12
Eagrán #2 - Mí na Nollag ’08 Saor in Aisce San Eagrán Seo: Spraoi Cois Laoi ag teacht! Tuarascáil an Oireachtais Toghchán SAM Mystic Peig Grianghraif Agus go leor eile… www.bebo.com/AnChuallacht [email protected]

CRAIC! - Eagrán #2

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Irisleabhar na Cuallachta, an cumann gaelach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Mí na Nollag '08.

Citation preview

Page 1: CRAIC! - Eagrán #2

Eagrán #2 - Mí na Nollag ’08

Saor in Aisce

San Eagrán Seo: Spraoi Cois Laoi

ag teacht! Tuarascáil an Oireachtais

Toghchán SAM Mystic Peig Grianghraif Agus go leor eile…

www.bebo.com/AnChuallacht [email protected]

Page 2: CRAIC! - Eagrán #2

Spraoi Cois Laoi ’08 Le Neil Ó Briain

Clár Spraoi Cois Laoi i mbliana

24/11

1–2pm 8pm

Dé Luain Mórshiúl Oscailte Spraoi Cois Laoi An Céilí Mór – The Irish Ball

25/11 12–3pm

8pm

Dé Máirt Comórtas 3 Fhocal Oíche sa Mardyke

26/11 12–2pm

7pm

27/11

Dé Céadaoin Taifeadadh RnaG i UCC Cóisir Pizza Dé Déardaoin

Beifear ag ceiliúradh.

1–2pm 9pm

Comórtas Twister! Cóisir Mhór sa Thirsty

28/11 1–3pm

Dé hAoine Taispeántas agus Éisteacht le clár RnaG

Is é Spraoi Cois Laoi é an príomheachtra na Cuallachta gach bliain. Bíonn sé ar siúl ar feadh seachtaine idir istigh an coláiste agus amuigh. Buaicphointe na seachtaine ’sé an Céilí Mór – The Irish Ball. Leanaigí ar aghaidh agus foghlaimígí tuilleadh mar gheall ar an bhféile, agus, ar ndóigh, bígí linn chun fíorthaitneamh a bhaint as!

Dé Luain Mórshiúl Oscailte SCL

Beimid ag tosnú lasmuigh d’Arás Uí Rathaille ag ceathrú chun a haon – le ceol agus rince, ní fiú é tús Spraoi Cois Laoi a chailleadh! Bí linn!

An Céilí Mór – The Irish Ball

Bhuel, seo é, an príomheachtra na Cuallachta gach bliain. Is féidir leat dul ann le haghaidh an láneachtra

Page 3: CRAIC! - Eagrán #2

Cóisir Pizza Tráthnóna sóisialta a bheidh i gceist leis an gcóisir seo atá ar

(€35), le bia damhsa, agus go leor leor eile nó dul go dtí an ‘afters’ (€15) chun páirt a glacadh ins an chraic ina dhiaidh an bhéile. I mbliana, beidh sé ar siúl ins an Oriel House Hotel. Bí páirteach san oíche is fearr sa bhliain!

siúl sa tSeomra Caidrimh. Freastail agus bain sult as!

Dé Déardaoin Comórtas Twister!

Dein athrú ar do chlár lóin

Fáistine amháin don uimhir daoine a bheidh ann…

agus caith uair ag súgradh fad is ataoi ag ithe! Tar go dtí an SeanBheár agus bí páirteach

Tá ticéid le fáil timpeall an choláiste agus, ar ndóigh, beidh busanna ann chun sinne a iompar go dtí ann!

Dé Máirt

Comórtas 3 Fhocal Coimeád súil ar chúrsaí timpeall an champais agus bí páirteach inár gcomórtas má fheiceann tú sinne. Cuirfear cúpla ceist ort agus beir ag fáil duaiseanna gan iarracht!

ins an chomórtas Twister!

Oíche sa Mardyke Beidh oíche mhaith thar barr againn nuair a bheidh an karaoke, púil, agus bowling fé lántseol. Tar is bain triail as na imeachtaí atá le fáil agus beidh spraoi agat.

Cóisir Mhór sa Thirsty Táimid go léir compordach ins an thig tábhairne seo anois agus mar sin is ceart dúinn oíche mhór a chur ar siúl i rith ár bhféile. Beidh fíorchraic agus ceol ann!

Dé Céadaoin RnaG i UCC

Deinfidh Jeaic Ó Muirchear-

taigh a chlár raidió

Cois Laoi sa tSeomra Caidrimh agus é ag caint le Reachtaire na Cuallachta.

Dé hAoine Taispeántas agus

Éisteacht le clár RnaG Beimid go léir ag lorg sos ar an lá seo, mar sin tar go taispeántas na seachtaine agus éisteacht le clár Cois Laoi sa tSeomra Caidrimh.

Page 4: CRAIC! - Eagrán #2

Tuarascáil an Oireachtais

Is é an tOireachtas é an príomhcheiliúradh na Gaeilge sa tír seo. Chímid siar ar an bhféile féin a bhí i gCorcaigh i mbliana agus ar an mbaint a bhí ag baill na Cuallachta leis agus é ar siúl…

Dé Luain (27/09)

Bhí an Chuallacht páirteach sa mhórshiúil le eagraíochtaí eile ar nós Gael-Taca is na Gaelscoileanna lonnaithe i gCorcaigh. ’Sé an Banna ceol don mórshiúil ná Buíonn Píobairí Barra ó Bhéal Átha an Ghaothraigh. I ndiaidh an mórshiúil fuair gach duine a bhí páirteach cuireadh chun dul go dtí halla an cathrach ina raibh bia agus deochanna le fail ann.. Fad is a bhíomar ann chualamar óráidí ó Ionad Méara Chathair Chorcaí, Máire Uí Cuíoll, agus ón Seanadóir Eoin Harris chomh maith le Iar uachtarán an Oireachtais Seán Ó Sé.

Dé Déardaoin (30/10) Is ar an Déardaoin, 30ú Deireadh Fómhair a thosaigh an cuid is mó de na comórtaisí agus den gcraic ar fad ag Oireachtas na Gaeilge 2008! Sa Chomórtas Lúibíní do dhaoine fásta, bhí an lucht féachana ag gáire an t-am uilig! Bhí na lúibíní bunaithe ar cháinaisnéis, ar an Oireachtas agus ar na peileadóirí proficient agus a mná chéile, iad uilig ag iarradh an chéad duais (700yo-yo!!) a bhuachaint. Sa Chomórtas Cháilithe Amhránaíochta ar an sean-nós faoi 35, chualamar amhránaíocht den chéad scoth ón 25 iomaitheoirí a bhí ann. Bhí orthu amhrán mall a rá ar dtús agus san athghlaoch, amhrán tapaidh a rá. An oíche sin, chuaigh gach duine chuig Club na Féile leis an ‘4 Star Trio’, agus bhíomar ag rince ar feadh an oíche ar fad!

- Feargal Ó Grifín - Caitlín Nic Gabhann

Page 5: CRAIC! - Eagrán #2

Dé hAoine (01/11) Thosnaigh Oireachtas na Gaeilge i gceart ar Oíche Shamhna le Club na Féile. Roimis, tháinig Ollscoile na hÉireann le chéile sa Thirsity ar sráid Washington. Cóisir mhór culaith bhréige, eagraithe ag an gCuallacht, a bhí ar siúl. Bhí an áit plódaithe go dtí na rachtaí le

Club na Féile: Bhí an ceol ann tharr cionn.

gach saghas feistis. Bhí duais againn don bhfeisteas is fearr ar an oíche. Bhuaigh an “Meteor Genie”,

bean ó UCD, an comórtas. Tar éis ár dtuilleadh deochanna chuamar go dtí an t-óstán le haghaidh Club na Féile. Bhí sár-chraic againn le Clann Uí Mhaonaigh. Chaitheamar an oíche go léir ar an urlár! Taithí den chéad scoth ab ea é, thar barr!

Dé Sathairn (02/11) Tháinig buaicphointe Oireachtas na Samhna 2008 d’aos óg an Oireachtais oíche Dé Sathairn nuair a líonadh ‘The Opera House’ do sheó lán-Ghaeilge Des Bishop! Thosnaigh sé amach lena scéal féin, an chúis gur tháinig sé go hÉireann, an grá atá aige do mhuintir na hÉireann agus don Ghaeilge féin… gnáthráiméis an Phonncánaigh, do cheapfá! Bhí na scéalta grinn i bhfad níos fearr as Gaeilge, cé go raibh Des neirbhíseach go háirithe maidir le húsáid an mhodha coinníollaigh!! Bhí meangadh mór ar ghach éinne ag ‘léim thart’ ag deireadh an seó agus ar aghaidh le cách go dtí Club na Féile i RPH! Bhí Pádraig Ó Sé agus na leaids ag seinnt ’s gach éinne ag rince go déanach san oíche! Sár dheireadh seachtaine a bhí ann dúinn go léir. Táimíd go léir ag súil le Leitir Cheannain 2009 cheana féin!

- Seosamh Ó hÉamhthaigh - Michelle Ní Mhurchú

Grianghraif an Oireachtais ar AnChullacht.bebo.com!

Page 6: CRAIC! - Eagrán #2

Grian Buaicphointí ónár_

Is saol deacair é saol na Cuallachta, leaids. Laistigh de mhí amháin, tháimid tréis freastal ar gig Des Bishop, Oireachtas na Samhna, Mórshiúil phobail na Gaeilge, cóisir bhréigéide agus ár dturas mistéireach, gan trácht ar ár n-oícheanta sa Thirsty. Seo chughaibh roinnt des na buaicphointí ó Mhí iontach na Samhna. Fág an bealach i gcomhar Spraoi Cois Laoi sa chéad eagrán eile!

Page 7: CRAIC! - Eagrán #2

ghraif n-imeachtaí den scoth!

Page 8: CRAIC! - Eagrán #2

Tuarascáil an Toghcháin Tar éis an toghcháin sna SAM, deineann Gearóid Ó Duinn léirmheas ar an gcuid imeachtaí is dráma a bhí ar siúl ann…

Tá sé thart. Tar éis bliain go leith de fheachtais, de dhíospóireachtaí, de scannail, de bhotúin, de dheora agus de throideanna, tá

chuirfeadh tús le ré nua ar fad: an fear gorm leis an mbéal bán. Gheall McCain ‘athrú’ chomh maith ach bhí fós an iomarca cosúlachtaí idir é féin agus Bush chun an toghchán a bhuachaint. Labhraíonn na torthaí dóibh féin; 364 – Daonlathaigh, 162 – Poblachtaigh.

Barack Obama: an fear gorm leis an mbéal bán.

deireadh tagtha leis an gcomórtas is mó ar domhan. Agus an raibh ionadh, nó díomá, ar aoinne nuair a ainmníodh go mbeadh an Seanadóir Daonlathach Barack Obama ag bogadh go 1600 Ascaill Pennsylvania mar an 44 Uachtarán na Stáit Aontaithe? Ceart go leor, bhí tacaíocht láidir go leor ag McCain ar an dtaobh seo den muir ach níl mórán ann a cheapann gur rogha uafásach ar fad is ea Obama. Is dóigh liom go raibh ‘athrú’ i ndán do mhuintir SAM ón dtús mar ba bheag seans a raibh riamh ann go mbeadh an bua ag na Poblachtaigh arís go háirithe nuair a tháinig an meathlú ar an bhfód. Feachtas fíor-cliste a dhein foireann Obama. Dh’éirigh leo na mílte a spreagadh le focail simplí ar nós ‘Change’ agus ‘Yes, We Can’. Deineadh íomhá de Obama mar duine cliste úr a

Ach cé gur chaitheadh an-chuid ama agus airgid ag cothú an íomhá láidir, mílochtach seo de Obama, is íomhá leochaileach go leor é. Agus ríméad fós ar lucht tacaíochta Obama fén mbuachaint cáiliúil, tá Obama féin ag iarraidh dul i ngleic leis an dúshlán ollmhór atá roimhe chomh luath agus is féidir.. Bheadh sé amaideach a rá go

Page 9: CRAIC! - Eagrán #2

leigheasfaidh Obama fadhbanna móra na tíre cé go bhfeiceann roinnt Meiriceánaigh air mar Messiah. Agus geilleagar na tíre agus an domhain níos laige ná mar a bhí le blianta, tá súile an domhain ag féachaint go géar ar Obama. Nuair a dhéanfaidh

bheith gníomhach cúramach gur féidir leis cloí leis an íomhá atá cruthaithe aige más mian leis

an dara téarma a

Sarah Palin: ‘An Mháthair Haca’

George Bush: Níl aghaidh na ndaoine air le tamall, dar le Suirbhé Gallup. Obama botún, fiú botún beag, seans go bhfeicfimid sleamhnú cuimsitheach ina cháil. I ndiaidh 9-11, dúirt 93% de dhaoine a fhiafraíodh i Suirbhé Gallup go raibh siad sásta le George W. Bush, an marc is airde d’Uachtarán riamh. I ndiaidh fadhbanna san Iaráic i 2006, thit an uimhir seo go 19%, an marc is lú a bhí ag Uachtarán riamh. Is léir mar sin gur féidir leis na Meiriceánaigh a bheith fíor-chantalach. Cheana féin, tá Obama tar éis roinnt áiteanna ar a fhoireann a líonadh mar tuigeann sé nach bhfuil am ar a thoil aige. Beidh ar Obama a

bhaint amach. Ach ní féidir Toghchán 2008 a lua gan trácht ar réalta ceart an scéil, Ainmní Leas-Uachtaránacht don GOP, Sarah Palin, an ‘mháthair haca’ ón mbaile beag in Alaska, ar a scríobhadh agus a deireadh níos mó ná aoinne eile sna seachtainí deireanacha. Caithfear a rá gur tubaiste ar fad ab ea Palin i mbliana ach fós tá ráflaí ag scaipeadh go forleathan a bhfuil sí chun tosaigh chun an t-ainmniúcháin GOP i gcomhar an Uachtaránacht a bhaint amach i 2012. Idir an dá linn, filligí chuig bhur gcairde, múchaigí CNN, cuirigí síos na nuachtáin, dúnaigí na laptops, labhraígí faoi aon rud eile a ritheann libh. Beidh an rás i gcomhar Thoghchán 2012 ag tosnú roimh i bhfad.

Page 10: CRAIC! - Eagrán #2

Mystic Peig

Le Peig Sayers (trascríobh le Julanne agus Treasa Ní Mhurchú)

Márta 21 – Aibreán 19 An Reithe

Aibreán 20 – Bealt. 21 An Tarbh

Bealt. 21 – Meith. 20 An Cúpla

Ná bí ag faire amach do strainséir mistéireach an mhí seo, ní bheadh a fhios agat cad a tharlódh!

Tá a fhios agat cad a tharlaíonn nuair a théann an tarbh go dtí an Céilí Mór… (ar an 24ú Samhain.)

B’fhéidir go mbeidh duine mistéireach ann duit…ag Turas Mistéireach na Cuallachta…

Deoch tráthúil: Petit Filous (Pórt mheasctha le WKD gorm!!)

Ainm tráthúil: Mike Michaelton

Ainm tráthúil: Jack

Meith. 21 – Iúil 22 An Portán

Iúil 23 – Lúnasa 22 An Leon

Lún. 23 – M.Fóm. 22 An Mhaighdean

Tá a fhios agat cad a tharlaíonn nuair a thagann an portán amach as an bhfarraige.

Cuireann tú náire ort féin agus ar do chairde an t-am ar fad. Níl aon chairde agat i ndáiríre.

Ná bí ag buaileadh craiceann do dheartháir! Níl incestuous bestuous!….OH JAYSUS!!!

Carachtar “Fair City” tráthúil: Leo Dowling

Amhrán mí-thráthúil: I lár an lae

Duine tráthúil: Aon duine nach bhfuil gaolta leat

M.Fóm 23– D.Fóm 22 An Mheá

D.Fóm 23 – Samh. 21 An Scairp

Samh. 22 – Nollaig 21 An Saighdeoir

Tar go Corcaigh. OH JAYSUS!!!

Bí tú féin anois ach ná bí tú féin amárach ná an lá ina dhiaidh.

Áit thráthúil: Áras Uí Thuama…i gCorcaigh

Muintir an choiste tráthúla: Julanne agus Tracey

Leabhar tráthúil: A Thig ná Tit Orm

Page 11: CRAIC! - Eagrán #2

Nollaig 22 – Eanáir 19 An Gabhar

Eanáir 20 – Feabh. 18 An tUisceadóir

Feabh. 19 – Márta 20 Na hÉisc

Bhuel, conas atá tú Willie McBride?

Tá na “vampires” ag teacht…faigh an ghairleog!

Níl aon rud i ndán duit an mhí seo.

Amhrán tráthúil: The Green Fields of France

Leabhar tráthúil: Dracula

Rud tráthúil: Faic

Léirmheas Quantum of Solace Le Diarmuid Ó Caoimh

Díreach amach leis an drochscéal mar sin: níl “Quantum” ar an leibhéal céanna ná “Casino Royale”. Bhíos sa Gate ar oíche an chéad thaispeántais agus ní raibh ann ach caoga duine ar a mhéad! Ní raibh na réamhbhreanthnaithe ró-rósciamhach agus tá an ceart acu! Le stiúrthóir nua, tá mothú ana-dhifríocht le fáil sa pictiúrlann nuair a fhreastalíonn tú ann. Ach cad is brí leis sin? Bhí Martin Campbell mar stiúrthóir ar “Casino Royale”; leanann “Quantam” ar aghaidh

leis an bplota céanna ach le Marc Forster i réim agus tá stíleanna codarsnachta acu. Tá na héifeactaí speisialta níos réadúla ag Forster, ach tá béim ana-híseal ar fad ar charachtar Bond. Níl an scannán faoi ach a heachtraí éagsúla chun an domhan a shábhál arís agus i ndiaidh 22 scannán leis an ‘sárlaoch’ Bond, tá sé ag éirí beagáinín leadránach. Rógaire is ea é a théann fiáin chun díoltas a fháil; níl giúirléidí aige an t-am so; ach éiríonn leis leis na mná arís gan dabht; meabhal; mealladh; fuil; foréigean; coirpigh... an bhfuil eile le rá agam? Bhuel, tá i ndáiríre. Níl díomá orm maidir le Judi Dench. Tugann sí éacht níos fearr dúinn ná caighdean an scannáin. ‘Sarmhaith’ is ea an t-aon fhocal amháin atá in oiriúnach di. Tugann sí taibhliú traidisiúnta “Dench-ach” dúinne agus is aoibhinn leis an lucht féachana í agus tá moladh airde tuillte aici! Faoi dheiridh, is gnáth-scannán spiaireacht “Bond-ach” é an scannán seo.

Page 12: CRAIC! - Eagrán #2

Puzal San eagrán seo, táimid ag tabhairt cuardach focal daoibh a bhaineann lenár bhféile bhliantúil SPRAOI COIS LAOI!

Liosta Focal: Spraoi

Cois Laoi

comórtas féile

Gaeilge craic ceol

mórshiúl Twister

Céilí Mór pizza raidió

dráma rinceoirí

Thirsty ceiliúradh

corcra airgead daoine

Míle buíochas le Ionad na Gaeilge Labhartha as a gcuid tacaíochta leis an eagrán seo.

Is féidir leat Craic! a fheiceáil ar an idirlíon ag aon am – Téir go dtí AnChuallacht.bebo.com agus léigh na heagráin nuair atáid le fáil.