstáit idirghníomhú níos gasta leis na saoránaigh agus an méid a comhaontaíodh a bhaint amach níos fearr agus níos tapa.

Page 14: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

1414

Page 15: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

1515

Cuid mhaith de na hathruithe ó bhonn atá á ndéanamh san Eoraip faoi láthair, ní bheidh dul astu agus ní bheidh dul siar orthu. Tá sé níos deacra athruithe eile a thuar agus tiocfaidh siad gan choinne. Tá sé de rogha ag an Eoraip na maidí a ligean le sruth nó a cuid féin a dhéanamh de na hathruithe sin. Caithfimid cinneadh a dhéanamh anois.

Cuideoidh na cúig chás fhéideartha a bheartaítear sa Pháipéar Bán seo leis an díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa a threorú. Tugann siad léargas ar an gcineál forás a d’fhéadfadh a bheith tagtha ar an Aontas faoi 2025, de réir mar a thogróimid gníomhú idir seo agus sin.

Is é is pointe tosaigh do gach cás féideartha na 27 mBallstát dul ar aghaidh mar Aontas.

Is cásanna léiritheacha na cúig chás agus is ar mhaithe le smaointeoireacht a spreagadh a ceapadh iad. Ní treoirphleananna mionsonraithe atá iontu ná saintreoracha beartais. Ar an dóigh chéanna, is d’aon ghnó nach ndéantar tagairt do phróisis dhleathacha ná institiúideacha. As an bhfeidhm a thiocfaidh an fhoirm.

Is rómhinic a rinneadh den díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa rogha idir “níos mó” agus “níos lú”. Is tuiscint mhíthreorach agus róshimplí ar an scéal é sin. Ar na roghanna a phléitear anseo tá nithe a fhágáil mar atá, athrú a dhéanamh ar scóip an Aontais agus ar a thosaíochtaí, agus dul chun cinn a dhéanamh ar leithligh nó in éindí. Tá go leor forluí idir na cásanna agus níl siad comheisiach ná uileghabhálach.

Ní mar atá leagtha amach sna cásanna a chuirtear i láthair anseo a bheidh an socrú deiridh. Roghnóidh na 27 mBallstát le chéile na gnéithe de na cúig chás is fearr a chuideoidh dar leo leis an tionscadal seo againne a chur chun cinn ar mhaithe lenár saoránaigh.

3. Cúig Chás Fhéideartha don Eoraip faoi 2025

Page 16: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

16

Cás 1: Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear

DÍRIONN NA 27 mBALLSTÁT AR AN gCLÁR OIBRE MAIDIR LE hATHCHÓIRIÚ DEARFACH.

Cén fáth agus cén chaoi?

Sa chás seo, ina bhfuil na 27 mBallstát ag coinneáil orthu mar atá beartaithe, díríonn siad ar an gclár oibre maidir leis an athchóiriú a fheabhsú agus a chur i bhfeidhm. Déantar an méid sin de réir mheon an phlean Tús Nua don Eoraip a d’eisigh an Coimisiún in 2014 agus Dearbhú na Bratasláive, rud a chomhaontaigh na Ballstáit ar fad leis in 2016. Déantar na tosaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta go rialta, téitear i ngleic le fadhbanna de réir mar a thagann siad chun cinn agus déantar reachtaíocht nua a sheoladh dá réir sin.

Dá thoradh sin, oibríonn na 27 mBallstát agus Institiúidí an Aontais le chéile chun clár oibre comhpháirteach a chur i ngníomh. Braitheann luas phróiseas na cinnteoireachta ar mhéid agus ar éagsúlacht na dtuairimí a bhíonn le cur san áireamh agus comhthosaíochtaí fadtéarmacha á mbaint amach. Déantar reachtaíocht an Aontais a mheas go rialta féachaint an bhfuil sí oiriúnach dá feidhm. Déantar reachtaíocht nach bhfuil fónta a thuilleadh a tharraingt siar.

A thoradh sin faoi 2025:

Leanann na 27 mBallstát de bheith ag díriú ar phoist, ar an bhfás agus ar an infheistíocht tríd an margadh aonair a neartú agus trí dhlús a chur leis an infheistíocht san infreastruchtúr digiteach, iompair agus fuinnimh.

Tá feabhas á chur de réir a chéile ar fheidhmiú an airgeadra aonair chun fás a spreagadh agus chun suaitheadh san Aontas agus lasmuigh de a sheachaint. Déantar tuilleadh beart chun an mhaoirseacht airgeadais a neartú, chun inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chinntiú agus chun an fíorgheilleagar a mhaoiniú trí mhargaí caipitil a fhorbairt.

Tá athchóiriú déanta ag an gCoimisiún ar na dlíthe maidir le státchabhair, agus dá bharr sin is faoi riar na

n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil atá 90 % de na bearta státchabhrach ar fad.

Déantar an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta a ghéarú de réir mar a thoilíonn na húdaráis faisnéis a roinnt. I réimse na cosanta neartaítear an comhar i dtaca leis an taighde, an tionsclaíocht agus an comhsholáthar. Beartaíonn na Ballstáit acmhainní míleata áirithe a chónascadh agus dlúthpháirtíocht airgeadais an Aontais i dtaca le misin ar an gcoigríoch a fheabhsú.

I réimse an bheartais eachtraigh, leantar de bheith ag labhairt d’aon ghuth. Déanann 27 mBallstát an Aontais comhaontuithe trádála a thabhairt i gcrích le comhpháirtithe ar fud an domhain, ar an dóigh chéanna ina ndéantar sin faoi láthair. Tá sé de chúram ar na Ballstáit aonair a dteorainneacha a bhainistiú ach cuidíonn an tacaíocht oibríochtúil ón nGarda Teorann agus Cósta Eorpach leis an gcomhar idir na Ballstáit a neartú. D’fhonn dul i ngleic leis na dúshláin nua a bheidh romhainn ní mór dúinn leanúint d’fheabhas a chur ar an dóigh a ndéanaimid na teorainneacha a bhainistiú. Mura ndéanfar sin, is féidir go mbeartóidh Ballstáit áirithe cloí le seiceálacha spriocdhírithe inmheánacha.

Éireoidh le 27 mBallstát an Aontais an clár oibre domhanda a stiúradh maidir le réimsí ar nós an athraithe aeráide, na cobhsaíochta airgeadais agus na forbartha inbhuanaithe.

Buntáistí agus míbhuntáistí:

Leanann an clár oibre maidir le hathchóiriú dearfach de bheith ag tabhairt toradh nithiúil uaidh, ach é a bheith bunaithe ar chuspóir coiteann. Tacaítear leis na cearta sin atá ag saoránaigh faoi dhlí an Aontais. Caomhnaítear aontacht na 27 mBallstát ach d’fhéadfadh móraighnis promhadh a chur ar an aontacht sin. Má thograíonn na Ballstáit gníomhú le chéile ar na nithe is cás leis na saoránaigh i bhfírinne dúnfar an bhearna idir gealltanais ar phár agus ionchais na saoránach.

Page 17: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

17

An tionchar ar bheartais

Samplaí léiritheacha

• Déantar teaghlaigh agus gnólachtaí a dhreasú chun an méid fuinnimh a úsáideann siad a laghdú agus chun fuinneamh ghlan a tháirgeadh dóibh féin. Is féidir leo aistriú ó sholáthraí amháin go soláthraí eile gan dua. Ar an meán, laghdaítear na billí ach mar sin féin is le soláthraithe atá lasmuigh den Aontas a íoctar leath an bhille.

• Is féidir le muintir na hEorpa gluaisteáin nasctha a thiomáint, ach uaireanta bíonn deacrachtaí acu ar thrasnú teorainneacha dóibh.

• Is féidir rochtain a fháil ar leathanbhanda ardchaighdeáin agus ardluais sna bailte móra san Aontas agus sna ceantair thuaithe freisin. Tá borradh faoin ríomhthráchtáil ach tá sé fós as cuimse costasach táirgí a fháil seachadta ó Bhallstát eile.

• Bunús an ama ní chaithfidh muintir na hEorpa stopadh agus dul faoi sheiceálacha ar thrasnú teorainneacha dóibh. De dheasca dianseiceálacha slándála, ámh, caithfidh muintir na hEorpa bheith san aerfort agus sa stáisiún traenach i bhfad roimh an am imeachta.

• Tá an tAontas ag réiteach comhaontuithe trádála dírithe forásacha le comhpháirtithe atá ar aon mheon leo, ar nós na Seapáine, na hAstráile, na Nua-Shéalainne agus Mheiriceá Laidineach. Tá sé fadálach comhaontuithe dá leithéidí a dhaingniú agus is minic a chuirtear moill air de dheasca idirphlé agus easaontais i bparlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha.

An margadh aonair & trádáil

Aontas eacnamaíoch & airgeadaíochta

Schengen, an imirce & an tslándáil

An beartas eachtrach &

cosaintBuiséad an

AontaisComhlíonadh gealltanas

Neartaítear an margadh aonair, earnáil an fhuinneamh agus an earnáil dhigiteach san áireamh; tugann na 27 mBallstát comhaontuithe forásacha i gcrích

Is de réir a chéile a fheabhsaítear feidhmiú an limistéir euro

Géaraítear de réir a chéile ar bhainistiú teorainneacha seachtracha; déantar dul chun cinn ionsar chóras comhchoiteann tearmainn; comhar feabhsaithe i réimse na slándála

Déantar dul chun cinn ó thaobh a bheith ag labhairt d’aonghuth maidir le gnóthaí eachtracha; comhar níos dlúithe maidir le gnóthaí cosanta

Nuachóiriú páirteach déanta ar an mbuiséad chun an clár oibre athchóiriúcháin a chomhaontaigh na 27 mBallstát a chur san áireamh

Torthaí nithiúla ar an gclár oibre dearfach gníomhaíochtaí; is deacair fós an próiseas cinnteoireachta a thuiscint; bearna ann in amanna idir ionchas agus comhlíonadh ionchais

Page 18: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

18

Cás 2: An margadh aonair agus é sin amháin

DIAIDH AR nDIAIDH DÍRÍTEAR FÓCAS AN AONTAIS AR AN MARGADH AONAIR.

Cén fáth agus cén chaoi?

Sa chás seo, tá mórchuid réimsí beartais ann nach féidir leis na 27 mBallstát teacht ar chomhaontú maidir le níos mó a dhéanamh iontu agus dá bhrí sin cuirtear níos mó agus níos mó béime ar phríomhghnéithe an mhargaidh aonair a neartú. Níl aon chomhthoil ann oibriú níos dlúithe le chéile i réimsí amhail an imirce, an tslándáil nó an chosaint.

Dá thoradh sin, sa chuid is mó de na réimsí beartais níl méadú ag teacht ar obair a dhéanann na 27 mBallstát. Is minic gur go déthaobhach a láimhseáiltear ceisteanna nua ar ábhar leasa coitinn iad. Ina theannta sin, laghdaíonn na 27 mBallstát an t ualach rialála trí dhá ghníomh reachtacha a tharraingt siar in aghaidh gach gníomh reachtach a mholtar.

A thoradh sin, faoi 2025:

Is é feidhmiú an mhargaidh aonair raison d’être príomha na 27 mBallstát. Tá dul chun cinn ag brath ar chumas na mBallstát beartais agus caighdeáin sa réimse sin a chomhaontú. Is fusa sin a dhéanamh i gcás saorghluaiseacht chaipitil agus earraí, rud a leanann de bheith saor ó tharaifí, ná i gcás réimsí eile.

I ngeall ar an mbéim mhór atáthar a chur ar rialáil ar leibhéal an Aontais a laghdú, leanann difríochtaí de bheith ann i réimsí ar nós caighdeáin maidir le tomhaltóirí, caighdeáin shóisialta agus caighdeáin comhshaoil, nó go deimhin méadaíonn na difríochtaí sin. Is é an scéal céanna é maidir le cánachas agus úsáid fóirdheontas. Tagann de sin an baol go mbeidh “sodar go grinneall” ann. Lena chois sin, is doiligh rialacha coiteanna nua a chomhaontú maidir le nithe amhail soghluaisteacht oibrithe agus rochtain ar ghairmeacha rialáilte. Dá dheasca sin níl saorghluaiseacht oibrithe agus seirbhísí ina gcearta lánchinnte.

Is fusaide trádáil a dhéanamh an euro ach is mórábhar leochaileachta difríochtaí a bheith ag teacht chun cinn agus comhar a bheith teoranta. Tá an t-airgeadra aonair agus a sheasmhacht in aghaidh géarchéimeanna airgeadais i mbaol dá dheasca sin.

Is mó na seiceálacha a dhéantar go rialta ar dhaoine ag na teorainneacha náisiúnta de bhrí nach leor an comhar i réimse na slándála agus na himirce.

Is doiligh ar an Aontas margaí a thabhairt i gcrích lena chomhpháirtithe de dheasca easaontú inmheánach i dtaobh conas trádáil idirnáisiúnta a dhéanamh. Níos minice agus níos minice is ar bhonn déthaobhach a phléitear leis an imirce agus le gnéithe áirithe den bheartas eachtrach. Is ar bhonn náisiúnta a phléitear leis an gcabhair dhaonnúil agus leis an gcabhair forbraíochta. Tá roinnt fóram idirnáisiúnta ann, agus ní dhéantar ionadaíocht a thuilleadh ar an Aontas ar fad iontu de bhrí nach bhfuil sé ar chumas an Aontais teacht ar chomhaontú i dtaobh na nithe is cás lena chomhpháirtithe domhanda, e.g. an t-athrú aeráide, an comhrac in aghaidh na himghabhála cánach, leas a bhaint as an domhandú agus an trádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn.

Buntáistí agus míbhuntáistí

De bhrí go bhfuil fócas úr ag tosaíochtaí an Aontais, is minic gur go déthaobhach, agus cás ar chás, is gá easaontuithe a réiteach idir na Ballstáit nuair a éiríonn ceist nua. Is féidir, le himeacht ama, go srianfar na cearta atá ag na saoránaigh faoi dhlí an Aontais. Is féidir gur fusa an próiseas cinnteoireachta a thuiscint, ach is lú cumas na mBallstát gníomhú i gcomhar le chéile. Is féidir go méadóidh, dá thoradh sin, an bhearna idir ionchas agus comhlíonadh ionchais ar gach leibhéal.

Page 19: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

19

Samplaí léiritheacha

• Tá difríochtaí móra i gcáilíocht an aeir ó thír go chéile san Eoraip, agus tá deireadh curtha ag roinnt Ballstát le caighdeáin agus rialacháin a bhaineann le hastaíochtaí díobhálacha. In aibhneacha ar nós na Danóibe nó Réine, atá ag rith trí roinnt tíortha, tá cáilíocht an uisce éagsúil ó áit go háit.

• Is leasc le muintir na hEorpa gluaisteáin nasctha a úsáid de cheal rialacha agus caighdeáin theicniúla uile-Eorpacha.

• Is casta ag turasóirí agus ag lucht gnó teorainneacha inmheánacha a thrasnú de bhrí go mbítear ag déanamh seiceálacha go rialta. Is deacra post a aimsiú i mBallstát eile agus níl aon chinnteacht ann gur féidir cearta pinsin a aistriú chuig Ballstát eile. Daoine a bhuailtear breoite ar an gcoigríoch, bíonn costais mhóra leighis le seasamh acu.

• Níl sé ar chumas an Aontais comhaontuithe nua trádála a thabhairt i gcrích toisc nach féidir leis na Ballstáit comhaontú ar thosaíochtaí coiteanna nó toisc go coisceann roinnt acu comhaontuithe den saghas sin.

• Saoránaigh de chuid tíortha a sháraíonn stát eile a n-aerspás nó a dhéanann cibearionsaithe móra orthu, is doiligh dóibh a thuiscint cén fáth nach bhfuil na 27 mBallstát, nó fiú tíortha comharsanacha, in ann socrú ar smachtbhannaí a chur i bhfeidhm.

• Toisc cúnamh forbraíochta a bheith ina chúram náisiúnta athuair, is deacra comhpháirtíochtaí cuimsitheacha a dhéanamh le tíortha san Afraic, agus dá thoradh sin tá srian ar dheiseanna eacnamaíocha i margadh atá ag fás agus níltear ag dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce.

An margadh aonair & trádáil

Aontas eacnamaíoch & airgeadaíochta

Schengen, an imirce & an tslándáil

An beartas eachtrach &

cosaintBuiséad an

AontaisComhlíonadh gealltanas

Neartaítear an margadh aonair earraí agus caipiteal; difríochtaí fós ann idir caighdeáin; ní cearta lánchinnte iad saorghluaiseacht oibrithe agus seirbhísí

Comhar srianta sa limistéar euro

Gan beartais aonair imirce ná tearmainn ann; is go déthaobhach a phléitearle comhar slándála; déantar seiceálacha inmheánacha teorann ar dhóigh níos córasaí

I réimse an bheartais eachtraigh tá roinnt ceisteanna ann agus pléitear leo níos mó agus níos mó go déthaobhach; níl aon athrú tagtha ar chomhar i réimse na cosanta

Fócas chun gnéithe fíor-riachtanacha an mhargaidh aonair a mhaoiniú

Is féidir gur fusa an próiseas cinnteoireachta a thuiscint, ach is lú cumas na mBallstát gníomhú go comhpháirteach; is minic gur gá ceisteanna leasa choitinn a réiteach go déthaobhach

An tionchar ar bheartais

Page 20: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

20

Cás 3: Iad sin a bhfuil níos mó uathu, déanann siad níos mó

NA BALLSTÁIT AR MIAN LEO NÍOS MÓ A DHÉANAMH I RÉIMSÍ ÁIRITHE, TÁ A CHEAD SIN ACU.

Cén fáth agus cén chaoi?

Sa chás seo, ina bhfuil na 27 mBallstát ag leanúint ar aghaidh faoi mar atá siad faoi láthair, ach ina bhfuil roinnt Ballstát ann ar mian leo níos mó a dhéanamh le chéile, tagann ceann amháin nó níos mó de “chomhghuaillíochtaí na dtíortha toilteanacha” chun cinn. Is féidir réimsí amhail an chosaint, an tslándáil inmheánach nó ceisteanna sóisialta a bheith i gceist lena leithéid.

Dá thoradh sin, tá socair ag grúpaí nua Ballstát socruithe sonracha dlíthiúla agus buiséadacha a dhéanamh chun an comhar eatarthu a neartú sna réimsí i gceist. Faoi mar a tharla i gcás limistéar Schengen agus an euro, is féidir an creat coiteann atá ann cheana do na 27 mBallstát a úsáid chuige sin, ach teastaíonn soiléiriú ar chearta agus ar fhreagrachtaí. Ní thagann aon athrú ar stádas na mBallstát eile, agus más áil leo é is féidir leo dul isteach leis na tíortha eile a bhfuil níos mó á dhéanamh acu le chéile.

A thoradh sin, faoi 2025:

Tá socair ag grúpa Ballstát dul i gcomhar i bhfad níos dlúithe le chéile maidir le gnóthaí cosanta, agus leas á bhaint chuige sin acu as na forálacha dlí atá ann cheana. Dá bharr sin tá bonn coiteann láidir sa taighde agus in earnáil na tionsclaíochta acu, soláthar comhpháirteach, cumas níos comhtháite agus ullmhacht mhíleata níos fearr le haghaidh misin chomhpháirteacha ar an gcoigríoch.

Tá roinnt tíortha ag dul chun tosaigh i réimse na slándála agus an cheartais. Tá socair acu an comhar idir fórsaí póilíní agus seirbhísí faisnéise a neartú. Malartaíonn siad gach saghas faisnéise le chéile sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus

na sceimhlitheoireachta. Tá príomh-ionchúisitheoir poiblí comhpháirteach ann, agus a bhuí lena oifig siúd imscrúdaíonn siad le chéile calaois, sciúradh airgid agus gáinneáil drugaí agus arm. Tá socair acu dul níos faide ar aghaidh ó thaobh limistéar coiteann ceartais in ábhar sibhialta a chruthú.

Tá socair ag roinnt tíortha, tíortha an limistéar euro ina measc mar aon le roinnt tíortha eile, b’fhéidir, dul i gcomhar i bhfad níos dlúithe le chéile i réimse an chánachais agus ceisteanna sóisialta. Tá rialacha agus rátaí cánach curtha i gcomhréir le chéile, agus dá bharr sin, tá laghdú tagtha ar chostais comhlíontachta agus ar imghabháil cánach. Tá caighdeáin shóisialta ann a comhaontaíodh, agus dá bharr sin tá cinnteacht ag lucht gnó agus tá feabhas tagtha ar dhálaí oibre. Is treise an comhar in earnáil na tionsclaíochta ó thaobh teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí ceannródaíocha áirithe de, agus is ar bhonn comhpháirteach a cheaptar na rialacha maidir le húsáid na nithe sin.

Agus 27 mBallstát san Aontas, tá tuilleadh dul ar aghaidh á dhéanamh ó thaobh an margadh aonair a neartú agus na ceithre shaoirse a ghabhann leis a threisiú. Tá an caidreamh le tríú tíortha, gnóthaí trádála san áireamh, fós á bhainistiú ag an Aontas thar ceann na mBallstát uile.

Buntáistí agus míbhuntáistí

Tá aontacht na 27 mBallstát slán, agus san am céanna, iad sin a bhfuil níos mó comhair uathu, tá cead acu cur chuige. Diaidh ar ndiaidh tá na cearta atá ag saoránaigh faoi dhlí an Aontais ag athrú, de réir na tíre ina bhfuil siad ag cur fúthu, is é sin cé acu tír atá páirteach sa chomhar níos dlúithe nó tír nach bhfuil páirteach ann. Tá ceisteanna ann faoi thrédhearcacht agus faoi chuntasacht na leibhéal éagsúil atá sa phróiseas cinnteoireachta. Tá an bhearna idir ionchas agus comhlíonadh ionachais ag éirí níos cúinge i gcás na dtíortha sin a bhfuil níos mó uathu agus a thograíonn níos mó a dhéanamh.

Page 21: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

21

Samplaí léiritheacha

• Tá cór póilíní agus ionchúisitheoirí curtha ar bun ag grúpa Ballstát chun gníomhaíochtaí coiriúla trasteorann a imscrúdú. Malartaítear faisnéis slándála ar an bpointe de bhrí go bhfuil bunachair sonraí na mBallstát lán-idirnasctha. Fianaise choiriúil a thiomsaítear i dtír amháin, glactar léi go huathoibríoch i dtír eile.

• Tá gluaisteáin nasctha in úsáid go forleitheadach sa 12 Bhallstát sin a shocraigh a gcuid rialacha agus a gcuid caighdeán a chur i gcomhréir le chéile. Tá tacar rialacha ceaptha ag na Ballstáit chéanna chun soiléiriú a dhéanamh ar shaincheisteanna dlisteanachta a bhaineann le hidirlíon na n–earraí.

• Tá grúpa tíortha ag obair le chéile agus tá “Cód maidir le Gnó an Dlí” comhaontaithe acu, a chuimsíonn an dlí corparáideach, an dlí tráchtála agus réimsí gaolmhara den dlí agus a chuidíonn le comhlachtaí de gach méid a gcuid gnó a dhéanamh go trasteorannach.

• Tá cearta breise ag oibrithe in 21 Bhallstát , cearta atá ag éirí níos cosúla le chéile, agus ar chosaint shóisialta beag beann ar a náisiúntacht agus a n–áit chónaithe.

• Tá drón faighte ag sé thír chun críocha míleata. Is féidir an drón a úsáid chun faireachas a dhéanamh ar muir agus ar tír, agus in oibríochtaí tarrthála daonnúla. Tá clár comhpháirteach cosanta curtha ar bun chun infreastruchtúr fíorthábhachtach a chosaint ar chibearionsaithe.

An margadh aonair & trádáil

Aontas eacnamaíoch & airgeadaíochta

Schengen, an imirce & an tslándáil

An beartas eachtrach &

cosaintBuiséad an

AontaisComhlíonadh gealltanas

Dála “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, neartaítear an margadh aonair agus tugtar comhaontuithe forásacha trádála i gcrích

Ar nós “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, ach amháin go bhfuil grúpa tíortha ann a dhlúthaíonn ar an gcomhar eatarthu i réimsí amhail cánachas agus caighdeáin shóisialta

Dála “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, ach amháin go bhfuil grúpa tíortha ann a neartaíonn an comhar eatarthu i réimsí na slándála agus an cheartais

Dála “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, ach amháin go bhfuil grúpa tíortha ann a neartaíonn an comhar eatarthu i réimsí na cosanta, agus béim ar an gcomhordú míleata agus ar threalamh comhpháirteach

Ar nós “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”; maoiniú breise curtha ar fáil ag Ballstáit áirithe do na réimsí sin inar mian leo níos mó a dhéanamh

Ar nós “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, tá clár oibre dearfach gníomhaíochta ann do na 27 mBallstát agus toradh dearfach air sin; tá réimsí áirithe ann agus baineann grúpaí áirithe níos mó amach iontu agus iad ag obair i gcomhar le chéile; is casta an próiseas cinnteoireachta

An tionchar ar bheartais

Page 22: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

22

Cás 4: Níos lú a dhéanamh, agus é a dhéanamh ar shlí níos éifeachtúla

DÍRÍONN AN tAONTAS AR NÍOS MÓ A BHAINT AMACH IN ACHAR NÍOS GIORRA I RÉIMSÍ BEARTAIS ÁIRITHE, AGUS NÍOS LÚ A DHÉANAMH I RÉIMSÍ BEARTAIS EILE.

Cén fáth agus cén chaoi?

Sa chás seo, ina bhfuil comhthoil maidir leis an ngá tosaíochtaí áirithe a bhaint amach ar dhóigh níos fearr le chéile, tá socair ag na 27 mBallstát a n–aird agus a ngannacmhainní a dhíriú ar líon níos lú réimsí.

Dá thoradh sin, tá sé ar chumas na 27 mBallstát gníomhú i bhfad níos gasta agus ar dhóigh níos cinntithí sna réimsí sin. Chuige sin, cuirtear uirlisí níos láidre ar fáil do na 27 mBallstát chun cinntí comhchoiteanna a fhorfheidhmiú, faoi mar a dhéantar sa lá atá inniu ann i gcás an bheartais iomaíochta agus na maoirseachta baincéireachta. I réimsí eile, tá na Ballstáit scortha de bheith ag gníomhú, sin nó ní ghníomhaíonn siad an oiread céanna agus ba ghnách leo gníomhú.

Agus a dtosaíochtaí nua á dtoghadh acu, féachann na 27 mBallstát leis an mbearna atá idir gealltanais, ionchas agus comhlíonadh gealltanas a dhúnadh. Sampla den bhearna sin is ea an scannal astaíochtaí gluaisteán. Sa chás sin bhí súil go forleathan go gcosnódh an tAontas tomhaltóirí na hEorpa ar chaimiléireacht lucht déanta gluaisteán, ach is é rud nach bhfuil cumhacht ná caoi aige sin a dhéanamh ar dhóigh dhíreach fheiceálach.

A thoradh sin, faoi 2025:

Tá níos mó á dhéanamh ag na 27 mBallstát i réimsí amhail an nuálaíocht, an trádáil, an tslándáil, an imirce, bainistiú teorainneacha agus an chosaint. Tá rialacha agus uirlisí cur i bhfeidhm nua ceaptha chun an margadh aonair inmheánach a neartú i réimsí tábhachtacha nua. Tá béim ar bharr feabhais a bhaint amach i réimse an taighde agus na forbartha agus infheistíonn siad i dtionscadail nua uile Eorpacha arb é is aidhm dóibh an dícharbónú agus an digitiú a chur chun cinn.

Samplaí de sin is ea comhar níos dlúithe maidir leis an spás, braislí ardteicneolaíochta agus moil fuinnimh réigiúnacha a chur i gcrích. Tá na 27 mBallstát in ann cinneadh go pras ar chomhaontuithe trádála a chaibidliú agus a chur i gcrích. Déanann na húdaráis póilíneachta agus breithiúnacha comhar le chéile ar dhóigh chórasach maidir le ceisteanna

sceimhlitheoireachta, agus tá Gníomhaireacht Eorpach Fhrithsceimhlitheoireacht nua ann a éascaíonn an comhar sin.

Tá gafa chuige féin ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach cúram iomlán bhainistiú na dteorainneacha seachtracha. Tá Gníomhaireacht Eorpach Tearmainn ann, agus is í a láimhseálann gach iarratas ar thearmann. Tá acmhainní comhpháirteacha cosanta curtha ar bun.

Os a choinne sin, tá na 27 mBallstát scortha de bheith ag gníomhú, sin nó ní ghníomhaíonn siad a oiread céanna agus ba ghnách leo gníomhú, i réimsí dar leo nach bhfuil aon bhreisluach ag baint le bearta an Aontais iontu nó i réimsí nach féidir leo a ngealltanais a chomhlíonadh iontu. Ar na réimsí sin tá an fhorbairt réigiúnach, an tsláinte phoiblí, agus codanna den bheartas fostaíochta agus sóisialta nach mbaineann go díreach le feidhmiú an mhargaidh aonair.

Tá tuilleadh de chúram na státchabhrach tarmligthe chuig údaráis na mBallstát. Na caighdeáin nua a leagtar síos san Aontas maidir le cosaint tomhaltóirí, an comhshaol agus an tsláinte agus an tsábháilteacht san ionad oibre, diaidh ar ndiaidh táthar ag stopadh de bheith á gcur i ndlúth-chomhréir le chéile agus níl iontu ach a laghad is gá agus sin amháin. Tá tuilleadh solúbthachta ag na Ballstáit nithe nua a thástáil i réimsí áirithe. Mar sin féin, sna réimsí sin a ndéantar rialáil orthu ar leibhéal an Aontais, comhlíontar na rialacha ina n iomláine, a bhuí le cumhachtaí cur chun feidhme breise.

I réimsí eile, déantar bearta i gcónaí chun an limistéar euro a dhaingniú agus cobhsaíocht an airgeadra choitinn a chinntiú. Tá tábhacht an Aontais sa domhan athraithe, i gcomhréir le hathrú na bhfreagrachtaí atá air.

Buntáistí agus míbhuntáistí

I ndeireadh na dála, de bhrí go bhfuil deighilt níos soiléire freagrachtaí ann, is fusa ag saoránaigh na hEorpa a thuiscint cé na cúraimí a bpléitear leo ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach faoi seach. Na cearta atá ag saoránaigh faoi dhlí an Aontais tá siad fairsing sna réimsí sin i ndéantar níos mó agus tá siad cúng sna réimsí ina ndéantar níos lú. Tá sin ina chuidiú an bhearna a dhúnadh idir gealltanais a thabhairt agus gealltanais a chomhlíonadh fiú amháin mura féidir gealltanais a chomhlíonadh i ngach réimse. I dtosach ama tá fíordheacrachtaí ag na 27 mBallstát cinneadh ar na réimsí atá le bheith ina réimsí tosaíochta agus ar na réimsí inar cheart níos lú a dhéanamh.

Page 23: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

23

Samplaí léiritheacha

• Tá Údarás Teileachumarsáide Eorpach ann agus é de chumhacht aige minicíochtaí a shaoradh chun slí a dhéanamh do sheirbhísí cumarsáide trasteorann, cuir i gcás na cinn a theastaíonn chun gluaisteáin nasctha a úsáid ar fud na hEorpa. Ina cheann sin, cosnaíonn an tÚdarás na cearta atá ag lucht úsáidte gléasanna móibíleacha agus an idirlín, is cuma cá háit san Aontas a bhfuil siad.

• Tá Gníomhaireacht Eorpach Fhrithsceimhlitheoireachta nua ann chun cuidiú le cosc a chur ar mhór-ionsaithe i gcathracha na hEorpa trí dhaoine atá faoi amhras a rianú agus a chomharthú go córasach. Is furasta ag na húdaráis náisiúnta póilíneachta rochtain a fháil ar na bunachair sonraí Eorpacha ina bhfuil faisnéis bhithmhéadrach coirpeach.

• Tá bainistiú na dteorainneacha seachtracha ina iomláine de chúram ar nGarda Teorann agus Cósta Eorpach.

• Tá tuarastail, an reachtaíocht shóisialta agus leibhéil cánach fós éagsúil ó thír go tír san Eoraip.

• Tomhaltóirí Eorpacha ar chuir lucht déanta gluaisteán an dallamullóg orthu, is féidir leo brath ar an Aontas pionós a ghearradh ar na déantóirí gluaisteán sin agus iachall a chur orthu cúiteamh a íoc.

• Tá fáil, agus gan é róchostasach, ag feirmeoirí ar shonraí fíor-ama maidir leis an aimsir agus bainistiú barr, a bhuí le córas satailíte Eorpach atá faoi lán seoil.

An margadh aonair & trádáil

Aontas eacnamaíoch & airgeadaíochta

Schengen, an imirce & an tslándáil

An beartas eachtrach &

cosaintBuiséad an

AontaisComhlíonadh gealltanas

Gan ach íosmhéid sna caighdeáin choiteanna, ach is treise an cur i bhfeidhm sna réimsí sin a rialálann an tAontas; ar an Aontas atá cúram na trádála ina iomláine

Déantar roinnt beart chun an limistéar euro a neartú agus a chobhsaíocht a chinntiú; déanann na 27 mBallstát níos lú maidir le gnéithe áirithe den bheartas fostaíochta agus sóisialta

Láimhseáiltear an comhar i leith bainistiú teorainneacha, beartais tearmainn agus gnóthaí

Is d’aonghuth a labhraíonn an tAontas maidir le gach gné den bheartas eachtrach; tá Aontas Cosanta Eorpach curtha ar bun

Athchóiriú mór déanta chun na tosaíochtaí nua a chomhaontaigh na 27 mBallstát a chur san áireamh

Tá deacrachtaí ag baint le teacht ar chomhaontú ar na réimsí tosaíochta agus ar na réimsí nach ceart gníomhú iontu a thuilleadh; is féidir go mbeidh an próiseas cinnteoireacht níos fusa a thuiscint ón uair a bheidh sé bunaithe; sna réimsí sin ina bhfuil ról níos mó ag an Aontas, is gasta agus is cinntithí a ghníomhaíonn sé

An tionchar ar bheartais

Page 24: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

24

Cás 5: I bhfad níos mó a dhéanamh le chéile

TOGRAÍONN NA BALLSTÁIT I bhFAD NÍOS MÓ A DHÉANAMH LE CHÉILE I nGACH RÉIMSE BEARTAIS.

Cén fáth agus cén chaoi?

Sa chás seo, ina bhfuiltear ar aon fhocal nach bhfuil Aontas na 27 mBallstát faoi mar atá sé faoi láthair, ná tíortha na hEorpa leo féin, in ann ag dúshláin na linne, tograíonn na Ballstáit níos mó cumhachta, níos mó acmhainní agus níos mó den phróiseas cinnteoireachta a roinnt le chéile i ngach réimse.

Dá thoradh sin, is dlúithe ná riamh an comhar idir na Ballstáit, i ngach réimse. Ar an gcuma chéanna, treisítear an euro agus é an soiléir ag gach éinne gurb ionann leas tíortha an euro agus leas gach tíre. Is gasta a dhéantar cinntí ar an leibhéal Eorpach agus is gasta a chuirtear i bhfeidhm iad.

A thoradh sin, faoi 2025:

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, is d’aon ghuth a labhraíonn an Eoraip maidir le gnóthaí trádála, agus i mbunús na bhfóram idirnáisiúnta labhraíonn ionadaí amháin thar a ceann. Is ag Parlaimint na hEorpa atá an focal deiridh ar chomhaontuithe idirnáisiúnta trádála. Tosaíochtaí is ea iad an beartas cosanta agus an beartas slándála. Tá Aontas Cosanta Eorpach curtha ar bun, agus é ina fhorlíonadh ar NATO. Gnáthrud is ea é comhar a dhéanamh maidir le ceisteanna slándála. Tá na 27 mBallstát fós ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus is treise ról an Aontais mar dheontóir cúnaimh dhaonnúil agus forbraíochta, an deontóir is mó ar domhan den saghas sin.

De bhrí go bhfuil scóip bheartas eachtrach an Aontais an-leathan, dlúthaíodh an comhar idir na Ballstáit maidir leis an imirce. A bhuí le comhpháirtíochtaí

níos dlúithe agus breis infheistíochta a dhéantar i gcomharsanacht na hEorpa agus lastall den chomharsanacht sin, is fusa deiseanna eacnamaíocha a chruthú, an imirce rialta a bhainistiú agus dul i ngleic leis an imirce neamhrialta.

Tá na 27 mBallstát toilteanach agus tiomanta an margadh aonair a chur i gcrích i réimsí an fhuinnimh, gnóthaí digiteacha agus seirbhísí. De bharr infheistíocht chomhpháirteach a dhéantar sa nuálaíocht agus sa taighde, tá roinnt “Silicon Valley” tagtha ar an saol san Eoraip agus grúpaí de chaipitlithe fiontair, gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí móra agus lárionaid taighde cruinn le chéile iontu. Tá na margaí caipitil lán chomhtháite, agus dá bharr sin is fusa maoiniú a thiomsú d’fhiontair bheaga agus méanmhéide agus do mhórthionscadal infreastruchtúir ar fud an Aontais.

I measc thíortha an limistéar euro, agus i measc na mBallstát sin ar mian leo teacht isteach sa limistéar euro, is mó i bhfad an comhordú a dhéantar ar ghnóthaí fioscacha, sóisialta agus cánach agus is mó, freisin, an maoirsiú a dhéantar ar sheirbhísí airgeadais. Cuireann an tAontas tacaíocht airgeadais ar fáil chun borradh a chur faoi fhorbairt eacnamaíoch agus chun suaitheadh ar an leibhéal réigiúnach, earnálach agus náisiúnta a láimhseáil.

Buntáistí agus míbhuntáistí

Tá méadú mór tagtha ar an líon cinntí a dhéantar ar leibhéal an Aontais agus is gasta a dhéantar na cinntí sin. Is mó cearta atá ag na saoránaigh faoi dhlí an Aontais. Os a choinne sin, na codanna sin den tsochaí nach bhfuil glacadh acu leis an Aontas nó a mheasann go bhfuil an iomarca cumhachta bainte ag an Aontas ó na Ballstáit, is féidir gur móide a gcoimhthíos.

Page 25: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

25

Samplaí léiritheacha

• Bítear gníomhach ag féachaint le comhaontuithe trádála a dhéanamh. Is é an tAontas a thionscnaíonn, a chaibidlíonn agus a thugann i gcrích comhaontuithe den saghas sin thar ceann na mBallstát.

• Is féidir le gluaisteáin nasctha dul ó thír go chéile gan chosc gan bhac a bhuí le rialacha soiléire uile-Eorpacha a bheith i bhfeidhm agus le gníomhaireacht cur i bhfeidhm de chuid an Aontais a bheith ann.

• Daoine san Eoraip ar mian leo, abair, a dtuairim a nochtadh faoi scéim tuirbíní gaoithe atá beartaithe ag an Aontas dá gceantar, is doiligh leo fáil amach cén t-údarás Eorpach ar ceart dóibh teagmháil a dhéanamh leis.

• Agus iad ar an gcoigríoch, is féidir le saoránaigh cosaint agus cúnamh consalach a iarraidh ar ambasáidí de chuid an Aontais, ambasáidí a ghabh ionad ambasáidí na mBallstát i gcodanna áirithe den domhan. Daoine nach saoránaigh den Aontas iad agus ar mian leo teacht chun na hEorpa, is féidir leo iarratas ar víosa a chur faoi bhráid na n ambasáidí sin de chuid an Aontais.

• In ionad an Chiste Airgeadaíochta Eorpaigh tá an Sásra Cobhsaíochta Eorpach. Tá an Ciste faoi réir Pharlaimint na hEorpa agus tá sé de chúram air tacú leis an mBanc Infheistíochta Eorpach maoiniú a thiomsú don tríú babhta de Phlean Juncker, plean arb é is aidhm dó infheistíocht a mhéadú ar fud na hEorpa.

An margadh aonair & trádáil

Aontas eacnamaíoch & airgeadaíochta

Schengen, an imirce & an tslándáil

An beartas eachtrach &

cosaintBuiséad an

AontaisComhlíonadh gealltanas

Treisítear an margadh aonair trí chaighdeáin a chur i gcomhréir le chéile agus trí chur i bhfeidhm níos tréine; ar an Aontas atá cúram na trádála ina iomláine

Baintear amach Aontas airgeadais agus fioscach faoi mar a leagadh amach i dTuarascáil an Chúigir Uachtaráin, Meitheamh 2015

Dála “Níos lú a dhéanamh, agus é a dhéanamh ar shlí níos éifeachtúla”, láimhseáiltear an comhar i leith bainistiú teorainneacha, beartais tearmainn agus gnóthaí

Is d’aonghuth a labhraíonn an tAontas maidir le gach gné den bheartas eachtrach; dála “Níos lú a dhéanamh, agus é a dhéanamh ar shlí níos éifeachtúla” tá Aontas Cosanta Eorpach curtha ar bun

Nuachóiriú agus méadú mór déanta, le cuidiú a acmhainní dílse; tá meicníocht cobhsaíochta fioscaí ag feidhmiú

Is gasta a dhéantar cinntí agus is tréine a chuirtear i bhfeidhm iad i ngach réimse; iad sin a shíleann go bhfuil an iomarca cumhachta bainte ag an Aontas ó na Ballstáit, dar leo go bhfuil ceisteanna cuntasachta ann

An tionchar ar bheartais

Page 26: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

26

4. An bealach romhainn

Go leor den fhorás a dhealraigh a bheith dodhéanta 60 bliain ó shin, tá sé baint amach anois agus ní dhéantar iontas de san Eoraip sa lá atá inniu ann. An lá is dorcha dá mbeidh againn, is gile i bhfad é ná lá ar bith dár chaith ár sinsir i ngéibheann sa Ventotene.

Na saoirsí, na cearta agus na deiseanna atá le fáil san Aontas, ní shamhlódh duine ar bith go brách, fiú físithe an Ventotene, go bhféadfaí iad a bhaint amach. Agus Eoraip aontaithe ag ceiliúradh a bunaithe, is mithid dúinn ár móideanna a athnuachan, ár mbród a athmhúscailt agus ár dtodhchaí a cheapadh.

Is féidir go bhfuil an t-athrú dosheachanta, ach ní thiocfaidh aon athrú ar na cuspóirí atá againn sa saol agus na luachanna Eorpacha is cás linn. Teastaíonn uainn sochaí ina bhfuil an tsíocháin, an tsaoirse, an chaoinfhulaingt agus an dlúthpháirtíocht i réim. Teastaíonn uainn daonlathas ina bhfuil éagsúlacht tuairimí agus a bhfuil preas criticiúil neamhspleách saor ann. Teastaíonn uainn saoirse cainte agus a fhios a bheith againn nach féidir le duine ná institiúid ar bith a bheith beag beann ar an dlí. Teastaíonn uainn Aontas ina gcaitear ar an dóigh chéanna le gach saoránach agus le gach Ballstát. Teastaíonn uainn saol níos fearr ná an saol a bhí againn a thabhairt dár gclann.

Is cuma cén ceann de na cásanna féideartha atá curtha i láthair sa doiciméad seo a bheidh ar an gceann is cosúla leis an cás a bheidh ann san fhírinne, leanfaidh na luachanna agus na mianta seo de bheith ag ceangal muintir na hEorpa le chéile, agus is fiú troid ar a son.

Rud nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe is ea an tAontas Eorpach, rud inar ceanglaíodh le chéile tosaíochtaí náisiúnta agus inar tiomsaíodh flaitheas de shaorthoil ar mhaithe leis an leas náisiúnta agus leis an leas coiteann. Ní i gcónaí a bhí an turas seo gan dua, agus ní raibh gach rud foirfe, agus le himeacht ama tá léirithe ag an Aontas go bhfuil sé in ann é féin a athchóiriú agus go bhfuil fiúntas ann. Agus an mana “aontaithe san éagsúlacht” ina inspioráid acu, chuaigh ag an Aontas agus ag a Bhallstát leas a bhaint as láidreacht agus saibhreas uathúil a náisiún, agus dul chun cinn nach bhfacthas a leithéid riamh a dhéanamh.

Agus neamhchinnteacht sa saol, is féidir go bhfuil an leithlisiú tarraingteach ag daoine áirithe, ach bheadh impleachtaí forleathana ag an deighilt agus an ilroinnt. Nochtfaí dá dheasca tíortha agus saoránaigh na hEorpa do thaibhsí an ama atá caite agus d’fhágfaí i ngreim iad ag mianta cumhachtaí móra.

Caithfidh an Eoraip rogha a dhéanamh anois. Tá an oiread céanna deiseanna ann agus atá dúshláin ann. Is féidir an tráth seo a bheith ina thráth cinniúna ag an Eoraip, ach ní foláir do na 27 mBallstát ar fad an deis a thapú agus gníomhú le chéile le diongbháilteacht choiteann.

Ba cheart go gcuirfeadh an Páipéar Bán tús le díospóireacht ionraic fhorleathan leis na saoránaigh faoin bhforás is ceart teacht ar an Eoraip amach anseo. Is ceart cead cainte a bheith ag cách. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit ar suim leo é, sraith díospóireachtaí dar teideal “Díospóireachtaí faoi Thodhchaí na hEorpa” a reáchtáil i bparlaimintí náisiúnta, i gcathracha agus i réigiúin ar fud fad na hEorpa. Is iad smaointe agus diongbháilteacht na milliún Eorpach a thiomáinfidh chun cinn sinn.

Ionchur an Choimisiúin Eorpaigh i gCruinniú Mullaigh na Róimhe atá sa Pháipéar Bán. Is iondúil agus comóradh á dhéanamh féachaint siar ar an am atá caite, agus sin é a dhéanfaimid ag cruinniú mullaigh na Róimhe — féachaint siar ar ar baineadh amach le 60 bliain. Is ceart a mheas gur tosach próisis ag na 27 mBallstát atá sa Pháipéar Bán, próiseas arb é is aidhm dó todhchaí an Aontais seo acu a chinneadh.

Sna míonna atá amach romhainn cuirfidh an Coimisiún leis an díospóireacht sin trí shraith de pháipéir machnaimh maidir leo seo a eisiúint:

• an ghné shóisialta den Eoraip a shaothrú;• an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadais

a neartú, ar bhonn Thuarascáil an Chúigir Uachtarán, Meitheamh 2015;

• leas a bhaint as an domhandú;• todhchaí bheartas cosanta na hEorpa;• todhchaí bheartas airgeadais an Aontais.

Faoi mar atá déanta sa Pháipéar Bán seo, cuirfear i láthair sna páipéir machnaimh sin smaointe, moltaí, roghanna agus cásanna féideartha éagsúla ina mbeidh léargas ar an gcineál foráis a d’fhéadfadh a bheith i ndán don Eoraip faoi 2025, d’fhonn tús a chur le díospóireacht ach gan aon chinneadh deifnídeach a dhéanamh go fóill.

In óráid an Uachtaráin Juncker ar Staid an Aontais don bhliain 2017, saothrófar na smaointe sin a thuilleadh, sula dtiocfar ar na chéad chonclúidí ina dtaobh ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2017. Ba cheart go mbeadh sin ina chuidiú cinneadh ar an gcur chuige is gá a bheith socraithe in am do na toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh 2019.

Is é ár mian chomhchoiteann a thiomáinfidh an Eoraip chun cinn. Dála na nglún a chuaigh romhainn, ar ár lámh féin againn atá todhchaí na hEorpa.

Page 27: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

27

IARSCRÍBHINNÍ

Page 28: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

28

Próiseas an Pháipéir Bháin: ó chruinniú mullaigh na Róimhe go dtí toghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2019

09/03 - 10/03Cruinniú den Chomhairle Eorpach/Cruinniú de na 27 mBallstát

01/03Páipéar Bán an Choimisiúin maidir le Todhchaí na hEorpa

Márta 2017

Aibreán

Bealtaine

Meitheamh

Mí Iúil

Meán Fómhair

Deireadh Fómhair

Samhain

Nollaig

Meitheamh 2019

Deireadh mhí AibreáinPáipéar machnaimh ón gCoimisiún ar an ngné shóisialta den Eoraip

Lár mhí na BealtainePáipéar machnaimh ón gCoimisiún ar leas a bhaint as an domhandú

09/06Comhdháil slándála agus cosanta, i bPrág, Poblacht na Seice.

Deireadh mhí na BealtainePáipéar machnaimh ón gCoimisiún ar a bhfuil i ndán don Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Deireadh mhí an Mheithimh Páipéar machnaimh ón gCoimisiún ar a bhfuil i ndán do bheartas airgeadais na hEorpa

Lár mhí Mheán FómhairÓráid ar Staid an Aontais, 2017

MeitheamhToghcháin Pharlaimint na hEorpa

26/05 - 27/05Cruinniú mullaigh den G7, Taormina na hIodáile

19/10 - 20/10Cruinniú den Chomhairle Eorpach

17/11Cruinniú mullaigh sóisialta in Göteborg na Sualainne

22/06 - 23/06Cruinniú den Chomhairle Eorpach

14/12 - 15/12Cruinniú den Chomhairle Eorpach/Cruinniú de na 27 mBallstát

Na “Díospóireachtaí faoi Thodhchaí na hEorpa” i bparlaimintí, i gcathracha agus réigiúin na hEorpa

07/07 - 08/07Cruinniú den G20 in Hamburg na Gearmáine

Iarscríbhinn 1

25/03Cruinniú mullaigh ag na 27 mBallstát — Dearbhú na Róimhe — Comóradh 60 bliain shíniú Chonarthaí na Róimhe

Tús mhí an MheithimhPáipéar machnaimh ón gCoimisiún ar a bhfuil i ndán do bheartas cosanta na hEorpa

Page 29: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

29

Na cúig chás fhéideartha: forléargas beartais

Iarscríbhinn 2

Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear

An margadh aonair agus é sin amháin

Iad sin a bhfuil níos mó uathu déanann

siad níos mó

Níos lú a dhéanamh, agus é a dhéanamh ar shlí níos éifeachtúla

I bhFad níos mó a dhéanamh le chéile

An m

arga

dh

aona

ir &

trá

dáil Neartaítear an margadh

aonair, earnáil an fhuinneamh agus an earnáil dhigiteach san áireamh; tugann na 27 mBallstát comhaontuithe forásacha i gcrích

Neartaítear an margadh aonair earraí agus caipiteal; difríochtaí fós ann idir caighdeáin; ní cearta lánchinnte iad saorghluaiseacht oibrithe agus seirbhísí

Dála “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, neartaítear an margadh aonair agus tugtar comhaontuithe forásacha trádála i gcrích

Gan ach íosmhéid sna caighdeáin choiteanna, ach is treise an cur i bhfeidhm sna réimsí sin a rialálann an tAontas; ar an Aontas atá cúram na trádála ina iomláine

Treisítear an margadh aonair trí chaighdeáin a chur i gcomhréir le chéile agus trí chur i bhfeidhm níos tréine; ar an Aontas atá cúram na trádála ina iomláine

Aont

as e

acna

maí

och

&

airg

eada

íoch

ta

Is de réir a chéile a fheabhsaítear feidhmiú an limistéir euro

Comhar srianta sa limistéar euro

Ar nós “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, ach amháin go bhfuil grúpa tíortha ann a dhlúthaíonn ar an gcomhar eatarthu i réimsí amhail cánachas agus caighdeáin shóisialta

Déantar roinnt beart chun an limistéar euro a neartú agus a chobhsaíocht a chinntiú; déanann na 27 mBallstát níos lú maidir le gnéithe áirithe den bheartas fostaíochta agus sóisialta

Baintear amach Aontas airgeadais agus fioscach faoi mar a leagadh amach i dTuarascáil an Chúigir Uachtaráin, Meitheamh 2015

Sche

ngen

, an

imirc

e&

an

tslá

ndái

l

Géaraítear de réir a chéile ar bhainistiú teorainneacha seachtracha; déantar dul chun cinn ionsar chóras comhchoiteann tearmainn; comhar feabhsaithe i réimse na slándála

Gan beartais aonair imirce ná tearmainn ann; is go déthaobhach a phléitearle comhar slándála; déantar seiceálacha inmheánacha teorann ar dhóigh níos córasaí

Dála “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, ach amháin go bhfuil grúpa tíortha ann a neartaíonn an comhar eatarthu i réimsí na slándála agus an cheartais

Láimhseáiltear an comhar i leith bainistiú teorainneacha, beartais tearmainn agus gnóthaí frithsceimhlitheoireachta ar dhóigh chórasach

Dála “Níos lú a dhéanamh, agus é a dhéanamh ar shlí níos éifeachtúla”, láimhseáiltear an comhar i leith bainistiú teorainneacha, beartais tearmainn agus gnóthaí frithsceimhlitheoireachta ar dhóigh chórasach

An b

eart

as

each

trac

h &

cos

aint Déantar dul chun cinn

ó thaobh a bheith ag labhairt d’aonghuth maidir le gnóthaí eachtracha; comhar níos dlúithe maidir le gnóthaí cosanta

I réimse an bheartais eachtraigh tá roinnt ceisteanna ann agus pléitear leo níos mó agus níos mó go déthaobhach; níl aon athrú tagtha ar chomhar i réimse na cosanta

Dála “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, ach amháin go bhfuil grúpa tíortha ann a neartaíonn an comhar eatarthu i réimsí na cosanta, agus béim ar an gcomhordú míleata agus ar threalamh comhpháirteach

Is d’aonghuth a labhraíonn an tAontas maidir le gach gné den bheartas eachtrach; tá Aontas Cosanta Eorpach curtha ar bun

Is d’aonghuth a labhraíonn an tAontas maidir le gach gné den bheartas eachtrach; dála “Níos lú a dhéanamh, agus é a dhéanamh ar shlí níos éifeachtúla” tá Aontas Cosanta Eorpach curtha ar bun

Buis

éad

an

aont

ais

Nuachóiriú páirteach déanta ar an mbuiséad chun an clár oibre athchóiriúcháin a chomhaontaigh na 27 mBallstát a chur san áireamh

Fócas chun gnéithe fíor-riachtanacha an mhargaidh aonair a mhaoiniú

Ar nós “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”; maoiniú breise curtha ar fáil ag Ballstáit áirithe do na réimsí sin inar mian leo níos mó a dhéanamh

Athchóiriú mór déanta chun na tosaíochtaí nua a chomhaontaigh na 27 mBallstát a chur san áireamh

Nuachóiriú agus méadú mór déanta, le cuidiú a acmhainní dílse; tá meicníocht cobhsaíochta fioscaí ag feidhmiú

Com

hlío

nadh

ge

allta

nas

Torthaí nithiúla ar an gclár oibre dearfach gníomhaíochtaí; is deacair fós an próiseas cinnteoireachta a thuiscint; bearna ann in amanna idir ionchas agus comhlíonadh ionchais

Is féidir gur fusa an próiseas cinnteoireachta a thuiscint, ach is lú cumas na mBallstát gníomhú go comhpháirteach; is minic gur gá ceisteanna leasa choitinn a réiteach go déthaobhach

Ar nós “Coinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuiltear”, tá clár oibre dearfach gníomhaíochta ann do na 27 mBallstát agus toradh dearfach air sin; tá réimsí áirithe ann agus baineann grúpaí áirithe níos mó amach iontu agus iad ag obair i gcomhar le chéile; is casta an próiseas cinnteoireachta

Tá deacrachtaí ag baint le teacht ar chomhaontú ar na réimsí tosaíochta agus ar na réimsí nach ceart gníomhú iontu a thuilleadh; is féidir go mbeidh an próiseas cinnteoireacht níos fusa a thuiscint ón uair a bheidh sé bunaithe; sna réimsí sin ina bhfuil ról níos mó ag an Aontas, is gasta agus is cinntithí a ghníomhaíonn sé

Is gasta a dhéantar cinntí agus is tréine a chuirtear i bhfeidhm iad i ngach réimse; iad sin a shíleann go bhfuil an iomarca cumhachta bainte ag an Aontas ó na Ballstáit, dar leo go bhfuil ceisteanna cuntasachta ann

Page 30: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

30

Page 31: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

31

© An tAontas Eorpach, 2017

Údaraítear atáirgeadh ach an fhoinse a admháil. Déantar beartas atáirgthe dhoiciméid an Choimisiúin Eorpaigh a rialú le Cinneadh 2011/833/AE (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Le haghaidh aon úsáide nó atáirgthe grianghrafanna nach bhfuil faoi chóipcheart na AE, ní mór cead a fháil ón sealbhóir cóipchirt (ó na sealbhóirí cóipchirt) féin.

Photo page 11, © AP Photo/Thomas Kienzle

Page 32: PÁIPÉAR BÁN MAIDIR LE TODHCHAÍ NA hEORPA · ar fud na mór-roinne sna míonna atá romhainn, i bParlaimint na hEorpa, sna parlaimintí náisiúnta, in údaráis áitiúla agus

NA

-01-17-150-GA

-N

doi:10.2775/63388 ISBN: 978-92-79-66227-0