15
1 © Gaelchultúr 2012 Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 2 Ceacht 2: Siopadóireacht / Rudaí a cheannach Aidhmeanna: Cur ar chumas na ndaltaí fiosrú faoi earraí atá ar fáil i siopaí agus faoin bpraghas atá ar earraí Cuspóirí: cineálacha éagsúla siopaí a ainmniú; cluiche a imirt ar an tsiopadóireacht; cleachtadh a dhéanamh ar euro a chomhaireamh Feidhmeanna teanga: mianta a léiriú nó fiosrú fúthu Struchtúir: An bhfuil __________ agat? Tá./Níl. Cé mhéad atá air? __________ euro. An bhfuil __________ uait? Tá./Níl. Seo duit. Go raibh maith agat. Stór focal: Ba cheart neart stór focal a roghnú atá ar eolas ag na daltaí cheana féin - Siopa peataí: coinín, iasc órga, hamstar, nathair, pearóid - Siopa spóirt: clogad, trampailín, gloiní snámha, mála spóirt, liathróid cispheile, raicéad leadóige - Siopa ríomhairí: iPod, Nintendo, cluasáin, printéir, ríomhaire glúine, dúch - Siopa ealaíne: marcóirí, scuaba péinte, péinteanna, cailc, criáin - Siopa bréagán: balúin, teidí, scútar, míreanna mearaí, cluiche boird - Siopa éadaí: geansaí, T-léine, carbhat, stocaí, crios, caipín - Siopa milseán: líreacán, milseáin, seacláid, uachtar reoite - Siopa seodra: fáinne, slabhra, uaireadóir, bráisléad - Bácús: builín aráin, cáca, borróg, pióg Gramadach: Euronna a chomhaireamh, 120 Ábhar: An póstaer “An tIonad Siopadóireachta” ar A3; Na pictiúrchártaí atá le fáil ar an leathanach “Téigh ag siopadóireacht: Earraí” (Babhtaí 13);

Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

  • Upload
    others

  • View
    30

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

1 © Gaelchultúr 2012

Conas an Ghaeilge a Mhúineadh

go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 2

Ceacht 2: Siopadóireacht / Rudaí a cheannach

Aidhmeanna: Cur ar chumas na ndaltaí fiosrú faoi earraí atá ar fáil i siopaí agus faoin bpraghas atá ar earraí

Cuspóirí:

cineálacha éagsúla siopaí a ainmniú;

cluiche a imirt ar an tsiopadóireacht;

cleachtadh a dhéanamh ar euro a chomhaireamh

Feidhmeanna teanga:

mianta a léiriú nó fiosrú fúthu

Struchtúir: An bhfuil __________ agat?

Tá./Níl.

Cé mhéad atá air?

__________ euro.

An bhfuil __________ uait?

Tá./Níl.

Seo duit.

Go raibh maith agat.

Stór focal: Ba cheart neart stór focal a roghnú atá ar eolas ag na daltaí cheana féin

- Siopa peataí: coinín, iasc órga, hamstar, nathair, pearóid

- Siopa spóirt: clogad, trampailín, gloiní snámha, mála spóirt, liathróid

cispheile, raicéad leadóige

- Siopa ríomhairí: iPod, Nintendo, cluasáin, printéir, ríomhaire glúine, dúch

- Siopa ealaíne: marcóirí, scuaba péinte, péinteanna, cailc, criáin

- Siopa bréagán: balúin, teidí, scútar, míreanna mearaí, cluiche boird

- Siopa éadaí: geansaí, T-léine, carbhat, stocaí, crios, caipín

- Siopa milseán: líreacán, milseáin, seacláid, uachtar reoite

- Siopa seodra: fáinne, slabhra, uaireadóir, bráisléad

- Bácús: builín aráin, cáca, borróg, pióg

Gramadach: Euronna a chomhaireamh, 1–20

Ábhar: An póstaer “An tIonad Siopadóireachta” ar A3;

Na pictiúrchártaí atá le fáil ar an leathanach “Téigh ag siopadóireacht: Earraí”

(Babhtaí 1–3);

Page 2: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

2 © Gaelchultúr 2012

Na cártaí atá le fáil ar an leathanach “Téigh ag siopadóireacht: Liostaí

siopadóireachta”;

Na cártaí atá le fáil ar an leathanach “Téigh ag siopadóireacht: Praghasliostaí”;

Airgead bréagach

Page 3: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

3 © Gaelchultúr 2012

A. Réamhchumarsáid

1. Stór focal a bhaineann leis an tsiopadóireacht

(a) Cuir an póstaer “An tIonad Siopadóireachta” ar an gclár agus déan plé ar na siopaí

éagsúla atá le feiceáil ann, e.g. siopa spóirt, siopa peataí, siopa ealaíne, etc. Cuir na

ceisteanna thíos, agus cinn eile cosúil leo, ar na daltaí.

An bhfuil aon duine ábalta an siopa peataí a thaispeáint dom?

Cá bhfuil an siopa spóirt?

Cén leibhéal ar a bhfuil an siopa seodra?

Cad iad na rudaí éagsúla a bhíonn ar díol sa siopa bréagán de ghnáth?

(b) Cuir pictiúrchártaí d’earraí ó na leathanaigh “Téigh ag siopadóireacht: Earraí” ar an gclár

agus iarr ar dhaltaí éagsúla cabhrú leat an stór focal a shórtáil de réir an tsiopa chirt.

Scríobh ainmneacha na siopaí seo a leanas ar an gclár:

siopa peataí

siopa bréagán

siopa spóirt

siopa ríomhairí

siopa ealaíne

siopa éadaí

siopa milseán

siopa seodra

bácús

(c) De réir mar a ainmníonn na daltaí na hearraí a bhaineann leis na siopaí éagsúla, cuir na

pictiúir chuí in aice le hainmneacha na siopaí.

2. Cluiche tomhais faoin tsiopadóireacht

(a) Abair leis na daltaí go bhfuil tú chun ligean ort go bhfuil tú ar do bhealach chuig siopa

éigin.

Tá mé ag dul dtí an siopa peataí.

(b) Scríobh na ceisteanna thíos ar an gclár agus abair leis na daltaí iad a chur ort. Iarr ar na

daltaí tomhas céard atá ag teastáil ón múinteoir.

An bhfuil hamstar uait? Níl.

An bhfuil coinín uait? Tá.

(c) Tabhair deis do dhalta sa rang ansin ligean air féin go bhfuil sé ag dul chuig siopa faoi

leith. Beidh ar na daltaí eile tomhas céard atá uaidh. Imir cúpla babhta den chluiche seo,

agus tabhair deis do dhalta difriúil “dul go dtí an siopa” i ngach babhta.

Page 4: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

4 © Gaelchultúr 2012

3. Cleachtadh ar chomhrá i siopa

(a) Abair leis na daltaí go bhfuil sibh chun gníomhaíocht bheag rólghlactha a dhéanamh

anois a bheidh suite i siopa peataí. Iarr ar dhalta amháin teacht amach os comhair an

ranga. Cuir bord idir tú féin agus an dalta, a bheidh mar “chuntar” an tsiopa. Bíodh an

comhrá thíos agat leis an dalta; tabhair leideanna agus cabhair dó chun freagraí a

chumadh, más gá.

Múinteoir: Dia duit.

Dalta: Dia is Muire duit.

Múinteoir: An bhfuil marcóirí agat?

Dalta: Tá, cinnte.

Múinteoir: Cé mhéad atá orthu?

Dalta: Trí euro an paicéad.

Múinteoir: Ba mhaith liom paicéad amháin, le do thoil.

Dalta: Cinnte. Seo duit. Trí euro, le do thoil.

Múinteoir: Seo duit.

Dalta: Go raibh maith agat. Seo do shóinseáil agus do mharcóirí. An bhfuil

mála uait?

Múinteoir: Níl, go raibh maith agat. Slán leat.

Dalta: Slán agat.

(b) Bíodh an comhrá céanna agat le beirt daltaí eile sa rang. Roghnaigh siopaí difriúla agus

earra nua le ceannach gach uair.

(c) Iarr ar bheirteanna eile ansin comhráite a bheith acu i siopaí éagsúla.

Page 5: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

5 © Gaelchultúr 2012

An tIonad Siopadóireachta

Leibhéal 2

siopa milseán

siopa leabhar

siopa bróg

gruagaire

siopa poitigéara

bialann mhearbhia

Leibhéal 1

siopa éadaí

siopa bréagán

bácús

siopa seodra leithreas

siopa spóirt

Bunleibhéal

bialann Iodálach

siopa ealaíne siopa ríomhairí

An Mála Mór (siopa málaí)

carrchlós

siopa ceoil

siopa peataí

Page 6: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

6 © Gaelchultúr 2012

Téigh ag siopadóireachta: Earraí

Babhta 1

1

iPod

1

mála spóirt

1

Nintendo

1

raicéad leadóige

1

míreanna mearaí

1

uaireadóir

1

clogad

1

bráisléad

1

cluasáin

1

liathróid

cispheile

1

carbhat

1

crios

Page 7: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

7 © Gaelchultúr 2012

1

printéir

1

ríomhaire glúine

1

T-léine

1

caipín

1

geansaí

1

stocaí

Page 8: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

8 © Gaelchultúr 2012

Babhta 2

2

scuaba péinte

2

uaireadóir

2

míreanna

mearaí

2

slabhra

2

cailc

2

cáca

2

fáinne

2

coinín

2

borróg

2

caipín

2

pearóid

2

péinteanna

Page 9: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

9 © Gaelchultúr 2012

3

iasc órga

3

balúin

3

seacláid

3

líreacán

3

dúch

3

hamstar

Page 10: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

10 © Gaelchultúr 2012

Babhta 3

3

builín arán

3

uachtar reoite

3

balúin

3

liathróid

cispheile

3

milseáin

3

míreanna

mearaí

3

printéir

3

cluiche boird

3

raicéad leadóige

3

criáin

3

gloiní snámha

3

stocaí

Page 11: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

11 © Gaelchultúr 2012

3

trampailín

3

scútar

3

pióg

3

nathair

3

marcóirí

3

teidí

Page 12: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

12 © Gaelchultúr 2012

B. Fíorchumarsáid

Cluiche cumarsáide: Téigh ag siopadóireacht!

(a) Bíodh na cártaí atá ar na leathanaigh “Téigh ag siopadóireacht: Earraí” (thuas), “Téigh ag

siopadóireacht: Praghasliostaí” agus “Téigh ag siopadóireacht: Liostaí Siopadóireachta”

cóipeáilte agus gearrtha amach agat.

(b) Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag imirt cluiche siopadóireachta i gceann cúpla

nóiméad.

(c) Roinn an rang i bhfoirne de thriúr nó de sheisear, ag brath ar cé mhéad dalta atá sa rang,

agus glaoigh Foireann A, B agus C orthu.

(d) Le cabhair ó na grúpaí léirigh conas a imrítear an cluiche.

(i) I mbabhta 1, beidh Foireann C mar shiopadóirí agus beidh Foireann A agus B

mar chustaiméirí.

(ii) Beidh an triúr siopadóirí ina suí ag boird éagsúla agus gheobhaidh siad cártaí

earraí don siopa agus praghasliostaí.

(iii) Gheobhaidh na custaiméirí liostaí siopadóireachta agus airgead bréagach.

(iv) Nuair a chuirfidh an múinteoir tús leis an mbabhta, caithfidh Foirne A agus B

na rudaí atá ar a liostaí ar fad a fháil ó na siopaí éagsúla chomh tapa agus is

féidir leo.

(v) Beidh an bua ag an gcéad fhoireann a n-éireoidh leo na hearraí ar fad ar an

liosta a cheannach. Beidh deis ag buaiteoirí an bhabhta a bheith mar

shiopadóirí ansin.

(vi) Ba cheart trí bhabhta den chluiche a imirt ionas go mbeidh deis ag gach

foireann a bheith mar shiopadóirí.

(vii) Ag tús gach babhta nua, gheobhaidh na siopadóirí praghasliostaí nua agus

cártaí earraí nua a bhaineann leis an mbabhta sin agus gheobhaidh na foirne

custaiméirí liostaí siopadóireachta nua.

Page 13: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

13 © Gaelchultúr 2012

Téigh ag siopadóireacht:

Liostaí siopadóireachta

Liosta 1 – Babhta 1

uaireadóir

míreanna mearaí

bráisléad

carbhat

mála spóirt

liathróid cispheile

geansaí

ríomhaire glúine

clogad

Liosta 2 – Babhta 1

iPod

raicéad leadóige

crios

cluasáin

T-léine

printéir

Nintendo

caipín

stocaí

Liosta 1 – Babhta 2

scuaba péinte

uaireadóir

míreanna mearaí

slabhra

cailc

cáca

iasc órga

balúin

seacláid

Liosta 2 – Babhta 2

fáinne

coinín

borróg

caipín

pearóid

péinteanna

líreacán

dúch

hamstar

Liosta 1 – Babhta 3

builín aráin

uachtar reoite

balúin

liathróid cispheile

milseáin

míreanna mearaí

trampailín

scútar

pióg

Liosta 2 – Babhta 3

printéir

cluiche boird

raicéad leadóige

criáin

gloiní snámha

stocaí

nathair

marcóirí

teidí

Page 14: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

14 © Gaelchultúr 2012

Téigh ag siopadóireacht: Praghasliostaí

Siopa 1 – Babhta 1

geansaí €5

liathróid cispheile

€20

mála spóirt €12

printéir €70

Nintendo €150

ríomhaire glúine

€200

Siopa 2 – Babhta 1

stocaí €5

crios €10

clogad €25

T-léine €15

caipín €10

míreanna mearaí

€10

Siopa 3 – Babhta 1

uaireadóir €60

rothar €100

carbhat €10

iPod €160

cluasáin €30

raicéad leadóige

€25

Siopa 1 – Babhta 2

scuaba péinte €10

líreacán €1

uaireadóir €25

dúch €20

slabhra €25

seacláid €2

Siopa 2 – Babhta 2

balúin €3

caipín €8

borróg €1

hamstar €30

péinteanna €5

míreanna mearaí

€10

Siopa 3 – Babhta 2

iasc órga €15

fáinne €30

cáca €4

cailc €1

pearóid €150

coinín €70

Siopa 1 – Babhta 3

criáin €2

gloiní snámh €7

balúin €4

liathróid cispheile

€10

míreanna mearaí

€10

marcóirí €5

Siopa 2 – Babhta 3

pióg €4

raicéad leadóige

€20

builín aráin €2

teidí €10

scútar €8

nathair €60

Siopa 3 – Babhta 3

trampailín €45

uachtar reoite €1

milseáin €2

cluiche boird €16

printéir €70

stocaí €4

Page 15: Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla sa rang ansin go dtí go

15 © Gaelchultúr 2012

C. Iarchumarsáid

Cleachtadh ar labhairt faoi euronna

(a) Tabhair suim airgid do gach uile dhalta sa rang idir €1 agus €10. Tóg suim airgid tú féin

chomh maith.

(b) Scríobh suim airgid faoi leith, e.g. €8, ar an gclár ansin agus abair an méid seo leo:

Caithfidh mé €8 a aimsiú. Tá cúig euro agam féin, mar sin caithfidh mé teacht ar

dhuine eile a bhfuil trí euro aige.

Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla

sa rang ansin go dtí go n-aimseoidh tú duine a bhfuil trí euro aige.

(c) Scríobh suim eile airgid ar an gclár an uair seo agus abair leis na daltaí siúl timpeall agus

ceist a chur ar dhaoine eile cé mhéad euro atá acu le go n-aimseoidh siad duine ag a

mbeidh an méid ceart airgid.

(d) Cuir i gcuimhne do na daltaí gur cheart dóibh foirm threise an fhorainm réamhfhoclaigh a

úsáid agus an cheist á cur an dara huair. Scríobh an comhrá seo ar an gclár leis an bpointe

a léiriú.

Cé mhéad euro atá agat?

Trí euro. Cé mhéad euro atá agatsa?

Dhá euro.

(e) I ndiaidh duit cúpla babhta den chluiche a imirt le suimeanna airgid suas go €10, déan na

céimeanna thuas arís i gcás suimeanna airgid idir €11–€20.