68
Puball GaeilGe an Phicnic Electric Picnic á Ghaelú arís eile Fran, leas-bhainisteoir Bréagchlár faisnéise úrnua bastaird neamhGhlóracha Scannán WWII Tarantino iris ghaeilge don nua-aois nós* www.nosmag.com &3.90 £3.50 iúil / lúnasa 09 eag. 12 Dráma úr Mhanchán Magan heart briste

nós* - eagrán 12

  • Upload
    nos

  • View
    292

  • Download
    13

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Inglorious Basterds, Tinariwen, Google Chrome OS, cluichí ríomhaireachta, feachtas CAINT agus go leor eile mar is gnáth!

Citation preview

Puball GaeilGe an PhicnicElectric Picnic á Ghaelú arís eile

Fran, leas-bhainisteoirBréagchlár faisnéise úrnua

bastaird neamhGhlóracha Scannán WWII Tarantino

iris ghaeilge don nua-aois nós*

www.nosmag.com &3.90 £3.50

iúil / lúnasa 09 eag. 12

Dráma úr Mhanchán Maganheart briste

www.nosmag.com 3

fáilteCé a shílfeadh, tamall de bhlianta ó shin, go mbeadh puball Gaeilge ag ceann de na féilte ceoil is mó in Éirinn, go mbeadh mockumentary úrnua le stiúrthóirí Gaelacha ag bualadh an scáileáin bhig gan mhoill, go mbeadh duine lonnaithe sa Chóiré Theas i mbun feachtais t-léinte Gaeilge, agus go mbeadh iris stílbheatha lán-daite snasta againn a chlúdaíonn suimeanna coitianta shaol an lae inniu?

Is féidir léamh faoi sin ar fad, agus tuilleadh, idir seo agus leathanach deiridh an eagráin seo de nós*, agus tá a fhios againn go raibh sibh ag súil go mór le filleadh ár n-ofrála míosúla tar éis shos beag an tsamhraidh.

Tá go leor léitheoirí agus síntiúsóirí nua bailithe isteach againn le cúpla mí anuas (go raibh maith agaibh agus fáilte ar bord!) ach tá tuilleadh forbartha le déanamh chun cur leis an tseirbhís a chuireann muid ar fáil daoibh - anseo agus ar nosmag.com - mar sin bheadh foireann nós* an-bhuíoch dá scaipfí an soiscéal.

Beannachtaí,

tomaí ó conghaileEagarthóir nós*

*****

** *** * ** *

tuilleadh splaince

4 www.nosmag.com

nós*Po boX 188an tiúrbt35 5ba

[email protected]

EAGARTHÓIRTomaí Ó Conghaile

FÓGRAÍOCHTSeanán Ó Coistín

RANNPHÁIRTITHEFélim Borland, Diarmuid Ó Muirgheasa, Micheál Johnny Ó Meachair, Ben Ó Faoláin, Ciarán Ó

Meachair, Niamh Ní Shuileabháin, Seán Ó hAdhmaill, Quentin Tarantino, Cailín sa Chathair, Buachaill an Bhruachbhaile, Eoin Dic GRIANGHRAIFKiritia Images - www.kiritia.com

foireann

Ar fáil i gcló gach mí, mar aon le hábhar iontach ar líne, tá nós* ar na forbairtí is suntasaí sna meáin Ghaeilge, riamh.

Má thaitníonn an iris leat, cabhraigh linn todhchaí nós* a chinntiú agus faigh síntiús duit féin, nó do do chara, inniu.

Má tá cónaí ort in Éirinn níl ach ¤40/£36 ar shíntius bliana - margadh iontach dar linn féin.

Is féidir íoc tríd an bpost nó ar líne - breis eolais ar leathanach 66 agus ar www.nosmag.com

glac síntiús!

fáilte

do your bit for your lingo’s newest, coolest mag

www.nosmag.com 5

istigh

CEOL7 Léirmheasanna albaim: Luke Vibert, Tinariwen10 Puball Gaeilge an Phicnic14 Raic Eurovision19 An Droichead: Féile úrnua

SCÁILEÁN/ARDÁN21 Inglourious Basterds24 Fran: Bréagchlár Faisnéise26 Cuairt ar an Laughter Lounge28 Heart Briste/Broken Croí

TEICNEOLAÍOCHT31 Google Chrome OS32 10 Is Fearr: Cluichí Ríomhaireachta34 Teic-Nuacht

CLÓ36 Leabhar á léamh agat?

BEATHA39 The Token40 Cailín sa Chathair: Clúmh!42 Buachaill an Bhruachbhaile

FAISEÁN44 Feachtas T-léinte: Caint Campaign

TAISTEAL48 Seachtain en Provence

AR TAISPEÁINT53 Michael O’Neill: Éireannaigh Aontaithe56 Cogadh ar na Sráideanna

LÉARGAS61 An Bord Snip: Impleachtaí

LIOSTA IMEACHTAÍ65 Gael-Imeachtaí

21

10

56

ceol

www.nosmag.com 7

luke vibertWe Hear You

Shamhlófá gleacaí a d’éirigh as an ndianchleachtadh le

ceol Luke Vibert - gleacaí a dhiúltaigh a sheans chun dul san iomaíocht do bhonn Oilimpeach, abair, agus a roghnaigh ina ionad saol fánach mar bhall de chompántas sorcais.

Tá talann damanta ag an bhfear as Corn na Breataine ach b’fhearr leis magadh a dhéanamh faoi choinbhinsiúin ceoil (bíodh disco, hip hop, dordchéim, acid house nó druma agus dorda i gceist)

in ionad aon ath-chumadh radacach a dhéanamh ar na rialacha.

Má tá seoid nó dhó eisithe aige thar na blianta, agus tá, is fós faoi chomhghleacaithe leis mar Aphex Twin agus Squarepusher a bheidh na stairithe ceoil ag clabaireacht i gceann an leathchéid seachas Vibert.

Ní baolach go dtiocfaidh aon athrú ar a stádas le heisiúint ‘We Hear You’, ach ní sin le rá nach bhfuil fiúntas éigin ann.

Tá cumas damanta sciliúil

ag Vibert chun aon-chorp aerach a dhéanamh d’eilimintí díchosúil an cheoil rince a chuirfidh streill ort.

Ar nós Dr Frankenstein i mbun oibre le samplóir, ní éiríonn i gconaí le hiarrachtaí Vibert.

Tá ‘Computer Complex’ fánóideach agus is lag-aithris ar ‘Pocket Calculator’ Kraftwerk é ‘Marvellous Music Machine’.

Ach tá cúiteamh le haimsiú.

Tá ‘House Stabs’ ar nós Orbital dá ndéanfaí athlonnú

orthu as Leamington Spa go Chicago.

Feidhmníonn giota de ‘Inglan Is A Bitch’ leis an dub-file Linton Kwesi Johnson mar thús-phointe don ‘Batting For England’ samhlúil agus is port dord-chéime breá lúbach é ‘Dive and Lie Wrecked’.

An leor sin?San aois dhigiteach seo

go bhfuil deis agat íoslódáil a dhéanamh ar an uachtar agus diúltiú don ndríodar, ní fiú duit gearán!

www.planet-mu.com

3/5

FOCAIL ben ó FaolÁin

8 www.nosmag.com

ceol

“Ceol an deoraí seachas ceol an trodaí atá i gceol Tinariwen – ceol a dhéanann cultúr a cheiliúradh in ionad namhaid a cháineadh, ceol an dóchais seachas ceol an fhuatha.”

www.nosmag.com 9

*

Ceol domhanda – nach téarma é a thugann léiriú níos fearr ar mheon an

té a bhaineann úsáid as ná ar bhlas an cheoil a bhfuil iarracht á déanamh acu cur síos air?

Téarma a bhraitheann an iomarca ar an gcómhthéacs a n-úsáidtear ann é.

Tuigimíd in Éirinn nach pop-cheol, ceol traidisiúnta na tíre seo ná snag-cheol New Orleans a bhfuil i gceist le ‘ceol domhanda’, sea, ach gan soiléiriú éigin ní féidir linn a thuiscint gur ceol calypso Oileán na Tríonóide, ceol rai na hAlgéire nó ceol bundúchasach na hAstráile atá i gceist.

Is faide a théann tú ó bhaile is laige an téarma mar uirlis chumarsáide.

Déan ceol domhanda a lua le Síneach agus beidh tuiscint eile ar fad acu air - Enya nó The Chieftains in ionad amhránaíocht scórnaigh Tuva, abair!

Go dtí go gcloisfear ceol ó cheann eile de na pláinéid, mar sin, b’fhearr dúinn an téarma ‘ceol domhanda’ a chur ar leataobh.

Cé, fiú, agus Duais Cheoil Dhomhanda an BBC bronnta ar Tinariwen (in 2005), meabhraítear don scríbhneoir seo go n-aontódh an grúpa leis an tuairim thuas.

Tá an grúpa breis agus ocht mbliana déag ar an bhfód, ach ó nochtaíodh ceol Tinariwen do chluasa an iarthair i lár na náididí, táid ag teitheadh ó cliché-anna crochta ar chreathlach na fírinne ag iriseoirí an iarthair.

Is íorónta an rud é, mar is i dteitheadh Ibrahim Ag Alhabib agus Inteyeden Ag Ablil an

ghrúpa óna dtír dhúchais, Mailí, tar éis don rialtas iar-choilíneach comhéirí treibh an Touareg in Adrar des Iforas a chur faoi chois i 1964, is sa teitheadh sin atá fréamhacha an ghrúpa Tinariwen le haimsiú.

Cé go bhfuil clú ar Tinariwen mar shaighdiúirí reibliúnacha a bhaileodh cois tine istoíche chun cúpla amhrán a chasadh tar éis lá crua troda, is í an fhírinne ná nár chaitheadar ach seall gairid, sé mhí, mar ghuairillí.

Ceol an deoraí seachas ceol an trodaí atá i gceol Tinariwen – ceol a dhéanann cultúr a cheiliúradh in ionad namhaid a cháineadh, ceol an dóchais seachas ceol an fhuatha.

Albam d’fhonnta ciorclacha agus rithimí scaoilte atá in ‘Imidiwan’.

Gormacha Afracach, más maith leat, stíl atá faoi chomaoin ag Dire Straits, Muddy Waters agus Santana chomh mór le ceol dúchasach Mhailí.

Má tá suanaíocht ghrianbhruite ó lá i lár an fhásaigh le samhlú ó phoirt mar ‘Chegret’ nó ‘Assuf Ag Assuf’, labhraíonn rianta mar ‘Lulla’ agus an ‘Tenhart’ iontach leat faoi chóisirí ghirréiseacha oíche faoi réaltcheathanna an tSahára.

Nil brí na bhfocal le tuiscint, is fíor, ach dála cheol The Cocteau Twins nó Sigur Ros ciallaíonn sin go bhfeidhmíonn an amhránaíocht mar eilimint shóúil eile i dtaipéis cheoil Tinariwen.

Albam fíor-chroíúil.

tinariwenImidiwan

4/5

FOCAIL ben ó FaolÁin

10 www.nosmag.com

ceol

an mbeidh sibh ag an bpicnic?Tá an t-am sin don bhliain linn arís, na

mílte ag freastal ar fhéilte ceoil ar fud na tíre agus ag baint taitnimh as,

in ainneoin na haimsire.Tá féile amháin ann áfach atá tar éis

aird na nGael a tharraingt thar chinn eile, agus is é sin, ar ndóigh, Electric Picnic.

Anuraidh, den chéad uair riamh, bhí Puball Gaeilge ag an bPicnic ina raibh scoth an tsiamsa le fáil agus is amhlaidh an scéal arís i mbliana, go deimhin tá sé níos fearr fós.

Beidh cuisle chathair Átha Cliath, Raidió na Life, i lár an aonaigh arís ag craoladh beo gach lá, Aoine go Domhnach, agus ag cur lucht an Phicnic ag damhsa lena seiteanna oíche DJ.

Ag caint ar cheol, beidh rogha na gceoltóirí Gaeilge ag seinm sa Phuball - Enda Reilly, Bubba Shakespeare lena rap nua, Conas Atá Tú?, Fiach, Cathy Jordan agus go leor eile - agus beidh clann Uí Shnodaigh, Rónán agus Rossa (a bhfuil moladh mór ag dul chuige as eagrú an Phubaill féin), ar an ardán chomh maith.

Beidh laoch RnaG, Rónán Mac Aodha Bhuí, ag spreagadh an tslua leis an gCabaret Craiceáilte oíche Shathairn agus oíche Dhomhnaigh agus rachaidh an boc rua é féin, Hector Ó hEochagáin, os comhair na bPicniceoirí ag Talún Dé Sathairn.

Le dráma gach lá (tuilleadh faoi dhráma Mhanchán Magan ar lch 28), imeachtaí do pháistí, sean-nós gnéasach agus clár cainte le réalta TG4, níl aon amhras ach go mbeidh deireadh seachtaine spleodrach craiceáilte ag Gaeil Leictreacha na bliana seo.

4-6 Meán Fómhair, sa Sráidbhaile i gcontae Laoise, a bheas an Picnic ar siúl mar sin má bheas tú ann, ná caill craic agus spraoi an Phubaill Ghaeilge - liosta iomlán imeachtaí ar dheis.

thuas ar clé, Hector a bheas ag déanamh a chuid stuiff ag an bPicnic Dé

Sathairn agus, ar clé, radharc de Phuball Gaeilge na bliana seo caite

www.nosmag.com 11

1600 Raidió na Life DJ1700 Beo ón bPicnic Raidio na Life 106.4fm1800 Ceol - Enda Reilly / Úna Ní Bhaoighil1900 Dráma - Samhradh na hArdteiste / Andrias de Staic2000 Gabairí / Hip Hop as Gaeilge le Bubba Shakespeare / Ophelia / MC Muipéad2100 Raidió na Life DJ

1200 Siamsaíocht do Leannaí - Niall de Búrca1230 Siamsaíocht do Leannaí - Tadhg Mac Dhonnagáin1300 Beo ón bPicnic Raidió na Life - Díospóireacht um Theanga1400 Dráma - Fibín, An Rón Dall1500 Abair Amhrán - Colm Querney / Guggenheim Grotto / Ro Byrne / Caruso / Fiach / Tadhg Cooke1630 Hector - TGLeathar & Talún ag an Picnic1800 Cabaret Craiceáilte le Rónán Mac Aodha Bhuí1930 Raidió na Life DJ2000 Sexy Sean Nós - Sibéal Davitt / Cormac Murphy / Darach Mac Mathúna2100 Raidió na Life DJ

1200 Siamsaíocht do Leannaí - Púca Puppets / Branar / Fanzini Brothers / Con Horgan1400 Beo ón bPicnic Raidio na Life - Painéil um Chraic1500 Oliver Sweeney - Stair Cheoil na hÉireann1530 Dr Rossa Ó Snodaigh - Gnéas an Domhaigh1600 Ná Bác leis na Magarlaí - Clár ceiste spleodrach le réalta TG4 - á chur i láthair ag Diarmuid de Faoite1700 Dráma - Broken Croí / Heart Briste, le Manchán Magan1800 Ceol - Domhnach le Cathy Jordan & The Unwanted / Declan de Barra / Rossa & Rónán Ó Snodaigh / Dee Armstrong / Eoin Coughlin1930 Cabaret Craiceáilte - Rónán Mac Aodha Bhuí2100 Raidió na Life DJ

an mbeidh sibh ag an bpicnic?dé hAOINE 4 Meán Fómhair

dé sathairn 5 Meán Fómhair

dé domhnaigh 6 Meán Fómhair

ceolagat?

TÁ nós* AG IARRAIDH CLOISTEÁIL Ó BHANNAÍ 7 CEOLTÓIRÍ

A CHEOLANN - NÓ ATÁ IN ANN CEOL - AS GaeilGe

Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoil a

chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má tá Gaeilge agat, déan teagmháil

linn anois ar [email protected]

Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós*

ach beidh na traiceanna is fearr le cloisteáil ar na haerthonnta chomh

maith! bíGí aG ceol, bíGí i dteaGmhÁil!

fógra nós*

ar ais sa bhaile: The Edge i bun aicsin i lár Pháirc an Chrócaigh i mí Iúil. Tharraing U2 na mílte isteach go BÁC le trí gig den scoth agus i measc na rudaí a chuir lucht nós* spéis ann bhí teachtaireacht láidir ón Ardeaspag Desmong Tutu, a raibh fotheidil Ghaeilge leis, mar atá le feiceáil thuas!

GRIANGHRAIF kk u2 fan Club

14 www.nosmag.com

ceol

www.nosmag.com 15

Tá an chuma ar an scéal le tamall de bhlianta anuas nach

bhfuil an tábhacht chéanna ag an Eurovision, i súile na nÉireannach, is a bhí san am a chuaigh thart.

Ní hamhlaidh atá sé ar an taobh thall d’Oirthear na hEorpa áfach mar tá sé i ndiaidh a theacht amach gur chuir údaráis stáit san Asarbaiseáin breis agus 40 duine faoi dhiancheistiú mar gur thug siad a vóta don Airméin seachas dá dtír féin i gcomórtas na bliana seo.

Tá stair achrannach idir an Asarbaiseáin agus an Airméin, ar comharsana béal dorais iad, agus dar le 43 Asarbaiseánach gur iarr an polis, péas slándála na tíre, orthu míniú a thabhairt ar cén fáth nár vótáil siad ar son iontráil na hAsarbaiseáine, AySel agus Arash, a tháinig sa tríú háit sa deireadh.

“Dúirt siad liom gur ceist slándála náisiúnta a bhí ann,” arsa Rovshan Nasirli, duine acu sin a ceistíodh.

“Bhí siad ag cur brú orm, ag fiafraí díom nach raibh aon bhród náisiúnta agam agus cad chuige ar vótáil mé ar son na hAirméine?”

Dar le Nasirli gur thug sé a vóta don Airméin mar go raibh an t-amhrán s’acu, a chan Inga agus Anush, “níos Asarbaiseánaí ná amhrán na hAsarbaiseáine féin”.

An droch-chaidreamh idir an dá thír is cúis leis an fhorbairt mhíchompordach seo agus táthar ag súil nach gcothóidh Eurovision 2010, atá le bheith in Oslo, aon trioblóid eile i gceantar Cugais, ná aon áit eile.

ceoltóirí i gconsPóid:AySel agus Arash ón

Asarbaiseáin

eoraifíspolis

glac leisdo theanga, do rogha

www.cnag.ie/glacleis [email protected]

www.nosmag.com 17

michael JacKson Ba léiriú é an bealach a clúdaíodh bás tobann Michael Jackson ag deireadh mhí an Mheithimh, ba léiriú é ar an meas mór a bhí ag lucht leanúna an cheoil ar an réalt tallannach. Saol casta trágóideach a bhí aige, le hamhras faoina iompar féin go fóill, ach le cúpla mí anuas is é a cheol is mó atá i gcluasa an phobail, i ngach cearn den domhan. ‘Rí an Phopcheoil’ atá á thabhairt air anois agus is deacair an teideal céanna a shéanadh air. Seo thuas an grianghraf deiridh a glacadh de Jackson agus é ar ardán. Glacadh é go luath sula bhfuair sé bás, agus é ag cleachtadh don turas, ‘This Is It’, a bhí sé le tabhairt an samhradh seo.

Ceol ComhaimsearthaCaint ChomhaimsearthaCuisle na Cathrach

Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag

www.raidionalife.com

Siopa idirlín le haghaidh t-léinte & éadaí GhaeilgeRéimse leathan d’earraí tarraingteacha ar fáil

www.gaelshirt.com

scáileán

www.nosmag.com 21

“This might be my masterpiece,” an líne dheireanach den scannán is déanaí de chuid Quentin Tarantino agus tá gach cuma ar an scéal gur seo ráiteas an stiúrthóra féin ar a shaothar.

Ní thaitneoidh an stíl le gach breathnóir ach tá téagar agus scil in Inglourious Basterds nach mbíonn le feiceáil ar an scáileán go ró-mhinic.

Leanann an scannán dhá scéal ón Dara Cogadh Domhanda - ceann amháin faoi bhuíon beag saighdiúirí Meiriceánacha Giúdacha agus iad ag feidhmiú mar throdairí Cherokee, ag baint na bplaiteanna de Naitsithe sa Fhrainc faoi

fhorghabháil; agus ceann eile a dhíríonn isteach ar shaol chailín Ghiúdaigh, Shosanna (Mélanie Laurant), a maraítear a teaghlach i radharc cumhachtach ag tús an scannáin agus a théann ar aghaidh go Paris, áit a bhfaigheann sí pictiúrlann le hoidhreacht óna haintín agus a mheallann aird na nGearmánach ar bhealach nach raibh sí ag súil leis.

Tá foireann iomráitreach bailithe le chéile ag Tarantino don scannán - atá á phleanáil aige le deich mbliana - le Brad Pitt i ról an Mheiriceánaigh Aldo Raine atá i gceannas na saighdiúirí speisialta fiána, agus Michael Fassbender ó Hunger

an-snasta mar shaighdiúir Sasanach atá ag cuidiú leo. Tá Mike Meyers ann fiú ar feadh radhairc amháin ach is dócha gurb é Christoph Waltz a thugann uaidh an taispeántas is fearr mar Choirnéal Hans Landa, ‘Sealgaire na nGiúdach’, é ag malartú idir trí theanga le linn an scannáin.

Tagann an dá shnáithe den scéal le chéile sa deireadh, le Hilter féin fiú le feiceáil ag an bhuaic, ach is í an fhírinne ná gur soiléir caighdeán Inglourious Basterds díreach ón tús.

Mar is nós le Tarantino, ní bhíonn aon drogall air príomhcharachtair a mharú le linn an phlota agus meascann sé an greann leis an fhoréigean go sciliúil, a fhágann go bhfuil sé seo ar na scannáin is fearr a fheicfear i mbliana.

inGlOuriOus basterDs 4.5/5Quentin Tarantino , 16

FOCAIL tomaí ó conGhaile

22 www.nosmag.com

scáileán

Filleadh an bhleachtaire:Beidh carachtair chlúiteacha Arthur Conan Doyle le feiceáil ar an scáileán mór níos déanaí i mbliana nuair a bheas Robert Downey Jr. i ról Sherlock Holmes agus Jude Law mar Dr. Watson i scannán úrnua faoin bhleachtaire glic.Guy Ritchie atá a stiúradh mar sin gach seans gur féidir bheith ag súil le píosa fornéigin, mar atá le feiceáil ón radharc anseo.

www.nosmag.com 23

24 www.nosmag.com

scáileán

a réiteoir!: Fran é féin ag léiriú a bhróid ar an taobhlíne, agus thíos ar dheis, é in éineacht le Brian Kerr

Tháinig an bréag-chlár faisnéise faoin spotsolas mór le roinnt blianta anuas, le leithéidí The

Office ag tarraingt aird an phobail ar an dá thaobh den Atlantach, agus anois seo chugainn sraith Éireannach a fhágfaidh gáire ar go leor aghaidheanna chomh maith.

Díríonn Fran ar shaol Fran Costello, leas-bhainisteoir ar St Peter’s United, foireann sacair a imríonn sa Dara Roinn de Shraith Shinsearach Chúige Laighean.

Ní raibh St Peter’s sa Chéad Roinn le beagnach deich mbliana anuas ach dar le príomhcharachtar an chláir go bhfuil sé sin ar fad le hathrú i mbliana agus tugann sé cuireadh do chriú ceamara cluichí na foirne a leanúint.

Cé nach féidir le Fran sacar a imirt a thuilleadh mar gheall ar ‘aimhréidh

mhíochaine’, is fear an-ghóthach é - ó na séisiúin traenála a shocrú, an mionbhus a eagrú agus na himreoirí a mhuscáilt - agus tugann sé faoina chuid cúraimí go dáiríre díosgraiseach i gcónaí.

Fiú ón chur síos gairid sin is féidir mianach grinn na sraithe a fheiceáil agus cuireann taispeántas Darragh Humphreys i ról Fran go mór le cur i láthair an ghrinn chéanna.

Is iarchéimí de chuid Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath é Darragh, áit a ndearna sé féin agus duine de scríbhneoirí/stiúrthóirí na sraithe, Richie Conroy, céim sa Luath agus Nua-Ghaeilge.

“Bhuaileamar le chéile ar an ollscoil, ” arsa Richie, “agus is cairde sin le Mark Hodkinson, an scríbhneoir/stiúrthóir eile.”

“Bheartaíomar rud éigin den saghas seo a dhéanamh le chéile cúpla bliain ó shin agus tháineamar suas le Fran.”

Is léir ón saothar deiridh gur bhain an fhoireann an-sult as bheith ag obair ar an tsraith (tá siad ag ullmhú le haghaidh sraith uimhir 2 cheana) agus tá Richie agus Mark fiú le feiceáil ann chomh maith mar fhir ghóraí.

Duine eile a bhfuil páirt aige ann níos déanaí ná laoch Fran, iarbhainisteoir na hÉireann féin, Brian Kerr.

Beifear in ann atmaisféar agus spraoi Fran a bhlaiseadh ó 22 Meán Fómhair nuair a chuirfear tús le craoladh na sraithe ar TV3 agus beidh an DVD ar fáil ón suímh www.frantheseries.com ó Deireadh Fómhair ar aghaidh.

leas-bhainisteoir fran-tastic!

*

26 www.nosmag.com

ardán

Is fuirseoir é Steve Cummins as Maigh Rois, Contae Luimnigh, agus nach air a

bhíonn fonn spraoi!Chaith sé tréimhse ina

oibrí sóisialta, agus d’oibrigh sé le hógchiontóirí i dtrí thír éagsúla, sular thiontaigh sé i dtreo ardán an ghrinn.

Bhí sé mar phríomhfhear grinn agus láithreoir san Empire i mBéal Feirste agus in Revolution i bPort Láirge, agus faoi láthair is óstach é sa Laughter Lounge i mBaile Átha Cliath.

Ba chuig an Laughter Lounge ar 17 Iúil a chuaigh mé chun é a fheiscint.

B’oíche Shathairn fhliuch dhorcha í, ach cé go raibh an oíche gruama duairc, ní raibh duairceas ná gruaimeacht ar bith sa ‘tolglann’ agus Steve Cummins agus a fhoireann fuirseoirí ag fuirseoireacht leo.

Mar is gnáth sa Laughter Lounge bhí ard-chaighdeán fuirseoireachta ann, agus Tiffany Stevenson, Tim Elliott, Brendan Reilly agus Willie White ar an stáitse.

Láithreach bonn bhí trua agam don bhrídeach agus a cóisir cailleach, agus iad suite chun tosaigh, ar nós go raibheadar ag iarraidh go spochfaí astu. Spochadh!

Bhí Tiffany Stevenson, Brendan Reilly agus Tim Elliott an-ghreanmhar, Tim Elliott ach go háirithe agus a jóc faoi thodhchaí na tíre, áit nach féidir an focal ‘skanger’ a úsáid toisc gur cultúr éagsúil iad muintir Skang, agus toisc go nglactar leis go bhfuilid i do chiníoch má scaoileann tú ‘S-bomb’ in áit phoiblí (is éard is ‘S-bomb a scaoileadh’ ann ná, an focal ‘skanger’ a úsáid go hoscailte!).

Ag spochadh as über-cheartaiseacht pholaitiúil Mheiriceá a bhí sé ag tús an jóc seo, rud a thuigtear go hidirnáisiúnta, agus a thuill moladh beirte ann féin do Tim Elliott.

B’as Baile Munna do Willie White, a bhí mar phríomh-aoi Steve Cummins ar an oíche.

Bhí a chuid ullmhaithe ag

Willie roimh ré, agus cé go dtaithníonn an comhrá agus pleidhcíocht leis an lucht féachana liom, bhí Willie chomh greanmhar sin gur mhothaigh mé faoi dheireadh a jócanna go raibheas i ndiaidh bheith ag rang Pilatés le cúpla uair, agus matáin an bhoilg agam go hiomlán tréigthe leis an ngáire uilig.

Cé nach mbeadh jócanna Willie chomh greanmhar céanna dóibh siúd nach dtuigeann Baile Munna, thuig an lucht féachana go díreach cad é a raibh i gceist aige go hiomlán, agus nach muid a bhí ag gáire.

Bhí stíl scéalaíochta ag Willie iontach simplí agus éifeachtach, agus amhráin aige ag tús agus deireadh a sheit. Thaithin a amhráin ag an deireadh faoi airgead á éileamh ó chomlachtaí aráchais go mór liom agus tiúin ‘I Would Walk 500 miles’ de chuid The Pretenders á úsáid aige.

‘I would claim 500 pounds, and I would claim 500 more, just to be the man who falls

down at your door’ aige in áit na príomh-líne ó churfá an amhráin.

Ní raibh dul amú ar Cummins agus é ag déanamh cur síos ar Willie, “He may have been in the special class in school but he is a genius on the comedy stage”

Deirtear ‘Hecklers beware’ faoin seó, agus deirtear gur fearr duit gan a bheith ag suí

‘hecklers beware!’

bhí micheál johnny ó meachair ag an laughter lounge sa phríomh-chathair le déanaí. seo mar a bhí...

www.nosmag.com 27

chun tosaigh ag seónna Steve Cummins.

B’fhíor an rabhadh é, ach níor thug cóisir na mbáb aird ar bith air.

Bhí Cummins ag baint astu gach uair dó bheith ar an stáitse agus cúrsaí gnéis á bplé aige leis an mBrídeach agus máthair a céile.

Nach orthu beirt a bhí an náire!

Is mar sin a bhí Cummins

don oíche, chomh spleodrach, fiáin, béalscaoilte agus a shamhlófá le fuirseoir, a bhfuil cuma Axl Rose agus é in mharcaí Rohan as Lord of The Rings air.

Mar oíche amuigh ar an gcathair mholfainn go mór dul chun fuirseoir a fheiscint, ach go háirithe oíche mar seo agus Steve Cummins ag stiúiriú cúrsaí, bhí meascán maith d’fhuirseoirí aige ann agus

meascán maith jócanna agus stíleanna acu.

Bhí sé féin chomh greanmhar céanna leo chomh maith agus mheasas féin gur maith an fhianaise é don mhéid suilt agus craic ar bhain gach éinne as an oíche agus líon na ndaoine a chuala mé ag iarraidh a chuid jócanna féin a insint ag deireadh na hoíche.

Bíonn Steve ar Newstalk 106FM, ar an Big Bite ar RTÉ

agus cloistear agus feictear ar an BBC, The Last Word ar Today FM, agus ar Spin 103.8FM go minic chomh maith é.

Agus Steve ag taisteal timpeall na tíre ag déanamh seónna níl leithscéal ar bith ag éinne againn gan é a fhescint.

Coimeadaigí súil amach dó.

Rachaidh mise arís - an bhfeicfidh mé ann tú?! *

28 www.nosmag.com

get in thegaeilgegroove

advertiseanseo

[email protected]

Is iomaí imeacht nuálach atá le fáil i gclár Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath (Absolut

Fringe) i mbliana agus orthu sin tá dráma úrnua le Manchán Magan.

Tá aithne fhorleathan ar Mhanchán as na cláracha taistil agus Gaeilge atá déanta aige le roinnt blianta anuas ach is é Heart Briste/Broken Croí a chéad saothar drámaíochta, é mar scríbhneoir, léiritheoir agus aisteoir ann.

Is Gaeilgeoir é Manchán sa dráma a bhfuil a dhóchas caillte aige ar bhealach agus a dhéanann iarracht díoltas a bhaint amach as bás na teanga ar an dalta is fearr atá aige, damhsóir uaigneach 18 bliain d’aois.

Ansin tugann sé deis don lucht féachana í a shábháil trí roinnt ceisteanna simplí a fhreagairt.

Curtha i láthair i nGaeilge agus Béarla, is í an tseift taobh thiar de Heart Briste/Broken Croí ná go mbeadh an píosa drámaíochta Gaeilge seo nach mór go hiomlán sothuigthe ag lucht féachana Béarla.

Múintear na focail is tábhachtaí le linn an dráma féin agus déantar iarracht súgradh le focail, go háirithe an bhrí dhifriúil idir na focail chéanna as Béarla agus Gaeilge - ar nós, ‘fear’ agus ‘bean’ (an bhfaightear léargas nua ar an bhrí atá leo as Gaeilge má fhuaimnítear mar focail Béarla iad mar shampla?), nó ‘whore’ agus ‘ar thóir’.

Tá pleicíocht agus gliceas le fáil ann mar sin agus is féidir leat féin páirt a ghlacadh sa ‘rang’ seo nuair a bheas Heart Briste/Broken Croí á léiriú in Filmbase, Barra an Teampaill, ó 14 Meán Fómhair go 19 Meán Fómhair.

Nó beidh tú in ann é a fheiceáil roimhe sin má bheas tú ag an Phuball Gaeilge ag Electric Picnic i mbliana!

Féach lch 11.

ardán

heart briste/broken croí

get in thegaeilgegroove

advertiseanseo

[email protected]

teicneolaíocht

FOCAIL diarmuid ó muirGheasa

www.nosmag.com 31

so, tÁ GooGle Faoi dheireadh aG dul in iomaíocht le WindoWs, le chrome os. aon Ghaol leis an mbrabhsÁlaí chrome?

Is fada a bhí an cinneadh seo ag teacht ó Google, is cinnte, agus cinnte freisin tá sé gaolta go daingean leis an mbrabhsálaí Chrome.

Deir Google gur dearadh Chrome (an brabhsálaí) do dhaoine a chaitheann a saoil ar fad ar líne, agus gurb é Chrome OS an chéad chéim loighiciúil eile.

aGus cad a bheidh ann, Go díreach? cé chomh cosúil le nó éaGsúil ó WindoWs a bheidh sé?

Tá an-chuid difríochtaí idir Chrome OS agus Windows, ina measc sin go bhfuil Chrome OS saor-in-aisce agus oscailte do chách obair air.

Má tá scileanna ríomhchláraithe agat is féidir leat bheith bainteach leis an dtogra.

Difríocht mhór eile atá ann ná go bhfuil Chrome OS bunaithe ar bheith chomh héadrom agus is féidir, i gcodarsnacht le Windows a chuireann níos mó agus níos mó gnéithe éagsúla isteach i ngach eisiúint.

Ní bheidh mórán i gceist le Chrome OS seachas an brabhsálaí, rud a chiallaíonn go mbeidh chuile chlár a ritheann tú ag rith taobh istigh den bhrabhsálaí.

Tá sé seo go mór i gcodarsnacht le Windows, áit a bhfuil beagnach gach rud á rith ar an ríomhaire féin.

Is dócha go mbeidh sé ag brath go mór ar leithéidí Google Docs, nár ghlac seilbh ar mhórán den mhargadh ó Microsoft Office go dtí seo, GMail agus Google Maps chun ríomhaire in-úsáidte a dhéanamh as.

aGus mÁ theiPeann ar do nasc leis an idirlíon?

Má theipeann ar do nasc leis an idirlíon tá tú i dtrioblóid, de réir cosúlachtaí. Níl Google i ndiaidh trácht díreach a dhéanamh ar an bhfadhb seo, ach bheadh sé ar cheann des’ na cúiseanna is mó bheith amhrasach faoi.

Sin ráite, tá níos mó agus níos mó den stuiff a dhéanaimid le Windows ag brath ar nasc leis an ngréasán chomh maith.

bhí caint níos luaithe sa bhliain ar android, córas oibriúchÁin ó GooGle d’Fhóin so-Ghluaiste, a bhí aG dul i dtreo bheith ar FÁil ar netbooKs aGus a leithéid chomh maith. an dtaGann chrome os salach air sin?

Ón rud atá á rá ag Google, is cosúil go bhfuil Chrome OS agus Android á ndearadh ag dhá fhoireann iomlán éagsúil.

Cé nach bhfuileadar ag rá seo go díreach, an mothúchán atá á fháil agam nuair a cheistítear foireann Chrome OS faoi Android ná “Bring it on”.

Tá siad beirt ag obair do Google, ach níl aon fhaitíos orthu bheith in iomaíocht.

so cathain a Fheicimid chrome os mar sin? aGus cén saGhas tionchair a bheidh aiGe ar an marGadh nuair a eisítear é?

Deirtear go mbeidh sé ann roimh dheireadh na bliana seo chugainn.

N’fheadar cén tionchar a bheidh aige, ach tá sé deacair é a fheiceáil ag tabhairt mórán deacrachtaí do Microsoft ró-thapaí.

Má tá rud amháin le foghlaim ó ré na Netbooks, is é nach maith le daoine Windows a fhágáil, agus i ndiaidh tús láidir ó Linux sa mhargadh úd tá anois 90% den díolachán ag Microsoft.

Sin ráite, más féidir le duine ar bith an meangadh gáire úd a bhaint d’aghaidh Microsoft, Google atá ann.

aGus is dócha Go “GcoimeÁdaimid súil Géar ar an scéal seo”?

;-)

GOOGle ChrOMe OsCóras Oibriúcháin

32 www.nosmag.com

teic

10. lemminGs 2: the tribes (Pc, 1993)

Nílim cinnte conas go díreach insint cá mhéad grá a bhí agam don chluiche seo nuair a eisíodh ar dtús é.

Bhíos óg go leor ag an am nach cuimhin liom an uair nár imir mé é, agus ar feadh na mblianta bhí sé mar cheann den 7 nó 8 gcluiche a bhí agam ar an ríomhaire.

Chuir sé tús le mo spéis i gcluichí ríomhaireachta, agus fós fillim air anois ‘s arís, 16 de bhlianta níos déanaí.

Sin cé chomh maith is atá sé.

9. WolFenstein 3d (Pc, 1992)Sean-athair do gach FPS ar aon

chonsól, ba chóir don chluiche seo bheith ar aon liosta des’ na cluichí is fearr riamh.

Cuimhnítear níos fearr ar Doom, a tháinig ina dhiaidh, ach ba é Wolf 3D an chéad cheann agus, dar liomsa, bhí sé níos fearr ná Doom.

Bhí an-iomarca rudaí iontacha faoin gcluiche seo le liostáil, ach seasann an leibhéal pacman amach.

8. Goldeneye (nintendo 64, 1997)

Ní raibh an cluiche seo agam riamh, caithfidh mé a admháil.

Ní raibh N64 agam, fiú, ach fós féin b’aoibheann liom an cluiche seo a imirt aon deis a bhí agam.

Bhí an léarscáil iontach, bhí na gunnaí iontach, ach níos mó ná sin fiú, bhí na controllers áiféasacha úda a bhí ag an N64. B’shin iad na laethanta...

7. halo 3 (XboX 360, 2007)Is cuma sa diabhal liom faoin

mód-fheachtas sa chluiche seo, cé go ndeirtear liom go bhfuil sé iontach maith.

An tsuim atá agam sa chluiche ná na cluichí il-imreora, le ceathrar, ochtar nó níos mó ag dul in iomaíocht sa seomra céanna. Aige sin, is é Halo an rí.

6. Portal (Pc, 2007)In ainneoin nach raibh ann ach cúpla

uair a’chloig d’am imeartha, agus in ainneoin gur demo a bhí ann níos mó na cluiche iomlán, seasann Portal amach mar cheann des’ na cluichí is cliste ar imir mé riamh.

An sásamh a bhí le baint as sraith léimeanna maithe a chur le chéile, ní féidir cur síos air, agus bhí cúpla giota iontach greannmhar ann chomh maith.

Sin gan trácht ar na giotaí scéil a bhí ann, a cheangail isteach ar shlí éigin le scéal Half-Life.

Táim ag súil go mór le feiscint an gceanglóidh scéal Half-Life ar ais isteach le scéal Portal, agus freisin cá dtéann scéal Portal amach anseo.

5. aGe oF emPires 2 (Pc, 1999)Is cuimhin liom an sceitimíní a bhí

orm nuair a tháinig sé seo amach don chéad uair.

Níl aon rud speisialta faoi sin, agus bhí an oiread céanna de sceitimíní orm faoi mhórán cluichí eile, ach níl mórán eile a imrím go fóill.

Cé nach bhfuil sé ar chomhchéim theicniúil leis an tsraith Total War, tá AoE2 mar cheann des’ na cluichí straitéiseacha is andúile riamh, agus fós caithim uair nó dhó anois ‘s arís á imirt thar LAN.

Sa chéad eagrán den cholún rialta nua seo, cuireann eagartóir teic

nós*, Diarmuid Ó Muirgheasa, an 10 gcluiche ríomhaireachta is

fearr leis os ár gcomhair...

10 is Fearr: Cluichí Ríomhaireachta

9

7

6

www.nosmag.com 33

10 is Fearr

4. Pro evolution soccer (Pc, XboX, Playstation srl)

Gan aon cheann ar leith den tsraith a phiocadh amach, bhí ar PES, mar a ghlaoitear air, bheith ar an liosta áit éigin, ó tharla go n-imrím níos mó de ná aon chluiche eile.

In ainneoin an lucht tacaíochta atá ag Fifa, roghnóinn PES arís ‘s arís eile.

3. rome: total War (Pc, 2004)Tá na cluichí Total War a tháinig ina

dhiaidh níos fearr ar bhonn teicniúil, níl aon dabht, ach níor éirigh le haon cheann go dtí seo an draíocht a bhí ag Rome a mhaitseáil.

An cluiche is fearr i sraith atá amuigh leis féin mar na cluichí straitéasacha is fearr atá le fáil.

2. deus eX (Pc, 2000)Titeann sé díreach taobh thiar de Half

Life 2 ó tharla nach bhfuil sé chomh snasta céanna, ach níl mórán eadarthu ar chor ar bith.

Tá Deus Ex fós mar an RPG is fearr ar imir mé riamh, mar gheall ar go bhfuil an scéal, agus an domhan ina bhfuil sé chomh saibhir sin, agus mar gheall ar an tslí a raibh tú ábalta do charachtar a fheabhsú.

Is é an rud is mó a léiríonn cé chomh maith is atá sé ná nach bhfuil aon chluiche eile i ndiaidh bua air ina sheánra féin, i mo thuairimse – agus sin i ndiaidh beagnach 10 mbliana!

1. halF-liFe 2 (Pc, 2004)

Cad is féidir a rá faoi nach bhfuil ráite cheana?

An cluiche is fearr ar aon chonsól riamh, bhí sé i bhfad chun tosaigh ar na hiomatheoirí a bhí aige ag an am agus níl faic i ndiaidh teacht cóngarach dó ó shin.

Bhí scéal den scoth aige, curtha os ár gcomhair i slí iontach, agus bhí an t-aicsean, an ceol agus na carachtair ar fad níos fearr ná rud ar bith a choncamar roimhe, nó ó shin.

Agus sin gan trácht ar na grafaicí agus an t-inneall fisice agus...

an bhfuil 10 gcluiche is fearr leatsa?ba bhreá linn iad a fheiceáil. seol isteach ag [email protected] iad, cuirfear na cinn is fearr i gcló sna heagráin amach romhainn.

4

3

1

34 www.nosmag.com

Fuadar Faoi choGadh na mbrabhsÁlaithe

Buíochas le Coimisiún na hEorpa as an gceann seo.

Mar gheall ar chinneadh a rinneadar faoi iompar monopolaíochta Microsoft, tabharfar anois rogha duit cén brabhsálaí atá uait nuair a úsáideann tú ríomhaire nua don chéad uair.

Is mór an chúis áthais í sin do lucht teic nós*, ó tharla go bhfuilimid ag gearán le fada faoin easpa tacaíochta ag Internet Explorer do na caighdeáin atá leagtha síos do bhrabhsálaithe.

Cuirfear aon bhrabhsálaí le níos mó ná 0.5% den mhargadh isteach mar rogha, rud a

chiallaíonn go mbeidh rogha agat idir Internet Explorer, Opera, Google Chrome, Apple Safari nó, ár rogha féin, Mozilla Firefox.

Cuma cén ceann a roghnaíonn tú, beidh tú i bhfad níos fearr as ná mar atá le Internet Explorer.

N’fheadar an bhfuil deireadh ag teacht le forlámhas IE, ach ní féidir gur droch rud é an rogha a thabhairt do dhaoine mar seo.

coimhlint líne: An mbeidh IE á ithe ag Firefox srl. de bharr an chinnidh seo?

teic

tÁibléad ó aPPleDar le muileann ráflaí an idirlín, tá

táibléad 10” le heisiúint ag Apple go luath an bhliain seo chugainn.

An pictiúr atá á tharraingt faoi láthair ná gur iPhone ar stéaróidigh a bheidh ann,

le praghas áit éigin idir an iPhone agus an MacBook.

Cuirfimid ár n-airgead ar phraghas ¤699 nó mar sin, agus leis an Uasal Jobs ag tabhairt aire don tionscnamh níl mórán dabht ach go mbeidh cúpla billiún díolta

taobh istigh de chúig nóiméad nuair a théann siad ar díol.

Seo thíos samhail den chuma a d’fhéadfadh bheith ar an dtáibléad ach, mar is gnách, beimid ag coimeád súil ghéar ar an scéal.

www.nosmag.com 35

nuachtFOCAIL diarmuid ó muirGheasa

cliPPy nuaIs cuimhin le gach duine Clippy, an fáiscín

páipéir ó Microsoft Office.Suas go dtí 2003 nó mar sin, bhí

Clippy mar chuid lárnach de gach séisiún a chaithfeá le Word nó Excel.

“It looks like you’re writing a letter”, a dearfadh sé, “would you like help?”.

In ainneoin gur thaithin an coincheap le mórán, ní minic a raibh freagra béasach ag éinne ar an gceist úd, nó aon cheist eile a chuirfeadh sé.

Nuair a thug Microsoft faoi ndeara, faoi dheireadh, go raibh daoine ag iarraidh Clippy a mharú, bhain siad ón gclár é.

Anois tá DARPA, an roinn taighde d’fórsaí míleata na Stát Aontaithe, i ndiaidh $150 milliún agus 6 bhliain a chaitheamh ar ‘CALO’, “Cognitive Assistant that Learns and Organises”, an Clippy nua.

Cosúil le chuile rud ar domhan, beidh clár don iPhone bunaithe air darb ainm ‘Siri’, agus táimid ag súil go bhfeicimid ar an ríomhaire é go luath.

Dar leis na luatuairiscí beimid ábalta é a úsáid chun ríomhphost a shortáil, clár ama a eagrú, agus b’fhéidir fiú leithscéalta iontacha a chumadh.

“Cad é sin a Eagarthóir, chailleas spriocdáta eile? N’fheadar cad a tharla... B’fhéidir gur mhaith leat labhairt le CALO faoi?”

Anois sin seirbhís ar íocfainn as.

WindoWs 7 – rtmNíl aon iarracht déanta againn na

sceitimíní atá orainn faoi Windows 7 a choimead faoi rún.

Tá gach rud faoin OS nua seo ó Microsoft níos fearr ná aon cheann atá tagtha go dtí seo, agus mar gheall air sin

tá an t-alt seo á scríobh ar ríomhaire le leagan 7100 den chóras oibriúcháin air – ní féidir linn filleadh ar Vista nó XP!

Mar sin d’ardaigh ár leibhéal sceitimíneachta beagán eile nuair a tháinig scéal chugainn go raibh stádas RTM sroichte aige.

Seasann RTM do “Release to manufacturing”, agus ciallaíonn sé nach bhfuil le déanamh acu idir seo agus 22 Deireadh Fómhair ach boscaí a phacáil agus tosú ar fhógraíocht.

Beidh léirmheas iomlán againn go luath, agus táimid ag súil go mór leis.

“Ní minic a bhí freagra béasach ag éinne ar an gceist úd, nó aon cheist eile a chuirfeadh Clippy.”

i gcló

Má tá aon rud suimiúil léite agat le tamall anuas - is cuma

cén t-ábhar atá ann ná cén teanga ina bhfuil sé! - agus má tá

spéis agat a chur in iúl don domhan mór Gaelach faoi, déan

teagmháil linn ag [email protected] Ag súil le cloisteáil uait!

LEABHAR Á LÉAMH AGAT?

beatha

www.nosmag.com 39

beatha

english

So, mé and the grágheal are bowling along nicely, having a míol mór of a time when she hits me with a focainn thunderbolt.

“An mbuailfidh tú le mo chlann uair éigin?”

I’m all “sea, banphrionsa, I’d love a Scot’s Clan”.

Next thing I know she has me round her folks’ teach for la diner Dé Dómhnaigh. Day Downer, more like.

“Uair éigin” me hole, she’s some fórsa tiomána, this one.

The mamaí greets us at the doras. I’m expecting Peig Sayers here, but this one’s more like Bridie MacRidey.

She oscails the bhéal and it’s all “tisrílígréitúmítiú!”

I dunno what the foc kind of dialect this is, but we’re not in Spidéal any more, Toto.

I’m knocked off my stride and spluttering “agus anois tá sé in am don nuacht, á lámh anocht ar Sharon Ní Bheoláin!”

Shit, my éan is gonna clock that I fancy her ma as much as the fair Shazza.

We shimmy into the seomra beo. This is more what I’ve come to expect - the old fella féachs ar an teilifís; Ireland’s finest bogballers knocking the shite out of one another while Míchéal Ó Muircheartaigh screeches his brístí off.

I sense an opportunity to “put one

over the bearr” as my Uncle Séamus used to say (when we let him in).

Feic it, I’m going to impress this fella so much it’ll be the full five points for me, or “une cúl”, as they say.

“Ah, an tUasal Muircheartaigh, an taisce náisiúnta. Níl aon fockall Béarla to his anam!” I say. He looks at herself.

“De foc cadhanda clabhann fhios dis gaidh?”

His dialect is proving as impenetrable to me as mine seems to be to him, so I take herself’s repeated cues to dún my béal on board and I sit there and ponder the last great mystery of the Irish language: When will people from the various Gaeltachtaí finally be able to understand each other?

The TokenTHE pAGE of THE ENGlIsH lANGuAGE commuNITy IN IrElANd

AN TAOBH EILE: Impressing the clann

If you already know what a teddy bear is, then there’s not

much point in reading on, but if you do not then sure you might as well.

The teddy bear is a stuffed toy bear.

It is an enduring, traditional form of a stuffed animal, often serving the purpose of comforting children.

In recent times, some teddy bears have become expensive collector’s items. Teddy bear collectors are known as arctophiles from the Greek arctos (bear) and philos (lover).

The name Teddy Bear comes from former U.S. President

Theodore Roosevelt, whose nickname was “Teddy”.

The name originated from an incident on a bear-hunting trip in Mississippi in November 1902, to which Roosevelt was invited by Mississippi Governor Andrew H. longino.

There were several other hunters competing, and most of them had already shot something.

A suite of Roosevelt’s attendants, led by Holt collier, cornered, clubbed, and tied an American Black Bear to a willow tree after a long exhausting chase with

hounds. They called Roosevelt to the site and suggested that he should shoot it.

He refused to shoot the bear himself, deeming this unsportsmanlike, but instructed that the bear be killed to put it out of its misery, and it became the topic of a political cartoon by Clifford Berryman in The Washington Post on November 16, 1902.

Teddy bears are also known to go on picnics, and you might see them in the woods.

Tá leagan iomlán den alt iontach seo ar

Wikipedia

Teddy bears

40 www.nosmag.com

mcailín sa

chathair

Táim fós ruainne beag míchompórdach leis an ainm cleite Cailín sa Chathair.

Tá sé cruinn sa chiall gur cailín mé agus go bhfuil cónaí orm i lár na cathrach, ach tugann sé le tuiscint go bhfuil mé mealltach, sofaisticiúil, snasta, go gcaithim stocaí síoda seachas haute couture Penneys.

Agus ceart go leor, chaith mé stocaí síoda agus stilettos uair, ach níor oir siad (nó an boc a bhí á iarraidh) dom.

An fhírinne ná gur mhothaigh mé mar Muireann i mBrístí i gcónaí agus mé óg, ag ceapadh nach raibh mé banúil a dhóthain le bheith tarraingteach d’éinne seachas leispiaigh le suim acu i stumpa mná.

Bhí gruaig ghearr orm ar feadh na mblianta toisc nár shíl mé go raibh mé banúil a dhóthain do blow-drys, agus bhí mé trína chéile i gcónaí mar gheall ar chúrsaí clúimh i gcoitinne.

Is cuimhin liom mo chosa a bhearradh don chéad uair.

Bhí na fógraí teilifíse lán Ladyshaves, bhí na cailíní le cíocha i mo rangsa ar scoil ag maíomh go mbearrfaidís a gcosa, bhí Just17, an iris a léann gach just-13-year-old lán comhairle maidir leis na modhanna is fearr le fáil réidh le gruaig gan ghá. Epilation? Depilation?

Níor chabhraigh sé le m’easpa muiníne nach raibh mé in ann na téarmaí éagsúla a litriú, gan trácht ar bhrí a bhaint astu.

Ach ba léir dom go raibh gach éinne (seachas mo mháthair) don tuaraim céanna - níor cheart do bhean

gruaig a bheith aici in áit ar bith seachas ar a ceann agus i bpaiste beag néata idir a cosa.

Agus mise bocht le mothal mionchatach gruaige rua orm, cosa mar a bheadh ar ghoraille agus croiméal beag mínéata ar mo liopa uachtarach.

Ní mar a shíleas a bhíos, ar ndóigh, ach nach cuma sin agus tú óg agus cúthaileach?

Shíl mo mháthair go raibh mé go hálainn ag breathnú. Nach raibh aon ghá dom mo chosa (nó rud ar bith eile) a bhearradh.

Ach ní thagann ciall roimh aois ná clúmh roimh chaithreachas, agus cén déagóir a thugann aird ar chomhairle a máthar?

Bhí mé cotúil faoin ghruaig mhín a bhí ar mo chosa agus bhí mé daingean diongbháilte go raibh mé chun fáil réidh leis.

Bhí rásúr leictreach ag m’athair sa bhaile ach bhí mé buartha go gcloisfí mé dá mbainfinn triail as.

Mar sin, bhearr mé mo chosa faoi rún i seomra folcadh mo sheanathar, le sean-rásúr a bhí aige sa chófra. Níor bhain mé úsáid as sobal bearrtha ná uisce, fiú.

Ní raibh sobal bearrtha aige mar a bhíodh acu sna fógraí teilifíse, ní raibh ach gnáth-bharra sópa agus scuab agus ní raibh nóisean agam conas

úsáid a bhaint astu.Cúpla nóiméad scríobadh agus bhí

cosa scriosta scrábacha orm, gan ribín gruaige fágtha orthu ach gan mórán craiceann fágtha orthu ach oiread.

Cheannaigh mo mhamaí Ladyshave dom ina dhiaidh sin, ar eagla go mbeadh nóisean agam rud ar bith eile a bhearradh.

Ní raibh mé chomh cróga céanna i leith líne

mo bhicíní.

Cúrsaí clúimhbeatha

www.nosmag.com 41

mcailín sa

chathair

Ceacht foghlamtha agam i ndiaidh na heachtra i seomra folcadh mo ghrandad, shocraigh mé ar jab proifisiúnta a fháil déanta air - céir agus cadás leis an ngruaig a tharraingt ón bhfréamh.

Bhí mo dhóthain léite agam sna Just17s le tuiscint gur phróiseas pianmhar a bheadh ann, áfach.

Thriail mé ribín nó dhó a tharraingt amach mé féin le pionsúirín. OUCH.

Níor shíl mé gurbh fhiú a leithéid de chéasadh ar mhaithe le háilleacht agus chinn mé go gcaithfinn brístíní thar mo bhicíní. Go deo.

Bhuel, brístíní thar mo chulaith snámha, mar ní raibh dóthain de thosach agam le go bhfanfadh barr bhicíní orm.

Agus lean mé orm sna brístíní go dtí go raibh mé i m’fichidí, easpa misnigh agus cíocha mar bhac ar bhicínís go dtí, bhuel, ceithre bliaina ó shin.

Ní hé go bhfuair mé boob job ná tada, ach go ndeachaigh mé ar saoire chun na hAstráile ar feadh míosa agus gur mé an t-aon duine sa tír a bhí ag caitheamh onesie cois farraige.

Coir náireach in aghaidh an fhaisin!

Thug mé agus mo chrógacht cuairt ar sciamhlann, áit ar íoc mé $20 le bean le mo chaithir a shracadh ó mo chraiceann, le cúram, dár ndóigh, agus céir.

Ní raibh sé chomh dona is a shíl mé go mbeadh.

Ar theacht abhaile dom, lean mé leis an nós mar chuid de mo chleachtas áilleachta (más féidir “cleachtas áilleachta” a thabhairt ar do ghruaig a scuabadh agus d’ingne a ghlanadh ó am go chéile).

De réir a chéile, thug mé treoir don sciamheolaí níos mó agus níos mó a bhaint, ón mBrasáil i dtreo Hollywood.

Go dtí nach raibh rud ar bith fágtha.Go dtí go raibh orm staidiúir

lomnocht a dhéanamh don ghrianghrafadóir Spencer Tunick a bhí le grianghraf a ghlacadh de 1000 duine lomnochta i mBaile Átha Cliath, agus gur mhothaigh mé níos noichte (an féidir a bheith níos noichte ná nocht, fiú?) ná riamh.

Ach bhí cruthúnas ar ilghnéitheacht

coirp agus clúimh mhná in éagsúlacht na mban a bhí i ngrianghraf Tunick, rud nach bhfeictear go hiondúil in íomhánna de mhná lomnochta.

Thug sé misneach dom, agus ó shin i leith stad mé den bhféar a bhearradh sa ladygarden. *

42 www.nosmag.com

beatha

I ndiaidh sé mhí le fear amháin, deirtear liom go bhfuil an saol pósta agam

anois.Ní dóigh liomsa é sin, ach

tá an saol aerach difiriúil.Is cosúil nach fada a

mhaireann caidrimh aeracha, agus tá jóc ann lena mhíniú; céard a tharlaíonn ar an dara coinne idir leispigh? An freagra: bogann siad isteach lena chéile. Céard a tharlaíonn ar an dara coinne idir fir aeracha? An freagra: cén dara coinne?

Ní haon ionadh dom conas a cheapann daoine díreacha nach bhfuil fir aeracha ach ag iarraidh gnéis.

Ní bhaineann sé sin le fir aeracha amháin, ach fir go ginearálta – is minic a smaoiníonn siad faoi eachtraí leapa.

Is nádúrtha é an fonn sin le bheith ar fhir, de réir

dealraimh – chun síol an fhir a scaipeadh chomh fada agus chomh leathan agus is féidir.

Ach oíche amháin de phaisean, agus dearmad déanta ar an bpáirtí ina dhiaidh?

Naah, tá mise déanta den domhan sin, agus bhí mé le tamall fada anuas; bhí tréimhse ann agus mé níos óige, amuigh sa chlub, ar oíche mheisciúil, agus dhúsaigh mé le fear (réasúnta dathúil) nach raibh aithne agam air.

Maidir leis an tsláinte, bhíos slán i gcónaí, buíochas le Dia. Ach níl fonn orm a bheith mar sin a thuilleadh.

Táim róshean dó, cé nach bhfuilim ach 21!

Is ansin a thagann an tUasal Ó Foirfe isteach!

Fear ard álainn, atá i ndianghrá liom.

Sé mhí, dhá bhriseadh cathrach (Gaillimh agus Corcaigh) agus cúpla agóid

níos déanaí, tá muid fós maith go leor.

Is cúpla tipiciúil muid, ag deireadh an lae; cuairteanna chun na pictiúrlainne, béilí deasa i mbialanna, turais rómánsúla, agus oíche nó dhó istigh le take-away Indiach agus DVD greannmhar!

Ag deireadh na míosa, tá muid ag dul chun na Spáinne; tá teach samhraidh ag a thuistí, agus tugadh cuireadh dúinn úsáid a bhaint as ar feadh seachtaine, sula dtéann muid ar ais chuig an ollscoil ar tús Mhéan Fómhair.

Níl déanta agamsa ach mo chuid airgid a shábháil dár saoire faoin nGriain.

Ní thuigim áfach conas a bhíonn imní orm ag amantaí, ar nós nach bhfuil an caidreamh slán, in ainneoin na foirfeachta.

Ceapaim ag amantaí go bhfuil sé ródhathúil dom, nach bhfuil sé iomlán sásta liom, nó

seans nach bhfuil sé dílis dom.Is í an chúis leis seo,

áfach, ná mo chuid staire féin, agus rud ar bith faoi m’fhear nua. Rian pianmhar den stair s’agam, ach is cosúil go bhfuil sé ag cur isteach ar mo chaidreamh nua... ach an rud nórmálta é seo?

Is cosúil – dar le mo chairde – go bhfuil sé nórmálta, agus nach bhfuil ann ach fás aníos. Más ea, tá súil agam nach ndéanfaidh sé damáiste don Neamh a d’aimsigh mé agus mé leis.

Ar an leataobh eile, áfach, níor chóir dom a bheith imníoch faoi rud ar bith.

Caithim a choiméad i m’intinn go bhfuilim féin go hálainn, tallannach agus gnéasach! Muna bhfuil seisean in ann é sin a fheiceáil, mí-ádh dó-san!

Tá an t-ádh liomsa, áfach, mar cheapaim go bhfuil sé lán-ábalta é sin a fheiceáil... ;-)

le Buachaill an Bhruachbhaile

an FEAR Foirfe?

*

faiseanagus scéimh o

44 www.nosmag.com

“Ní cainteoir líofa Gaeilge mé. An bhfuil náire orm faoi seo? Níl. An bhfuil mé ag iarraidh é

a athrú? Tá.”Sin an bhunteachtaireacht ó Paul

Feeney - fear de bhunadh Dhún na nGall a bhfuil cónaí air sa Chóiré Theas - atá i ndiaidh tús a chur le CAINT, feachtas agus suíomh nua Gaeilge.

“Tá an feachtas CAINT dírithe ar dhaoine cosúil liomsa, daoine nach bhfuil Gaeilge acu ach ar mian leo go mór í a fhoghlaim,” arsa sé.

“Chonachtas domhsa gur mhinic nach raibh na daoine seo cinnte faoi cá háit ar chóir dóibh tosnú.

“Sin an áit a dtagann CAINT isteach.“Níl sé de sprioc ag an fheachtas

daoine a chur i dtreo cúrsaí Gaeilge, nó go gceannódh siad cúrsaí costasacha ar líne, tá sé ag iarraidh daoine a bhfuil Gaeilge acu a spreagadh chun cuidiú a thabhairt do dhaoine nach bhfuil.”

Is iomaí feachtas sa lá atá inniu ann a bhfuil sé de sprioc aige úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc phobal na hÉireann ach dar le Paul go bhfuil cur chuige éagsúil ag CAINT.

“Teagmháil agus comhoibriú idir foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa, sin an coincheap atá ag lár an fheachtais, sin agus t-léinte a dhíol leis an choincheap sin a chur i mbéal an phobail.”

Ní feachtas struchtúrtha sa ghnáthchiall é CAINT mar sin ach coincheap, nó cur chuige, ar mhaith le Paul a chothú agus a chur chun cinn.

Chun cuidiú leis sin tá t-léinte agus earraí éagsúla ar díol ar shuíomh an fheachtais - www.caintcampaign.com - a chuirfeadh in iúl do dhaoine eile go bhfuil tú sásta bheith páirteach, sásta Gaeilge a labhairt.

I measc na stíleanna atá ar fáil tá ‘My Irish Is Broken, Please Help’, ‘Seas An Fód, Labhair Do Theanga Le Bród’ agus an ceann greannmhar, ‘Rith! An Modh Coinníollach!’, atá le feiceáil anseo.

Míníonn Paul gur thosaigh CAINT mar choincheap simplí i suíomh simplí - thar chúpla pionta sa phub in éineacht le cairde scoile.

“Bhí an Ghaeilge i gcónaí mar chuid dár saol, rinne muid ar fad í ar scoil, ach ní raibh aon spreagadh breise ann chun an teanga a fhoghlaim mar is ceart.

“Mar sin ní bhaineann an feachtas seo le scrúduithe, baineann sé le spreagadh a thabhairt do dhaoine an teanga a labhairt - is féidir linn tabhairt faoin Mhodh Coinníollach ina dhaidh sin!”

Dar leis go bhfuil an-suim ag daoine an Ghaeilge a fhoghlaim ach bíonn faitíos orthu in amanna, agus uaireanta eile ní bhíonn a fhios acu cad é mar ba chóir dóibh tosnú.

“Ba mhaith linn ardán a chur ar fáil do na daoine seo agus a chur in iúl dóibh nach bhfuil siad ina n-aonair.

“Is glanfhoghlaimeoirí iad agus sin an fáth a bhfuil téacs an tsuímh féin i mBéarla amháin faoi láthair, mar go bhfuil an feachtas dírithe ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu, go fóill.

“Dá mbeadh an feachtas seo i nGaeilge amháin, bheadh an spriocghrúpa féin go hiomlán dall air.”

Is múinteoir Béarla sa Chóiré Theas é Paul agus taithí aige ar dhaoine a bhfuil an-spéis acu, agus an-fhonn orthu, teanga nua a fhoghlaim.

“Bíonn muintir na Cóiré Theas

faiseanFOCAIL tomaí ó conGhaile

www.nosmag.com 45

cíocrach agus iad ag foghlaim Béarla, agus bíonn sé an-éasca cabhrú leo dá bharr.

“Comh-iarracht chultúrtha atá ann ar bhealach - stadann daoine sa tsráid mé ionas go mbeidh siad in ann cúpla focal Béarla a úsáid agus baineann siad leas as gach deis a fhaigheann siad.

“Tá sé deacair gan bheith fáiltiúil roimh an spéis seo agus bíonn na cainteoirí Béarla anseo sásta cuidiú le foghlaimeoirí díograiseacha.

“Sílim go dtiocfadh linn foghlaim ón

dearcadh sin agus daoine ag foghlaim Gaeilge chomh maith.”

Feictear do Paul go bhfuil stiogma éigin ag baint lena bheith ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a labhairt in Éirinn go fóill agus nach mór daoine a spreagadh chun triail a bhaint as cibé Gaeilge atá acu.

“Sin an bealach is fearr le teanga a fhoghlaim - dul sa seans agus roinnt frásaí a úsáid i do ghnáthshaol.

“Má dhéanann tú meancóga, nó má cheapann daoine áirithe nach fiú é, is

cuma, mar rachaidh sé chun tairbhe duit sa deireadh.

“Tógáil ón talamh aníos atá i gceist anseo agus tá súil agam go mbeidh cuid mhór daoine amuigh ansin ag iarraidh bheith páirteach.”

Dá mba mhian leat tuilleadh eolais a fháil ar conas is féidir leat féin cabhrú le foghlaimeoirí Gaeilge, nó dá mba mhaith leat spléachadh a thabhairt ar na t-léinte stílmhara éagsúla atá mar chuid de CAINT, tá gach sonra le fáil ag www.caintcampaign.com

taisteal

taisteal

Ar laethanta saoire le déanaí?Abair linn faoi!

Cuireann nós* fáilte roimh scríbhneoirí úra i gcónaí mar sin má tá scéal taistil

agat an samhradh seo, abair linn faoi conas a d’éirigh leat! Cá raibh tú? Cad

a thaitin leat? Cad nár thaitin leat? An rachfá ar ais? Déan teagmháil linn ar

[email protected]

48 www.nosmag.com

Thug na Rómhánaigh Provincia

Romana ar an chéad áit a gabhadh

lasmuigh den Iodáil agus tá rian na

Rómhánach fós le tabhairt faoi ndeara

i bProvence, atá lonnaithe ar chósta na

Meánmhara sa Fhrainc.

Is ceantar é seo a bhfuil codarsnacht

láidir ann áfach, ach go háirithe idir

gnáthshaol na mbailte in iarthar an

cheantair agus an rachmas atá le feiceáil

gach áit ar an gcósta galánta san oirthear.

Chuir muid tús lenár dturas in

Avignon, baile múrtha atá ar bhruach

cheann de mhóraibhneacha na hEorpa,

An Róin.

Taobh istigh d’fhoscadh na mballaí,

tá seoid mheánaoiseach ann a thug

tearmann do Phápaí a bhí ar deoraíocht

sa 14ú haois agus is é Palais des Papes an

caisleán gotach is mó ar domhan anois.

Bhí an Phápacht lonnaithe ann ar

feadh seachtó bliain agus chuir seachtar

bápa fúthu sa chaisleán go dtí gur

athbhunaíodh an Phápacht arís sa Róimh.

Tar éis uair go leith a chaitheamh sa

chaisleán, is fearr an deis a thapú agus

dul ag spaisteoireacht ar bhruach na

habhann mór agus cuairt a thabhairt ar an

droichead cáiliúil Pont St-Benezet.

De réir dealraimh tá rann do pháistí

faoin droichead áirithe seo atá sonraithe

ar liosta oidhreachta UNESCO. Ní fheadair

a bhfuil aon nasc idir an dá fhíric sin ach

is fiú dul ann agus suí síos cois abhainn ar

feadh tamaillín.

Istoíche, imíonn tromlach na

dturasóirí agus is féidir blas áirithe ar

chultúr Provence a fháil sna bialanna i

bPlace d’Horlage. Is fearr do scíth a ligean

agus buidéal fíona áitiúil ‘Cotes du Rhone’

a fháil mar ní bheidh oíche ragairne ar na

bacáin sa bhaile séimh seo.

arles ÁrsaIs beag an t-aistear atá ann idir Avignon

agus baile beag eile, Arles ach is

mór an difríocht idir an t-atmaisféar

meánaoiseach atá ag Avignon agus Arles,

baile Rómhánach, cé nach bhfuil ach

achar fiche nóiméad ar traein eatarthu.

Ní haon ionadh é gur spreag Arles,

agus an solas a lonraíonn ar bhruach na

Róine, an t-ealaíontóir cáiliúil Vincent

Van Gogh ag deireadh an 19ú haois.

Is féidir dul ag spaisteoireacht trí na

cúlsráideanna ar do shuaimhneas agus

cupán caife a ól i bPlace du Forum, san áit

ar phéinteáil sé Café terrace at Night.

Ach tá stair agus oidhreacht níos

ársa ag Arles bainteach le tréimhse na

Rómhánach nuair a bhí Arles ar cheann

de na bailte is tábhachtaí i ndeisceart na

Fraince.

Seasann na foirgnimh chéanna a bhí

taisteal

www.nosmag.com 49

thug niamh ní shuilleabháin cuairt seachtaine ar cheantar Provence i ndeisceart na fraince an samhradh seo. seo a tuairisc ar an turas...

in úsáid beagnach 2,000 bliain ó shin

agus faightear blas beag ar an ré sin nuair

a shiúlann tú isteach in Les Arènes, an

fáinnéan nó amphitheatre ársa.

Tá an stair beo beathach agus ní gá

duit do shamhlaíocht a úsáid in aon chor

ar laethanta áirithe sa samhradh mar

bíonn tarbhchomhrac fós ar siúl ann.

beocht dheasFaoin am seo, tá gach seans go bhfuil do

sháith faighte agat ar shaol na tuaithe i

bProvence agus tá sé in am tiontú ansin

i dtreo Nice, an cúigiú cathair is mó sa

Fhrainc atá lonnaithe ar an gcósta galánta

sin, an Cote d’Azur.

Is baile bríomhar é Nice agus le

linn an tsamhraidh is é an trá an chéad

cheannscríbe do thromlach na dturasóirí.

Ach ná bí ag súil le gaineamh mar

is cladach atá ann agus is fearr mata a

cheannach más spéis leat luí ann faoin

ngrian.

Dóibh siúd nár spéis leo lá a

chaitheamh cois farraige, is deas

an t-siúlóid atá ann i Vieux Nice, an

seanbhaile beoga a thugann dídean ón

ngrian.

Is fuiriste dul ar strae sna lánaí beaga

nuair a bhíonn d’aird dírithe ar na táirgí

atá ar díol sna siopaí agus na bolaithe a

bhíonn ag teacht ón labhandar, ola olóige

agus glasraí a bhíonn ar fáil go flúirseach

ann.

Más oíche airneáin atá á lorg agat

téigh go Chez Wayne ar Rue de la

Prefecteur. Is í seo an áit is beoga i Nice

agus toisc go mbíonn ceol beo ann, bíonn

sé lán go doras gach oíche.

cathair iomarcachNí féidir a shéanadh ach gur áit an-ait ar

fad é Monaco.

Bhí trí fhíric ar eolas againn sular

chuamar ann; go mbíonn rása F1 ann gach

bliain, go raibh cónaí ag an banphrionsa

Grace ann agus go rabhamar chun cuairt

o

50 www.nosmag.com

lae a thabhairt ar an dara tír is lú ar

domhan.

Ríocht shaibhir atá ann ina bhfuil

treabh faoi leith, na Grimaldis i

gcumhacht ann ón 13ú haois.

Is féidir traein áitiúil a fháil ón stáisiún

i Nice ar cúpla Euro agus ní thógann

sé ach fiche nóiméad Monaco Ville a

shroicheadh. Tá an stáisiún lonnaithe cois

farraige agus de réir mar a shiúlann tú

i dreo an chuain is deacair gan a bheith

ag stánadh ar na carranna spóirt a bhíonn

páirceáilte in aice leis na báid mhóra.

Is beag an turas é ansin go dtí an

Casino de Monte Carlo óna bhfuil radharc

álainn ar an mbaile ach is fearr fós na

radhairc a fhaigheann tú taobh istigh den

fhoirgneamh galánta seo atá deartha sa

stíl Belle Epoque agus a tógadh ag tús an

20ú haois.

Trasna an bhóthair ón gCasino tá

togha agus rogha na n-éadaí dearthóra le

ceannach ann ó Chanel go Lanvin, más é

sin an nós is ansa leat!

Is féidir leanúint ar aghaidh leis

an bhfantaisíocht ansin agus cuairt a

thabhairt ar an bPálas atá suite ar an

taobh eile den chuain. Ach, de réir mar

a shiúlann tú ar shráideanna saibhre

Monaco, ritheann an smaoineamh leat

gur baile doicheallach é i ndáiríre.

Cé go bhfuil sé galánta agus néata, ní

léiríonn sé an teaspach, an bheocht nó an

cultúr céanna is atá ann sa cheantar álainn

mórthimpeall air i bProvence.

Tar éis seachtain a chur díot i

bProvence is deacair súp a bhaint as saint

agus saibhreas amháin. *

taisteal

ar taispeáint

ar taispeáint

www.nosmag.com 53

na hÉireannaiGh aOntaitheMichael O’Neill

Tá an t-ealaíontóir Michael O’Neill tar éis sraith de

cheithre phictiúr ar shaol na nÉireannach Aontaithe a chruthú mar choimisiún poiblí do Bhéal Feirste.

Táid anois ar chrochadh sa Merchant Hotel ar Sráid Waring, áit a ndeachaigh mé ó chianaibh á mbreathnú.

Chuaigh mé freisin go teach Uí Néill, áit ar labhramar ar an tsraith chéanna, ar a ealaín i gcoitinne, agus – lena shaothar ar chuile dhromchla mórthimpeall orainn - ar an dtionscadal úrnua atá tosaithe aige ó chríochnaigh sé Na hÉireannagh Aontaithe.

Bhí dlúth-bhaint riamh ag péinteáil Uí Néill leis an saol in Éirinn – go deimhin, is é an saol sin, a thróip agus foirmeacha, próisis agus modhanna a dhoiciméadaithe, an t-ábhar buan agus an tairseach atá le sonrú in éabhlóid stíl a oibre ón gcéad lá.

Ach céard a mheall chun na nÉireannach Aontaithe mar ábhar ag an bpointe seo é?

An suíomh ar an gcéad dul síos, a deir sé – bhí an coimisiún le crochadh ar Shráid Waring. Céard eile a dhéanfadh sé?

Ach thar aon rud eile, tá cion ag an Néilleach ar fhuadar ‘s ar fhaobhar an ghrúpa – iad ar bís le nua-smaointe na hEagnaíochta; gníomhach, ní hé amháin ar son saoirse na tíre, ach ar mhaithe le cothromaíocht, le hathchóiriú sóisialta, le heolaíocht, le cealú na sclábhaíochta, le liobrálachas, agus dul chun cinn.

Agus seo uilig ag titim amach i gclubanna, óstaí, agus tithe tabhairne an cheantairín sin, samhlaíonn O’Neill Béal Feirste a raibh muinín agus dóchas an athruithe inti.

Bhuaileadh an grúpa le chéile i dtigh tabhairne Benjamin Franklin, mar shampla – beag baol go mbunófaí pub i lár na cathrach anois agus ainm dhuine de mhór-smaointeoirí eagnaí na haoise a thabhairt air, a deir O’Neill.

Bhíodar óg, bríomhar, beoga, agus tá siad aomthach d’O Neill chomh maith de bhrí nár shéanadar an drabhlás - luann sé go ceanúil na tuairiscí atá ag Tone ina dhialanna ar ragairne agus réicíocht na seisiún ólacháin a théadh lena chuairteanna ó thuaidh.

Is iad na hócáidí atá léirithe sna hÉireannaigh Aontaithe ná, The Muddlers’ Club meets in Peggy Barclay’s ina bhfuil Nielsen, Russel, Tone, agus Henry Joy le feiscint sa phub úd; Mary Ann visits Thomas Russell and Edward Bunting at the Belfast Society for the Promotion of Knowledge, ina bhfeictear deirfiúr Henry Joy ag tabhairt cuairte ar an mbeirt eile i réamhtheachtaí Leabharlann Hala an Línéadaigh; The Northern Star is printed for the first time, ina bhfuil Russell, Nielsen, Mary Ann, agus Henry Joy le feiscint ag saolú fheithicil smaointe na nÉireannach Aontaithe (cuireann nóta tráchta ar an mballa i gcuimhne dúinn gur bhris an páipéar Nielsen

i ndeireadh na dála); agus Henry Joy McCracken takes leave of Mary Ann for the final time, léiriú truamhéileach de Mary Ann agus í ag iarradh a deartháir a choimeád siar óna cótaí dearga atá á tharraingt chun a bháis i Margadh an Arbhair.

Táid mór – péire ar 4’ x 4’ agus an darna péire ar 4’ x 6’.

Ag druidim ina gcóngaracht, tá scáth, tá rómáns na Rómánsaíochta le sonrú – curatacht gaoth-ghuthaithe, stán-fhéachaint mhean-ionadach, lasair shíor-dóchasach dhall-chinnte.

Ceapachán cúramach chomh maith: tá an frámú tábhachtach don Néilleach - ceird a fhaigheann neamhaird go ró-mhinic na laethanta seo,

ar cuairt: Mary Ann visits Thomas Russell and Edward Bunting at the Belfast Society for the Promotion of Knowledge

“Bhíodar óg, bríomhar, beoga, agus tá siad aomthach do O’Neill chomh maith de bhrí nár shéanadar an drabhlás - luann sé go ceanúil na tuairiscí atá ag Tone ina dhialanna ar ragairne agus réicíocht.”

FOCAIL ciarÁn ó meachair

o

54 www.nosmag.com

taispeáint

dar leis. In Henry Joy Leaves Mary

Ann (thuas), ach go háirithe, tá streachailt agus sní-léiriúcháin laochra na Rómánsaíochta.

Agus tá ‘spéirbheantrapamorfachas’ na gluaiseachta ann fosta i gcuma bhaoth-dhána Mary Ann (Marianne?) – mar a bheadh Éire féin, le háil-áladh go fánach ag féachaint na haislinge á sracadh chun na croíche.

Ach ina gcur i gcrích, ina dteicníc, táid freacnairc – an phéint go tiubh, leathan ar an gcanbhás; pailéad géar-theoranta Uí Néill i bhfeidhm.

Agus cad faoin stró agus streachailt sin; an teannas?

Is ón íomhá shocair a

dhéanann Ó Néill a chuid péinteála de ghnáth – grianghrafanna atá glactha aige féin, b’fhéidir, nó cártaí poist, nó amharcíomhánna eile faisnéise nach iad.

Ní raibh a leithéid ar fáil sa chás seo, dar ndóigh, agus d’iarras air dá bharr cén foinse a d’úsáid sé mar bhunús a oibre.

Bhí air é sin a chruthú as an úr, a mhínigh sé: scríobh sé script, fuair culaithe ar chíos, d’fhostaigh sé aisteoirí, roinn sé comhthéacs agus cúlra an scéala leo, agus rinne sé scannánú orthu á chur i láthair.

Chuaigh sé tríd an scannán ansin go dtí gur aimsigh sé an fráma cuí agus is sin a d’aistrigh sé go canbhás.

Nuair a thángas ar ealaín Uí

Néill don chéad uair – os cionn deich mbliana ó shin anois – bhí déantúis á gcruthú aige inár lonnaigh sé macasamhail choitianta shaol na tíre: leanaí ag súgradh, clanna ar an dtrá.

Ach bhíodh gaol ait míchompordach ag na hábhair lena dtimpeallacht.

Ar ghéar-fhéachaint, ní léaslíne álainn trá a bhí sa chúlra – is ar snámh go caillte scartha os cionn péinteála teibí a bhí na hábhair.

Tábhachtach i gcónaí nach féidir an radharc a dhátú go furasta – caithimh aimsire agus éadaí suthaine.

An scéal á aimpléisiú ag téacs scríofa go díreach ar an bpictiúr.

Tá an téacs sin imithe anois, agus san obair nua atá idir láimhe ag an Néilleach

– radharcanna dísháthaithe de ghnáth-imeachtaí an tsaoil – tá míshuaimhneas coimpléascach an abháir lena thimpeallacht imithe chomh maith.

Ach maireann an tsuthaineacht beo.

Ní doiciméadú simplí é seo, agus táid ar tí pléascadh ina gciúnas le tualaing inste.

Domsa, is iad lonnú buan staire agus fócas géar agus lom-insint a scéalta a dhéanann Na hÉireannaigh Aontaithe a mharcáil amach ó obair eile Uí Néill.

Beidh siad sa Merchant go ceann tamaill eile, agus is fiú bualadh isteach chucu.

Agus b’fhéidir ceann nó dhó ina n-onóir a bheith agat le do mhachnamh a ghríosadh.

Mhaithfidís duit é. *

www.nosmag.com 55

“Nuair a thángas ar ealaín Uí Néill don chéad uair, bhí déantúis á gcruthú aige inár lonnaigh sé macasamhail choitianta shaol na tíre: leanaí ag súgradh, clanna ar an dtrá. Ach bhíodh gaol ait míchompordach ag na hábhair lena dtimpeallacht. an scéal á aimpléisiú ag téacs scríofa go díreach ar an bpictiúr.”

56 www.nosmag.com

taispeáint

-

www.nosmag.com 57

Ar mo shiúl isteach go díomhaoin go lár Bhaile Átha Cliath domh le gairid bhraith mé rud beag

míshuaimhneach, bhí rud inteacht imeallach ag déanamh imní domh.

Mhothaigh mé go raibh súile a mo choimhéad as áit inteacht; rud éigint bagrach a mo leanstan.

Rinne mé neamhiontas de, á mhéid agus a thiocfadh liom, ag baint sult as an aimsir agus an ghrian a bhris amach, meallta ó chúl na néalta ag an dea-aimsir neamhchoitianta a bhí againn abhus ar an talamh.

Shnámh mo chuid smaointe ar thonnta teasa síos cúl bhóithre m’intinne go sásta, ach, roimhe i bhfad, bhraith mé go raibh fear beag a mo leanstan agus go raibh sé i gcónaí liom.

Ó choirnéal mo shúil d’airigh mé rud inteacht nár thug mé faoi deara aroimhe; bhí comharthaí dá nochtadh féin liom ag achan choirnéal.

Shíl mé ar tús gur marcanna aonaracha iad a tharla tré eachtra neamhshuimiúil thimpisteach éigin ach dá réir mar a bhí mé á bhfeiceáil bhí siad ag fágáil lorg ní ba dhoimhne ar m’intinn, gur shíothlaigh siad aníos fríd m’aigne agus go dtug mé, sa deireadh, aird orthu.

Leis an mhéid comharthaí agus an dóigh a raibh siad déanta ba léir nach aon timpiste a bhí ann.

Thóg mé amach mo cheamara póca, le taifead a dhéanamh.

Seo ar dheis an chéad chomhartha a chonaic mé.

B’amhlaidh go raibh súile i ngach áit agus iad ag cur as domh, iad a mo pholladh go polltach.

Cuid acu ceisteach impíoch, cuid eile feargach.

Smaointigh mé cé leis iad, nó cé a chuir ann iad, agus cén fáth a raibh siad ag coinneáil súil ghéar ormsa?

Ní b’fhaide ar aghaidh tháinig mé ar na

péire súile seo thíos.Na súile céanna iad, gan dabht ar bith

ar m’intinn, ach cuma níos déine orthu.In aice na súl bhí comharthaí eile

fágtha, chomh maith, curtha ansin d’aon ghnaithe le mise, nó duine éigin, a spreagadh nó a chur ar a míshuaimhneas.

Píosa síos an bóthar, d’aithin mé an fear beag a mo leanstan go fóill agus ghlac mé an ghrianghraif dó, go formhothaithe.

Fear beag bunúsach a bhí ann, le cruth garbh, beagnach soineanta simplí air, ach mheas mé go raibh teachtaireacht níos urchóidí ar a chúl; go raibh rud inteacht tuarúil faoi.

Cheap mé go bhfaca mé aroimhe é. Shiúl mé liom ar mo mhíshuaimhneas

cúramach.Uair amháin a thoisigh mé ag feiceáil

na cathrach ar an bhealach dhéthoiseach seo, thoisigh comharthaí eile dá nochtadh

o

58 www.nosmag.com

féin liom.Chonaic mé na comharthaí seo thuas,

gar dó Bhóthar na gCloch. Is cinnte go raibh duine, nó daoine,

ag iarraidh rud inteacht a inse domh. Ach caidé?

An raibh bunús polaitiúil leo nó an raibh uisce ag reáchtáil faoi thalamh anseo.

Sheasaigh mé tamall fada, trasna na sráide, amach as an bhealach, ag fanacht go bhfeicfinn rud ar bith sonraíoch, a thabharfadh leid bhreise domh, ach dada ní fhacthas.

Ní raibh grúpaí daoine ag cruinniú, nó daoine ag amharc ó fhuinneoga arda.

Ba léir gur ón lámh chéanna cuid de na comharthaí eile a nocht iad féin, de réir

a chéile.Níos faide ar aghaidh ar Lána Stiofáin,

bhí an leid láidir seo le feiceáil go soiléir.Comhartha a bhí ann. Bhí mé ag

tabhairt fianaise ar an fhear beag dubh (thuas ar dheis) ag déanamh breithiúnais, agus, ba léir go raibh sé ag coinneáil súil ar níos mó nó mé féin.

Níor thug seo aon fhaoiseamh domh, mar sin féin; go speisialta nuair a chonaic mé, níos faide ar aghaidh, go raibh níos mó nó fear beag amháin i gceist agus go raibh an chuma air go raibh eagar de chineál inteacht ag teacht orthu.

Ghlac mé an pictiúr seo (thíos) trasna ó Ospidéal Meabhairghalair Naomh Pádraig go gasta sula bhfeicfeadh éinne mé, nó bhí fhios agam, faoin am seo, go raibh mé

i ndiaidh theacht ar rud a bhí treascrach agus ag gearradh faoi údaráis agus bunaíocht an ghnáthdhuine, agus b’fhéidir fiú, an rialtais.

De réir mar a d’ísligh an ghrian a b’fhaide a shín na scáilí amhrais trasna m’intinn.

Lean na súile isteach go dtí an baile mór mé agus lean an fear beag dubh mé chomh maith.

Trí nó ceithre huaire thug mé faoi deara an bhean mhín ardnósach seo (ar dheis) ag scinneadh thart fríd an bhaile, í gléasta i gculaith ghorm veilbhit, ach ní thiocfadh liom leid ar bith eile a fháil óna gruaidh fuar folamh.

I mo sheasamh ag glacadh pictiúir ar Shráid Chaisleán Átha Cliath tháinig fear ar

taispeáint

www.nosmag.com 59

chroisíní aníos fhad liom.Tháinig sé orm go tobann, rud a chuir

iontas orm.Labhair sé liom i mBéarla: ‘Is

bleachtaire thú?’ agus cé gur ceist a bhí ann, bhí rún inteacht drochfháistineach ar chúl na bhfocal.

‘Chonaic mé tú ag staidéar na gcomharthaí agus sin an fáth ar dhúirt mé é.’

Bhí sé ramhar, le féasóg, agus cuma eolach ar a shúile.

D’amharc mé go hamhrasach air. Cén dóigh a raibh fhios aige gur comharthaí a bhí iontu?

Shiúl mé liom gan rud ar bith a sceitheadh leis, ar eagla.

Ar Lána an Dáma casadh fear eile orm, bhí sé óg agus ólta agus ba dhearg Átha Cliathach é.

Bhí sé ina sheasadh go sásta leis féin, le trí mhála phlaisteacha lán cannaí beoracha ag a chosa, ach bhí dabht orm go raibh níos mó nó ólachán ag tabhairt a chéille dó.

Bhí sé ag feadalaigh agus ag scairtí i ndiaidh cailín dóighiúil fionn a shiúl thart roimhe, a bhí ag déanamh a seacht ndícheall a dá brollach bhreátha a bhrú síos isteach ina n-áit cónaithe, lena lámha.

‘An bean í sin?’, arsa seisean liom.‘An cailín atá ann? Tá sí galanta, más í.’Rinne sé feadalach eile ina diaidh agus

thug cúpla coiscéim ina treo, agus phill arís go dtí’n a spota.

‘Tá súil agam gur bean atá inti,’ ar sé.Ansin d’amharc sé orm agus dúirt, go

dáiríre: ‘Tá an cac ag dul a bhuaileadh an gaothrán gan mhoill, fan go bhfeicfidh tú. Tá rudaí ag tarlú.’

Ní chreidim i dtairngreachtaí, ach bhí rud inteacht fáidhiúil fan dóigh ar dhúirt sé na focail.

Chuir sé crith fuachta tríom.Chaith sé smug ag mo bhróg agus

tharraing cúl a láimhe trasna a bhéil, ansin chaith sé smug eile.

D’fhág mé leis féin é ar an tsráid lena mhálaí cannaí, mar bhí cuma fir air a bhí sásta lena chomhluadair féin, agus ní raibh mé ag iarraidh cur isteach ar an chóisir a bhí aige sa tsráid leis an ghrian bhuí samhraidh ag titim siar sa spéir.

Léim an fear beag amach romham arís.

An t-am seo bhí sé ina sheasadh lena dhroim le balla ar Lána an Dáma, síos ón George agus é gléasta go geal gorm (thíos).

Ba léir go raibh rud inteacht ag tarlú, ceart go leor.

Bhí na leideanna agus na comharthaí uilig ann. Ach caidé?

Caidé a chiallaíonn na comharthaí seo go léir? An bhfuil rud inteacht ar bun nár h-inseadh domhsa faoi?

An bhfuil éirí amach ar siúl? Cé hiad na rannpháirtithe? An bhfuil mórán acu ann?

Caidé ar mhaith leo mé déanamh? Cá háit ar féidir liom castáil leo?

An bhfuil straitéis acu? An bhfuil airgead uathu?

An féidir liom airgead a thabhairt daofa? Tá airgead sábháilte agam do leithid d’éirí amach.

Nó an é gur ealaín atá ann?

Cad é mar a éiríonn le hEoin?Ná caill an chéad chuid eile dá thuras cathrach in eagrán na míosa seo chugainn de nós*.

léargas

léargas

Cíorann Seán Ó hAdhmaill impleachtaí mholtaí an

Bhoird Snip Nua

Ouch!

62 www.nosmag.com

léargas

Níl a fhios agam fut féin ach

an mise an t-aon duine a bhí

ag samhlú próiseas pianmhar

máinliachta ar chluinsint faoin Bhord Snip

Nua?

Ar an drochuair le foilsiú thuairisc

an Bhoird “Snip” úd is cosúil nach fada

ón fhírinne a bhí mé, óir is próiseas

ciorruithe molta é seo a d’fhágfadh muid

mar rumpa de (leath)thír gan teanga, gan

anam, gan chultúr agus gan phobal.

moltaí ‘sniPeÁla’Tá an tuairisc féin an-chuimsitheach agus

brúidiúil ar fad, ró-chuimsitheach le plé

a dhéanamh ar chuile chiorrú ach seo

na cinn is tábhachtaí a bhaineann leis an

Ghaeilge, le todhchaí na Gaeilge agus le

pobal na Gaeltachta.

• An moladh is suntasaí ná deireadh

a chur le Roinn na Gaeltachta agus go

roinnfí freagrachtaí na Roinne ar ranna

eile rialtais.

Chiallódh seo go mbeadh sé níos

éasca do na máthair-ranna nua seo

ciorruithe a dhéanamh.

Luaitear go sonrach go mbeadh

an fhreagracht faoi chaomhnú agus

athbheochanú na Gaeilge faoin Roinn

Oideachais agus Eolaíochta.

Ba léir ó ráiteas Chonradh na Gaeilge

ar an ábhar go bhfuil ceist mhór faoi

ábaltacht na Roinne sin an dualgas

tábhachtach seo a chomhlíonadh, ó

thaobh cumais (níl ach 3% d’fhostaithe

na Roinne le cumas sa Ghaeilge) agus

tola de (ciorclán 0044/07 – an iarracht

deireadh a chur leis an gcóras luath-

thumoideachais iomlán agus an cinneadh

a chosaint sna cúirteanna faoi láthair).

• Deireadh nach mór le COGG.

Cé nach bhfuil ach duine amháin

fágtha ag obair ar an gCúrsa Séideán Sí

do Ghaelscoileanna a chríochnú mar atá,

moltar breis ciorruithe foirne.

Is sainstruchtúr comhairleach don

Roinn Oideachais agus Eolaíochta é COGG,

a dhíríonn chomh maith ar sholáthar

acmhainní teagaisc, ar sheirbhísí

tacaíochta agus ar thaighde.

• Tá ciorruithe de beagnach 1/3 de

bhuiséad reatha TG4 molta.

Is ag feidhmiú ar an leathphingin

i dtéarmaí stáisiúin teilifíse a bhí TG4

i gcónaí, ach cuid de na rudaí is mó a

mheallann daoine chuig TG4 ná na mór-

imeachtaí spóirt (leithéidí an Tour de

France, na comórtais domhanda snúcair

agus na cluichí Gaelacha); na cláracha

do pháistí (leitheidí Dora, Spongebob

& Ben10), na cláracha dúchasacha ar

nós Aifric, Seacht, Ros na Rún, Paisean

Faisean agus Hector sa ...cibé áit atá sin

anois.

Go leor de na cláracha seo is ag bráth

ar thacaíocht stáit mar atá cláracha RTÉ

(Raidió Teilifís Éireann anois). B’fhearr

liom mar cháiníocóir go rachadh mo

chuid airgid i dtreo an stáisiúin náisiúnta

teilifíse Gaeilge.

Tá ríthábhacht le TG4, is comhlacht

PR na Gaeilge é ar go leor bealaí.

Gan buiséad fógraíochta ag mórchuid

de na heagrais Ghaeilge, líonann TG4 cuid

den bhearna le híomhá fhuinniúil, spraíúil

agus óg.

www.nosmag.com 63

• “Deireadh leis an nGaeltacht?” a

cheistigh tráchtaire amháin tar éis dó

moltaí na tuairisce a fheiceáil.

Má tá dúshláin roimh na Gaeltachtaí

mar atá is deacair a shamhlú conas a

chuirfeadh deireadh le Scéim Labhairt na

Gaeilge, ioncam beag a spreagann lucht

labhartha na Gaeilge le fanacht ina chónaí

sna Gaeltachtaí.

Moltar deireadh le Scéim na

bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Go bunúsach is

deireadh é le fóirdheontais na mBan Tí,

ioncam a mbíonn teaghlaigh Ghaeltachta

ag braith air chun maireachtáil nuair a

imíonn na scolairí i mí Lúnasa.

Gan é seo ní chlúdófar costais na

gcúrsaí samhraidh agus dá bharr beidh

deireadh le formhór na gcúrsa seachas

b’fhéidir ceann nó dhó le haghaidh lucht

BÁC 4.

Tá go leor ionsaithe eile déanta ar an

tsaol tuaithe molta mar a léirigh an fearg

a bhí ar an 7,000 feirmeoirí a d’fhreastail

ar agóid i gCo. an Chabháin i lár mhí Iúil,

ach pléitear sin i bhfóram eile.

• Tá ciorrú ¤1m molta do Chiste na

Gaeilge, ciste a chuireann airgead ar

fáil nuair nach mbíonn Foras na Gaeilge

toilteanach nó ábalta tacú le togra ar leith.

Is faoin gciste seo a fuair Raidió

Rí Rá maoiniú gearrthéarmach chun

cinntiú go mairfidh sí tréimhsín eile. Is ón

gCiste seo a tháinig maoiniú Chomhaltas

Ceoltóirí Éireann (a bhuíochas de réir na

ráflaí le Labhras de Faoite) agus maoiniú

athchóirithe Thaibhdhearc na Gaillimhe

agus páirt-mhaoiniú athchóiriú Ardoifig

Chonradh na Gaeilge le déanaí.

deiseannaFaoi láthair is ionsaí iad na ciorruithe

seo ar bheagnach chuile dhuine, chuile

eagraíocht agus chuile Roinn Stáit

(seachas na baincéirí agus na forbróirí dar

ndóigh).

Tá tús curtha leis an phlé i measc an

phobail leis na Mná Tí ag eagrú cruinniú

poiblí i nGaoth Dobhair agus Trevor Ó

Clochartaigh ag eagrú cruinniú poiblí i

gConamara.

Is deis í seo dúinn theacht le

chéile mar phobal idir Ghaeltacht agus

Ghalltacht, na cathracha ag tacú leis an

tuath agus a mhalairt.

Is fíor nach bhfuil muid mar phobal

toilteanach bogadh siar ach, mar sin

féin, ceapaim gur fiú dúinn smaoineamh

ar conas gur féidir linn bogadh chun

tosaigh arís le modhanna nua eagraithe,

le nuálaíocht, le cruthaitheacht agus le

héifeachtacht.

Déanfaidh muid ár bpobal a chosaint

le chéile go haontaithe ach cuideoidh

muid le fadhbanna na tíre seo (nár

chruthaigh muid) a réiteach toisc gur

sin ceann de bhuanna móra phobal na

Gaeilge; buntáiste sholúbthacht intinne

an dátheangachais.

Faoi bhaGairt: Seans nach mbeadh cláracha ar nós Paisean Faisean agus Hector á maoiniú tar éis mholtaí an Bhoird Snip

*

liostaimeachtaí

Tá nós* ag cur le chéile liosta nua de na himeachtaí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear.

Cuir d’imeacht féin sa liosta!Seol rphost chuig [email protected]

CEOLNUA STUIFFTRAD SCANNÁIN EILE CEOLNUA TR

CEOLNUA STUIFFTRAD SCANNÁIN EILE CEOLNUA TR

www.nosmag.com 65

Club ChronáinRanganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10inCeol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in, €[email protected]

Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceistCumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí

Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha TheasAoine dheireannach den mhí

BlastaCeol beo agus craic den scoth, Tigh Madden, Béal Feirste, le Casadh agus eile. Féach nosmag.com le haghaidh tuilleadh eolais.

Rasta RuaidhCóras Fuaime Rasta Ruaidh Reggae Gaelach ar an chéad Satharn de gach mí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste

Club DhaonphoblachtFéach www.peoplesrepublicofcork.com le haghaidh an eolais is déanaí ó Chontae na gCeannairceach. Eagraítear an club go rialta i lár na cathrach.

Puball Gaeilge - Electric Picnic4-6 Meán Fómhair, Sráidbhaile LaoiseNí hamháin go mbeidh scoth an cheoil Bhéarla ach tá an Puball Gaeilge ar ais i mbliana le ceol, drámaí, caint agus seónna eile.Ina measc sin a bheas i láthair tá Hector Ó hEochagáin, Rónán Mac Aodha Bhuí, Manchán Magan, Enda Reilly, Bubba Shakespeare, Fiach, Cathy Jordan, Rónán agus Rossa Ó

Snodaigh, Raidió na Life, nós* agus go leor leor eile. Má bheas tú ag an bPicnic, bí cinnte go mbuaileann tú isteach!

Club Chonradh na GaeilgeSpraoi Gaelach ag Oíche na Mac Léinn, gach oíche Mháirt ag Club an Chonartha, Sráid Fhearchair, BÁC.

Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin. Fáilte roimh bhaill nua i gcónaíwww.cnocadoiri.com

An DroicheadFéile an Droichid, 27-30 Lúnasa, féach lch 19 le haghaidh tuilleadh eolais.Imeachtaí rialta ceoil agus eile i lárionad Gaeilge Bhéal Feirste Theas.www.androichead.com

Tá Cumann Carad na Gaeilge ag tosú as an nua chun cairdeas a chothú idir Gaeilgeoirí ar fud na cruinne. Tá tús nua ann don iris a chéadfhoilsíodh i Meiriceá sa bhliain 1881.I gcló agus ar fáil anois! Scéalta, dánta, seanchas agus níos mó!

Gach eolas ag www.angaelmagazine.com

An GaelIrisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge

CEOL NUA

EILE

STUIFFTRAD

66 www.nosmag.com

le síntiús bliana:• Faigheann tú gach eagrán sa phost gach mí• Sábhálann tú airgead ar phraghas clúdaigh na hirise• Coinnítear ar an eolas tú faoi imeachtaí speisialta nós*

íoc:• Ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com• Le seic/ordú poist. Díreach roghnaigh an costas ceart (féach bocsa) agus seol an íocaíocht agus an fhoirm thíos go:

nós*Po boX 188an tiúr/newrybt35 5ba

ainm / NAME: ........................................................................

seoladh / ADDRESS: ...................................................................................................................

.............................................................................................................................................................

.............................................................................................................................................................

rPhost / EMAIL: ..................................................................

glac síntiús linn

éire ¤40 / £36sasana, alba, cymru £40an eoraip ¤70cuid eile den domhan ¤80

subscribe nowand put nós*in your hands!

CultúrlannBuail isteach chuig

McAdam Ó Fiaichbeidh fáilte ghaelach romhat i gcónaí

Tá fairsinge ar thrí urlár na Cultúrlainne do léiriú ealaíonta agus amharclainne, caifé, oifig eolais turasóireachta, raidió pobail agus an siopa leabhar agus féiríní is mó sa tuaisceart atá tiomnaithe do theanga agus do mheán na Gaeilge.

Is í an Chultúrlann an tseoid i gcoróin Cheathrú éiritheach Ghaeltachta Bhéal Feirste.

Seisiúin bheo cheoil thraidisiúnta agus chomhaimseartha, léamha filíochta,

céilithe, ceolchoirmeacha, ceardlanna agus clár ealaíon na bpáistí, níl iontu ach cuid de na cúiseanna a n-aithnítear an Chultúrlann mar Eispéireas Gaeilge Bhéal Feirste. Buanaíonn An Chultúrlann traidisiúin chultúrtha agus forbraíonn tuilleadh iad trí ranganna, cheardlanna agus léiriú.

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich,216 Br. na bhFál, Béal Feirste, BT12 6AH 028 90964180www.culturlann.ie

TABHAIR CUAIRT AR ÁR suíoMh idirlín nuA Anois!

*