Upload
marcia-mcfarland
View
155
Download
8
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Atáirgeadh Gnéasach sa Duine. Le foghlaim anseo :. Cuideanna & a feidhmeanna córas atáirgeadh fireann & baineann . Comhriachtáin Toirchiú , Ionphlandú & Toircheas Frithghinúint An Timtraill Miostrúil * Breith Mí-Orduithe Míostraithe ( árd ). - PowerPoint PPT Presentation
Citation preview
1
Atáirgeadh Gnéasach sa Duine
2
Le foghlaim anseo:• Cuideanna & a feidhmeanna córas atáirgeadh fireann & baineann.• Comhriachtáin• Toirchiú, Ionphlandú & Toircheas• Frithghinúint• An Timtraill Miostrúil*• Breith• Mí-Orduithe Míostraithe (árd)
3
Atáirgeadh – ag déanamh níos mó dá cineál féin. Tá orgán speisialta ag daoine i gcomhair atáirgeadh.
Córas atáirgeadh daoine• Struchtúr a dhéanann
gnéas cealla.• Feadán iompar• Faireoga a thálann
hormón chun atáirgeadh a rialú
4
(A)Córas atáirgeadh fireann• Úiríocha= déantús speirm.• Coimeádtar teocht an
cadairne ag 35C – teocht is fearr do méóis do speirm.
• Bíonn feadáin comhchasta (na fidíní speirmeacha) sna h-uiríocha a tháirgeann speirmeach haplóideacha (n) ó chealla dioplóideacha (2n) trí mhéóis.
• Stóráiltear na speirmeacha san epididimis.
• Tá cealla Sertoli a thugann cothú don speirm.
LamhnánÚireadar
Saicín Seamhnach
Faireog phróstach
Úiréadra
Epididimis
Úiríocha Cadairne
Péineas
Ducht speirme
5
• Ritheann duchta speirmeach, (vas Deferens), ón epididymis isteach san abdomán & bualann sé leis an úiréadra mar a fhágann sé an lamhnán.
Seamhan (Semen)• Bailíonn na speirmeacha leachtanna
ó na saicíní seamhnacha & ón bhfaireog próstatach & Faireog cowper & iad ag dul tharastu.
• Bíonn fructós sa leacht ó na saicíní seamhnacha a thugann fuinneamh do na speirm do gluaiseacht.
Vas Deferens Faireog
phróstach
6
Structuir na Speirmchill:
• Seamhan- na speirmeacha + na leachtanna eile a bhíonn ina dteannta.
Acrasóm
Núicléas
Bonn (miteachoindre)
Flagellum
Muineál
Ceann
Eireaball
7
Hormón Atáirgeadh Fireann
1. FSH – Hormón Falacailspreagthach – déanta san fhaireog phiotútach. Spreagann sé déantús cealla speirm.
2. LH – Hormón Lúiteínitheach – déanta san fhaireog
phiotútach – spreagann sé do na cealla téististéarón a dhéanamh.
3. Téististéarón - hormón a rialaíonn forbairt na tréithe tánaisteacha i fír sa caithreachas.
Déantar an hormón sin go deireadh saol an bhfear
8
Ceisteanna:Árd: (2010 15b) (i) Céard is seamhan ann?(ii) Tarraing léaráid lipéadaithe den chóras atáirgthe sa fear.(iii) Taispeáin go soiléir agus ainmnigh ar do léaráid an chuid den chóras a dtarlaíonn gach ceann díobh seo a leanas ann:1. Táirgeadh speirmcheall.2. Aibiú speirmcheall.3. Meascadh sreabháin le speirmchealla.4. Iompar seamhain.(iii) Luaigh 2 thréith thánaisteacha ghnéasacha san fhireannach daonna.(iv) Céard a chothaíonn na tréithe tánaisteacha gnéasacha san fhireannach fásta daonna?
9
(B) Córas Atáirgeadh BaineannUbhagáin- (i) uibheacha ar fáil.(ii) éastraigin & prógaistéarón
Déantús an Ubh:• Nuair a saolaítear cailín bíonn na
mílte úicítí (ubh neamh-aibí). Ó aois an chathrachais go h-aois an sos míostraithe, forbrann siad gach mí.
• Nuair a fhorbrann an úicít, tagann sac sreabhánach, an fhalacail Ghraifiach, timpeall uirthi ina gcuireann an úicít (2n) an ubh (n) ar fáil trí mhéois.
Structure of the female reproductive system
Feadán fallópach
Inmheitriam
Ubhagán
Broinn/ÚtarasLamhnán
Ceirbheacs Faighin
10
• Feadán Fallópach: Feadán matánach (12cm) – cuirtear an ubh ar aghaidh go dtí an broinn trí imfháscadh & fabhrán (cilia)
• Útaras/Broinn: Balla seachtrach matánach. Líneáil inmheánach – inmheitriam – éiríonn sé tiubh gach mí le cealla & fuileadáin chun chothaigh a thabhairt don suth le linn tréimhse toirach.
• Ceirbheacs – oscailt an bhroinn.• An Fhaighin – feadán matánach (10cm), cealla a tálann
múcasFeidhm: (i) An phéineas a coimeád le linn comhriachtana
(ii) Tagann an leanbh ar an saol tríd.• Vulva – cosaint don fhaighin
Feidhmeanna na cuideanna:
11
Gaiméit Baineann- An UbhchillTosnaíonn déantús na ubheacha riomh breith.I rith caithreachas forbraíonn siad ina ‘oocítí’ & ansin isteach ina UBH uair sa mhí (meois) • Forbraíonn na uibheacha san
ubhagán I cealla an Failicail Graifiach.
• Togann sé 14 lá don ubh forbairt lastigh an failicail faoi smacht:
1. FSH2. LH
12
• Gluaiseann an fhalacail Ghraifiach aibí go dromchla an ubhagáin &tarlaíonn ubhsceitheadh.Ubhsceitheadh- scaoileadh ubh ón ubhagán. • Gluaiseann an ubh isteach san Feadán fallópach & bogann fabhráin síos i dtreo an útarais í.• Má theipeann ar speirm comhtháthú leis an ubh, scaoiltear
an ubh ón gcorp laistigh de chúpla lá. • Má bhualann an ubh le speirm, comhtháthaíonn siad &
tarlaíonn toirchiú.Toirchiú = comhtháthú speirm le h-ubh chun siogót a dhéanamh.
Tarlaíonn an toirchiú sa Feadán Fallópach
13
• Tarlaíonn miotóis san siogóit ag taisteal síos trín feadán fallópach chun suth (embryo) a fhoirmiú.
• Ceanglaíonn an ubh toirchithe le falla na broinne & tosaíonn an toircheas(pregnancy)
Ionplandú= cheangailt le falla na broinne.
14
Na phróséisí: • Ubhsceitheadh: ann ná
scaoileadh amach an ubh chill as an ubhagán.
• Toirchiú: ann ná nascadh núicléas an speirm chill le núicléas an ubh chill chun siogót a dhéanamh.
• Ionphlandú: ann ná nascadh an siogót/suth le líneáil an bhroinn (an inmheitriam)
15
Hormón Baineann
Spreagann hormóin a scaoiltear ón bhfaireog __________ na h-ubhagáin chun éastraigin/prógaistéarón a scaoileadh.
1. Éastraigin – (i) Balla an útaras (inmhéitriam) a thiubhú ar eagla go dtarlódh ionphlandú & (ii) Forbairt na tréithe tánaisteacha gnéis2. Progaistéarón – laidireacht a chur le balla an útaras go háirithe le linn iompar clainne.
16
An Timthriall Míosta• Scaoiltear ubh chill
aibí on ubhagán gach aon mhí ón gcaithreachas ar aghaidh.
• Muna tharlaíonn toirchiú tarlaíonn míostrú fáil réidh le inmheitriam (téann fuil & cealla líneáil amach tríd an fhaighin)
Míostrú
Bhalla an bhroinn ag éirí níos tibhe
Ubhsceitheadh
bhalla éirí níos tibhe
Balla- briseadhsíos
17
An Ubhagán I rith timtraill miostrúil
Fhalacail Ghraifiach
Corpus Luteum óg
Corpus Luteum forbairthe
Ubhscéitheadh
18
Míostrú lá 1-5• Bristear líneáil bhalla an útarais & tagann an fhuil amach as an fhaighin i
gcaitheamh tréimhse 5 lá nó mar sin. Ag an am ceanna tosaíonn an falacail ag forbairt agus déantar uibheacha nua trí mhiotóis.
Lá 6-14• Déanann an fhalacail Ghraifiach éastraigin. Téann an éastraigin tríd an
ubhagán go dtí an útarais. Éiríonn balla an inmheitriam tiubh arís. (bac forbairt uibheacha eile, ní fhorbraíonn ach ubh amháin sa falacail)
Lá 14• Ubhsceitheadh – pléascann an falacail scaoilfear an ubh ón ubhagán. Téann
an ubh isteach san abdóman & isteach san fheadán fallópach ( tá an ubh réidh I gcomhair toirchiú ar feadh 48 uair)
Lá 15-21• Fabhraíonn an falacail ina Corpus Luteum (corp buí). Tosaíonn an Corpus
Luteum ag táladh prógaistéarón. Téann an prógaistéarón go dtí an útarais chun an líneáil a dhéanamh níos boige. Ar lá 16 gheobhaidh an ubh chill bás múna bhfuil toirchiú tar éis tarlúint.
Lá 22-28• Téann an ubh isteach san útaras. Tosaíonn an Corpus Luteum ag scriosadh
( íslíonn leibhéal prógaistéarón) Tosaíonn an inmheitriam ag scriosadh & tosaíonn an míostrú & téann an fuil as an gcorp.
19
Rialú an timthriall míosta1 (a)FSH – Hormón falacailspreagthachDéanta: Faireog phiotútach (tús timtraill) Feidhm: • Spreagann sé forbairt na falacail & ubh.• Spreagadh cealla an falacail chun éastraigin a dhéanamh.
1. (b) ÉastraiginDéanta: Falacail Graifiach (lá 5-14 den timthriall)Feidhm: Forbairt an inmheitriam (réidh chun an suth a thógáil)• Cuireann sé bac ar scaoileadh FSH (ní fhabhraíonn tuilleadh
uibheacha de bharr)• Leibhéal ard roimh lá 14 spreagann sé scaoileadh LH ón fhaireog
phiotútach.
20
21
Inside the Ovary
Potential egg
Developing Graafian follicle –secretes oestrogen
Graafian follicle now changes to the Corpus luteum which secretes progesterone
Egg is released from ovary (ovulation)
22
2. (a) LH – Hormón LúitéintheachDéanta: Faireog phiotútach (lá 14)Feidhm: Cúis le ubhsceitheadh ar lá 14 & cúis le forbairt an falacail a fhorbairt ina corpus luteum (tálann éastraigin & progaistéarón.)2 (b) PrógaistéarónDéanta: Corpus Luteum (lá 14-28)Feidhm: Inmheitriam a ullmhú do ionphlandú • Cuireann sé bac ar déantús FSH & LH (ní
fhabhraíonn tuilleadh uibheacha de bharr)• Leibhéal ard roimh lá 14 spreagann sé scaoileadh
LH ón fhaireog phiotútach
23
Mí-Orduithe Míostraithe (Árd)1. Fibróidigh:Fás neamh-ailseach sa bhroinn.Cúis: Ní fios cad is cúis leo, ach ceangailt le leibhéal éastraigine. • Ceaptar go méadaíonn
frithghiniúna béil iad.Siomptóm: (fiobróidigh mór) cúis caitheamh an inmhéitriaim, cur fola trom ag am an mhíostraithe, easpa iarainn & anaemacht. Cóiráil: Fibróidigh móra a thógáil amach in obráid (mánliacht) Uaireanta tá gá leis an bhroinn a thógáil amach.
24
2. Inmheatróis: • scaoiltear cuid de lineáil na broinne
lasmuigh den útaras isteach sa chuas peilbheach.
• Ní scaoiltear cuid den inmhéitriam amach trín bhfaigheann le linn míostraithe ach téann sé suas trín ubhaduchta & sa chuas peilbheach. Greamaíonn na píosaí seo den taobh amuigh na h-ubhagáin, an bhroinn, an faigheann & an lamhnán…
• Gach mí ag am an mhíostraithe tosaíonn siad ag scaoileadh fola nach mbíonn ábalta éalú.
Cúis: Ceapann dochtúirí go mb’fhéidir easpa cothromaíochta hormón nó le laige sa chóras imhdhíonachta. Siomptóm: Míostrú trom & pian san abdomán.
Córail: Pianmhúcháin chun an pian a chosc nó drugaí chun míostrú a chosc, uaireanta mánliacht
25
Ceist 2009 (14a)(i) Tarraing léaráid de chóras atáirgthe an bhaineannaigh dhaonna. Léirigh an áit a dtarlaíonn siad seo a leanas ar do léaráid:• 1. Méóis.• 2. Toirchiú.• 3. Ionphlandú.(ii) Tabhair cuntas ar ról éastragaine nó prógaistéaróin sa timthriall míosta.(iii) Ainmnigh neamhord míosta baineannach daonna. I gcás an neamhoird sin luaigh:• 1. Cúis a d’fhéadfadh a bheith leis.• 2. Modh cóireála.
26
Rialú Hormónach an Timthriall Míosta (Árd):
Faoi Smacht:• Hormón falacailspreagthach (FSH) & • Hormón lúitéineach (LH) a scaoiltear ón bhfaireog
piotútach chomh maith le • Éastraigin & • Prógaistéarón a scaoiltear ó na h-ubhagáin
27
28
Hormón Falacailspreagthach (FSH): Nuair a scaoiltear an t-inmhéitriam ón gcorp ar Lá 1 den timthriall míosta, spreagann sé seo táirgeadh FSH ón bhfaireog piotútach. Taistealaíonn FSH sa chóras fola ón bhfaireog piotútach go dtí na h-ubhagáin agus:(a) spreagann sé forbairt roinnt falacailí Graifiacha san ubhagán.(b) spreagann sé an falacail chun éastraigin a scaoileadh.
Éastraigin: Téann an éastraigin go dtí an bhroinn & spreagann sé deisiú an inmhéitriaim chun go mbeidh sé ullamh chun glacadh le h-ubh toirchithe coscann sé táirgeadh breis FSH ón bhfaireog piotútach, rud a stopann forbairt falacailí breise san ubhagán. Sroicheann leibhéal na h-éastraigine árdphointe díreach roimh ubhsceitheadh, rud a spreagann táirgeadh LH ón bhfaireog piotútach
29
Hormón Lúitéineach (LH):Scaoileann an fhaireog phiotútach LH & ar lá 14 den timthriall míosta • spreagann sé ubhsceitheadh.• is cúis é le dúnadh na falacaile & forbairt an corpus luteum ón bhfalacail.
Scaoileann an corpus luteum éastraigin & prógaistéarón anois.
Prógaistearón:Prógaistearón is cúis le:• deisiú breise san inmhéitriam ag ullmhú d’ionphlandú.• cosc ar tháirgeadh FSH & LH de réir mar a ardaíonn leibhéal an
phrógaistéarón.Toisc go dtiteann leibhéal an FSH agus an LH, titeann an corpus luteum ó chéile & mar sin íslítear táirgeadh prógaistéaróin. Dá bharr-ní féidir an t-inmhéitriam a choimeád le chéile & tosaíonn míostrú.
Toisc an prógaistérón a bheith íseal arís, cuirtear deireadh leis an gcosc ar thál FSH agus LH ón bhfaireog piotútach agus tosaíonn an timthriall arís.
30Days5 14 28
Graafian follicle Corpus Luteum
Oestrogen________
Progesterone _____
End
omet
rium
Hor
mon
esFhalacail Ghraifiach Corpas Luteum
Miostrú
ubhs
ceith
eadh
31
Toircheas agus Breith• Tá stáitsí éagsúla a tharlaíonn chun go mbeidh
an bhean torrach agus chun go saolófar leanbh i ndeireadh thiar.
1. Comhriachtain (sexual intercourse)2. Toirchiú (fertilsation)3. Giniúint (conception)4. Toircheas (pregnancy)5. Breith6. Tála Bainne
32
1. Comhriachtain (sexual intercourse) • Chun go dtarlóidh toirchiú caithfidh speirm agus ubh teacht le
chéile.• Líonann an péineas le fuil & ardaíonn sé.• Ardaíonn an brillín (clitoris) sa bhean & scaoileann falla an
fhaighinn múicín.• Cuirtear an péineas i bhfaigheann na mná.Comhriachtain= aontú fisiciúil (fear &bean) le linn caidrimh gnéis.Agall (ejaculation)- scaoileadh seamhan isteach sa faigheann in aice leis an gceirbheacs.• Bíonn na speirmeacha ábalta snámh sa leacht a bhíonn sa
seamhan a tháinig ó na _____________ & ón bhfaireog ______________.
• In aon agall amháin bíonn na milliúin speirmeacha.
33
2. ToirchiúSuíomh: Ubhaduchtaí/feadáin fallópach.Má bhuaileann na speirmeacha leis an ubh san ubhaduchta, bailíonn speirmeacha timpeall uirthi.• Scaoileann acrasóm na speirme einsímí a bhriseann trí
scannán na h-uibhe & téann ceann na speirme, (an núicléas), isteach.
• Athraíonn scannan na h-uibhe ansin i dtreo nach féidir le speirm eile briseadh isteach.
Tarlaíonn toirchiú: (comhthathú núicléas speirme (n) le núicléas uibhe (n) san feadán chun siogót (2n) a dhéanamh.• Maireann speirm suas le 48 uair i gcorp na mná agus bíonn
an ubh torthúil ar feadh 48 uair freisin.(tréimhse torthúil)
34
3. Giniúint (conception)• Tar éis toirchithe tosaíonn an siogót ag
deighilt trí mhiotóis chun suth a fhoirmiú.
• Titeann an ubh toirchithe síos trín ubhaduchta isteach sa bhroinn.
• Thart ar seacht lá tar éis toirchithe tarlaíonn ionphlandú.
• Ionphlandú ná ceangailt na h-uibhe thoirchithe isteach san inmhéitriam.
• Deirtear go mbíonn giniúint tarlaithe anois. Tar éis an toirchiú tosaíonn an siogót ag deighilt trí mhiotóis. Déanann sé seo liathróid soladach ar a dtugtar an morula ina mbíonn 32 cill.
Morula-
Siogót Morula Blastaicist Suth Featas Leanabh!
Árd:)
35
4. Toircheas (pregnancy)Críoch ionphlandú 14 lá tar éis toirchiú= toircheas.• Maireann toircheas 40 seachtainí. • Le linn na tréimhse seo leanann cealla an tsutha ag deighilt & ag speisialú.An Featas- ainm tar éis 8 seachtainí & cruth duine beag air.• Bíonn na fiocháin agus na horgáin daonna
ann.• Bíonn an féatas le fáil i scannán ar a dtugtar
an t-aimnín.• Laistigh den aimnín bíonn cuas aimníneach
ina mbíonn sreabhán aimníneach.• Tugann an sreabhán cosaint dó.
An Suth
Featas @ 16 seachtain
36
• Eight weeks. The rapidly-growing embryo is well protected in the foetal sac
• Picture: LENNART NILSSON
37
Toircheas- An PhlaicintStruchtúr dhéantar ó fhíocháin máthar &an tsutha.Ceadaíonn an phlaicint do fhuil na máthar &do fhuil an fhéatais bheith gar dá chéile ach nícheadaíonn sí don dá chóras fola meascadh.Tar éis 12 seachtainí den toircheas bíonn an phlaicint foirmithe.
3 fheidhm ag an bplaicint: 1. Malartú Ábhair: Teann bia dílleáite, ocsaigin, mianraí & antashubstaintí
trasna ó fhuil na máthar go fuil an fhéatais. Téann fuíollábhair ar nós CO2, úiré & uisce ón fhéatais go fuil na máthar.
2. Bac: Cosaint don fhéatas ó bhrú fola na máthar.3. Faireog Inchríneach: Tógann an phlaicint ról tál hormóin, éastraigin &
prógaistéarón, uirthi. Cinntíonn sé seo go gcoimeádfar an t-inmhéitriam tiubh & ullmhú na cíoca chun bainne a thál.
38
5. BreithTar éis 40 seachtainí bíonn an leanbh ullamh do bhreith.• Tugtar tinneas clainne (labour) ar phróiseas & tarlaíonn se i
dtrí cinn de stáitsí éagsúla.
1. An Chéad Stáitse den Tinneas Clainne
• Maireann an chéad stáitse suas le 18 uair an chloig.• Titeann leibhéal éastraigine & prógaistéaróin (plaicint).De bharr an titim seo, tosaíonn matáin na broinne ag crapadh.Pléascann an scannán aimníneach agus tagann an sreabhán aimníneach amach trín bhfaigheann – briseadh na n-uiscí.• Tosaíonn an ceirbheacs ag leathnú chun gur féidir le corp an
pháiste teacht tríd anuas.
39
2. An Dara Stáitse den Tinneas Clainne• Maireann an dara stáitse suas
le uair an chloig.Brúitear ceann an linbh síos trín bhfaigheann & leanann na gualainní é ceann ar cheann go dtí go saolaítear an leanbh ar fad.• Bíonn an srincne (umbilical
cord) fós ag ceangailt an linbh leis an bplaicint agus gearrtar é.
• Fágfar an t-imleacán (navel) ar chorp an linbh.
http://www.youtube.com/watch?v=HSmVxh4MM7Y&feature=relmfu
40
3. An Tríu Stáitse den Tinneas Clainne
• Leanann an t-útaras ag crapadh & tagann an phlaicint agus an chuid eile de na scannáin a bhí timpeall ar an leanbh amach – an slánú (afterbirth) a thugtar air.
41
Hormóin na Breithe
• Titeann leibhéal na héastraigine agus an phrógaistéaróin díreach roimh breithe.
• Toisc an easpa prógaistearóin tosaíonn fallaí an útarais ag crapadh.
• Scaoileann an fhaireog phiotútach ocsatóicin a mhéadaíonn crapadh na broinne.
Ocsatócin:* Tioncar aige I spreagtha déantús báinne sna ciocha* Cabhar le ‘bonding’, mothúcáin grá & muinín idir an máthair & a linbh.
42
6. Tál an Bhainne De bharr éastraigine & prógaistéaróin, méadaíonn na cíocha.• Coscann na hormóin seo táirgeadh prólachtain ACH:• Nuair a thiteann leibhéal na héastraigine/phrógaistéaróin, spreagann sé
seo an fhaireog phiotútach chun prólachtain a scaoileadh.
Prólachtain a spreagann tál bainne sna cíocha.
• Céad cúpla lá tar éis breithe- déantar colostrum (próitéin &antashubstaintí)
• Tar éis 4 lá táirgaíotar bainne le siúcraí, próitéin, saillte, vit & mianraí.• De réir mar a shúnn an páiste ar na cíocha, tál breise bainne.• Bíonn antashubstaintí ann freisin a thugann cosaint ó ghalair.• Cabhraíonn sé leis an máthair meáchan a chailliúint tar éis breithe.• Le linn cothú ó na cíocha, ní fhilleann an timthraill míosta go ceann
tamaill, rud a chiallaíonn nach leanfaidh toircheas eile ró-luath i ndiaidh na breithe.
43
Fadhbanna Torthúlachta Mná • Bac san ubhaduchta a choscann toirchiú na huibhe nó gluaiseacht na
huibhe isteach sa bhroinn. Le cabhair mánliachta is féidir an bac a bhaint. Má theipeann ar seo caithfear brath ar thoirchiú in-vitro.
• Easpa cumais uibheacha a tháirgeadh. De ghnáth is éagothromaíocht hormónach is cúis leis seo & is féidir chógas hormónach a thabhairt .
Fadhbanna Torthúlachta Fir • Easpa cumas dóthain speirmeacha a tháirgeadh. Tá ceangal idir líon
speirmeacha íseal (i.e. < 20,000,000 i cm3 seamhain) & mí-úsáid alcóil nó caitheamh tobac. Má bhíonn an líon speirmeacha chomh híseal seo, bíonn an fear aimrid (sterile). Cabhraíonn athraithe i stíl saoil uaireanta.
• Speirmeacha nach mbíonn ábalta snámh i gceart.• Táirgeadh íseal teististéarón. Uaireanta cabhraíonn drugaí é a réiteach.
Fadhbanna Torthúlachta
44
Toirchiú In-vitroRéitíonn toirchiú in-vitro roinnt fadhbanna torthúlachta. Ciallaíonn in-vitro ‘i ngloine’. • Tugtar hormóin don bhean le linn antimthriall míosta a spreagann foirmiú níos mó ná ubh amháin san ubhagán. • Ag baint usáide as ultrafuaime, coimeádtar súil ar fhoirmiú na n-
ubh. Díreach sula dtarlaíonn ubhsceitheadh úsáidtear snáthaid chun na h-uibheacha a bhaint amach.
• Cuirtear i cothaitheach iad & measctar speirmeacha leo. • Má tharlaíonn toirchiú cuirtear roinnt uibheacha toirchithe i
mbroinn na máthar ag súil go dtarlóidh ionphlandú do cheann dóibh & go leanfaidh gnáth-thoircheas.
• Is i 1978 a tharla an chéad bhreith de bharr in-vitro.
A microscopic view of sperm implantation during in vitro fertilization
45
Breithrialú/Pleanáil Clainne
Tá modhanna éagsúla ann chun é seo a dhéanamh braitheann an chuid is módóibh ar frithghiniúint. Ciallaíonn frithghiniúint giniúint a chosc. Déantar é seo trí:• táirgeadh na n-ubh a chosc• comhriachtain a sheachaint sa tréimhse torthúlachta• na speirmeacha a chosc ó theagmháil leis an ubh• ionphlandú ubh toirchithe sa bhroinn a chosc.
46
Fisiciúil Fearas in-útaras
Stiall phlaisteach i bhfoirm lúib a chuirtear sa bhroinn
Ionphlandú a chosc. 90%
Ceimiceach
Peallaire Taibléad ina mbíonn éastraigin nó prógaistéarón a thógtar gach lá
Ubhsceitheadh a chosc 99.9%
Bac Scairt Coiscín (condom)
Fearas cuasach a chuirtear sa cheirbheacs.Truaill a chlúdaíonn an péineas.
Speirmeacha a choimeád as an útaras.Speirmeacha a choimeád as an bhfaigheann.
90%85%
Mánliacht -Bean
Ceangal feadánach
Ubhaduchtaí a ghearradh agus a cheangailt.
Speirmeacha a chosc ó bhualadh le hubh.
100%
Mánliacht -Fear
Vaiseachtóime Duchtaí speirmeacha a ghearradh & cheangailt.
Speirmeacha a chosc ón bpéineas a fhágáil.
100%
47
2009 14(b) (i) Tabhair cuntas ar thábhacht na placainte le linn forbairt an duine sa bhróinn.(ii) Céard iad na fíocháin as a bhfoirmítear an phlacaint?(iii) Tabhair breac-chuntas ar conas a tharlaíonn an bhreith.(iv) Céard is brí le toirchiú in-vitro?(v) Tar éis an ionphlandaithe, ar dtús déantar morula den suth agus ansin blastaicist.• Mínigh na téarmaí atá i gcló iodáileach.
48
Ardchúrsa amháin: Forbairt an Siogóit…
• Le linn na trí laethanta a thógannsé ar an siogót gluaiseacht síos an ubhaduchta go dtí an bhroinn, leanann an morula ag deighilt ina liathróid céadta cealla. Tugtar an bhlastaicist air anois: Trófablast- cealla seachtaracha. Is as seo a déántar an phlaicint. Cealla inmheánacha- a dhéanann an suth.Ionphlandaíonn an blastaicist i bhfallaí na broinne. • Cuireann an trófablast villis amach a ionsúnn bia ón inmhéitriam
don suth. (Tógfaidh an phlaicint an ról níos déanaí).• Sé an trófablast a chruthaíonn an dá scannán a bhíonn timpeall
ar an suth & é ag fás – an aimnín & an cóirín. (cosaint)
49
Ainmneacha ar Céimeanna an forbairt:
• Siogóit Morula Blastaicist
• Leanann miotóis I gcónaí & tagann:1. Forbairt/fás an suth2. Forbairt an Placaint (ó na cealla seachtarach an trófablast)• Taréis 2 mí glaotar FEATAS ar anois.
50
Toircheas (árd) 14 lá tar éis toirchithe bíonn an ionphlandú críochnaithe. Bíonn an toircheas bunaithe ag an bpointe seo.
Placaint: Ceadaíonn an phlaicint malartú ábhair idir an féatas agus an mháthair ach ní mheascann fuil na beirte.• Téann ocsaigin, glúcós, aimín aigéid, mianraí agus
antashubstaintí ó fhuil na máthar go fuil an linbh trí idirleathadh nó trí iompar gníomhach.
• Ceadaíonn an phlaicint do dhrugaí, do víris & cheimiceáin i dtobac dul trasna go dtí an féatas.
• Feidhmíonn an phlaicint mar bhac a chosnaíonn an féatas ó chóras imdhíonachta na máthar.
• Feidhmíonn sé freisin mar fhaireog inchríneach a tháirgeann éastraigin & prógaistéarón chun an t-inmhéitriam a choiméad tiubh toisc nach bhfuil an corpus luteum ann níos mó.
51
Forbairt an tSutha (Ardchúrsa amháin)
• Tagann an suth ón ngrúpa cill i lár na blastaiciste.• Déanann na cealla sa tsuth trí geirmshraith – an
eicteadeirm, an méisideirm agus an indeirm & is astu seo a dhéantar córas na n-orgán sa corp mar a leanas.
1. Eicteadeirm – An inchinn, córda an dromlaigh, craiceann, gruaig agus ingne.
2. Méisideirm – Matáin, creatlach, fuileadáin agus fuil, orgáin atáirgthe, duáin.
3. Indeirm – Líneáil na putóige, scámhóga, ae.• Sa chéad cupla mhí de fhorbairt an tsutha, tarlaíonn a lán
athruithe mar a leanas.
52
Tar eis toirchiú
Eachtraí
24 uair Deighilt sa siogót chun dhá chill a dhéanamh.
3 lá Sroicheann an morula an bhroinn.
7 lá Tosaíonn ionphlandú na blastaiciste.
10 lá Foirmítear an nótacórda agus fuilchealla.
14 lá Ionphlandú críochnaithe.
25 lá Croí i láthair agus ag bualadh; fuileadáin á ndéanamh; lárchóras na néaróg á dhéanamh.
4 seachtainí Tús na ngéaga le feiceáil; srincne beag déanta; eireaball beag le feiceáil.
5 seachtainí Orgáin inmheánacha m.sh ae, scámhóga, duáin, orgáin atáirgthe
6 seachtainí Súile le feiceáil agus srón agus cluasa á ndéanamh; géaga ag fás go tapaidh.
8 seachtainí Eireaball imithe; aghaidh le h-aithint, matáin agus cnámha á bhfoirmiú; Orgáin inmheánacha déanta. Tugtar an FÉATAS anois air.
53
2008 6.(i) Sainaithin codanna A, B agus C.A .............................................................B .............................................................C .............................................................
(b) Agus na litreacha X, Y agus Z agus saigheada á n-úsáid agat, sainaithin iad seo a leanas ar an léaráid:inmheitriam (X), an áit a dtarlaíonn toirchiú de ghnáth (Y), an áit a dtarlaíonn méóis (Z).
(c) Cén chuid den chóras atá faoi thionchar FSH & LH araon? ........................................................
(d) Luaigh dhá bhuntáiste bhitheolaíocha a bhaineann le cothú cíche.1. ..............................................................2. ..............................................................