Upload
pol-o-frighil
View
239
Download
0
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Â
Citation preview
DCC
Gaeilge & Fáilte
EAGRÁN 19
D.Fómhair-Nollaig 13
...scáthán
San eagrán seo:
Scéal na Gaeilge
Fáilte isteach i mo
Shaol
Cultúr na mBeach
Leabhar na Bliana
Scríobh litir chuig
Daidí na Nollag
Gaeilge agus Fáilte
FÉILE IDIRNÁISIÚNTA PAN CHEILTEACH 2014 - DOIRE CHOLM CILLE:
Ón 22 go dtí an 27 Aibreán 2014 beidh cathair Dhoire beo le fuaimeanna
na dtíortha Ceilteacha nuair a bheidh Féile Idirnáisiúnta Phan Cheilteach
2014 linn. Seo an chéad uair riamh don chathair bheith ina hóstach don
fhéile seo atá 43 bliain ar an fhód. Thosaigh an fhéile i gCill Airne sa
bhliain 1971 agus ó shin eagraítear í gach bliain in Éirinn um Cháisc. Is é
cuspóir na féile ná teangacha, cultúr agus ealaín na náisiún Ceilteach ar
fad a chur chun cinn agus glacann Éire, an Albain, An Bhreatain Bheag,
Manainn, Corn na Breataine agus an Bhriotáin páirt sna himeachtaí. Seo
linn deis le haithne níos fearr a chur ar ár gcuid comharsan Ceilteach!
Beidh clár imeachtaí na féile ar fáil ag tús 2014 ag: www.panceltic.ie
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
@foramphobal
SAOL NA GAEILGE: Eisítear an nuachtlitir Ghaeilge seo ag Comhairle
Cathrach Dhoire gach ráithe ach is féidir leat bheith ar an eolas is
déanaí faoina bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge sa cheantar comhairle trí
chlárú dár nuashonrúcháin ríomhphoist. Cláraigh linn trí
theachtaireacht a chur chuig [email protected] nó
brúigh ‘is maith liom’ ar ár leathanach Facebook:
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Féile Phan Cheilteach Doire 2014
...scáthán Lch 2
Leabhar na Bliana Imeacht ceiliúrtha i nDoire
LEABHAR NA BLIANA 2013 Ar an Mháirt 19 Samhain thuirling pobal na Gaeilge ar Chultúrlann Uí
Chanáin le ceiliúradh a dhéanamh ar Leabhar na Bliana 2013. Sa ghrianghraf ó chlé tá Joe Ó
Labhraí-Foras na Gaeilge, Eibhlín Ní Dhochartaigh-Cultúrlann Uí Chanáin agus Liam Mac an Bhaird.
Bhí An Béal Bocht i measc cúig leabhar a gearrliostáladh sa chatagóir ‘Leabhair do dhaoine
fásta’. Ba é John McCloskey, fear ón Chreagán, atá ag obair mar mhaisitheoir leabhair le breis
agus fiche bliain a mhaisigh é. Seo an chéad uair a rinneadh úrscéal grafach de scéal Myles na
gCopaleen. Más suim leat do chóip féin a fháil, nó aon cheann eile de na leabhair a gearr-
liostáladh, buail isteach chuig siopa leabhar An Cló Ceart atá suite ar Mhórshráid Shéamais.
Maisitheoir Leabhar John McCloskey as Doire
...scáthán Lch 3
Fáilte isteach i mo Shaol Áis nua do Ghaelscoileanna
FAIGH CÓIPEANNA DEN ÁIS: Más mian leat cóipeanna den áis seo a ordú do do scoil féin is féidir
leat dul i dteagmháil le: Kay McIvor, Oifigeach Comhionannais, Comhairle Cathrach Dhoire,
98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN, T: (028) 71 365151 [email protected]
FAILTE ISTEACH I MO SHAOL: Tá pacáiste acmhainní nua i nGaeilge seolta ag Comhairle
Cathrach Dhoire le tacú le Gaelscoileanna sa cheantar feasacht ar éagsúlacht chultúrtha a
mhúscailt i measc páistí. Tá an áis dírithe ar pháistí in Eochairchéim 1 agus 2 agus tá sé de
chuspóir aici tacú le múinteoirí in earnáil an Ghaeloideachais an t-ábhar seo a mhúineadh. Is
féidir amharc ar fhíseán de sheoladh an phacáiste ar Meon Eile trí chuairt a thabhairt ar an nasc
seo a leanas: http://www.meoneile.ie/ailt/f%C3%A1ilte-isteach-i-mo-shaol#.UpR6jtJ4pvA
Mar aon leis an áis, tá seacht mbabóg gleoite ar fáil
ar iasacht ón Chomhairle a léiríonn na carachtair ar
fad: Regina ón Laitvia, Cheung ón tSín, Aakash ón
India, Anusibuno ón Afraic, Marlene ón Pholainn,
Nellie -Taisteálaí na hÉireann agus Khortdad ón
Iaráin; seo uilig pobail atá ina gcónaí sa cheantar
comhairle seo.
Is féidir leis an mhúinteoir feidhm a bhaint as na
babógaí le scéalaíocht a dhéanamh sa seomra ranga
agus le spreagadh a thabhairt do na daltaí labhairt
faoi théama ar nós mothúcháin agus le cuidiú leis na
páistí saol na gcarachtar a shamhlú. Tá an pacáiste
gníomhaíochtaí agus na babógaí ar fáil anois! Oisín Ó Mianáin ó Bhunscoil Cholmcille
...scáthán Lch 4
Cultúr na mBeach Ceardlanna Gaelscoileanna
CULTÚR NA mBEACH Thug an scéalaí agus ealaíontóir, Cara Ní Mhaoinigh, ceardlanna ar shaol na
mbeach mar chuid de thionscnamh a d’eagraigh Comhairle Cathrach Dhoire i nGaelscoileanna an
cheantair chomhairle. Seo scéim a maoiníodh ag clár Culture for All agus a forbraíodh ag Comhairle
Cathrach Dhoire le feasacht agus meas ar bhithéagsúlacht a chothú i measc páistí scoile.
SAOL NA mBEACH Scéalaí agus ealaíontóir, Cara Ní Mhaoinigh mar aon le páistí ó
Ghaelscoil Éadain Mhóir - Erin Ní Roigne, Bryan Ó Laodhóg, Aoife Ní Fhríl agus Rois
Ní hUdáin. Tá tuilleadh grianghraif ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
...scáthán Lch 5
Glórtha na nOileán Sraith Léachtaí an Fhómhair ag Iarsmalann an Túir
SCÉAL NA GAEILGE: Seolfaidh Méara Dhoire, an Comhairleoir Martin Reilly Scéal na Gaeilge ar an
Déardaoin 12 Nollaig ag Halla na Cathrach i nDoire. Seo tionscnamh a forbraíodh ag Comhairle
Cathrach Dhoire i ndlúthpháirtíocht le pobal na Gaeilge le taispeántas agus leabhrán a chruthú a
léiríonn stair na Gaeilge agus a bhfuil sé de chuspóir aige feasacht ar an Ghaeilge a fhás i measc
daoine ó chúlraí éagsúla. Mar aon leis an taispeántas agus an leabhrán, beidh an Chomhairle
Chathrach ag cur tús le cartlann phobail a bhunú don Ghaeilge in éineacht le tionscnamh BT Portrait
of a City. Má tá ábhar agat a ba mhian leat a chur leis an chartlann, déan teagmháil linn le do thoil.
LÉACHT: Dearcadh na nGael ar Phlandáil Uladh Lean sraith léachtaí ‘Glórtha na nOileán’ ag
Iarsmalann an Túir i rith an fhómhair ag díriú isteach ar thionchar Phlandáil Uladh ar shochaí
Thuaisceart Éireann. Ar an 26 Meán Fómhair thug an léachtóir Éamonn Ó Ciardha ó Scoil na
Gaeilge, Ollscoil Uladh léacht ar scríbhinní na nGael in aimsir na Plandála. Sa ghrianghraf ó chlé tá
Mickey McGuinness, Keith Wright, Pól Ó Frighil, an Dr Éamonn Ó Ciardha agus Margaret Edwards.
Scéal na Gaeilge Taispeántas agus Leabhrán le seoladh
Scéal na Gaeilge
...scáthán Lch 6
Seirbhísí Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá
seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má
tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil
foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait
ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá
formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.
Scríobh Litir chuig Daidí na Nollag Duais don litir is fearr ó gach scoil!
Scríobh litir chuig Daidí na Nollag Cuirtear fáilte roimh pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileannna i
gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire litir as Gaeilge a scríobh chuig Daidí na Nollag. Gheobhaidh
gach páiste postchárta pearsantaithe i nGaeilge ó Dhaidí na Nollag ag rá go bhfuarthas a litir! Déan
cinnte go bhfuil ainm an pháiste agus seoladh baile/scoile an pháiste scríofa go soiléir. Ní mór cód
poist a chur leis an seoladh. Beidh duais speisialta Ghaeilge do pháiste amháin ó gach scoil don litir
is fearr. Cuir litreacha isteach sa bhosca poist speisialta faoin chrann Nollag ar Chearnóg Halla na
Cathrach, Doire roimh an Luan 16ú Nollaig 2013 Ceisteanna chuig [email protected]
Bí linn ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge