100
FILÍ & FILÍOCHT Éigse 2009

FILÍ & FILÍOCHT Éigse 2009 - uir.ulster.ac.ukuir.ulster.ac.uk/31519/1/Filí_agus_Filíocht_-_Éigse_2009.pdf · Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur

  • Upload
    others

  • View
    30

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

FILÍ & FILÍOCHT

Éigse 2009

ii

Gradam na hÉigse

An tAthair Anraí Mac Giolla Chomhaill

Gradam na hÉigse á bhronnadh ag an Mhoinsíneoir Breandán Ó Doibhlin ar an Athair Anraí Mac Giolla Chomhaill

iii

Mór an feidhm deilbh an dána baoth don dream nach diongmhála

car re céadfaidh mo cheirde téachtmhuir ghlan na Gaoidheilge

An t-oigéan dorcha domhuin

an sruth aidhbhseach éagsomhail ní fios acht baos righe ris ní slighe d’aos an ainbhis

Crafting poetry is a serious concern

It is folly for those not worthy of it to struggle with the essence of my art

that vast pure sea of Irish

That deep dark ocean

that vast and varied current it is not wisdom but folly to contend with it

it is no pathway for the ignorant

Fearfeasa Ó’n Cháinte

iv

Éigse Cholm Cille Ollscoil Uladh Campas Mhig Aoidh Doire BT48 7GL An chéad chló 2010 © Na hÚdair Gach ceart ar cosnamh. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, nó a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré ón fhoilsitheoir. Foilsithe ag Éigse Cholm Cille, Doire.

Urraithe ag Foras na Gaeilge.

Clúdach: Denise Meenan (RCD Print) Clódóirí: RCD Print, Doire Grianghraif: Caoimhín Ó Peatáin

v

CLÁR

Díonbhrollach vi Ailbhe Ó Corráin

Réamhrá vii Malachy Ó Néill

1. Barking up the wrong tree? Trying to write poetry in Irish 1

Nuala Ní Dhomhnaill

2. Filíocht Aodha Mhic Dhomhnaill (1802-1867): ag cur focal Gaeilge ar an naoú haois déag 21

Fionntán de Brún

3. An dúlra agus an dúchas: léamha ar thrí liric dúlra le Gréagóir Ó Dúill 36

Ciarán Mac Murchaidh

4. Spléachadh ar Fhilíocht Uladh 47 Gréagóir Ó Dúill

5. Préamhachas an Ultachais i bhfilíocht Chathail Uí Shearcaigh 57 A.J. Hughes

6. Gradam na hÉigse: Anraí Mac Giolla Chomhaill 73 Réamonn Ó Muirí

7. Filíocht na hÉigse 77 Gréagóir Ó Dúill

Cathal Ó Searcaigh Nuala Reilly

Gary Mac Ruairí Colette Ní Ghallchóir

Aguisín I: Clár saothair Anraí Mhic Giolla Chomhaill 86 Aguisín II: Cainteoirí & Scríbhneoirí 89

vi

Díonbhrollach

An seachtú hÉigse agus an chéad cheann ar an fhilíocht! Ábhar iontais, gan

amhras, ó tharla nach bhfuil scaradh le déanamh idir an fhilíocht agus an éigse. An

léann i gcoitinne, ealaín na filíochta agus de réir a chéile lucht dhéanta na filíochta

na réimsí céille a thug an focal éigse leis fríd aimsir. Ní raibh muid ach i gceann an

ghnó a ba dual dúinn, mar sin, nuair a tháinig cúirt na héigse le chéile i

ndáilchomhairle díospóireachta ar an 6ú agus an 7ú lá de Mhí an Mhárta 2009.

Filí ag duanaireacht a gcuid filíochta dúinn agus lucht mheastóireachta na

filíochta ag déanamh an eolais dúinn: an rud a ba dual ariamh anall do lucht éigse.

Agus níor fhan muid ina mhuinín sin: bronnadh Gradam na hÉigse ar Anraí Mac

Giolla Chomhaill, seoladh leabharthaí, caitheadh bia go suáilceach agus scaoileadh

cuisle na héigse nuair a chuir Cór Thaobh a‘ Leithéid craiceann ceoil ar chuid den

fhilíocht.

Níl ach a rá gurbh fhiú dúinn an fanacht nó bhí Éigse 2009 ar na hócáidí a ba

bhisiúla dá raibh againn go fóill. A bhuíochas sin ar an choiste eagair agus ar an

scaifte dhóighiúil a choinnigh cuideachta linn i rith an ama.

Ach má bhí bláth ar an ócáid agus má tháinig toradh uirthi sa leabhrán bhreá seo,

is é an stiúrthóir Malachy Ó Néill is mó a thuill ár mbuíochas. Sonasach go raibh tú,

a Mhic Uí Néill, tá luaíocht i dtólamh daite don dúthracht!

Ailbhe Ó Corráin,

Ollscoil Uladh, Doire

vii

Réamhrá

Bunaíodh Éigse Cholm Cille sa bhliain 2002 le léamh agus scríobh na Gaeilge a

chur chun cinn agus le ceiliúradh a dhéanamh ar scríbhneoirí an cheantair mhóir sin

atá ag síneadh ó Cheann Mhálainne in Inis Eoghain go dtí an Ómaigh. I nDoire atá

an eagraíocht lonnaithe mar gheall ar a shuíomh lárnach ach is mór againn

oidhreacht iomlán an cheantair.

Socraíodh an téama ‗Filí agus Filíocht‘ tamall gairid roimh an Nollaig 2008 agus

tugadh cuireadh do chuid de na daoine is mó a bhfuil éacht déanta acu i ngort na

filíochta in aimsir seo na Nua-Ghaeilge.

Bhí Ailbhe Ó Corráin, Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Uladh, i láthair le fáilte Uí

Cheallaigh a chur romhainn uilig san Aula Maxima agus Éigse 2009 a oscailt go

hoifigiúil.

Is í Nuala Ní Dhomhnaill a thug léacht na hÉigse ar an chéad oíche, codanna dá

saothar iontach á n-aithris aici tríd síos. D‘éirigh léi duanaire s‘aici féin a nascadh go

pointeáilte le Cúige Uladh, tagairt do Nuala Ní Dhomhnaill eile mar fhocal scoir ar

an chaint aici.

Bhí Cór Thaobh a‘ Leithéid i láthair fosta, ‗Filíocht na nUltach‘ á ceiliúradh acu

ar ardán agus iad faoi stiúir ag Doiminic Mac Giolla Bhríde. Filiúnta, fonnmhar agus

fóirsteanach a bhí sé, filíocht Chúige Uladh á canadh le tionlacan cuí.

Bhí filí logánta i láthair fosta, Colette Ní Ghallchóir agus Nuala Reilly, agus rann

an bheirt acu dornán dánta dá gcuid leis an lucht éisteachta sa tseomra caidrimh

roimh dheireadh na hoíche. Thapaigh file eile an deis an rud amhlaidh a dhéanamh

agus a chuid oibre a fhógairt os comhair an tsaoil. Gary Mac Ruairí atá i gceist

agam, fear óg de bhunadh Oileán Thoraí atá ag gabháil don Cheol agus don Ghaeilge

anseo i nDoire.

Sraith léachtaí a bhí beartaithe don tSatharn agus thug Fionntán de Brún

(Ollscoil Uladh, Cúil Raithin) léargas ar a chuid taighde ar Aodh Mac Domhnaill,

‗file Ultach‘ mar a bhaist sé air féin. Rinne Ciarán Mac Murchaidh (Coláiste

viii

Phádraig, Droim Conrach) scagadh iontach ar fhilíocht Ghréagóra Uí Dhúill ina

dhiaidh sin agsu bhí Gréagóir féin i láthair le spléachadh a thabhairt ar fhilíocht

Chúige Uladh le leathchéad bliain anuas. D‘aithris an Dúilleach dán nó dhó dá chuid

féin chomh maith, rud a chuir go mór leis an léiriú a bhí déanta cheana ag Ciarán

Mac Murchaidh.

Filíocht Chathail Uí Shearcaigh a bhí faoi chaibidil ag Art Hughes (Ollscoil

Uladh, Béal Feirste) tráthnóna agus d‘éirigh le hArt nascanna fiúntacha a léiriú idir

téama an phréamhachais ag an tSearcach agus ag scríbhneoirí eile Chúige Uladh.

Bhí Cathal féin i láthair chomh maith, ag aithris dánta dá chuid féin agus ag

reacaireacht ‗rant‘ a bhí ar bun aige san am.

Cuireadh an dlaíóg mhullaigh ar an ócáid ar fad nuair a bronnadh Gradam na

hÉigse ar Anraí Mac Giolla Chomhaill, scoláire, oide agus Doireach go smior. Bhí dán

molta cumtha ag Réamonn Ó Muirí don lá agus ba mhór an pléisiúr dom féin –

iarscoláire agus dlúthchara de chuid ‗Harry‘ – bheith páirteach sa bhronnadh seo.

Gabhaim buíochas mór ó chroí le gach duine a bhí páirteach in Éigse 2009, na filí

féin agus na cainteoirí go príomha. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le

cathaoirligh na seisiún: an tOllamh Greg Toner agus an tOllamh Séamus Mac

Mathúna (Ollscoil Uladh, Cúil Raithin) agus an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin.

Is iomaí duine a chuidigh le heagrú na hÉigse agus tá mé go mór faoi chomaoin ag

mo chomhghleacaithe i Roinn na Gaeilge in Ollscoil Uladh agus ag mo

chomhchoisteoirí ar Choiste Éigse Cholm Cille.

Go raibh céad maith agaibh go léir agus guím gach rath ar Éigse 2010, ‗Greann na

Gaeilge‘!

Malachy Ó Néill

Ollscoil Uladh, Doire

Mí na bhFaoilleach 2010

1

1

Barking up the wrong tree?

Trying to write poetry in Irish

Nuala Ní Dhomhnaill

Is é an teideal Gaeilge a bhí agam ar an léacht nuair a bhí mé á scríobh amach ná

‘Mún Dreoilín san Aigéan’. Mar sin tagann sé go maith leis an meafar faoin aigéan

dubh dorcha mór groí seo agus, ar ndóigh, tá seanfhocal ann go raibh an dreoilín seo ann

agus go ndearna sé mún san aigéan agus go ndúirt sé, ‘Achainímse ort a fharraige mhór,’

mar dhea, amhail is go raibh rud éigin mór déanta aige. Is mar sin go díreach a

bhraithim nuair a fhéachaim ar fharraige mhór leathan na Gaeilge.

The English for this lecture when I was asked for it was ‗Barking Up the Wrong

Tree?‘ but afterwards when I was thinking about it and what would that be in Irish

I realised, ‗Mún dreoilín san fharraige,‘ and that‘s ‗a wren‘s piss in the ocean‘. It

comes from a proverb, a seanfhocal, about this wren that was so delighted with

himself that it had pissed in the ocean and it said: ‗Now you owe me one, oh Great

Ocean‘. That‘s actually how I feel in the face of this huge, overwhelmingly powerful

tradition that we do have in Irish.

As Gráinne [Ní Ghillín] said, I‘ve been standing up here, blethering away about

my poetry for the last 40 years. I was still only 16 when I went to ‘Filí Éireann go

hAonteach’. It was the first ever Merriman Winter School and it happened to be in

Nenagh, County Tipperary, where I was living at the time. I was in Limerick in

boarding school, in a scoil lán-Ghaelach. And I was, for my sins, a ceannaire scoile,

and I should have been giving a good example that weekend and been at the local

dance with the Glenstal Boys but when you‘re 17 and they‘re 17, it‘s kind of stupid

because 17 year old girls go out with 19 or 20 year olds. Anyway, we thought they

were ‗drips‘, and so there was no chance that I was going to miss an Irish cultural

evening. That was held against us afterwards because the abbot of Glenstal was very

put out about it and he actually said it to my parents afterwards, ‗Oh she‘s the one

who went off to an Irish cultural evening,‘ rather than having a dance with his boys.

But if I hadn‘t have done that, I probably wouldn‘t have ended up here in front

of you after spending 40 years in Irish. Because that was the most extraordinary

intellectual experience of my young life until then. Máirtín Ó Cadhain gave the

paper which he subsequently published as Páipéir Bhána Páipéir Bhreaca and it‘s a

marvellous piece of writing. It‘s as good a piece of prose as any of his fiction is. It‘s a

really wonderful piece of writing. But in it he said that it was a very bad sign that

the Irish language was depending on liricí gearra, and it just so happened that that‘s

what I was interested in, liricí gearra. I remember being a bit put out because here

was this great spokesman for the Irish language fulminating against liricí gearra,

only to have Seán Ó Ríordáin get up, as you would say in Irish, ‗ar a chosa deiridh‘

and from notes he had written on the back of an envelope, because I was in the front

row and I‘m shortsighted, but not that shortsighted, he gave an extraordinary

2

response or repost to Ó Cadhain where he talked about how Ó Cadhain was, first of

all, a Rabelaisian writer. It was the first time I‘d heard the word ‗Rabelaisian writer‘

or ‗Rabelais‘ or anything like that, and then he went on at length about how a

Rabelaisian writer is actually very interested in good and evil and how Máirtín was a

Rabelaisian writer, that the very stream of his writing was Rabelaisian. Then he

went on to say that poetry comes from a level of the psyche that is beneath, below or

beyond good and evil. I didn‘t know at the time that he was actually quoting

Nietzsche until I read it afterwards and realized, ‗Oh, so that‘s where Seán Ó

Ríordáin got it from!‘ For me at the time, at 16 years of age, this was the most

exciting thing in the whole world. And it was going on in Irish! So, b’shin deireadh

liom.

D’éiríos ar mo chosa deiridh leis. Dúras dhá dhán, ceann amháin acu a cuireadh i

gcló san Irish Times ina dhiaidh sin agus go bhfuaireas trí phunt as, b’shin é an-chuid

airgid ag an am, agus bhíos i m’fhile déanta, cheapas. B’shin deireadh go brách le bheith

i mo dhochtúir nó i m’innealtóir nó bheith i mo … rudaí go léir gur theastaigh ó mo

mhuintir go mbeinn. Bhí an fhilíocht imithe sa cheann ar fad orm. Caithfidh mé a rá

gurb í an oíche sin ag Cumann Merriman a chuir tosach leis ar fad.

Ar ndóigh, na dánta a léas amach an oíche sin, níorbh fhiú iad a choimeád, cé gur

chuireas i mo chéad leabhar iad. Ní raibh iontu ach juvenalia de shaghas amháin.

Chuas go dtí an coláiste, go Corcaigh. Go dtí sin bhíos in ainm is a bheith ag déanamh

leighis mar sin ní rabhas i ndiaidh puinn smaoinimh a dhéanamh ar cad a dhéanfainn.

Ach ag an am san bhí an seans fós ann go bhféadfá eolaíocht a dhéanamh agus teangacha

a dhéanamh. Bhí mé fós san aois go bhféadfá an dá thaobh a thabhairt leat. Mar a

tharla, bhí an seans agam. Nuair a bhí siad a rá liom dul chun an choláiste agus a

roghnú cad a dhéanfainn dúirt mé liom féin, ‘Déanfaidh mé teangacha. Déanfaidh mé

Gaolainn agus Béarla,’ mar cheapas gur ‘doss subjects’ iad.

I said to myself, ‗I‘m going off to college now and I‘ll do Irish and English

because they‘re ‗doss subjects‘, basically. I mean I can speak them, I can read them,

I mean, there can‘t be that much in them!‘

Did I know what I was facing into! Two double subjects: Anglo-Saxon, Beowulf,

The Dream of the Rood. There were a few nice bits like Sir Gawain and the Green

Knight, and in Irish there were the Glosses, an tSean-Ghaeilge, gan a bheith ag trácht

ar an Meán-Ghaeilge.

I mean, I really really really bit off more than I could chew, but still. Since I was

eight I would have read a book a day. In boarding school we had three and a half

hours study and I would have read novels for two hours and then done my

homework in the last hour and a half. I wouldn‘t have done it the other way around

because it would have been like Murphy‘s Law, the homework would have filled the

available space. So I deliberately used to read novels for two hours and then I would

have to do my homework in the last hour and a half. And the great thing about it

was that it taught me how to focus. There‘s nothing like having to do ten Latin

sentences in fifteen minutes and ten French sentences in fifteen minutes and half the

Geography of Europe in twenty minutes. I‘ve nothing against that either, and I did

3

get to read a lot of good novels at the time. I remember distinctly A Passage to India

was one and Anna Karenina was another and War and Peace and all these great

novels that maybe I didn‘t really understand. Years later when I read some of them

again, having grown up in the meantime, I remember I had a completely different

take on them altogether. I‘m all for a liberal education and reading as much as

possible as often as possible. I was very lucky.

Bhíos ábalta an dá thrá a thabhairt liom agus d’imíos liom go dtí an coláiste agus

bhíos sáite i ngach aon rud. Bhíos sáite sa Chumann Drámaíochta i nGaeilge, bhíos sáite

sa Chumann Drámaíochta i mBéarla, bhíos sáite sa Chumann Gaelach, bhíos sáite san

English Lit. agus sna rudaí sin ar fad. Agus chun an fhírinne a rá ní raibh an oiread

sin dánta á scríobh agam i dtosach báire. Nuair a tháinig Innti amach ar dtús, chuir

Davitt ceist orm an raibh aon dán agam agus dúirt nach raibh mar nach raibh aon

cheann nua agam. Is é an gnó a bhí agamsa an chéad oíche ag lainseáil Innti I é féin

agus sna seachtainí fada ina dhiaidh sin sa choláiste ná a bheith á dhíol. Bhí ‘fun fur’

agam agus buataisí arda agus bhíos i mo chailín beag á dhíol timpeall an choláiste. Agus

bliain ina dhiaidh sin osclaíodh Má Nuad mar ollscoil seachas mar áit do shagairt

amháin agus bhí cailíní á scaoileadh isteach ann. Agus is cuimhin liom duine a rá liom

– ní luafaidh mé a ainm mar tá sé fós beo – agus dúirt sé: ‗Come up to Maynooth,

Nuala. We‘re going up for a reading. Come up and show your legs.‘ Bhraitheas

díreach mar an t-amhrán sin, ‗Step it out rightly Mary my fine daughter, step it out

Mary if you can.‘ Bhí sé ar an leibhéal sin. Creid nó ná creid gurbh shin é an leibhéal a

bhí ann ag an am. Ní féidir liom a rá go rabhas sásta nó míshásta mar chun an fhírinne

a rá ní rabhas ach ag iarraidh dánta a scríobh agus go gcuirfí i gcló iad.

And really I didn‘t have the wit, and I was too young and I hadn‘t read the

feminist books and I hadn‘t a clue really what was going on and I was very

backward, as one is, having spent five years in a girls‘ boarding school where a lot of

books weren‘t even available. I remember newspapers weren‘t even allowed in. It

was sort of like landing down from Mars or something like that. And then in

university, because free education had come out two years before, you had an input

into university which had never been there before. Hundreds of people came to

university whose people had never had a chance of education before and, I swear to

God, none of the departments at college knew what hit them. Definitely the Irish

Department didn‘t know what hit them. And what hit them was Gabriel

Rosenstock, Michael Davitt, Liam Ó Muirthile, Finín Ó Tuama, myself and a few

others.

Sin é an rud a bhí ar siúl. Bhíomar ag scríobh filíochta agus á cur amach. Tháinig

Innti amach, eagrán I agus II, agus ansin deineadh leabhrán de Innti III.

By the time we got to Innti III, we had got to the stage where we could write

and make a little booklet and that was the first one that also had translations at the

back and of course afterwards people decided that that wasn‘t a good idea so they

didn‘t do it anymore.

Nevertheless, that was where my first poems came out; and the first poems that I

really would call poems, as opposed to maybe competent verse or even incompetent

4

verse, was a series called ‗The Mór Poems‘. I got this idea of having dramatic

personae, not from Yeats as many people would say because Yeats was famous for

that, or not even from the Irish language tradition, which after all in Old Irish is

famous for that too because I‘ve recently heard people say that there‘s no such thing

as the so-called Early Irish lyric; it‘s actually a dramatic monologue in the voice of

Colm Cille kicking it, or Deirdre kicking it, or Éabha kicking it, or whoever it was

kicking it around the place. But anyway, they were all singing, so in a way this

famous Early Irish lyric isn‘t that at all but a dramatic monologue. But I actually

got the idea of the dramatic monologue and the fact that you can use different

personae very early but from a very strange area, which was John Berryman who

had just produced the first book of his Dream Songs. John Montague was teaching us

English when I was in third year in Cork and he had one copy of this book and he

kind of showed it around and we just gawked and were delighted and then somebody

sent off to America for the book and the book came and went like wildfire through

the students. I suppose they say that youth is wasted on the young; and I suppose I

feel it, but I don‘t mean it like that, but education was definitely wasted on me. I

was scattered, I was a total flibberty-gibbet. I really didn‘t do much study at all, I

was a very bad student. But I think that what we learned extra-curricularly among

ourselves through talking about poetry, through arguing about it, through finding

these books and sending off to America for them, was really the most wonderful

thing that stood to me for the rest of my life. And maybe because we had so many

Seáns at the time – Seán Ó Riada, Seán Ó Ríordáin and Seán Ó Tuama, John

Montague and Seán Lucey in the English Department – this group of stellar

educationalists, you could call them, who were just an example to us, and you could

go into Starry‘s Pub with them and argue about poetry. It‘s only in retrospect that I

realise how lucky we were that you could get up there with a big well-known poet

like Montague and argue whether or not the muse can be female; that was one of the

famous arguments. I remember having a big row with Montague – and like I said I

was a flibberty-gibbet but I had some very strong ideas and one of them was that I

was a muse poet – and he said: ‗A woman can‘t be a muse poet, because the

relationship with a woman is too intense and it would be like a woman making love

to another woman‘. I couldn‘t see the problem, but then of course, we were another

generation.

I‘ll just give you a few lines of a John Berryman poem just to show you how the

whole idea of the various voices influenced us; and this section I‘ll give because I

ended up writing a whole poem based on this point of view. This is Henry, one of the

great characters in The Dream Songs; the other one of course being Mr Bones, and

sometimes you don‘t know if Mr Bones is different from Henry because Mr Bones is

black, obviously, because he has ‗black talk‘, and Henry is probably a type of

persona for the writer himself. But never did Henry, as he thought he did,

end anyone and hacks her body up

and hide the pieces, where they may be found.

He knows: he went over everyone, & nobody's missing.

5

Often he reckons, in the dawn, them up.

Nobody is ever missing.1

And it‘s lines like that, the way they sat on the page, the way they were just so

unusual, that gave me the characters that were in my first poems and I‘ll read one or

two of them. One of them is ‗Mór Goraí‘ and it‘s been translated by Michael

Hartnett as ‗Mór Hatching‘:

Mór Hatching

I‘m telling you,

unruly Mór,

that green snakes

will emanate from your womb

if you stay hatching

out this poison kernel

one day more.

Gather to your self,

like a bee,

the hours that are blossoming

in the sun‘s sharp sting:

they ripen in the heat.

Gather them –

from them create

honeyed days.

Mór Goraí

Táimse a rá leat,

a Mhóir mhíchuibheasach,

go dtiocfaidh naithreacha uaithne

amach as do bholg

má fhanann tú ar gor

ar nimh na haithne

lá níos faide.

Cnuasaigh chugat isteach

mar bheach

na huaireanta chloig a osclaíonn amach

fén ngréin rinn-ghathach;

aibíonn siad sa teas.

Bailigh iad

is dein díobh

laetha meala.2

Sin é an sórt ruda a bhíodh ar siúl againn. Bhí sé iontach beo go bhféadfá, agus tú i

do leadhb bheag óg oinsí, dul isteach i bpub le scoláirí móra agus le filí breátha agus

1 John Berryman, „Dream Song 29‟, 77 Dream Songs (Faber, Londain 1964).

2 Nuala Ní Dhomhnaill, Selected Poems: Rogha Dánta, translated by Michael Hartnett (New Island Books, Baile Átha

Cliath 2000), 32-33.

6

tuairim a bheith agat agus do thuairim a chur ar an mbord agus seasamh leis agus a rá,

‘Tóg nó fág é’. Tá súil agam go bhfuil an ollscoil fós mar sin mar b’shin é an rud a thug

an ollscoil dom; ní hiad na ranganna móra groí go raibh 300 duine istigh in aon seomra

agus go rabhamar leath inár gcodladh ag éisteacht le duine éigin ag caint ar Chaucer nó

n’fheadar sa diabhal, rud éigin nach cuimhin liom ó shin. Ní hé sin is cuimhin liom ach

na huaireanta a’ chloig a chaitheamar ag plé le filíocht lasmuigh den gcúrsa.

Bhailíos liom go dtí an Tuirc. Chuas go dtí an Ollainn ar dtús agus bhíos ann dhá

bhliain agus bhí m’fhear céile ag déanamh PhD. agus ansin bhailíos liom go dtí an

Tuirc ar feadh cúig bliana. Bhí beirt clainne agam, bhí post agam san ollscoil agus bhíos

an-ghnóthach. Chuireas orm an teanga a fhoghlaim.

I headed off to Turkey and, I swear to God, I wasn‘t going to set foot in this

priest-ridden, benighted, rain-driven sod of Ireland ever again. ‗Fóidín mallaitheach

na hÉireann‘, I called it at the time. But after seven years I realised, ‗Why did I

have to go? I had as much right to be there as the rest of them.‘ So I came back. But

before that I had actually started writing in Turkey and it was there that I wrote

some poems that I suppose I couldn‘t have written if I had have been in Ireland

because I was looking at Ireland almost as an outsider at this stage. I‘d learned

Turkish and I was living as a Turk among Turks. Actually, I was blackballed from

the Foreign Wives‘ Club in the British Embassy because my children didn‘t speak

English.

Anois, cuimhnigh air. Tá sé ar nós rud éigin as an Raj nuair a chuimhníonn tú siar

air. Is é an fáth nach raibh aon Bhéarla ag mo chlann ná go ndúirt liom féin, má

théimid ar ais go hÉirinn, rachaimid go dtí an Ghaeltacht ar dtús, agus muna mbeidh

aon Bhéarla acu beidh sé gach pioc chomh furasta ag daoine Gaeilge a labhairt leo ná

Béarla.

So that was the theory, that the kids would have no English and that it would be

as easy to speak Irish to them as English. But of course when we got there, there was

this box in the corner that was saying things like, ‗I like spinach‘ and ‗Blow me

down!‘ My son blackguarded me. I was still unpacking when he said to me in

Turkish, ‗Mammy, mammy, I can speak Irish,‘ and he said, ‗I like spinach‘ and

‗Blow me down!‘ Bhí pian i mo chroí! It was only years later when he said to me, ‗I

was only bligarding you. I knew damn well that was English. You‘re so stupid!‘

Mar a dhéanann siad i gcónaí, agus bíonn an ceart acu. Ach toisc go rabhas

lasmuigh d‘Éirinn, bhíos ábalta féachaint ar rudaí áirithe, agus is é sin an fáth go

rabhas ábalta dán ar nós an chinn seo, ‗Máthair‘ a scríobh. Léifidh mé é amach, ach

caithfidh mé an pointe seo a dhéanamh, agus déanaim é i ngach scoil a dtéim ann, ní

hé ‗mo mháthairse‘ atá anseo, ach ‗máthair‘. Agus bhí dán eile ar an taobh eile den

leathanach darb ainm ‗Athair‘ agus is é an rud a bhí ar siúl agam ná sórt anailís

shocheolaíochta ar theaghlach na hÉireann, mar a bhí ag an am.

Mother

You gave me a dress

and then you took it back from me.

You gave me a horse

7

which you sold in my absence.

You gave me a harp

and then asked me back for it.

You gave me life.

At the miser‘s dinner-party

every bite is counted.

What would you say

if I tore the dress

If I drowned the horse

If I broke the harp

If I choked the strings

the strings of life?

Even if

I walked off a cliff?

I know your answer.

With your medieval mind

you‘d announce me dead

and on medical reports

you‘d write the words,

―ingrate, schizophrenic‖.3

Bhíos 27 bliain d’aois nuair a scríobhas é sin, bhíos i mo mháthair agus beirt clainne

agam ag an am, ach ní guth na mná óige a raibh clann uirthi atá anseo. Seo guth cailín

beag atá 13 bliana d’aois agus atá i bhfeirg lena máthair agus tarlaíonn sé sin dúinn ar

fad, go mbíonn an tréimhse sin againn, agus is é sin an dán a tháinig as, ‘Máthair’. Ar

ndóigh, níl sé loighiciúil ar an gcéad dul síos. Conas a bháfá capall? Bhíos ag

cuimhneamh air sin ina dhiaidh sin.

Someone asked me in a class: ‗What did you mean by, if I drowned the horse?‘ I

said: ‗It‘s all a bit over the top, isn‘t it? How could you drown a horse? Sure, the

horse would drown you first.‘ It‘s not to be taken at a realistic level, as most of my

poetry is not to be taken at a realistic level. It‘s deliberately over the top because

when you‘re 13 and you‘re really cross with your mother because she won‘t let you

go out to the disco, or she‘s caught you smoking fags, or whatever it was, that‘s the

way you feel. It‘s deliberately over the top.

Máthair

Do thugais dom gúna

is do thógais arís é;

do thugais dom capall

a dhíolais i m‘éagmais;

do thugais dom cláirseach

is d‘iarrais thar n-ais é;

do thugais dom beatha.

Féile Uí Bhriain

is a dhá shúil ina dhiaidh.

3 Ibid, 41.

8

Cad a déarfá

dá stracfainn an gúna?

dá mbáfainn an capall?

dá scriosfainn an chláirseach?

ag tachtadh sreanga an aoibhnis

agus sreanga na beatha?

dá shiúlfainn le haill

thar imeall Cuas Cromtha?

ach tá‘s agam do fhreagra, –

le d‘aigne mheánaoiseach

d‘fhógrófá marbh mé,

is ar cháipéisí leighis

do scríobhfaí na focail

mí-bhuíoch, scitsifréineach.4

In some ways it was easier to write poems like that outside of Ireland because

there was a kind of a sense that ‗people aren‘t listening to you‘, there isn‘t this

Chinese whispers going on, this dúirt sé go ndúirt sé going on around you. You‘re free

of all of that. Sometimes I think that in order to write I need to get out of the

country and go away somewhere. I know Cathal [Ó Searcaigh] knows this as well

from going to Nepal, that sometimes it‘s a great help to get out of the country where

there‘s not this Chinese whisper going on all the time. Or maybe it‘s just me and

maybe I‘m paranoid, but just because I‘m paranoid doesn‘t mean they‘re not out to

get me, as everyone knows well!

This is another poem that I feel I wrote because I was outside of the Irish

perspective. It‘s another take on the Annunciation story, the Virgin Mary: ‘Tháinig

aingeal an Tiarna le scéala do Mhuire’. Again I think that if I hadn‘t have been

outside of Ireland I mightn‘t have been able to write it because I‘d still have been so

caught up in Irish culture that it wouldn‘t have dawned on me to look at it from a

different point of view. This is a translation by Michael Hartnett:

Annunciations

She remembered at the very end

the angelic vision

in the temple:

the flutter of wings

about her –

noting the noise of doves,

sun-rays raining

on lime-white walls –

the day she got the tidings.

He –

he went away

and perhaps forgot

what grew from his loins –

two thousand years

4 Ibid, 40.

9

of carrying a cross

two thousand years

of smoke and fire

of rows that reached a greater span

than all the spires of the Vatican.

Remember

o most tender Virgin Mary

that never was it known

that a man came to you

in the darkness alone

his feet bare, his teeth white

and roguery swelling in his eyes.

Scéala Do chuimhnigh sí

go deireadh thiar

ar scáil an aingil

sa teampall,

cleitearnach sciathán

ina timpeall;

is dúiseacht le dord colúr

is stealladh ga gréine

ar fhallaí aolchloch

an lá a fuair sí an scéala.

É siúd

d‘imigh

is n‘fheadar ar chuimhnigh riamh

ar cad a d‘eascair

óna cheathrúna,

dhá mhíle bliain

d‘iompar croise

de dhóiteán is deatach,

de chlampar chomh hard

le spící na Vatacáine.

Ó, a mhaighdean rócheansa,

nár chuala trácht ar éinne riamh

ag teacht chughat sa doircheacht

cosnocht, déadgheal

is a shúile lán de rógaireacht.5

Timpeall an ama sin do thánag abhaile aon uair amháin. Bhí m’athair agus mo

mháthair imithe go Meiriceá agus is dóigh liom gur fhanas le Breandán Ó hEithir agus a

bhean agus a chlann i mBaile Átha Cliath. Ansin do chuas sall go Gaillimh agus ar

chúis éigin is ó Ghaillimh a chuas síos go Ciarraí, agus bhíos ar an mbád

farantóireachta.

Before I actually got to the ferry from Killimer to Tarbert, I got stuck on the

Clare side of the road for two hours or maybe four hours; it was ages and ages. These

5 Ibid, 44-45.

10

were the days when you could still hitch-hike. After all the women that have

disappeared in Ireland over the years I wouldn‘t do it now and I wouldn‘t advise my

children to do it, but in those days people just hitch-hiked. You got a lift two miles

up the road, then you got a lift one mile up the road and then you got a lift four

miles up the road. Anyway, I got as far as a signpost that said, ‗Labysheedy 1 mile‘.

Leaba Shíoda. There I was on the side of the road looking at this for ages with no

cars coming near me, and I hadn‘t even been to Labysheedy at the time. All I know

is that the mind boggled, and I began to think. I had also just read the translation of

An Bíobla Naofa. It hadn‘t been translated at that time but some of it was out, and

the Song of Songs, Laoi na Laoithe, was out.

Bhí na línte ó Laoi na Laoithe ag dul timpeall i mo cheann agus bhíos tar éis a bheith

in Anatolia agus bhí mórán de na híomhánna i Laoi na Laoithe feicthe agam. Bhíodar

ag gabháil timpeall i mo cheann agus bhíos ag féachaint ar an gcomhartha bóthair seo.

Labasheedy a bhí ann, ach Leaba Shíoda a thosnaíos ag cuimhneamh air. Faoin am go

rabhas ag éirí ar an mbád farantóireachta bhí an dán scríte agam. Bhí sé á scríobh agam

i mo cheann, agus ar an mbád, tháinig fear an-dathúil óg suas chugam agus bhí sé ag cur

cainte orm agus chasas timpeall air agus dúrtsa leis: ‗Go away! I‘m writing a poem in

Irish!‘ agus b’shin é a dheireadh.

That was that, and it‘s just as well because I don‘t know who he was. He would

have come and gone and I wouldn‘t have got the poem, so I think I made the right

decision. This is my own translation of the poem:

Labysheedy

I‘ll make a bed for you

in Labysheedy

in the tall grass

under the wrestling trees

where your skin

would be silk upon silk

in the darkness

when the moths are coming down.

Skin which glistens

shining over your limbs

like milk being poured

from jugs at dinnertime;

your hair is a herd of goats

moving over rolling hills,

hills that have high cliffs

and two ravines.

And your damp lips

would be as sweet as sugar

at evening and we walking

by the riverside

with honeyed breezes

blowing over the Shannon

and the fuschias bowing down to you

11

one by one.

The fuschias bending low

their solemn heads in obeisance to the beauty

in front of them

I would pick a pair of flowers

as pendant earrings

to adorn you

like a bride in shining clothes.

O I‘d make a bed for you

in Labysheedy,

in the twilight hour

with evening falling slow

and what a pleasure it would be

to have our limbs entwine

wrestling

while the moths are coming down.

Leaba Shíoda

Do chóireoinn leaba duit

i Leaba Shíoda

sa bhféar ard

faoi iomrascáil na gcrann

is bheadh do chraiceann ann

mar shíoda ar shíoda

sa doircheacht

am lonnaithe na leamhan.

Craiceann a shníonn

go gléineach thar do ghéaga

mar bhainne a fháil as crúiscíní

am lóin

is tréad gabhar ag gabháil thar chnocáin

do chuid gruaige

cnocáin ar a bhfuil faillte arda

is dhá ghleann atá domhain.

Is bheadh do bheola taise

ar mhilseacht shiúcra

tráthnóna is sinn ag spaisteoireacht

cois abhann

is na gaotha meala

ag séideadh thar an Sionna

is na fiúisí ag beannú duit

ceann ar cheann.

Na fiúisí ag ísliú

a gceann maorga

ag umhlú síos don áilleacht

os a gcomhair

is do phriocfainn péire acu

mar shiogairlíní

12

is do mhaiseoinn do chluasa

mar bhrídeog

Ó, chóireoinn leaba duit

i Leaba Shíoda

le hamhscarnach an lae

i ndeireadh thall

is ba mhór an pléisiúr dúinn

bheith géaga ar ghéaga

ag iomrascáil

am lonnaithe na leamhan.6

The reason I mentioned Breandán Ó hEithir was because he had got a bursary

from the Arts Council of £3,000 that year to spend some time writing a novel which

he subsequently did. And I remember thinking, ‗Hmm, that would keep me going

for a while‘. So I went back to Turkey and I worked very hard all year, I distinctly

remember. What happens in Turkey is they have so many ancient sites that

suddenly a new one gets found and excavated and it‘s the big thing and everybody

goes there. Later on it became Olympos and don‘t ask me what the latest is. But at

the time it was Side, which was a wonderful city with a great temple to Apollo right

in the middle of it. It was May and I deliberately didn‘t go to Side for the weekend

with all my buddies. I stayed in my little box room which had no windows, writing

poetry in Irish.

Cuimhnigh air! Bhíos as mo mheabhair. Ach do dheineas é agus do chuireas isteach

ar an sparántacht ach ní fhéadfainn é a chur go hÉirinn, mar is cuimhin le mórán

agaibhse é seo, bhí mórán stailceanna ann. Bhí stailc bhainc ann a mhair bliain. Seo i

bhfad roimh aon tíogar nó fiú amháin cat, nó gan a bheith ag trácht ar piscín a bheith

ann. Bhí stailc phoist ann agus ní fhéadfainn é a chur go hÉirinn. Mar sin chuireas go

dtí oifig a bhí ag RTÉ a bhain leis an BBC i Londain agus bhailigh Breandán Ó hEithir

é agus do thug sé leis go hÉirinn é agus thug a mhac, Ruairí, isteach é le gach a raibh ann

an lá deireanach den spriocdháta. Bhí míle milliún seans ann nach bhfaigheadh sé

isteach in aon chor, agus is é sin a thug abhaile mé. Murach é sin ní bheinn ábalta a

bheith ag an mbaile.

Cuimhnigh air! Do thugas suas post ollscoile agus do thugas suas an tigh agus do

dhíolas mo throscán agus cheannaíos ticéid abhaile agus thógas na leanaí óna n-athair

agus dúirt leis siúd go bhféadfadh sé mé a leanúint dá mba mhaith leis é agus bhailíos

liom síos go Ciarraí ag scríobh filíochta i nGaeilge. Anois nuair a chuimhním siar air ní

raibh aon dealramh leis in aon chor. Cé a dhéanfadh rud mar sin?

Bhí píosaí próis á scríobh agam ag an am agus tá mé ag iarraidh anois iad a chur le

chéile i slí amháin agus fuaireas amach gurb é an rud is fearr a dhéanaim ná guth

m’inínese. Tá iníon agamsa, an iníon is críonna, agus is bossy-boots ceart í, agus tá sí

an-anailíseach agus eolaíochtúil agus dhein sí céim le luibheolaíocht. Bíonn sí i gcónaí

ag tabhairt amach dom agus bíonn sí i gcónaí ag cur treoracha orm agus bíonn sí i gcónaí

do mo bhossáil timpeall na háite.

6 Ibid, 154-7.

13

I have this very bossy daughter who bosses me around all the time and she really

sets my life straight and all sorts of things. And I can hear her voice, the way I‘m

trying to bring all these pieces of prose together from the time and I can hear her

commenting on all these early pieces of prose and saying: ‗She brought us back to

Ireland for this?‘ ‗She brought us to the back of beyond to a small house at the end

of a strand for this?‘ ‗She made me lose my father for a year for this?‘ There are a lot

of stories that I‘ve been told over the years that are going to go straight into that.

Ach b’shin é an rud a tharla agus murach é sin ní dóigh liom go mbeinn anseo. Ach

nuair a bhíos trí bliana thíos i gCiarraí thug sé seans dom dul i dtaithí ar an teanga arís,

agus dul i dtaithí ar mo mhuintir chun an fhírinne a rá, mar cé gur tógadh ann mé ar

feadh dhá bhliain nuair a bhíos i mo leanbh i dtigh m’aintín, ní rabhas tar éis

maireachtaint ann ach amháin sa samhradh agus thug sé seans dom dul i ngleic le mo

dhúthaigh féin agus mo mhuintir féin agus tháinig roinnt dánta as sin.

And this is one of them: ‘Dán do Mhelissa’ / ‗A Poem for Melissa‘. This poem was

written on Ventry Strand. We were walking along the strand and she was dancing

ahead of us. It‘s on the Leaving at the moment and one of the questions that the

kids always ask me is about the line, ‗my daughter not five or six years old / nach

bhfuil fós ach a cúig nó a sé de bhlianta‘. They say, ‗How is it you didn‘t know your

daughter‘s age?‘ Of course I knew my daughter‘s age. She was seven, but it didn‘t

suit the metre. That‘s what poets do. It‘s not about facts, it‘s about truth, right?

This is one of the poems I managed to write when I was down there and it‘s actually

set in Corca Dhuibhne on Ventry Strand.

Poem for Melissa

My fair-haired child dancing in the dunes

hair be-ribboned, gold rings on your fingers

to you, yet only five or six years old,

I grant to you all on this delicate earth.

The fledgeling bird out of the nest

the iris seeding in the drain

the green crab walking neatly sideways:

they are yours to see, my daughter.

The ox would gambol with the wolf

the child would play with the serpent

the lion would lie down with the lamb

in this pastoral world I would delicately grant.

The garden gates forever wide open

no flaming swords in hands of Cherubin

no need for a fig-leaf apron here

in this pristine world I would delicately give.

Oh white daughter here‘s your mother‘s word:

I will put in your hand the sun and the moon

I will stand my body between the millstones

in God‘s mills so you are not totally ground.

14

Dán do Mhelissa

Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche,

ribín id cheann is fáinní óir ar do mhéaranta

duitse nach bhfuil fós ach a cúig nó a sé de bhlianta

tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.

An gearrcach éin ag léimt as tóin a nide

an feileastram ag péacadh da díog,

an portán glas ag siúl fiarsceabhach go néata,

is leatsa iad le tabhairt faoi ndeara, a iníon.

Bheadh an damh ag súgradh leis an mhadra allta,

an naíonán ag gleáchas leis an nathair nimhe,

luífeadh an leon síos leis an uan caorach

sa domhan úrnua a bhronnfainn ort mín mín.

Bheadh geataí an ghairdín ar leathadh go moch is go déanach,

ní bheadh claimhte lasrach á fhearadh ag Ceiribín,

níor ghá dhuit diulliúr fige mar naprún íochtair

sa domhan úrnua a bhronnfainn ort mín mín.

A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín

go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian

is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn

i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.7

It was around that time also that I wrote a poem called ‗Gaineamh Shúraic‘ and

again I was walking along the strand. I used to let the kids run off for miles and

miles and my aunt‘s husband said to me: ‘Ná scaoil leo mar sin.’

Dúras féin: ‘Níl aon dáinséar ar thrá Fhionn Trá. Níl sé doimhin. Ní féidir leo ach

titim isteach san abhainn agus níl ach leathorlach san abhainn agus sin an méid a

tharlódh dóibh.’

‘No,‘ a dúirt sé. ‘Tá áiteanna ann ina bhfuil gaineamh shúraic.’

And it‘s true actually. Once since then I found myself in one of these areas where

the sinking sand was and I realised it. But at the time before I‘d had the physical

feeling of the gaineamh shúraic, the sound of the word, ‗gaineamh shúraic‘ was so

incredibly effective that I ended up writing a poem just to find a place to put these

words down on paper. The translation is by Michael Hartnett:

Quicksand

My love don‘t let me going to sleep

fall into the dark cave.

I fear the sucking sand

I fear the eager hollows in the water,

places with bogholes underground.

Down there there‘s ancient wood and bogdeal:

7 Ibid, 136-7.

15

the Fianna‘s bones are there at rest

with rustless swords – and a drowned girl,

a noose around her neck.

Now there is a weak ebb-tide:

the moon is full, the sea will leave the land

and tonight when I close my eyes

let there be terra firma, let there be hard sand.

Gaineamh Shúraic

A chroí, ná lig dom is mé ag dul a chodladh

titim isteach sa phluais dhorcha.

Tá eagla orm roimh an ngaineamh shúraic,

roimh na cuasa scamhaithe amach ag uisce,

áiteanna ina luíonn móin faoin dtalamh.

Thíos ann ta giúis is bogdéil ársa;

tá cnámha na bhFiann ‘na luí go sámh ann

a glaimhte gan mheirg – is cailín báite,

rópa cnáibe ar a muinéal tairrice.

Ta sé anois ina lag trá rabharta,

tá gealach lán is tráigh mhór ann,

is anocht nuair a chaithfead mo shúile a dhúnadh

bíodh talamh slán, bíodh gaineamh chruaidh romham.8

After a year my husband turned up, and I said I wasn‘t going back, and he said

he‘d stay on, so we came to an agreement. Of course we were down in West Kerry

and there were no jobs for geologists down in West Kerry, so he got a job in Dublin.

But the commute was too long. It‘s the longest train journey in Ireland still, I think,

from Dublin to Mallow and then from Mallow through Millstreet and Killarney and

on to Dingle. Then it was an hour and a half in my little Renault 4 from Tralee out

to where we were near Dingle. Even though he had flexitime, it didn‘t work. So with

great trepidation I moved to Dublin.

Now I thought I was Irish, but suddenly I realized that I‘d spent my whole life in

Ireland in Munster.

Fuaireas amach nach Éireannach mé ach gur Muimhneach mé.

I‘d grown up in Kerry and north Tipperary; I‘d gone to school in Limerick; I‘d

learned to horseride and things like that in Waterford; I‘d gone to college in Cork

and I‘d gone to Clare, up to Doolin, to listen to music; and I‘d actually never really

lived outside of Munster.

Dublin was a real shock to the system because if you were talking on a bus people

would say, ‗Oh, she‘s one of those.‘ There was an ‗us and them‘ attitude to Irish

which I‘d never come across in my life. In Cork City if you were on a bus talking

Irish, in those days there were bus conductors, and the conductor would give you

your change and say something in Irish. It wasn‘t a big deal. But suddenly in Dublin

8 Ibid, 84-5.

16

I really felt I was in the Pale and I was very lonely in a way. I remember wondering

how I would ever get used to it. I asked Joe Daly, Seosamh Ó Dálaigh, who I had

gotten to know when I was down in Kerry for three years what should I do and he

said: ‘Téigh isteach sa Roinn le Béaloideas agus feic a bhfeicfir.’

He said, ‗Go into the Department of Folkore in UCD and see what you might

see.‘

I went in there and started with my own family, with my aunt‘s husband, Tomás

Ó Murchú, but I ended up getting another Tomás Ó Murchú who was actually a

very great storyteller. He was Eibhlín Ní Mhurchú‘s father. His nickname was

‗Drárs‘ and I got him and his stories and they were absolutely wonderful. Gradually

I found the right Tomás Ó Murchú and his father, Peaits who was a great

storyteller. They all had these extraordinary rhetorical, baroque qualities to the

language.

Bhí sé an-liteartha cé nach bhfaca i leabhar é go dtí sin. Bhíos meallta aige. Chuaigh

sé sa cheann orm agus de réir a chéile thosnaíos ag scríobh níos mó agus níos mó dánta

ina raibh rudaí mar sin. Agus ba é ceann acu an dán ‘Ag Cothú Linbh’.

The runs, the rhetorical phrases from folklore became so dominant, and they kind

of took me over for a while. It took me some time to get a hold of myself again. A lot

of them would have been from that marvellous level of language. There was

something in it that I recognised and what it was was the Irish that I had heard

when I was five. It was the kind of Irish you wouldn‘t have heard in the 80s in the

Gaeltacht anymore and you won‘t hear it now in the Gaeltacht anymore. It worked

on two levels. It worked ó thaobh na teanga de, na meadarachta agus na bhfuaimeanna

de. One level was the rhetorical level, the actual sound and the rhythms of the

language. But the other level was what‘s called in folklore the level of the motifs, but

really they‘re narrative images or images in a narrative, which were quite

extraordinary.

Agus arís do chuaigh sé sa cheann orm. Agus go hobann tuigeadh dom, na scéalta

Fiannaíochta seo agus mar seo, ar ndóigh, ní bhaineann siad lenár saol níos mó agus ní

féidir linn suí mar a dheineadh na daoine fadó cois na tine ag éisteacht leis na scéalta seo

mar ar ndóigh tá an teilifís anois ann agus is í an teilifís an tsúil ollmhór istigh sa

chúinne. Agus ina theannta sin, tá cuid de na scéalta ar an teilifís suimiúil go maith

agus is iad seo a fheidhmíonn mar sórt scéalaithe cois tine dúinn na laethanta seo.

Ach do bhraitheas go raibh rud éigin á chailliúint, agus is é an rud a bhí á chailliúint

ná an leibhéal sin teangan. Agus is é an leibhéal sin teangan a thug cuid de na dánta is

mó a thaitníonn liom féin de mo chuid dom, agus fuaireas cruinn díreach ó na scéalta

béaloidis iad. Seo sampla acu, ceann darb ainm ‘An Rás’. Is le Derek Mahon an t-

aistriúchán:

The Race

Like a mad lion, like a wild bull, like one

of the crazy pigs in the Fenian Cycle

or a hero leaping upon the giant

with his fringe of swinging silk,

17

I drive at high speed through

the small midland towns of Ireland,

catching up with the wind ahead

while the wind behind me whirls and dies.

Like a shaft from a bow, like a shot from a gun

or a sparrow-hawk in a sparrow-throng

on a March day, I scatter the road-signs,

miles or kilometers what do I care.

Nenagh, Roscrea, Mountmellick,

I pass through them in a daze;

they are only speed limits put there

to hold me up on my way to you.

Through mountain cleft, bogland and wet pasture

I race impetuously from west to east –

a headlong flight in your direction,

a quick dash to be with you.

The road rises and falls before me,

the surface changes from grit to tar;

I forget geography, all I know

is the screech of brakes and the gleam of lights.

Suddenly in the mirror, I catch sight of the sun

glowing red behind me on the horizon,

a vast blazing crimson sphere like the heart

of the Great Cow of the Smith-God

when she was milked through a sieve,

the blood dripping like a holy picture.

Thrice red, it is so fierce it pierces

my own heart, and I catch my breath in pain.

I keep glancing anxiously at the dripping sun

while trying to watch the road ahead.

So Sleeping Beauty must have glanced

at her finger after the spindle

of the spinning-wheel had pricked her,

turning it round and round as if in a trance.

When Deirdre saw the calf‘s blood on the snow

did it ever dawn on her what the raven was?

Oh, I know it‘s to you that I‘m driving,

my lovely man, that friend of my heart,

and the only things between us tonight

are the road-signs and the traffic-light;

but your impatience is like a stone

dropping upon us out of the sky;

and add to that our bad humour,

gaucherie, and the weight my terrible pride.

Another great weight is descended upon us

if things turn out as predicted, a weight

18

greater by far than the globe of the sun

that bled in my mirror a while back;

and thou, dark mother, cave of wonders,

since it‘s to you that we spin on our violent course,

is it true what they say that your kiss is sweeter

than Spanish wine, Greek honey or the golden mead of the Norse?9

As Béarla ní fhaigheann tú na rithimí seo a bhaineann leis an nGaeilge, mar nach

bhfuil siad sa Bhéarla. Fiú amháin nuair a tháinig lucht béaloidis timpeall ar dtús, go

minic níor thógadar síos iad. Ní rabhadar, dá bhrí sin, le fáil. Ach do bhíos faoi

dhraíocht acu agus is é sin an fáth gur thógas orm iad a chur ar phár i slí a bheadh

oiriúnach don lá atá inniu ann. Is é an rud a thógas na rithimí seo, na curaidh chatha,

mar a déarfá, agus d’úsáideas iad chun gluaiseacht fhiáin trí lár na tíre i lár na hoíche a

chur in iúl.

An Rás

Faoi mar a bheadh leon cuthaigh, nó tarbh fásaigh,

nó ceann de mhuca allta na Fiannaíochta,

nó an gaiscíoch ag léimt faoi dhéin an fhathaigh

faoina chírín singilíneach síoda,

tiomáinim an chairt ar dalladh

trí bhailte beaga lár na hÉireann.

Beirim ar an ghaoth romham

is ní bheireann an ghaoth atá i mo dhiaidh orm.

Mar a bheadh saighead as bogha, piléar as gunna

nó seabhac rua trí scata mionéan lá Márta

scaipim na mílte slí taobh thiar díom.

Tá uimhreacha ar na fógraí bóthair

is ní thuigim an mílte iad nó ciliméadair.

Aonach, Ros Cré, Móinteach Mílic,

n‘fheadar ar ghaibheas nó nár ghaibheas tríothu.

Níl iontu faoin am seo ach teorainní luais

is moill ar an mbóthar go dtí tú.

Trí ghleannta, sléibhte, móinte, bogaithe

scinnim ar séirse ón iarthar,

d‘aon seáp amháin reatha i do threo

de fháscadh ruthaig i do chuibhreann.

Deinim ardáin des na hísleáin, ísleáin des na hardáin

talamh bog de thalamh cruaidh is talamh cruaidh de thalamh bog –

imíonn gnéithe uile seo na léarscáile as mo chuimhne,

ní fhanann ann ach gíoscán coscán is drithle soilse.

Chím sa scáthán an ghrian ag buíú is ag deargadh

taobh thiar díom ag íor na spéire.

Tá sí ina meall mór craorag lasrach amháin

croí an Ghlas Ghaibhneach á chrú trí chriathar.

9 Nuala Ní Dhomhnaill, Pharaoh’s Daughter (The Gallery Press, Loughcrew, Co. na Mí), 95, 97.

19

Braonta fola ag sileadh ón stráinín

mar a bheadh pictiúr den Chroí Ró-Naofa.

Tá gile na dtrí deirgeacht inti,

is pian ghéar í, is giorrosnaíl.

Deinim iontas des na braonta fola.

Tá uamhan i mo chroí, ach fós táim neafaiseach

faoi mar a fhéach, ní foláir, Codladh Céad Bliain

ar a méir nuair a phrioc fearsaid an turainn í.

Casann sí timpeall is timpeall arís í,

faoi mar a bheadh sí ag siúl i dtraibhreamh.

Nuair a fhéach Deirdre ar fhuil dhearg an laoi sa tsneachta

n‘fheadar ar thuig sí cérbh é an fiach dubh?

Is nuair is dóigh liom gur chughat a thiomáinim,

a fhir álainn, a chumann na n-árann

is ná coinneoidh ó do leaba an oíche seo mé

ach mílte bóthair is soilse tráchta,

tá do chuid mífhoighne mar chloch mhór

ag titim anuas ón spéir orainn

is cuir leis ár ndrochghiúmar,

ciotarúntacht is meall mór mo chuid uabhair.

Is tá meall mór eile ag teacht anuas orainn

má thagann an tuar faoin tairngire

agus is mó go mór é ná meall na gréine

a fhuiligh i mo scáthán anois ó chianaibhín.

Is a mháthair ábhalmhór, a phluais na n-iontas

ós chughatsa ar deireadh atá an spin siúil fúinn

an fíor a ndeir siad gur fearr an bhlaiseadh amháin de do phóigín

ná fíon Spáinneach, ná mil Ghréagach, ná beoir bhuí Lochlannach?10

An ‘mháthair ábhalmhór’ sin, is dócha gurb í sin an Aigéan mhór mhillteanach

dhorcha seo go bhfuilimse tar éis mún beag a ligint inti!

Tugann sé sin go dtí deireadh na cainte mé, mar aon rud a dheineas as sin amach is

ag tógaint ar an méid sin a bhíos. An smaoineamh a bhuail mé go hobann, agus is dócha

go bhfuil an t-ádh ort má bhuaileann smaoineamh amháin tú a bhaineann leat féin, ach

an smaoineamh a bhuail mé go hobann go bhfuil i Roinn Béaloideasa Éireann agus i

scéalta béaloideasa na hÉireann, go bhfuil doimhneas agus abhainn agus éacht iontach

litríochta. Ná tugaimis cion de toisc gur béaloideas é, ach gur féidir litríocht a dhéanamh

as. Ar ndóigh, na dánta deireanacha seo, is i meadaracht an amhráin a bhíodar mar

thosnaigh mé féin leis an vers libre.

High Modernism, or ‗vers libre‘ was the main mode of poetry of the middle of the

twentieth century and then of course by taking on this folklore material I also took

on meadaracht an amhráin, and now the next stage is the most difficult stage, but it

is the stage which is closer to you here in Ulster than in anywhere else, because if I‘m

a serious poet in Irish, the next stage is that I have to take on the dán díreach. That

10

Nuala Ní Dhomhnaill, Pharaoh’s Daughter (The Gallery Press, Loughcrew, Co. na Mí), 94, 96.

20

means Eochaidh Ó hEodhasa, that means Eoghan Ruadh Mac an Bhaird, and that

means An Bhean Fuair Faill ar an bhFeart, who is after all my namesake.

It does bring me out of Munster, most definitely, although some of the poems

were written in Munster) and up here into Ulster in this way through literature that

I wouldn‘t otherwise know about. That is where I am at the moment, and I‘ve

decided that my way into dán díreach is to go through the poems that are dedicated

to Nuala Ní Dhomhnaill, my namesake, the sister of Red Hugh, who was married to

her cousin Niall Garbh, and when he rose up against Red Hugh and went over to the

side of the English, she divorced him – and proper order!

So my way into the dán díreach is through An Bhean Fuair Faill ar an bhFeart, to

answer after four hundred years the poems that were written to her. And this is as

far as I‘ve got:

A Bhean a fuair faill ar a bhfeart,

Tá sé thart!

And that‘s as far as I‘ve got, and then I‘m stuck. So that‘s where we are with my

‗mún dreoilín sa bhfarraige‘.

Le cúnamh Dé, i gceann deich mbliana, b’fhéidir, beidh rud éigin eile le cur leis sin

agam daoibh. Go raibh maith agaibh.

21

2

‗Filíocht Aodha Mhic Dhomhnaill (1802-1867):

ag cur focal Gaeilge ar an naoú haois déag’

Fionntán de Brún

Is ag cuimhneamh ar fhocail John Mitchel,―the ‗nineteenth century‘ would not

know itself, could not express itself in Irish‖1 atá mé i dteideal na léachta seo agam.

Ar ndóigh, bhí ciall ar leith ag Mitchel don ‗nineteenth century‘, rud is léir ó na

huaschamóga féin. Tá sé ar cheann de shaintréithe shaothar Mitchel go mbíonn sé ag

síorionsaí an naoú haois déag mar choincheap ann féin seachas mar thréimhse ama.

Coincheap é a chuimsíonn an iliomad duáilcí, ina measc sin fás na tionsclaíochta

agus an bochtánú (pauperization) a lean, bunú na n-impireachtaí trádála, agus an

idé-eolaíocht Victeoiriach. ―The darkest of all dark ages‖ a thug Mitchel ar an naoú

haois déag agus dar leis, dála mhanaigh na hÉireann le linn na Ré Dorcha féin, gur

mhair an Ghaeilge taobh amuigh den ‗naoú haois déag‘ mar iarsma den saol

neamhthruaillithe, nó mar a deir sé: There is no name for modern enlightenment in Irish, no word corresponding with the ‗masses‘

or with ‗reproductive labour‘; in short, the ‗nineteenth century‘ would not know itself, could

not express itself in Irish.

Bhí Mitchel ag scríobh na bhfocal sin i samhradh tubaisteach apacailipteach sin

1847 agus gan fios aige, ar ndóigh, go raibh file agus scríobhaí as Contae na Mí, Aodh

Mac Domhnaill, ag tabhairt urlabhra agus friotal Gaeilge don ‗naoú haois déag‘ sa

mhí chéanna. Is é an rún atá agam sa léacht seo díriú ar chuid den fhianaise a d‘fhág

Mac Domhnaill againn ar dhálaí an naoú haois déag, go háirithe an díláithriú agus

bochtánú a d‘fhulaing cosmhuintir na hÉireann - sa naoú haois déag trí chéile, ach in

aimsir an Ghorta Mhóir ach go háirithe. I samhradh 1847, tráth ar thit tost an bháis

ar an tír gan ‗ceol in aon áit ná suim ina dhéanamh‘ rinne Aodh Mac Domhnaill ‗Ceol

na mBacach‘, dán coscrach a thugann glór d‘aicme daoine a bhí á ndíothú mar

gheall ar ocras agus fiabhras, daoine a bhí ag imeacht i mbéal a gcinn ar bhóithre na

tíre, aicme ar baol dóibh gan taise ná oidhre ar bith a fhágáil ina ndiaidh ach an

mhearchuimhne shuaiteach nach bhfaigheann faoiseamh an fhriotail in am ar bith,

an rud a dtugaimid tráma iarchoilíneach anois air. Nó mar a deir Máirtín Ó Cadhain,

in aiste Bhéarla dá chuid: That sodden pulp of Famine fields, those nights of reeking coffin ships are bone of our bone, we

carry them about with us still as rancorous complexes in our breasts.2

1„The Famine year‟, [reprinted as appendix to] Jail Journal (Londain 1983), 415. Is leis an sliocht céanna a bhaineann na

tagairtí eile d‟aiste sin Mitchel a luaitear ina dhiaidh seo. Maidir leis an fhrása „ag cur focal Gaeilge‟ atá sa teideal, is ag

cuimhneamh ar an méid a dúirt Seosamh Mac Grianna faoi An Chéad Chloch le Pádraig Ó Conaire atá mé: “nuair a léigh

mé an leabhar seo stad mé de chur focal Béarla le ceol m‟aigne”, Pádraig Ó Conaire agus Aistí Eile (Baile Átha Cliath

1969), 5. 2 Máirtín Ó Cadhain, An Ghaeilge Bheo- Destined to Pass (Baile Átha Cliath 2002), 4.

22

Is cuí súil a chaitheamh ar dtús ar Aodh Mac Domhnaill féin agus ar an

oidhreacht a d‘fhág sé againn. Dála aon duine ar mian leis eolas a chur ar Mhac

Domhnaill, tá mé faoi chomaoin ag Colm Beckett nach maireann, an té a chuir eagar

ar Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill (1967) agus fiche bliain ina dhiaidh sin Aodh

Mac Domhnaill: Dánta (1987) mar a bhfuil ceithre dhán is daichead a chum Mhic

Dhomhnaill. Ba chóir a lua fosta saothar ceannródaíoch Bhreandáin Uí Bhuachalla,

I mBéal Feirste Cois Cuain (1968), agus taighde Phádraig de Brún ar mhúinteoirí an

Irish Society a foilsíodh den chéad uair in Éigse.3

‗File Ultach‘ a thug Mac Domhnaill air féin cé gur dócha gur i nDroim Goill, in

oirthuaisceart Chontae na Mí a rugadh é sa bhliain 1802. File de chuid Oirialla a bhí

ann mar sin agus, ar ndóigh, ba mar chuid den tsraith Éigse Oirialla a foilsíodh a

chuid dánta faoi eagarthóireacht Choilm Beckett. Sa ghinealach a rinne sé dó féin in

Fealsúnacht Aodha Mhic Dhomhnaill, maíonn Aodh gur i sráidbhaile Lú a lonnaigh

an chraobh is sine dá ghinealach, mar atá, ‗Seán Bán Lughbhaidh‘ agus a mhac

‗Séamus Mór Lughbhaidh‘ an seachtú agus an séú glúin roimh Aodh féin. D‘fhéadfá

a mhaíomh mar sin gur dócha gur bhain an duine is sine i líne ghinealaigh Aodha le

lár an tseachtú haois déag agus le Co na Mí. Ach sa ghinealach chéanna luann Aodh

na hainmneacha ‗Raghnall na gCapall‘ agus Alasdrann, ainmneacha a thabharfadh

le fios duit gur dócha gur de shliocht Mhic Dhomhnaill Aontroma é Aodh ó thús (bhí

an t-ainm treibhe ‗na gcapall‘ ceangailte le Mic Dhomhnaill Ghlinntí Aontroma is

cosúil).4 Mar sin de, gach seans gur i ngeall ar an aistriú mór daonra a tharla i

ndiaidh Phlandáil Uladh a tharla sinsear Mic Dhomhnaill in Oiriall agus gur ag

filleadh ar dhúiche na fine a bhí Aodh nuair a chuaigh sé ag obair i nGlinntí

Aontroma ag scoileanna Bíobla an ‗Home Mission‘ idir 1836 agus 1842. Measaim

tábhacht mhór a bheith leis an aistriú sin a raibh Aodh ina oidhre air nó chaith sé

féin go leor dá shaol ar na bóithre agus is ar son lucht fáin agus siúil a labhraíonn sé

sa dán sin ‗Ceol na mBacach‘ a bheas á phlé agam ar ball.

Maidir le hAodh Mac Domhnaill féin, deir Beckett linn go ndeachaigh sé le

múinteoireacht agus é ina fhear óg agus go raibh ‗Hugh McDonald‘ éigin ag teagasc

scoil Chaitliceach i bparóiste Chreamhchoille Co Aontroma, i 1824.5 Bhí, fosta, ‗Mr

H. M‘Daniel, Carrickleck‘ (Carraig Leic, Co. na Mí) ar na síntiúsóirí sa bhliain

chéanna, 1824, do Man’s Final End le M.Clarke agus baint éigin aige, is dócha, le

cumann de chuid na hEaglaise Bunaithe, the ‗Irish Society for Promoting the

Education of the native Irish through the Medium of their Own Language‘. Is léir go

raibh Aodh ar fhoireann múinteoirí an ‗Irish Society‘ nuair a chuir sé a ainm leis na

‗Kingscourt Resolutions‘ i Meán Fómhair 1827. Is féidir gur fear muinteartha dó a

bhí san Owen McDaniel a maraíodh le buille sleáin le linn aighneas faoin

bhíoblóireacht a tharla i gCarraig Leic, Co na Mí i 1830.

3 Tá saothar Aodha Mhic Domhnaill leagtha amach ag Ó Buachalla (1968), 282-3; Pádraig de Brún, Scriptural Instruction

in the Vernacular: The Irish Society and its Teachers, 1818-1827 (Baile Átha Cliath 2009), 336-9. 4 Ó Buachalla 1968, 113.

5 Beckett 1987, 10.

23

Phós Aodh Bríd Nic an Ró i mí Feabhra 1827 agus bhí iníon amháin acu ar thug

siad Anna uirthi. Faraor géar fuair Bríd, bean Aodha, bás naoi mbliana i ndiaidh a

bpósta. Idir 1836 agus 1842 bhí Aodh fostaithe ag an ‗Home Mission of the Synod of

Ulster‘ (faoi choimirce Shionad Preispitéireach Uladh) mar mhúinteoir sna chéad

bhlianta agus mar chigire sna trí bliana deireanacha. Ba é an rud is mó a chuir

deireadh le teagasc an Bhíobla an chonspóid a tharraing an tAthair Luke Walsh,

sagart paróiste Chúil Eachtrann, ar mhúinteoirí an ‗Home Mission‘.6 Mheas an

tAthair Walsh gur caimiléireacht a bhí ar bun ag Aodh Mac Domhnaill agus a

chomhghleacaithe, go raibh siad ag cumadh rollaí bréagacha agus ag fáil díolaíochta

as ranganna nár teagascadh. Ba é an leithscéal a rinne Aodh leis an sagart i litir: I was obliged to make false reports of their schools to the Directors as it was altogether

falsehood from beginning to end as I thought the more we could take off them the better as St.

Paul said he robbed other sects to establish his own.

Thug an tAthair Walsh ar na múinteoirí an t-airgead bradach a bhronnadh ar na

bochta, rud a mhíníonn sé i gceann de na litreacha a scríobh sé sa chonspóid a bhí

idir é agus stiúrthóir an Home Mission, An tUrramach Robert Allen: When I had satisfied myself that proselytism was the object of your mission and not teaching

the vernacular, from a love of the Irish language, I first suspended them – that is I suppressed

your schools, and when I found out that those teachers were humbugging you, and taking your

money for doing nothing, and practising a fraud, I then suspended them – that is to say I denied

them Christian rites until they would desist and promise to give to the poor of God the wages of

their sin.7

Lean an iomarbhá idir an tAthair Walsh agus an tUrramach Allen tamall maith

ina dhiaidh sin ar leathanaigh The Weekly Vindicator, nuachtán na gCaitliceach agus

The Banner of Ulster, nuachtán na bPreispitéireach ach bhí an lámh in uachtar ag an

sagart nuair a d‘fhoilsigh sé litir eile ó pheann Aodha Mhic Dhomhnaill, le síniú

finnéithe, inar admhaigh sé sin an tuairisciú bréagach a bhí déanta aige.

Ba go tráthúil a fuair Aodh Mac Domhnaill fostaíocht i mBéal Feirste ag Robert

Shipboy MacAdam in 1842 agus b‘ann a mhair sé go dtí 1856 ag feidhmiú mar

scríobhaí agus mar phríomhghníomhaire ag MacAdam.8 Ba é a chúram é san am seo

dul amach trí Chúige Uladh ag bailiú seanchais agus lámhscríbhinní agus, le cois an

mhéid sin, scríobh sé dánta agus fealsúnacht faoi choimirce Mhic Ádhaimh. Bhí sé

siúlach scéalach agus aithne aige ar scoláirí Gaelacha ar fud Chúige Uladh. Cé gur

léirigh duine acu sin, Art Mac Bionaid, a dhrochmheas ar Mhac Domhnaill i

gcomhfhreagras iomráiteach inar shamhlaigh sé Aodh leis an phriompallán ―a

d‘éirigh suas/ Amach as fual agus otrach bó,‖ d‘imigh an ghoimh as croí Mhic

Bhionaid le himeacht aimsire ionas gur thug sé meas file ar Mhac Domhnaill.9 Níl a

fhios cén t-údar a bhí leis Béal Feirste a fhágáil ach is léir go raibh Mac Domhnaill ag

teagasc an Bhíobla i dTulacha Beigile dTír Chonaill faoi 1856. Is féidir gur ar

mhaithe le bheith níos deise dá iníon a chuaigh sé siar go Tír Chonaill, nó bhí sí sin

6 Maidir leis an tréimhse seo de shaol Mhic Dhomhnaill, féach Ó Buachalla 1968 (go háirithe lgh. 104-14).

7 Ó Buachalla 1968, 108.

24

pósta ar mhúinteoir de chuid an ‗Church Endowment Body‘ agus cónaí uirthi ar an

Charraig Fhinn.10

Is cosúil gur chaith Mac Domhnaill na trí bliana idir 1856 agus 1859 mar

mhúinteoir agus mar chigire ag an chumann bíobla ach níl aon eolas ina thaobh ina

dhiaidh sin ach gur scríobh sé lámhscríbhinn in 1863 atá anois i Má Nuad. De réir

Chlár na mBásanna don bhliain 1867 fuair Hugh MacDonald bás i dteach na mbocht

i Muinchille, Co. an Chabháin, ar an 31 Márta agus é 65 bliana d‘aois. Cuireadh ina

dhiaidh sin i seanreilig Mhaigh Ráithe é ag Teampall Ráithe atá dhá mhíle taobh

thoir den Fhál Carrach i dTír Chonaill.11

Is go han-mhacánta a deir Colm Beckett faoi fhilíocht Aodha Mhic Dhomhnaill

gur ‗ar éigean is féidir cuimhneamh ar líne a bheir greim ar an aigne‘.12 Níl amhras

ach gur file an-choimeádach a bhí in Aodh Mac Domhnaill agus gur dóigh leat gur

garbh amhlánta a chuid véarsaíochta le taobh fhilíocht liriciúil ha haoise seo. Ina

dhiaidh sin, is bua ag filíocht Mhic Dhomhnaill an neamhaird sin ar liriciúlacht agus

an dúthracht a chaitheann sé ag tabhairt urlabhra do thuairim an choitinn. Is é

meon an broadsheet seachas an fóilió a shamhlófá leis. Bua é sin, dar liom sa mhéid

gur tearc friotal a fuair anam an choitinn le linn an Drochshaoil. Is fíor gur mhair

cuntas na ndaoine ar an Ghorta Mhór sa traidisiún béil agus gur mar gheall ar obair

Choimisiún Bhéaloideas Éireann atá teacht ar an fhianaise sin anois. I dtaca le

hamhráin ó aimsir an Ghorta Mhóir, níl ach dhá cheann déag acu sa chnuasach a

chuir Cormac Ó Gráda in eagar An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin agus is le

hAodh Mac Domhnaill beirt acu sin.13 Cé nach cnuasach iomlán é, rud a mhaíonn an

t-údar féin, is léir ar a laghad amhrán atá sa chnuasach sin nach rófhairsing iad na

hamhráin chomhaimseartha ar an Drochshaol. Cá hiontas sin nuair a mheabhraímid

an líne atá in amhrán amháin acu, ‗Amhrán an Ghorta‘, ―Níl ceol in aon áit ná suim

ina dhéanamh.‖14 Tá an fhaisnéis chéanna le fáil i gcuntas béil as Rann na Feirste ar

an Drochshaol: ―d‘imigh an spórt agus an caitheamh aimsire. Stad an fhilíocht agus

a‘ ceol agus a‘ damhsa.‖15 Measaim mar sin, go bhfuil léargas annamh ríluachmhar

againn ar an Drochshaol i saothar Mhic Dhomhnaill gan trácht ar an fhianaise atá

aige ar shuaitheadh ré na tionsclaíochta a fhaighimid sa dán ‗Fáilte Pheadair Uí

Ghealacáin‘. Is sa dá dhán sin is mó, creidim, atá urlabhra Ghaelach an naoú haois

8 De réir fianaise a luann de Brún (2009: 336), bhí Mac Domhnaill ag teagasc an Bhíobla arís i dTulacha Beigile i dTír

Chonaill faoi 1856. 9 Séamus P. Ó Mórdha, „Arthur Bennett‟s Correspondence with Robert S. Mac Adam‟ in

Seanchas Ardmhacha 2 (1957), 360-89. 10

Cathal Ó Cearbhalláin a bhí fostaithe chomh maith ag an „Island and Coast Society‟ ó 1862 anall, de Brún (2009), 339.

Deirtí go mbíodh Aodh Mac Domhnaill fostaithe ag an ICS céanna ar an Charraig Fhinn, Ó Buachalla (1968), 256-7. 11

Ó Buachalla (1968: 257-8). Tá mé buíoch de Sheán Ó Maolchallann a thug eolas dom i dtaobh na reilige. 12

Beckett 1987, 21. 13

Cormac Ó Gráda, An Drochshaol: Béaloideas agus Amhráin (Baile Átha Cliath 1994). Tá blúiríní dhá amhrán eile i

gcnuasach Uí Ghráda le cois an dosaen sin. Cuireadh cnuasach eile i gcló, Chris Morash ed., The Hungry Voice: the Poetry

of the Irish Famine (Baile Átha Cliath 1989) ach mar a mhaíonn Ó Gráda (1994: 35), “tá baint níos mó ag an mbailiúchán

seo le mothúcháin na meánaicme i leith na tragóide.” Féach fosta Antain Mac Lochlainn, „The Famine in Gaelic Tradition‟

in The Irish Review, No. 17/18 (Winter, 1995), 90-107. 14

Ó Gráda, 73. 15

Ibid, 3.

25

déag againn ach is le haon dán amháin acu sin ‗Ceol na mBacach‘, a phléifidh mé

féin sa léacht seo.

Ceol na mBacach16

An gcuala sibh a chairde ag filidhibh nó baird,

Ag apstail nó ag fáithe sna Scrioptúir dá léamh,

Gur briseadh na haitheanta le boichtineacht ‘s cráiteacht,

Gorta nó pláigh a d‘fhulaingthí le foighid?

5 Nó an dtabharfadh sé bás do dhuine ar bith gallta,

Foireann de mhálaí, pluideog, nó adharc,

Nó bacach dá dtarlódh dóibh ar an tsráid,

Is é ciothramach tláith, gan charaid gan spré?

Ach ní mar sin a tharlaigh; ó d‘imigh na potátaí

10 Is cosúil gur athraigh an ghealach ‘s an ghrian,

Is nach bhfuil oiread le gráinne seagail den ngrá

Nár imigh le scanradh an Indian Meal.

Is bocht liom a rá go dtáinig an lá

Ar comhlíonadh an ráiteacht a d‘aithris na naoimh,

15 Go mbeadh sagairt d‘adhmad brománta láidir,

‘S go n-imeodh an crábhadh go huile ón gcléir.

Chuala mé trácht, ‘s ní cheilfeam go bráth

Ar dhuine de shíol Ádhaimh aon dada dá leithéid,

Ar Sheisiún gan ghrása a bhí san áit so,

20 Mar is feasach do chách, in aghaidh bhochtaibh Mhic Dé.

Bhí Easpag in airde d‘Eaglais an Phápa,

‘S de mhinistéirí gallta corradh agus céad,

Chun barántas láidir a thabhairt ar láimh

Na banna bhí lá dá mbeathú sa tsréad.

25 Ar neamhchead d‘Eoin ‘s do litir Naomh Pól,

Don tSoiscéal, don Ord is Eipistil Naomh Séam,

Sé thug siad an t-ordú urraimeach ordúil

Nár chualathas ó seoladh an creideamh a leithéid:

Gach duine bheadh breoite, meiteach éidreoireach,

30 Gan chideog ná bróga, gan phluideog gan bhréid,

A thógáil den mbóthar, ‘s a theilgean i gcóisir

Gan ithe gan ól go rachadh sé a dh'éag.

Ach a Easpaig is fearr dá gcuala mé trácht

Ó gineadh mo láir go bhfacas thú féin,

35 Nach mór an mí-ádh nach raibh tú le fáil

Tráth theagasc Naomh Pádraig mhac Alphrainn an Chré.

Ní léigfeá do bhráithre nó do mhanaigh bhí cráifeach

Bheith ag imeacht i bhfásaigh a bheathú an tsréad‘;

Is deimhin gur gearr a léigfeá fá lár é—

40 Agus chuirfeá a bpláigh ‘s a n-aicíd ‘na ndéidh.

16

Beckett 1987, 63-4. Lámhscríbhinn an dáin ar fáil in Acadamh Ríoga na hÉireann, 3 B 38, lgh. 64-8.

26

Dá gcastá le hEoin is gan ribe ná róinne air,

Ach fallaing de róinneach camhaill mar bhréid,

Gan stoca ná bróga, is é ag teagasc na n-ord

Is na haithrí mar ba chóir d‘iomad den gcléir—

45 Sé déarfá gur gósta bacaigh gan ró,

Duine bocht sceoite, nó breallán gan chéill,

‘S ní shiúlfása an ród le taise den tseort

Gan chillíní feola air, fallaing is gléas.

Ach ní chreidfeam go bráth ó shagart nó bráthair

50 Gur peacadh bheith táirthe folamh gan spré;

Mar chuala mé trácht ag filidhibh i mo lá

Gur ó bhochtaibh bhí tláith a tháinig Mac Dé.

Bhí Colmcille dá rá le fir is le mná,

Ó aimsir na bhfáithe dá aithris don tsaol:

55 Gach duine a ní bród, ag cur muinín‘ i seoid,

Gur deacair go deoigh dó dhul go flaitheas Dé.

‗Ceol na mBacach; nó lucht iarrraidh déirc‘ an teideal a thug an scríobhaí, Peadar

Ó Gealacáin, ar an ‗amhrán‘ seo. Is mar seo a chuireann Ó Gealacáin síos ar a

chomhthéacs ag ceann an leathanaigh: At a meeting held in Belfast in [tá an dáta in easnamh] against travelling beggars or Paupers, it

was ordered that Bang beggars should be appointed in order to arrest, or take up the destitute

poor. The R. Catholick Bishop Dr Denvir Presided there and a great No. of Protestants and

Priests, together with Roman Catholics, it was considered by them that travelling Beggars

through Belfast might cause some distempers from the scent of their old clothes. The following

Irish song was composed by the same Poet who composed the aforesaid songs.

Ba é a bhí sna bang beggars ―the sturdy rascals and beggars themselves who were sent

out with staves and cloaks to apprehend the poor unfortunates who went about the streets

begging.‖17 Ritheadh reacht i 1772 le go dtiocfadh le gach bardas suaitheantais a

thabhairt do bhacaigh an bhaile agus go dtógfadh siad, san am céanna, teach na

mbocht áit a gcuirfí bacaigh as baile isteach nó ‗strolling beggars‘.18 Ba é cúram na

bang beggars é na bacaigh fhánacha sin a bhailiú agus a thionlacan go teach na

mbocht.

Tugann Beckett eolas an-úsáideach againn ar chúlra ‗Ceol na mBacach‘:

Tionóladh cruinniú de Bhord Sláinte Bhéal Feirste agus an ‗Belfast Charitable

Society‘ i mí Iúil 1847 inar cinneadh go bhfostófaí fir aclaí stuama le daoine gan

dídean a ghabháil agus a chur sa tseanphríosún in Howard St, ‗The House of

Correction‘. Ba é an mana a bhí os cionn dhoras an House of Correction ‗within

amend, without beware‘. Is é cinneadh sin an Bhoird Sláinte ―an t-ordú urraimeach

ordúil‖ a luann Mac Domhnaill sa cheathrú véarsa, líne 27 agus a mhíníonn i líne 29: Gach duine bheadh breoite, meiteach éidreoireach,

Gan chideog ná bróga, gan phluideog gan bhréid,

A thógáil den mbóthar, ‘s a theilgean i gcóisir

Gan ithe gan ól go rachadh sé a dh‘éag

17

Cathal O‟Byrne, As I Roved Out (Baile Átha Cliath 1946), 218. 18

Féach Peter Gray, The Making of the Irish Poor Law 1815-43 (Manchain 2009), 22.

27

Is é a deir miontuairiscí Belfast Charitable Society go bhfaigheadh na ‗príosúnaigh‘

―a supply of rations‖ ón choiste fóirithinte.19 Mar sin, ní raibh an ceart ag Aodh go

bhfágfaí na bacaigh a gabhadh ―Gan ithe gan ól go rachadh sé a dh‘éag.‖ Ina

dhiaidh sin, níor nós príosúnaigh a chothú san am agus is féidir gur sin a thuig Aodh

a tharlódh.

Thuigfeá do dhaoine a bhí ag iarraidh an fiabhras a chosc de réir na n-acmhainní a

bhí acu. I mí Iúil 1847 bhí 2,200 othar le fiabhras i mBéal Feirste, faoi mhí Lúnasa

bhí 1,400 othar le fiabhras, laghdú an-suntasach.20 Ní miste a lua fosta gur tharla

beartais den chineál chéanna i mbailte eile, i mBaile Átha Cliath cuireadh bacáin ar

na bóithre agus i gCorcaigh d‘ordaigh an Méara go gcuirfí gardaí ar imeall an bhaile

le bacaigh a choinnéail amach.21 Nuair a thosaigh an fiabhras a leathadh de

chéaduair ba é an rabhadh a thug an Dr Anderson, House-Surgeon Ospidéal

Ginearálta Bhéal Feirste, go mbeadh Béal Feirste ina ―Charnel-house with infection in

every corner and death in every street.‖ Rinne an Dr Anderson cion fir leis an fhiabhras

a throid ach ba é an tíofas thug a bhás féin i nDeireadh Fómhair 1847. Ní miste a

mhaíomh fosta go raibh eagla mhór ar dhaoine in Éirinn agus sna tíortha a bain

imircigh Éireannacha amach, nó fuair líon mór daoine bás i Learpholl, Glaschú,

Newport agus Bristol, Éireannaigh den chuid is mó, den ‗Irish fever‘.22 Fuair tuairim

is ar 6,000 bás in Grosse-Ile, Québec i samhradh 1847, ina measc siúd Méara

Montréal.23 Ba as Béal Feirste a d‘imigh cuid den loingis a thug anall iad, 1000 duine

acu in aon lá amháin in Aibreán 1847.24

Níl amhras ach gur measadh toradh maith a bheith ar an beartais a tionscnaíodh

le bacaigh a ghlanadh de shráideanna an bhaile. Bhí tuairiscí an Vindicator

(nuachtán na gCaitliceach) ar aon tuairim le tuairisc seo an Banner of Ulster: It is scarcely necessary to inform our readers in Belfast of the very happy change in the matter

of street-begging which has been effected during the past few weeks. The drab-coated servants

of the Charitable Society have done more to produce a healthy reaction in our social condition

than could be well credited. Hundreds of wretched beings who have left their still wretched

dwellings to spread contagion during the day throughout town have been picked up and

carefully tended by the Board of Health, while the sturdy vagrant and the insolent juvenile

imposter have been shipped or sent by railroad or coach to the various places to which they

allegedly belong.25

Ina dhiaidh sin, bhí údar ar leith ag Aodh Mac Domhnaill le hionsaí a dhéanamh

ar údaráis Bhéal Feirste, údar a bhain leis an idé-eolaíocht a bhí in uachtar sa bhaile

san am. Ní hiontas fear a raibh dáimh anama aige le lucht siúil, file arbh éigean dó

féin bás a fháil i dteach na mbocht, bheith ina urlabhra ag an chosmhuintir a fágadh

19

R.W.M. Strain, Belfast and its Charitable Society (Londain 1961), 267. 20

Kinealy, C. and Mac Atasney eds. The Hidden Famine: Hunger, Poverty and Sectarianism in Belfast (Londain 2000), 98. 21

Strain, 266; Kinealy and Mac Atasney, 82. 22

Kinealy and Mac Atasney, 90-101. 23

Féach Marianna O‟Gallagher, Grosse Ile: Gateway to Canada (Québec 1984); Colin McMahon, „Montreal‟s ship fever

monument: an Irish Famine memorial in the making‟ in Canadian Journal of Irish Studies Vol 33, No1 (Spring 2007): 48-

57. 24

Kinealy and Mac Atasney, 97. 25

Kinealy and Mac Atasney, 98.

28

in éidreoir agus in easlán i 1847. Is é atá in ‗Ceol na mBacach‘ mar sin, ná

réamhtheachtaire na ‗rancorous complexes in our breasts‘, i bhfocail Uí Chadhain,

coimpléisc a rinne angadh i gcliabh an nglúnta a mhair i ndiaidh an Ghorta. Is

amhlaidh fosta a thugann dán Mhic Dhomhnaill friotal do choimpléisc eile stairiúla

a d‘fhulaing Gaeil agus aos léinn na Gaeilge go háirithe. Is é sin, an díláithriú fisiciúil

agus cultúrtha, an t-aighneas idir filí agus cléir, i mbeagán focal an éidreor

mhearbhlach a lean an coilíniú. Le cois sin uilig, tá ionsaí tréamánta in ‗Ceol na

mBacach‘ ar an idé-eolaíocht Victeoiriach ar thóg údaráis Bhéal Feirste léi agus a

bhfuil a n-iarmhairtí le sonrú ar an chathair ó shin. Ba mhaith liom scrúdú éigin a

dhéanamh anois ar na gnéithe éagsúla den ionsaí sin ar idé-eolaíocht atá in ‗Ceol na

mBacach‘.

Ceist atá ar shlí a fiafraithe, cén fhianaise atá againn go raibh géarchéim i mBéal

Feirste in aimsir an Drochshaoil? Ba é a scríobh James MacAdam ina dhialann i

1847: Extremely busy at the foundry in a measure owing to the demand for machinery to grind

Indian corn…relief to about 8,000 persons daily…the town is swarming with beggars from all

parts of the country.26

Bhí tuairisc den chineál chéanna ag Leas-Ardséiplíneach an Oird Oráistigh agus é

ag iarraidh ar a bhráithre gan Cath na Bóinne a chomóradh i mí Iúil na bliana sin,

an tráth ba mheasa an ghéarchéim: The present condition of this country in general, and of Belfast and Lisburn in particular,

imperatively calls upon you to refrain from your usual public rejoicings. Famine pestilence and

death are fast coming from Almighty God in judgment upon our land. Almost a million of our

fellow countrymen have within a few short months been swept away into eternity by hunger

and disease…27

Anois, ní miste a mhaíomh anseo gur saibhre agus gur beaichte i bhfad ár n-eolas

ar Bhéal Feirste in aimsir an Drochshaoil a bhuí le saothar Christine Kinealy agus

Gerard Mac Atasney, The Hidden Famine: Hunger, Poverty and Sectarianism in

Belfast 1840-50. Léiríonn a saothar sin nárbh fhíor don tuairim choitinn a bhí ag

staraithe gur beag difear a rinne an Gorta do mhuintir Bhéal Feirste. Luann na

húdair cúpla cúis phraiticiúil leis sin: is tearc eolas oifigiúil atá ann ar líon na

mbásanna sa Ghorta i gceantar ar bith in Éirinn ar an ábhar nár tosaíodh a chlárú

básanna go dtí 1864 agus i gcás Bhéal Feirste, is ag méadú agus ag tobmheadú a bhí

an daonra i rith an naoú haois déag, rud a cheileann líon na mbásanna orainn.28 Ach

tá cúis eile idé-eolaíoch leis an tuairim iomrallach sin bheith ag staraithe ar

iarmhairtí an Ghorta i mBéal Feirste, cúis a bhfuil a fianaise le fáil i ndán sin Mhic

Dhomhnaill, ‗Ceol na mBacach‘, agus i saothar Kinealy agus MacAtasney, is é sin go

raibh údaráis an bhaile ar theann a ndíchill ag séanadh gur bhain an Gorta le Béal

Feirste ar chor ar bith. Is mar seo a chuir an nuachtán Caitliceach The Vindicator

síos ar an mhana sin a bhí ag maithe Bhéal Feirste i 1846: ―The fine philosophy that

26

Ó Buachalla 1968, 178. 27

Kinealy and Mac Atasney, 103. 28

Ibid, 6.

29

would starve the poor for the honour of the rich.‖ B‘fhearr le húdaráis Bhéal Feirste, a

deir an Vindicator, a súile a dhúnadh ar an ghéarchéim nó dar leo: it is a disgrace to the province, and [yet] wonder that persons will not be content to linger, sigh,

and die in silence, sooner than sully the credit of Ulster.29

Is den íoróin é nach raibh Aodh Mac Domhnaill leis féin nuair a chuaigh sé a lorg

chúiseanna an Ghorta sa chinniúint nó nuair a fhiafraíonn sé, sa dán ‗Milleadh na

bPrátaí‘, arbh é díoltas Dé ar an Bhanríon Victoria é as an daonáireamh a thionscan:

Is an measann sibh a chairde an rá seo uile bheith fíor,

Gurbh é siocair na mbráithre a sháraigh aithne na naomh,

Nó cionnfáth na banríona a d‘áirigh muintir na crích‘,

Nó an dtáinig an phláigh mar thámhaibh eile ón ngaoth?30

Ba é an bharúil a bhí ag go leor de mhuintir Shasana gur toil Dé a bhí sa Ghorta

agus gur saol earráideach mhuintir na hÉireann ba chionsiocair leis. Tugann Peter

Gray ‗providentialism‘ ar an dearcadh seo, ―More an interpretative language than a

unified body of thought‖, a bhain le haicmí éagsúla.31 Ba iad laissez-faire i gcúrsaí

eacnamaíochta agus teoiricí Malthus i gcúrsaí daonra a bhí in uachtar i dteanga an

providentialism agus níl amhras gur mheas bunaíocht Bhéal Feirste gur chóir

géarchéim na mbocht a fhágáil faoi oirchill Dé oiread agus ab fhéidir. Dá réir sin, bhí

Aontas Dhlí na mBocht Bhéal Feirste, i measc na dtrí Aontas sa tír a dhiúltaigh

iasacht rialtais le teach súip a bhunú nuair a ceadaíodh sin i samhradh 1847 agus

dhiúltaigh Aontas Bhéal Feirste aon fhóirithint baile a thabhairt nuair a tugadh

cead dlí dóibh sin a dhéanamh.32

Tá meas ar dhírbheathaisnéis Beatrice Webb, My Apprenticeship, mar léargas par

excellence ar an idé-eolaíocht Victeoiriach i gcúrsaí sóisialta. Cé gur le Sasana a

bhaineann dírbheathaisnéis Webb, is spéisiúil go luann sí Béal Feirste, thar aon áit

eile, ar a dhaingne a bhí an idé-eolaíocht sin ann: An ardent student of Adam Smith, Malthus, and particularly of Nassau Senior, she had been

brought up in the strictest sect of Utilitarian economists...My mother practised what she

preached…Her intellect told her that to pay more than the market rate, to exact fewer than the

customary hours or insist on less than the usual strain – even if it could be proved that these

conditions were injurious to the health and happiness of the persons concerned – was an act of

self-indulgence, a defiance of nature's laws which would bring disaster on the individual and the

community. Similarly, it was the bounden duty of every citizen to better his social status; to

ignore those beneath him, and to aim steadily at the top rung of the social ladder. Only by this

persistent pursuit by each individual of his own and his family's interest would the highest

general level of civilisation be attained. No one of the present generation realises with what

sincerity and fervour these doctrines were held by the representative men and women of the

mid-Victorian middle class. The man who sells his cow too cheap goes to Hell " still epitomises,

according to John Butler Yeats, "the greater part of the religion of Belfast" – that last

backwater of the sanctimonious commercialism of the nineteenth century.33

29

Ibid, 3. 30

Beckett 1987, 46. 31

Peter Gray, „Ideology and the Famine‟ in Cathal Póirtéir ed., The Great Irish Famine (Cork 1995), 91. 32

Kinealy and Mac Atasney, 5. 33

Beatrice Webb, My Apprenticeship (Londain 1926) 14-16.

30

Ach más bunaíocht Bhéal Feirste agus luachanna an Fhóntachais atá faoi ionsaí

in ‗Ceol na mBacach‘, is ar an eaglais Chaitliceach agus ar an Dr Cornelius Denvir,

Easpag Caitliceach Dheoise Dhún agus Chonaire, is túisce a dhíríonn Aodh Mac

Domhnaill a ghearán le tréan domlais. Má scrúdaímid an gearán a dhéanann Mac

Domhnaill in ‗Ceol na mBacach‘ agus an cheist a chuireann sé sa chéad véarsa:

Nó an dtabharfadh sé bás do dhuine ar bith gallta, Foireann de mhálaí, pluideog, nó adharc,

Nó bacach dá dtarlódh dóibh ar an tsráid,

Is é ciothramach tláith, gan charaid gan spré?

Níl amhras ach go ndéanann sé idirdhealú suntasach idir Caitlicigh agus

Protastúnaigh agus dar leat leat gurb é an comhoibriú a dhéanadh an tEaspag

Denvir leis an chléir Phrotastúnach is ábhar dá ionsaí go minic. Ar ndóigh, d‘fhéadfá

cuid de sin a chur síos don fhonn díoltais a bhí ar Mhac Domhnaill leis an chléir

Chaitliceach i ndiaidh chonspóid na bíoblóireachta, nó ba é an tEaspag a d‘fhógair

na scoileanna bíobla ar a phobal sa bhliain 1840.34 Bhí an tEaspag Denvir ar choiste

an Belfast Charitable Society agus an General Hospital agus é lánsásta bheith ag obair

i gcomhar leis an chléir Phrotastúnach agus le bunaíocht Phrotastúnach Bhéal

Feirste. Samhlaíodh cloíteacht leis an Easpag lena linn féin, nó dar le hArdeaspag

Ard Mhacha go raibh eagla air roimh an Ord Oráisteach go háirithe, ba é a dúirt an

tArdeaspag Dixon faoi i litir chuig údaráis na Róimhe: ―Dr Denvir is a man of very

good intentions, but the ‗spiritus timoris‘ as regards the Orangemen among whom he

lives so predominates in him that he is utterly unfit to be left in the administration

of the Church in Belfast. Indeed it may said that to a great extent Dr Denvir‘s

administration has ruined Belfast.‖35

Ar ndóigh, bhí fiamh ag Mac Domhnaill leis an chléir Chaitliceach mar gheall ar

chonspóid sin an Home Mission agus is minic ag ionsaí na cléire é ina shaothar

filíochta. Ba é an pionós a ghearr an tAthair Walsh ar an fhile déirc a thabhairt do

na bochta agus níorbh iontas dá samhlófa Mac Domhnaill fimíneacht éigin leis an

eaglais dá bharr sin. Is í an tsaint an duáilce is minice a chuireann sé síos don chléir

rud is léir ó theideal an dáin,‗Sagart santach‘, agus ón tomhas beag dar teideal ‗An

Cúigiú Ceist‘, áit a ndeirtear: ―is an eaglais, gé go molann mé [an bhochtaineacht],

theithfeadh ‘na néaltaí neimhe uaim.‖ 36 Ach is spéisiúla mar ionsaithe ar shlí

earráideach na cléire aige na tagairtí atá ag Mac Domhnaill do thairngreachtaí

Cholm Cille. In ‗Ar Thargair Cholmcille mhic Féilim‘, mar shampla, maíonn Mac

34

Beckett 1987, 13. Díol spéise gur dúradh faoin Easpag Denvir gurbh é ba mhó i measc easpaig Chaitliceacha an naoú

haois déag a spreag léamh an Bhíobla i measc a phobail féin. Chomh maith le bheith freagrach as naoi n-eagrán den

Bhíobla a chur i gcló chuir sé leabhar aifrinn don altóir i gcló a raibh forlíonadh Gaeilge ann de réir John J. Silke,

„Cornelius Denvir and the „Spirit of Fear‟ in Irish Theological Quarterly Vol 53 No 2 (1987: 130-141). Féach lch 131. 35

Patrick Rogers, St Peter‟s Pro-Cathedral Belfast – 1866-1966 (Belfast 1967), 10. Tá taobh eile leis an scéal céanna mar a

mhíníonn John J. Silke, 1987: 130-43. Ina dhiaidh sin, níl amhras ach gur ábhar conspóide an pháirt mhór a ghlacadh an

tEaspag Denvir i gcoistí oifigiúla, rud a léiríodh nuair a cháin a chléir féin é as glacadh le háit ar an Charitable Bequests

Commission i 1844, Silke, 137. 36

Beckett, 1987, 112. Féach fosta an dán „An Sagart Mhac na Móirne‟ ar aistriúchán ón Bhéarla é, ina luaitear mar theist ar

an sagart “barrúil” seo nár “chreach sé an bocht”, Beckett 1987, 111-2. „An Cúigiú Ceist‟, Beckett 1987, 111.

31

Domhnaill gur thuar Colm Cille ‗Go mbeadh earráid i slí na cléire‘.37 Is suimiúil arís

in ‗Ceol na mBacach‘ go luann Mac Domhnaill tairngreachtaí na naomh mar cheann

urra lena bhfuil le rá aige faoin tréas atá déanta ag an chléir:

Is bocht liom a rá go dtáinig an lá

Ar comhlíonadh an ráiteacht a d‘aithris na naoimh,

Go mbeadh sagairt d‘adhmad brománta láidir,

‘S go n-imeodh an crábhadh go huile ón gcléir.

Tá sé luaite ag Mac Lochlainn faoin fhrása sin ―sagairt d‘adhmad brománta

láidir‖ gur tagairt atá ann don deilín a mhaíonn go mbíodh cailísí adhmaid agus

sagairt óir in aimsir Naomh Pádraig ach gur cailísí óir agus sagairt adhmaid atá

anois ann.38 Leantar den téad sin sa chúigiú véarsa den dán áit a gcuirtear an

tEaspag Denvir i gcomórtas le Naomh Pádraig le tréan searbhais.

I bhfilíocht pholaitiúil na Gaeilge is iad na naoimh dhúchais, Colm Cille go

háirithe, b‘údar don tairngreacht. Is é is dóichí gur Gaeilge ó dhúchas a bhí ag an

Easpag Denvir, luann Beckett go mbíodh sé ag seanmóireacht as Gaeilge agus is léir

gur mheas Aodh Mac Domhnaill gur séanadh dúchais dó an cúrsa seachráin a bhí

roghnaithe aige nuair a thaobhaigh sé leis an chléir Phrotastúnach agus na beartais a

cheap siad in éadan leathadh an fhiabhrais – na bochta a ghabháil agus a chur sa

seanphríosún.39 Tá go leor fianaise ann go gcuireadh an Eaglais Ghaelach in Éirinn

béim faoi leith ar dhualgas na carthannachta. Tá cur síos spéisiúil déanta ag Canice

Mooney (Cainneach Ó Maonaigh) ar mheon agus ar chleachtas na hEaglaise Gaelaí

(Ecclesia Inter Hibernos) sa Mheánaois. De réir a thaighde sin, bhí dualgas na

carthannachta agus institiúid an spitél ar na tréithe ba thábhachtaí a bhain leis an

Eaglais Ghaelach, ionas go luaitear an charthanacht mar shaintréith náisiúnta i

gCaileandar Litreacha an Phápa.40 Is léir ó fhianaise an naoú haois déag gur i measc

chosmhuintir na hÉireann go háirithe a mhair dualgas na déirce. ‗Déirc don déirc‘ a

thug an tArdeaspag Caitliceach Mac Éil air sin agus é ag freagairt cheisteanna

Choimisiún Whately ar an bhochtaineacht: The relief of beggars falls especially on the humbler classes. The poorer give in larger

proportions than the wealthier portions of the community: so that ―dearka d’on dearka,‖ (i.e.

alms from alms) has passed into a proverb, the practical meaning of which is every day attested

by the fact, that it is by the poor the poor are supported.41

37

Beckett 1987, 29, n115-7. Luann Beckett na tagairtí don dul amú a bheadh ar an chléir i leabhar Niocláis Uí Chearnaigh

The Prophecies of SS ColumKille, Maeltamlacht, Ultan (1856): „Beaitsat an cleirce meallta, Tre falsacht na litreach”. Cé

nach raibh leabhar Uí Chearnaigh ar fáil nuair a chum Mac Domhnaill a chuid dánta, dar le Beckett gur “léir go raibh

seisean agus Ó Cearnaigh ag tarraingt ar an tobar céanna.” 38

Mac Lochlainn, 102. 39

Beckett 1987, 134. 40

Canice Mooney, The Church in Gaelic Ireland: Thirteenth to Fifteenth Centuries (Baile Átha Cliath 1969), 18-20. Ba

chuid den dearcadh frithfhóntaíoch sa Bhreatain fosta í an dúil i gcarthannacht eaglais na Meánaoise thar dhlí na mbocht sa

naoú haois déag. Féach, mar shampla, saothar an ailtire iomráitigh A.N.W. Pugin, Contrasts; or a Parallel between the

noble Edifices of the Fourteenth and Fifteenth Centuries, and Similar Buildings of the Present Day; Shewing the Present

Decay of Taste (1841). 41

First Report of his Majesty’s Commissioners for Inquiring into the Condition of the Poorer Classes in Ireland, Appendix

A (1835), 490. Is féidir fosta gur „déirc ón déirc‟ ba chóir a thuiscint as dearka d’on dearka.

32

Is léir gur deise a chloígh an chosmhuintir do bhunchiall an fhocail ‗déirc‘ (dia +

sercc), ná aon dream eile.

Chomh maith leis an aighneas a bhí ag Aodh Mac Domhnaill leis an chléir

Chaitliceach fán bhíoblóireacht, tá léiriú sna hionsaithe a dhéanann sé orthu ar

aighneas níos fadbhunaithe ná sin idir filí agus cléir. Frithchléireachas é sin, de réir

Uí Bhuachalla, a d‘fhaibhrigh sa tréimhse ó thart faoi 1760 ar aghaidh, nuair a

tháinig chun cinn i bhfilíocht na Gaeilge ―íomhá úrnua den sagart, íomhá a sheas is a

lean dó … mar thíoránach uaibhreach ansmachtúil, é in airde ar chapall agus fuip á

aicliú go bagarthach tiarnúil aige ar bhochtáin ainnise a mhuintire féin.‖42 Tá

fianaise an aighnis sin i saothar Uí Dhoirnín agus Mhic Cumhaigh agus níor bheag

an chomaoin a d‘fhág an bheirt sin, Mac Cumhaigh go háirithe, ar Mhac

Domhnaill.43 Ba é ról an fhile Ghaelaigh ó bhriseadh Cheann tSáile anall, bheith ag

easaontú le luachanna agus saoldearcadh dúchais bheith a dtréigean. Ar ndóigh, cá

leis a mbeifeá ag súil ó dhream a fuair béim síos agus a chaill a n-áit sa tsochaí?

Measaim gur chóir a áireamh ar na luachanna sin an meas a léirigh na Gaeil go minic

ar lucht siúil, páibhithe agus araile. Is i mbéal na mbochtán fánach a bhíodh

tairngreachtaí sin na naomh, ar geall le soiscéal freasúrach iad i véarsaí Mhic

Dhomhnaill.44 Agus níl amhras ach go bhfáiltítí roimh an fhear/bean siúil ar son a

stór nuachta, scéalta is uile a thugadh sé/sí leis ó dhúichí eile. Ba é b‘údar, is dócha,

don dearcadh rómánsach i dtaobh na mbacach sin atá ag macasamhail Synge ag tús

an fichiú haois: in the middle classes the gifted son of a family is always the poorest, he becomes a writer or an

artist. In the family of peasants the gifted son sinks also and is soon a tramp on the roadside.45

Ar ndóigh, ba dhream ilchineálach iad bacaigh agus bochtáin na hÉireann sa

naoú haois déag. Bhí siad ann ar sháraigh orthu a mbeatha a bhaint amach ina

ndúiche féin agus a chuaigh a iarraidh déirce san áit nach mbíodh aithne orthu. Is é

an bochtánú céanna é sin a gcuireann Carleton síos air agus dar leis nach mbeadh a

leath oiread bochtán ann dá mbeadh sé crosta ar dhaoine déirc a iarraidh taobh

amuigh dá bparóiste féin, nó go múinfeadh an náire seift eile dóibh.46 Bhí bacaigh

ann den chineál a ndéanann Niall Ó Ciosáin trácht orthu ina alt, ‗Boccoughs and

God‘s poor: deserving and undeserving poor in Irish popular culture‘. Ba shlí

bheatha ag na ‗boccoughs‘ déirc a iarraidh agus níor mhiste leo an béal bocht agus

an cur i gcéill féin le go ndéanfaí cineáltas orthu. Pléann Ó Ciosáin fianaise ó na

1830í go raibh gnáthmhuintir iarthar na hÉireann ag déanamh idirdhealú idir

cineálacha éagsúla bochtán agus gur bacaigh nó boccoughs an dream nár measadh

fóirithint bheith tuillte acu.47 Le cois na mbochtán, bhí aicme daoine a shiúil bóithre

42

Breandán Ó Buachalla, Aisling Ghéar (Baile Átha Cliath 1996), 646. 43

Beckett 1987, 20. 44

Féach an plé atá ag Breandán Ó Buachalla 1996, 623-6, ar fhianaise William Carleton i dtaobh thairngreachtaí na naomh

agus „mendicants‟. Féach fosta Dáithí Ó hÓgáin, „An É an tAm Fós É?‟ in Béaloideas, Iml. 42/44 (1974 - 1976), 213-308. 45

„The vagrants of Wicklow‟ in The Complete Works of J.M. Synge (Wordsworth Poetry Library), 236. Féach fosta Mary

Burke, Tinkers: Synge and the Cultural History of the Irish Traveller (Oxford 2009). 46

William Carleton, Traits and Stories of the Irish Peasantry Vol 1 (Philadelphia 1834), 169. 47

Niall Ó Ciosáin, „Boccoughs and God‟s poor: deserving and undeserving poor in Irish popular culture‟ in Foley, T. and

Ryder, S. ed., Ideology and Ireland in the Nineteenth Century (Baile Átha Cliath 1998), lgh 93-9. Luann Ó Ciosáin

33

na tíre ag páibhíocht, nó ag díol earraí. Tá go leor fianaise ann go raibh traidisiún

fada páibhíochta in Oirghiall go háirithe. Luann Cathal Buí Mac Giolla Ghunna

(1680-1756), mar shampla, ‗ag dul le hearraí go Loch gCál‘48 agus san am a raibh

Aodh Mac Domhnaill ag siúl Chúige Uladh mar ghníomhaire ag Mac Ádhaimh, bhí

muintir Oméith agus dheisceart Ard Mhacha ag imeacht leo trí Chúige Uladh agus

Laighean ag díol torthaí agus iasc nó earraí eile.49 Idir spailpíní agus díoltóirí,

bhacaigh agus bhochtáin, níl amhras ach go raibh céatadán de dhaonra na hÉireann

sa naoú haois déag arbh éigean dóibh bheith ar síorimirce. Méadú as miosúr a thug

géarchéim an Drochshaoil ar an imirce sin.

Nuair a áirímid gur fear a bhí in Aodh Mac Domhnaill a shiúil bóithre Chúige

Uladh agus arbh éigean dó bás a fháil i dteach na mbocht, d‘fhéadfá a mhaíomh gur

bá ghaoil a léiríonn sé in ‗Ceol na mBacach‘ leis na bochtáin fhánacha a chruinnigh

isteach go Béal Feirste in aimsir an Drochshaoil. Thuigfeá fosta gur shamhlaigh sé

séanadh dúchais leis an nós a bhí sna cathracha agus bailte móra bochtáin as baile

isteach a dhiúltú agus a chur ar ais chuig a mbailte féin. Ba láidre dualgas na

carthannachta faoin tuath ná sna cathracha mar a mhaíonn Amhlaoibh Ó

Súilleabhain in 1830:

Tá an Gorta gorm orthu i gCill Choinnigh, i gCluain Meala, etc., etc. .i. i mbailtibh móra agus

cathracha, ach i mbailtibh beaga mar Challainn agus ar an dtuaith, tá an déirc le fáil níos

flúirsí ó scológaibh. Is rómhaith an dream daoine iad na scológa, is iad bheathaíonn bochtáin

na hÉireann, nach beag.50

Ach más urlabhraí a bhí in Aodh Mac Domhnaill don chuid sin de mhuintir

Éireann a bhí beo ar ‗déirc d‘fhonn déirc‘, an dream a d‘fhulaing bochtánú agus

díláithriú, cén bhaint ábhartha a bhí ag a shaothar pinn leo? Maidir le ‗Ceol na

mBacach‘ is díol suntais an méid a deir Cormac Ó Gráda faoi sin agus dán eile le Mac

Domhnaill ‗Milleadh na bPrátaí‘, ―dánta is ea iad seachas amhráin, nár eascair as

tradisiún an phobail agus nach raibh ina gcuid de.‖51 Tá ar ndóigh, an-tábhacht leis

an chomhthéacs ina ndearnadh na dánta seo. Cuid den mhíniú a thugann Colm

Beckett air sin gur ―ghlac Mac Domhnaill air féin bheith ina urlabhraí agus ina

chomhairleoir don phobal - pobal ar ndóigh nárbh eol dóibh gurbh ann dó!‖52 Is cuí

go luaitear Eoin Baiste in ‗Ceol na mBacach‘ nó is geall le glór san fhásach é Mac

Domhnaill agus is beag glór eile a bhí ag casaoid ar son lucht iarraidh déirce mar a

bhí Mac Domhnaill sa Ghaeilge. Sáinn é seo nach mbaineann le hÉirinn amháin, nó

seanfhocal as Maigh Eo a léiríonn an t-idirdhealú sin idir an „bacach‟, nár dhíol déirce é, agus an „bochtán‟, ar dhíol déirce

é: „Ní bacach an fear siúil ach bochtán Dé‟. 48

„Beatha Chathail Bhuí‟ in Breandán Ó Buachalla eag., Cathal Buí: Amhráin (Baile Átha Cliath 1975), 72. 49

De réir fianaise a thug sagart paróiste an Chreagáin, deisceart Ard Mhacha, don Devon Commission:

“It is not by farming the people live but by dealing; they look upon their holdings, or little farms, as rather a lodging and

resting place; and they pay rent chiefly by dealing. They go to England to labour; and many of them purchase various

articles, and go through the country with them, such as oranges and lemons, etc. ; others buy pigs, cattle, etc., and exchange

goods in various ways.” Luaite ag Kevin Whelan, „Review: No Border‟ in The Irish Review No. 8 (Spring, 1990), 129-133.

Tuilleadh eolais ar na díoltóirí torthaí agus éisc as Oméith ar baisteadh na „Fadgies‟ orthu i mBéal Feirste in Fionntán de

Brún ed., Belfast and the Irish Language (Baile Átha Cliath 2006), 101-113. 50

Tomás de Bhaldraithe eag., Cín Lae Amhlaoibh (Baile Átha Cliath 1970), 67. 51

Ó Gráda 1994, 48. 52

Beckett 1987, 17.

34

cuireann an scríbhneoir iarchoilíneach Albert Memmi an cheist orainn in The

Colonizer and the Colonized, ag trácht ar an duine coilínithe: for whom shall he write, for what public? If he persists in writing in his language, he forces

himself to speak in front of an audience of deaf men.‖53

Chomh maith le bheith ag dul i ndeabhaidh lainne le hidé-eolaíocht pholaitiúil a

linne, bhí Aodh Mac Domhnaill ag cur focal ar eispéireas agus ar fheiniméin atá ar

na duáilcí a luann John Mitchel leis an naoú haois déag. Is é sin an t-aistriú ollmhór

daonra a tharla sa naoú haois déag ón tuath go dtí an chathair agus an bochtánú a

lean é, ―…the nineteenth century with its enlightenment and paupers.‖ Nuair a

chuireann Mac Domhnaill síos ar an doicheall a bhí roimh strainséirí i mBéal Feirste

tá sé ag cur síos ar an eispéireas a d‘fhulaing na mílte Éireannach i gcathracha na

coigríche. Tá an t-aistriú mór daonra sin le sonrú go soiléir ar fhigiúirí

Dhaonáireamh 1851, mar a bhfeictear gurbh Éireannaigh iad 13% de dhaonra

Mhanchain Shasana, 18% de dhaonra Ghlaschú agus 22% de dhaonra Learphoill.

Sciar mhaith de na daoine a bhí ag líonadh mhonarchana agus mhuilte diabhalta an

naoú haois, b‘Éireannaigh iad agus ba chainteoirí Gaeilge iad.54 Luann Frederick

Engels Gaeilge a chluinstin ar shráideanna Manchester in 1844 agus ba mhinic an

Béarla bhí ag na hÉireannaigh ina ábhar magaidh. Is fada maíte gurbh fhéidir gur

duine de na hÉireannaigh sin a rinne imirce go Sasana é Heathcliff in Wuthering

Heights, nó is é a tharlaíonn san úrscéal go dtagann sean-Earnshaw air ina pháiste

beag salach ar shráideanna Learphoill agus gibiris éigin á labhairt aige.55 Bheadh sé

seo ag teacht le comhthéacs scríofa an úrscéil nó foilsíodh i 1847 é. An cineál

seanafóibe atá le léamh i gcuid de nuachtáin Bhéal Feirste faoi na strainséirí a bhí ag

plódú isteach sa bhaile, ba é an dála céanna é ag imircigh na hÉireann i Sasana agus

in Albain, ―Crowds of miserable Irish darken all our towns‖ i bhfocail Thomas

Carlyle.56 Is beag foighid a bhí ag Engels féin leis na hÉireannaigh nua seo nó, dar

leis, nuair a bhí an tír lán d‘oibrithe Éireannacha ba dhoiligh ag oibrithe a Shasana a

gcearta a éileamh. I ndeireadh na dála, ainneoin go bhfuil an imirce Éireannach go

cathracha tionsclaíocha na Breataine ar cheann d‘imeachtaí móra an naoú haois

déag, is ar éigean a fágadh cuntas ar bith Gaeilge ar an eispéareas sin nó go

ndeachaigh Pádraic Ó Conaire i mbun pinn ag deireadh an chéid.57

Is é a deir Albert Memmi gurb é an éagóir is mó atá déanta ag an choilíniú go

séanann sé a stair ar an té a coilíníodh:

53

Albert Memmi, Portrait du Colonisé précédé du portrait du Colonisateur (1957) [The Colonizer and the Colonized trans.

Howard Greenfield, (Londain 2003), 152]. 54

Luann Denis Gwynn faisnéis A.M. Sullivan in 1856, ina gcuirtear síos ar bhailte tionslaíocha the Black Country, Sasana

a ndeirtear fúthu: “In very many of the houses not one of the women could speak English, and I doubt that in a single house

the Irish was not the prevalent language.” Luann Gwynn fosta sagart as an Iodáil, an tAthair Signini, a rinne leabhar bun-

Ghaeilge dó féin le go mbeadh sé ábalta faoistin na nÉireannach a éisteacht i ndeisceart na Breataine Bige. Denis Gwynn,

„The Irish immigration‟, in Beck, G.A. ed., The English Catholics – 1850 -1950, (Londain 1950), 267-8. 55

Friedrich Engels, The Condition of the Working Class in England (Londain 1987 [1845]), 124. Winifred Gerin, Emily

Bronte (Oxford 1971), 225-6, luaite ag Terry Eagleton in Heathcliff and the Great Hunger (Londain 1995), 3. 56

Thomas Carlyle, Chartism (Londain 1840 [1894]), 18. 57

Féach mar shampla Liam Harte, The Literature of the Irish in Britain: Autobiography and Memoir, 1725-2001 (Palgrave

Macmillan 2009).

35

The most serious blow dealt to the colonized is in his removal from history and from the

community… More unpardonable is its [colonialism‘s] historic crime toward the colonized,

dropping him off by the side of the road – outside of our time.58

Is é sin, agus an easpa urlabhra a tháinig i gcuideachta thráma an díláithrithe, ba

chionsiocair leis na ‗rancorous complexes in our breasts‘ a luann Ó Cadhain. Is é

dearmad na staire fosta a luann Seosamh Mac Grianna in An Druma Mór, agus é ag

trácht ar iarmhairtí dhíláithriú an tseachtú haois déag, ―Tá cuimhne níos faide agus

níos duibheagánaí ná sin ag na daoine seo. Canann siad gos íseal ar chogadh mar nár

chan aon dream riamh ach dream a bhfuair a sinsir bascadh agus lascadh agus

creachadh a chuaigh as cuimhne lucht staraíochta.‖59 Seo an chuimhne dhomhain

chuibhrithe sin a fhágtar san áit ar stoitheadh duine nó pobal as casán na staire, gan

a bhforbairt cheart stairiúil a ligean leo. Is rabhadh ar an éagóir sin agus ar an tost a

leanfadh é ‗Ceol na mBacach‘. Ní hé amháin gur chuir Aodh Mac Domhnaill focail

Ghaeilge ar an naoú haois déag, ba gheall le hurlabhraí agus coinsias, glór fáidhiúil

Gaelach na haoise sin é.

Soho Foundry, Béal Feirste60

58

Memmi, 135; 156. 59

Seosamh Mac Grianna, An Druma Mór (Baile Átha Cliath 1969), 4. 60

Early Victorian Architecture (Béal Feirste, 1950).

36

3

An dúlra agus an dúchas:

léamha ar thrí liric dúlra le Gréagóir Ó Dúill1

Ciarán Mac Murchaidh

Bíonn mórthéamaí éagsúla lárnach i mo chuid filíochta ó thréimhse go chéile; áirím ina measc

an dúlra, an grá, easláinte agus an pholaitíocht. Ní dhealaím ó chéile iad. Tríd síos an corpus

filíochta forbraím m‘fhealsúnacht ghlas féin: bainim brí as an timpeallacht aiceanta, (a

bhfuilim féin mar chuid de, mo pháirt ag athrú i gcónaí) agus má léitear mo shaothar as a

chéile feictear an claonadh sin ag fás ionas go mbíonn gnéithe den bheatha nach daonna ag

freagairt do ghnéithe den bheatha dhaonna, mar shiombail, mar mheafair shínte, mar íomhára

leanúnach – agus vice versa.2

Tá breis agus 40 bliain caite ag Gréagóir Ó Dúill i mbun chúram agus

cheardaíocht an fhile. Ocht gcnuasach dánta i nGaeilge atá foilsithe aige go dtí seo.

Scríobh sé féin, tráth, ‗Tuairim agus 350 dán a chuir mé i gcló le 35 bliain – beag go

leor nuair a smaoiníonn tú air ar an dóigh sin, dán in aghaidh na míosa ach an

samhradh a ghlacadh saor. Ní mar sin a bhí, ar ndóigh, ach ag teacht ina rabhartaí

nó ag fanacht chomh ciúin le coire sléibhe ar feadh na míonna.‘3 I measc na dtéamaí

a bpléann sé leo agus atá liostaithe aige san aiste sin luann sé an dúlra. Is cinnte go

bhfuil ról lárnach ag an dúlra agus ag an timpeallacht aiceanta i gcuid mhór dá

chuid filíochta ach braithim féin nach féidir a mhaíomh ina leith gur ‗file dúlra‘ é. Is

mó a thig a rá gur file é a théann i dtuilleamaí an dúlra agus an nádúir mar mheán le

téamaí mórchúiseacha tábhachtacha eile a ionramháil agus a chíoradh. Léiríonn Ó

Dúill comhbhá leis an nádúr de ghnáth ina chuid filíochta ach is léir nach leis an

nádúr amháin a bhíonn sé ag plé.

Ba mhaith liom amharc san aiste seo ar thrí dhán ghairide le Gréagóir Ó Dúill a

bhfuil an dúlra ina gcroílár – ar an chéad léamh, ar scor ar bith – ach ar féidir

léamha eile i bhfad Éireann níos doimhne a dhéanamh orthu. Is dánta iad a

chuimsíonn an t-achar ama ó thús a ré mar fhile go dtí an t-am i láthair. Foilsíodh

‗Cad é fómhar?‘ sa chéad chnuasach a d‘fhoilsigh sé, Innilt Bhóthair (1981). Bhí

‗Téim fá chónaí‘ i measc na ndánta in Saothrú an Ghoirt (1991) agus d‘fhoilsigh sé

‗Mochéirí Meithimh‘ in GarbhAchadh (1996). Is féidir a fheiceáil ar na dánta seo go

bhfuil an bealach a láimhseálann Gréagóir Ó Dúill an dúlra ina chuid filíochta imithe

i muinín agus i gclisteacht ach gur úsáid sé an dúlra, ón tús, mar mhodh le staidéar a

dhéanamh ar ghnéithe dá shaol pearsanta féin agus dá ghairm mar fhile. Pléifear na

trí dhán ceann ar a chéile in ord a bhfoilsithe agus féachfar le cuid de na tuiscintí is

féidir a bhaint astu a phlé chun léiriú a thabhairt ar fhilíocht dhiamhair an fhile seo

1 Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le comhghleacaithe liom i Roinnn na Gaeilge, Máirín Nic Eoin agus Rióna Ní

Fhrighil, a léigh dréachtaí den aiste seo agus a rinne moltaí fiúntacha domh. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le

Gréagóir Ó Dúill a thug cead domh téacs na ndánta a úsáid i gcorp na haiste agus a mhol leasuithe luachmhara i dtaca leis

an ábhar, fosta. 2 Gréagóir Ó Dúill, „Ag cur fráma ar fhriotal‟ in Micheál Ó Cearúil (eag.), Aimsir Óg 2, (Coiscéim, Baile Átha Cliath

2000), 230. [Cf. „Aiste‟ in Rogha Dánta 1965-2001, (Cois Life/Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001), 11-24, fosta.] 3 Ibid.

37

agus ar dhomhan na filíochta s‘aige, domhan ar dhúirt Michael Davitt faoi, tráth: ‗...

domhan ina bhfuil idir áilleacht, iontas, bhagairt is fhoréigean sa nádúr timpeall air

agus gur geall le seift shlándála gach aon dán aige.‘4

Tá struchtúr agus cló ar leith ar gach ceann de na trí dhán seo agus cuidíonn an

struchtúr sin le cur i láthair an ábhair ar bhealach an-éifeachtach. Múnlaítear brí na

ndánta, dar liom, ar shlí thar a bheith sainiúil nó is é an struchtúr a thugann an

cruth d‘fhorbairt na smaointe iontu.

Cad é fómhar?5

Cad é fómhar?

Feo duilleog, tuar glórdhaite geimhridh,

Imeacht éan, rinn saighid de ghéanna,

Nó gealach i gceo?

Chan ea, mar is sa chathair dom.

Is é an fómhar

Soilse dearga scaipthe

Tré ghalfhuinneoig bus

Is na deora léi.

Tá ‗Cad é fómhar?‘ ar cheann de na chéad dánta a scríobh Gréagóir Ó Dúill i rith

na tréimhse i ndiaidh bhás a mháthar agus é ina fhear óg.6 I rith na luath-thréimhse

sin, is í an fhilíocht a thug an modh agus an meán dó dul i ngleic leis an chaoineadh

ab éigean dó a dhéanamh go ciúin príobháideach toisc tromchúraimí teaghlaigh a

bheith tite air. Ag teacht amach as geimhreadh mothálach a bhí sé ag an am agus is

léir gur fáisceadh an dán féin as geimhreadh úd na fulaingthe pearsanta agus go

bhfuil iarsmaí den bhrón agus den chaoineadh le brath ar an dán go fóill.

Tá struchtúr simplí ar an dán – dhá leath ar ceist agus freagra go bunúsach iad.

‗Cad é fómhar?‘ an cheist atá ann. Cad é a shamhlaítear leis an fhómhar de ghnáth?

Tugtar cur síos mar fhreagra ar an cheist sin sa chéad chuid den dán a mheabhródh

tuiscint agus léiriú ar nós Keats ar an fhómhar do dhuine. Is é an rud atá i gceist

agam leis sin, go bhfuil na tagairtí do chomharthaí éagsúla an fhómhair ag díriú ar

mhianach pictiúrtha an tséasúir sin. (e.g. an dán cáiliúil le Keats, ‗To Autumn‘, mar

shampla: ‗season of mists and mellow fruitfulness‘, ‗maturing sun‘, ‗fill all fruit with

ripeness to the core‘, ‗winnowing wind‘, ‗twined flowers‘, etc.) Tá an teanga lán

céadfachta agus rian láidir an rómánsachais ar an chur síos. Níl na heilimintí sin

chomh láidir ar an chéad chuid den dán seo le Ó Dúill ach tá macallaí áirithe díobh

ann. Tá an ghné chéadfach sa teanga ann, mar shampla. Is cinnte go bhfuil aird an

fhile ar an taithí a bhí aige féin agus é óg ag fás aníos i mbaile beag i gCo. Aontroma

ach ní bheadh an radharc a fheictear sa chéad chúpla líne sin as alt in aon cheantar

tuaithe sa tír. Cuimsítear an fómhar ina chuid cruthanna go léir: teacht bhás na

bliana (‗feo duilleog‘), uaill dheireanach dhathach na beatha (‗tuar glórdhaite

geimhridh‘), saolré chiorclach nádúrtha an fhiadhúlra (‗imeacht éan, rinn saighid de

4 Michael Davitt, „Aincheist an aistriúcháin‟, Feasta (Meitheamh 2005), 17.

5 Gréagóir Ó Dúill, Innilt Bhóthair (Coiscéim, Baile Átha Cliath 1981), 42; Gréagóir Ó Dúill, Rogha Dánta 1965-2001

(Cois Life & Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001), 31. 6 An file féin a thug an t-eolas cúlra sin faoin dán domh. In Innilt Bhóthair féin, tá an dáta „xi 1967‟ luaite leis.

38

ghéanna‘) agus comharthaí sóirt an tséasúir féin (‗gealach i gceo‘). Tá dóchas le

brath ar an chéad véarsa den dán nó bíodh is go bhfuil an fómhar ann (agus, ar

ndóigh, an geimhreadh ag teacht), tá teacht an earraigh intuigthe sa dán. Imíonn na

héin ann, mar shampla, ach tá a fhios ag an fhile go bhfillfidh siad le himeacht ama.

Tiocfaidh an t-earrach roimh i bhfad agus beidh an t-athfhás agus an t-aiséirí ann

arís. Is é sin timthriall na beatha agus an nádúir. Mheabhródh an chéad rann sin

macallaí den iomann ‗Ag Críost an Síol‘ don léitheoir, mar a bhfuil tagairt don

athfhás agus don aiséirí:

Ag Críost an síol, ag Críost an fómhar

In iothlainn Dé go dtugtar sinn ...

Ó fhás go haois, is ó aois go bás,

Do dhá láimh, a Chríost, anall tharainn.

Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás ...7

Creidim go raibh rian den chineál sin machnaimh ar siúl ag an fhile agus an dán

seo á scríobh aige. Fómhar na bliana agus bás a mháthar tamall roimhe a d‘fhágfadh

oscailte do smaointe den sórt é, smaointe faoi thimthriall na beatha, faoi imeacht i

léig na bplandaí agus na bliana féin ach an dóchas i gcónaí go leanann an t-earrach

an feo sin. Níl dóchas sin fhómhar na tuaithe le brath ar fhómhar na cathrach agus is

é sin an fáth, dar liom, a gcuirtear an fómhar in iúl chomh monacrómatach sin sa

dara leath den dán. Is ansin a nochtar brí an dáin seo ar bhealach i bhfad níos

fíneálta agus níos caolchúisí. Tá diúltú glan don chur síos rómánsach ar an chéad

léamh ach ní mar sin amháin is cóir na línte sa rann sin a thuiscint. Is cinnte go

bhfuil an t-aighneas idir saol tuaithe agus saol cathrach i gceist. Is séasúr de chineál

eile é an fómhar sa chathair. Cuimsíonn an dara leath den dán an difríocht sin – an

mínádúr chun cinn, an saol saorga nach bhfreagraíonn d‘iontas na timpeallachta

aiceanta tuaithe, go háirithe mar a léirítear i gceantair iargúlta é, i réim. Ceaptar

fómhar na cathrach go foirfe snasta sna línte: Is é an fómhar

Soilse dearga scaipthe

Tré ghalfhuinneoig bus

Is na deora léi.

Is deacair gan caoineadh an fhile a bhrath ar na línte sin – caoineadh ar easpa

fíor-áilleachta agus éagsúlachta an fhómhair cathrach. Ní éin ná géanna a imíonn ar

a slí ach carranna agus busanna a mheabhraíonn don léitheoir beatha mheicniúil

chliniciúil na cathrach seachas beatha nádúrtha bhríomhar na tuaithe.

‗Galfhuinneog bus agus na deora léi‘ a shiombailíonn an fómhar cathrach don fhile

agus an tuiscint aige gur mar sin a bhíonn an chathair go minic. Ní hí an chathair is

baile nádúrtha dó murab ionann agus an tuath féin. Tá sé le tuiscint ar mhianach an

dá leath den dán gur fearr leis an fhile beatha, dathanna agus taithí na tuaithe

seachas saol seasc na cathrach. Meabhraítear a leithéid chéanna sa dán le Cathal Ó

7 Seán Ó Riada, „Ag Críost an síol‟ in Jerry Threadgold (eag.), The Veritas Hymnal, (Veritas, Baile Átha Cliath 1974), 5.

39

Searcaigh, ‗Níl aon ní‘, áit a bhfuil an file i ngleic leis an aighneas sin idir saol na

tuaithe agus saol na cathrach, i measc nithe eile. Caithfear a rá, áfach, go bhfuil

léiriú Uí Shearcaigh níos diúltaí agus níos steiréitipiciúla ná dearcadh Uí Dhúill.

Luann Ó Searcaigh ‗brúchtbhaile balscóideach i mBaile Átha Cliath/ lena ghleo

tráchta gan stad‘ i gcomparáid le ‗ciúinchónaí sléibhe/ mar a gciúnaíonn an ceo le

teacht na hoíche anuas ó Mhín na Craoibhe.‘8 Ní bhíonn Ó Dúill istigh leis féin i

suíomh seasc cathrach, áit a bhfuil lionsa ghloine na fuinneoige ag teacht idir é agus

an saol.9 Is sa suíomh eile, an suíomh torthúil tuaithe, a thagann bláthú ar a chumas

agus ar a cheird mar fhile.

Is scáthán an dán ‗Cad é fómhar?‘ ag Ó Dúill do shaol an fhile mar a shamhlaítear

dó féin é – dhá áit a bhfuil taithí aige orthu ach a dhéanann éileamh ar dhá áit

éagsúla ann – cathair agus tuath, a chroí agus a intleacht. Is lena chroí a bhaineann

an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus oidhreacht iomlán na teanga agus na filíochta.

Lena mheon a bhaineann an díospóireacht atá ar siúl istigh ann faoina ról mar fhile

agus faoin tábhacht a bhaineann le dualgas an fhile i saol atá ag druidim níos dlúithe

i dtreo na haonchineálachta. Ní dán ar an nádúr atá againn anseo ach dán a thugann

léargas dúinn ar ról an dúlra i saol an fhile agus, níos tábhachtaí go fóill, tuiscint an

fhile don dúlra thart timpeall air. Is é an struchtúr simplí ar an dán seo a thugann

cruth don idirdhealú sin [buncheist (l. 1), ceist shínte (ll. 2-4), freagra (l. 5) agus

freagra sínte (ll. 6-9)] agus a fhágann nach liric shimplí aiceanta atá ann. Ina ionad

sin is machnamh é ar an luí atá aige leis an timpeallacht aiceanta ina bhfuil a

thionscnamh fileata ar siúl aige. Is meán é a thugann an cumas dó iniúchadh a

dhéanamh ar mhothúcháin agus ar dhearcadh atá lonnaithe in áit níos doimhne ann

ach a fhágann go bhfuil cuireadh á thabhairt aige don léitheoir dul ina chuideachta

ar thóraíocht fhealsúnta mhachnamhach.

Téim fá chónaí10

Téim fá chónaí, crom os cionn tine,

Ag tomhas na bhfód is an teasa go tíosach;

Téim chun cruaiche a líonadh cléibhe

Agus léimeann an ghaoth aniar an bhinn orm.

Díreach comhthreomhar le talamh don fhearthainn,

Nach cead di titim, ach imeacht i bPurgadóir shíoraí timpeall;

Éin ina mbruscar buamáilte ag séideadh

Agus crann á shracadh idir gaoth agus talamh, giorria cionn cúrsála.

Líonaim mo chliabh faoi dheifre is tógaim í go pianmhar

Is amharcaim ó thuaidh. Tá ag dul ó sholas

Agus tá Balor na mBéimeann ar cheann thiar Thoraigh go fóill,

Gath buile a shúile ar spéir, ar mhuir, ar thír ag cuartach.

Sleamhnaím go feithidiuil faoi mo chloich mhór.

8 Cathal Ó Searcaigh, Ag Tnúth leis an tSolas, (Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán 2000), 80.

9 Thug an file féin le fios domh gur thart ar an am sin a thosaigh sé ag caitheamh spéaclaí.

10 Gréagóir Ó Dúill, Saothrú an Ghoirt (Coiscéim, Baile Átha Cliath 1994), 9; Gréagóir Ó Dúill, Rogha Dánta 1965-2001

(Cois Life & Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001), 87.

40

Téim fá chónaí.

Is é mo thuairim arís go gcuidíonn an struchtúr atá ar an dán seo le cur i láthair

an ábhair atá ann. Is geall le ráiteas fealsúnachta é, téis, fritéis agus sintéis. Tosaíonn

agus críochnaíonn an dán leis na focail chéanna, ‗téim fá chónaí‘, rud a thugann

foirm chiorclach dó. Meabhraíonn athrá na bhfocal ag an deireadh an nós a bhíodh

ag na baird an focal ceangail a bheith ag deireadh an dáin i gcónaí mar dhúnadh.

Tugann sé crot aonaid ar leith don dán agus cuimsíonn sé meafar an mhionturais

fhisiciúil atá ann ar an chéad léamh chomh maith leis an mhórthuras anama a luíonn

níos doimhne i gcroí an dáin. Is i véarsa 1 a thosaíonn an turas mar a bhfágann an

file cuan sábháilte an tseomra suí le seoladh amach faoi na dúile. Amuigh sa

doineann gan foscadh gan chumhdach atá sé i véarsa 2, é i ngleic le fórsaí iomlána an

dúlra agus an nádúir. Faoi véarsa 3, tá a aghaidh ar an turas ar ais chun tí, ar ais

chun na sócúlachta ach is i rith an véarsa seo a fhágann sé réaltacht an domhain seo

agus a théann sé ar iomramh i gcruinne mhalartach fhíorúil mhiotaseolaíoch.

Turas amach chun na cruaiche is bunús don dán. Cruthaítear pictiúr compordach

seascair den fhile taobh le tine bhreá tráthnóna geimhridh ach é ‗ag tomhas na bhfód

is an teasa go tíosach‘. Tá an chliabh móna folamh agus tá an file i ndíospóireacht

leis féin faoin turas amach go dtí an chruach – gan fonn rómhór air bogadh ach an

tuiscint aige go mbraitheann beatha agus teas na tine (mar aon lena shócúlacht fein)

ar an turas. Is é an nathán ‗téim fá chónaí‘ a ghineann pictiúr an tsonais agus an

tsuaimhnis sa dán. Ar a shócúlacht atá an file, ní hamháin leis féin, ach leis an saol.

An turas amach as an chuan sábháilte seo a thúsaíonn an bhuairt a thagann air.

‗Téim chun cruaiche‘ an frása a bhriseann atmaisfeár an tsonais agus a osclaíonn

bearna idir an tsábháilteacht agus an chontúirt. A luaithe a tharlaíonn sin,

buaileann an file le fórsaí na ndúl. An saol taobh amuigh de chuan foscaidh an tí a

ionsaíonn gan trócaire é:

... téim chun cruaiche a líonadh cléibhe

Agus léimeann an ghaoth aniar an bhinn orm.

Cloistear macallaí láidre den ghaoth ghealtach a réabann trí chuid de dhánta Uí

Ríordáin sa ghaoth seo ag Ó Dúill.11 Tá cosúlachtaí móra eatarthu: cruth, fiántas

agus cumhacht na geilte; sceon agus sceimhle na fuaime a ghineann siad; an tuiscint

a chruthaíonn an bheirt fhilí seo gur créatúr osnádúrtha í an ghaoth a réabann cosán

trína saol. Go hiondúil i bhfilíocht Uí Dhúill, an áit a seasann an nádúr agus an dúlra

do rud éigin bagarthach foréigneach, is minic an téarma ‗binn‘ aige mar mheafar den

sonas agus den tsábháilteacht. Seo arís againn é in ‗Téim fá chónaí‘. Is í an bhinn an

eadráin dheireanach idir é féin agus an saol amuigh agus is beag air scaradh leis an

tearmann sin. Mínítear cúis na himní go rímhaith sa chéad véarsa eile.

11

Is fiú féachaint ar chuid de na dánta seo an bhfuil an stoirm nó an ghaoth ard i gceist iontu. Cf. Seán Ó Ríordáin,

Eireaball Spideoige, (Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath 1970). „An Stoirm‟ (43), „Sos‟ (46) agus „Oíche Nollaig na

mBan (66), mar shampla.

41

I gceartlár na stoirme agus na hanachana atá an file sa dara véarsa. Tá na dúile

uilig beo, beathach. Guairneán atá ann, mórchuaifeach a scuabann an saol ar fad ina

chíor thuathail san aer: Díreach comhthreomhar le talamh don fhearthainn,

Nach cead di titim, ach imeacht i bPurgadóir shíoraí timpeall;

Éin ina mbruscar buamáilte ag séideadh

Agus crann á shracadh idir gaoth agus talamh, giorria cionn cúrsála.

Anord ceart atá sa doineann seo ina bhfuil domhan an chompoird agus an tsonais

in aimhréidh. Ní cheadaítear don fhearthainn titim ach caithfidh sí fanacht i staid

beochana crochta, gafa i bpurgadóir nach dtiocfaidh deireadh léi. Ó thom go tor atá

an éanlaith á gcroitheadh gan greim le fáil acu ar sheasmhacht ná ar fhoscadh na

gcrann nó tá na crainn féin faoi léigear ag gaoth atá ar a dícheall iad a stoitheadh.

Éalú as an ghuairneán seo is aidhm don fhile: ‗líonaim mo chliabh faoi dheifre is

tógaim í go pianmhar/ is amharcaim ó thuaidh.‘ Ach is leis an aon amharc amháin

sin ó thuaidh a thrasnaíonn an file tairseach idir an saol seo agus an domhan

rúndiamhrach miotaseolaíoch. Ó thuaidh a luíonn Oileán Thoraí, baile Bhalair,

fíorthobar dúchais, miotaseolaíochta agus oidhreachta i samhlaíocht an fhile. Bíonn

tarraingt de shíor ann i dtreo an tobair sin. Líonann an tobar sin a chliabh, ní

díreach cliabh na móna ach cliabhrach nó croí an fhile, á chothú agus á shracadh ag

an am chéanna. Le clapsholas an tráthnóna sileann an ‗saol eile‘ isteach sa dán.

Samhlaítear Balar na Súile Nimhe i mbun oibre sna dúile: ... tá Balor na mBéimeann ar cheann thiar Thoraigh go fóill,

Gath buile a shúile ar spéir, ar mhuir, ar thír ag cuartach.

Tá dearmad anois ar thearmann an tseomra a bhí chomh mór sin chun cinn sa

chéad véarsa. Seo romhainn an file lomnocht os comhair bhuile na ndúl agus súil

nimhe Bhalair, ar dlúthchuid de thraidisiún béil agus cultúir cheantar Thoraí agus

Chnoc Fola go fóill é. Seo é lomnocht os comhair ualach an traidisiúin oidhreachtúil

sin a bhfuil sé féin ina chomharba air mar fhile. Seasann sé ar an tairseach seo

amhail is go bhfuil sé faoi thriail ag an oidhreacht. Seomra an tí atá mar thearmann

ag an fhile ach má shíntear an meafar sin, Dún na nGall féin atá i gceist agus is

cinnte gur féidir a áitiú gurb í an Ghaeltacht atá chun cinn anseo in intinn an fhile.

Tá an tearmann mór sin (agus, mar sin de, an file féin) faoi léigear agus béimeanna

an tsaoil sheachtraigh ag brú isteach go fíochmhar air féin, ar an Ghaeltacht agus ar

an oidhreacht iomlán. Feithid bheag atá san fhile i gcomparáid le caismirt na

bhfórsaí éagsúla ón taobh amuigh atá ag bagairt agus ag brú air. Ní thig leis rud ar

bith eile a dhéanamh ach sleamhnú faoi chloch mhór agus dul ‗fá chonaí‘ arís.

Samhlaím an chliabh a líonann Ó Dúill ag an chruach ina shiombail den ghá atá

ag an fhile seo filleadh go rialta ar thobar an dúchais in ainneoin na bagartha agus

na contúirte: Líonaim mo chliabh faoi dheifre is tógaim í go pianmhar ...

A cheird féin mar fhile is cúis áthais agus fulaingthe in éineacht aige. Is caomhnú

agus cothú traidisiúin trí mheán na filíochta Gaeilge atá ar bun aige ach é gan fhios

cá fhad eile a mhairfidh an tearmann slán in éadan chlonscairt na síorstoirme. Bíonn

42

air filleadh go minic lena chliabh ar chruach an dúchais chun é féin a neartú don

chath. Thug Seán Ó Cearnaigh faoi deara i léirmheas leis go raibh próiseas ar siúl ag

Ó Dúill ina chuid filíochta, go háirithe mar a léiríodh sa chnuasach Saothrú an Ghoirt

í: Tá Ó Dúill ag iarraidh próiseas athmhuintearais a chur chun cinn: próiseas athmhuintearais idir é

féin agus an dúlra, dúlra atá ina mheafar ar an stair, ar an teanga agus ar leibhéal eisiach ar an

gcuid sin dá shaol nach eisean í.12

Is léamh cruinn é sin, measaim, ar ról an dúlra i bhfilíocht Uí Dhúill, go háirithe

mar a nochtar sa dán thuas é. Tá sé ag iarraidh teacht chun réitigh lena ról mar fhile

i gcomhthéacs traidisiúin atá le caomhnú, le cothú agus le forbairt ar mhaithe leis

féin mar fhile agus ar mhaithe leis an traidisún atá á cheiliúradh aige. Mar sin de, cé

gur mar fheithid a leanfaidh sé ar aghaidh, is go dalba a leanfaidh sé air ag saothrú

leis agus ag déanamh gach aon rud is gá, is cuma leis cé chomh beag faonlag a chuid

iarrachtaí, chun an tearmann, an dúchas agus an fhilíocht a thabhairt slán ón ionsaí.

Rachaidh sé fá chónaí go cinnte, ach tabharfaidh sé dúshlán na ndúl agus fanfaidh sé

dílis.

Mochéirí Meithimh13

Dá mhoiche a éirím, tá cneá geal

De ghail bhreosla eitleáin sioctha ar aghaidh na spéire

Agus éanacha dubha creiche ag cuntas na gcaoirigh.

Dá luaithe a scaipeann an drúcht, beidh fuacht faoi chois

Agus meirg rua ar fhaobhar na n-acraí nár bhailigh mé isteach aréir.

Tá tais, éadaí na líne ag crochadh leo faoi ghrian mochmhaidne.

Dá chiúine an mhaidin, ní fada go mbíonn

An chéad tarracóir ag trupáil chun an phortaigh,

Cliabh de thrucail fholamh ag bualadh ar a chúl.

Suím ar bhinse na binne. Siúlann giorria óg

Anuas an mhala fá thrí shlat díom. Geiteann na caoirigh siar uaidh.

Ní chorraím. Braithim. Sin a bhfuil ann.

Is é sin mo dhán.

Struchtúr an dáin arís anseo atá ar cheann de na nithe is mó a mheall mo shúil

agus é á léamh agam – sin agus an caidreamh sainiúil atá ag an fhile seo leis an dúlra.

Dán ceithre véarsa atá againn an babhta seo agus an struchtúr éagsúil arís leis an

chur chuige a léirigh sé in ‗Cad é fómhar?‘ agus ‗Téim fá chónaí‘. Braithim gur

ráiteas míshocrachta atá i ngach ceann de na chéad trí véarsa agus go bhfágann an

chéad dá fhocal i ngach aon véarsa díobh an chuma air seo gur liodáin achainíocha

nó curfá neamhfhuascailte iad: ‗Dá mhoiche ... (v. 1); Dá luaithe ... (v. 2); Dá chiúine

... (v. 3). An file mar fheithid, ar shlí, atá ar chúl an dáin seo arís, measaim. Is amhail

créatúr beag gan chumhacht a sheasann sé os comhair an tsaoil, é ina aonar in éadan

12

Seán Ó Cearnaigh, „Saothrú an Ghoirt: léirmheas‟, Comhar (Márta 1995), 28. 13

Gréagóir Ó Dúill, GarbhAchadh, (Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996), 16; Gréagóir Ó Dúill, Rogha Dánta 1965-2001

(Cois Life & Coiscéim, Baile Átha Cliath 2001), 120.

43

tonnta na cinniúna nó chúrsa na beatha – é ag caoineadh na heaspa foirfeachta a

bhaineann le gleann seo na ndeor. Seo caidreamh diúltach an duine leis an nádúr: Dá mhoiche a éirím, tá cneá geal

De ghail bhreosla eitleáin sioctha ar aghaidh na spéire

Agus éanacha dubha creiche ag cuntas na gcaoirigh.

Ní féidir leis an fhile éalú ón dochar a dhéanann an duine don dúlra, dochar atá le

feiceáil mar ‗chneá geal ... ar aghaidh na spéire‘. Ní maith leis an drochthionchar atá

ag an duine ar an dúlra agus ar an domhan toisc na ngonta agus na gcneácha atá á

bhfágáil aige ar aghaidh na spéire agus ar chlár an domhain. Cé gur do ghné an

nádúir atá na héanacha dubha ag tarraingt – an baol do chaoirigh ó éanacha dubha

creiche – níor dheacair na heitleáin a shamhlú mar éanacha dubha atá ag cur isteach

ar an nádúr fosta. Ní thig leis an fhile éalú ó chúrsa nádúrtha an tsaoil agus na

beatha mar a dtarlaíonn drochrudaí gan chúis, uaireanta. Bíonn na héanacha dubha

creiche de shíor ag timpeallú agus an chéad íobartach eile á lorg acu: ‗bua na

hoiriúnachta‘ (i.e. survival of the fittest) is cúis leis sin. Éanacha dubha de dhéantús

an chine dhaonna féin, áfach, atá ag timpeallú ar an dúlra agus creach á déanamh

acu air. Is cuid riachtanach den saolré aiceanta fiántas na beatha nádúrtha ach is

mór idir sin agus dochar an duine i meon an fhile.

Leanann iarmhairtí gach dá dtarlaíonn sa saol seo, dar leis an fhile sa dara véarsa.

Bíonn drúcht ann go moch ar maidin, go háirithe maidin samhraidh. Tá an drúcht

riachtanach roimh theas an lae ach fágann sé rian eile ina dhiaidh, ar nós go leor eile

de na rudaí a thiteann amach sa saol:

Dá luaithe a scaipeann an drúcht, beidh fuacht faoi chois

Agus meirg rua ar fhaobhar na n-acraí nár bhailigh mé isteach aréir.

Tá tais, éadaí na líne ag crochadh leo faoi ghrian mochmhaidne.

Baineann fuacht áirithe leis an luathmhaidin, fiú i lár an tsamhraidh. Gineann an

drúcht meirg éadrom ar uirlisí atá fágtha ina luí amuigh thar oíche trí thimpiste ag

an fhile agus feictear an rian rua sin an mhaidin dár gcionn. Taisríonn sé éadaí ar líne

a thriomóidh ar ball faoin ‗ghrian mochmhaidne‘ ach baineann sé cuid den bheocht

agus den bheatha as na baill éadaigh (‗ag crochadh leo‘) go dtí go mbeathaíonn an

ghrian arís iad. Féach mar a bhfuil an file ag baint leasa as an imeartas focal a

bhaineann le ‗tais‘ agus ‗éadaí‘ chun ‗taiséadaí‘ a mheabhrú don léitheoir agus

tagairt á déanamh dá chuid éadaí féin ar crochadh ar an líne. Tá meath áirithe i

gceist sna línte seo. Is amhlaidh go bhfuil an file féin ag fanacht leis an ‗ghrian

mhochmhaidne‘ le drúcht, fuacht agus taise na maidne a dhíbirt de féin le go

rachaidh sé i mbun oibre i gceart arís agus go mbainfear an mheirg rua d‘acraí an

fhile – an peann. (Meabhraítear an ceangal a rinne Heaney idir an spád agus an

peann sa dán leis, ‗Digging‘, anseo agus is féidir macalla a aithint tríd an tagairt

d‘acraí an fhile.14 Baineann Cathal Ó Searcaigh feidhm as leagan den mheafar sin i

ndán leis fosta, ‗Anseo ag Staisiún Chaiseal na gCorr‘ sna línte corraitheacha: ‗Seo

duanaire mo mhuintire; an lámhscríbhinn a shaothraigh siad go teann le dúch a

14

Seamus Heaney, New Selected Poems 1966-1987, (Faber and Faber, Londain 1990), 1.

44

gcuid allais.‘15) Caithfidh an file taiséadaí na hoíche agus na mochmhaidne uaidh,

díbreofar an mheirg rua de na hacraí agus éireoidh sé chun beatha an fhile faoi sholas

cruthaitheach an lae.

Is é an caidreamh dearfach idir an duine agus an nádúr a chuimsítear sa tríú

véarsa, measaim. Baineann suaimhneas leis an nádúr agus leis an timpeallacht

tuaithe ach is é an duine sa chás seo a bhriseann an suaimhneas sin agus é i mbun a

ghnó laethúil riachtanaigh:

Dá chiúine an mhaidin, ní fada go mbíonn

An chéad tarracóir ag trupáil chun an phortaigh,

Cliabh de thrucail fholamh ag bualadh ar a chúl.

Braithim nach bhfuil an file chomh míshásta leis an chaidreamh idir an duine

agus an dúlra sa véarsa seo agus atá sé i véarsa 1. Is dóigh liom go samhlaíonn sé

obair an phortaigh a bheith i dtiúin níos fearr le saol na tuaithe. Tá an feirmeoir nó

an t-oibrí níos gaire don nádúr nó is cosantóir ar luach an dúlra é. Tá an duine ag

brath ar an dúlra sa chás seo agus tá obair an phortaigh mar dhlúthchuid den

traidisiún a bhaineadh le saol inar aithníodh an gaol gairid idir an dúlra agus an

duine agus freagrachtaí an duine dá réir.

Is sa cheathrú véarsa, áfach, a thugann an file an imní a léiríonn sé sna chéad trí

véarsa chun fuascailte trí cheangal a dhéanamh idir a ról féin mar fhile agus an dúlra

ag a bhfuil sé timpeallaithe. Tarraingíonn sé arís sa dán seo ar mheafar bhinn an tí.

Is íomhá é a thugann mothú agus tuiscint ar thearmann, ar sheasmhacht agus ar

shábháilteacht don léitheoir. Ancaire, ar shlí, atá ann agus an file ar uiscí an tsaoil.

Is ar ‗bhinse na binne‘ atá sé ina shuí ag amharc ar a bhfuil thart air. Nuair a

‗shiúlann giorria óg anuas an mhala fá thrí shlat‘ de, geiteann na caoirigh ach fanann

an file gan bogadh. Sin é a ghairm – suí go foighneach fealsúnach agus suntas a chur

sna rudaí éagsúla seo. Ní suntas amháin atá i gceist, áfach, ach machnamh go

tostach orthu go dtugann sé torthaí a chuid smaointeoireachta ar an saol i gcruth

dáin. Is cliste go mór an t-imeartas focal a bhfuil an file ina bhun ag an staid

dhéanach seo sa dán. Tá an focal ‗dán‘ anseo ina bhríonna uilig ag Ó Dúill: an dán

mar chinniúint, an dán mar cheird nó ealaín, an dán mar fhilíocht agus mar phíosa

filíochta agus an dán mar thabhartas nó mar thíolaic ó na Déithe don fhile agus, ar a

sheal féin, ón fhile don phobal léitheoireachta:

Ní chorraím. Braithim. Sin a bhfuil ann.

Is é sin mo dhán.

Radharc luathmhaidne atá á léiriú agus á chuimsiú ag an fhile sa dán seo agus é

ina shuí faoi bhreacadh an lae ag tabhairt faoi deara an caidreamh idir duine agus

dúlra, idir file agus a cheird. Samhlaím an duine i ngleic leis an dúlra (agus a

mhalairt go cruinn) ar bhealaí éagsúla i véarsaí 1 agus 3, an dúlra agus an file i ngleic

lena chéile i véarsa 2 agus an file féin ar a shuaimhneas leis an chaidreamh idir an

dúlra agus é féin mar fhile agus mar dhuine sa véarsa deireanach. Chomh fada agus

is féidir leis teacht ar thuiscint iomlán air seo uilig, tugann sé an cheist chun réitigh

15

Ó Searcaigh, Ag Tnúth leis an tSolas, 126.

45

agus chun fuascailte ar shlí a shásaíonn é féin agus a cheird. Baineann an léargas a

nochtann an file sa véarsa deireanach lena ról mar fhísí agus mar chosantóir ar

thraidisiún, mar chaomhnóir ar oidhreacht agus, ar deireadh, mar léirmhínitheoir ar

dhá chultúr a bhfuil sé féin ina dhlúthpháirt díobh.

Ceangal

Tá súil ag Gréagóir Ó Dúill d‘áilleacht an nádúir agus léiríonn sé meas ina chuid

filíochta ar an áilleacht sin. Tá níos mó i gceist leis an dúlra ná foinse shimplí

áilleachta, áfach, bíodh is go bhfuil an ghné sin den timpeallacht an-tábhachtach dó.

Feiceann sé an dúlra mar rud a gcaithfidh sé plé go foirmeálta leis, amhail duine eile.

Is mar neach beo a fheiceann sé an dúlra agus bíonn síorphlé ar siúl idir é féin agus

an neach sin. Nochtar an dúlra ar shlite éagsúla. Is léiriú ar áit é i gcásanna áirithe –

an Ghaeltacht nó Dún na nGall an áit is minice a bhíonn i gceist aige. Síntear an

léiriú sin go minic, fosta, agus cuirtear an dúlra inár láthair mar léiriú ar an dúchas

sainiúil cultúrtha a bhaineann leis an Ghaeltacht agus leis an Ghaeilge, an traidisiún

teanga agus an oidhreacht liteartha.

Chomh maith leis sin, feictear an file ag ceistiú agus ag iniúchadh a róil féin mar

fhile Gaeilge sa chéad áit agus mar fhile i gcoitinne ina dhiaidh sin. Bíonn sé i ngleic

go minic lena ról féin mar chomharba ar thraidisiún ársa. Léiríonn na trí dhán thuas

go mbíonn sé de shíor ag forbairt na tuisceana atá aige ar an ról sin agus go bhfuil a

dhearcadh i ndiaidh dul in aibíocht i rith a shaoil mar fhile, rud ar thagair sé dó sa

sliocht athfhriotail ag tús na haiste seo. Is mar léirmhínitheoir ar thraidisiún is fearr

é a thuiscint sna trí dhán seo. Is cosantóir ar an oidhreacht teanga agus chultúrtha é

atá gafa idir dhá ré: an saol reatha agus an oidhreacht ársa a bhfuil a shaol mar fhile

tugtha aige di. Feictear fosta na coimhlintí beaga atá mar chúlra ag an dá ré sin:

Gaeltacht agus Galltacht, Gaeilge agus Béarla, Ó Dúill mar phlandóir agus mar

dhúchasóir, tarracóir agus trucail. Is file é, ar deireadh, atá ag déanamh a dhíchill an

fearann idir na coimhlintí sin uilig a chaibidil trína mhachnamh fileata. Is ag

caomhnú na hoidhreachta ach á hathnuachan, fosta, i gcomhthéacs an tsaoil nua-

aoisigh a bhíonn sé go han-mhinic. Agus é ag trácht roinnt blianta ó shin in aiste

ghairid leis ar fhilíocht Chathail Uí Shearcaigh, scríobh Ó Dúill:

He [Ó Searcaigh] argues that for him, the comfortable and the usual must be reversed, that his

home is not the snug cottage but the ruin open to the wind ... The metaphor can also relate to

the poet‘s fidelity to his cultural inheritance, the very despoliation of which has made it more

open to enriching outside influences.16

D‘fhéadfadh go raibh Ó Dúill ag cur síos ansin ar ghné dá thionscadal filíochta

féin, go háirithe mar a léirítear é sna dánta atá idir chamáin anseo, ach an dúlra a

chur in áit an bhaile. An líne dheireanach in ‗Mochéirí Meithimh‘ is fearr a

chuimsíonn cur chuige agus dearcadh Uí Dhúill i leith an dúlra agus na filíochta,

measaim: ‗Is é sin mo dhán.‘ Is ráiteas lom é ar dhualgas an fhile ach is léiriú an-

iomlán é, chomh maith leis sin, ar an tuiscint atá ag Ó Dúill ar an áit lárnach atá ag

16

Gréagóir Ó Dúill, „Cathal Ó Searcaigh: a negotiation with place, community and tradition‟ in Moya Cannon (eag.) Poetry

Ireland Review 48 (Geimhreadh 1996), 17.

46

an fhile Gaeilge i léirmhíniú oidhreacht agus traidisiún ársa na Gaeilge do lucht

éisteachta taobh istigh agus taobh amuigh den traidisiún sin.

47

4

Spléachadh ar Fhilíocht Uladh

Gréagóir Ó Dúill

Mar a d‘iarr stiúrthóir na hÉigse orm roimh Nollaig, bhéarfaidh mé léacht ar an

téama, filíocht na nUltach. Beidh an léacht seo rannta ina thrí chuid.

I dtosach báire, beidh mé ag amharc siar ar an méid a scríobh mé breis agus fiche

bliain ó shin sa réamhrá a chuir mé le mo leabhar Filíocht Uladh 1960-1985.

Déanfaidh mé iarracht achoimre a dhéanamh ar phríomhargóintí agus ar chúlra an

réamhrá sin, aiste a raibh dhá leathanach déag ann.

Beidh mé ag féachaint ansin leis an réamhrá sin a thabhairt suas chun dáta.

Déarfaidh mé go raibh bearnaí ann, gur athraigh m‘aigne agus mo bhreithiúnas ó

shin, agus amharcfaidh mé ar na hathruithe a tháinig ó shin, ar na filí a bhláthaigh,

orthu siúd nár éirigh leo an bláthú sin a dhéanamh, ar na heasnaimh a léiríodh agus

ar na héachtaí a rinneadh ó shin. Déanfaidh mé tagairt faoi leith do na filí úra a

tháinig chun solais ó cuireadh Filíocht Uladh i gcló dhá bhliain agus fiche ó shin. Ba

anseo i gcathair Dhoire a seoladh an leabhar, sa Guildhall, agus ba é John Hume a

rinne an seoladh.

Sa tríú cuid den léacht, má bhíonn an t-am agam, déanfaidh mé iarracht ar

léargas a thabhairt ar mo shaol, ar mo thaithí féin mar fhile agus mar fhile Ultach le

daichead éigin bliain, ar na rudaí a bhfuil mé sásta leo, ar na rudaí nach bhfuil, ar

chultúr na hÉigse sa tuaisceart mar a thuigim féin é.

Cuid a hAon

Bhunaigh mé an leabhar Filíocht Uladh ar an tuiscint a bhí agam an t-am sin,

agus atá agam go fóill, go rabhthas ag déanamh neamhshuime agus neamairt

d‘fhilíocht Ghaeilge Chúige Uladh mo linne. Thosaigh mé an leabhar leis an

consensus reatha mar a mhínigh Seán de Rís é: Mheath an fhilíocht agus tá sí marbh i

gCúige Uladh inniu. Bhí sin ann i bhfad ó shoin, agus is fada ó shoin é. Ba dhuine é a

raibh meas agam ar a shaothar, nó chuir sé eagar tuisceanach ar shaothar Pheadair

Uí Dhoirnín, ach chuir an dearcadh seo as dom, nó cheap mé nach marbh a bhí mé

féin ach beo, agus bhí filíocht bheo á léamh agam gach lá ag leithéidí Réamonn Ó

Muireadhaigh, Brian Ó Maoileoin, Pádraig Ó Croiligh, Cathal Ó Searcaigh, Pascal

Mac Gabhann agus Cathal Póirtéir. Ba dhaoine iad seo a rugadh sna tríochaidí, sna

daichidí agus go fiú i gcaogaidí na fichiú aoise.

Chuir mé romham dearcadh seo an Rísigh a bhréagnú. D‘aon ghnó a rinne mé é,

agus fonn orm a gceart a sheasamh do Ghaeil Uladh. Ba dhuine mise a d‘imigh ó

dheas tamall i ndiaidh dom céim a bhaint amach in Ollscoil na Ríona, agus bhí mé

ag caitheamh mo shaoil mar státseirbhíseach de chuid an deiscirt, ag feidhmiú do

rialtas nár aontaigh mé, go minic, lena bpolasaithe. Cé gur rugadh i mBaile Átha

Cliath mé, ba sa tuaisceart a tógadh mé ó aois mo chúig bliana, agus dhearc mé orm

féin mar ‗Ultach‘, faoi mar a dhéanaim go fóill. Ar bhealach éigin ní miste féachaint

48

ar mo dhíolaim Filíocht Uladh mar fhothoradh ar na trioblóidí, mar chruthú eile ar

an dóigh a raibh Ultaigh ag amharc orthu féin sna blianta sin i ndiaidh na

stailceanna ocrais. Gan amhras, bhí muintir an chúige, idir ghlas agus bhuí, ag

teacht ar an tuiscint gur ar a gcosa féin a chaithfeadh siad seasamh, nó ba bheag an

tacaíocht a bhí le fáil ó áit ar bith eile.

Ba leabhar cúise é Filíocht Uladh, agus teoiric sách soiléir taobh thiar de. Bhí

caint gan staonadh ann an tráth sin ar bhaicle Hobsbaum, ar Montague agus

Hewitt, Heaney, Longley, Mahon, Deane, McGuckian, Carson agus Muldoon agus

filí Béarla eile an Chúige. Bhí, mar a chéile, caint mhór ann ar fhilí Innti, Ní

Dhomhnaill agus Davitt, Rosenstock agus Ó Muirthile agus eile. An chaint mholtach

sin tuillte ag an dá dhream. Ach chonacthas dom go raibh baicle scaoilte d‘fhilí

Gaeilge Uladh ag saothrú leo, gan mórán airde á fháil acu sa Chúige féin agus gan

aird ar bith taobh amuigh de. Ba dhream beag daoine iad a raibh roinnt taithí saoil i

gcoitinne ag a bhformhór – córas oideachais, aontacht chanúna bunaithe ar Thír

Chonaill, taithí éigin ar na trioblóidí, tuiscint ar thábhacht chúis na Gaeilge don fhile

agus ar thábhacht an fhile do chúis na Gaeilge. Mheas mé go raibh lucht léite na

Gaeilge i gCúige Uladh níos coimeádaí ar bhealaí áirithe ná lucht na Gaeilge sa

deisceart – bhí siad a bhformhór fós ag plé, bealach amháin nó bealach eile, leis an

náisiúnachas agus leis an chreideamh, téamaí nár mhór ag muintir Innti agus a lucht

leanúna.

Ach d‘fhág an córas oideachais, an taisteal agus a bpáirt féin sa tsaol mhór, agus

gan amhras d‘fhág cúrsaí polaitíochta, go raibh muintir na Gaeilge sa tuaisceart,

agus a gcuid filí, comhaimseartha freacnairceach ar bhealaí eile. Ceann de na

difríochtaí a chonaic mé idir saothar na bhfilí Ultacha Gaeilge agus saothar na

ndeisceartach ná an oiread spéise a chuir na hUltaigh i gcúrsaí sóisialta, seachas i

gcúrsaí pearsanta, i saoirse an phobail seachas i saoirse phearsanta agus mhorálta an

duine aonair. Mar sin féin, agus deirim an méid seo sa réamhrá, má bhí sé de

cheangal ar na filí amharc gan chúbadh gan chlaonadh ar na cúinsí polaitiúla, bhí

speictream leathan de dhearcadh acu ar na cúinsí sin – Ó Maoileoin ag bordáil le

bheith ina shíochánaí, Ó Searcaigh ag déanamh neamshuime den iomlán ach ag

aithint áilleacht saighdiúra, Ó Muireadhaigh ag roinnt pianpháise príosúnach agus a

muintir, Ó Croiligh ag amharc thart air in aireaglán ospidéil, Ó Doibhlin ag

mairgnigh faoin chúige mar a bhíodh agus a gceart ag Gaeil, Mac Suibhne sáite sa

traidisiún phoblachtánach agus mar sin. Tá dearcadh áirithe le feiceáil ar an

bheagán bheag dánta a chum Davitt agus Ó Muirthile ar an tuaisceart, mar a bhí ar

cholún próis Uí Ríordáin ar an Irish Times. Níl oiread simplíochta sna dánta a

scríobh na hUltaigh féin, a mbunús ar scor ar bith. Tagann tuiscint den taithí,

tagann ciall don chastacht den tuiscint.

Ag an am chéanna, ba theanga teaghlaigh í an Ghaeilge sa tuaisceart, teanga

ghréasáin neamhfhoirmeálta gan institiúidí rialtais, gan meáin chumarsáide, gan ach

greim lag aici ar chuid an-bheag den chóras oideachais – bhí an teanga féin anacrach

dúshlánach réabhlóideach ar chaoi nach raibh Gaeilge an deiscirt. D‘aithin an

Ríordánach an méid sin, go raibh rogha ag an teanga bheith oifigiúil nó eiriceach,

49

agus é ag ligean air féin go bhfuil sé ag caint faoi ―Tulyar‖, stail an Aga Khan. Ach

creidim gur gá a admháil gur mhinic, an tráth sin ar scor ar bith, caighdeán na

Gaeilge sa phobal a bheith tanaí go maith, agus d‘fhág sin go mbíodh caighdeán na

Gaeilge ag an fhile féin i mbaol dul in ísle le imeacht aimsire, rud a tharla (dar liom) i

gcás cuid againn. Agus ba ar scála bheag a bhí lucht éisteachta fhilíocht na Gaeilge

sa tuaisceart. Bhí breis agus míle duine ar an chruinniú i gCorcaigh ag ar bunaíodh

Innti, ach ní cuimhin liom céad duine a fheiceáil ariamh ar ócáid filíochta Gaeilge sa

tuaisceart. Ceann de na sraithe ócáide ba thábhachtaí sa tréimhse agus ba mhó a

tharraing aird agus a mhúin an lucht éisteachta agus a thug oiliúint do na filí féin ba

ea turas na mbard Albanach, ach, faoi réir na rialachán a aontaíodh ag an Chornal Ó

Néill agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha, níor cheadmach dó teacht taobh ó

thuaidh den teorainn. Mar is eol do chách, tá Éire agus Éire ann, rud a bhaineann le

filíocht mar a bhaineann le siopadóireacht. Ina áit sin, bhí na hÉigsí againn chun

ceiliúradh a dhéanamh ar fhilí Oirialla agus eile, rud fiúntach ach rud nár thug tús

áite don fhilíocht chomhaimseartha.

Maidir leis an ealaín féin, ba é mo bharúil go raibh an ghontacht mar thréith i

bhfilíocht Uladh, gontacht a thaitin liom. Ní raibh filíocht an chúige chomh

ceolmhar le filíocht na Mumhan, bíodh agus gur ceolmhaireacht an bua is mó san

fhilíocht dar le traidisiún na Gaeltachta i dTír Chonaill, agus bhí gan amhras, neart

ceoil ag an Searcach. Ach an chuid ba mhó d‘fhilí an Chúige, mheas mé go raibh siad

ag iarraidh rud a rá, seachas a bheith ag cóiriú a bhfriotail go cúramach. Seans go

raibh oibriú an chórais oideachais tar éis an cumas a bhaint de chuid acu luí isteach

go paiseanta nó go greannmhar leis an ornáidiú. Corruair, mheas mé go raibh stór

focal teoranta nó coimhréir beagán as a riocht ag duine nó beirt ó am go chéile. Más

iad na focail uirlisí an fhile, ní raibh roghnú na n-uirlisí acu go hiomlán ná snas nó

faobhar ar chuid de na huirlisí dá raibh acu. Ach muna raibh, d‘fhág sin gur soiléire i

bhfad rian an iarchóilíneachais ar shaothar na bhfilí Ultacha ná ar shaothar

mhuintir Innti, dream a raibh lániontaoibh acu as a ngreim ar an teanga, agus an

ceart acu. Agus dream a raibh deiseanna acu an greim sin a dhéanamh foirfe nach

raibh le fáil chomh héasca céanna ag bunús na bhfilí Ultacha – jabanna le Gaeilge,

saol sóisialta tré Ghaeilge agus mar sin de. Ní hionann an Ghaeilge ag cuid d‘fhilí seo

an tuaiscirt agus ag a gcomhleacaithe i gcúigí eile, ach rinne siad cúram den teanga

ar a ndóigh féin, gach duine chomh trialach le Davitt, gach duine ag cuartú friotail

dó féin mar a rinne an Ríordánach. Má bhí an friotal sin borb gonta ar uairibh, nach

sin a chuir Heaney roimhe féin ag an tús fosta, é ag freagairt do stair teanga agus

chultúr a mhuintire, an teanga ―snug as a gun‖, a stair chomh fada le lurgain spáid.

Áitíonn réamhrá Filíocht Uladh go raibh geallúint faoi scríobh na filíochta sa

chúige, go raibh go leor daoine ag dul don ealaín le dlús a chur fúithi agus le forbairt

a dhéanamh uirthi. Go raibh cáil idirnáisiúnta ag teacht chuig duine amháin, ar a

laghad, an Searcach, agus an duine sin ag filleadh chun an chúige, ba chosúil, lena

mhuintir féin a scríobh go bródúil báúil tuisceanach, mar a rinne Somhairle Mac

Gill-Eàin roimhe. Bhí daoine eile nach raibh ina gcónaí sa chúige a thuilleadh ach a

raibh nasc láidir acu leis, agus a philleadh go minic – Paschal Mac Gabhann, Cathal

50

Póirtéir, mé féin, mar shamplaí. Ba é a bhí a dhíth, dar liom, ná institiúidí agus

gréasáin a thabharfadh ugach agus tearmann do na filí, pobal a thógáil, caint agus

cumarsáid a chur ar siúl, oiliúint a chur ar fáil agus gairmiúlacht phroifisiúnta a

chothú. Bhí tréaniarracht scoil chritice Mhá Nuad, a bhí bunaithe ar Ultaigh den

chuid ba mhó, bhí sé sin ag trá nó ag tiontú a súl ó fhilí comhaimseartha chúige

Uladh. Bhí mé ag iarraidh, le mo leabhar, cuidiú leo sin a bhí ag iarraidh forbairt a

dhéanamh ar dhaoine, ar chláracha oideachais, ar fhorais agus ar institiúidí. Tá mé

sásta, sa mhéid agus gur baineadh leas as an leabhar mar áis teagaisc ar an dara agus

ar an tríú leibhéal, gur éirigh leis an leabhar. Ach níor tharla, dar liom, an fhorbairt

sin a raibh mé ag dúil leis.

Cuid a Dó

Rachaidh mé ar aghaidh anois chuig an dara cuid den léacht, dearcadh siar ar an

Réamhrá sin agus ar Fhilíocht Uladh tré chéile, féachaint ar iad a thabhairt suas

chun dáta. Tá mé sásta leis an choincheap den chuid is mó, leis na dátaí ar shocraigh

mé orthu, le líonmhaireacht na bhfilí agus na ndánta – ní raibh mé ag iarraidh

tabhairt le fios gur den scoth gach líne, gach dán, gach file. Bhí mé ag taispeáint go

raibh rud fiúntach ar siúl arbh fhiu amharc air ina iomláine. An raibh easnaimh ar

Filíocht Uladh, duine nó saothar nár cuimsíodh? Creidim, ag amharc siar air, gur

trua nár chuir mé roinnt aistriúchán go Gaeilge isteach, cúpla ceann le Breandán Ó

Doibhlin, ach go háirithe. Seans go bhfuil ábhar sa díolaim nach dtuilleann áit,

duine nó beirt a raibh súil agam go rachadh siad ar aghaidh ach nach ndeachaigh,

agus go raibh mé ag iarraidh iad a mhisniú, nó b‘fhéidir go raibh an iomarca dánta

ag duine nó beirt, an saothar róchosúil lena chéile, an t-athrá le sonrú, agus seans gur

chuir mé an oiread sin dánta leo isteach ar mhaithe le cúrsaí geilleagair.

Ach cad nach bhfuil ann, cad a chuirfinn isteach dá mbeadh eagrán úr á réiteach

agam faoi mar a iarrann an foilsitheoir? Sa chéad áit, ar ndóigh, tá saothar úr leis na

filí a bhí sa chéad eagrán, saothar a foilsíodh i ndiaidh 1985. Amharcaim anois ar na

bailiúcháin amháin, nó ní gá dom anois an ransú ar na hirisí a dhéanamh a rinne mé

leis an chéad eagrán a líonadh, nó bunaíodh an nós ó shin an cnuasach beag a chur

amach, an slim volume, thar mar a bhíodh coitianta; a bhuíochas sin cuid mhaith do

Choiscéim agus do Phádraig Ó Snodaigh.

Tá filí Gaeltachta a tháinig chun cinn le tamall de bhlianta, Colette Ní Ghallchóir

a bhfuil oscailteacht mhisniúil agus gontacht chnámhach ar a cumas, agus duine

níos óige, Proinsias Mac a Bhaird a bhfuil glór dá chuid féin á aimsiú aige go mall

cúramach tomhaiste.

Lean Cathal Ó Searcaigh ar aghaidh, ar ndóigh, a chlú agus a cháil ag méadú i

dtólamh. I dtosach bhí an naïveté mar thréith láidir sna dánta ach le himeacht

aimsire d‘imigh sin. Ní tréith í is furasta nó is cuí ag file i meán a laethe. Agamsa atá

a fhios, faraoir. Tháinig nóta searbh fírinneach, nó sóisialta isteach i gcuid de dhánta

an fhile seo, ‗Caoradóir‘, ‗Gort na gCnámh‘, mar shampla. Ach ansin le tamall, is mó

atá an nóta sóisialta seo in easnamh sna dánta deireanacha, agus is mó a dhíríonn a

Searcach a aird air féin seachas ar a phobal. Is tiontú é seo atá coitianta go leor i

51

bfhilíocht iarthar an domhain le leathchéad bliain. Tá sé le feiceáil ar chuid den

fhilíocht luath go bhfuil sé ag iarraidh glacadh lena chlaonadh gnéis féin agus plé a

dhéanamh leis idir aoibhneas agus uaigneas agus deacracht. Ach sna dánta malla, is

lú i bhfad an choimhlint ealaíne, bíonn an ceiliúradh agus an gairdeachas buach

cinnte níos coitianta ná an cíoradh nó an t-amhras.

Chuir daoine eile tuilleadh leabhair amach: Réamonn Ó Muireadhaigh, a chuir

dua air féin plé le téamaí casta sóisialta, fealsúnachta agus pearsanta; Pádraig Ó

Croiligh a dhírigh isteach níos mó ar chúraimí creidimh, agus cé déarfadh gur cúngú

an méid sin; Pádraig Mac Suibhne, a bhfuil greim cinnte ar an teanga aige agus dúil

aige sa tsimplíocht – simplíocht shóisialta, pholaitiúil agus ghrá; Pól Ó Muirí, ar

éirigh leis i measc rudaí eile, taithí thrúpaí agus aerfhórsa Mheiriceá sa dara Cogadh

Domhanda a úsáid mar mheafar sínte do na trioblóidí, agus ar éirigh leis fosta

imeacht ón chathair isteach i gceantar bocht tuaithe ar chiumhais locha agus tairbhe

a bhaint as sin mar shamhail dá thuras chun na teanga; mé féin a chaitheadh oiread

ama agus ab fhéidir liom sa Ghaeltacht, ag scríobh dúlra agus tírdhreacha mar

thaifead agus mar mheafar; Brian Ó Maoileoin a thiontaigh níos mó i dtreo an phróis

ach ar léirigh an bailúchán deiridh aige nárbh eagal leis dul i ngleic leis an tsaol sa

chathair, ar phill sé uirthi, agus leis na trioblóidí ann; agus Diarmuid Ó Doibhlin, an

file is mó a bhfuil teacht aige ar an tobar fíorghlan sin, saíocht, stair agus litríocht

Ghael Uladh.

Daoine eile cosúil le Tomás Ó Canainn agus Celia de Fréine, bhí siad ag caitheamh

a saoil taobh amuigh de chúige a mbreithe, an bheirt acu ag saothrú go hionraice

oscailte sciliúil, Celia sa dá theanga, Tomás sa Ghaeilge agus sa cheol. Bhí Breandán

S. Mac Aodha, ollamh i nGaillimh, a scríobhadh dánta maithe ainneoin a chúraimí

iomadúla eile agus a chuir cnuasach fiúntach amach. File eile, Séamus Ó hUltacháin

as an Chabhán, a raibh súil aige ar an dúchas réigiúnda agus a raibh ábhar

corraitheach aige, bás a mhic ina shamhail do bhás an oiread sin óigfhear sa chúige i

gcaitheamh na tréimhse. Tá trí chnuasach de shaothar bhisiúil curtha amach ag

Tom MacIntyre, fear de chuid an Chabháin ó dhúchas, a léiríonn an chiall don léiriú

drámatúil iar-réalaíoch is tréith don tsaothar Béarla aige, ach níor tugadh mórán

airde orthu.

De réir a chéile bhí athrú ag teacht ar stádas poiblí agus ar úsáid na Gaeilge agus

ar a háit sa chóras oideachais agus sna meáin phoiblí i gCúige Uladh, agus d‘fhág sin

filí cathrach, filí de chuid iarthar Bhéal Feirste, ag teacht chun cinn, Pól Ó Muirí

mar a luamar, Philip Cummings a bhfuil an ghontacht agus an greann le blas ar a

shaothar agus file ardaidhmeannach trialach eile, Gearóid Mac Lochlainn, duine eile

a chuir an ceol agus an fhilíocht le chéile agus (cosúil leis an tSearcach ach

neamhchosúil le go leor eile de chuid filí Gaeilge an chúige) a bhfuil aird lucht an

Bhéarla air, bunaíocht na filíochta san áireamh. Mar is dual don fhear óg cathrach,

tá tionchar láidir chultúr Thuaisceart Mheiriceá le sonrú ar a chuid dánta.

Cé nár tháinig chun cinn? Sa Bhéarla agus sna teangacha forbartha eile, bíonn an

fhilíocht ag brath ar lucht teagaisc na n-ollscoileanna mar fhilí, mar lucht critice,

mar mhúinteoirí filíochta. Tháinig laghdú ar thábhacht scoil chritice Mhá Nuad mar

52

a dúramar. Tá Diarmuid Ó Doibhlin ann, a maireann mo mheas ar a chuid filíochta,

go háirithe an méid de a bunaítear ar stair agus ar shaíocht Ghaelach an chúige. Ach

diomaite de Dhiarmaid, ní léir dom go bhfuil duine ar bith ar fhoireann ollscoile nó

coláiste tríú leibhéil sa tuaisceart a scríobhann an fhilíocht ná an chritic féin go

leanúnach. Bhí cumas file ag Gearóid Stockman, dar liom, ach chuir sé béim ar an

obair acadúil seachas ar an scríbhneoireacht chruthaitheach, bíodh go raibh

tábhacht lena Chumann Éigse Chúige Uladh agus le ceapachán nó dhó a rinneadh

faoina choimirce mar scríbhneoir cónaitheach sna hollscoileanna. Bhí cumas mar an

gcéanna ag Caitríona Ní Ghallchóir-Hastings, ach is beag uilig a chum sí, go háirithe

ó d‘fhág sí an cúige. Rinne Frank Sewell obair mholtach chritice ar Chathal Ó

Searcaigh ach is beag obair chritice a rinneadh taobh amuigh de sin. Is aisteach liom

nach scríobhann na léachtóirí mar a dhéanann cuid mhaith den mhuintir ó dheas:

Tadhg Ó Dúshláine, Bríona Nic Dhiarmada, Pádraig Ó Laighin, Caoimhín Mac

Giolla Léith, Máire Ní Annracháin, Angela Bourke, Eoghan Ó hAnluain agus go leor

eile. Cuir seo i gcomparáid leis an Bhéarla in Éirinn agus thar lear, nó leis an

Fhraincis – bíonn lucht na n-ollscoileanna chun cinn i gcultúr na filíochta, á

cumadh, á cíoradh, á spreagadh. Ní maith liom cúis ar bith a shamhlú leis an tost seo

sa tuaisceart– chaith mé féin tamall ag léachtóireacht in Ollscoil na Ríona agus is ró-

eol dom an ró-ualach a bhaineann leis an ghairm. Ach bíonn easpa chritice, bíodh

fabhrach nó eile é, ina oíche dhorcha ar anam file agus ina chuirtín iarainn ar fhás a

bhuanna.

Cé eile a luaimid? Bhí meas ariamh agam ar shaothar Chathail Phóirtéir agus is

oth liom nach ndeachaigh sé ar aghaidh tar éis Tonnchrith Intinne ach déanann sé

sárobair raidió san earnáil liteartha agus bímis buíoch as sin. Bíonn píosaí ag Anraí

Mac Giolla Chomhaill corruair, an ceathrú sagart ar an liosta, ach is fánach iad.

Chuir Peigí Rose, an cúigiú sagart ar an liosta, dánta maithe i gcló, ach nuair a

tugadh cúram pobail dó shocraigh sé gur mhó ba chuí dó díriú isteach ar an chúram

sin agus gan leanstan ar aghaidh leis an scríbhneoireacht. Mar a chéile le Máire Níc

Mhaoláin, a bhfuil scileanna luachmhara folcóireachta aici agus acmhainn ar fhocail

a roghnú dá réir.

Rinne Conall Ó Domhnaill an sainmhíniú seo ar an fhilíocht: ―… caint bheacht

líofa le cruinneas cainte. Agus mar chumhdach air sin uilig, samhailteacht le fuaim

agus tuaim a dhéanfas léiriú agus nochtadh soiléir ar an ábhar a tchíonn an tsúil,

agus a mheallfadh an dúil sna tíolacthaí agus sa dúchas sin.‖ Ní shéanaim an méid

sin. Beaichte, cruinneas cainte agus samhailteachta. Níor scríobh Séamus

MacAnnaidh an fhilíocht le fada an lá agus ní dóigh liom gur scríobh Pádraig Ó

Siadhail dán ariamh. Fuair Mary Reid bás tobann go hóg tar éis di oiliúint dhian

bhardach a chur uirthi féin i dTír Chonaill, oiliúint a raibh mé féin páirteach ann i

dTeach na hÉigse.

Cén chiall atá leis seo uilig? Tá, nach bhfuil go leor tacaíochta don fhilíocht sa

tuaisceart. Tá gá le speictream leathan den fhilíocht agus d‘fhilí a chothú. An

speictream atá ann inniu, níl sé chomh leathan agus a bhíodh agus tá meánaois na

bhfilí scáfar ard. Pinsinéirí cuid mhór againn cheana. Ní leor an laoch amháin ar

53

eagla go dtiontaíonn an faisean nó eile ina éadan. Ní mhairfidh an Ghaeilge sa

tuaisceart mura ndéantar cothú ar chumadh agus léamh na filíochta, an ealaín

chruthaitheach is lárnaí agus is láidre i saol agus i dtraidisiún na Gaeilge, seachas

b‘fhéidir an ceol. Triúr de na filí Béarla is mó sa chúige – Ciarán Carson, Paul

Muldoon, Frank Ormsby agus b‘fhéidir duine nó beirt eile, mar Séamus Deane – bhí

an tráth ann go raibh ar a gcumas tabhairt faoi dhán Gaeilge a scríobh. Rinne beirt

acu ar a laghad an méid sin nuair a bhí siad óg. Níor lean siad ar aghaidh. Is

boichtede sinn nach ndearna. Tuige nach ndearna? Tuige go ndéanfadh? Mar a

tugadh le fios i ndráma mór Friel, Translations, ní féidir a chreidbheáil gur leis an

todhchaí an Ghaeilge, agus bíonn gach file ag súil go mairfidh a ghlaoch, nach n-

éagann a theanga mar a dúirt an Cadhnach, sula n-éagann sé féin. Tá sé seo ag

teacht gar go leor don tríú port agam, mo thaithí féin mar fhile Ultach.

Cuid a Trí

Thosaigh mé a scríobh i lár na seascaidí agus tá mé ag scríobh ó shin. Is cuma cá

bhfuil mé i mo chónaí, gar do Bhéal Feirste, i Raghnallach Átha Cliath nó i nGort an

Choirce, is cuma cá bhfuil mé ag obair, mar státseirbhíseach sa phríomhchathair,

mar léachtóir le Gaeilge in Ollscoil na Ríona nó sa scríbhneoireacht chruthaitheach

ar an Fhál Charrach nó i bPort Láirge, leanaim orm ag scríobh dánta Gaeilge.

Barraíocht, gach seans. Ocht gcnuasach bunfhilíochta Gaeilge; Rogha Dánta; dhá

dhíolaim ar Filíocht Uladh, an ceann atá faoi chaibidil againn; ach Fearann Pinn an

ceann is tábhachtaí dar liom féin; cnuasach bundánta Béarla, agus an obair thaca;

cnuasach gearrscéalta agus beathaisnéis; leabhar d‘aistriucháin ar mo dhánta go

Béarla; aistriúcháin eile go Gaeilge ó Ghàidhlig na hAlban. Measarthacht d‘obair

chritice agus de cholúin éagsúla ar na hirisí agus na nuachtáin gan bhailiú. Gach

seans nár scríobh duine ar bith eile oiread sa Ghaeilge faoi na trioblóidí agus a rinne

mé féin agus is dócha gur chuidigh sé liom go raibh mé beagán i leataobh uathu.

Seachas Brian Ó Maoileoin, níor lean file Galltachta ar bith eile lenár linn loighic na

hathbheochana agus iarracht a dhéanamh a shaol a athchruthú sa Ghaeltacht.

Cosúil le Brian Ó Maoileoin, níor éirigh go hiomlán liom féin.

Thart fán am a raibh gach duine ag ceilúradh na mílaoise, chuir mé féin trí

leabhar úra amach. An t-ochtú cnuasach de dhánta Gaeilge, An Fhuinneog Thuaidh,

rogha as an ocht gcnuasach sin, Rogha Dánta 1965-2001 agus díolaim mhór

d‘fhilíocht na Gaeilge sa fíchiú aois, Fearann Pinn 1900-1999. Ba í Uachtarán na

hÉireann a lainseáil Fearann Pinn agus dúradh rudaí deasa faoi ar an ocáid sin agus

ag lucht critice ó shin, ina measc sin an tOllamh Bob Welch, Ollscoil Uladh.

Ansin, shocraigh mé go raibh mé ag iarraidh rud a dhéanamh nach ndearna mé

riamh roimhe sin, díriú isteach ar dhánta Béarla a scríobh. Bhí go leor déanta agam,

mheas mé, i bhfearann pinn na Gaeilge. Bhí próiséas na síochána faoi lánseol agus

níor theastaigh cibé cuidiú a bhí ar mo chumas ó Ghaeil Uladh, a raibh dul chun

cinn measartha maith ar siúl acu de réir gach cosúlachta. Bhí an t-am ann rud éigin

nua a thriail, tiontú ón dobhardhath go dtí an acrylic, ón mharmar go dtí an cré-

umha. Ón Ghaeilge go Béarla.

54

Ar scor ar bith, bhí m‘aigne ag dul ón nithiúil, ón choincréiteach, go dtí an teibí,

an fhealsúnacht, agus ar chaoi éigin mheas mé gur cheart dom meán úr a thriail don

ábhar úr, go raibh an Béarla níos fóirsteanaí do threo úr mo smaointe. Idirnáisiúnta

seachas áitiúil. Fealsúnta seachas nithiúil. Chuir Doghouse, Trá Lí, mo chéad

chnuasach Béarla amach i mí Aibreáin 2008, New Room Windows, agus ó shin tá

roinnt dánta úra eile agam ar na hirisí, sa dá theanga.

Taca an ama chéanna, d‘éirigh mé gafa isteach i rud eile, oiliúint ábhar filí.

Ghlaoigh Theo Dorgan, stiúrthóir Poetry Ireland/Éigse Éireann orm. D‘inis sé dom

go raibh bunaitheoir agus stiúrthóir Theach na hÉigse ar an Fhál Charrach, James

Simmons, tar éis stróc dona a fhulaingt, go raibh sé san ospidéal i mBaile Átha

Cliath agus gur bheag seans go dtiocfadh sé as. Bhí a bhean ina chuideachta. Bhí

dornán mac léinn a raibh M.A. i scríobh na filíochta ar siúl acu i dTeach na hÉigse

faoi choimirce Ollscoil Lancaster fágtha gan teagascóirí. Ar mhiste liom dul á

dteagasc?

Thosaigh mé a theagasc scríobh na filíochta i dTeach na hÉigse. Ba tré Bhéarla

an teagasc sin, ba ag iniúchadh múnlaí agus ag déanamh anailíse ar shamplaí Béarla

a bhí mé leis na mic léinn, agus – seachas duine amháin – ba i mBéarla a bhí a gcuid

saothair, a gcuid dréachta, agus mise ag iarraidh comhairle a chur orthu, feabhas a

chur orthu. D‘fhág sé sin go raibh cathú orm féin tiontú i dtreo an Bhéarla do mo

shaothar féin. Ní raibh aon rud do mo mhealladh i dtreo na Gaeilge – a mhalairt;

tuigeadh dom go raibh mo sháith déanta, agus bhí sé chomh maith agam an léimt a

ghearradh agus feiceáil cén glacadh a bheadh le saothar Béarla.

Is maith an corpus litríochta a chumadh, ach ansin tá ceist an fhoilsithe, an

scaipthe. Le tamall de bhlianta cuirtear corrleabhar Gaeilge amach ag Lagan Press

Bhéal Feirste, ach is beag. Bhí mé féin ag brath ariamh ar fhoilsitheoir i mBaile

Átha Cliath le mo chuid Gaeilge a chur amach agus a dhíol agus tá mé an-bhuíoch do

Phadraig Ó Snodaigh agus dá chomhlacht Coiscéim as an dua sin a chur orthu féin.

Is í mo thaithí féin, agus taithí daoine eile mura bhfuil dul amú orm, go mbíonn

flaithiúlacht éigin ó am go chéile ag baint le Foras na Gaeilge agus leis an

Chomhairle Ealaíon agus leis an Oireachtas sa deisceart taobh le forais agus

institiúidí an tuaiscirt. Bíonn obair mheastóireachta agus mholtóireachta agus

chomhairleoireachta le fáil ag file nios minice sa deisceart ná sa tuaisceart. Bíonn

corp féin an fhile le cothú chomh maith leis an chorpus. Admhaím gur beag duine a

bhfuil a theacht isteach ag brath go hiomlán ar scríobh na Gaeilge ach is maith

teacht isteach éigin mar chúiteamh ar an dua, agus is mó deiseanna atá ann sa

deisceart ná sa tuaisceart. Teastaíonn ócáidí sóisialta agus oiliúna agus dúshláin

uainn – cosúil leis an cheann seo – chun muid a ghríosadh. An cothú ba mhó dá

bhfuair mé féin ariamh, an t-am a thug orm cinneadh a ghlacadh luí isteach ar an

fhilíocht chomh gairmiúil agus a d‘fhéadfainn, níorbh airgead ná aitheantas poiblí é,

ach mí de thréimhse chónaitheach in Ionad Tyrone Guthrie Eanach Mhic Dheirg a

bhronn an státseirbhís orm

Ceird ró-uaigneach is ea an fhilíocht a scríobh. Bhíodh, agus seans go bhfuil go

fóill, an scríbhneoireacht chruthaitheach mar chuid d‘obair na céime sa Ghaeilge sna

55

hollscoileanna ó thuaidh, ach is gá an saghas comhordaithe a dhéanamh a

chinntíonn cíoradh, plé, athdhréachtadh agus foilsiú agus ansin léirmheastóireacht.

Is cuimhin liom an t-iontas a chuireadh an iris Ghaeilge Raithneach orm, iris a chuir

Ollscoil Uladh amach i bhfad ó shin, agus caighdeán ard den scríbhneoireacht

chruthaitheach inti. Ní heol dom go bhfuil an Seamus Heaney Centre in Ollscoil na

Ríona sásta nó cáilithe ardchéimeanna sa chumadóireacht Gaeilge a mhúineadh. Tá

Teach na hÉigse an Fháil Charraigh ar an imirce i bPort Láirge. Is léir ó líon na mac

léinn ar na hinstitiúidí sin, agus ón rath atá ar an teagasc iarchéime i gColáiste na

Tríonóide, go bhfuil éileamh mór ann do chúrsaí dá leithéid. Tá, agus éileamh dá

leithéid sa Ghaeilge fosta. Bhuel déanadh dream éigin eile é. Tá na mic léinn ag

athrú le fiche bliain agus breis, agus spéis ag cuid mhaith díobh in úsáid

chruthaitheach na Gaeilge, súil ag cuid acu ar obair a fháil sna meáin, sna healaíona,

san aistriúchán. Is féidir bheith ag súil le hardú ar chaighdeáin léirmheastóireachta

ar irisí agus ar nuachtáin ach cur chuige. Bhí an biseach sin sa léirmheastóireacht ar

a bhfuil mé ag caint le feiceáil ar an nuachtán Lá.

Bíodh cáil agus seasamh filí ag brath ar fheabhas an téacsa agus ar bhreithiúnas

oilte seachas ar rud ar bith eile. Bíodh a gcuid teagascóirí oilte cáilithe chuige.

Tá corrdhuine ag saothrú na filíochta sa chúige ar bhonn gairmiúil go fiú mura

bhfuil siad lánaimseartha. Philip Cummings, Gearóid Mac Lochlainn, Pól Ó Muirí

agus an Searcach – agus mé féin ar bhealach. Is rud é seo atá measartha úr – tá, is

dócha, ag tarraingt ar dhá chéad bliain ann ó bhí file ar bith beo ar a cheird i gCúige

Uladh. Is dócha gurb é seo an fhianaise is mó a bhréagnaíonn an Ríseach. Ach níl

aon dóigh aitheanta ann le maireachtáil ar an pheann. Bíonn ar gach duine a iomaire

féin a phleanáil agus a threabhadh. Bíonn obair bhreise ag gach duine, teagasc nó

scríbhneoireacht nó eagarthóireacht nó leabharlannaíocht nó eile. Cuid eile dínn,

bíonn cearta againn faoi na hachtanna leasa shóisialaigh faoi mar a bhíonn ag

aisteoirí agus ealaíontóirí eile. Tá cnuas Aos Dána ann don té ar a mbronntar é. Is

trua go bhfuil tamall de bhlianta ann ó ceapadh scríbhneoir cónaitheach sna

hollscoileanna, post a rinne leas na mac léinn agus na filíochta, agus bímis ag súil go

socrófar ceapachán eile gan mhoill. Rinne an scéim seo maith in Ollscoil na Ríona

agus in Ollscoil Uladh agus is trua gur thit sé i léig. B‘fhiú a athbhunú, agus a chur

ar siúl ar dhóigh eile fosta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair.

Samuel Beckett, file dhátheangach, a thuig dualgas an fhile: ―Is féidir liom dul ar

aghaidh, is gá dom dul ar aghaidh, téim ar aghaidh‖. Agus, don chuid is mó, ní

chúbann na daoine a bhfuil mianach na filíochta iontu roimh an dualgas sin. Ach i

gCúige Uladh, iad sin a bhfuil saothrú na filíochta Gaeilge mar aidhm acu, is beag

uilig tacaíocht a fhaigheann siad. Ní bhíonn bua na filíochta sa duine ó nádúr. Bíonn

féith ann ar gá a chothú, a oiliúint, a shaothrú go leanúnach misniúil agus ag an

deireadh, seans go mbeidh bua ann. Próiséas atá ann, bóthar fada clochach. Thug

mé faoi deara sa réamhrá do Filíocht Uladh gur beag Ultach a chuaigh ar aghaidh i

ndiaidh dó/di an chéad chnuasach (nó an dara ceann) a chur uaidh/uaithi. Ábhar

imní teirce na foilsitheoireachta ag cuid de na filí. Is fíor sin go fóill, agus níos measa

arís, is dóigh liom go bhfuil líon na n-ábhar filí atá ag iarraidh teacht isteach i gcóip

56

na héigse, i gceird na filíochta, is dóigh liom go bhfuil a líon sin ag dul i laghad ó

chuir mé an díolaim amach fiche bliain ó shin.

Ainneoin go dtarlaíonn sé corruair, is deacair a mhaíomh go bhfuil bua an fhile

tugtha chun iomláine le dhá bhailiúchán bheaga thanaí. Ach ar a laghad is tús é.

Ach chun go rachaidh an file ar aghaidh, ag forbairt a chuid scileanna, ag déanamh

dul chun cinn ina cheird, á bhunú féin in aos dána na héigse, ag tóraíocht na fírinne

go neamheaglach, teastaíonn córas, teastaíonn tacaí. Le daoine úra a mhealladh

isteach sa cheird, le filí úra a spreagadh agus a oiliúint, teastaíonn córas, teastaíonn

tacaí. Dá dhonacht an scéal taobh ó dheas den teorainn, is measa arís, dar liom, sa

tuaisceart, áit a bhfuil easpa tacaíochta nó go fiú easpa tuisceana ann roimh an

ábhar file.

57

5

Préamhachas an Ultachais i bhFilíocht Chathail Uí Searcaigh

A.J. Hughes1

Is minic daoine ag caint sa tír seo ar an scoilt idir an ―Tuaisceart‖ agus an

―Deisceart‖, ach tá scoilt eile ann nach dtráchtar uirthi leath comh minic, .i. an

scoilt ollmhór úd idir ―Oirthear‖ agus ―Iarthar‖ na hÉireann. Tá an chumhacht uilig

san Oirthear agus tá an dá pharlaimint ansin gan trácht ar thromlach na ndaoine.

Go bunúsach is san Iarthar atá formhór na nGaeltachtaí dúchasacha ar mairtsean,

ach cuid mhór den am tugtar cúl boise do Ghaeilge na Gaeltachta – rud i mo bharúil,

nár cheart tarlú.

Ní amharcfainnse ar Dhún na nGall mar chontae nó fiú amháin mar thír;

d‘amharfainn uirthi mar phláinéad cultúrtha. Sílimse gur spreagadh mór againn

uilig dúchas na Gaeilge agus tá mé iontach sásta inniu go bhfuilthear ag plé, ar an

chomhdháil seo, le filíocht Chathail Uí Shearcaigh agus le filíocht Nuala Ní

Dhomhnaill mar tá an ceangal sin le Gaeilge na Gaeltachta le sonrú go láidir ina

gcuid filíochta. Rud tábhachtach an plé céanna a bheith ann. Déarfainn sa darna

leath den fhichiú haois agus ó thús na haoise seo, gurb iad Cathal agus Nuala an

bheirt is mó atá ag saothrú i bhfilíocht na Gaeilge agus i ngort na Gaeltachta.

Má amharcaimid ar Dhún na nGall sa chéad leath den fhichiú haois, tchí muid go

bhfuil cuid mhór béime ar an phrós agus ansin sa darna leath den fhichiú haois, go

dtig maolú substainteach ar an phrós – cé go gcaithfidh mé a rá go bhfuil úrscéal

amháin ann ar mithid a chur i gcló arís, mar atá Is Glas na Cnoic le Sean ‘Ac

Fhionnlaoich. Sílimse nár tugadh a cheart iomlán don tsaothar sin go fóill agus

mholfainn go mór an leabhar sin a bheith i gcló arís, nó, cosúil le chóir a bheith gach

saothar, bíonn laigí agus lochtanna ann ach tá pointí maithe ann a bhaineas leis an

tsaol chomhaimseartha agus ba mhaith liom an leabhar a bheith ar fáil ag glúnta

óga na tíre seo.

Ach tá mé anseo inniu le labhairt ar an Ultachas i bhfilíocht Chathail Uí

Shearcaigh. Tá cuid mhór gnéithe ag baint le filíocht Chathail: tá a chúlra féin agus

a cheantar féin; tá an grá mar théama ann, agus tá téamaí idirnáisiúnta ag baint léi

fosta. Ach creidim go mbíonn cineál ‗nead‘ i gceist leis an áit a dtógtar duine; agus

gurb í sin an áit is mó a mbíonn siad ag caint uirthi. Tchí muid Micheál Ó

Súilleabháin, ina pháiste, ag dul isteach go dtí an Blascaod Mór dó, nó fiú Nuala Ní

Dhomhnaill féin ag teacht ar ais as Sasain agus ag dul isteach go Daingean Uí Chúis

ina girseach an-óg. Ar bhealach éigin tá seans ann go n-amharctar ar Thomás Ó

1 Tá mé iontach sásta bheith anseo inniu i nDoire Cholm Cille go háirid agus an chomhdháil seo ag ceiliúradh shaol agus

shaothar Anraí Mhic Giolla Comhaill. Chonaic mé ar an tábla amuigh ansin taispeántas leabhar de chuid Anraí Mhic Giolla

Chomhaill agus caithfidh mé a rá mura mbeadh curtha i gcló aige ach Rogha agus Togha, bheadh éacht déanta aige do

lucht foghlamtha na Gaeilge. Bhí mise sé bliana déag d‟aois nuair a tháinig mé isteach go mall ar an Ghaeilge agus bhí an

leabhar sin iontach ar fad. Is maith liom go bhfuil an Ghaelscolaíocht anois ag forbairt agus go bhfuil siad ag tabhairt na

Gaeilge isteach sna bailte móra, ach sílim go bhfuil sé iontach tábhachtach an ceangal sin leis an Ghaeltacht a chothú agus a

choinneáil láidir agus rinne Anraí Mac Giolla Chomhaill sin sa leabhar sin. Domsa go pearsanta, ba lón anama agus ba lón

leithoireachta é agus ach is cúis bróid agus lúcháire liom sin a admháil don Athair Mac Giolla Comhaill go poiblí anseo

inniu.

58

Criomhthain mar an t-oileánach par excellence, an duine a rugadh san iarthar ar an

Bhlascaod Mhór agus é iomlán saor ó thionchar ar bith ón taobh amuigh – ach is gá

cuimhneamh go bhfuair an Criomhthanach cineál de ‗ollscolaíocht oscailte‘ ina

oileán scoite féin. Tháinig Carl Marstrander chuige agus Robin Flower, beirt a bhí

léannta i litríocht na Sean-Ghaeilge ag teacht isteach chun an oileáin dóibh.

Thiocfadh Ó Ceallaigh óg ann as Cill Áirne agus saothar Maxim Gorky agus Pierre

Loti leis chuig an Oileánach. Níl amhras ar bith ann ná go músclódh na saothair

eachtrannacha seo féidearthachtaí scríbhneoireachta do Thomás Ó Criomhthain. Bhí

cuairteoir tábhachtach eile ann ar an Bhlascaod, .i. George Thompson a chaith seal

fada ní hamháin ar an Bhlascaod ach i gContae na Gaillimhe fosta, agus is é

Thompson an fear a spreag an Súilleabhánach chun pinn.2

I dtaca leis an litríocht de, go paróisteach agus go hidirnáisiúnta, is minic nach

dtuigeann daoine, cuid mhór den am, an tábhacht atá lena áit dhúchais go dtí go

mbogann sé nó sí as an áit sin. Chonaic muid sin le Máirtín Ó Direáin, duine de na filí

Gaeilge ba mhó san 20ú aois, agus a chuir samplaí gleoite ar fáil mar ‗Stoite‘ nó ‗An

tEarrach Thiar‘. Níos faide ar aghaidh ina shaol pilleann an Direánach ar na

seanfhóide in Inis Mór, Co. na Gaillimhe, agus díomá á léiriú aige fá na hathruithe

teanga agus cultúrtha a bhí ag titim amach ina áit dhúchais ó am a óige féin. Is

féidir an cás céanna a lua i gcás Chloinn Mhic Grianna as Rann na Feirste go háirithe

ag Séamas sa leabhar An Draoidín mar a gcáineann sé an meath atá ag teacht ar

Ghaeilge na glúine óige,3 agus ar ndóighe is cúis mhór imní do Sheosamh Mac

Grianna brú an Ghalldachais agus an Bhéarla ar an Ghaelachas agus ar an Ghaeilge

ina úrscéal An Druma Mór.4 Chaith Séamas Ó Grianna, nó ―Máire‖ dhá thrian dá

shaol i mBaile Átha Cliath ach is beag atá scríofa aige fá Bhaile Átha Cliath. Ní

hamhlaidh an scéal go huile is go hiomlán le Seosamh ach baineann an mhórchuid dá

shaothar siúd le suíomh na hóige, .i. Gaeltacht Thír Chonaill.

Tá téama na Gaeltachta agus traidisiún béil na Gaeltachta mar mhórthéama láir i

bprós Chloinn Mhic Grianna – ní nach ionadh – agus tá an téama céanna lárnach i

gcuid filíochta Chathail Uí Shearcaigh. Amharcaimis ar an téama sin sa chéad dán

anseo ag Cathal: ‗I gCeann Mo Thrí Bliana a Bhí Mé‘. Seo Cathal amuigh ag súgradh

sa chlábar agus an t-athair ag tabhairt amach dó as a bheith á shalú féin ann:

―Sin clábar! Clábar cáidheach,

a chuilcigh,‖ a dúirt m‘athair go bagrach

agus mé ag slupairt go súgach

i ndíobhóg os cionn an bhóthair.

―Amach leat as do chuid clábair

Sula ndéanfar tú a chonáil!

Ach choinnigh mé ag spágáil agus ag splaiseáil

2 Rud inmholta eile fá George Thomson (seachas a chairdeas le Micheál Ó Súilleabháin, údar Fiche Bliain ag Fás) an dóigh

ar mhol sé ollscoil a chur ar bun i nGaeltacht Chonamara, agus iomlán an chirt aige. Is maith liom féin go bhfuil mo

chomhghleacaí, an tOllamh Ailbhe Ó Corráin agus a fhoireann i gColáiste Mhig Aoidh, ag tabhairt na Gaeilge isteach go

Gaeltacht Dhún na nGall ar leibhéal na hollscoile. Sílim gur forbairt thábhachtach í seo, nó tá cuid mhór cainteoirí dúchais

ann i nGaeltacht Thír Chonaill ar fad agus mianach mór sna daoine sin, mianach ar chóir dúinne (mar oideachasóirí tríú

leibhéal) a mhealladh amach agus a thabhairt chun cineáil. 3 Féach A.J. Hughes „Orthographical evidence of developments in Donegal Irish‟, Éigse 22 (1987) 126-34.

4 Féach The Big Drum, Seosamh Mac Grianna, aistrithe ag A.J. Hughes (Béal Feirste 2009) 127-9.

59

Agus ag scairtigh le lúcháir;

―Clábar! Clábar! Seo mo chuid clábair!‖

Cé nár chiallaigh an focal faic i mo mheabhair

go dtí gur mhothaigh mé i mo bhuataisí glugar

agus trí gach uile líbín de mo cheirteacha

creathanna fuachta na tuisceana.

A chlábar na cinniúna, bháigh tú mo chnámha.5

Is é an rud is tábhachtaí anseo ná gur ‗trí bliana‘ a bhí sé (.i. aois an-óg) nuair a

thuig an Searcach an gaol a bhí aige lena cheantar dúchais. Chomh maith leis sin,

sílim go bhfuil níos mó i gceist sa dán ghairid seo ag leibhéal eile, agus ag leibhéal

níos bunúsaí, mar atá an rapport sin idir é féin agus a chuid talaimh. Tá an ceangal

céanna sin le braithint níos soiléire, ar ndóigh, sa dán ‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal na

gCorr‘ ach tchíthear an dlúthcheangal seo ag faibhriú ina chroí agus ina anam ag

aois an-óg in ‗I gCeann Mo Thrí Bliana a Bhí Mé‘ agus, dar liom, gur thuig sé an gaol

seo áit inteacht an-domhain sa pshycé. Deirtear go mbíonn leathchuid d‘intleacht an

duine cruthaithe agus é cúig bliana d‘aois, agus tchí muid Cathal anseo forbartha sa

treo sin agus é trí bliana d‘aois. Is léir (ón léamh a tchífinnse sa dán seo) go bhfuil i

bhfad níos mó i gceist leis an dán seo ná a bheith go díreach ag léimnigh sa chlábhar,

nó tugtar léargas dúinn (bíodh sé d‘aonturas nó de thaimse in intinn an fhile), den

tsíol nó den tús leis an dlúthbhaint sin a bhí aige lena thimpeallacht.

Ceann de na dánta is tábhachtaí ag Cathal, maidir lena áit dhúchais de, ná ‗Anseo

ag Stáisiún Caiseal na gCorr‘. Tchí muid gur cineál de Holy Grail atá i gceist anseo

agus tchíthear, dar liom, an géarú a tharlaíonn nuair a imíonn údar a tógadh i

gceantar tuaithe le cónaí a dhéanamh in áit eile, i gcathair de ghnáth. Tá an iarracht

seo le háit dhúchais an údair a athshamhailt agus a athchruthú le fáil i bhfilíocht Uí

Dhireáin, i leithdéidí Cith is Dealán le ―Máire‖ agus ag Seosamh Mac Grianna, ach

go háirithe, sa chéad chaibidil de An Druma Mór. Leanann Cathal leis an traidisiún

sheansheasta seo agus é ina sheasamh ag seanstáisiún Chaiseal na gCorr.6 Shílfeá go

dtugann seal cónaithe i mórchathair agus ailtireacht an bhaile mhóir thart orthu, go

dtugann an timpeallacht seo ar dhaoine a tógadh san iargúltacht athmhachnamh a

dhéanamh fá ailtireacht na hiargúltachta agus na tuaithe – agus is cinnte gur sin an

éifeacht a bhí ag a leithéid seo ar Ó Direáin agus ar Mhac Grianna i mBaile Átha

Cliath, agus ar Ó Searcaigh i mBaile Átha Cliath agus i Londain. Tá sé mar go

dtugann cónaí i lár mórailtireachta ar na húdair seo amharc arís agus athscrúdú a

dhéanamh ar an taobh tíre arbh as iad féin, agus le linn an athbhreithnithe seo

(bíodh sé ar an láthair dhúchais féin nó san intinn) tchí siad cineál d‘ailtireacht ina

dtimpeallacht dhúchasach féin, mar a tharlaíonn leis an Direánach in ‗Stoite‘:

Thóg an fear seo teach

Is an fear úd

Claí nó fál

A mhair ina dhiaidh

Is a choinnigh a chuimhne buan.7

5 Cathal Ó Searcaigh, An Bealach ’na Bhaile / Homecoming, (Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán 1997), 52.

6 Ar ndóighe, d‟fhéadfaí Baile Átha Cliath a aththógáil cloch ar cloich as scríbhneoireacht Joyce agus é ar an Mhór-Roinn.

7 Máirtín Ó Direáin, Dánta 139-1979, (An Clóchomhar, Baile Átha Cliath 2004), 30.

60

Bíonn na tréithe céanna le feiceáil, arís agus arís, ag Mac Grianna in An Druma

Mór, mar a léireofar ar ball thíos. Tchíthear na buntréithe céanna in úsáid ag Cathal

sa dán ‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr‘ ach go ndéanann sé úsáid ealaíonta de

thagairtí a bhaineann le scríbhneoireacht le buntéama an dáin a fhorbairt: ‗leabhar‘,

‗duanaire‘, ‗lámhscríbhinn‘, ‗dúch a gcuid allais‘, ‗mórdhán an mhíntíreachais‘.

Tchíthear an bhaint seo idir a cheird féin, mar scríbhneoir, agus a dhúchas féin, mar

fhear tuaithe sa líne iontach sin: ‗i gcanúint ghlas na ngabháltas‘. D‘fhéadfaí

breathnú, ar shlí, ar ‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr‘ mar achoimre

(neamhspleách) ar an chéad chaibidil den úrscéal sin An Druma Mór. Níl amhras dá

laghad ann ná go bhfuil An Druma Mór ar cheann de na húrscéaltaí ab fhearr a

cumadh sa tír le linn an fhichiú haois. Tá an chéad chaibil, ar ndóighe (an ráiteas

gleoite cultúrtha sin nó manifesto pearsanta Mhic Grianna ar ‗cad is Gael ann‘) mar a

bheadh ardbhalla bábhúin nó ardgheata caisleáin le hardú ag mic léinn le fáil isteach

sa leabhar sin, ach go socraíonn sé síos go gairid i ndiaidh an phointe sin mar

‗ghnáthúrscéal‘.

Tá roinnt ráitéisí cultúrtha eile – seachas an chéad chaibidil de An Druma Mór – i

bprós agus i bhfilíocht na Nua-Ghaeilge agus mheasfainn féin gur cheart do gach

mac léinn ollscoile na ‗ráitéisí‘ seo a léamh. Ina measc tá: Hyde, On the Necessity of

De-Anglicising Ireland; Ó Ríordáin, ‗Fill Arís‘; Ní Dhomhnaill, ‗Ceist na Teangan‘;

agus Ó Searcaigh ‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr‘.

Má bhreathnaítear ar thús An Druma Mór ach go háirithe, tchíthear ar bhealach

éigin gur éirigh leis an Ghriannach íomhá laochúil den ardscoith a chur ar fáil den áit

arb as é agus mar chainteoir agus ealaíontóir poiblí is maith leis an údar an

bundreach drámatúil sin a chur ar a áit dhúchais. Ach ansin, níos faide ar aghaidh,

téann Mac Grianna isteach sa tsaol laethúil agus sa humdrum, ach go mbíonn an

chulaith eipiciúil seo á caitheamh nó imithe ar fad san iliomad pictiúr a

phéinteáiltear den cheantar agus de na daoine a chónaíonn ann. In An Druma Mór,

is sárdhaoine iad na Gaeil sa chéad chaibidil; is cineál de stereotypes atá iontu. Ach

ansin, san úrscéal féin tchí muid idir an laochas agus na laigí ag teacht chun cinn, an

gaol agus an briseadh síos gaoil, an teannas agus an choimhlint i saol an duine. Tá sé

sin le mothú i scríbhneoireacht Mhic Grianna, ach sula bpléitear sin, níor mhiste

téama na hailtireachta a scrúdú ina shaothar:

Anoir as na talta méithe a tháinig na daoine an t-am sin … agus rinne siad cathracha an áit

nach raibh ach canach agus cíb.8

Tchíthear ansin gur léir go bhfuil ailtireacht na cathrach ag dul i bhfeidhm ar an

údar seo, agus tchíthear, fosta, go bhfuil ailtireacht á haimsiú aige i ‗Ros Cuain‘,

díreach mar a léiríonn Ó Searcaigh í sa dán ‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr‘, nó

Ó Direáin in Inis Mór:

… tá páirceanna glasa ann, de phrátaí agus de choirce agus de fhéar, ina mionléabóga, go dtí

nach dtabharfá de shamhailt don cheantar uilig ach garraí mór.9

8 Seosamh Mac Grianna, An Druma Mór, (An Gúm, Baile Átha Cliath 1998), 2. Liomsa an cló trom anseo.

9 Ibid, 2-3.

61

Tchíthear arís an téama (nó an macalla?) sin sa dán ‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal

na gCorr‘ leis an tSearcach. Labhrann an Griannach ar na fuaimeanna atá le fáil i

Ros Cuain, agus faighimid fuaimeanna cosúil leo sin i saothar Uí Dhireáin agus i

saothar Chathail fosta. Bíonn fuaimeanna buntimpeallachta an duine mar bhun-

agus mar bhuantionchar i gcuimhne an scríbhneora. I sliocht eile as An Druma Mór

dírítear aird ar ghnéithe eile:

Tá ba bliochtúla ann, agus asal agus corrchapall, agus an oiread madadh agus a bhí ag an

Fhéinn. Tá bádaí geala áille fá na caslacha; tá spádaí agus speala agus corráin fá na páirceanna

agus fá na sciobóil. Tráthnóna samhraidh, cluinfidh tú tormán rámhaí ar chuanta. Cluinfidh tú

fosta géim bó nó búireach asal;10

Is léir nuair a scartar na daoine seo as timpeallacht na hóige go mbíonn na

fuaimeanna seo agus na híomhánna seo ag teacht níos láidre agus go gcuireann siad

béim orthu i bhfad níos láidre nó dá bhfanfadh siad sa bhaile. Léirítear na

bunghnéithe seo sna dánta haiku atá cumtha ag Ó Searcaigh fá na séasúir (ceann de

na rudaí ab fhearr liom féin i saothar Chathail):

Speal mo sheanathar

ag meirgiú sa scíoból –

clapsholas Fómhair.

Drithleog na dhó fágtha

I mbucóid luatha an tseanduine –

grian na glasmhaidine.

Gealach na gcoinleach –

tá úll dearg san fhuinneog

is an dath ag siothlú as.

(I mo sheomra leapa)

Oíche fhada gheimhridh –

cumhaidh ar an chuileog fosta

léi féin sa leabaidh.11

Pléitear anseo leis na séasúir agus is léir go dtuigeann an Searcach go bhfuil

deireadh réime ag teacht leis an tseansaol talmhaíochta agus leis an tradisiún béil

agus tchíthear seo, go háirithe, san fhómhar agus sa gheimhreadh. Bíonn na gnéithe

céanna le feiceáil ag Mac Grianna in An Druma Mór, an teannas seo a éiríonn agus

saol na Galltachta ag brú ar shaol na Gaeltachta, na seanamhráin ag imeacht, na

seantraidisiúin ag meath, agus cluintear fiú sna fuaimeanna seo (nó ina n-easnamh a

ba chirte a rá), go bhfuil na caithimh aimsire seo, agus an obair chrua ar thalamh, go

bhfuil deireadh ag teacht leo ar fad.

Ar ndóighe, ní leofa féin atá an dá údar Ghaelacha seo as Cúige Uladh nó sa dán

‗Digging‘ le Seamus Heaney, léiríonn an file a tógadh amuigh faoin tuath i gContae

Dhoire (ach a chuaigh a chónaí sa chathair a raibh seicteachas ann) gur thuig sé go

raibh deireadh ag teacht leis an tsaol tuaithe sin, leis an tseanfheirmeoireacht, agus

lena leithéid sin:

10

Ibid, 3. 11

Ó Searcaigh, 110.

62

Between my finger and my thumb, The squat pen rests; snug as a gun.12

Tuigeann Heaney go bhfuil athrú saoil ann, ach as measc na bhfilí Éireannacha

atá againn, bíonn i gcónaí cineál de resolution síochánta ag Heaney leis an scéal. Tá

‗Digging‘ cosuil le ‗Pangur Bán‘, tá cineál de ghné spioradálta ag baint leis an dán

seo ag Heaney, agus díreach mar a thuigeann an manach in ‗Pangur Bán‘ go bhfuil

dhá cheird dhifriúla aige féin is ag a chat, tuigeann Heaney go bhfuil athrú ceirde

aigesean óna athair, nó ag an deireadh bíonn sé ag caint ar:

The cold smell of potato mould, the squelch and slap Of soggy peat, the curt cuts of an edge Through living roots awaken in my head. But I've no spade to follow men like them.13

Aithníonn Heaney go bhfuil deireadh lena laethe portaigh ach níl aon bhriseadh

croí ann fán bhriseadh san oidhreacht thraidisiúnta ón athair go dtí an mac maidir le

ceird agus talamh de. Mar dhuine, bíonn Heaney níos sásta ann féin ná an

ghnáthfhile, sílim, ach ina dhiaidh sin léiríonn ‗Digging‘ cé comh leitheadach agus a

bhí an díospóireacht fán deireadh a bhí ag teacht leis an obair mhaslach láimhe ar

fheirmeacha beaga fud fad an Chúige, bíodh daoine ina héadan nó ar a son – nó fiú

idir eadarthu. Tá an staid ‗idir eadarthu‘ seo breactha fríd shaothar Patrick

Kavanagh. In ‗Inniskeen Road: July Evening‘ cuirtear gnúis na rómánsaíochta ar

dhaoine gan charranna agus atá ábalta saothar a láimhe agus a ndroma féin (gan

trácht ar shaothar a sinsear) a léamh sa tírdhreach áitiúil: The bicycles go by in twos and threes—

There‘s a dance in Billy Brennan‘s barn to-night,

And there‘s the half-talk code of mysteries

And the wink-and-elbow language of delight.

Half-past eight and there is not a spot

Upon a mile of road, no shadow thrown

That might turn out a man or woman, not

A footfall tapping secrecies of stone.

I have what every poet hates in spite

Of all the solemn talk of contemplation

Oh, Alexander Selkirk knew the plight

Of being king and government and nation.

A road, a mile of kingdom, I am king

Of banks and stones and every blooming thing.14

Bíonn bród agus lúcháir, ar an ócáid seo, ar Kavanagh ag smaointiú ar lorg na

hoibre bláfaire a bheith le sonrú i súil an duine áitiúil i gcroílár a cheantair féin – ach

ní hamhlaidh a bíos i gcónaí. Tá duifear suntasach idir Kavanagh agus na húdair eile

a pléadh san alt go dtí seo sa mhéid is gur fhan Kavanagh ar a fheirm dhúchais i

gContae Mhuineacháin go dtí go raibh sé sna tríochaidí. D‘imigh Cathal Ó Searcaigh

measartha luath as Dún na nGall, díreach mar a d‘imigh ‗Máire‘ agus Seosamh Mac

12

Seamus Heaney, Death of a Naturalist, (Faber and Faber, Londain 1966), 13. 13

Ibid, 14. 14

Patrick Kavanagh, Selected Poems (Penguin Books, Londain 1996), 6. Liom féin an clo trom.

63

Grianna sna glúnta roimhe sin; agus tá an rud céanna le rá fá Ó Direáin agus Heaney

ina n-am féin, .i. go raibh baint ag muintir an chúigir seo leis an obair throm sin níos

mó ná mar a bhí acu féin. Ach bhí Kavanagh mar chapall oibre ann, ag sclábhaíocht

agus ag streachailt ar an talamh i rith a óige go haois an bhunfhir. Ar chúl na

rómánsaíochta, bíonn an tseirbhe agus an tuirse a bhí ag baint leis an tsaol sin le

sonrú ina chuid filíochta arís agus arís eile. Cuirean sé síos ar íomhá laochúil

rómánsúil atá lé fail sa taobh tíre tráthnóna samhraidh i Mí Iúil in Inis Chaoin, a

bheag nó a mhór mar atá déanta ag an tSearcach in ‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal na

gCorr‘, ach scrúdaíonn Kavanagh cúlra na oibre agus bheir sé guth don deacracht

agus don dubh-streachailt a bhí i gceist aige féin duanaire a mhuintire a chur ar fáil

agus an talamh agus an míntíreachas seo á bhaint amach, mar léirítear anseo in

‗Stony Grey Soil‘:

You flung a ditch on my vision

Of beauty, love and truth.

O stony grey soil of Monaghan

You burgled my bank of youth!15

Tchíthear ansin go bhfuil deireadh leis an rómánsaíocht agus cuirtear an saol

réadúil os ár gcomhair, mar léitheoirí, .i. obair mhaslach, síorstreachailt gan

staonadh, uaigneas agus aoisiú roimh am.

Is daoine rómánsúla iad chóir a bheith gach duine a bhfuil baint acu le

hathbheochan na Gaeilge – agus níl le déanamh ach amharc ar chéad Uachtarán

Chonradh na Gaeilge mar phríomhshampla de sin! Tá rud inteacht ag baint leis an

teanga, leis an chultúr agus leis an litríocht a chothaíonn an t-anam agus cruthaíonn

gnéithe áirithe de shaothar Chloinn Mhic Grianna, Uí Dhireáin, agus Uí Shearcaigh

go bhfuil a leithéid amhlaidh. Ach litríocht ar bith arbh fhiú litríocht a thabhairt

uirthi, creidtear go n-amharcann sí fosta ar na rudaí míphléisiúrtha chomh maith

leis na rudaí pléisiúrtha. Tchíthear sin sa dán ‗Caoradóir‘ le Cathal, agus (idir na

línte) bheirtear léargas dúinn ar mhórthéama nach bpléitear go poiblí ach a bhí mar

fhoshruth láidir i saol na tuaithe in Éirinn, .i. an teannas sin a bhí idir tuismitheoirí

agus páistí. Tá siad ann a deir nach mbíonn cúrsaí pearsanta á bplé ag scríbhneoirí

Gaeilge i luathré an Chonartha, ach sa phíosa seo as An Druma Mór, sílim go

bhfeictear ceann de na teannais a ritheann fríd an úrscéal ar fad, an teannas sin idir

an t-athair, Niall Óg, agus a mhac, Éamann: Bhí Niall Óg agus a mhac ag rómhar fiaraigh os cionn an chladaigh thoir i gCarraig an Eidhinn.

Fear íseal daingean a bhí i Niall, agus aghaidh shultmhar dhearg air agus soc d‘fhéasóg faoina

smigead. Bhí a chuid éadaigh de go dtí an léine agus an bríste, agus bhí beilt fána bhríste ach, má

bhí, chan thart ar a choim a bhí sí ar chor ar bith ach thart ar a thóin. Bhí boilsí air fúithi agus os

a cionn, mar bheadh sac mine a gcuirfeá gad tarr air.

Bhí Éamonn, an mac, i gceann a shé mblian déag. Ní raibh mórán de chosúlacht an athar leis,

nó bhí sé inbhuailte ar na sé troithe cheana féin. Ábhar fir bhreá a bhí ann ach go raibh sé bog go

fóill, dálta gach rud dá bhfásann go gasta. Bhí dreach soineanta cóir air, agus bhí amharc bog

filiúnta ina shúile – bhí, lán ní ba bhoige ná bheifeá ag dúil leis ón óige féin. Bhí sé ag obair go

luascánach ach ní raibh an chuma air go raibh toil ar bith dó lá fada i gceann spáide aige. Thógadh

sé a cheann go minic. Uair amháin sháith sé an spád. D‘amharc Niall anall air.

15

Ibid, 13.

64

‗Cá bhfuil tú ag gabháil anois, a Éamainn?‘ ar seisean. ‗Ar ndóigh, chan ag brath stad a

bheifeá?‘

‗Tá mé ag gabháil suas chun an tí go bhfaighe mé deoch bhláiche.‘

‗Tá mise amuigh ó mhaidin agus ní bhfuair mé deoch bhláiche ná deoch ba táire ná í. Sin an

tríú deoch agat ó bhí am dinnéara ann. Nuair a bhí mise i d‘aois dhéanfainn lá oibre le fear ar bith.

Ach tá tusa róbhog. Níl ionat ach gas fada marbh a ndeachaigh barraíocht de leas mhéith leis. Tá a

dhá oiread talaimh tiontaithe agam ó mhaidin leat, agus mé i mo sheanduine. Lean tú do

sheanchleitheamán breoite máthara, rinne tú sin.‘

‗Níl neart agam air; tá tart orm.‘

‗Imigh anois, agus má bhíonn tú níos mó ná cúig bhomaite ar an bhealach ní bhfaighidh tú

cead airneáil anocht. Agus má fhaighimse greim ort ag bualadh ar sheanbhucaeid feasta ní

dhéanfaidh tú aon oíche airneáil go Féile Eoin seo chugainn.‘16

Tchíthear ón tsliocht seo go raibh brú agus tromaíocht i gceist anseo agus gur

drochíde bhéil atá ann a chuireann isteach ar fhéinmhuinín an fhir óig seo. B‘fhéidir

go gcailltear tábhacht an teannais seo faoi scáth an teannais níos simplí a éiríonn i

rith An Druma Mór, idir na sár-Ghaeil (.i. oibrithe cruaidhe agus feirmeoirí Ros

Cuain) agus na Gaill (bíodh ‗mangairí brocacha suaracha díomúinte an Tearmainn‘17

nó ‗Mac Hugh‘ i gceist). Ach tchíthear in An Druma Mór nuair a bhíonn na Gaeil

eatarthu féin, go ndíríonn Mac Grianna go mion agus go pointeáilte ar an troid agus

ar an teannas i saol mhuintir Ros Cuain. Mhothódh Eámann Néill Óig báigh le focla

Kavanagh ‗burgled the bank of my youth‘. Nár tharraingteach na téamaí seo ag

leithéid Philip Larkin?

Ní loiceann an Searcach ach oiread roimh mhionscrúdú ar idir bhuanna agus

mhíbhuanna a phobail féin. Sampla maith é an dán ‗Fiacha an tSolais‘:

I mbathlach ceann slinne a chaith sé a shaol

leath bealaigh i gcoinne Chnoc an tSéideáin;

drúncaire, a raibh a dhreach is a dheilbh maol

agus lomchnámhach, macasamhail an screabáin

ina thimpeall …18

Tchíthear go bhfuil an duine cosúil leis an timpeallacht ar bhealach éigin:

…áit a bhfuarthas marbh é anuraidh

caite sa scrobarnach, lá polltach geimhridh:

a naoi mbliana fiche múchta ag ainíde dí,

is gan glór lena chaoineadh ach gocarsach cearc fraoigh.19

Tuigeadh go raibh luach ag baint leis an talamh seo a bhriseadh isteach, ach

caithfear a thuigbheáil, lán comh maith, go raibh go leor daoine spíonta dá bharr,

agus daoine caite i ndiaidh na hoibre. Bhaintí a gcuid fuinnimh agus bláth na hóige

daofa i bhfad roimh a n-am le linn rannta an mhíntíreachais a bheith á gcumadh. Is

ríthábhachtach dúinne, mar léitheoirí, an rud laethúil, réadúil a aithint, taobh leis

an rud laochúil rómánsúil agus gan ligint don rómánsachas, a bheir greim ar an

16

Mac Grianna, 87-88. 17

Mac Grianna, 129. 18

Ó Searcaigh, 120. 19

Ibid.

65

tsamhlaíocht, cuid de na téamaí réadúla seo a cheilt. Cuirtear ‗Anseo ag Stáisiún

Chaiseal na gCorr‘ i gcomórtas leis dán eile seo ag Cathal, ‗Caoradóir‘:

Ina chrága cranacha, ina shiúl spadánta

tá trí scór bliain de chruacht agus de chruatan,

de choraíocht bhuan le talamh tíoránta

an tsléibhe, ansiúd os cionn Loch Altáin.

Talamh gortach gann a d‘ól le blianta

allas a dhíograise is a d‘fhag é chomh spíonta,

chomh lomchnámhach le stumpán caoráin.20

Tchíthear an t-athrú idir ‗dúch a gcuid allais‘ á dortadh go laochúil, rómánsúil in

‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr‘ agus an réadúlacht seo a léirítear in

‗Caoradóir‘: ‗Talamh gortach gann a d‘ól le blianta allas a dhíograise‘ – insíonn an

líne dheireanach seo an luach a bhí ar eipic an mhíntíreachais. Bíonn an luach le híoc

i gcónaí le rud ar bith a bhaint amach, agus tchíthear sin níos faide ar aghaidh in

‗Caoradóir‘ – dán arbh fhéidir breathnú air, dar liom, mar ode don uaigneas:

Agus na mianta a bhláthaigh i bhfearann a chroí

shearg siad go tapaidh de dhíobháil solais

i bProchlais iargúlta i mbéal an uaignis

san áit nach dtig aoibh ar an spéir ach go hannamh

is nach ndéanann an ghrian ach corrdhraothadh.21

Cuirtear an t-uaigneas seo a bhí ann, go fuarchúiseach ós ár gconhair agus is léir

go dtugann an tSearcach glór do dhuine nach raibh ábalta an rud seo a chur síos dó

féin nó, b‘fheidir nach bhfeicfeadh nó nach gcluinfeadh muidne mar léitheoirí trácht

air, ach ab é go dtug Cathal, mar a dúirt sé féin sa scannán sin a rinne an BBC, ‗File

an Phobail‘, go dtugann sé glór dá phobal. Is é sin ceann de na rudaí is fearr a

thaitníonn liom fá shaothar Chathail, go dtugann sé an glór sin dá phobal agus dá

thimpeallacht in am a óige – ní nach féidir a bhaint de.

Tchíthear fosta i litríocht ‗mhic na talún‘ nuair a théann siad amach anois sa

domhan mhór le cur fúthu i gcathracha, go mbíonn an cliabhán feirmeoireachta sin á

iompar leo, sin agus an dlúthbhaint sin a bhí acu leis na hainmhithe. Amharcann

siad ar na beathaigh sin ina n-intinn agus is minic iad sin mar mhúnla ar an tsaol ina

dhiaidh sin. Aithnítear go forleathan gur mhór an trua nár scríobh Liam Ó

Flaitheartha níba mhó i nGaeilge ná mar a scríobh. Scríobh sé Dúil, ar ndóighe, ach

le saothar mar ‗Bás na Bó‘ (agus cuid mhór de na scéalta eile sa chnuasach áirithe

sin) baineann sé leis an bhun-nádúr agus leis na bunmhothúcháin, agus tchíthear an

rud seo fiú amháin sa dán seo de chuid Chathail, ‗Bó Bhradach‘, go raibh duine ann

agus nuair a mhothaigh sé an tsaol, an mhoráltacht agus na coinbhinsiúin uilig

teannta thart air, gur chuir sé sin i gcomórtas le bó a raibh claíocha thart uirthi:

D‘éirigh sé dúthuirseach déarfainn

den uaigneas a shníonn anuas i dtólamh

fríd na maolchnocáin is fríd na gleanntáin

chomh malltriallach le hearse tórraimh;22

20

Ó Searcaigh, 122. 21

Ibid.

66

Nílthear ag amharc ar gharraí dheas sa chás seo agus ‗mórdhán an

mhíntíreachais‘, táthar ag amharc ar dhaoine atá uaigneach, atá leofa féin agus nach

mothaíonn compánachas. Ardaíonn a leithéid seo de chothromaíocht a luaitear i

saothar Chathail idirdhealú idir an rómánsaíocht agus an réadúlacht – ‗an grá is an

ghruaim‘, an yin agus an yang; agus tá sé tábhachtach go bhfeiceann an lucht

léitheoireachta (agus féachana) na taobhanna difriúla atá i gceantar ar bith, agus

tchíthear sin go ríshoiléir ag deireadh ‗Bó Bhradach‘:

D‘éirigh sé dúthuirseach de bheith teanntaithe sa Ghleann

is le rúide bó bradaí maidin amháin earraigh

chlearáil sé na ballaí is hightailáil anonn adaí.23

Achoimire ar dhóigh na línte seo ar an bhealach gheal chas a chonaic an

Griannach roimhe ag tús Mo Bhealach Féin? Bhris an Griannach agus an tSearcach

amach as na goirt seo – agus phill – bhris an Flaitheartach amach agus ní fhacthas ó

shin é. Is cúis suime é, áfach go bhfuil an duine in ‗Bó Bhradach‘ ag briseadh amach

agus ag dul i dtreo na saoirse, ach fríd charachtar na bó bradaí seo agus go gcuirtear

tréithe ainmhithe ar thréithe na ndaoine. Cuid de mhórthruanna bhánú cheantair

tuaithe in Éirinn ná go raibh na mílte ‗Caoradóir‘ ann, daoine a raibh a fhios acu an

dóigh le ráithe a chur le caora, gan trácht ar éanlaith, eallach agus gach beathach

ceathair-chosach a bhainistiú ó ghlúin go glúin ach, faraor géar, níor smaoinigh said

riamh orthu féin. In áiteacha go leor, bheirtí níos mó cúraim do na beathaigh ná mar

a bheirtí do na daoine iad féin, agus is tragóid dhaonna í sin ar bhealach éigin, nuair

a tchíthear an tsean-sibhialtacht ag imeacht agus seandaoine ansin fágtha agus gan

glúnta óga ag teacht ar an tsaol ina ndiaidh – nó rud an-mhínádúrtha a bhí ann gur

a leithéid comh forleathan leitheadach sin.

Ós ag trácht ar chailleadh sibhialtachta sinn, níor mhór spléachadh ar cheann de

na dánta ab fhearr de chuid Uí Shearcaigh, dán a léiríonn an meath cultúrtha seo

arís, .i. ‗Caoineadh‘. B‘fhearr an dán seo a léamh i gcuideachta dhá dhán eile: ‗Fill

Arís‘ le Seán Ó Ríordáin agus ‗Cesit na Teangan‘ le Nuala Ní Dhomhnaill. In ‗Fill

Arís‘, imíonn an Ríordánach, a tógadh i gCorcaigh, isteach go Dún Chaoin, Co.

Ciarraí, leis an talamh naofa, nó an parthas Gaelach seo, a bhaint amach. Sa dán

‗Ceist na Teangan‘, cothaíonn Nuala Ní Dhomhnaill rud iontach máithriúil, íomhá

Mhaoise á chur sa chiseán agus é á chur amach ar an abhainn. Ina ainneoin sin, tá

dóchas éigin ag baint leis an dán seo de chuid Nuala – ní atá gann go leor i sciar

mhaith eile dá cuid filíochta. Ach le ‗Caoineadh‘, cuireann an tSearcach síos ar an

taithí s‘aige féin, é amuigh ar mhala shléibhe agus an tseanpheata caorach, Mollie,

teanntaithe sna creagacha thíos faoi – agus sampla eile atá ann arís den dóigh a n-

amharcann Ó Searcaigh, mar dhuine a tógadh ar fheirm, ar an tsaol fríd shúil

ainmhí, .i. caora an iarraidh seo in ‗Caoineadh‘, seachas bó in ‗Bó Bhradach‘. Níor

dhochar mar sin féin amharc ar ‗Caoineadh‘ ina iomláine: Chaoin mé na cuileatacha ar ucht mo mháthara

An lá a bhásaigh Mollie – peata de sheanchaora

Istigh i gcreagacha crochta na Beithí.

22

Ó Searcaigh, 126. 23

Ibid.

67

Á cuartú a bhí muid lá marbhánta samhraidh

Is brú anála orainn beirt ag dreasú na gcaorach

Siar ó na hailltreacha nuair a tímid an marfach

Sna beanna dodhreaptha. Préacháin dhubha ina scaotha

Á hithe ina beatha gur imigh an dé deiridh aisti

De chnead choscrach amháin is gan ionainn iarraidh

Tharrthála a thabhairt uirthi thíos sna scealpacha.

Ní thiocfaí mé a shásamh is an tocht ag teacht tríom;

D‘fháisc lena hucht mé is í ag cásamh mo chaill liom

Go dtí gur chuireas an racht adaí ó íochtar mo chroí.

D‘iompair abhaile mé ansin ar a guailneacha

Ag gealladh go ndéanfadh sí ceapairí arán préataí.24

Tchíthear ansin gur miontragóid ann féin a bhí ann. Ach, dá n-amharcfaí ansin ar

an darna rann sa dán seo, sílim go dtig a rá gur locus classicus atá ann de cad is

meafar ann:

Inniu tá mo Theangaidh ag saothrú an bháis.

Ansacht na bhfilí – teangaidh ár n-aithreacha

Gafa i gcreagacha crochta na Faillí

Is gan ionainn í a tharrtháil le dásacht.

Cluinim na smeachannaí deireanacha

Is na héanacha creiche ag teacht go tapaidh,

A ngoba craosacha réidh chun feille.

Ó dá ligfeadh sí liú amháin gaile – liú catha

A chuirfeadh na creachadóirí chun reatha,

Ach seo í ag creathnú, seo í ag géilleadh;

Níl mo mháthair anseo le mé a shuaimhniú a thuilleadh

Is ní dhéanfaidh gealladh an phian a mhaolú.25

Tchíthear domsa go bhfuil an téama seo mar chuid lárnach de An Druma Mór

fosta, ‗an tSean-Éire ag fáil bháis‘. Tá an cultúr bríomhar, luachmhar seo ann ach

d‘fhéadfadh sé a bheith níba láidre ach ab é go bhfuil na daoine óga ag déanamh

neamairt ann agus ag tabhairt cúil dó agus ag ligint dó imeacht.

Ar ndóighe, in ‗Caoineadh‘ luann Cathal an rialtos. Má amharctar ar chás na

Gaeilge sa tír seo, is í an Ghaeilge an chéad teanga a bhfuil stádás oifigiúil aici, ach

mar a dúirt Caoimhín Ó Danachair, in anneoin an stádáis sin, bhí an Ghaeltacht ag

meath caoga faoin chéad le gach glúin ó bunaíodh Saorstát Éireann go dtí na

seascaidí.26 Bhí an cineál neamairt seo ann agus is beag, le fírinne, a rinneadh faoi.

Chonaic Seosamh Mac Grianna sin agus t-ollbhrú ón Bhéarla ar an Ghaeilge mar

theanga phobail sa chéad leagan de An Druma Mór ar cuireadh cosc air.27 Cé gur

cuireadh leagan Gaeilge de An Druma Mór i gcló den chéad uair in 1969, bhí i bhfad

níba mhó den Bhéarla istigh in eagrán cosctha na 1930í agus baineadh cuid mhór

24

Ó Searcaigh, 208. 25

Ibid. 26

Caoimhín Ó Danachair, „The Gaeltacht‟, in A View of the Irish Language (in eagar ag B. Ó Cuív, 1969) lgh. 112-21. Don

cheist seo, féach fosta: „Advancing the Language: Irish in the Twenty-First Century‟ A. J. HughesNew Hibernia Review /

Iris Éireannach Nua, Vol. 5, No. 1 (Spring, 2001), 101-126. 27

Do chúlra an chéad eagráin chosctha de An Droma Mór (sna 1930í), féach The Big Drum, Seosamh Mac Grianna,

aistrithe ag A.J. Hughes (Béal Feirste 2009) lgh 139-44. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Fionntán de Brún as a

chuidiú sa ghné sin.

68

den Bhéarla sin amach. Ach cheisteoinnse an cinneadh sin. Is é sin an pointe a bhí ag

Mac Grianna, go raibh an Ghaeltacht-Ghalltacht seo ann, go raibh an Ghaeilge á

báthadh faoin tuile seo a bhí ag teacht isteach. Maíonn an tSearcach an rud ceanann

céanna in ‗Caoineadh‘, .i. go raibh daoine ag glacadh leis na hathruithe seo beag

beann ar an tsaibhreas a bhí ina dteanga féin, rud a bhí ráite ag Ó Laoghaire in Mo

Sgéal Féin (1915) agus ag Hyde in On the Necessity of De-anglicising Ireland (1892).

Ar ndóighe, is ceann de na mórlaigí ar athbheochan na Gaeilge an easpa straitéis

eacnamaíochta leis an teanga a shábháil agus iarracht a dhéanamh an brú

fostaíochta agus imirce a bhí ar bhunadh na Gaeltachta a laghdú – ach scéal mór é

seo do lá eile. In ‗Caoineadh‘ amharctar ar dhrochstaid na Gaeilge i bhfoirm

chruachás Mollie, an tseanpheata caorach, gafa thíos ansin sna creagacha

dodhreaptha. Bhí a fhios ag an lucht féachana go raibh sí ag fáil bháis agus ní raibh

siad ábalta – ná sásta – rud ar bith a dhéanamh fá dtaobh dó.

Is cuimhin liom an tAthair Mag Uidhir i nGleann Cholm Cille sna 1970í, agus

cuid de na fíor-Ghaeil ag tabhairt amach: ‗Cén fáth nach labhraíonn seisean Gaeilge

an t-am ar fad?‘ Ach thuig an tAthair Mag Uidhir nach raibh a chuid Gaeilge chomh

maith le Gaeilge dhaoine eile, agus sna Gaeltachtaí aithnítear an duifear idir duine a

bhfuil dornán Gaeilge aige agus duine a bhfuil dul na teanga aige. Aithníonn

cainteoirí dúchais agus tuigeann siad nach bhfuil cainteoirí eile seo chomh maith

leofa féin agus bíonn an easpa mhuiníne seo ann i measc bhunadh na Gaeltachta a

mhothaíonn nach bhfuil a gcuid Gaeilge mar a ba chóir di a bheith (gan trácht ar an

mhórbhrú ón taobh amuigh). Is minic an ghné sin in easnamh ag foghlaimeoirí

Ar bhealach éigin, tchíthear gur éirigh le Cathal cás na teanga a léiriú go

meafarach fríd an mhiondráma seo fá Mollie – agus sílim gurb í sin an áit a bhfuil an

láidreacht agus an mhórealaíon sa dán seo. Mura raibh ann ach an chéad véarsa,

bheadh sé cosúil le scéal beag tuaithe, ach an casadh seo, sílim go léiríonn sé an baol

atá ann don Ghaeilge. Thart ar an domhan, tá na mílte teanga i gcontúirt ach dá

mbeadh an dán sin aistrithe isteach sna teangacha sin, bheadh daoine eile ábalta sin

a aithint.

Is minic daoine ag gearán, ‗Cén fáth litríocht na Gaeilge a aistriú?‘, amhail is gur

feall é sin, gur comhartha laige atá ann. Ní feall ar chor ar bith é an t-aistriúchan

liteartha, ná ní comhartha laige ar bith é. Má tá an cultúr s‘againne luachmhar – ag

is é atá! – agus má tá rudaí fiúntacha ag baint leis an chultúr sin, ba cheart dúinn an

méid sin a chur in iúl do chultúir eile, agus chan i gcónaí fríd mheán an Bhéarla. Mar

shampla, an scéal sin de chuid Sheosaimh Mhic Grianna, ‗Ar an Trá Fholamh‘ – dá

léifí sin inniu insa tSúdáin (nó i dtír ar bith eile ar domhan a raibh, nó atá, gorta

inti), bheadh dynamic iontach ag an scéal, agus mar a deirim, dá n-aistreofaí

‗Caoineadh‘ isteach sna mionteangacha thart ar an domhan uilig atá i gcontúirt,

bhéarfadh sé ar dhaoine smaointiú orthu féin agus machnamh a dhéanamh: arbh

fhiú céimeana a ghlacadh le stad a chur leis seo agus cúlú a chur le mórchailliúint

chultúrtha.

An timpeallacht seo a bhí ag Cathal agus an tionchar a bhí ag an timpeallacht sin

air, tá an-tábhacht ag baint leis. Ag Séamas Ó Grianna, sílim gur cineál de theiripe a

bhí sa scríbhneoireacht aige, nó scríobhadh sé de shíor fán bhaile s‘aige in am a óige

(agus níos faide siar). Thiocfaí a mheas gur ag scríobh dó féin a bhí sé go leor den am.

69

Chaith ―Máire‖ dhá thrian dá shaol ina chónaí i mBaile Átha Cliath ach scríobhadh

sé i gcónaí – féadtar a rá – fá Rann na Feirste. Cineál de leigheas a bhí ann dó féin

agus ba chuma leis i ndáiríre fán léitheoir.28 I dtaca le Seosamh Mac Grianna de, is

mór an trua nach bhfuair seisean níos mó de shaol mar scríbhneoir gníomhach, nó in

Dá mBíodh Ruball ar an Éan agus fiú in Mo Bhealach Féin, bhí Seosamh sásta cur

síos ar an chathair agus d‘ éirigh go han-éifeachtach leis an Ghaeilge a thabhairt

isteach i gcomhthéacs na catharach. Tá an rud céanna le rá fán tSearcach, nó is

minic a éiríonn le Cathal comhréiteach a bhaint amach idir dúchas na Gaeilge i

suíomh mórchathrach. Sampla maith de seo an dán ‗High Street, Kensington, 6

p.m.‘

Blaisim ar uairibh

i maistreadh sráide

babhla bláiche

i riocht dáin.29

Tá seansaol Thír Chonaill le blaiseadh sa dán seo, ghníthear seanfheirm de

cheartlár Londain – bíodh go bhfuil an tagairt don mhaistreadh féin ag dul siar go

dtí an óige ag Cathal (dálta mar a ghní Ó Grianna agus Ó Direáin le Rann na Feirste

agus Inis Mór atá ar iompar leo siúd – nó is beag maistreadh atá déanta fá Ghort an

Choire le fiche bliain thart. Bíodh sin mar atá, is tábhachtaí an cumas a léiríonn an

file anseo an óige sin a chur in oiriúint don timpeallacht thionsclaíoch atá aige anois

in Mayfair. Is amhlaidh an scéal le Seosamh Mac Grianna, mar a luadh thuas, in Dá

mBíodh Ruball ar an Éan agus Mo Bhealach Féin. Ach mórcheist í fá litríocht

Ghaeilge Chúige Uladh: Cad é an seans a cailleadh nuair nár chuir Máire a lámh le

scéalta cathrach a ghnóthú níos minice ná mar a rinne? An cheist dheireannach ar

leataobh, in ‗Is Glas na Cnoic‘ cuireann Ó Searcaigh síos an an dá shruth seo á

meascadh:

Anois piocaim suas Mín a‘ Leá agus Mayfair

ar an mhinicíocht

mhire mhíorúilteacht amháin i m‘aigne

sa bhuzz seo a mhothaím i mBerkley Square;

agus mé ag teacht orm féin le dearfacht …30

Tá Éireannaigh ann a imíonn go Sasain le snúcar nó le peil a imirt agus i ndiaidh

daofa cúpla lá a chaitheamh thall, cailleann siad a mblas, cailleann siad a gcúlra,

bíonn an t-athchumadh seo ag dul ar aghaidh beagnach ar an toirt. Faigheann siad

na málaí ag Heathrow agus go tobann bíonn blas iomlán difriúil acu. Ach

minesiceachtaí iad seo nó tá i bhfad níos mó daoine eile ann a iompraíonn leo an

cúlra agus an cruthú a fuair siad as a n-óige. Cloíonn siad leo agus déanann siad

forbairt air sin. Is amhlaidh atá siad ábalta an timpealleacht úr a láimhseáil i

gcuideachta na seantimpeallachta. Deir Cathal féin ansin sa líne dheireanach den

dán:

28

Fch A.J. Hughes „Coincheap na Gaeltachta in aigne Shéamais Uí Ghrianna‟ An tUltach iml.68 uimh.11 (Mí na Samhna

1991) 4-15. 29

Ó Searcaigh, 64. 30

Ó Searcaigh, 206.

70

Don chéad uair braithim sa bhaile i gcéin.31

Sílim gur dúshlán atá ann anois do dhaoine atá ag plé le teanga a mhair den chuid

is mó faoin tuath, an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacs cathrach. Ní raibh baile mór ar

bith in Éirinn a raibh Gaeilge ann go stairiúil. Baineann an Ghaeilge, go hiondúil,

leis an tuath, leis na cnoic agus leis na cladaigh. An dúshlán atá ann anois, ná go

gcónaíonn go leor againn i dteach bheag cheann tuí cyberspace. Tá muid istigh le

ríomhaireacht, ríomhphoist agus riar rudaí eile. An bhfuil muid ag dul a fhobhairt

na teanga seo nó ligint di imeacht? Tá freagra láidir tugtha ar an cheist sin ag an

tSearcach agus cuireann sé amach teachtaireachtaí láidre ar son na Gaeilge (agus ar

son gach mionchultúir eile) ina chuid dánta.

Ag coinneáil leis an téama seo fá shaol na tuaithe sa chathair – agus le pilleadh ar

an chaint a rinneadh thuas fá ailtireacht na tuaithe – tchíthear sa dán ‗Tearmann‘32

go dtugann Ó Searcaigh an fhoirm is forbartha agus in ornáidí den ailtireacht ón

chathair mhór isteach sa phortach, .i. ailtireacht na hardeaglaise. Luaitear sa dán

áirithe seo ‗an séipéal tuaithe‘, ‗bearád i bpóca‘, ‗cairpéad caonaigh na pasáide‘, ‗na

piúnna tortógacha‘, ‗ardán na haltóra‘, ‗an cléireach – ag croitheadh túise fraoigh‘,

‗an séipéal‘, ‗ar riail ná ar reacht‘, ‗cráifeacht bhorb na puilpide‘, ‗Dia na nDeor‘,

‗Dia na nDealg‘ agus araile. Arís eile, tá an cineál ailtireachta sin le sonrú – má

amharcann duine ar an iargúltacht a fhad is go n-amharcann sé/sí le súil an fhile ar

an iargúltacht chéanna (díreach mar a amharcann Ó Searcaigh uirthi). Cuirtear

ollfhianaise ar fáil den obair thógála a bhí i gceist in ‗Tearmann‘ agus ag deireadh an

dáin bíonn ardteampall atá tógtha ag Ó Searcaigh ar an bhlár fholamh, agus bíonn

splendour na cathrach tugtha isteach chun na tuaithe aige. Bhí eaglais nó ardeaglais

de dhíth le hainm cathrach a bhaint amach agus tchíthear an stádas sin bainte

amach sa chathair seo atá ar an chaorán. Tchíthear go bhfuil an kathedra seo ar an

phortach i bparóiste Chloch Cheann Fhaola lán comh maith leis an cheann a tógadh

i Ros Cuain sa chéad chaibidil de An Druma Mór.

Rud suntasach eile atá le tabhairt fá dear in ‗Termann‘, ná an teannas seo idir an

reiligiún foirmeálta agus na gnáth-dhaoine agus, ar ndóigh, tá saothar Leonard

Cohen, George Brassens, agus go leor de shráidlitríocht agus de litríocht fhoirmealta

thart ar an domhan le cúpla glúin anuas breactha le cásanna daoine a bhí taobh

istigh de chód mhoráltachta eaglaise foirmeálta ina n-óige ach a d‘imigh ón chód sin

ag teacht i méadaíocht dóibh – ach, mar a dúirt Spike Milligan: ‗Once a Catholic,

always a Catholic‘. In ‗Tearmann‘ tá na téarmaí eaglasta fite fuaite go healaíonta sa

phíosa áirithe seo ag Ó Searcaigh agus léiríonn siad go bhfanann gnéithe den

Chaitleachas fhoirmealta in aigne an fhile go fóill.

Bíonn daoine ag tabhairt amach fá mheath an phróis sa Ghaeilge, ag rá go bhfuil

ré an phróis maolaithe go mór i gcontae Dhún na nGall – agus tá! Is minic a

smaoiním fá leithéidí Marstrander, Flower agus (níos tábhachtaí) Ó Ceallaigh ag dul

isteach chuig Bhlascaod Mhór agus, ag an am chéanna, gur mhór an trua nach

dtáinig scríbhneoir Gaeilge chuig Oileán Thoraí. Tá an-obair déanta ag Derek Hill

31

Ibid. 32

Ó Searcaigh, 46.

71

ansin leis an ealaíon agus leis an phéintéireacht istigh in Oileán Thoraí (agus

ardmholadh tuillte aige dá barr). Ach tá Toraigh ar cheann de na háiteanna is mó a

labhartar Gaeilge inti sa tír seo agus ní bheadh sé rómhall sa lá inniu féin le tús a

chur le gluaiseacht litríochta istigh san oileán draíochta sin. Tá daoine óga ansin

agus canann siad agus cleachtann siad Gaeilge leofa féin istigh san áit sin mar a

dhéanann a leithéidí Inis Meáin, Co. na Gaillimhe fosta. Ach le muintir Thoraí, is léir

go ndearnadh forbairt ar an ealaíon agus b‘fhéidir neamart sa teanga agus sa

litríocht. An bhfuil leigheas ag dul a bheith air seo? Guítear go mbeidh!

Chonacthas thuas go bhfuil cineál d‘achoimire déanta ag Cathal Ó Searcaigh in

‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr‘ de na téamaí a spíon Seosamh Mac Grianna sa

chéad chaibidil de An Druma Mór – achoimire ach chan cóipeáil atá ann. Is

scríbhneoirí iad an dá údar seo a fáisceadh as cultúr amháin agus a tchí an cultúr sin

i gcontúirt. Tugann siad freagra, a bhfreagra pearsanta féin, ar an teannas sin, agus

ar an chultúr-bháthadh sin a mhothaíonn siad a bheith ag dul ar aghaidh. Ní

cóipeáil ar An Druma Mór atá i gceist le ‗Anseo ag Stáisiún Chaiseal na gCorr‘ ach

cineál de mhacalla, freagra pearsanta Chathail féin ar an cheist chéanna. Má

amharctar ar an chaibidil sin ag Séamas Ó Grianna, ‗Oíche Airneáil‘ in Nuair a Bhí

Mé Óg, gheobhfar cur síos, le dathanna galánta, ar áirneál is ar amhráin, ar

sheanchas agus ar sheanchaithe. Tchíthear an cineál ruda seo in shorthand ag Ó

Searcaigh sa dán ‗Oícheanta Geimhridh‘.

Sa lá atá inniu ann bíonn cuid mhór idé-eolaíochta ag baint le Ulster Scots – agus

an téarma bománta seo ‗Ultais‘ in úsáid ag daoine áirithe, cibé rud atá i gceist leis!

Ach is é an rud atá i gceist agamsa le Ulster Scots anseo ná an Béarla a labhartaí i

nDeisceart na hAlban, agus níl mé chun am a chaitheamh ar an cheist ‗cé acu

canúint na teanga atá ann‘? Sílim gur cheart don díospóireacht a bheith bunaithe ar

cheist amháin: ‗An bhfuil luach ag baint leis na hiarrachtaí liteartha sa chanóin seo?‘

Má phléitear an t-ábhar sa chomhthéacs sin, sílim gur féidir linn dul chun cinn níos

fearr a dhéanamh – mar Burns féin, is cinnte gur mórlaoch filíochta a bhí ann. Bhí

mórmheas agus an urraim as cuimse dó ag an chuid sin de sheanmhuintir Ghaeltacht

Dhún na nGall a chaitheadh leathchuid na bliana ag obair in Albain. Tá saothar

Mháire breactha le tagairtí don fhilíocht sin, agus déanann Ó Searcaigh ceiliúradh

uirthi in ‗Oícheanta Geimhridh‘:

Bhíodh a ghlór chomh teolaí le tinigh smután, lán

de shiosán agus de shrann agus é ag spalpadh

dáin de chuid Bhurns dúinn ó thús go deireadh –

‘Tam O’ Shanter’ nó b‘fhéidir ‘Kellyburn Braes’

agus chomh luath agus a chanadh sé ‘Scots Wha Hae’

tchífeá bladhairí ag splancarnaigh as a shúile.33

Tchíthear, mar sin go raibh an ceangal láidir idir bunadh Ghaeltacht Thír

Chonaill agus saothar Burns – agus i bhfad roimh an díospóireacht sin fá Ulster Scots

a tharla i réimse na polaitíochta (b‘fhéidir deich mbliana nó níos mó ó shin).

Caithfear amharc ar Burns mar fhile idirnáisiúnta agus is cinnte go ndeachaigh na

téamaí a bhí aige i bhfeidhm ar dhaoine a fáisceadh as traidisiún na Gaeilge agus as

33

Ó Searcaigh, 112.

72

traidisiún na tíre, agus gur aithin siad an fiúntas a bhí i sárshaothar Burns agus is

mór an gar, agus an faoiseamh, gur haithníodh sin sular tugadh faoi na hargóintí

seafóideacha seo, a bhfuil muidinne buartha fá dtaobh daofa inniu.

Conclúid

Mar fhocal scoir, tá súil agam gur ofráil mé peirspictíochtaí éagsúla ar fhilíocht

Chathail sa chaint anseo inniu. Níor mhaith liom go mbeadh saothar an fhile seo

aerscuabtha as canóin litríocht na Gaeilge, ar chúiseanna nach mbaineann le

litríocht. Tá cuid mhór scríofa aige agus tá cuid mhór le scríobh go fóill aige. As an

méid atá scríofa aige sílim gur labhair sé agus go dtug sé glór do chultúr agus do

theanga a bhí i gcontúirt ach nach bhfuil marbh go fóill. Deoch íocshláinte dúinn go

leor dá chuid dánta. Táthar ag súil go dtógfar ar an méid sin sna glúnta atá amach

romhainn agus de réir mar a rachas an t-am ar aghaidh go dtuigfidh daoine an

bharrthábhacht atá le saothar Chathail Uí Shearcaigh agus an ghrinnpheirspictíoct

atá le fáil go fliúirseach inti fá tseansaol tuaithe i gCúige Uladh.

73

6

Gradam na hÉigse:

ANRAÍ MAC GIOLLA CHOMHAILL

Tiomna ómóis agus dán molta le Réamonn Ó Muirí

Rugadh Anraí Mac Giolla Chomhaill i nDoire, 22 Bealtaine 1940. Chuir sé suim i

dteangacha – an Ghaeilge, an Fhraincis agus an Laidin go háirithe – agus é i

gColáiste Cholm Cille, Doire. D'fhreastail sé ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste agus

bhain sé céim amach sa Léann Ceiltise. Chaith sé seal mar chúntóir taighde ag an

Ollamh Heinrich Wagner ina dhiaidh sin agus na blianta 1965-77 ag múineadh in

Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1981

agus i ndiaidh dó tamall a chaitheamh ag obair i bparóiste Cheann Chlochair i

gContae Lú, d‘fhill sé ar an mhúinteoireacht san Acadamh. Bhí sé ina threoraí

spioradálta ansin ó 1993 go 1997 nuair a chuaigh sé go dtí an Lúb, in aice leis an

Mhuine Mhór i gContae Dhoire, agus tá cónaí air ansin go fóill.

―Ní thiocfadh leis gan fiú uair a‘chloig a chaitheamh gan bheith ag dul don staidéar, nó don

urnaí, nó don scríbhneoireacht nó saothar cráifeach éigean eile. Lá agus oíche bhí sé chomh

tugtha sin don obair a bhí idir lámha aige, é ina throscadh nó ar faire, go sílfí go raibh ualach

gach cinn acusan thar acfainn duine.‖

Sin mar a scríobh Naomh Adhamhnán, ab Oiléan Í, faoi bhunaitheoir a

mhainistreach agus athair a spioradáltachta Naomh Colm Cille, agus nach maith

mar a oireann a bhriathra dár máistir féin, An tAthair Anraí, agus nach mór an bród

orainne bheith inár ndaltaí aige. Agus é ina mhac léinn, ina mhúinteoir, ina bhall dá

chlann, ina shagart, ina scríbhneoir, níor stad Anraí de bheith á naomhú féin ina

chuid oibre, ina fhéin-íobairt agus ina fhulaingt do-chloíte.

I ndiaidh m‘oirnithe sa bhliain 1962 bhí mé ar iasacht ag obair i bparóiste Naomh

Treasa, Béal Feirste, agus nuair a a chuala mé go mbeadh an scoláire James Carney

ag teacht mar aoí-léachtóir uair amháin sa tseachtain go hOllscoil na Ríona, Béal

Feirste. Bhí sé de dhánaíocht ionam gan chead gan chomhairle buaileadh isteach sa

rang agus suí i measc na ndaltaí agus iad ag déanamh iontais, Anraí Mac Giolla

Chomhaill ina measc, faoin strainséir mire seo. Blianta ina dhiaidh sin d‘inis Anraí

domh go raibh sé sa rang sin ach faoin am sin bhí mise ‗i mo mhac léinn‘ aige féin.

Tá caoga leabhar scríofa ag Anraí Mac Giolla Chomhaill agus tá sé ainmnithe

astu: leabhair foghlama, taisteal agus iompar in Éirinn, leabhair staire mar Bráithrín

bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil (1985), cnuasaigh de litríocht na Gaeilge mar

Díolaim Próis 1450-1850 (1972), Beatha Cholm Cille (le Mánas Ó Dónaill [1981]),

aistriúcháin úrscéalta ón Fhraincis – Les Oberlé (1996) le René Bazin, agus Le grand

Meaulnes (2001) le Alain-Fournier; leabhair eaglasta agus leabhair spioradálta, go

leor de leabhair Thír Chonaill ar chuir sé ath-eagar orthu – Scéalta Johnny

Shéamaisín (1974 agus 2004), Maith thú, a Mhicí, (1981), Na Rosa go Brách (1997),

Scéal Hiúdaí Sheáinín (1997) agus Eadarbhaile (Ardigoole) [1998].

74

Is maith liom gléine scríbhneoireachta Anraí. Cothaím m‘anam ag spioradáltacht

a leabhrán faoi Cholm Cille, Adhamhnán agus Naomh Bríd. Ní hionadh go bhfuil an

t-ainm Lisieux ar a dhoras béil, rinne sé athchóiriú ar aistriúchán an Ath. Benedict,

OCD, de dhír-bheathaisnéis Naomh Thérèse an Linbh Íosa (1997). Téim a luí agus

ceann de na húrscéalta aistrithe ón Fhraincis aige i mo láimh agam agus nach

méanar domh ar feadh uair a chloig ligint do mo shamhlú liteartha mé a iompar as

saol na gcúram agus na mbuaireamh go domhan na n-aisling. Gheit mo chroí sé mhí

ó shin nuair a chonaic mé a aistriú ar Thérèse Desqueyroux le François Mauriac i

siopa. Sciob mé suas é agus amach an doras liom gan íoc as, bhí mé chomh corraithe

sin. D'íoc mé as níos déanaí!

Bhí mé ar cuairt aige lá ag iarraidh a chomhairle faoi phointí gramadaí mar ba

ghnáth liom agus tharla gur luaigh sé an saothar Deismir a bhí déanta aige agus gan

toradh ar a iarrachtaí foilsitheoir a fháil. ―Tabhair domh é,‖ arsa mise, ―agus

cuirfidh Cumann Seanchais Ard Mhacha i gcló é.‖ Rinne muid amhlaidh sa bhliain

2003. Anois méaraím tríd an leabhar sin ar lorg an dea-fhocail: abairtí snasta, cora

cainte gleoite ó thús deireadh. Roimh i bhfad agus i ngan fhios domh féin bíonn gach

ní eile tréigthe agam, mé á léamh go cíocrach mar go mbeadh gearrscéal loinneach

agam. Scríbhneoir mór Gaeilge é Anraí agus mar a déarfadh Deismir féin: tá sé ina

lán béil ag a chompánaigh.

Ba mhaith liom cúpla sampla a thoghadh as Deismir agus, ag gabháil pardúin do

Anraí, déarfaidh mé go bhfuil Anraí féin i gceist agam sna habairtí seo ar fad:

- ní raibh faoi ná thairis ach an saothar a chur i gcrích

- tá teacht aniar ar dóigh ann

- níl i mbéal an bhig is an mhóir ach an leabhar s'aige

- tá sé ar dhuine chomh breá is a gheobhfa i siúl lae

- d'éirigh leis stíl a chuid scríbhneoireachta a thabhairt chun foirfeachta

Agus, a Anraí, tá freagra agam ar an cheann seo: cad é an mín murr atá amuigh

ormsa le go gcaithfí chomh maith sin liom? Freagra: Chuir tú Deismir i dtoll a chéile!

Is múinteoir i gcónaí é Anraí. Agus tá buntáiste aige ar chuid mhaith nó is

múinteoir déanta é. Múineann sé agus ceartaíonn sé. Bíonn múinteoir ábalta na

barrshamhla a chur roimhe, an t-eolas a thabhairt isteach go nádúrtha; tig an t-eolas

leis go réidh agus scarann sé leis go fairsing. Bíonn Anraí íobartach trócaireach agus

fial mórchroíoch le daoine agus saorfaidh Tiarna na gréine é. Is gaiscíoch é agus is

mian leis na daltaí aithris a dhéanamh air. Bhí meas agam ariamh ar gach múinteoir

a bhí agam agus mé buíoch díobh as an léann a thug siad isteach i ndiaidh blianta de

bheith ag léamh, ag déanamh staidéir agus ceachtanna foghlamtha acu féin. Is

amhlaidh le hAnraí. Seo an Tiomnú atá aige dá leabhar Deismir: Toirbhrim go hómósach an cnuasach beag seo de dheismireachtaí cainte, de chora cainte agus

de natháin don bheirt a chéadspreag an mac seo le spéis a chur i nGaeilge ár gCúige, mar atá,

Seán Mac Congáil agus Proinsias Ó Flaithearta nach maireann, a bhí ar fhoireann teagaisc

Choláiste Cholm Cille, Doire. Go dtuga Dia suaimhhneas síoraí dóibh agus go gcúití Sé a

saothar leo araon!

75

Ní raibh ranganna Anraí teoranta do Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn

(múinteoir, 1965-77, treoraí spioradálta 1993-1997), bhí sé ina mhúinteoir singil ag

go leor againn. Tá Anraí in ainm bheith ar scor anois ach ní mór an chiall leis sin nó

bíonn a leithéidse i mbun oibre de chineál éigin i gcónaí.

Fuair an Sagart Seosamh Mag Uidhir bás ar na mallaibh, scoláire agus múinteoir

eile tráth, agus macasamhail Anraí ina eagarthóir ar feadh blianta ar An tUltach.

Bhí Anraí ina eagarthóir chiúin sheasmach air idir 1965 agus 1977. Sa bhliain 1974

chuir sé eagar ar Meascra Uladh (cnuasach d‘iubhaile óir An tUltach) agus sa bhliain

2004 chuir sé eagar ar Meascra Uladh III (cnuasach do ochtú bliain An tUltach).

Déarfainn go raibh an bheirt sin Seosamh agus Anraí ina ndeisceabail ag Lorcán Mór

Ó Muireadhaigh, sagart agus scoláire. Ní hionadh gur scríobh Anraí scéal a bheatha-

san sa bhliain 1983. Snasleabhar anois é de chuid Éigse Oirghialla.

Sa leabhar sin faoin Mhuireadhach, a Anraí, chuir tú rann nó abairt as litríocht

na Gaeilge ag ceann gach caibidle agus i dtaca le do shaothar féin tá súil agam go

dtiocfaidh tuar fán tairngireacht le rann Sheáin Mhic Dhónaill:

Ní fada anois an uair a bheas mé ‘pilleadh siar,

Go dtí an áit is ansa liom ná áit ar bith sa tír;

Go gcluinfead ann ó aosta ‘s óg an Ghaeilge bhlasta bhinn,

Is an seanchaí ‘na shuí ag trácht ar eachtraí Fhinn.

Briseann sé mo chroí nuair a gheibh scoláire bás. Bíonn mearchiall agam altanna

a mhealladh ó na scoláirí atá ina gcairde agam agus iad a chur i gcló in Seanchas Ard

Mhacha. Sin an fáth gur mhaith liom seasca seoidleabhar ó pheann Anraí a fheiceáil i

mo leabharlann! Is mian linn buíochas a ghabháil leat, a Anraí, as comhroinn a

dhéanamh linn agus teacht i gcabhair orm agus ar a lán daoine eile agus tú go minic

ag cur an-trioblóide ort féin in ainneoin do chuid oibre mar shagart cúnta ar an Lúb

agus in ainneoin do thinnis.

Ba mhúinteoir é Íosa agus grá agus carthanacht ag bun agus barr a theagaisc

agus is amhlaidh leatsa, a Anraí, le daltaí, le pobal an pharóiste, le cairde agus le

coimhthígh.

Go gcuridh Íosa Críost gach rath ar fheabhas id‘ shlí;

Go mbeiridh sé ó bhaol tú pé áit go mbíonn do thriall;

Gárda na n-aingeal ort gach cor a chuirir díot.

Go raibh beatha ar do mhian agus togha beannacht ó Dhia ort.

76

An Crann Darach I nDoire Calgaigh a mhair an crann darach

Anraí Mac Giolla Chomhaill,

críonnacht i sú a óige

agus crógacht aoise i gcruas a rúisc.

Luigh uisce na cruthaíochta isteach ina bheatha

ar suanbhruith faoin a ghéaga,

rug na craobhacha duilleoga glasa

faoin ghréin dheirg,

faoin ghaoith liath láidir.

Titeann a bhriathra ar leathanaigh sámha,

tógann na sealgairí píosaí deismireachta,

cíocras orthu

le spéartha an lae

seanteanga a fhoghlaim.

Titeann na dearcáin,

briathra troma a chuirtear sa chré,

bíonn siad ag gáire, bíonn siad ag caoineadh,

guthanna úra ag mallú ar a chéile,

agus canann siad amhráin le héanacha an aeir.

Feictear go minic na craobhacha briste

ina luí faoi neart na darach,

brosna iad le haghaidh bladhairí an ghrá,

físeanna a shúile

a tchí na naoimh faoi loinnir is faoi scáth.

Nach minic a scar na néalta doininne

a mbrait truacánta thar an chrann darach,

é ina chodladh ag déanamh brionglóide

ar dharacha eile

i ngleannta, in oileáin agus i dtíortha i bhfad.

Rug Anraí barróg ar chrainn na Fraince,

fá shult agus fá shuaimhneas

d' fhoghlaim sé a dteanga,

thug caint a nduilleabhair

go Doire Cholm Cille.

Tá breacadh ar an lá

cailleann an scáthphictiúr an imlíne dhorcha,

titeann dathanna buí agus oráiste,

titeann siad ar chrann darach Calgaigh

baintear as osna, tosnaíonn sé a gháire,

tá beatha nua in Anraí s‘againne.

77

7

Filíocht na hÉigse: Gréagóir Ó Dúill

An Frog sa Bhucaeid1

Tá frog sa bhucaeid.

Cá fhad anois ansin é?

Ní bhogann an scornach,

Tá mogall ar na súile,

Tá an craiceann iomlán tirim,

Ina ghlóthach sheirgthe,

Ar dhath luaithreach na móna thart air,

Ina chac tirim caora ag an mhóin,

Ina chamal caillte sa ghaineamhlach shinciarainn.

Tiontaigh an bucaeid bun os cionn

Nó ní cónra mhiotail é dá leithéid shoineanta

Nár thuill an cillín buí.

Amharc air. Bogann sé. Suíonn ceart,

Droim íota le spéir, géaga le sráid,

Súile leat. Ní iarrann. Fanann.

Buacaire an chlóis taobh leat, ní haon rud mór

Boiseog a shilt anuas air, braon ar bhraon.

Amharc a dhroim, dathanna ag filleadh ar an chraiceann leis an bhaisteadh,

Tógann sé a dhá lámh.mar chosaint ar a shúile

Nó malí agus fabhraí níor bronnadh air san ubh.

Agus imigh leat, anois, do ghnósa déanta.

Cead amhairc i gcionn leathuaire agat – ní bheidh sé ann.

Faoileoirl2

Tiomáinim liom isteach sna cnoic, ó thuaidh,

ucht crua sin na gcnoc, gan compord ann, an carr go drogallach

ag ardú malaí, ag géilleadh d‘údarás meicniúil na ngéireanna.

Tá seo le déanamh, ní bhaineann toil le scéal. Tiomáint,

sea, leoga, tiomáint.

Tógaim mo shúile ar íor sin cuartha na spéire,

ar chuair na scamall troma os a chionn,

1 „An Frog sa Bhucaeid‟ le Gréagóir Ó Dúill as Leabhar Mór na Gaeilge, dán a mheascann an tabhairt faoi deara thart ar an

teach i nGort an Choirce leis an chomhthéacs náisiúnta aagus idirnáisiúnta polaitíochta. 2 „Faoileoirl‟ le Gréagóir Ó Dúill, dán a foilsíodh ar The Best of Irish Poetry 2007/ Scoth na hÉigse, pléann sé le tírdhreach

na Mucaise, le ceist an chreidimh agus eile.

78

na scamaill ghormdhonna sin a bhfuil bagairt sneachta iontu

flichshneachta agus anfa doininne, pléasc toirní iontu.

Ach go tobann lingeann saor uathu, gormghlas

na spéire ollmhóire isteach, an faoileoir caol airgid

faoi sciatháin fhada, crois ag gearradh cuartha

ar éadan na firmiminte, an ciúnas beannaithe.

Crochann ar shrutha teirmeacha ag grafáil

a bhfuil ann nach dtuigim, ag foluain ar tháirní creidimh

ag áinliú ar chleití na misní, duine gan inneall,

gan talamh slán, madaidh na stoirme sna sála air

An miotal uilig ag lonrú leis faoin ghrian.

Fómhar ár nGrá3

Is e seo, gan amhras, fómhar ár ngrá:

maireann an teas ach is ó am go chéile, imíonn an ghlaise

thiubh i dtreo na deirge, an óir, na titime.

Lúbann na brainsí faoi mheáchan aibí torthaí,

bailíonn na héin ar chrainn, ar shreanga

ag tuar na haimsire, cliathnodaireacht de phleanáil staccato.

Bogann na feithidí san aer, déanann scíth,

olagón ard acu, culaith mhiotail dhaite orthu

amhail scannáin uafáis, nó fionnadh bog.

Is luaithe a thiteann an oíche, bainimid pléisiúr as:

tagann cinneadh leis an chlapsholas, agus géillimid dó –

ba i bhfad ó shin an chéad titim, is éasca leanacht dó.

Fanann blás bog don láimh réidh chineálta,

ar phluma, ar phéitseog, sú craobh, ar do chneas,

agus titeann an cnó mar a thiteann an t-úll, cruinn le dearnain.

Is é seo, gan amhras, fómhar ár ngrá, ráithe

an chur i dtaisce, stóráil chuimhní, leaba dhomhain an bhia

roimh theacht an gheimhridh, an phréacháin, an chnuimh.

3 “Leanaim orm ag scríobh na filíochta sa dá theanga,” a dúirt Gréagóir ag an Éigse. Seo dán a scríobh sé tamall gairid

roimh an ócáid i nDoire, dán grá, a cuireadh i gcló ar an iris Revival i Luimneach.

79

Filíocht na hÉigse: Cathal Ó Searcaigh

Siúil Sléibhe

Ceobhaisteach;

boladh cumhra

ón aiteannach.

Sos sa chomhrá;

fosclaíonn bachlóg

ar an dreasóg.

Mám lom romham;

fuiseog glé bhinn

os mo chionn.

Níl ann anois

ach a bheith beo;

amach anseo.

Aimseoidh mé

cuspóir eile, treo

éigin as an cheo … …

Téim in aghaidh

na síne, go díreach

le bheith fliuch.

Tráthnóna Samhna

Léas bheag solais

ó thairne meirgeach sa doras –

grian na Samhna.

An tseanlanúin

ag tabhairt a n-aghaidh ar a chéile

sa chlapsholas …

An tAm Marfach ina Mairimid

Inniu is an spéir chomh soiléir

le súil lánléargais an bhúda

chonaic mé colmán bán ag triall tharam,

A sciathán geal aingil

ag tuar dóchais, a deirim liom féin,

as an duibheagán seo ina mairim.

Ach ní raibh na focla as mo bhéal

nuair a chuala mé an t-urchar. Fágadh an spéir

dearg le fuil an éin ghlé.

80

Inniu níl spléachadh dá dtugaim ar an spéir

nach léir domh mo cholmán bán, a choirpín

mín marbh ag titim ó ghorm go talamh.

Inniu agus ní ag maíomh atá mé

tá a bhfuil ionam de ghrá Dé

báite i bhfuil dhearg an éin sin.

Ní thig liom m‘aghaidh a thabhairt níos mó

ar spéir atá ag cur fola

ar spéir atá ag cur fola …

Amhrán na Maidine

Iarraim ar an mhaidin gealadh ar a bhfuil ag fás,

ar a bhfuil ag feo, ar an tseilide a d‘éalaigh lena bheo

ón nimh i measc na mbláth, ar an tseangán lena lód trom

ag tógáil an chnoic thar chlocha an chosáin, ar an chrann

ard duilliúrach ar shuíomh na bildeála atá ag sú isteach

an salú toite ón ineall tochailte is á chur amach úrghlan

in anáil ghlas a dhúthrachta, ar an éan a fhíonn snáithe ór

a chuid ceoil ó thor go tor, ar na rósanna, na girseachaí croíúla

ina gcuid sciortaí dearga á gcumhrú féin ag tóin an tí,

ar nóinín, an tsúil órbhuí a tchí an chos a dhéanfas é a chloí.

Iarraim ar an tsolas tuirlingt ar a bhfuil geal,

ar a bhfuil gruama, ar shnás buí bróige, ar bhealadh

gruaige, ar bholadh bréan na sráide, ar thorthaí ag dul i mboige,

ar aghaidh bhán ar chúl fuinneoige, ar lucht bruíne na cearnóige,

ar bhainne cíche na mná atá ag cothú linbh ar an fhaiche, ar chailíní oifige,

ar an ógfhear sa tsólann a d‘inis domh gur mó de mhí na méala

ná de mhí na meala a bhí faighte aige ar leabaidh a phósta,

ar na turasóirí drochdhaiteacha i gclós theach an ósta, ar na páistí ocracha

lena gcuid malaí gliú ag stad na traenach, ar an bhia

atá a scaipeadh agam ar linn na lachan, ar ár n-arán laethúil, ar Dhia.

Iarraim ar an ghrian triall ar mhian mo chroí,

iarraim uirthi luí ar a leabaidh, é a mhuirniú ina géaga solais,

a bhéal a phógadh lena beola samhraidh, inse do i dteas an cheana

gurb é mo leas agus cé gur cuireadh de mo dhóchas mé

go gcreidim ina ghrá, ina mhéin shéimh shuáilceach, ina leabaidh séin‘

ag dá bhrí sin go dtig liom, d‘ainneoin na n-ainneoin, éirigh as an duibheagán,

as ifreann mo léin is an mhaidin seo a bheannú le dán … …

81

Na Pionnaí Gruaige

(Ó do chocáin dhonna

ó choillidh na gcnó, do dhuala raithní

is an raithneach ag ruadh)

Sa tseanbhabhla briste

caite sna driseoga ar chúl an tí –

fód créafóige ina bhéal –

D‘aimsigh mé an tsalachar

na pionnaí gruaige a bhíodh ag mo mháthair

nuair a bhí mé beag.

San oíche an loinnir a bhíodh

ina ciabh chatach dhonn agus í ina bun,

á ciaradh agus á scuabadh

Is ag cur na bpionnaí ann;

an ruaithne a thigeadh ó bhoinn óir a dlaíóg

faoi sholas an tilly.

Eas copair a cuid gruaige

ag sileadh léithe, tuilidh dhrithlíneacha

a cuid gruaige ag titim léithe.

A mhamaí, bhain do chuid gruaige

an buí de dhuilliúr an fhómhair, an bhoige

den tsíoda, an splanc den tsoilseach,

An tsní de shruth na habhna.

Má b‘é do chluasa mo dhá aingeal choimhdeachta

agus mé sa chliabhán, b‘é

Do dhuala fada grástúla

méara Dé ag cur cigilt ionam sula dtéinn

chun suain gach oíche.

Má b‘é do shúile glé

na toibreacha caoine as ar ól mé íc an ghrá,

b‘é d‘fholt craobhach

An crann a dhreap mé

chun na spéire, mo chosa i measc na bpláinéad,

mo cheann i bhfochair Dé.

I seanbhabhla briste

gach craic ann chomh caol le ribe,

d‘aimsigh mé sa tsalachar.

Pionnaí gruaige mo mháthar;

Pionnaí a theann go croí ionam is a folt

faoi chlár sa chaoineadh seo.

82

Filíocht na hÉigse: Nuala Reilly

Íota an Bháis4

―Múscán mé

ag síoról

tart de shíor orm‖

Íota an bháis a bhí ort

A thaisce

Solas an lae díbeartha

Innill ag análú

Tú ag foghlaim an bháis

In airde ar leaba

Ar stáitse deireadh beatha

Tá gairdín Marie Curie

I bhfeisteas Earraigh

Lon dubh ag briseadh mo chroí

I measc bhláthanna na Bealtaine

Fada fada ó do chúram anois

Na crainn faoi bhláth

Sa chúlghairdín sa bhaile

Nó ceiliúir éan

Le bánú an lae

Tráth múchta soilse.

Cloch Bhán do Elizabeth Kemp5

Cloch dhuirlinge chugat

Ó Villa Catullus

Ar leithinis in Sirmione.

Cloch Bhán don fhile

D‘ainm nua

Nach eol d‘éinne

Ach duit féin

Scríofa uirthi.

Cloch adhmainte

I do ghlaic

Do threorú

Ag deireadh.

4 Nuala Reilly, Magus Ballyrath (Coiscéim, Baile Átha Cliath 2008), 28.

5 Ibid, 38.

83

Filíocht na hÉigse: Colette Ní Ghallchóir6

Caisleán an Uaignis7

Is tusa mo Screig,

Ní féidir liom tú a shroichint,

Tá mé ‘mo luí cloíte anseo

I bPáirc an Droma.

Fadó is mé ag na Domasaigh,

Ba chuma liom beocht ná beatha.

Chonaic mé tusa.

Bhí fhios agam

Go léimfinn thar chlaíocha,

Go dtreabhfainn fríd sreang long,

Go ngoidfinn thú amach

As Caisleán an Uaignis.

Ar an Lagán8

Níor thaistil tú i bhfad ó bhaile

Tú óg gan chéill

Phós tú bocht

Thosaigh na páistí

Ag teacht i dtoibinne

Mhéadaigh na préataí

Is an t-arán do thoirt

‘S gan mhoill chaill sé suim

‘S tú ag streachailt

Chonaic tú do ghirseachaí fhéin

Ag pósadh óg

Iad bocht

‘Na gcónaí i ndrochthithe

Ní raibh an saol ag bisiú

Is an aois ag teacht

‘S na galair a d‘fhágfadh sínte thú

In aois a trí scóir ag dul i méid

‘S tú ‘do luí

Ar bhóthar an acra fhada

Áit ar sclabhaigh tú

6 Tá Colette ag gabháil don chéim pháirtaimseartha sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh i láthair na huaire.

7 Colette Ní Ghallchóir, Idir Dhá Ghleann (Coiscéim, Baile Átha Cliath 1999), 23.

8 Colette Ní Ghallchóir, Na Síoga i Lag na hAltóra (Coiscéim, Baile Átha Cliath 2005), 31.

84

Ó bhí tú ‘do

Chailín dathúil

Le ribíní in do fholt dubh

Cuireadh tú ar thaobh na malacha

Nach bhféadfá a thógáil.

Filíocht na hÉigse: Gary Mac Ruairí9

An Darna Smaoineamh

Tchí muid iad,

go tráthrialta gach lá,

ag raiméisí eatarthu féin,

ag cur na laethanta gairid‘ amú.

Caith spléachadh ar dhuine acu,

féach ar a aghaigh ataiste dubh agus gorm,

tá sé ag doirteadh a shaoil isteach i gcannaí beorach na hIfrinn.

Tchí muid é,

ag glacadh cannaí saora leann úill,

mar mhalairt ar shladsaol gan chomhalladh,

tchí muid go bhfuil sé,

scun scan, scrobanta agus scriosta.

Seo scriosadh uafásach na ndaoine,

ag leac mhorálta ár ndoirse,

ach againne tá siad cosúil le guma coganta,

caite ar leataobh agus greamaithe don talamh os ár gcomhair.

Achan lá éiríonn aicíd an ólacháin níos doilí a leigheas,

cosúil leis na héisc san uisce,

níl siad sásta a bheith beo taobh amuigh den uisce.

Ní smaoinímid orthu ach uair amháin,

na daoine faoi dhraíocht na grúdlainne,

agus dearmad chomh gasta leis an chaoch.

9 Is de bhunadh Oileán Thoraí é Gary Mac Ruairí, tá comhchéim ar bun aige faoi láthair in Ollscoil Uladh, Ceol le Gaeilge.

85

Lán Mara an tSaoil

Isteach agus amach, anonn agus anall,

luascadh gnoitheach na mara,

cosúil le blaincéad farraige,

mór, leathan agus fada, bán agus gorm.

Isteach agus amach, anonn agus anall,

luascadh gnoitheach na mara,

ag bogadh go míshocair os cionn na trá,

agus spréite amach níos faide na tá an tsúil inniúil le feiceáil.

Isteach agus amach, anonn agus anall,

luascadh gnoitheach na mara,

ag iarraidh níos mó agus níos mó

leis an áit ghaineamhlach ghortach seo a chlúdach,

Isteach agus amach, anonn agus anall,

an siúlfaidh mé trasna na muirbheach seo,

luascadh gnoitheach na mara,

atá chóir a bheith go hiomlan clúdaithe ag an blaincéad bhán agus ghorm?

An gcuideoidh sé liom feidhm a bhaint as mo thuairimí?

B‘fhéidir nár cheart dom?

Ach ba mhaith liom feiceáil cad é a bheas ag deireadh na muirbheach seo,

an leanfaidh mé ar aghaidh tríd an mhuir intíre dobhogtha seo?

Sin an cheist.

Gary Mac Ruairí i mbun reacaireachta le linn na hÉigse.

86

Aguisín I: Clár saothair Anraí Mhic Giolla Chomhaill

I nDoire Cholm Cille féin a tháinig Anraí

Mac Giolla Chomhaill chun an tsaoil sa

bhliain 1940. Cuireadh oideachas air i

gColáiste Cholm Cille, áit ar chuir sé spéis

ar leith sna teangacha. Is iad an Ghaeilge,

an Fhraincis agus an Laidin na hábhair a

bhí aige do na scrúduithe Ardleibhéil.

Bhain sé céim amach ansin sa Cheiltis in

Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus

chaith seal mar chúntóir taighde ag

Henrich Wagner ina dhiaidh sin.

Chuaigh sé a theagasc in Acadamh Naomh Pádraig, Dún Geanainn, sa bhliain

1965 agus rinneadh sagart de sa bhliain 1980. Chaith sé seal fada ina eagarthóir ar

An tUltach idir 1965 agus 1977 agus is iomaí áis a chuir sé ar fáil do lucht na Gaeilge

i rith an ama: téacsleabhar, ábhar léitheoireachta, filíocht, agus leabhair do pháistí.

Is eisean a chuir eagar ar go leor de leabhair Thír Chonaill – Na Rosa go Brách

(1997), Scéal Hiúdaí Sheáinín (1997) agus Scéalta Johnny Shéamaisín (2004) – agus

tá roinnt leabhar aistrithe ón Fhraincis aige chomh maith – Les Oberlé (1996), Le

Grand Meaulnes (2001) agus Thérèse Desqueyroux (2008).

Tá go leor ábhar foilsithe aige ar chúrsaí eaglasta, Pápaí an Fichiú hAois (2002),

mar shampla, agus foilsíodh a mhórshaothar Deismir: Cnuasach de chora cainte is de

natháin i nGaeilge Uladh sa bhliain 2003. Tá sé ar scor anois agus cónaí air ar an Lúb

i gContae Dhoire.

A. Bunleabhair & Aistriúcháin

1972

1. Díolaim Próis 1450-1850 [sliochta as saothar próis na Gaeilge 1450-1850],

Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

2. Lúth na Teanga [ceachtanna ‗A‘-Leibhéil], Cló Oirghialla.

1974

3. Taisteal agus iompar in Éirinn [stair an taistil agus an iompair in Éirinn],

Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

1975

4. Rogha agus Togha [cúrsa ‗O‘-Leibhéil], Cló Oirghialla.

5. Colm Cille: his life and work, Cló Cholm Cille.

1976

6. Fíorscéal agus Finscéal [leabhar léitheoireachta don tríú/cheathrú bliain sna

meánscoileanna], Cló Oirghialla.

1980

7. Éadáil [leabhar léitheoireachta don tríú/cheathrú bliain sna meánscoileanna], Cló

Oirghialla.

1976-’79

8-16. Fás A-I [sraith leabhar léitheoireachta do na bunscoileanna, i gcomhar le

Pádraig Ó hAodha], Ó Fallúin.

87

1977

17. Saol ár linne [liostaí focal do mhic léinn ‗A‘- Leibhéil, i gcomhar le Micheál Ó

Máirtín], Ó Fallúin.

1981

18. Beatha Cholm Cille [sliochta i litriú na haimsire seo as Betha Colaim Chille le

Mánas Ó Dónaill], Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

19. Deise labhartha, deise scríofa [cnuasach beag cora cainte do mhic léinn], Cló

Oirghialla.

1983

20. Lorcán Ó Muireadhaigh: sagart agus scoláire [beathaisnéis an té a chuir Comhaltas

Uladh agus An tUltach ar bun], Éigse Oirghialla/An Clóchomhar.

21. Colm Cille: a shaol agus a shaothar [gearrchuntas ar an mhórnaomh Chonallach],

Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

1984

22. Naomh Bríd: Muire na nGael [gearrchuntas ar an bhan-naomh cháiliúil], Irish

Messenger Publications.

1985

23. Bráithrín bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil [beathaisnéis an scríbhneora de chuid

Scoil Louvain], Éigse Oirghialla/An Clóchomhar.

24. Lúth na Teanga: Eochair [leabhar don mhúinteoir agus é ag obair le Lúth na

Teanga], Cló Oirghialla.

25. Paidrín Scrioptúir [machnaimh ghairide ar rúndiamhra an phaidrín],

Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

1988

26. An Dea-Chomhrac: Pól Aspal [saol agus saothar Naomh Pól], Foilseacháin

Ábhair Spioradálta.

1992

27. Clann a’ Phroifeasair [aistriúchán ó Ghàidhlig Mhaoilios M. Caimbeul ar úrscéal

ghairid do dhéagóirí], Cló Iar-Chonnachta.

1995

28. Adhamhnán [cuntas ar shaol an naoimh a chuaigh in éineacht le Colum Cille go

hÍ], Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

29. Eacúiméineachas [aistriúchán ón Laidin ar cheann de dhoiciméid Dara Comhairle

na Vatacáine], An Sagart.

1996

30. Les Oberlé [aistriúchán ar úrscéal Fraincise de chuid René Bazin atá lonnaithe

san Alsáis i ndiaidh 1870], Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

2001

31. Le grand Meaulnes [aistriúchán ón Fhraincis ar úrscéal cháiliúil ‗Alain-

Fournier‘], Coiscéim.

2002

32. Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí [i gcomhar leis an Monsignor Breandán Ó

Doibhlin, aistriúchán ón Fhraincis ar chaiticiosma oifigiúil na hEaglaise], Veritas.

33. Pápaí an Fichiú hAois [cuntas gairid ar shaol agus shaothar an ochtar pápa a

mhair san aois seo chaite], Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

88

B. Leabhair ar chuir sé eagar orthu

1974

1. Scéalta Johnny Shéamaisín, Comhaltas Uladh.

2. Meascra Uladh [cnuasach d‘iubhaile óir An tUltach], An tUltach.

1976

3. Dochartach Duibhlionna agus scéalta eile le Seosamh Mac Grianna, Comhaltas

Uladh.

4. Seanchas Sua [atheagrán de Bealach na Scéalaíochta, maille le ceachtanna agus

foclóir, de chuid Phádraig Mhic Con Midhe], Cló Oirghialla.

1978

5. Tír Eoghain [atheagrán de iris a d‘fhoilsigh Coiste Ceantair Thír Eoghain de

Chomhaltas Uladh], Comhaltas Uladh.

1981

6. Maith thú, a Mhicí! [eagrán úr, maille le ceachtanna agus foclóir úr, de scéalta

Mhicí Sheáin Néill as Rann na Feirste], Cló Oirghialla.

1992

7. A Phobal Dé: short addresses by Cardinal Ó Fiaich [arna gcur in eagar as nótaí

fánacha an Chairdinéil], Cumann Seanchais Ard Mhacha.

8. Fiach Fánach; díolaim aistí le Aindrias Ó Baoill [arna n-athchló as eagráin éagsúla

de chuid An tUltach], Coiscéim.

1993

9. Cnuasach na Finne [eagrán úr ar leabhair Aindriais Uí Bhaoill: Fir mhóra na

hÉireann/Scéilíní na Finne/An Dílí/An tAiríoch], Coiscéim.

1997

10. Scéal Hiúdaí Sheáinín [athchóiriú ar leabhar Eoghain Uí Dhónaill], An Gúm.

11. Scéal anama [athchóiriú ar aistriúchán an Ath. Benedict, OCD, de dhír-

bheathaisnéís Naomh Thérèse an Linbh Íosa], Foilseacháin Ábhair Spioradálta.

12. Na Rosa go Brách, [athchóiriú ar úrscéal cháiliúil ‗Fhionn Mac Cumhaill‘ - .i.

Mánas Mac Cumhaill], An Gúm.

1998

13. Eadarbhaile (Adrigoole) [athchóiriú ar aistriúchán Sheosaimh Mhic Grianna ar

Adrigoole le Peadar O‘Donnell], An Gúm.

2004

14. Meascra Uladh [cnuasach do cheiliúradh 80 bliain de An tUltach], An tUltach.

89

Aguisín II: Cainteoirí & Scríbhneoirí

Nuala Ní Dhomhnaill agus Gráinne Ní Ghillín ag Oscailt na hÉigse

Nuala Ní Dhomhnaill

File, feimineach, drámadóir agus craoltóir de bhunadh Chiarraí í. Is i Lancashire

Shasana a tháinig Nuala chun an tsaoil sa bhliain 1952 ach níorbh fhada gur fhill sí

féin agus a tuismitheoirí ar na seanfhóid – seal ar an Daingean i nGaeltacht Chiarraí

agus tamall eile ar an Aonach, Co. an Chláir. Oileadh i gColáiste na hOllscoile i

gCorcaigh í agus foilsíodh an chéad chnuasach filíochta dá cuid sa bhliain 1981 – An

Dealg Droighin. Tá go leor foilsithe aici ó shin: Féar Suaithinseach (1984), Rogha

Dánta/Selected Poems (1986, 1988, 1990), Pharaoh's Daughter (1990), Feis (1991), The

Astrakhan Cloak (1992), Spíonáin is Róiseanna (1993), In the Heart of Europe: Poems

for Bosnia (1998), The White Horse (1999), Cead Aighnis (2000) agus The Fifty

Minute Mermaid (2007). Bhí Nuala mar chomheagarthóir ar Jumping off Shadows:

Selected Contemporary Irish Poets (1995) agus tá roinnt drámaí scríofa aici do pháistí.

Tá seal caite aici mar scríbhneoir cónaithe in institiúidí éagsúla agus theagasc sí in

New York University, in Boston College agus in Villanova University sna Stáit

Aontaithe. Ball den Aos Dána atá inti agus cónaí uirthi faoi láthair i mBaile Átha

Cliath.

Fionntán de Brún

Rugadh Fionntán de Brún i mBéal Feirste sa

bhliain 1969 agus is ann atá sé ina chónaí ó shin.

Bhain sé céim amach sa Cheiltis agus sa Fhraincis sa

bhliain 1992 agus bhí sé ina léachtóir i Roinn na

Gaeilge, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal

Feirste idir 1998 agus 2006. Ceapadh ina léachtóir é

in Institiúid Taighde na Gaeilge agus na Ceiltise in

Ollscoil Uladh, Cúil Raithin i 2006. Tá saothar critice foilsithe aige ar shaothar

Sheosaimh Mhic Grianna, Seosamh Mac Grianna: An Mhéin Rúin (2002) agus tá go

leor alt leis ar litríocht na Gaeilge agus mórchuid gearrscéalta dá chuid foilsithe

chomh maith. Bhí sé ina eagarthóir ar Belfast and the Irish Language (2006).

90

Ciarán Mac Murchaidh

Rugadh Ciarán Mac Murchaidh ar an Iompú Deiseal i gCo. Fhear Manach. Is i Má

Nuad a chuaigh sé ar an ollscoil agus ghnóthaigh sé céim sa Léann Ceilteach sa

bhliain 1986. Bronnadh PhD air i 2004 ar thráchtas faoi sheanmóirí an Easpaig

Séamas Ó Gallchóir. Tá seal caite aige mar theagascóir i Má Nuad féin agus tá sé

anois ina léachtóir Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé ina

chomheagarthóir ar Teanga, Pobal agus

Réigiún: Aistí ar Chultúr na Gaeltachta Inniu

(Coiscéim, 2000) agus chuir sé féin eagar ar

‘Who needs Irish?’: reflections on the importance

of the Irish language today (2004). Tá réimse

leathan ábhar foilsithe aige idir ghramadach

agus fhilíocht: Cruinnscríobh na Gaeilge (2002,

2006), Lón Anama: poems for prayer from the

Irish tradition (2005) agus Filíocht Ghrá na

Gaeilge (2008). Tá cónaí air i gCo. Chill Dara.

Gréagóir Ó Dúill

Is i mBaile Átha Cliath a rugadh Gréagóir agus déanann sé a chuid ama a roinnt

anois idir a chathair dhúchais agus Gort an Choirce, Dún na nGall. Tá ocht

gcnuasach filíochta foilsithe aige agus foilsíodh Rogha Dánta 1965-2001 ag tús na

mílaoise. Chuir sé eagar ar na díolamaí Filíocht Uladh 1960-1985 (1986) Fearann

Pinn 1900-1999 (2001). Tá gearrscéalta

foilsithe aige chomh maith Mar Atá (1996)

agus beathaisnéis Samuel Ferguson - Beatha

agus Saothar (1993). Oileadh in Ollscoil na

Banríona, Béal Feirste, é agus bronnadh PhD

sa Bhéarla air in Ollscoil na hÉireann, Má

Nuad. D‘fhoilsigh sé a chéad chnuasach de

dhánta i mBéarla anuraidh New Room

Windows (2008). Fear pósta atá ann agus

ceathrar clainne aige.

Art Hughes

Tá Art ina stiúrthóir ar chúrsaí Gaeilge Ollscoil Uladh, Béal Feirste, agus tá 25 bliain

de thaithí aige ar theagasc na Gaeilge. Tá go leor ábhar foilsithe aige le blianta beaga

anuas le riar ar lucht foghlamtha na Gaeilge – Bunchomhrá Gaeilge (2002), Trialacha

Tuigbhéala (2002, 2008) agus Leabhar Mór Bhriathra na Gaeilge (2008). Bhí sé ina

chomheagarthóir ar Armagh History and Society (2001) agus tá aistriúchán foilsithe

aige ar leabhar mór de chuid Shéamais Uí Ghrianna, Nuair a Bhí Mé Óg – When I

Was Young (2002). Tá saineolas ag Art ar fhilíocht Chathail Uí Shearcaigh agus tá

cuid de shaothair an tSearcaigh aistrithe go Fraincis aige. Tá cónaí ar Art go fóill ina

chathair dhúchais cois Cuan.

91

Mary Delargy agus Art Hughes

Cathal Ó Searcaigh

I dTír Chonaill a rugadh Cathal sa bhliain 1956, áit a bhfuil cónaí air go fóill i Mín

an Leá ag bun an Eargail. Foilsíodh Miontraigéide Cathrach, an chéad chnuasach

filíochta leis, sa bhliain 1975 agus tá go leor foilsithe aige ó shin: Tuirlingt (1979),

Súile Shuibhne (1983), Suibhne (1987), An Bealach ’na Bhaile (1990), Homecoming

(1993), Na Buachaillí Bána (1995) agus Out in the Open (1997). Bronnadh duais an

Irish Times ar a dhíolaim, Ag Tnúth leis an

tSolas: 1975-2000, sa bhliain 2001. Tá

tábhacht a cheantair féin go fóill le feiceáil in

Caiseal na gCorr: Poems and Photographs

(2002), agus rinne sé cuntas ar a chuid taistil

san Oirthear sa leabhar Seal in Neipeal (2003).

Chuir sé a chruth féin ar scéal Salomé sa

dráma Oíche Ghealaí a léiríodh in Amharclann

an Ghrianáin, Leitir Ceanainn, sa bhliain

2001. Is iomaí teanga a bhfuil aistriúcháin dá

chuid filíochta ar fáil iontu anois.

Réamonn Ó Muirí

Cléireach, scoláire, staraí agus gníomhaire cearta sibhialta é an Moinsínseoir

Réamonn Ó Muirí. Tá baint aige le fada an lá le Cumann Seanchais Ard Mhacha

agus tá seal caite aige mar eagarthóir ar Seanchas Ard Mhacha. D‘fhoilsigh sé State

Violence: Northern Ireland 1969-1997 (1998) mar gheall ar a chuid taithí ar a bheith

ag plé le cearta sibhialta i gcomhthéacs na Sé Chontae. Saineolaí atá ann ar stair na

hEaglaise chomh maith mar atá le sonrú in

Archdiocese of Armagh: A History (2000).

Foilsíodh saothar mór leis ar ghné de stair a

cheantair féin chomh maith, The Burning of

Wildgoose Lodge: Ribbonism in Louth – Murder

and Gallows (2005). File cumasach is ea an

Moinsíneoir Ó Muirí chomh maith; foilsíodh

Lampaí Dearga, an cnuasach deireanach leis, sa

bhliain 2005.

92

Coisteoirí agus Cairde na hÉigse

Ailbhe Ó Corráin (Cathaoirleach), Malachy Ó Néill (Stiúrthóir), Peadar Mac Gabhann,

Aodh Ó Cannáin, Mary Delargy, An Moin. Breandán Ó Doibhlin, An tAth. Anraí Mac Giolla

Chomhaill, An Moin. Liam Mac an tSagairt, An Moin. Réamonn Ó Muirí

Eagarthóirí An tUltach

Malachy Ó Néill, An tAth. Anraí Mac Giolla Chomhaill, Nollaig Ó hUrmoltaigh,

Neil Comer, Ciarán Ó Pronntaigh