6
Baile Slachtmhar Tá mé i mo chónaí sa Charraig Óir. Is baile beag é. Níl a lán áiseanna ann. An bhliain seo caite bhí an baile an- salach. Bhí bruscar gach áit. Bhí fiáilí ag fás ar na cosáín agus bhí péint

Baile Slachtmhar

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Baile Slachtmhar. Tá mé i mo chónaí sa Charraig Óir . Is baile beag é. Níl a lán áiseanna ann. An bhliain seo caite bhí an baile an- salach . Bhí bruscar gach áit . Bhí fiáilí ag fás ar na cosáín agus bhí péint ag titim de na ballaí . Bhí sé lofa. - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Page 1: Baile Slachtmhar

Baile Slachtmhar

Tá mé i mo chónaí sa Charraig Óir. Is baile beag é. Níl a lán áiseanna ann. An bhliain seo caite bhí an baile an-salach. Bhí bruscar gach áit. Bhí fiáilí ag fás ar na cosáín agus bhí péint ag titim de na ballaí. Bhí sé lofa.

Page 2: Baile Slachtmhar

Bhí mé ag freastal ar Choláiste na Carraige Óire. Bhí mé sa rang Gaeilge agus bhíomar ag léamh an nuachtáin – Caint na Carraige. Chonaic mé alt sa nuachtán. Bhí fadhb an bhruscair níos measa ná riamh. Thosaigh muid ag caint faoin alt sa rang. Shocraigh muid ar rud éigin a dhéanamh.

Page 3: Baile Slachtmhar

Chuir an múinteoir fógra suas. Bhí coiste glantacháin le bunú agus bhí cruinniú ar siúl ag leathuair tar éis a trí. Chuaigh mé féin agus mo chairde go dtí an cruinniú. Shocraigh muid ar tosnú sa scoil agus ar na sráideanna in aice leis an scoil. Bhí plean cinnte againn nuair a chríochnaigh an cruinniú.

Page 4: Baile Slachtmhar

Chuireamar boscaí speisialta sa chlós don athchúrsáil. Bhí bosca amháin do pháipéir, bosca eile do ghloiní agus an tríú bosca d’earraí crua. Bhí mé féin agus Seán ag sórtáil an bruscair sna boscaí cearta. Bhí daoine eile ag péinteáil na ballaí agus na ráillí.

Page 5: Baile Slachtmhar

Ar an Satharn bhí glanadh suas áitiúil ar siúl. Chuamar amach ar na sráideanna agus phiocamar suas an bruscar ar fad. Bhíomar ag péinteáil na tithe agus ag baint na fiáilí. Nuair a chríochnaigh muid bhí an áit go hálainn glan.

Page 6: Baile Slachtmhar

Nuair a chuamar ar ais ar scoil bhí alt nua sa nuachtán. Fuair an scoil brat glas mar bhí an áit go deas glan. Bhí an múinteoir an-sásta linn mar bhí gach duine ag comhoibriú lena chéile. Bhí alt fúinn i Nuacht an Chontae freisin. Bhí an-bhród orainn agus tá an baile go deas slachtmhar anois.