Upload
others
View
0
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
2 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
3 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Luaigh mar: SFGM, Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta, Ceardlann Scileanna i bhForbairt Gréasáin, Baile
Átha Cliath, 2019
Forbhreathnú ar an lámhleabhar
Is é is cuspóir leis an lámhleabhar seo an t-eolas, na scileanna agus an mhuinín a
theastaíonn ó mhúinteoirí Chéim a hAon de chuid Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta a
thabhairt dóibh ionas go mbeidh siad in ann suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir
ghréasáin a dhearadh agus a fhorbairt go neamhspleách.
Cé go mbeidh an lámhleabhar ina ábhar tacaíochta do mhúinteoirí a fhreastalaíonn ar an
gCeardlann ar Fhorbairt Feidhmchláir Ghréasáin atá mar chuid dár gclár forbartha gairmiúla
leanúnaí dhá bhliain, táthar ag súil go mbainfear an luach is mó uaidh cúpla mí i ndiaidh na
ceardlanna a chur i gcrích. Taobh amuigh de na ceardlanna seo, féadfar an lámhleabhar a
úsáid mar thagairt bhunúsach don fhorbairt gréasáin, ach níos tábhachtaí ná sin, mar
acmhainn teagaisc a d’fhéadfaí a úsáid chun foirm thógachaíoch den oideolaíocht a chur
chun cinn i measc múinteoirí maidir le pleanáil agus le teagasc na forbartha gréasáin i
seomra ranga Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta.
Cúig rannán ar leith atá sa lámhleabhar seo, agus tá sé roinnte i dtrí cháipéis chruachóipe ar
leith. Baineann an cháipéis seo le Cuid A.
Cuid A
Rannán 1 – HTML
Rannán 2 – Stílbhileoga Cascáideacha
Rannán 3 – Dearadh UX
Cuid B
Rannán 4 – JavaScript
Cuid C
Rannán 5 – Bunachair Shonraí
4 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Rannán 1
HTML
5 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Clár Ábhar
Tús eolais ar HTML 07
● An chaoi a n-oibríonn an gréasán ● Céard is HTML ann? ● Mo chéad leathanach ● Brabhsálaithe gréasáin ● Clibeanna HTML ● Struchtúr leathanaigh HTML ● Leaganacha HTML ● Cleachtadh 1 – an chéad leathanach ● Cleachtadh machnaimh
Bunfhormáidiú téacs 18
● An chaoi a leacaítear spás bán ● Ceannteidil a chruthú leis na heilimintí <hn> ● Ceannteidil agus ailt a struchtúrú ● Ailt a chruthú leis an eilimint <p> ● Bristeacha líne a chruthú leis an eilimint <br> ● Téacs réamhfhormáidithe a chruthú leis an eilimint <pre> ● Cleachtadh 2 – Caifé ● Cleachtadh machnaimh
Obair le liostaí 24
● Liostaí le hurchair leis na heilimintí <ul> agus <li> ● Ordliostaí leis na heilimintí <ol> agus <li> ● An tréith thosaigh a úsáid chun an uimhir thosaigh in ordliostaí a athrú ● Marcóir a shainiú leis an tréith chineáil ● Liostaí sainmhínithe leis na tréithe <dl>, <dt> agus <dd> ● Liostaí neadaithe
An téacs a bheachtú 29
● An eilimint <strong> ● An eilimint <cite> ● An eilimint <q> ● An eilimint <blockquote> ● An eilimint <dfn> ● An eilimint <code> ● An eilimint <var> ● An eilimint <samp> ● Cleachtadh 3 – Oidis don Chaifé ● Cleachtadh machnaimh
6 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Naisc agus Nascleanúint 34
● Nasc bunúsach le leathanach san fhillteán céanna a chruthú leis an eilimint <a>
● Nasc le suíomh gréasáin seachtrach a chruthú ● Dathanna na nasc ● Nasc chun ríomhphost a sheoladh ● Leabharmharc a chruthú ● Cleachtadh 4 – Naisc idir leathanaigh a chur isteach
Táblaí 38
● Tábla bunúsach ● Cleachtadh 5 – Tábla uaireanta oscailte
Íomhánna & Físeáin 40
● Íomhá a chur isteach leis an eilimint <img> ● Tréithe airde agus leithid ● Íomhánna a úsáid mar naisc ● Físeán ar YouTube a leabú ● Cleachtadh 6 – Caifé ● Cleachtadh machnaimh
Foirmeacha 45
● Rialtáin téacs ● Rialtáin roghanna ● Ticbhoscaí ● Cnaipí raidió ● Liostaí ● Cnaipí ● Rialtáin lipéadaithe ● Rialtáin ghrúpála ● Cleachtadh 7 – Foirmeacha
Cleachtaí ar leithligh 54
● Cleachtadh A – Marcáil na nArrachtaí ● Cleachtadh B – Marcáil ar litir fhoirmiúil
Gluais HTML 63
Acmhainní HTML 64
7 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Tús eolais ar HTML
An chaoi a n-oibríonn an gréasán
Céard a tharlaíonn nuair a fhéachann tú ar leathanach gréasáin ar bhrabhsálaí gréasáin ar
ríomhaire nó ar fhón póca? Níl na mionsonraí seo riachtanach chun cód gréasáin a scríobh
sa ghearrthéarma, ach ní fada go mbeidh tairbhe á baint agat as tuiscint ar a bhfuil ag tarlú
sa chúlra.
Cliaint agus freastalaithe
Tugtar cliaint agus freastalaithe ar ríomhaire atá nasctha leis an ngréasán.
● Is é is cliant ann na gléasanna a bhíonn in úsáid ag an ngnáthúsáideoir gréasáin
chun nascadh leis an idirlíon (mar shampla ríomhaire nasctha le Wi-Fi nó fón póca
nasctha leis an líonra móibíleach) agus bogearraí ar na gléasanna sin chun an
gréasán a rochtain (brabhsálaí gréasáin amhail Firefox nó Chrome go hiondúil).
● Is freastalaithe iad ríomhairí ar a stóráiltear leathanaigh ghréasáin, suíomhanna nó
feidhmchláir. Nuair is mian le gléas cliaint leathanach gréasáin a rochtain,
íoslódáiltear cóip den leathanach gréasáin sin ar ghléas an chliaint agus taispeántar
an chóip sin i mbrabhsálaí gréasáin an úsáideora.
Comhpháirteanna eile an bhosca uirlisí
8 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Níl an scéal iomlán sa chur síos thuasluaite ar chliant agus freastalaí. Is iomaí comhpháirt
eile atá ann freisin, agus déanfaimid cur síos orthu thíos.
Faoi láthair, samhlaímis gur bóthar atá sa ghréasán. Tá an cliant, mar a bheadh do theach
ann, suite ag bun an bhóthair. Tá an freastalaí suite ag ceann an bhóthair, agus tá sé cosúil
le siopa ar mian leat rud a cheannach ann.
Anuas ar an gcliant agus ar an bhfreastalaí, is gá dúinn labhairt fúthu seo a leanas freisin:
● An nasc idirlín: cuireann sé sin ar do chumas sonraí a sheoladh agus a ghlacadh ar
an ngréasán. An tsráid idir do theach agus an siopa atá ann, go bunúsach.
● TCP/IP: Is prótacail chumarsáide iad Prótacal Rialaithe Tarchurtha (TCP) agus
Prótacal Idirlín (IP) lena sainítear an chaoi ar ceart do shonraí taisteal thar an
ngréasán. Tá siad cosúil leis na meicníochtaí iompair a chuireann ar do chumas ordú
a dhéanamh, dul chuig an siopa, agus do chuid siopadóireachta a dhéanamh.
● DNS: Tá Freastalaithe Ainmneacha Fearainn (DNS) cosúil le leabhar seoltaí le
haghaidh suíomhanna gréasáin. Nuair a chuireann tú seoladh gréasáin isteach sa
bhrabhsálaí, féachann an brabhsálaí ar an DNS chun teacht ar fhíorsheoladh an
tsuímh gréasáin sular féidir leis an mbrabhsálaí an suíomh gréasáin sin a
thaispeáint. Ní mór don bhrabhsálaí fáil amach cén freastalaí ar a bhfuil an suíomh
gréasáin chun gur féidir leis teachtaireachtaí HTTP a sheoladh chuig an áit cheart
(féach thíos). Tá sé sin cosúil le seoladh an tsiopa a chuardach le gur féidir leat dul
ann.
● HTTP: Prótacal feidhmchláir is ea Prótacal Aistrithe Hipirtéacs (HTTP) lena sainítear
teanga chun gur féidir le cliaint agus le freastalaithe labhairt le chéile. Is í sin an
teanga a úsáideann tú chun do chuid earraí a ordú.
● Comhaid chomhpháirte: Bíonn go leor comhaid éagsúla i suíomh gréasáin, agus is
iad sin comhpháirteanna éagsúla na n-earraí a cheannaíonn tú ón siopa. Dhá chineál
comhaid atá ann go príomha:
9 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
o Comhaid chóid: Le HTML, CSS agus JavaScript a thógtar suíomhanna
gréasáin go príomha.
o Sócmhainní: Is ainm coiteann é seo ar na comhpháirteanna eile go léir i
suíomh gréasáin, amhail íomhánna, ceol, físeáin, doiciméid Word, agus
PDFanna.
Céard a tharlaíonn, mar sin?
Nuair a chuireann tú seoladh gréasáin isteach sa bhrabhsálaí (tá sé cosúil le siúl chuig an
siopa inár míniú thuas):
1. Téann an brabhsálaí chuig an bhfreastalaí DNS, agus aimsíonn sé fíorsheoladh an
fhreastalaí ar an bhfuil an suíomh gréasáin lonnaithe.
2. Seolann an brabhsálaí teachtaireacht iarratais HTTP chuig an bhfreastalaí, agus
iarrann sé air cóip den suíomh gréasáin a sheoladh chuig an gcliant. Is le TCP/IP a
sheoltar an teachtaireacht sin, agus na sonraí go léir eile a sheoltar idir an cliant
agus an freastalaí, thar do nasc idirlín.
3. Má cheadaíonn an freastalaí iarratas an chliaint, seolann an freastalaí teachtaireacht
“200 OK” chuig an gcliant, rud a chiallaíonn “Cinnte is féidir leat féachaint ar an
suíomh gréasáin sin! Seo duit é”, agus tosaíonn sé ar chomhaid an tsuímh gréasáin
a sheoladh chuig an mbrabhsálaí i smutáin bheaga ar a dtugtar paicéid sonraí.
4. Cuireann an brabhsálaí na smutáin le chéile chun suíomh gréasáin iomlán a chruthú
agus taispeánann sé duit é (tagann na hearraí chomh fada le do dhoras!).
Míniú ar DNS
Ní hionann fíorsheoltaí gréasáin i ndáiríre agus na seoltaí suntasacha a chuireann tú isteach
sa bharra seoltaí chun teacht ar na suíomhanna gréasáin is fearr leat. Is uimhreacha
speisialta iad a bhfuil cuma mar seo a leanas orthu: 63.245.215.20.
10 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Seoladh IP a thugtar air sin, agus tagraíonn sé d’áit ar leith ar an ngréasán. Ach níl sé éasca
cuimhneamh ar sheoladh den saghas sin. Sin an fáth ar thángthas suas le Freastalaithe
Ainmneacha Fearainn. Is freastalaithe speisialta iad sin, agus déanann siad seoladh
gréasáin a chuireann tú isteach sa bhrabhsálaí (mar shampla “mozilla.org”) a mheaitseáil le
fíorsheoladh (IP) an tsuímh gréasáin. Is féidir dul go díreach chuig suíomhanna gréasáin ach
a seoladh IP a chur isteach. Is féidir teacht ar sheoladh IP suímh gréasáin ach a fhearann a
chur isteach in uirlis amhail Seiceálaí IP.
Paicéid
Bhaineamar leas as an téarma “paicéid” thuas chun cur síos a dhéanamh ar an bhformáid
ina seoltar na sonraí ón bhfreastalaí chuig an gcliant. Go bunúsach, nuair a sheoltar sonraí
thar an ngréasán, seoltar iad mar na mílte smután beag chun gur féidir le go leor úsáideoirí
éagsúla gréasáin an suíomh gréasáin céanna a íoslódáil ag an am céanna. Dá seolfaí
suíomhanna gréasáin in aon smután mór amháin, ní bheadh ach aon úsáideoir amháin in
ann aon smután amháin a íoslódáil ag an am, rud a d’fhágfadh go mbeadh an gréasán thar
a bheith neamhéifeachtúil agus nach mbainfí mórán taitnimh as é a úsáid.
Céard is HTML ann?
Is é HTML an teanga mharcála chaighdeánach a úsáidtear chun leathanaigh ghréasáin a
chruthú. Ní teanga ríomhchlárúcháin atá ann; is teanga mharcála é a úsáidtear chun eolas a
thabhairt don bhrabhsálaí ar an gcaoi leis na leathanaigh ar a bhféachann tú a leagan
amach. D’fhéadfadh sé a bheith casta nó simplí, faoi mar a thograíonn an forbróir gréasáin.
11 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
⮚ Seasann HTML do Theanga Mharcála Hipirtéacs, nó Hyper Text Markup Language
⮚ Cuireann HTML síos ar struchtúr leathanach gréasáin trí úsáid a bhaint as marcáil
⮚ Is iad eilimintí HTML clocha tógála leathanach HTML
⮚ Seasann clibeanna d’eilimintí HTML
⮚ Le clibeanna HTML, déantar píosaí ábhair a lipéadú mar cheannteideal, alt, tábla,
agus mar sin de
⮚ Ní léirítear clibeanna HTML i mbrabhsálaithe, ach úsáidtear iad chun inneachar an
leathanaigh a thaispeáint.
An chéad leathanach gréasáin
12 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
⮚ Sainítear leis an bhfógra <!DOCTYPE html> gur HTML5 atá sa doiciméad seo.
⮚ Tá an eilimint <html> ar an bhfréamheilimint de leathanach HTML.
⮚ Tá meiteafhaisnéis ar an doiciméad le fáil san eilimint <head>.
⮚ Sainítear teideal don doiciméad leis an eilimint <title>.
⮚ Tá an t-inneachar atá le feiceáil ar an leathanach le fáil san eilimint <body>.
⮚ Sainítear ceannteideal mór leis an eilimint <h1>.
⮚ Sainítear alt leis an eilimint <p>.
Brabhsálaithe gréasáin
13 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Is é cuspóir brabhsálaí gréasáin (Chrome, IE, Firefox, Safari) doiciméid HTML a léamh agus
a thaispeáint. Ní léirítear clibeanna HTML sa bhrabhsálaí, ach úsáidtear iad le cinneadh
conas an doiciméad a thaispeáint:
Clibeanna HTML
Ainmneacha eiliminte idir lúibíní uilleacha atá i gclibeanna HTML:
<tagname> bíonn an t-inneachar le feiceáil anseo…</tagname>
⮚ I bpéirí amhail <p> agus </p> a úsáidtear clibeanna HTML go hiondúil
⮚ An chlib thosaigh atá sa chéad chlib den phéire, agus an chlib dheiridh atá sa dara
clib
⮚ Scríobhtar an chlib dheiridh faoi mar a scríobhtar an chlib thosaigh, ach amháin go
gcuirtear tulslais roimh ainm na clibe
14 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Is iad seo príomh-chomhpháirteanna na heiliminte:
1. An chlib thosaigh: Cuimsítear ann ainm na heiliminte (p, sa chás seo),
idir lúibíní uilleacha oscailte agus dúnta. Sonraítear leis cá gcuirtear tús nó
feidhm leis an eilimint.
2. An chlib dheiridh: Tá sé ar aon dul leis an gclib thosaigh, ach amháin go
gcuirtear tulslais roimh ainm na heiliminte. Sonraítear leis cá gcuirtear deireadh
leis an eilimint. Earráid choitianta i measc foghlaimeoirí is ea dearmad a
dhéanamh clib dheiridh a chur isteach, agus tagann torthaí aisteacha chun cinn
dá bharr sin.
3. An t-inneachar: Inneachar na heiliminte.
4. An eilimint: Cuimsítear leis an eilimint an chlib thosaigh agus an chlib dheiridh
agus an t-inneachar.
15 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Struchtúr leathanaigh HTML
Úsáidtear ceannteidil agus ailt i bhformhór na dtéacsanna struchtúraithe, is cuma má bhíonn
scéal, nuachtán, téacsleabhar ollscoile nó iris á léamh agat.
● Bíonn sé de nós ag úsáideoirí atá ag féachaint ar leathanach gréasáin spléachadh a
thabhairt ar an leathanach chun teacht ar inneachar ábhartha, agus is minic nach
léann siad ach ceannteidil i dtosach (ní chaithimid ach tamall an-ghearr ar
leathanach gréasáin go hiondúil). Mura bhfeiceann siad rud úsáideach go tapa, gach
seans go n-éireoidís mífhoighneach agus go n-imeoidís ar aghaidh chuig leathanach
eile.
● I gcás na n-inneall cuardaigh a dhéanann an leathanach a innéacsú, féachann siad
ar inneachar na gceannteideal mar eochairfhocail thábhachtacha a théann i gcion ar
rangú cuardaigh an leathanaigh. Gan cheannteidil, ní bheidh torthaí maithe ag an
leathanach i dtéarmaí SEO (optamú inneall cuardaigh).
16 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
● Is minic nach léann daoine a bhfuil tromlagú radhairc orthu leathanaigh ghréasáin:
éisteann siad leo ina ionad sin. Úsáideann siad bogearra ar a dtugtar léitheoir
scáileáin chun é sin a dhéanamh. Leis an mbogearra sin, is féidir inneachar téacs ar
leith a rochtain go tapa. I measc na dteicnící éagsúla a úsáidtear, tugann siad
achoimre ar an doiciméad trí na ceannteidil a léamh amach, rud a chuireann ar
chumas na n-úsáideoirí teacht go tapa ar an bhfaisnéis atá uathu. Mura bhfuil
ceannteidil ar fáil, bheadh orthu éisteacht leis an doiciméad go léir á léamh amach go
hard.
● Chun inneachar a dhearadh le CSS, nó chun rudaí spéisiúla a dhéanamh leis le
JavaScript, is gá an t-inneachar ábhartha a chur idir eilimintí le gur féidir le
CSS/JavaScript dul i gcion air go héifeachtach.
Léirshamhlú ar struchtúr leathanaigh HTML
Inneachar na heiliminte <head> atá sa cheannteideal HTML. Murab ionann is inneachar na
heiliminte <body> (a bhíonn le feiceáil ar an leathanach nuair a lódáiltear i mbrabhsálaí é), ní
léirítear inneachar an cheannteidil ar an leathanach. Ina ionad sin, meiteashonraí faoin
doiciméad a bhíonn sa cheannteideal.
Sonraí a chuireann síos ar shonraí eile is ea iad meiteashonraí, agus tá bealach “oifigiúil” ag
HTML chun meiteashonraí a chur le doiciméad – an eilimint <meta>. Is iomaí eilimint éagsúil
<meta> atá ann ar féidir iad a chur le ceannteideal an leathanaigh, ach ní dhéanfaimid
iarracht iad go léir a mhíniú anseo.
17 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Leaganacha HTML
Is iomaí leagan HTML a bhí ann ó thús ré an ghréasáin:
HTML5
Tá HTML5 ar an gcaighdeán nua don ghréasán. Tagann sé i ndiaidh HTML4 (a tháinig
amach in 1997) agus XHTML. Tháinig forbairt mhór ar an ngréasán ó tugadh isteach
HTML4, agus ba ghá beart a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na nuatheicneolaíochtaí
go léir agus ar na cineálacha ilmheán is úire. Tháinig HTML5 chun cinn mar thoradh ar
chomhoibriú a thosaigh in 2006 idir Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) agus an
Mheitheal um Theicneolaíocht maidir le Feidhmeanna Hipirtéacs Gréasáin (WHATWG).
18 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Dhá bhunchuspóir atá le HTML5: (1) feabhas a chur ar an teanga; agus (2) tacú leis na
cineálacha ilmheán is úire. Rinne W3C agus WHATWG bunrialacha áirithe a leagan síos
chun é sin a bhaint amach. Ina measc, bhí laghdú ar an ngá le breiseáin sheachtracha
(amhail breiseáin Flash), láimhseáil níos fearr ar earráidí, agus eilimintí marcála (clibeanna)
sa bhreis in ionad scripteanna. Ba cheart do HTML5 a bheith neamhspleách ar an ngléas (is
é sin, go mbeadh sé intuigthe ag ríomhairí agus ag an iliomad gléasanna atá ar an bhfód sa
lá atá inniu ann), agus ba cheart dó a bheith soléite freisin.
Cleachtadh 1
Cruthaigh an leathanach gréasáin simplí seo a leanas. Clóscríobh an téacs.
Machnamh
Déan machnamh ar ar fhoghlaim tú faoi HTML go dtí seo.
Scríobh cúig rud faoi HTML sa spás thíos.
1.
2.
19 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
3.
4.
5.
20 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Bunfhormáidiú téacs
An chaoi a leacaítear spás bán
Úsáidtear ceannteidil agus ailt i bhformhór na dtéacsanna struchtúraithe, is cuma má bhíonn
scéal, nuachtán, téacsleabhar ollscoile nó iris á léamh agat.
Taispeántar san alt thíos an chaoi a láimhseáiltear spásanna iomadúla idir focail mar aon
spás amháin. Leacú spáis bháin a thugtar air sin, agus ní fheicfear na spásanna móra idir
cuid de na focail nuair a thaispeánfar an leathanach sa bhrabhsálaí. Léirítear ann freisin an
chaoi a láimhseálfaidh an brabhsálaí aisfhillteacha carráiste (línte nua) iomadúla mar aon
spás amháin.
21 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Ceannteidil a chruthú leis na heilimintí <hn>
Sé leibhéal de cheannteidil rannáin a léirítear leis na heilimintí HTML <h1>–<h6>. Tá <h1>
ar an leibhéal rannáin is airde, agus tá <h6> ar an leibhéal rannáin is ísle.
22 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Ceannteidil agus ailt a struchtúrú
Beidh téacs de shaghas éigin i mbeagnach gach aon doiciméad a chruthóidh tú.
Spás bán agus sreabhadh
Roimh thosú ar an téacs a mharcáil, is fearr tuiscint a fháil ar a ndéanann HTML i gcás
spásanna bána agus ar an gcaoi a mbíonn abairtí fada agus ailt fhada téacs á láimhseáil i
mbrabhsálaithe.
Ceannteidil a chruthú
Bíonn ceannteidil de shaghas éigin le fáil i bhformhór na ndoiciméad, beag beann ar an
gcineál doiciméid atá á chruthú agat.
23 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Ailt a chruthú leis an eilimint <p>
Alt a léirítear leis an eilimint HTML <p>. Is iondúil a léirítear ailt sna meáin amhairc mar
bhloic de théacs atá scartha ó bhloic eile in aice leo le línte bána agus/nó eangú na chéad
líne, ach cuimsítear le hailt HTML aon ghrúpáil struchtúrach d’ábhar gaolmhar, amhail
íomhánna nó réimsí foirme.
Bristeacha líne a chruthú leis an eilimint <br>
Is féidir an eilimint briste líne a úsáid nuair is mian leat líne nua a thosú. Ar an gcaoi sin,
beidh an chéad
fhocal eile le feiceáil ar líne nua. Gan an eilimint briste líne sin, ní thosaítear línte nua ach
nuair a théann an abairt chomh fada le deireadh an scáileáin, ba cheart go mbeadh an
abairt seo fada go leor le timfhilleadh ar an scáileán agat. Bain triail as méid na fuinneoige
brabhsálaí a athrú agus féach ar an athrú a thagann ar an timfhilleadh líne.
24 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Téacs réamhfhormáidithe a chruthú leis an eilimint <pre>
Léirítear leis an eilimint HTML <pre> téacs réamhfhormáidithe atá le taispeáint go díreach
mar atá sé scríofa sa chomhad HTML. Is iondúil a dhéantar an téacs a léiriú le clófhoireann
neamh-chomhréireach (“monaspás”). Léirítear an spás bán laistigh den eilimint seo faoi mar
a scríobhtar é. Tá an téacs seo a leanas scríofa laistigh d’eilimint <pre>.
25 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtadh 2 – Caifé Samplach
Cruthaigh an leathanach gréasáin simplí seo a leanas do chaifé. Úsáid an comhad téacs atá
curtha ar fáil ionas nach gá an téacs go léir a chlóscríobh.
Machnamh
Déan machnamh ar ar fhoghlaim tú faoi fhormáidiú téacs in HTML go dtí seo.
Scríobh síos sa spás thíos trí chlib a úsáidtear chun téacs a fhormáidiú.
1.
2.
3.
26 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Obair le liostaí
Féachaimis ar liostaí anois. Bíonn liostaí le fáil i ngach aon áit – idir liostaí siopadóireachta
agus an liosta treoracha a leanann tú i ngan fhios duit féin chun dul abhaile gach lá. Bíonn
liostaí le fáil ar fud an ghréasáin freisin, agus ní mór dúinn díriú isteach ar thrí chineál
éagsúla.
Liostaí le hurchair leis na heilimintí <ul> agus <li>
Leis an gclib <ul> a thosaíonn liosta le hurchair. Leis an gclib <li> a thosaíonn gach mír ar
leith den liosta.
Urchair (ciorcail bheaga dhubha) a bheidh roimh mhíreanna an liosta de réir an
réamhshocraithe.
27 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Ordliostaí leis na heilimintí <ol> agus <li>
Ordliosta de mhíreanna a léirítear leis an eilimint HTML <ol>, agus bíonn an liosta le feiceáil
i bhfoirm liosta uimhrithe go hiondúil.
28 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
An tréith thosaigh a úsáid chun an uimhir thosaigh in
ordliostaí a athrú
Sonraíonn an tréith thosaigh an luach tosaigh den chéad mhír ar ordliosta.
29 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Liostaí sainmhínithe leis na tréithe <dl>, <dt> agus <dd>
Úsáidtear an chlib <dd> chun cur síos a dhéanamh ar théarma/ainm i liosta tuairiscí.
Úsáidtear an chlib <dd> i gcomhar le <dl> (chun liosta tuairiscí a shainiú) agus le <dt> (chun
téarmaí/ainmneacha a shainiú). Is féidir ailt, bristeacha líne, íomhánna, naisc, liostaí, etc., a
chur laistigh de chlib <dd>.
30 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Liostaí neadaithe
Liosta laistigh de liosta eile is ea liosta neadaithe. Más rud é gur chruthaigh tú liosta le
hurchair i ndoiciméad próiseála focal roimhe seo, gach seans gur bhain tú úsáid as eangaí
agus pointí urchair éagsúla chun míreanna a léiriú mar fhophointe míre eile sa liosta. Is é sin
an éifeacht atá uainn nuair a chruthaímid liostaí neadaithe.
31 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
An téacs a bheachtú
An eilimint <strong>
Léirítear leis an Eilimint Ríthábhachtach HTML <strong> go bhfuil tábhacht, tromchúis nó
práinn ar leith ag baint lena bhfuil ann.
San abairt seo a leanas, baineann an eilimint <strong> leis na focail can cause blindness.
An eilimint <cite>
Sainítear leis an gclib <cite> teideal saothair (mar shampla leabhar, amhrán, scannán, clár
teilifíse, pictiúr, dealbh, etc.). Úsáidtear é chun téacs ó fhoinse eile a lua.
32 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
An eilimint <q>
Mura mbeidh an sliocht le feiceáil ach laistigh d’aon abairt amháin, ba cheart an eilimint <q>
a úsáid. Úsáidtear an eilimint <q> san abairt seo a leanas chun sliocht a lua:
An eilimint <blockquote>
Sainítear leis an eilimint <blockquote> “sliocht [laistigh de dhoiciméad] atá luaite ó fhoinse
eile”. Úsáidtear an eilimint <blockquote> le sliocht fada téacs ó fhoinse eile a thaispeáint.
Má úsáidtear na stíleanna HTML réamhshocraithe ar fhormhór na mbrabhsálaithe gréasáin,
déanfar na himill ar dheis agus ar chlé a eangú, ar an scáileán agus i bhfoirm chló, ach is
féidir é sin a shárú ach úsáid a bhaint as Stílbhileoga Cascáideacha (CSS).
33 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
An eilimint <dfn>
Úsáidtear an eilimint sainmhínithe HTML (<dfn>) chun an téarma atá á shainmhíniú laistigh
de chomhthéacs frása nó abairte sainmhínithe a léiriú. Úsáidtear eilimint <dfn> san abairt
seo a leanas don téarma tábhachtach ‘HTML’.
An eilimint <code>
An eilimint <code> chun cód a chur le leathanaigh ghréasáin
An eilimint <var>
Léirítear leis an eilimint athróige HTML (<var>) ainm athróige i slonn matamaiticiúil nó i
gcomhthéacs ríomhchlárúcháin. Léirítear é go hiondúil le leagan cló iodálaigh den
chlófhoireann reatha.
34 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
An eilimint <samp>
Úsáidtear an eilimint <samp> chun aschur ó phróiseas a léiriú, amhail teachtaireacht
earráide ó script ríomhaireachta. Don doiciméadúchán teicniúil a dearadh é ó thús, agus
léirítear inneachar na heiliminte i gclófhoireann monaspáis.
35 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtadh 3 – Caifé Samplach: Oidis
Cruthaigh an leathanach gréasáin simplí seo a leanas don Chaifé Samplach. Cuirfear an
téacs ar fáil ionas nach gá é a chlóscríobh.
Machnamh
Déan machnamh ar ar fhoghlaim tú faoi bheachtú téacs in HTML go dtí seo.
Scríobh síos sa spás thíos trí chlib a úsáidtear chun téacs a bheachtú.
36 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Naisc agus Nascleanúint
Naisc agus nascleanúint
Nasc bunúsach le leathanach san fhillteán céanna a
chruthú leis an eilimint <a>
⮚ Hipearnaisc is ea iad naisc HTML.
⮚ Is féidir cliceáil ar nasc agus dul ar aghaidh chuig doiciméad eile.
⮚ Athróidh saighead na luchóige ina lámh bheag nuair a théann sé thar nasc.
In HTML, sainítear naisc leis an gclib <a>:
Nasc le suíomh gréasáin seachtrach a chruthú
Sainítear leis an tréith href seoladh sprice (https://www.rte.ie) an naisc. Is é téacs an naisc
an chuid a bhíonn le feiceáil (‘RTÉ Website’).
37 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Dathanna na nasc
Is mar seo a leanas a léireofar nasc de réir an réamhshocraithe (i ngach brabhsálaí):
● Bíonn dath gorm ar nasc nár cliceáladh air, agus bíonn líne faoi
● Bíonn dath corcra ar nasc ar cliceáladh air, agus bíonn líne faoi
● Bíonn dath dearg ar nasc gníomhach, agus bíonn líne faoi
Is féidir na dathanna réamhshocraithe a athrú le CSS.
Nasc chun ríomhphost a sheoladh
Is féidir ríomhphost a sheoladh ach an nasc mailto a úsáid
<A HREF="mailto:[email protected]"> Cliceáil anseo le ríomhphost a sheoladh
chugam </A>
San fhormáid chéanna le hipearnasc a scríobhtar an nasc mailto ach amháin go n-úsáidtear
mailto: in ionad http:// agus go n-úsáidtear seoladh ríomhphoist in ionad seoladh an
leathanaigh nó an URL. Ní mór an cód </A> a chur ag deireadh na líne nó ní oibreoidh an
nasc mailto. NÍL spás ar bith idir mailto: agus an seoladh ríomhphoist.
38 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Leabharmharc a chruthú
⮚ Úsáidtear leabharmharcanna HTML chun gur féidir le léitheoirí dul ar aghaidh chuig
codanna ar leith de leathanach gréasáin.
⮚ Bíonn leabharmharcanna úsáideach má bhíonn an leathanach gréasáin an-fhada.
⮚ Is gá an leabharmharc a chruthú i dtosach agus ansin nasc a chur leis.
⮚ Nuair a chliceáiltear ar an nasc, tabharfar ar aghaidh thú chuig an áit a bhfuil an
leabharmharc.
Ar dtús, cruthaigh leabharmharc leis an tréith id:
<h2 id=”C4”>Caibidil 4</h2>
Ansin cuir nasc leis an leabharmharc (“Téigh ar aghaidh chuig Caibidil 4”), ó laistigh den
leathanach céanna:
<a href=”#C4”>Téigh ar aghaidh chuig Caibidil 4</a>
39 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Sampla 4 – Caifé – Naisc idir leathanaigh a chur isteach
Oscail an leathanach gréasáin seo a leanas do chaifé agus déan eagarthóireacht nó
athruithe air. Bain úsáid as an gcomhad atá curtha ar fáil.
Úsáid an spás thíos don obair gharbh.
Táblaí
40 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Táblaí
Sainítear tábla HTML leis an gclib <table>. Sainítear gach ró sa tábla leis an gclib <tr>.
Sainítear ceanntásc tábla leis an gclib <th>. Bíonn cló trom ar cheannteidil tábla agus bíonn
siad láraithe de réir an réamhshocraithe. Sainítear sonraí/cill tábla leis an gclib <td>.
⮚ Úsáid an eilimint HTML <table> chun tábla a shainiú
⮚ Úsáid an eilimint HTML <tr> chun ró tábla a shainiú
⮚ Úsáid an eilimint HTML <td> chun sonraí tábla a shainiú
⮚ Úsáid an eilimint HTML <th> chun ceannteideal tábla a shainiú
⮚ Úsáid an eilimint HTML <caption> chun fotheideal tábla a shainiú
41 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Sampla 5 – Tábla a chur isteach
Cruthaigh an leathanach gréasáin seo a leanas don Chaifé. Cuirfear comhad téacs ar fáil.
Úsáid an spás thíos don obair gharbh.
⮚
⮚
⮚
⮚
⮚
⮚
⮚
⮚
⮚ Íomhánna ⮚
Íomhánna & Físeáin
42 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Íomhánna & Físeáin
Íomhá a chur isteach leis an eilimint <img>
⮚ In HTML, sainítear íomhánna leis an gclib <img>.
⮚ Clib fholamh is ea <img>, níl aici ach tréithe amháin, agus níl ann do chlib dheiridh.
⮚ Sainítear URL (seoladh gréasáin) na híomhá leis an tréith src.
Tréithe airde agus leithid
⮚ Is féidir leas a bhaint as tréithe airde agus leithid.
⮚ I bpicteilíní a thugtar na tréithe airde agus leithid.
43 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
44 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Íomhánna a úsáid mar naisc
Cuir an chlib <img> laistigh den chlib <a> chun íomhá a úsáid mar nasc.
Íomhánna i bhfillteán eile
Mura sonraítear a mhalairt, bíonn an brabhsálaí ag súil leis an íomhá a aimsiú san fhillteán
céanna leis an leathanach gréasáin.
Mar sin féin, is nós coitianta é íomhánna a stóráil i bhfofhillteán. Sa chás sin, is gá ainm an
fhillteáin sin a thabhairt mar chuid den tréith src:
<img src="/images/html5.gif" alt=”Íocón HTML5" style="width:128px;height:128px;"
Físeán ar YouTube a leabú
Lean na céimeanna seo a leanas chun an físeán a sheinm ar leathanach gréasáin:
⮚ Uaslódáil an físeán ar YouTube
⮚ Breac síos sonraí an fhíseáin
⮚ Sainigh eilimint <iframe> sa leathanach gréasáin
⮚ Déan tagairt do URL an fhíseáin sa tréith src
⮚ Úsáid na tréithe airde agus leithid chun toise an tseinnteora a shonrú
⮚ Cuir paraiméadair eile (más ann dóibh) leis an URL (féach thíos)
45 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Machnamh
Déan machnamh ar ar fhoghlaim tú faoi HTML a úsáid go dtí seo.
Breac síos do chuid smaointe thíos.
46 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtadh 6 – Caifé Samplach
Cruthaigh an leathanach gréasáin simplí seo a leanas do chaifé. Cuirfear gach comhad ar
fáil.
Obair gharbh
Úsáid an spás thíos don obair gharbh:
47 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Foirmeacha
(Ceacht ó http://www.htmlquick.com)
Úsáidtear foirmeacha HTML chun faisnéis a bhailiú, agus seoltar an fhaisnéis sin ar ais
chuig an bhfreastalaí ina dhiaidh sin. Le go n-oibreoidh sé i gceart, tá sé tábhachtach go
ndéantar an fhoirm in HTML a chur le chéile le cód éigin ar thaobh an fhreastalaí, ar a
dtugtar “gníomhaire próiseála” go hiondúil, a bheidh freagrach as an bhfaisnéis a ghlacadh
agus a phróiseáil de réir mar a thograíonn an t-údar. B’fhéidir go gcuimseofaí leis an
bpróiseáil sin, mar shampla, an fhaisnéis a fhaightear a shábháil nó í a sheoladh ar
ríomhphost.
Coimeádán le haghaidh rialtán atá i gceist le foirm go bunúsach. Meastar go mbailíonn gach
rialtán i bhfoirm an fhaisnéis a chuireann úsáideoirí isteach, ar bhealaí lena gcuimsítear línte
téacs, uaslódálacha comhad, roghanna, dátaí, pasfhocail, agus bealaí eile nach iad. Nuair a
bheidh sonraí curtha isteach san fhoirm ag úsáideoirí, is féidir leo an fhoirm a sheoladh ar
ais chuig an bhfreastalaí chun go mbeidh an gníomhaire próiseála in ann an fhaisnéis
bhailithe a riar.
Léirítear bunstruchtúr foirme sa chód seo a leanas, agus is léir na clibeanna oscailte agus
deiridh agus rialtáin eatarthu.
<form>
[rialtáin]
</form>
Níl aon léiriú ann, áfach, ar an gcaoi ná ar an áit a ndéanfar próiseáil ar an bhfoirm. Is féidir
faisnéis den sórt sin a chur ar fáil leis na tréithe amhail iad seo a leanas: action, rud a
léiríonn suíomh an ghníomhaire próiseála; method, lena gcinntear an modh a úsáidtear chun
sonraí ó fhoirm a phacáil sula seoltar na sonraí chuig an ngníomhaire próiseála; agus target,
rud a léiríonn an áit ina dtaispeánfar na torthaí próiseála. Ní phléifimid ach an tréith action
anseo, agus fágfaimid an anailís ar an dá thréith eile sa tagairt do form.
48 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Fógraíodh an form seo a leanas le URI gníomhaire próiseála sa tréith action. Is féidir an
gníomhaire a fheiceáil ag dul i mbun feidhme i bhfuinneog nua nuair a chuireann tú an
fhoirm isteach.
<form action="../form-result.php" target="_blank">
<input type=“submit" value=“Seol an fhoirm">
</form>
Rialtáin téacs
Le rialtáin ionchurtha téacs, is féidir sonraí téacs amhail ainmneacha, treoracha, frásaí,
teachtaireachtaí, pasfhocail, etc., a bhailiú. Féachfaimid sna rannáin seo a leanas ar an dá
rialtán téacs is bunúsaí agus is mó a úsáidtear.
Ionchur téacs aon líne
Ní féidir ach aon líne téacs amháin a chur isteach le hionchur téacs aon líne, agus tá sé ar
cheann den líon mór rialtán a fhógraítear leis an eilimint input. Sa chás sin, ba cheart don
eilimint input an luach “text” a chur i láthair sa tréith type.
Bíonn an rialtán le feiceáil gan ach é sin a dhéanamh, ach bíonn gá le name má tá sé i
gceist na sonraí a chuireann an t-úsáideoir isteach sa rialtán seo a bhailiú. Sainaithneofar le
luach na tréithe name, ar thaobh an fhreastalaí, ionchur an úsáideora sa rialtán. Tá cur i
bhfeidhm bunúsach d’ionchur téacs le feiceáil sa sampla seo a leanas. Ina theannta sin, tá
an rialtán agus a lipéad á gcur in alt againn, mar is féidir féachaint orthu sin mar aon aonad
amháin lena mbaineann smaoineamh a scarann an t-aonad sin ón gcuid eile.
<form action="../form-result.php" target="_blank">
<p>
Cuir isteach d’ainm iomlán: <input type="text" name="fullname">
<input type="submit" value="Seol sonraí">
</p>
</form>
Tar éis sonraí na foirme a chur isteach, tá sé le feiceáil go soiléir san fhaisnéis a léiríonn an
gníomhaire próiseála an chaoi a nglactar na sonraí ar thaobh an fhreastalaí. Tá sé le feiceáil
ann chomh maith go gceanglaítear an t-ainm a fhógraítear don rialtán leis na sonraí atá
curtha isteach ag an úsáideoir.
49 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Ionchur téacs il-líne
Tá an cineál seo rialtáin an-chosúil leis an ionchur téacs aon líne, ach amháin gur féidir
roinnt línte téacs a chur isteach. Mar bhosca a léirítear rialtán téacs il-líne go hiondúil, agus
bíonn an bosca ard go leor chun níos mó ná aon líne téacs amháin a léiriú ag an am. Bíonn
scrollbharra ann go minic le cur ar chumas úsáideoirí féachaint ar an téacs go léir atá curtha
isteach acu, go háirithe má bhíonn sé fada go leor chun dul thar theorainneacha an bhosca.
Cuirtear isteach ionchur téacs il-líne leis an eilimint text area. Ar an gcaoi chéanna leis an
tréith thuas, tugtar ainm ar an rialtán leis an tréith name, rud a chabhróidh leis na gníomhairí
próiseála na sonraí atá curtha isteach ag an úsáideoir a shainaithint.
Cuirimid feabhas sa sampla seo a leanas ar an form thuas chun gur féidir an dá chineál
teaghráin téacs (aon líne agus il-líne) a chur isteach. San fhreagra a thugtar, téann gach
rialtán in oiriúint don chineál sonraí atá le bailiú aige.
<form action="../form-result.php" target="_blank">
<p>Cuir isteach d’ainm iomlán: <input type="text" name="fullname"></p>
<p>
Fág teachtaireacht:<br>
<textarea name="message"></textarea>
</p>
<input type="submit" value=“Seol sonraí">
</form>
Rialtáin roghanna
Cuireann na rialtáin seo ar chumas úsáideoirí aon rogha amháin nó níos mó a roghnú ó
liosta luachanna réamhshainithe. Is féidir rialtáin roghanna a chur i láthair i stíleanna éagsúla
agus le modhanna éagsúla idirghníomhaíochta leis an úsáideoir, ag brath go príomha ar an
eilimint a úsáidtear. Is féidir liosta roghanna a fhógairt ar thrí bhealach: le ticbhoscaí, le
cnaipí raidió agus le liostaí.
Ticbhoscaí
Cineál rogha ar leith is ea ticbhosca ar féidir leis an úsáideoir tic a chur ann nó é a fhágáil
folamh. Cuireann sé sin ar chumas údar sonraí a bhailiú amhail sainroghanna, glacadh
téarmaí agus coinníollacha, catagóirí, nó aon cheist eile is féidir a fhreagairt le freagra
dearfach nó diúltach. Airí ar leith den rialtán seo is ea go mbíonn gach ticbhosca
50 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
neamhspleách ar gach ticbhosca eile sa form, fiú nuair is féidir an rialtán a fhógairt mar
chuid de ghrúpa téamach.
Léirítear ticbhoscaí leis an eilimint input nuair a bhíonn an luach “checkbox” leis sa tréith
type. Bíonn ról ag luach na tréithe name freisin, agus is é a aithníonn an rogha ar thaobh an
fhreastalaí. Sa sampla seo a leanas, fógraíodh roinnt ticbhoscaí mar chuid de ghrúpa
téamach roghanna. Ná déan dearmad nach mbaineann an ghrúpáil seo ach le téama agus
le suíomh, agus leo sin amháin; tá roghnú na dticbhoscaí neamhspleách i gcónaí.
<form action="../../form-result.php" target="_blank">
<p>
Roghnaigh na réimsí is spéis leat:<br>
<input type="checkbox" name="movies"> Scannáin<br>
<input type="checkbox" name="sports"> Spóirt<br>
<input type="checkbox" name="videogames"> Físchluichí
</p>
<p><input type="submit" value=“Seol sonraí"></p>
</form>
Tá cúpla rud le sonrú sa sampla thuas. An chéad rud ná nach bhfuil aon bhaint idir an
ticbhosca féin agus an téacs a chuireann síos air nó, ar bhealach eile, nach féidir an
ticbhosca a ghníomhachtú trí chliceáil ar an téacs a bhaineann leis. Is féidir é sin a réiteach
go héasca ach an téacs a thiontú ina label don rialtán, agus féachfaimid air sin níos faide ar
aghaidh sa cheacht seo.
An dara rud ná an chaoi a nglactar na sonraí ón ticbhosca ar thaobh an fhreastalaí. Má
chuireann tú an form isteach, feicfidh tú nach seoltar ach na ticbhoscaí roghnaithe chuig an
ngníomhaire próiseála. Braitheann a luach go mór ar an teanga a úsáidtear ar thaobh an
fhreastalaí, agus is beag tábhacht a bhaineann leis an luach sin toisc gur léiriú ar staid
ghníomhachtaithe an ticbhosca na sonraí a bheith ann, agus é sin amháin.
Cnaipí raidió
Bíonn ticbhoscaí neamhspleách agus is féidir iad a fhógairt leo féin, ach is roghanna atá i
gcnaipí raidió ar gá iad a ghrúpáil le go mbeidh ciall leo. Ní féidir ach aon rogha amháin a
roghnú ag an am. Ar an gcaoi sin, i measc rudaí eile, nuair a roghnaíonn tú rogha amháin,
díroghnaítear an rogha a bhí roghnaithe roimhe sin.
51 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Fógraítear cnaipe raidió leis an eilimint input freisin, ach bíonn an luach “radio” leis an tréith
type. Ní hionann é seo go díreach agus na ticbhoscaí, mar is gá go mbeadh luach na tréithe
name mar an gcéanna ag na roghanna go léir sa ghrúpa céanna. Ar bhealach eile, is é sin
an córas is gá a úsáid chun grúpa cnaipí raidió a chruthú.
Sa chás sin, áfach, cá bhfuil an luach a úsáidtear chun a chur in iúl don ghníomhaire
próiseála cé acu rogha sa ghrúpa atá roghnaithe? Tá freagra na ceiste sin le fáil sa tréith
value. Is é cuspóir na tréithe sin roghanna a shainaithint i ngrúpa, agus mar sin ba cheart go
mbeadh luach difriúil aici do gach aon rogha.
Sa sampla thíos, fógraíodh grúpa cnaipí raidió chun grúpa a chruthú nach féidir ach aon
rogha amháin a roghnú ann, rud a bhfuil an-chiall leis sa chomhthéacs seo. Chun na críche
sin, bíonn an name céanna ag gach cnaipe agus bíonn value difriúil acu go léir.
<form action="../../form-result.php" target="_blank">
<p>
Ioncam:<br>
<input type="radio" name="income" value="lowerthan1000"> Faoi bhun
€1,000.00<br>
<input type="radio" name="income" value="from1000to5000"> Idir
€1,000.00 agus €5,000.00<br>
<input type="radio" name="income" value="higherthan5000"> Os cionn
€5,000.00
</p>
<p><input type="submit" value=“Seol sonraí"></p>
</form>
Liostaí
Rialtán atá i liosta roghanna atá cosúil, ó thaobh oibriú de, leis an dá rialtán a léiríodh thuas,
agus braitheann sé ar thréith Boole multiple a bheith ann. Tagann athrú mór ar iompraíocht
liosta mar thoradh ar an tréith sin a fhágann gur féidir aon rogha amháin nó roinnt roghanna
a roghnú ag an am céanna.
Dhá eilimint atá i struchtúr liosta go príomha: select, a ghníomhaíonn mar an coimeádán do
na roghanna; agus option, a léiríonn ceann de na roghanna éagsúla is féidir a bheith sa
rialtán.
Nuair nach mbíonn ann don tréith multiple, bíonn rialtán liosta cosúil le grúpa cnaipí raidió
nach féidir ach aon rogha amháin a roghnú ann ag an am. Léirítear an iompraíocht sin sa
chéad sampla eile, a oireann go hiontach do chuspóir an réimse.
52 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
<p>
Inscne:
<select name="gender">
<option>Fear</option>
<option>Bean</option>
</select>
</p>
<p><input type="submit" value=“Seol sonraí"></p>
</form>
Sa sampla thuas, is léir gurb é inneachar an option roghnaithe a sheoltar chuig an
bhfreastalaí. Mar sin féin, is féidir le húdair an iompraíocht sin a athrú má mheasann siad go
bhfuil gá leis sin ach an tréith value a fhógairt don option. Nuair a bhíonn ann don tréith sin,
is é a luach siúd a sheoltar chuig an ngníomhaire próiseála seachas inneachar na heiliminte.
Sa chás sin, nuair a bhíonn an tréith multiple ann, feidhmíonn an liosta mar thacar ticbhoscaí
ar féidir roinnt díobh a roghnú ag an am céanna seachas aon cheann amháin. Sa
chumraíocht sin, is gá péire lúibíní cearnacha a chur i ndiaidh aon luach a roghnaíonn an t-
údar don tréith name. Mura gcomhlíontar an ceanglas sin, ní bhfaighidh na gníomhairí
próiseála ach an chéad rogha atá roghnaithe.
Tá liosta roghanna sa chéad sampla eile ar féidir iad a roghnú gan teorainn. Baintear úsáid
freisin as an tréith value sna roghanna chun luachanna fada nach bhfuil gá leo a sheachaint
sa phróiseáil sonraí ar thaobh an fhreastalaí.
<form action="../../form-result.php" target="_blank">
<p>
Roghnaigh catagóirí:<br>
<select multiple name="categories[]">
<option value="art">Ealaín agus siamsaíocht</option>
<option value="tv">Teilifís agus scannáin</option>
<option value="kids">Páistí agus déagóirí</option>
<option value="diy">Déan féin é</option>
</select>
</p>
<p><input type="submit" value=“Seol sonraí"></p>
</form>
Cnaipí
Cineál speisialta rialtáin is ea cnaipe arb é is aidhm leis idirghníomhú leis an úsáideoir ar
bhealach ar leith: cuirtear gníomh i gcrích gach uair a bhrúnn an t-úsáideoir an cnaipe. Is
ann do réimse leathan cnaipí, agus bíonn sainfheidhmeanna nó iompraíocht ar leith acu go
53 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
léir, ach ní fhéachfaimid anseo ach ar an dá chnaipe is mó a úsáidtear i bhfoirmeacha
bunúsacha.
Cnaipí curtha isteach
An gníomh réamhshainithe a bhaineann le cnaipe curtha isteach ná an form a chur isteach
nuair a bhrúitear é. Mura bhfuil ann do bhealaí eile chun an fhoirm a chur isteach, is gá don
chnaipe seo a bheith ann má tá sé i gceist go gcuirfidh na húsáideoirí an fhoirm isteach.
Cuirtear isteach cnaipe curtha isteach leis an eilimint input, agus bíonn an luach “submit” leis
an tréith type. Tá an tréith type tábhachtach sa rialtán seo, mar léirítear a luach mar lipéad
laistigh den chnaipe. Tá form ina bhfuil ionchur téacs agus cnaipe curtha isteach sa sampla
seo a leanas.
<form action="../../form-result.php" target="_blank">
<p>
Cuir an tuairisc in eagar:
<input type="text" name="desc">
<input type="submit" value=“Sábháil athruithe">
</p>
</form>
Cnaipí athshocraithe
Amhail cnaipí curtha isteach, tá gníomh réamhshainithe ag baint le cnaipí athshocraithe. Is é
atá sa ghníomh réamhshainithe sa chás seo, áfach, ná na réimsí foirme a athshocrú dá
luachanna tosaigh. I bhfocail eile, is ionann staid na réimsí i bhfoirm atá athshocraithe agus
a staid nuair a lódáiltear an leathanach den chéad uair. Leis an ngníomh seo, baintear gach
athrú a rinne an t-úsáideoir ar luachanna na rialtán.
Ba cheart a shonrú anseo gur féidir luach réamhshainithe a bheith ag na rialtáin go léir, is é
sin luach atá san fhoirm nuair a lódáiltear an leathanach. Is ar an rialtán a bhraitheann an
chaoi ar gá d’údair an luach réamhshocraithe sin a shonrú. Le fáil amach conas luach
réamhshocraithe a shonrú i gcineál rialtáin ar leith, seiceáil an tagairt don rialtán sa liosta
seo.
Beidh tú in ann feidhmiúlacht an chnaipe athshocraithe a thástáil leis an sampla seo a
leanas. Fógraíodh an form seo le hionchur téacs aon líne, roinnt cnaipí raidió agus
ticbhosca. Tá luach réamhshocraithe ag na rialtáin sin go léir a shonraítear leis na tréithe
value agus checked.
54 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
<form action="../../form-result.php" target="_blank">
<p>Seol teachtaireacht: <input type="text" name="message" value=“Táim
réidh!"></p>
<p>
<input type="radio" name="when" value=“inniu" checked> Inniu<br>
<input type="radio" name="when" value=“amárach"> Amárach
</p>
<p><input type="checkbox" name="copy" checked> Seol cóip chugam</p>
<p>
<input type="reset" value=“Athshocraigh an fhoirm">
<input type="submit" value=“Seol teachtaireacht">
</p>
</form>
Rialtáin lipéadaithe
Is féidir lipéad a chur ar bheagnach gach cineál rialtáin i form. Is fiú go mór rialtáin a lipéadú
chun feabhas a chur ar chúrsaí rochtana ar go leor bealaí. Leis an nasc seo idir téacs agus
rialtán, réiteofar an fhadhb a sonraíodh i gcuid de na samplaí thuas, go háirithe le cnaipí
raidió agus ticbhoscaí.
Is féidir lipéad a shannadh leis an eilimint label. An modh is éasca den dá mhodh reatha
chun label a shannadh do rialtán is ea an téacs agus an rialtán araon a fhógairt mar
inneachar na heiliminte label. Úsáidtear an modh sin chun roinnt lipéad a shannadh do
rialtáin sa sampla thíos. Is léir an chaoi a ndírítear ar an rialtán nuair a chliceáiltear ar a
lipéad.
<form action="../../form-result.php" target="_blank">
<p><label>Ainm: <input type="text" name="fullname"></label></p>
<p>
Inscne:
<label><input type="radio" name="gender" value=“male"> Fear</label>
<label><input type="radio" name="gender" value=“female"> Bean</label>
</p>
<p><label><input type="checkbox" name="newsletter"> Ba mhaith liom an
nuachtlitir a fháil</label></p>
<p><input type="submit" value=“Seol sonraí"></p>
</form>
Rialtáin ghrúpála
Uaireanta, i gcás foirm mhór, is féidir deighilt a úsáid chun feabhas a chur ar an eagrú agus
ar chomh héasca is atá sé an fhoirm a úsáid. Is é sin an fáth a gcuirtear an eilimint fieldset
55 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
ar fáil in HTML, agus is coimeádán do rialtáin atá ann. Leis an eilimint sin, is féidir le húdair
an fhoirm a roinnt ina codanna agus rialtáin a eagrú ar bhealach téamach.
Is féidir teideal a thabhairt ar fieldset freisin chun comhdhéanamh nó cuspóir an tacair rialtán
atá ann a shainaithint. Is féidir an teideal sin a chur ar fáil leis an eilimint legend, agus is gá í
sin a dhearbhú ar an gcéad mhac den fieldset. Sa sampla seo a leanas, léirítear foirm bheag
roinnte in dhá ghrúpa théamacha.
<form action="../../form-result.php" target="_blank">
<fieldset>
<legend>Sonraí pearsanta</legend>
<p><label>Ainm: <input type="text" name="fullname"></label></p>
<p><label>Seoladh: <input type="text" name="address"></label></p>
</fieldset>
<fieldset>
<legend>Sainroghanna</legend>
<p>
<label><input type="checkbox" name="arts"> Na hEalaíona</label><br>
<label><input type="checkbox" name="television"> Teilifís</label><br>
<label><input type="checkbox" name="videogames">
Físchluichí</label><br>
<label><input type="checkbox" name="sports"> Spóirt</label><br>
</p>
</fieldset>
<input type="submit" value=“Seol sonraí">
56 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtadh 7 – Foirmeacha
1. Féach ar chuid de na comhaid shamplacha a cuireadh ar fáil.
2. Cruthaigh foirm shimplí le haghaidh ceann de na leathanaigh ar shuíomh gréasáin an
Chaifé sa cheacht thuas.
3. Cuir isteach nasc nua (lena ndéantar nasc chuig an bhfoirm) sa roghchlár ag barr an
leathanaigh.
Obair gharbh
Úsáid an spás thíos don obair gharbh:
57 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtaí ar leithligh
Faighte ó
Cleachtadh A – Marcáil na nArrachtaí
Tús Eolais
Déanfaidh tú leathanach gréasáin atá trína chéile a athdhearadh chun leathanach níos
soiléire agus níos mó eolais a chur ar fáil do léitheoirí! Íoslódáil na comhaid go léir ón
bhfillteán atá curtha ar fáil.
1. Cuir teideal leis le h1
Déanaimis clibeanna h1 a chur timpeall na chéad líne den téacs ar an leathanach.
Ceannteideal, leibhéal 1 atá i gceist le h1, agus tá sé cosúil le teideal barrleibhéil.
Déan iarracht na clibeanna a chur isteach mar seo:
<h1>Ag teastáil: Bailitheoirí arrachtaí</h1>
Má oibríonn sé, ba cheart go mbeadh an teideal le feiceáil ar a líne féin ar an
leathanach gréasáin, mar bloc-eilimint is ea h1.
2. Cruthaigh alt
Ansin, úsáidimis an chlib <p> chun alt a chruthú. Bloc-eilimintí is ea iad ailt. Mar sin,
má dhéanaimid é seo i gceart, beidh an t-alt le feiceáil ar a líne féin, mar a déarfá,
agus beidh spás os a chionn agus faoina bhun.
Déan iarracht rud mar seo a dhéanamh:
58 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
<p>An bhfuil sé ionat arrachtaí gan dochar a lorg agus a ghabháil timpeall an bhaile?
An bhfuil tú réidh le slua mór de chréatúir ghleoite a bhailiú agus a oiliúint? Nuair a
thiocfaidh an t-am, an mbeidh an lá leat sa chomórtas chun an t-arracht is gleoite ar
fad a thógáil?</p>
3. Cuir an íomhá ar a líne féin
Anois, déanaimis iarracht an <img> – nó íomhá – a chur ar a líne féin. Is féidir
íomhánna a láimhseáil mar bhloc-eilimintí nó mar eilimintí inlíne, ag brath ar cibé acu
an ndéanann tú téacs inlíne a thimfhilleadh timpeall orthu nó nach ndéanann.
Tugaimis a spás féin don íomhá, le haon alt amháin os a chionn agus ceann eile
faoina bhun. Brúigh an eochair “Return” chun an chlib <img> a chur ar a líne féin mar
seo a leanas:
<img src="monster-1.png" width="25%" alt="Íomhá d’arracht gleoite">
Más mian leat pictiúr eile a úsáid, aimsigh ceann ar líne le hinneall cuardaigh amhail
Creative Commons, rud a aimseoidh íomhánna ar féidir iad a úsáid in aisce. Nuair a
bheidh URL, nó seoladh gréasáin, na híomhá nua agat, cuir an seoladh nua sin
isteach in ionad src – nó foinse – na híomhá bunaidh.
“Téacs malartach” atá i gceist leis an tréith alt anseo. Is é sin an téacs a thaispeánfar
sa chás ina mbeadh fadhb leis an íomhá nó leis an nasc chuici, agus is é sin an
téacs a léifear amach os ard do dhaoine a úsáideann léitheoirí scáileáin chun cabhrú
leo dul ar an ngréasán má bhíonn deacrachtaí acu leathanach a fheiceáil. Cuir téacs
alt le híomhánna i gcónaí chun cur le hinrochtaineacht an leathanaigh gréasáin!
4. Cruthaigh alt agus liosta ina dhiaidh
Cruthóimid liosta sa chéad chéim eile. Cruthóimid an liosta leis na staitisticí a
roinntear ar an leathanach gréasáin. Chun liosta a chruthú in HTML, is féidir úsáid a
bhaint as clib ordliosta – <ol> – le míreanna sa liosta – nó <li> – a léireofar mar
uimhreacha. Is féidir úsáid a bhaint as clib liosta le hurchair – <ul> – freisin chun
liosta a chruthú le hurchair seachas le huimhreacha. Is bloc-eilimint dá chuid féin é
gach liosta agus gach mír ar an liosta.
59 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Déan iarracht alt nua agus liosta ina dhiaidh a chruthú mar seo a leanas:
<p>Imir Bailitheoir Arrachtaí: Fíorghleoite inniu! Ina measc tá:/p>
● <ul>
● <li>345 arracht atá thar a bheith gleoite</li>
● <li>722 spás le haghaidh cumais & trealaimh</li>
● <li>921 scil is féidir a fhoghlaim</li>
● <li>12 leibhéal deacrachta</li>
● <li>Líon mór láithreacha fíorúla bailithe agus catha ar fud na
cruinne</li>
● </ul>
5. Cruthaigh alt deiridh agus seiceáil an nasc
Ar deireadh, cuir an chuid eile den téacs ina alt deiridh féin. Is féidir an téacs a
scaradh i roinnt alt freisin má theastaíonn uait an fhaisnéis a scaradh a thuilleadh.
Déan iarracht rud mar seo a dhéanamh:
<p>Tá fáil ar an uile rud ar d’fhón cliste, uaireadóir, táibléad nó spéaclaí 3T! Le fáil
gach áit a ndíoltar Bailitheoir Arrachtaí: Deireadh Ré. Neamh-chomhoiriúnach le
Bailitheoir Arrachtaí: Eagrán Taistil. Tá Bailitheoir Arrachtaí: Paca Tosaigh 3 ag
teastáil le himirt. Féach ar <a href="https://creaturecollector.netorgcom">
creaturecollector.netorgcom</a> chun teacht ar ábhar eisiach is féidir a íoslódáil.</p>
Caith súil ar an <a> – is clib do nasc atá ann. Naisc inlíne atá i gceist – fanann siad
laistigh den líne téacs ina bhfuil an nasc. Is féidir an href – nó tagairt hipirtéacs – don
nasc a athrú chuig ceann de na suíomhanna gréasáin is fearr leat chun é a roinnt leis
na foghlaimeoirí eile.
6. Cuir stíleanna leis le clibeanna inlíne
Téigh siar trí na hailt agus cuir stíleanna áirithe leo trí úsáid a bhaint as na clibeanna
do chló trom, cló iodálach agus folíne. Déan iarracht úsáid a bhaint as gach clib uair
60 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
amháin ar a laghad chun béim a chur ar na codanna den leathanach is mian leat a
aibhsiú.
● Cuir <strong></strong> timpeall ar fhocail is mian leat a léiriú i gcló trom.
● Cuir <em></em> timpeall ar fhocail is mian leat a léiriú i gcló iodálach.
● Cuir <u></u> timpeall ar fhocail ar mian leat líne a chur fúthu.
Comhghairdeas leat as an leathanach gréasáin trína chéile seo a athdhearadh chun
leathanach níos soiléire agus ina bhfuil níos mó eolais a chur ar fáil do léitheoirí!
Féach ar an gcaoi ar bhain tú úsáid as bloc-eilimintí chun faisnéis a roinnt ina
smutáin agus ar an gcaoi ar bhain tú úsáid as eilimintí inlíne chun naisc a chur
isteach agus chun béim a chur ar fhaisnéis thábhachtach. Ná déan dearmad ar na
clibeanna sin ná ar a bhfeidhmeanna agus tú ag obair ar do leathanaigh ghréasáin
féin!
Cleachtadh B – Marcáil ar litir fhoirmiúil
Is é atá le déanamh sa tionscadal seo marcáil a dhéanamh ar litir atá le hóstáil ar inlíon
ollscoile. Freagra atá sa litir ó chomhalta taighde do mhac léinn ionchais PhD maidir lena
iarratas chun dul ag obair san ollscoil
● Dhá chomhad atá de dhíth chun tosú amach – an CSS a bheidh le cur isteach sa
HTML agus téacs na litreach féin.
● Cruthaigh comhad nua .html san eagarthóir téacs chun do chuid oibre a dhéanamh
● Ní gá go mbeadh aon eolas agat ar CSS chun an measúnú seo a dhéanamh; ní gá
duit ach an comhad CSS atá curtha ar fáil a chur in eilimint HTML.
● Úsáid bailíochtóir HTML W3C chun do chód HTML a bhailíochtú –
https://validator.w3.org/
Séimeantaic struchtúrach / bloc-séimeantaic:
● Ba cheart struchtúr cuí a chur ar an doiciméad foriomlán lena n-áirítear eilimintí
doctype agus <html>, <head> agus <body>.
61 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
● Go ginearálta, ba cheart an litir a mharcáil le struchtúr alt agus ceannteideal, ach
amháin i gcás na bpointí anseo thíos. Tá ceannteideal amháin ann (an líne “Re:”)
mar aon le trí cheannteideal dara leibhéal.
● Ba cheart dátaí tosaithe an tseimeastair, ábhair staidéir agus rincí galánta a mharcáil
le cineál liosta cuí.
● Is féidir an dá sheoladh a chur laistigh d’ailt. Níl an eilimint <address> oiriúnach dóibh
— cén fáth nach bhfuil? Ina theannta sin, ba cheart gach líne de na seoltaí a chur ar
líne nua, ach níor cheart iad a chur in alt nua.
Séimeantaic inlíne:
● Ba cheart ainmneacha an tseoltóra agus an fhaighteora (agus “Tel” agus “Email”) a
mharcáil mar an-tábhachtach.
● Ba cheart eilimintí cuí ina mbeidh dátaí inléite ag meaisín a thabhairt do na ceithre
dháta sa doiciméad.
● Ba cheart luach tréithe aicme "sender-column” a thabhairt don chéad seoladh agus
don chéad dáta sa litir. Nuair a chuirfidh tú an CSS leis níos déanaí, déanfar na
míreanna sin a ailíniú ar dheis, faoi mar a dhéantar i ngnáthleagan amach litreach.
● Ba cheart na cúig acrainm/ghiorrúchán i bpríomhchorp na litreach a mharcáil sa
chaoi is go dtabharfar míniú ar gach acrainm/giorrúchán.
● Ba cheart na sé fhoscript/fhorscript a mharcáil go cuí — sna foirmlí ceimiceacha,
agus na huimhreacha 103 agus 104 (10 i gcumhacht 3 agus 4, faoi seach, is ceart a
bheith ann).
● Déan iarracht dhá fhocal chuí ar a laghad sa téacs a mharcáil/aibhsiú mar an-
tábhachtach.
● Is ceart hipearnasc a chur isteach in dhá áit; cuir isteach naisc chuí mar aon le teidil.
Maidir leis an suíomh a bhaineann leis na naisc, bain úsáid as http://example.com.
● Ba cheart manna agus lua na hollscoile a mharcáil leis na heilimintí cuí.
Ceannteideal an doiciméid:
● Ba cheart tacar carachtar an doiciméid a shainiú mar utf-8 le meitichlib chuí.
62 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
● Ba cheart údar na litreach a shainiú i meitichlib chuí.
● Ba cheart an comhad CSS atá curtha ar fáil a áireamh laistigh de chlib chuí.
63 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtadh II – Marcáil ar litir fhoirmiúil
64 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtadh C
Don chleachtadh seo, is é atá le déanamh agat eilimintí struchtúracha a chur le hábhar an
leathanaigh baile de shuíomh gréasáin éanbhreathnaithe chun gur féidir leagan amach
leathanaigh a chur i bhfeidhm air. Ní mór na nithe seo a leanas a chur ann:
● Ceanntásc ó thaobh amháin go dtí an taobh eile den suíomh gréasáin ar a mbeidh
príomhtheideal an leathanaigh, lógó an tsuímh, agus an roghchlár nascleanúna.
Beidh an teideal agus an lógó le feiceáil taobh le taobh nuair a bheidh an dearadh
curtha i bhfeidhm, agus beidh an nascleanúint le feiceáil thíos fúthu.
● Príomhréimse ábhair ina mbeidh dhá cholún – príomhbhloc ina mbeidh an téacs
fáiltithe, agus taobh-bharra ina mbeidh mionsamhlacha.
● Buntásc ina mbeidh faisnéis ar chóipcheart agus ar chreidiúintí.
Beidh ort rapar cuí a chur isteach dóibh seo a leanas:
● An ceanntásc
● An roghchlár nascleanúna
● An príomhábhar
● An téacs fáiltithe
● An taobh-bharra d’íomhánna
● An buntásc
Ina theannta sin:
Ba cheart duit an comhad CSS atá curtha ar fáil a chur i bhfeidhm trí eilimint <link> eile a
chur isteach díreach thíos faoin eilimint a cuireadh ar fáil ag an tús.
Noda agus leideanna
● Ní gá go mbeadh aon eolas agat ar CSS chun an measúnú seo a dhéanamh; ní gá
duit ach an comhad CSS atá curtha ar fáil a chur in eilimint HTML.
● Dearadh an comhad CSS sa chaoi is go léireofar i gcló glas ar an leathanach
críochnaithe na heilimintí struchtúracha cearta nuair a chuirfear leis an marcáil iad.
65 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
● Má bhíonn fadhbanna agat agus mura dtuigeann tú cé na heilimintí is ceart a chur
sna háiteanna éagsúla, cabhraíonn sé go minic léaráid shimplí a tharraingt de leagan
amach an leathanaigh i mbloic, agus na heilimintí is ceart a chur timpeall ar gach
bloc a bhreacadh síos ar an léaráid sin.
Sampla
Léirítear sa ghabháil scáileáin thíos an chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an leathanach baile
tar éis na marcála.
Tabhair faoi deara
Tugadh isteach eilimintí struchtúracha nua in HTML5, lena n-áirítear na heilimintí
<header>, <nav>, <article>, <section>, <aside>, agus <footer>.
66 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Tá sé i gceist leis na heilimintí nua sin go léir brí a thabhairt d’eagrú ár leathanach agus
feabhas a chur ar ár séimeantaic struchtúracha. Is eilimintí blocleibhéil iad go léir, agus níl
aon suíomh ná stíl ar leith intuigthe leo. Ina theannta sin, is féidir na heilimintí sin go léir a
úsáid níos mó ná aon uair amháin ar an leathanach, chomh fada is a léirítear an bhrí
shéimeantach cheart le gach úsáid.
Bloceilimintí vs eilimintí inlíne
Eilimintí blocleibhéil nó ar leibhéal inlíne atá i gceist le formhór na n-eilimintí. Céard é an
difríocht?
Tosaíonn eilimintí blocleibhéil ar líne nua, déantar iad a chruachadh ar a chéile, agus
glacann siad an leithead ar fad atá ar fáil.
Is féidir eilimintí blocleibhéil a neadú ina chéile, agus is féidir iad a chur timpeall ar eilimintí
ar leibhéal inlíne. Is minice a fheicfimid eilimintí blocleibhéil in úsáid i gcás ábhar níos mó,
amhail ailt.
67 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Ní thosaíonn eilimintí inlíne ar líne nua. Leanann siad leagan amach an doiciméid, cuirtear
iad i líne ceann i ndiaidh a chéile, agus ní ghlacann siad ach leithead an ábhair lena
mbaineann siad. Is féidir eilimintí inlíne a neadú ina chéile; mar sin féin, ní féidir iad a chur
timpeall ar eilimintí blocleibhéil. Is minice a fheicfimid eilimintí inlíne in úsáid i gcás ábhar
níos lú, amhail líon beag focal.
Gluais HTML
HTML: Teanga Mharcála Hipirtéacs, teanga an ghréasáin, creatlach leathanaigh gréasáin.
Eilimint: cuid de leathanach gréasáin, mar shampla alt nó íomhá.
Clib: lipéad HTML lena sainaithnítear eilimint ar leathanach gréasáin, mar shampla
sainaithnítear alt le <p>.
Clib thosaigh: an chlib lena dtosaítear cuid de leathanach gréasáin, mar shampla <p>
roimh alt.
Clib dheiridh: an chlib ina mbíonn slais lena gcríochnaítear cuid de leathanach gréasáin,
mar shampla </p> ag deireadh ailt.
Tréith: saintréith eiliminte ar leathanach gréasáin, mar shampla background-color nó color.
Luach: luach tréithe, mar shampla “red” i gcás “color” nó “12px” i gcás “font-size”.
68 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Acmhainní HTML
Glitch
www.Glitch.com
CodePen
https://codepen.io
W3 Schools - HTML
https://www.w3schools.com/html
Mozilla Development - HTML
https://developer.mozilla.org/en-US/docs/Learn/HTML/Introduction_to_HTML
HTML Cheat Sheet - A Simple Guide to HTML
http://www.simplehtmlguide.com/cheatsheet.php
Beginner's Guide To HTML
https://www.beginnersguidetohtml.com
HTML Crash Course For Absolute Beginners - YouTube
https://www.youtube.com/watch?v=UB1O30fR-EE
Get HTML Color Codes
https://htmlcolorcodes.com
HTML Tags Ordered Alphabetically
https://www.w3schools.com/tags
HTML CheatSheet
https://htmlcheatsheet.com/
HTML Templates
https://html5-templates.com/
HTML Quick Tutorials
http://www.htmlquick.com
Cleachtaí faighte ó W3 Schools, Mozilla Development & HTML Quick.
69 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Rannán 2
Stílbhileoga Cascáideacha
70 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Clár Ábhar
Tús Eolais ar CSS 68
● Céard is CSS ann? ● Stair ● Cúlra ● CSS - sampla I ● Cleachtadh machnaimh
Struchtúr CSS 72
● Struchtúr ● Cén chaoi a dtéann CSS i bhfeidhm ar HTML? ● Cén chaoi a n-oibríonn CSS? ● An chaoi le CSS a chur i bhfeidhm ar HTML ● CSS - sampla II ● Comhréir CSS ● Dearbhuithe CSS ● Níos faide ná an chomhréir: CSS a dhéanamh inléite ● Cleachtadh machnaimh
Roghnóirí 82
● Tús Eolais ar roghnóirí ● Cineálacha éagsúla roghnóirí ● Roghnóirí simplí ● Súda-aicmí agus súdai-eilimintí
Aonaid CSS 86
● Aonaid CSS ● Cleachtadh machnaimh
Cascáid 89
An tsamhail bosca 90
● An tsamhail bosca
Stíl a chur ar théacs 92
● Airíonna clófhoirne – stíl, clómheáchan ● Airíonna téacs – color, text-align, vertical-align ● Leagan amach téacs – ailíniú agus airde líne ● Cleachtadh machnaimh
71 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Stíl a chur ar bhoscaí 98
● Imlíne CSS ● Forbhreathnú ar stíl a chur ar bhoscaí ● Dath imlíne ● Leithead imlíne ● Imlíne – airí gearrscríofa ● Seach-chur imlíne
Leagan amach CSS 103
● Forbhreathnú ar leagan amach CSS ● Gnáthshreabhadh ● Airí taispeána ● Flexbox ● Leagan amach greille
Dearadh freagrúil gréasáin 108
● Réamhrá ● An t-eispéireas is fearr do gach aon úsáideoir
Cleachtaí ar leithligh 110
● Samhail bosca ● Cárta gnó ● Leathanach baile scoile a chlóchur ● Páipéar ceannteidil galánta a chruthú ● Bosca galánta ● Leagan amach leathanaigh gréasáin
Gluais CSS 124
Acmhainní CSS 125
72 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Tús Eolais ar CSS
Céard is CSS ann?
Teanga atá in CSS (Stílbhileoga Cascáideacha) ina ndéantar cur síos ar stíl doiciméid
HTML. Tugtar cur síos in CSS ar an gcaoi ar cheart eilimintí HTML a léiriú.
● Seasann CSS do Stílbhileoga Cascáideacha.
● Tugtar cur síos in CSS ar an gcaoi ar cheart eilimintí HTML a léiriú ar an scáileán, ar
pháipéar nó ar mheáin eile.
● Is féidir go leor oibre a sheachaint le CSS. Is féidir leagan amach go leor leathanaigh
gréasáin a rialú leis ag an am céanna.
● Stóráiltear stílbhileoga seachtracha i gcomhaid CSS.
Stair
Forbraíodh CSS den chéad uair in 1997 le cur ar chumas forbróirí gréasáin cuma na
leathanach gréasáin a bhí á gcruthú acu a shainiú. An aidhm a bhí leis ná cur ar chumas
gairmithe gréasáin an t-ábhar agus an struchtúr de chód suímh gréasáin a scaradh ón
dearadh físiúil, rud nárbh fhéidir a dhéanamh go dtí sin.
Mar thoradh ar an struchtúr agus an stíl a scaradh óna chéile, is fearr atá HTML in ann a
bhunfheidhm a chomhlíonadh, is é sin ábhar a mharcáil, gan dul i ngleic le dearadh ná
leagan amach an leathanaigh féin, ar a dtugtar “cuma agus éirim” an leathanaigh go minic.
73 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Ní raibh mórán éilimh ar CSS go dtí thart ar an mbliain 2000 nuair a thosaigh brabhsálaithe
gréasáin ar úsáid a bhaint as níos mó ná gnéithe bunúsacha clófhoirne agus datha den
teanga mharcála seo. Faoi mar a thagann éabhlóid ar CSS agus faoi mar a thugtar stíleanna
nua isteach, tá brabhsálaithe gréasáin tosaithe ar mhodúil a chur i bhfeidhm lena dtugtar
isteach tacaíocht do CSS sna brabhsálaithe sin agus lena dtugtar uirlisí cumhachtacha nua
ó thaobh stíleanna de do dhearthóirí gréasáin.
Scéimléaráid ar éabhlóid CSS ó leagan 1 go leagan 3
https://goo.gl/2cwT1I
Cúlra
NÍ RAIBH sé i gceist riamh go n-úsáidfí clibeanna in HTML chun leathanach gréasáin a
fhormáidiú. Cruthaíodh HTML chun cur síos a dhéanamh ar ábhar leathanaigh gréasáin,
mar shampla:
<h1>Is ceannteideal é seo</h1>
<p>Is alt é seo.</p>
74 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cruthaíodh fadhbanna móra d’fhorbróirí gréasáin nuair a cuireadh clibeanna amhail <font>
agus tréithe datha le sonraíocht HTML 3.2. Próiseas fada costasach a bhí i gceist le
láithreáin ghréasáin mhóra a fhorbairt inar cuireadh faisnéis maidir le clófhoirne agus
dathanna le gach aon leathanach.
Chruthaigh Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C) CSS chun an fhadhb sin a
réiteach. Le CSS, baineadh an formáidiú stíle ón leathanach HTML.
I gcomhaid sheachtracha .css a shábháiltear na sainmhínithe stíle go hiondúil. Le comhad
stílbhileoga seachtrach, is féidir cuma suímh gréasáin a athrú ó bhonn gan ach aon
chomhad amháin a athrú.
Sampla de CSS
Acmhainn forbartha de chuid an Ghréasáin Dhomhanda is ea CSS Zen Garden ar
cruthaíodh é le léiriú céard is féidir a bhaint amach ó thaobh físe de le dearadh bunaithe ar
CSS. Cuireann dearthóirí ar fud an domhain stílbhileoga ar fáil, agus úsáidtear iad sin chun
an chuma atá ar chomhad HTML aonair a athrú, trína gcruthaítear na céadta dearaí
éagsúla.
Féach ar na comhaid shamplacha atá curtha ar fáil ón CSS Zen Garden – comhad HTML
agus CSS. Féach ar shuíomh gréasáin an CSS Zen Garden chun féachaint ar dhearaí
éagsúla. Lódálfar an stílbhileog ar an leathanach seo ach cliceáil ar cheann de na dearaí
sin. Fanann an HTML mar a bhí, ní athraítear ach an comhad seachtrach CSS. Léiriú ar
céard is féidir a bhaint amach le dearadh bunaithe ar CSS.
http://www.csszengarden.com/
75 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Machnamh
Déan machnamh ar ar fhoghlaim tú faoi CSS go dtí seo.
Scríobh cúig rud faoi CSS sa spás thíos.
1
2
3
4
5
76 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Struchtúr CSS
Struchtúr
Teanga is ea CSS agus úsáidtear é leis an gcaoi a gcuirtear doiciméid i láthair úsáideoirí a
shonrú – ó thaobh stíleanna, leagan amach, etc.
Comhad téacs atá i gceist le doiciméad go hiondúil, agus é struchtúraithe le teanga
mharcála – is é HTML an teanga mharcála is coitianta, ach feicfidh tú teangacha marcála
eile freisin amhail SVG nó XML.
Is é atá i gceist le doiciméad a chur i láthair úsáideora ná an doiciméad a thiontú go foirm ar
féidir leis an lucht léite é a úsáid. Is é is aidhm le brabhsálaithe amhail
Firefox, Chrome nó Internet Explorer doiciméid a chur i láthair ar bhealach físiúil, mar
shampla ar scáileán ríomhaire, ar theilgeoir nó ar phrintéir.
Cén chaoi a dtéann CSS i bhfeidhm ar HTML?
Cuireann brabhsálaithe gréasáin rialacha CSS i bhfeidhm ar dhoiciméad leis an gcaoi a
léirítear an doiciméad a rialú. Cruthaítear riail CSS uathu seo a leanas:
● Tacar airíonna lena mbaineann luachanna atá socraithe le nuashonrú a dhéanamh
ar an gcaoi a léirítear ábhar HTML, mar shampla is ionann leithead na heiliminte
agus 50% dá máthaireilimint agus beidh dath dearg ar an gcúlra.
● Roghnóir, lena roghnaítear an eilimint nó na heilimintí ar ar mian leat na luachanna
airíonna nuashonraithe a chur i bhfeidhm. Mar shampla, riail CSS a chur i bhfeidhm
ar na hailt go léir i ndoiciméad HTML.
Is é tacar rialacha CSS laistigh de stílbhileog a rialaíonn an chuma a bhíonn ar leathanach
gréasáin.
77 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
CSS - sampla II
Oscail an dá chomhad don chleachtadh seo san fhillteán dar theideal Struchtúr. Tosaíonn an
chéad riail le roghnóir h1, rud a chiallaíonn go rachaidh a luachanna airíonna i bhfeidhm ar
an eilimint <h1>. Tá trí airí agus a luachanna ann.
1. Cuirtear dath gorm ar an téacs leis an gcéad cheann.
2. Cuirtear dath buí ar an gcúlra leis an dara ceann.
3. Leis an tríú ceann, cuirtear imlíne timpeall ar an gceanntásc atá 1 phicteilín amháin
ar leithead, ar líne iomlán í (seachas poncanna nó daiseanna, etc.), agus a bhfuil
dath dubh uirthi.
Tosaíonn an chéad riail le roghnóir p, rud a chiallaíonn go rachaidh a luachanna airíonna i
bhfeidhm ar an eilimint <p>. Tá aon dearbhú amháin ann lena gcuirtear dath dearg ar an
téacs.
Bheadh an toradh seo a leanas ar an gcód thuas i mbrabhsálaí gréasáin:
Cén chaoi a n-oibríonn CSS?
Nuair a léirítear doiciméad i mbrabhsálaí, ní mór don bhrabhsálaí ábhar an doiciméid a
cheangal lena fhaisnéis stíle. Déanann sé an doiciméad a phróiseáil in dhá chéim:
78 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
1. Tiontaíonn an brabhsálaí HTML agus CSS ina DOM (Samhaltán Oibiachta
Doiciméid). Is ionann DOM agus an doiciméad i gcuimhne an ríomhaire. Déanann sé
ábhar an doiciméid a cheangal lena stíl.
2. Léirítear inneachar an DOM sa bhrabhsálaí.
An chaoi le CSS a chur i bhfeidhm ar HTML
Feicfidh tú go minic trí bhealach éagsúla le CSS a chur i bhfeidhm ar dhoiciméad HTML,
agus bíonn cuid acu níos úsáidí ná a chéile. Is ann do thrí bhealach chun stílbhileog a chur
isteach:
● Stílbhileog sheachtrach
● Stílbhileog inmheánach
● Stílbhileog inlíne
Stílbhileog sheachtrach
Chonaic tú stílbhileoga seachtracha roimhe seo, ach níor thuig tú gurbh in an t-ainm a bhí
orthu. Is ionann stílbhileog sheachtrach agus an CSS scríofa i gcomhad seachtrach lena
mbaineann iarmhír .css, agus déanann tú tagairt dó ó eilimint <link> HTML. Bíonn cuma mar
seo a leanas ar an gcomhad HTML:
79 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Agus seo an chuma a bhíonn ar chomhad CSS:
D’fhéadfaí a rá gurb é seo an modh is fearr, mar gur féidir úsáid a bhaint as aon stílbhileog
amháin le dul i bhfeidhm ar go leor doiciméid éagsúla.
Stílbhileog inmheánach
Ní úsáidtear comhad seachtrach CSS i gcás stílbhileog inmheánach. Ina áit sin, cuirtear an
CSS laistigh d’eilimint <style> atá sa cheanntásc HTML. Seo a leanas an chuma a bheadh
ar an HTML, mar sin:
80 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Bíonn sé sin úsáideach i gcúinsí áirithe (b’fhéidir go bhfuil tú ag obair le córas bainistíochta
inneachair agus nach féidir leat na comhaid CSS a athrú go díreach, ach níl sé baileach
chomh héifeachtúil céanna le stílbhileoga seachtracha – i suíomh gréasáin, níor mhór an
CSS a lua i ngach aon leathanach.
Stíleanna inlíne
Dearbhuithe CSS is ea iad stíleanna inlíne nach dtéann i bhfeidhm ach ar aon eilimint
amháin. Bíonn siad le fáil laistigh d’eilimint stíle:
81 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Ní bheadh ort úsáid a bhaint as stíleanna inlíne ach amháin sa chás ina mbeifeá ag obair i
dtimpeallacht oibre thar a bheith sriantach (b’fhéidir nach ligeann an CMS duit an corp HTML
a chur in eagar).
Comhréir CSS
Dhá bhloc tógála atá i gceist le CSS ar an leibhéal is bunúsaí:
Airíonna: Aitheantóirí atá inléite ag daoine lena léirítear na gnéithe stíle (e.g.
clófhoireann, leithead, dath cúlra) is mian leat a athrú.
Luachanna: Tugtar luach do gach airí sainithe, rud a léiríonn conas is mian leat na
gnéithe stíle sin a athrú (e.g. clófhoireann, leithead nó dath cúlra).
Dearbhú CSS a thugtar ar airí atá nasctha le luach. Cuirtear dearbhuithe CSS laistigh de
Bhloic Dearbhuithe CSS. Cuirtear bloic dearbhuithe CSS in éineacht le roghnóirí chun Tacair
Rialacha CSS nó Rialacha CSS a chruthú.
Agus seo an chuma a bhíonn ar chomhad CSS:
82 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Dearbhuithe CSS
Bunfheidhm na teanga CSS is ea airíonna CSS a shainiú ar luachanna sonracha. Oibríonn
an t-inneall CSS amach cé na dearbhuithe a théann i bhfeidhm ar gach aon eilimint ar
leathanach chun é a leagan amach i gceart agus an stíl chuí a chur i bhfeidhm air. Cuirtear
idirstad (:) idir an t-airí agus an luach i ngach péire. Is ann do níos mó ná 300 airí difriúil in
CSS, mar aon leis an iliomad luachanna éagsúla.
83 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Bloic dearbhuithe CSS
Déantar dearbhuithe a ghrúpáil i mbloic, agus bíonn lúibín slabhrach tosaigh { agus lúibín
slabhrach deiridh } timpeall ar gach tacar dearbhuithe.
Is gá leathstad (;) a chur idir gach dearbhú i mbloc dearbhuithe nó ní oibreoidh an cód i
gceart (nó beidh torthaí aisteacha leis). Ní gá leathstad a chur tar éis an dearbhaithe deiridh
de bhloc, ach meastar go minic gur dea-chomhartha stíle atá ann.
Roghnóirí agus rialacha CSS
Tá rud amháin in easnamh i gcónaí – ní mór dúinn a insint dár mbloic dearbhuithe cé na
heilimintí ar a rachaidh siad i bhfeidhm. Déantar é sin trí roghnóir a chur roimh gach bloc
dearbhuithe – patrún a thagann le chéile le roinnt eilimintí ar an leathanach. Ní chuirfear na
84 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
dearbhuithe lena mbaineann ach leis na heilimintí sin, agus leo sin amháin. Tugtar tacar
rialacha nó riail ar an roghnóir móide an bloc dearbhuithe.
85 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Níos faide ná an chomhréir: CSS a dhéanamh inléite
Is fiú eolas a chur ar roinnt leideanna a chabhróidh leat do chód CSS a dhéanamh níos
éasca le húsáid agus le cothabháil.
Spás bán
Ciallaíonn spás bán spásanna iarbhír, táib agus línte nua. Is féidir spás bán a chur le
stílbhileoga le go mbeidh sé níos éasca iad a léamh. Ar an gcaoi chéanna le HTML, is minic
a dhéanann an brabhsálaí neamhaird de chuid mhór den spás bán sa CSS; is ann do chuid
mhaith den spás bán chun cur leis an inléiteacht.
Tuairimí
Amhail HTML, moltar duit nótaí tráchta a chur sa chód CSS chun cabhrú leatsa a thuiscint
conas a fheidhmíonn an cód nuair a fhilleann tú air tar éis roinnt míonna agus chun cabhrú
le daoine eile é a thuiscint. Bíonn nótaí tráchta úsáideach freisin chun nóta tráchta a
dhéanamh de chodanna áirithe den chód chun críche tástála, mar shampla más mian leat
fáil amach cén chuid den chód is cúis le hearráid. Le /* a thosaíonn nótaí tráchta in CSS
agus le */ a chríochnaíonn siad.
86 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Machnamh
Déan machnamh ar ar fhoghlaim tú faoin gcaoi a n-oibríonn CSS.
Úsáid an spás thíos
87 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Tús Eolais ar roghnóirí
Díreach mar achoimre, is cuid de riail iad roghnóirí agus bíonn siad le fáil díreach roimh
bhloic dearbhuithe CSS.
Cineálacha éagsúla roghnóirí
Is féidir roghnóirí a roinnt sna catagóirí seo a leanas:
● Roghnóirí simplí: Meaitseálann siad aon eilimint amháin nó níos mó bunaithe ar
chineál, aicme nó id na heiliminte.
● Roghnóirí tréithe: Meaitseálann siad eilimint amháin nó níos mó bunaithe ar a
dtréithe/luachanna tréithe.
● Súda-aicmí: Meaitseálann siad eilimint amháin nó níos mó a bhíonn ann i staideanna
áirithe, amhail eilimint ar a bhfuil an pointeoir luiche, nó ticbhosca atá díchumasaithe
nó a bhfuil tic ann, nó eilimint atá ar an gcéad mhac dá mháthair sa chrann DOM.
● Súdai-eilimintí: Meaitseálann siad cuid amháin nó níos mó den inneachar atá i
suíomh ar leith i gcomparáid leis an eilimint, mar shampla an chéad fhocal de gach
alt, nó inneachar a ghintear agus a bhíonn le feiceáil díreach roimh eilimint.
● Teaglamóirí: Ní roghnóirí astu féin iad go díreach, ach is bealaí iad chun dhá
roghnóir nó níos mó a chur le chéile ar bhealaí úsáideacha ar mhaithe le roghnuithe
88 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
an-sainiúil. Mar shampla, d’fhéadfá ailt ar sliocht díreach iad de rannóga (div) nó ailt
a thagann díreach tar éis ceannteideal, agus na hailt sin amháin, a roghnú.
● Roghnóirí iolracha: Arís eile, ní roghnóirí astu féin iad seo. An aidhm atá ann ná gur
féidir roghnóirí iolracha a chur leis an riail CSS chéanna, agus camóga eatarthu,
chun tacar aonair dearbhuithe a chur i bhfeidhm ar na heilimintí go léir atá roghnaithe
ag na roghnóirí sin.
Roghnóirí simplí
Roghnóirí cineáil / roghnóirí eiliminte
Níl sa roghnóir seo ach meaitseáil nach bhfuil íogair ar chás idir ainm an roghnóra agus
ainm eiliminte HTML áirithe. Tá sé seo ar an mbealach is simplí chun díriú ar gach eilimint
de chineál airithe. Féachaimis ar shampla:
Féach ar an sampla thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
Roghnóirí aicme
Ponc, '.', agus ainm aicme ina dhiaidh atá sa roghnóir aicme. Is é atá in ainm aicme luach ar
bith, gan spásanna, a chuirtear laistigh de thréith class HTML. Fút féin atá sé ainm don
aicme a roghnú. Is fiú a lua freisin gur féidir an luach aicme céanna a bheith ag roinnt
eilimintí éagsúla i ndoiciméad, agus is féidir roinnt ainmneacha aicme éagsúla agus spás
bán eatarthu a bheith ag aon eilimint amháin.
Féach ar an sampla thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
Roghnóirí ID
Comhartha haise (#), agus ainm ID eiliminte ar leith ina dhiaidh, atá sa roghnóir ID. Is féidir
tacar ainm ID uathúil a bheith ag aon eilimint ar leith leis an tréith id. Fút féin atá sé ainm ID
a roghnú. Tá sé ar an mbealach is éifeachtúla chun aon eilimint amháin a roghnú.
89 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Féach ar an sampla thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
Físeán ar roghnóirí CSS – https://youtu.be/viJJoo8uJuY
Súda-aicmí agus súdai-eilimintí
Súda-aicmí
Is é atá i súda-aicme CSS eochairfhocal a chuirtear ag deireadh roghnóra agus idirstad (:)
roimhe, agus úsáidtear é le sonrú gur mian leat stíl a chur i bhfeidhm ar an eilimint
roghnaithe ach faoi réir coinníoll áirithe, agus sa chás sin amháin. Mar shampla, b’fhéidir gur
mhaith leat stíl a chur i bhfeidhm ar nasc-eilimint nuair a bhíonn an pointeoir luiche os a
chionn, agus sa chás sin amháin, nó ar thicbhosca nuair a bhíonn sí díchumasaithe nó nuair
a bhíonn tic ann. Mar shampla:
● :active
● :checked
90 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
● :default
● :dir
● :disabled
● :empty
● :enabled
● :first
● :first-child
Féachfaimid ar gach súda-aicme, ach seo sampla simplí.
Féach ar na comhaid shamplacha (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
Súdai-eilimintí
Tá súdai-eilimintí an-chosúil le súda-aicmí, ach tá difríochtaí eatarthu. Eochairfhocail atá
iontu agus dhá idirstad (::) rompu ar féidir iad a chur ag deireadh roghnóirí chun cuid ar leith
d’eilimint a roghnú.
● ::after
● ::before
● ::first-letter
● ::first-line
● ::selection
● ::backdrop
Bíonn roinnt iompraíochtaí sainiúla agus gnéithe spéisiúla ag baint leo go léir.
91 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Féach ar an sampla thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
Aonaid CSS
● Úsáidtear roinnt aonaid éagsúla in CSS chun fad a léiriú.
● Bíonn luachanna “length” ag dul le go leor airíonna CSS amhail leithead, imeall,
stuáil, clómhéid, etc.
● Is é atá san fhad uimhir agus aonaid faid ina dhiaidh, mar shampla 10px, 2em, etc.
● Ní féidir spás bán a chur idir an uimhir agus an t-aonad. Mar sin féin, is féidir an t-
aonad a fhágáil ar lár má tá an luach cothrom le 0.
● Ceadaítear faid dhiúltacha i gcás airíonna áirithe CSS.
● Is ann do dhá chineál aonad faid: dearbhfhaid agus faid choibhneasta.
Dearbhfhaid
Aonaid sheasta iad aonaid dearbhfhaid. Má léirítear fad in aon cheann de na haonaid sin,
léireofar an fad sin go díreach.
Ní mholtar aonaid dearbhfhaid a úsáid ar an scáileán mar bíonn éagsúlachtaí móra ann idir
scáileáin éagsúla. Mar sin féin, is féidir úsáid a bhaint astu más eol an meán aschuir, mar
shampla do leagan amach clóite.
92 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Aonad Cur Síos
cm ceintiméadair
mm milliméadair
in orlaí (1in = 96px = 2.54cm)
px * picteilíní (1px = 1/96 de 1in)
pt pointí (1pt = 1/72 de 1in)
pc piocaí (1pc = 12 pt)
Faid choibhneasta
Sonraítear le haonaid faid choibhneasta fad i gcoibhneas le hairí faid eile. Is fearr a
thiontaítear aonaid faid choibhneasta ó thaobh scála de idir meáin rindreála éagsúla.
Aonad Cur Síos
em I gcoibhneas le clómhéid na heiliminte (ciallaíonn 2em dhá oiread mhéid na
clófhoirne reatha).
ex I gcoibhneas le x-airde na clófhoirne reatha (is annamh a úsáidtear é seo)
ch I gcoibhneas le leithead an “0” (a náid)
rem I gcoibhneas le clómhéid na fréamheiliminte
93 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
vw I gcoibhneas le 1% de leithead an amharcphoirt*
vh I gcoibhneas le 1% d’airde an amharcphoirt*
vmin I gcoibhneas le 1% de thoise is lú an amharcphoirt*
vmax I gcoibhneas le 1% de thoise is mó an amharcphoirt*
% I gcoibhneas leis an máthaireilimint
Machnamh
Déan machnamh ar ar fhoghlaim tú faoi aonaid CSS.
Úsáid an spás thíos
94 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cascáid
Ag céim áirithe de do chuid oibre, beidh roghnóirí ag rialacha CSS éagsúla a mheaitseálann
an eilimint chéanna. Sna cásanna sin, cé acu de na rialacha CSS a bheidh ceannasach
agus a chuirfear i bhfeidhm ar an eilimint? Meicníocht ar a dtugtar an chascáid a úsáidtear
chun é sin a rialú; agus baineann sé le hoidhreacht freisin (gheobhaidh eilimintí roinnt
luachanna airíonna óna máthaireilimintí, ach ní bhfaighidh siad luachanna eile).
An Chascáid
Giorrúchán is ea CSS a sheasann do stílbhileog chascáideach, rud a léiríonn an tábhacht a
bhaineann le coincheap na cascáide. Ar an leibhéal is bunúsaí, léiríonn sé go bhfuil
tábhacht ag baint le hord rialacha CSS, ach tá sé níos casta ná sin. Na roghnóirí a bheidh
ceannasach sa chascáid, braitheann siad ar thrí thoisc (tugtar iad in ord meáchain – beidh
ceannas ag na chéad tosca ar thosca a thagann ina ndiaidh):
● Tábhacht
● Sainiúlacht
● Ord foinse
Tábhacht
Is ann do mhír chomhréire speisialta in CSS ar féidir í a úsáid le déanamh cinnte go mbeidh
dearbhú áirithe ceannasach ar gach dearbhú eile i gcónaí: !important.
95 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
96 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
An tsamhail bosca
Tá an tsamhail bosca CSS ar an mbunchloch don leagan amach ar an ngréasán – léirítear
gach eilimint mar bhosca dronuilleogach, agus bíonn inneachar, stuáil, imlíne agus imeall an
bhosca curtha i mullach a chéile mar a bheadh oinniún ann. De réir mar a dhéanann an
brabhsálaí leagan amach an leathanaigh a rindreáil, déanann sé amach cé na stíleanna a
chuirtear i bhfeidhm ar inneachar gach bosca, cé chomh mór is atá na sraitheanna eile den
oinniún, agus cén áit a gcuirtear na boscaí i gcomparáid lena chéile. Ní mór an tsamhail
bosca a thuiscint roimh fhoghlaim conas leaganacha amach CSS a chruthú.
Is féidir féachaint ar gach eilimint HTML mar a bheadh bosca ann. In CSS, úsáidtear an
téarma “samhail bosca” nuair a bhíonn dearadh agus leagan amach i gceist.
Bosca is ea samhail bosca CSS, go bunúsach, a chuirtear timpeall ar gach eilimint HTML.
Cuimsítear leis imill, imlínte, stuáil agus an t-inneachar féin. Léirítear an tsamhail bosca sa
léaráid thíos:
Míniú ar na codanna éagsúla:
● Content (Inneachar) – Inneachar an bhosca ina mbíonn téacs agus íomhánna le
feiceáil.
● Padding (Stuáil) – Glanann an stuáil limistéar timpeall ar an inneachar. Tá an
stuáil trédhearcach.
● Border (Imlíne) – Imlíne a théann timpeall ar an stuáil agus ar an inneachar.
97 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
● Margin (Imeall) – Glanann sé limistéar lasmuigh den imlíne. Tá an t-imeall
trédhearcach.
Cuireann an tsamhail bosca ar ár gcumas imlíne a chur timpeall ar eilimintí, agus spás idir
eilimintí a shainiú.
98 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Stíl a chur ar théacs
Faoi mar a chonaic tú i do chuid oibre le HTML agus CSS go dtí seo, déantar téacs laistigh
d’eilimint a leagan amach laistigh de bhosca inneachair na heiliminte sin. Tosaíonn sé ag
barr an limistéir inneachair ar chlé, agus leanann sé ar aghaidh i dtreo dheireadh na líne.
Nuair a bhaintear deireadh na líne amach, leanann sé ar aghaidh ar an gcéad líne eile atá
thíos faoi, agus ar aghaidh ar an gcéad líne eile, go dtí go mbeidh an t-inneachar go léir sa
bhosca. Go bunúsach, láimhseáiltear inneachar téacs mar shraith eilimintí inlíne, leagtha
amach ar línte in aice a chéile, agus gan bristeacha líne a chruthú go dtí go mbaintear
deireadh na líne amach nó mura gcruthaíonn tú briseadh líne de láimh leis an eilimint <br>.
Le dhá chatagóir go hiondúil a bhaineann na hairíonna CSS a úsáidtear chun stíleanna a
chur ar théacs, agus féachfaimid ar gach catagóir léi féin:
Clóstíleanna: Airíonna a théann i bhfeidhm ar an gclófhoireann a chuirtear i
bhfeidhm ar an téacs. Téann siad i bhfeidhm ar an gclófhoireann a úsáidtear, cé
chomh mór is atá an téacs, cibé acu an úsáidtear cló trom, iodálach etc.
Stíleanna leagan amach téacs: Airíonna a théann i bhfeidhm ar an spásáil agus ar
ghnéithe eile de leagan amach an téacs. Ar an gcaoi sin, is féidir, mar shampla, an
spás idir línte agus litreacha a ionramháil agus an chaoi a ndéantar an téacs a ailíniú
laistigh den bhosca inneachair.
Airíonna clófhoirne
Sainítear le hairíonna clófhoirne CSS fine clófhoirne, meáchan, méid, agus stíl téacs.
Airí na fine clófhoirne
Sainítear le hairí na fine clófhoirne an chlófhoireann d’eilimint. Is féidir roinnt ainmneacha
clófhoirne a chur leis an airí mar an dara rogha. Mura dtacaíonn an brabhsálaí leis an gcéad
chlófhoireann, baineann sé triail as an gcéad chlófhoireann eile.
99 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Is ann do dhá chineál ainmneacha fine clófhoirne:
● family-name – ainm fine clófhoirne amhail “times”, “courier”, “arial”, etc.
● generic-family – ainm fine cineálaí, amhail "serif", "sans-serif", "cursive", "fantasy",
"monospace".
Tosaigh leis an gclófhoireann is fearr leat, agus bíodh fine chineálach agat ag an deireadh i
gcónaí. Ar an gcaoi sin, roghnóidh an brabhsálaí clófhoireann chomhchosúil ón bhfine
chineálach mura bhfuil fáil ar aon chlófhoireann eile.
Clóstíl, clómheáchan, aistriú téacs, agus maisiú téacs
Tá ceithre cinn d’airíonna coiteanna in CSS chun meáchan/béim an téacs a athrú ó thaobh
cuma de:
● font-style: Úsáidtear é seo chun cló iodálach a chur ar siúl nó a mhúchadh. Is iad
seo a leanas na luachanna is féidir a úsáid (is annamh a úsáidfidh tú é seo, mura
mian leat stíl iodálach éigin a mhúchadh ar chúis éigin):
o normal: Socraítear an téacs mar an ghnáth-chlófhoireann (baintear an cló
iodálach atá ann cheana féin)
o italic: Socraítear an téacs leis an leagan iodálach den chlófhoireann a úsáid
má bhíonn fáil air; mura bhfuil fáil air, úsáidfear fiarchló chun aithris a
dhéanamh air.
o oblique: Socraítear an téacs chun leagan ionsamhlaithe de chlófhoireann
iodálach a úsáid; cruthaítear an leagan sin tríd an ngnáthleagan a chlaonadh.
● font-weight: Socraíonn sé sin cé chomh trom is atá an téacs. Is iomaí luach is féidir
a úsáid anseo i gcás ina mbíonn go leor leaganacha éagsúla de chlófhoirne ar fáil
100 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
(amhail -light, -normal, -bold, -extrabold, -black, etc.), ach is fíorannamh a úsáidfidh
tú rud ar bith seachas normal agus bold:
o normal, bold: Gnáth-chlómheáchan agus clómheáchan trom
o lighter, bolder: Socraítear troime na heiliminte reatha céim amháin níos
éadroime nó níos troime ná troime na máthaireiliminte.
o 100–900: Luachanna uimhriúla don troime lenar féidir rialú níos cruinne a
dhéanamh ar na heochairfhocail thuas, más gá.
● text-transform: Cuireann sé ar do chumas an chlófhoireann a shocrú lena hathrú.
Cuimsítear leis na luachanna sin:
o none: Cuirtear cosc ar athrú ar bith.
o uppercase: Athraítear AN TÉACS GO LÉIR INA GCEANNLITREACHA.
o lowercase: Athraítear an téacs go léir go cás íochtair.
o capitalise: Cuirtear Ceannlitir Ag Tús Gach Aon Fhocail.
o full-width: Athraítear gach glif lena scríobh laistigh de chearnóg ar leithead
seasta, cosúil le clófhoireann monaspáis, rud a fhágann gur féidir, mar
shampla, carachtair Laidineacha a ailíniú le glifeanna i dteangacha Áiseacha
(amhail an tSínis, an tSeapáinis, agus an Chóiréis).
● text-decoration: Socraítear maisiúcháin téacs ar chlófhoirne nó baintear iad
(úsáidfidh tú é seo go príomha chun na folínte réamhshocraithe faoi naisc a bhaint
agus stíleanna a chur i bhfeidhm orthu). Is iad seo a leanas na luachanna atá ar fáil:
o none: baintear gach maisiúchán téacs atá ann cheana féin.
o underline: Cuirtear líne faoin téacs.
o overline: Cuirtear forlíne ar théacs.
o line-through: Cuirtear líne tríd an téacs.
● An t-airí font-size: Socraítear an chlómhéid leis an airí font-size.
101 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Airíonna téacs
An t-airí color
Sonraítear dath an téacs leis an airí color. Úsáid dath cúlra in éineacht le dath téacs a
fhágann gurb éasca an téacs a léamh.
An t-airí text-align
Sonraítear ailíniú cothrománach an téacs in eilimint leis an airí text-align.
An t-airí vertical-align
Socraítear ailíniú ingearach eiliminte leis an airí vertical-align.
Luach Cur Síos
baseline Déantar an eilimint a ailíniú le bonnlíne na máthaireiliminte. Is é seo
an réamhshocrú
length Ardaítear nó íslítear eilimint de réir an fhaid shonraithe. Ceadaítear
luachanna diúltacha.
% Ardaítear nó íslítear eilimint de réir céatadáin den airí “line-height”.
Ceadaítear luachanna diúltacha
sub Déantar an eilimint a ailíniú le bonnlíne foscripte na máthaireiliminte
super Déantar an eilimint a ailíniú le bonnlíne forscripte na máthaireiliminte.
102 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
top Déantar an eilimint a ailíniú le barr na heiliminte is airde ar an líne
text-top Déantar an eilimint a ailíniú le barr chlófhoireann na máthaireiliminte
middle Cuirtear an eilimint i lár na máthaireiliminte
bottom Déantar an eilimint a ailíniú leis an eilimint is ísle ar an líne
text-
bottom
Déantar an eilimint a ailíniú le bun chlófhoireann na máthaireiliminte
initial Socraítear an t-airí seo mar a luach réamhshocraithe
inherit Faightear an t-airí le hoidhreacht ón máthaireilimint
Leagan amach téacs
Anois agus na hairíonna bunúsacha téacs as an mbealach, féachaimis ar airíonna is féidir
linn a úsáid chun dul leagan amach an téacs a shocrú.
Ailíniú téacs
Úsáidtear an t-airí text-align chun an chaoi a n-ailínítear téacs laistigh den bhosca inneachair
a rialú. Is iad seo a leanas na luachanna atá ar fáil, agus oibríonn siad ar an gcaoi chéanna,
a bheag nó a mhór, is a oibríonn siad i ngnáthphróiseálaí focal:
o left: Déantar an téacs a ailíniú ar chlé.
o right: Déantar an téacs a ailíniú ar dheis.
o center: Déantar an téacs a lárú.
o justify: Déantar an téacs a chomhfhadú nó a leathnú amach, agus athraítear na
bearnaí idir na focail chun go mbeidh gach líne téacs ar an leithead céanna. Ní
mór a bheith an-chúramach leis sin — d’fhéadfadh droch-chuma a bheith ar
théacs, go háirithe nuair a chuirtear é i bhfeidhm ar mhír ina bhfuil go leor focail
fhada. Má tá sé i gceist agat é a úsáid, ba cheart duit smaoineamh ar rud éigin
103 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
eile a úsáid ina theannta, amhail hyphens chun cuid de na focail is faide a
bhriseadh thar línte.
Airde líne
Socraítear leis an airí line-height airde gach líne téacs — is féidir formhór na n-aonad faid
agus méide a úsáid, agus is féidir luach gan aonad a úsáid freisin, rud a fheidhmíonn mar
iolraitheoir agus meastar go ginearálta gurb é sin an rogha is fearr — déantar an font-size a
iolrú chun teacht ar an line-height. Bíonn cuma níos deise ar an gcorpthéacs agus is éasca é
a léamh nuair a bhíonn spás idir na línte; moltar airde líne thart ar 1.5–2 (spásáil dhúbailte) a
úsáid. Mar sin, úsáidfidh tú é seo chun ár línte téacs a shocrú ag 1.5 oiread airde na
clófhoirne:
Machnamh
Déan machnamh ar ar fhoghlaim tú faoi CSS go dtí seo.
Scríobh cúig rud faoi stíleanna a chur ar théacs sa spás thíos:
1.
2.
3.
4.
5.
104 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Stíl a chur ar bhoscaí
Imlíne CSS
Is é is imlíne ann líne a tharraingítear lasmuigh d’eilimintí, LASMUIGH de na himlínte, chun
béim a chur ar an eilimint.
Forbhreathnú ar stíl a chur ar bhoscaí
105 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Tá na hairíonna imlíne seo a leanas le fáil in CSS:
● outline-style
● outline-color
● outline-width
● outline-offset
● outline
106 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Stíl imlíne
Sonraítear leis an airí outline-style stíl na himlíne, agus is féidir ceann de na luachanna seo
a leanas a thabhairt air:
● dotted - imlíne phoncaithe
● dashed - imlíne daiseanna
● solid - imlíne gan bhriseadh
● double - imlíne dhúbailte
● groove - imlíne eitreach 3T
● ridge - imlíne dhroimneach 3T
● inset - imlíne leabaithe 3T
● outset - imlíne neamhleabaithe 3T
● none - gan imlíne ar bith
● hidden - imlíne fholaithe
Léirítear luachanna éagsúla outline-style sa sampla seo a leanas:
Oscail na comhaid thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
107 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Dath imlíne
Úsáidtear an t-airí outline-colour chun dath na himlíne a shocrú.
Is féidir an dath a shocrú mar seo a leanas:
● name - ainm datha, amhail “red”
● RGB - sonraigh luach RGB, amhail "rgb(255,0,0)"
● Hex - sonraigh luach hex, amhail "#ff0000"
● invert - déantar inbhéartú dathanna (rud a fhágann gur féidir an imlíne a
fheiceáil, beag beann ar dhath an chúlra)
Léirítear sa sampla seo a leanas roinnt imlínte éagsúla agus dathanna éagsúla orthu.
Tabhair faoi deara go bhfuil imeall tanaí dubh laistigh den imlíne ag na heilimintí sin freisin:
Oscail na comhaid thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
108 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Leithead imlíne
Sonraítear leis an airí outline-width leithead na himlíne, agus is féidir ceann de na luachanna
seo a leanas a thabhairt air:
● thin (1px go hiondúil)
● medium (3px go hiondúil)
● thick (5px go hiondúil)
● Méid shonrach (in px, pt, cm, em, etc.)
Léirítear sa sampla seo a leanas roinnt imlínte ar leithid éagsúla:
Oscail na comhaid thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
109 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Imlíne – airí gearrscríofa
Airí gearrscríofa atá san airí imlíne chun na hairíonna imlíne aonair seo a shocrú:
● outline-width
● outline-style (riachtanach)
● outline-colour
Sainítear an t-airí imlíne mar luach amháin, dhá luach nó trí luach ón liosta thuas. Is cuma
faoi ord na luachanna.
Léirítear sa sampla seo a leanas roinnt imlínte atá sainithe leis an airí imlíne gearrscríofa:
Oscail na comhaid thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
Seach-chur imlíne
Leis an airí outline-offset, cuirtear spás idir an imlíne agus imeall na heiliminte. Bíonn spás
trédhearcach idir eilimint agus a himlíne.
Sa sampla seo a leanas, sonraítear imlíne 15px lasmuigh den imeall:
Oscail na comhaid thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
110 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Leagan amach CSS
Forbhreathnú ar leagan amach CSS
Cuireann teicnící leagan amach leathanaigh CSS ar ár gcumas eilimintí i leathanach
gréasáin a roghnú agus a suíomh a rialú i gcomparáid lena suíomh réamhshocraithe sa
ghnáthshreabhadh leagan amach, leis na heilimintí eile timpeall orthu, lena máthairárthach,
nó leis an bpríomh-amharcphort/leis an bpríomhfhuinneog.
Bíonn úsáidí, buntáistí agus míbhuntáistí dá cuid féin ag gach teicníc, agus níor ceapadh
teicníc ar bith lena húsáid léi féin. Má thuigeann tú an aidhm atá le gach modh, is fearr a
thuigfidh tú cé acu de na huirlisí leagan amach is mó a oireann do gach tasc.
Gnáthshreabhadh
Is é atá i gceist le gnáthshreabhadh an chaoi a ndéanann an brabhsálaí leathanaigh HTML
a leagan amach de réir an réamhshocraithe nuair nach ndéanann tú rud ar bith chun an
leagan amach a rialú.
111 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Tabhair faoi deara anseo go léirítear an HTML san ord céanna is a léirítear sa chód
foinseach é, leis na heilimintí carntha ar a chéile — an chéad alt, ansin an liosta le hurchair,
ansin an dara halt.
Bloceilimintí a thugtar ar na heilimintí atá le feiceáil ceann faoin gceann eile, i gcomparáid le
heilimintí inlíne atá le feiceáil taobh lena chéile, amhail focail aonair in alt.
Nuair a úsáideann tú CSS chun leagan amach a chruthú, bogann tú na heilimintí ón
ngnáthshreabhadh, ach i gcás cuid mhór de na heilimintí ar an leathanach, cruthófar an
leagan amach atá uait leis an ngnáthshreabhadh. Is é sin an fáth a bhfuil sé an-tábhachtach
tosú amach le doiciméad HTML atá dea-struchtúrtha mar is féidir leat dul ag obair leis an
gcaoi a bhfuil míreanna leagtha amach de réir an réamhshocraithe seachas troid ina
aghaidh.
Is iad seo a leanas na modhanna lenar féidir na heilimintí in CSS a athrú:
● An t-airí taispeána – is féidir le luachanna caighdeánacha
amhail block, inline nó inline-block iompraíocht eilimintí sa ghnáthshreabhadh a
athrú. Ansin is ann do mhodhanna leagan amach iomlái a chuirtear ar siúl le
luach display, mar shampla CSS Grid agus Flexbox.
● Snámháin – Má chuirtear luach float amhail left i bhfeidhm, is féidir eilimintí
blocleibhéil a thimfhilleadh ar thaobh amháin d’eilimint, faoi mar a bhíonn téacs ar
snámh timpeall ar íomhánna i leagan amach irisí.
112 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
● An t-airí suímh – cuireann sé ar do chumas suíomh boscaí laistigh de bhoscaí eile a
rialú go cruinn. Is é suíomh static an réamhshocrú sa ghnáthshreabhadh, ach is féidir
leat eilimintí a leagan amach ar bhealach eile ach luachanna eile a úsáid.
● Leagan amach tábla – is féidir gnéithe atá deartha chun stíl a chur ar chodanna de
thábla HTML a úsáid ar eilimintí neamhthábla le display: table agus le hairíonna a
bhaineann leis.
● Leagan amach ilcholúnach – is féidir inneachar bloic a leagan amach i gcolúin, mar
a bheadh i nuachtán, leis na hairíonna leagain amach ilcholúnaigh.
An t-airí taispeána
Cuireann an t-airí seo ar ár gcumas an chaoi a dtaispeántar rud de réir an réamhshocraithe
a athrú. Bíonn luach display le gach rud sa ghnáthshreabhadh, agus úsáidtear é sin mar
iompraíocht réamhshocraithe na n-eilimintí ar a socraítear iad. Mar shampla, léirítear ailt i
mBéarla ceann faoin gceann eile mar gheall go gcuirtear stíl i bhfeidhm orthu le display:
block. Má chruthaíonn tú nasc timpeall ar roinnt téacs laistigh d’ailt, fanann an nasc sin ar
aon líne leis an gcuid eile den téacs, agus ní théann sé ar aghaidh chuig líne eile. Tarlaíonn
sé sin mar go mbíonn an eilimint <a> socraithe mar display: inline de réir an
réamhshocraithe.
Is féidir an iompraíocht réamhshocraithe sin a athrú. Mar shampla, tá an
eilimint <li> socraithe mar display: block de réir an réamhshocraithe, rud a fhágann go
dtaispeántar na míreanna liosta ceann faoin gceann eile inár ndoiciméad Béarla. Má
athraímid an luach taispeána go inline, léirítear in aice a chéile iad, amhail focail in abairt.
Toisc gur féidir leat luach display a athrú le haghaidh gach eiliminte, is féidir eilimintí HTML a
roghnú as a mbrí shéimeantach, agus ní ga a bheith buartha faoin gcuma a bheidh orthu. Is
féidir a gcuma a athrú.
Anuas ar a bheith in ann an cur i láthair réamhshocraithe a athrú trí mhír a athrú ó block go
inline agus a mhalairt, is ann do mhodhanna leagan amach níos mó a thosaíonn amach mar
luach de chuid display. Mar sin féin, nuair a úsáidtear iad sin, is minic a bheidh ort airíonna
breise a ghlaoch. Is iad display: flex agus display: grid an dá luach is tábhachtaí ó thaobh
leagan amach de.
113 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Flexbox
Is é Flexbox an t-ainm gearr ar an modúl Flexible Box Layout a bhfuil mar aidhm leis é a
dhéanamh níos éasca orainn nithe a leagan amach in aon toise amháin – mar ró nó mar
cholún. Chun flexbox a úsáid, cuirtear display: flex i bhfeidhm ar mháthaireilimint na n-
eilimintí is mian leat a leagan amach; déantar míreanna flex de gach ceann de na mic
dhíreacha.
Tá eilimint árthaigh sa mharcáil HTML sa sampla thíos, le haicme wrapper, a bhfuil trí
eilimint <div> laistigh díobh. Thaispeánfaí iad sin mar bhloc-eilimintí de réir an
réamhshocraithe, ceann faoin gceann eile, inár ndoiciméad Béarla.
Mar sin féin, má chuirimid display: flex leis an máthaireilimint, socraíonn na trí mhír iad féin i
gcolúin. Déantar amhlaidh mar is míreanna flex anois iad, agus toisc go n-úsáidtear cuid de
na luachanna tosaigh a thugann flexbox orthu. Taispeántar i ró iad, mar gur row atá i luach
tosaigh flex-direction. Dealraíonn sé go bhfuil siad ag síneadh chuig airde na míre is airde,
mar is é stretch luach tosaigh align-items. Ciallaíonn sé sin go síneann na míreanna go
hairde an árthaigh flex; sa chás seo, tá sé sainithe de réir na míre is airde. Cuirtear na
míreanna go léir isteach i líne ag tús an árthaigh, agus is ag deireadh an ró a bhíonn aon
spás breise.
Oscail na comhaid shamplacha Flexbox thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá
curtha ar fáil.
Anuas ar na hairíonna thuasluaite ar féidir iad a chur i bhfeidhm ar an árthach flex, is ann
d’airíonna is féidir a chur i bhfeidhm ar na míreanna flex. Is féidir leis na hairíonna sin, i
measc nithe eile, an chaoi a lúbann na míreanna a athrú, rud a chuireann ar a gcumas
fairsingiú agus cúngú chun dul in oiriúint don spás atá ar fáil.
114 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Leagan amach greille
Do leagan amach aontoiseach atá flexbox deartha, ach do dhá thoise atá leagan amach
greille deartha — míreanna a chur i línte de réir rónna agus colún.
Arís eile, is féidir leagan amach greille a chur ar siúl le luach taispeána sonrach — display:
grid. Sa sampla thíos, úsáidtear marcáil chomhchosúil leis an sampla flex le hárthach agus
le roinnt mic-eilimintí. Anuas ar display: grid a úsáid, tá roinnt rianta ró agus colún á sainiú
againn ar an máthaireilimint freisin leis na hairíonna grid-template-rows agus grid-template-
columns faoi seach. Tá trí cholún 1fr agus dhá ró 100px sainithe againn. Ní gá aon rialacha
a chur ar mhaceilimintí; cuirtear iad go huathoibríoch sna cealla atá cruthaithe ag an ngreille.
Oscail sampla Ghreille 1 thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
Nuair a bheidh greille agat, is féidir leat míreanna a chur ann go follasach, seachas a bheith
ag brath ar an iompraíocht socraithe uathoibríoch a léirítear thuas. Sa dara sampla thíos, tá
an ghreille chéanna sainithe againn, ach tá trí mhac-mhír ann an uair seo. Shocraíomar líne
thosaigh agus líne dheiridh gach míre leis na hairíonna grid-column agus grid-row. Ar an
gcaoi sin, téann na míreanna thar rianta éagsúla.
Oscail sampla Ghreille 2 thuas (HTML & CSS) san fhillteán atá curtha ar fáil.
Is ann do mhodhanna leagan amach eile nach bhfuil chomh tábhachtach céanna do
phríomhstruchtúir leagan amach an leathanaigh, ach d’fhéadfá iad a úsáid chun tascanna
sonracha a chur i gcrích. Cuimsítear leo sin snámháin agus suí.
115 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
116 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Dearadh freagrúil gréasáin
Réamhrá
● Beidh cuma dheas ar an leathanach gréasáin ar gach aon ghléas má bhaintear úsáid
as dearadh freagrúil gréasáin.
● Ní úsáidtear ach HTML agus CSS sa dearadh freagrúil gréasáin.
● Ní ríomhchlár ná JavaScript é dearadh freagrúil gréasáin.
An t-eispéireas is fearr do gach aon úsáideoir
Is féidir go leor gléasanna éagsúla a úsáid chun amharc ar shuíomhanna gréasáin: ríomhairí
deisce, táibléid, agus fóin phóca. Ba cheart go mbeadh cuma dheas ar do leathanach
gréasáin, is cuma cén cineál gléis atá in úsáid le hamharc air.
Níor cheart faisnéis a fhágáil ar lár ó leathanaigh ghréasáin do ghléasanna beaga, ba cheart
a n-inneachar a chur in oiriúint chun dul in oiriúint do ghléas ar bith:
Ríomhaire deisce
117 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Táibléad
Fón
Is é is dearadh freagrúil gréasáin ann CSS agus HTML a úsáid chun méid inneachair a
athrú, nó chun inneachar a fholú, a laghdú, a mhéadú nó a bhogadh chun go mbeidh cuma
dheas air ar scáileán ar bith.
118 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtaí ar leithligh
Faighte ó
Cleachtadh A – Samhail bosca
Tá sraith trí bhosca sa sampla ineagarthóireachta thíos a bhfuil inneachar téacs iontu go léir
agus atá stílithe chun dul thar leithead an choirp go léir. Léirítear iad leis na
heilimintí <header>, <main>, agus <footer> sa mharcáil. Ba cheart duit díriú ar na trí riail
CSS ag an mbun – iad sin atá dírithe ar gach bosca as féin – agus triail a bhaint astu seo a
leanas:
1. Féach ar shamhail bosca gach eiliminte ar leith ar an leathanach trí uirlisí forbróra an
bhrabhsálaí a oscailt agus cliceáil ar na heilimintí sa chigire DOM.
Tá
amharcóir samhla bosca ag gach brabhsálaí a thaispeánann go díreach an t-imeall,
an imlíne agus an stuáil atá i bhfeidhm ar gach bosca, chomh mór is atá an bosca
inneachair, agus an spás iomlán a ghlacann an eilimint.
2. Socraigh margin-bottom éigin ar an eilimint <main>, 20px cuir i gcás. Anois,
socraigh margin-top éigin ar an eilimint <footer>, 15px cuir i gcás. Tabhair faoi
deara nach ndéanann an dara gníomh sin aon difear don leagan amach —
119 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
taispeánann sé sin leacú imill i bhfeidhm; laghdaítear leithead éifeachtach an imill is
lú go 0, agus ní fhágtar ach an t-imeall is mó.
3. Socraigh margin 30px agus padding 30px ar gach aon taobh den eilimint <main> —
tabhair faoi deara an chaoi a méadaítear an spás timpeall ar an eilimint (margin)
agus an spás idir an imlíne agus an t-inneachar (padding), rud a fhágann go bhfuil
spás níos lú á ghlacadh ag an inneachar féin. Arís, seiceáil é sin leis na huirlisí
forbróra sa bhrabhsálaí.
4. Socraigh imlíne níos mó ar gach taobh den eilimint <main>, 40px cuir i gcás, agus
tabhair faoi deara an chaoi a mbaintear spás ón inneachar seachas ón imeall nó ón
stuáil. D’fhéadfá é sin a dhéanamh trí thacar iomlán nua luachanna a shocrú don
leithead, stíl agus dath leis an airí border, e.g. 60px dashed red, ach ó tharla gur
socraíodh na hairíonna i riail eile roimhe sin, d’fhéadfá díreach border-width nua a
shocrú.
5. De réir an réamhshocraithe, tá width an inneachair socraithe mar 100% den spás atá
ar fáil (tar éis don imeall, imlíne agus stuáil a spás féin a ghlacadh) — má athraíonn
tú leithead na fuinneoige brabhsálaí, méadófar nó laghdófar na boscaí chun go
bhfanfaidh siad laistigh den fhuinneog aschuir shamplach. Fillfidh height an
inneachair d’airde an inneachair atá laistigh de.
6. Déan iarracht leithead agus airde nua a shocrú ar an eilimint <main> – tosaigh le
leithead 400px agus airde 200px, mar shampla – agus féach ar an tionchar atá aige.
Feicfidh tú nach n-athraíonn an leithead a thuilleadh nuair a athraítear méid na
fuinneoige brabhsálaí.
7. Déan iarracht anois leithead céatadáin a shocrú ar an eilimint <main> – leithead 60%,
mar shampla – agus féach ar an tionchar atá aige. Feicfidh tú go n-athraíonn an
leithead arís nuair a athraítear méid na fuinneoige brabhsálaí. Bain socrú height na
heiliminte <main> arís go fóill.
8. Déan iarracht stuáil agus imeall na heiliminte <main> a shocrú mar 5% ar gach taobh,
agus féach ar an toradh. Má úsáideann tú uirlisí forbróra an bhrabhsálaí chun
120 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
féachaint ar leithead na fuinneoige aschuir samplaí agus chun é sin a chur i
gcomparáid le leithead an imill/na stuála, feicfidh tú gurb ionann 5% agus “5% de
leithead na heiliminte árthaigh”. Mar sin, faoi mar a mhéadaítear méid na fuinneoige
aschuir samplaí, méadaítear an stuáil/na himill.
9. Is féidir luachanna diúltacha a thabhairt ar imill, rud is féidir a úsáid chun boscaí
eiliminte a fhorluí ar a chéile. Socraigh margin-top: -50px; ar an eilimint <main> chun
an éifeacht a fheiceáil.
Cleachtadh B – Cleachtadh Cárta Gnó
Tugadh amhchód HTML agus íomhá duit, agus ní mór duit an CSS a scríobh chun iad sin a
dhearadh mar chárta gnó áisiúil ar líne, a bhféadfaí úsáid a bhaint as freisin mar chárta
cluichire nó mar phróifíl ar na meáin shóisialta. Tá cur síos anseo thíos ar a bhfuil le
déanamh agat.
Na chéad chéimeanna:
1. Ar dtús, cruthaigh comhad nua sa chomhadlann chéanna ina bhfuil na comhaid
HTML agus íomhá. Tabhair ainm an-samhlaíoch air, amhail style.css.
2. Déan nasc idir an CSS agus an comhad HTML le heilimint <link>.
3. Tá an chéad dá thacar rialacha le fáil sa chomhad acmhainní, agus is féidir leat úsáid
a bhaint astú SAOR IN AISCE! Údar mór gliondair is ea é sin, agus ba cheart iad a
chóipeáil agus a ghreamú de bharr an chomhaid CSS nua. Úsáid iad mar thriail le
déanamh cinnte go bhfuil an CSS curtha i bhfeidhm i gceart ar an HTML.
4. Os cionn an dá riail sin, cuir isteach nóta tráchta CSS le léiriú gur tacar stíleanna
ginearálta é don leathanach foriomlán. Dhéanfaidh “stíleanna ginearálta leathanaigh”
cúis. Cuir trí nóta tráchta eile ag bun an chomhaid CSS chun stíleanna a bhaineann
go sainiúil le cumraíocht an árthaigh cárta, stíleanna a bhaineann go sainiúil leis an
gceanntásc agus leis an mbuntásc, agus stíleanna a bhaineann go sainiúil le
príomhinneachar an chárta gnó a léiriú. As seo amach, ba cheart stíleanna eile a
chuirtear leis an stílbhileog a eagrú in áit oiriúnach.
121 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
5. Déan cúram de na roghnóirí agus na tacair rialacha atá curtha ar fáil sa chomhad
acmhainne CSS.
6. Féach anois ar na ceithre roghnóir agus ríomh an tsainiúlacht le haghaidh gach
ceann díobh. Scríobh síos iad sin áit éigin ar féidir teacht orthu ar ball, amhail i nóta
tráchta ag barr an CSS.
7. Anois, tá sé in am an roghnóir ceart a chur leis an tacar rialacha ceart! Tá ceithre
cinn de roghnóirí agus de thacair rialacha le cur le chéile sna hacmhainní CSS. Déan
anois é sin, agus cuir le do chomhad CSS iad.
Ní mór duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:
8. Tabhair leithead/airde sheasta, dath cúlra iomlán, imlíne, agus border-radius (cúinní
cuara!), i measc nithe eile, don phríomhárthach cárta.
9. Tabhair grádán cúlra don cheanntásc a théann ó níos dorcha go níos éadroime, mar
aon le cúinní cuara a thagann le cúinní cuara atá socraithe ar an bpríomhárthach
cárta.
10. Tabhair grádán cúlra don bhuntásc a théann ó níos éadroime go níos dorcha, mar
aon le cúinní cuara a thagann le cúinní cuara atá socraithe ar an bpríomhárthach
cárta.
11. Cuir an íomhá ar snámh ar dheis lena greamú de thaobh na láimhe deise de
phríomhinneachar an chárta gnó, agus tabhair max-height 100% di (is leid mhaith é
sin lena chinntiú go méadófar/laghdófar í chun go bhfanfaidh sí ar an airde chéanna
leis an máthairárthach, is cuma cén airde a thugtar dó sin).
12. Seachain! Tá dhá earráid sna tacair rialacha atá curtha ar fáil. Bain úsáid as teicníc
ar bith atá ar eolas agat chun teacht orthu sin, agus deisigh iad roimh dhul ar
aghaidh.
122 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
13. Tacair rialacha nua is gá a scríobh:
a. Scríobh tacar rialacha ina ndírítear ar cheanntásc an chárta agus ar
bhuntásc an chárta, agus tabhair airde iomlán ríofa 50px dóibh araon
(lena n-áirítear airde inneachair 30px agus stuáil 10px ar gach taobh).
Ach léirigh an airde in em.
b. Tiocfaidh an t-imeall réamhshocraithe atá curtha i bhfeidhm ar
eilimintí <h2> agus <p> ag an mbrabhsálaí salach ar ár ndearadh. Mar sin,
scríobh riail ina ndírítear ar na heilimintí sin go léir agus lena socraítear a
n-imeall mar 0.
c. Le cosc a chur ar an íomhá teacht amach as an bpríomhinneachar cárta
gnó (an eilimint <article>), is ga dúinn airde shainiúil a thabhairt di.
Socraigh airde <article> mar 120px, ach léirithe in em. Cuir dath dubh
leath-thrédhearcach ar an gcúlra freisin, rud a fhágann dath beagán níos
dorcha a ligeann do chuid den dath dearg ar an gcúlra teacht tríd freisin.
d. Scríobh tacar rialacha lena dtugtar clómhéid éifeachtach 20px do <h2>
(ach é léirithe in em) mar aon le hairde líne oiriúnach chun é a chur i lár
bhosca inneachair an cheanntáisc. Cuimhnigh ó níos luaithe gur cheart
airde 30px a bheith ar an mbosca inneachair – tugann sé sin na
huimhreacha go léir duit atá ag teastáil chun an airde líne a ríomh.
e. Scríobh tacar rialacha lena dtugtar clómhéid éifeachtach 15px
do <p> laistigh den bhuntásc (ach é léirithe in em) mar aon le hairde líne
oiriúnach chun é a chur i lár bhosca inneachair an bhuntáisc. Cuimhnigh ó
níos luaithe gur cheart airde 30px a bheith ar an mbosca inneachair –
tugann sé sin na huimhreacha go léir duit atá ag teastáil chun an airde
líne a ríomh.
f. Mar dhlaíóg mhullaigh, tabhair luach stuála oiriúnach don alt laistigh
den <article> chun go mbeidh an t-imeall clé ar aon líne leis
123 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
an <h2> agus leis an alt buntáisc, agus cuir dath réasúnta éadrom air
chun go mbeidh sé éasca é a léamh.
Obair gharbh.
Úsáid an spás thíos
Cleachtadh C – Leathanach baile pobalscoile a chlóchur
Tugadh amhchód HTML duit le haghaidh leathanach baile scoile samhailtí, mar aon le cód
CSS chun an leathanach a dhearadh i leagan amach dhá cholún, agus tá roinnt stíleáil
bhunúsach eile ann freisin. Ba cheart na rudaí a chuireann tú leis an CSS a scríobh faoin
nóta tráchta ag bun an chomhaid CSS, le déanamh cinnte go bhfuil sé éasca na codanna
atá déanta agat a mharcáil.
Clófhoirne:
● Ar an gcéad dul síos, íoslódáil roinnt clófhoirne atá saor in aisce. Ó tharla gur scoil
atá i gceist, ba cheart na clófhoirne a roghnú chun cuma sách dáiríre, foirmiúil,
iontaofa a thabhairt ar an leathanach – bheadh sé go deas clófhoireann seirife a
roghnú do chorp an téacs ghinearálta ar fud an tsuímh, mar aon le clófhoireann sans
serif nó seirife cearnógaí do na ceannteidil.
124 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
● Úsáid seirbhís oiriúnach chun cód @font-face atá saor ó locht a ghiniúint don dá
chlófhoireann sin.
● Cuir clófhoireann an choirp i bhfeidhm ar an leathanach go léir, agus cuir
clófhoireann an cheannteidil i bhfeidhm ar na ceannteidil.
Stíl an téacs ghinearálta:
● Tabhair font-size 10px don leathanach ar fud an tsuímh.
● Tabhair font-size oiriúnach ar na ceannteidil agus ar chineálacha eile eiliminte atá
sainithe le haonad coibhneasta cuí.
● Tabhair line-height oiriúnach don chorpthéacs.
● Déan an ceannteideal barrleibhéil a lárú ar an leathanach.
● Tabhair beagán letter-spacing do na ceannteidil le déanamh cinnte nach bhfuil
siad róbhrúite, agus roinnt spáis a thabhairt do na litreacha.
● Tabhair roinnt letter-spacing agus word-spacing, de réir mar is cuí, don
chorpthéacs.
● Cuir text-indentation, 20px mar shampla, i bhfeidhm ar an gcéad alt tar éis gach
ceannteidil sa <section>.
Naisc:
● Cuir dathanna ar an nasc agus ar na staideanna ‘visited’, ‘focus’ agus ‘hover’ atá ag
teacht le dath na mbarraí cothrománacha ag bun agus ag barr an leathanaigh.
● Bíodh líne faoi na naisc de réir an réamhshocraithe, ach ná feictear an fholíne nuair a
ainlítear nó nuair a dhírítear ar na naisc.
● Bain an imlíne béime de réir an réamhshocraithe ó na naisc GO LÉIR ar an
leathanach.
● Bíodh stíl an-difriúil ar an staid ghníomhach le go seasann sí amach go soiléir, ach
bíodh sí ag teacht le dearadh foriomlán an leathanaigh.
● Bíodh an deilbhín naisc sheachtraigh in aice le naisc sheachtracha.
Liostaí:
● Déan cinnte go dtagann spásáil na liostaí agus na míreanna liosta le chéile le stíl an
leathanaigh fhoriomláin. Ba cheart go mbeadh an line-height céanna le líne ailt ag
125 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
gach mír liosta, agus ba cheart an spásáil chéanna leis an spásáil idir ailt a chur ag
bun agus ag barr gach liosta.
● Tabhair urchar deas do na míreanna liosta a thagann le dearadh an leathanaigh.
Fútsa atá sé íomhá urchair shaincheaptha nó rud éigin eile a roghnú.
Roghchlár nascleanúna:
● Cuir stíl ar an roghchlár nascleanúna a thagann le cuma agus éirim an leathanaigh.
Noda agus leideanna
● Ní gá an HTML a chur in eagar ar bhealach ar bith don chleachtadh seo.
● Ní gá duit cuma cnaipí a chur ar an roghchlár nascleanúna, ach ní mór go mbeadh
sé beagán ní b’airde ionas nach mbeadh cuma amaideach air ar thaobh an
leathanaigh. Cuimhnigh freisin gur roghchlár nascleanúna ingearach atá sa roghchlár
seo.
Léirítear sa ghabháil scáileáin thíos an chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an dearadh ag an
deireadh:
126 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Obair gharbh.
Úsáid an spás thíos
Cleachtadh D – Páipéar ceannteidil galánta a chruthú
127 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Tugadh duit na comhaid riachtanacha chun teimpléad do pháipéar ceannteidil a chruthú. Níl
le déanamh ach na comhaid a chur le chéile. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit na nithe
seo a leanas a dhéanamh:
An ceannteideal
● Cuir an CSS i bhfeidhm ar an HTML.
● Cuir dearbhú cúlra leis an gceannteideal chun:
● An íomhá ar bharr a ghreamú de bharr an cheannteidil
● An íomhá ar bun a ghreamú de bhun an cheannteidil
● Grádán leath-thrédhearcach a chur thar bharr an dá chúlra a bhí ann roimhe sin chun
uigeacht áirithe a thabhairt don cheannteideal. Bíodh sé beagán dorcha taobh leis an
mbun agus leis an mbarr, ach bíodh sé iomlán trédhearcach i bhformhór an láir.
● Cuir dearbhú cúlra eile chun an íomhá ar bharr a chur le barr an cheannteidil, mar
chúltacaíocht do na brabhsálaithe sin nach dtacaíonn leis an dearbhú thuas.
● Cuir dath bán ar an gcúlra don pháipéar ceannteidil.
● Cuir imlíne leanúnach 1mm ag an mbun agus ag an mbarr i ndath atá ag teacht leis
an gcuid eile den scéim dathanna.
An lógó
● Cuir an lógó leis an <h1> mar íomhá chúlra.
● Cuir scagaire leis an lógó chun cúlscáil fhíneálta a thabhairt dó.
● Anois, déan nóta tráchta den scagaire agus cuir an chúlscáil i bhfeidhm ar bhealach
difriúil (atá beagán níos comhoiriúnaí do bhrabhsálaithe éagsúla), ach lean cruth na
híomhá cruinne i gcónaí.
Léirítear sa ghabháil scáileáin thíos an chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an dearadh ag an
deireadh:
128 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Obair gharbh.
Úsáid an spás thíos
Cleachtadh E – Bosca galánta
129 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Is é atá le déanamh agat bosca galánta a chruthú agus dul i dtaithí ar an spraoi a bhaineann
le CSS.
Tasc ginearálta
Cuir an CSS i bhfeidhm ar an HTML.
An bosca a dhearadh
Iarraimid ort an <p> atá curtha ar fáil a dhearadh, agus na nithe seo a leanas a chur i
bhfeidhm:
● Leithead réasúnta do chnaipe mór, abair thart ar 200 picteilín.
● Airde réasúnta do chnaipe mór, agus an téacs a lárú go ceartingearach.
● Méadú beag ar an gclómhéid, go dtí thart ar 17-18 bpicteilín i stíl ríomhairithe. Bain
úsáid as aonaid rem. Scríobh nóta tráchta faoin gcaoi ar oibrigh tú amach an luach.
● Bundath don dearadh. Cuir an dath sin ar an mbosca mar an dath cúlra.
● An dath céanna don téacs; bíodh sé inléite le scáil dhubh ar an téacs.
● Ga imlíne réasúnta fíneálta.
● Imlíne leanúnach 1 phicteilín ar a bhfuil dath cosúil leis an mbundath, ach ar imir
beagán níos dorcha.
● Grádán dubh leath-thrédhearcach líneach ag dul i dtreo na cúinne ar dheis ag an
mbun. Bíodh sé iomlán trédhearcach ag an tús, thart ar theimhneacht 0.2 faoi 30%
den fhad, agus ar an dath céanna go dtí an deireadh.
● Roinnt scáthanna bosca. Tabhair scáth bosca caighdeánach amháin dó, rud a
fhágfaidh go mbeidh an chuma ar an mbosca go bhfuil sé ardaithe de bheagán ón
leathanach. Scáthanna bosca leabaithe is ceart a bheith sna scáthanna eile – scáth
bán leath-thrédhearcach gar don chúinne ar chlé ag an mbarr agus scáth dubh leath-
thrédhearcach gar don chúinne ar dheis ag an mbun – chun cur le cuma ardaithe
dheas 3T an bhosca.
Léirítear sa ghabháil scáileáin thíos an chuma a d’fhéadfadh a bheith ar an dearadh ag an
deireadh:
130 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtadh F – Leagan amach leathanaigh gréasáin
Tá amhchód HTML, bunchód CSS, agus roinnt íomhánna curtha ar fáil duit, agus ní mór duit
anois leagan amach a chruthú don dearadh. Ba cheart go mbeadh an dearadh ag teacht
lena bhfuil san íomhá thíos.
Na chéad chéimeanna
● Is féidir na comhaid riachtanacha go léir a íoslódáil ón bhfillteán atá curtha ar fáil.
● Sábháil an doiciméad HTML agus an stílbhileog i gcomhadlann ar an ríomhaire, agus
cuir na híomhánna i bhfillteán ar a dtugtar images. Ba cheart go léireofaí leathanach
131 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
le stíl bhunúsach gan aon leagan amach dá n-osclófaí an comhad index.html i
mbrabhsálaí, agus ba cheart go mbeadh sé rud beag cosúil leis an íomhá thíos.
● Tá inneachar go léir an leagan amach le fáil ann faoi mar a léirítear sa bhrabhsálaí
sa ghnáthshreabhadh.
Na tascanna atá romhat
Ní mór duit an leagan amach a chur i bhfeidhm anois. Is iad seo a leanas na tascanna atá le
déanamh agat:
1. Na míreanna nascleanúna a thaispeáint i ró, agus an méid céanna spáis ag gach mír
díobh.
2. Ba cheart don bharra nascleanúna scrollú leis an inneachar agus greamú do bharr
an amharcphoirt nuair a bhaineann sé an t-amharcphort amach.
3. Ba cheart go mbeadh téacs timfhillte timpeall ar an íomhá atá laistigh den alt.
4. Ba cheart na heilimintí <article> agus <aside> a léiriú i leagan amach dhá cholún.
Ba cheart go mbeadh na colúin solúbtha, rud a d’fhágfadh go n-éireodh na colúin ní
ba chúinge dá laghdófaí an fhuinneog brabhsálaí.
5. Ba cheart na grianghraif a thaispeáint mar ghreille dhá cholún agus bearna 1
phicteilín idir na híomhánna.
132 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Ní gá duit an HTML a chur in eagar chun an leagan amach seo a bhaint amach, agus ba
cheart duit na teicnící seo a leanas a úsáid:
● Suí
● Snámh
● Flexbox
● Leagan amach greille CSS
Obair gharbh.
Úsáid an spás thíos.
133 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Gluais CSS
Féach ar threoir A-Z W3schools ina bhfuil samplaí léirithe:
https://www.w3schools.com/cssref/
134 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
135 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Acmhainní CSS
Bileog aicearra chun boscaí a ailíniú
https://rachelandrew.co.uk/css/cheatsheets/box-alignment
Gach rud atá le foghlaim faoi leagan amach greille CSS
https://gridbyexample.com/
The Experimental Layout Lab
https://labs.jensimmons.com/
Grid by Example – Rachel Andrew
https://www.youtube.com/playlist?list=PLQkVA6z3dFvbnBJetfYDAF3-cG_ubgdZR
Uirlis CodePen
https://codepen.io
Cleachtaí CSS
https://www.w3schools.com/css/exercise.asp?filename=exercise_margin3
W3 Schools
https://www.w3schools.com/
Mozilla Development
https://developer.mozilla.org/en-US/docs/Learn/Getting_started_with_the_web/CSS_basics
Free Code Camp
https://medium.freecodecamp.org/the-css-handbook-a-handy-guide-to-css-for-developers-
b56695917d11
Liosta de na huirlisí agus na hacmhainní ar líne is úsáidí atá ar fáil saor in aisce
d’fhorbróirí gréasáin
https://html-css-js.com/html/links/
Cleachtaí faighte ó W3 Schools, Mozilla Development, Free Code Camp.
136 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Rannán 5
Dearadh UX
137 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Clár Ábhar
● Dearadh UX 128
o Céard is Dearadh Eispéireas Úsáideoirí ann? o Dearadh UX i gcomparáid le dearadh UI o Céard a chuireann dearthóirí UX faoi chaibidil? o Dearadh bunaithe ar úsáideoirí is ea dearadh UX o An próiseas eispéireas úsáideoirí o Don Norman o Prionsabail deartha Don Norman o Don Norman ag labhairt faoi UX o Jakob Nielsen o 10 heorastaic maidir le hinúsáidteacht le Nielsen o Rialacha Órga Shneiderman o Cleachtadh machnaimh
● Cleachtadh ar leithligh
143
● Acmhainní UX 144
138 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Dearadh UX
Céard is Dearadh Eispéireas Úsáideoirí (UX) ann?
De réir Interaction-Design.org, is é atá i gceist le dearadh eispéireas úsáideoirí (UX) an
próiseas a bhaineann le táirgí a chruthú lena soláthraítear eispéiris ábhartha bhríocha
d’úsáideoirí. Cuimsítear leis sin dearadh an phróisis go léir a bhaineann leis an táirge a fháil
agus a chomhtháthú, lena n-áirítear gnéithe de bhrandáil, dearadh, inúsáidteacht, agus
feidhm.
139 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
https://www.interaction-design.org/literature/topics/ux-design
UX i gcomparáid le UI
Is minic a úsáidtear “Dearadh Eispéireas Úsáideoirí” i gciall téarmaí eile amhail “Dearadh
Comhéadain Úsáideora” agus “Inúsáidteacht”. Mar sin féin, cé gur gnéithe tábhachtacha de
Dhearadh UX iad Inúsáidteacht agus Dearadh Comhéadain Úsáideora, níl iontu ach
fothacair de – cuimsítear réimse leathan nithe eile le dearadh UX freisin. Bíonn baint ag
dearthóirí UX leis an bpróiseas go léir a bhaineann le táirge a fháil agus a chomhtháthú, lena
n-áirítear gnéithe de bhrandáil, dearadh, inúsáidteacht, agus feidhm. Scéal atá ann a
thosaíonn i bhfad sula bhfaigheann an t-úsáideoir seilbh ar an ngléas.
“Ní fhorbraítear táirge ar bith as féin. Tá níos mó i gceist le táirge ná díreach an táirge féin. Is tacar fuinte comhtháite eispéireas atá ann. Smaoinigh ar na céimeanna go léir a bhaineann le táirge nó le seirbhís – ó na haidhmeanna atá ann i dtosach go dtí an machnamh deiridh, ón gcéad úsáid go dtí feidhmeanna cabhrach, seirbhíse agus cothabhála. Bíodh siad ar fad ag obair le chéile gan stró.” - Don Norman, an té a chum an téarma “Eispéireas Úsáideoirí”
Dá bhrí sin, ní hamháin go ndéantar táirgí lena mbaineann eispéireas iontach úsáideoirí
(iPhone, mar shampla) a dhearadh ag cuimhneamh ar úsáid an táirge sin, ach cuimhnítear
freisin ar an bpróiseas iomlán a bhaineann leis an táirge sin a cheannach, a shealbhú, agus
fiú a fhabhtcheartú. Ar an gcaoi chéanna, ní hamháin go ndíríonn dearthóirí UX ar tháirgí
inúsáidte a chruthú; díríonn siad freisin ar ghnéithe eile an eispéiris úsáideoirí amhail
taitneamh, éifeachtúlacht agus spraoi. Dá bhrí sin, níl ann d’aon sainmhíniú amháin ar a
bhfuil i gceist le heispéireas maith úsáideoirí. Ina áit sin, is é is eispéireas maith úsáideoirí
ann eispéireas a fhreastalaíonn ar riachtanais úsáideora ar leith sa chomhthéacs sainiúil sin.
Céard a chuireann dearthóirí UX faoi chaibidil – cén fáth,
céard agus cén chaoi?
Déanfaidh dearthóir UX úsáid an táirge, agus an chaoi agus an fáth a n-úsáidfear an táirge,
faoi chaibidil. Baineann “cén fáth” leis na cúiseanna a nglactar le táirge, cibé acu ar
cúiseanna iad a bhaineann le tasc is mian le húsáideoirí a dhéanamh leis nó le luachanna
agus dearcthaí a bhaineann le húinéireacht agus le húsáid an táirge. Baineann “céard” leis
na rudaí is féidir le daoine a dhéanamh leis an táirge – feidhmiúlacht an táirge. Ar deireadh,
baineann “cén chaoi” le dearadh feidhmiúlachta inrochtana a bhfuil cuma dheas air.
140 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Tosaíonn dearthóirí UX leis an “cén fáth” sula dtéann siad ar aghaidh chuig an “céard”, agus
ansin an “cén chaoi” chun táirgí a chruthú ar féidir le húsáideoirí eispéiris bhríocha a chruthú
leo. I ndearadh bogearraí, ní mór do dhearthóirí a chinntiú go dtagann bunús an táirge chun
cinn trí ghléas atá ann cheana féin agus go soláthraítear leis eispéireas éasca gan uaim.
Dearadh bunaithe ar úsáideoirí is ea dearadh UX
Toisc go gcuimsítear aistear go léir an úsáideora le dearadh UX, is réimse ildisciplíneach atá
ann. Tagann dearthóirí UX ó chúlraí éagsúla amhail dearadh físeach, ríomhchlárú,
síceolaíocht, agus dearadh idirghníomhaíochta. Bíonn scóip níos mó maidir le
hinrochtaineacht riachtanach sa dearadh le haghaidh úsáideoirí ar daoine iad, agus ina
theannta sin is gá freastal ar shrianta fisiciúla a d’fheadfadh a bheith ar úsáideoirí amhail
deacracht le téacs an-bheag a léamh. Bíonn éagsúlacht i gceist le gnáth-thascanna
dearthóra UX, ach is minic a chuimsítear leo taighde a dhéanamh ar úsáideoirí, úsáideoirí
eiseamláireacha a chruthú, sreangfhrámaí agus fréamhshamhlacha idirghníomhacha a
dhearadh, mar aon le dearaí a thástáil. Bíonn éagsúlacht mhór sna tascanna sin idir
cuideachtaí, ach éilítear leo i gcónaí go mbeadh dearthóirí ag tacú le húsáideoirí agus go
mbeadh riachtanais na n-úsáideoirí ag croílár gach iarrachta sa dearadh agus san fhorbairt.
Is é sin an fáth a mbíonn formhór na ndearthóirí UX ag obair i bpróiseas oibre éigin atá
bunaithe ar an úsáideoir, agus go leanann siad dá sár-iarrachtaí go dtí go mbíonn réiteach
faighte acu ar na saincheisteanna ábhartha agus ar na riachtanais úsáideoirí go léir.
141 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Próiseas atriallach is ea dearadh bunaithe ar úsáideoirí ina n-úsáidtear tuiscint ar úsáideoirí
agus ar a gcomhthéacs mar an pointe tosaithe don dearadh agus don fhorbairt go léir.
An próiseas eispéireas úsáideoirí
Is ionann an t-eispéireas úsáideoirí ginearálta go pointe áirithe i bhformhór na gcásanna,
ach mar sin féin ní féidir a rá nach bhfuil ach aon bhealach amháin ann chun go n-éireoidh
leis an táirge. Is amhlaidh atá sé mar go mbíonn go leor tosca seachtracha agus éagsúlacht
mhór tionscadal ann go minic. Mar shampla, bheadh “Tionscadal Suímh Gréasáin” an-difriúil
142 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
le “Togra Aipe Móibílí”. Tarlaíonn sé uaireanta go n-iarrann úinéirí táirge cruthúnas
coincheapa nó leagan béite i dtosach, agus go dteastaíonn uathu ansin féachaint ar
mheastacháin agus ar an gcaoi le tabhairt faoin tionscadal.
Céimeanna Robert Dumitru (www.centric.eu)
1 - Sonraí an tionscadail agus cur síos ar an táirge
Cuid an doiciméadúcháin atá sa chéad chéim seo. Ag brath ar an gcás, d’fhéadfadh an
cliant é a dhéanamh nó d’fhéadfaí gurbh iniúchadh ardleibhéil é. Sa chéim seo, sainímid na
pointí láidre, spriocanna an chliaint, agus na hardáin nó aon fhaisnéis ábhartha eile a
bhaineann le forbairt an tionscadail. Is féidir linn dátaí agus amlínte sonracha a shainiú
maidir leis an tionscadal (dáta tosaithe, leagan béite 1.0, cruthúnas coincheapa,
fréamhshamhlacha).
2 - Iniúchadh ar an táirge
Sa chéim seo, is féidir linn plé a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuaireamar ón roinn
margaíochta agus ar an gcaoi ar féidir linn an táirge a chur ar an margadh. Is féidir linn
labhairt ar ghnéithe amhail aois fhéideartha an úsáideora, a stádas airgeadais, eolas ar
chúrsaí TF, agus réimse oibre (bainc, bardas, etc.).
3 - Anailís ar an tionscadal agus cásanna úsáide
Bunaithe ar an bhfaisnéis thuas, is féidir linn cásanna éagsúla a chruthú agus is féidir linn
“úsáideoirí eiseamláireacha” a chruthú – carachtair fhicseanacha a d’fhéadfadh an táirge a
úsáid (mar shampla bainisteoir, fostaí, úsáideoir nua, lucht riaracháin, etc.).
143 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
4 - Coincheap
Nuair a bhíonn an pacáiste réidh, is é an chéad chéim eile ailtireacht na haipe, nó mapa
suímh mar is fearr a thabhairt air, a chruthú. Bunaithe air sin, is féidir linn tosú ar na
sreangfhrámaí a sceitseáil chun léiriú níos fearr a thabhairt ar fheidhmiúlacht agus ar
chomhpháirteanna na haipe (na rudaí is féidir linn a chur ar leathanach ar leith)
5 - Fréamhshamhlacha
Anois is féidir linn tosú ar fhréamhshamhail a thosú bunaithe ar na sreangfhrámaí, ionas gur
féidir linn sreabhadh deas a thabhairt don aip. Ba cheart gur shamhail inchliceáilte atá inti,
agus ba cheart di aithris a dhéanamh ar an bhfeidhmiúlacht ghinearálta. Is céim an-
tábhachtach é seo do dhearthóirí UI/UX a roghnaíonn gan bacadh le UX agus dul díreach
chuig an gcéim UI. Éiríonn leo uaireanta dul i bhfeidhm go mór ar an gcliant, ach beidh
tionchar diúltach aige sin ar an bpróiseas agus cuirfidh sé moill air.
6 - Gnéithe amhairc
Tar éis dúinn teacht ar chomhaontú maidir leis an bhfréamhshamhail agus leis an
bhfeidhmiúlacht, is féidir linn bogadh ar aghaidh chuig céim an chomhéadain úsáideora. Is
éasca é sin a dhéanamh mar tá fréamhshamhail againn cheana féin. Is féidir an chuid
ealaíne a dhéanamh le haistrithe agus le beochaintí, ach freisin le cur chuige dearaidh
comhaontaithe (Material, iOS, dearadh leata, nó meascán díobh).
7 - An coincheap a thástáil agus a bhailíochtú
Fiú má cheapann tú gur rud é a bhaineann le dearthóirí, mar gheall ar na cásanna a
phléamar thuas, bíonn ar an dearthóir a bheith ina thástálaí freisin (ó thaobh feidhmiúlachta
agus feidhmiú de).
Ar deireadh, d’fhéadfadh athrú teacht ar an bplean beag sin ag brath ar chéim agus ar staid
an tionscadail. Is iomaí cás atá ann ina bhfuil an tionscadal tosaithe cheana féin agus nach
bhfuil ag teastáil ach athdhearadh nó athchóiriú, mar aon le cásanna inar theip ar an
tionscadal uair amháin, agus cásanna ina bhfuil go leor srianta orainn (am, airgeadas, etc.).
Ina theannta sin, d’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag coincheapa amhail Scrum/Kanban,
Agile/Waterfall.
Don Norman
144 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Údar The Design of Everyday Things, leabhar cinniúnach, agus ba é a cheap an téarma
“eispéireas úsáideoirí” sna laethanta luatha in Apple. Ainmníodh Don Norman mar ghúrú na
teicneolaíochta inoibrithe in Newsweek.
Prionsabail Dearaidh Don Norman
In The Design of Everyday Things, leabhar ceannródaíoch Don Norman, a luaitear na
prionsabail seo.
Infheictheacht
Dá infheicthe is atá na feidhmeanna, is ea is dóichí go dtuigfeadh na húsáideoirí an chéad
chéim eile. I gcomparáid leis sin, nuair nach mbíonn feidhmeanna le feiceáil, is deacra
teacht orthu agus iad a thuiscint.
Aiseolas
145 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Baineann aiseolas le faisnéis a sheoladh ar ais faoi ghníomh a rinneadh agus faoinar
baineadh amach, rud a chuireann ar chumas an duine leanúint leis an ngníomhaíocht. Bíonn
cineálacha éagsúla aiseolais le fáil don dearadh idirghníomhach – aiseolais fuaime,
tadhlach, ó bhéal, agus meascáin díobh sin.
Iallaigh
Tagraíonn coincheap na n-iallach sa dearadh do bhealaí a chinneadh chun srian a chur ar
an gcineál idirghníomhaíochta úsáideoirí is féidir a dhéanamh ag céim ar leith. Is iomaí
bealach inar féidir é sin a bhaint amach.
Mapáil
Tagraíonn sé sin don ghaol idir rialtáin agus a n-éifeachtaí sa saol mór. Bíonn mapáil de
shaghas éigin idir rialtáin agus éifeachtaí ag teastáil i gcás gach cineáil déantán, nach mór,
is cuma an tóirse, gluaisteán, gléasra cumhachta, nó cró píolótaíochta atá ann. Sampla de
mhapáil mhaith idir rialtán agus éifeacht is ea na saigheada suas agus síos ar mhéarchlár
ríomhaire a úsáidtear chun an cúrsóir a bhogadh suas agus síos ar an scáileán.
Comhsheasmhacht
Tagraíonn comhsheasmhacht do chomhéadain a dhearadh le haghaidh oibríochtaí
comhchosúla agus eilimintí comhchosúla a úsáid chun tascanna comhchosúla a bhaint
amach. Go háirithe, cloíonn comhéadan comhsheasmhach le rialacha, mar shampla an
oibríocht chéanna a úsáid chun gach oibiacht a roghnú. Mar shampla, úsáideann oibríocht
chomhsheasmhach an gníomh ionchuir céanna chun aon oibiacht ghrafach sa chomhéadan
a aibhsiú, amhail cliceáil i gcónaí ar an gcnaipe luiche ar chlé. Ar an taobh eile den scéal,
ceadaítear eisceachtaí ar riail i gcomhéadain neamhsheasmhacha.
Acmhainneacht
Téarma a úsáidtear chun tagairt do thréith ruda lena gcuirtear ar chumas daoine a thuiscint
conas í a úsáid. Mar shampla, is léir gur cheart brú ar chnaipe luiche (agus, ar an gcaoi sin,
cliceáil air) sa chaoi ina bhfuil sé curtha ar fáil ar an luchóg phlaisteach. Ar leibhéal an-
simplí, is é atá i gceist leis leid a thabhairt (Norman, 1988). Nuair is léir acmhainneacht ruda
fhisiciúil, is éasca a thuiscint conas idirghníomhú leis an rud sin.
146 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Don Norman ag labhairt faoi UX
https://www.youtube.com/watch?v=9BdtGjoIN4E
Jakob Nielsen
Údar an tseicliosta chlasaicigh ar an inúsáidteacht, Ten Usability Heuristics, agus cosantóir
luath de thástáil inúsáidteachta, ainmníodh Jakob Nielsen mar ghúrú na leathanach gréasáin
inúsáidte in The New York Times.
Deich gcinn de heorastaic ar an inúsáidteacht don dearadh
comhéadain úsáideora
“Na deich bprionsabal is ginearálta don dearadh idirghníomhaíochta. Tugtar heorastaic orthu
mar is treoracha ginearálta iad seachas treoirlínte sonracha ar an inúsáidteacht.”
147 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Tá siad seo ar cheann den heorastaic is mó a úsáidtear le haghaidh Dearadh Comhéadain
Úsáideora. Jakob Nielsen a d’fhorbair iad in éineacht le Rolf Molich go luath sna 1990idí.
D’fhoilsigh Nielsen an tsraith dheiridh, atá le feiceáil anseo, in 1994.
Tugtar míniú níos doimhne ar an heorastaic san fhíseán seo.
https://youtu.be/hWc0Fd2AS3s
Infheictheacht stádas an chórais
Ba cheart don chóras úsáideoirí a choinneáil ar an eolas i gcónaí ar a bhfuil ar siúl, trí
aiseolas cuí laistigh de thréimhse réasúnta ama.
Léigh an t-alt iomlán ag https://www.nngroup.com/articles/visibility-system-status/
Comhoiriúnú idir an córas agus an saol nithiúil
Ba cheart teanga shothuigthe a úsáid sa chóras, lena n-áirítear focail, frásaí agus
coincheapa a thuigeann an t-úsáideoir seachas téarmaí atá dírithe ar an gcóras féin. Lean
cleachtais an tsaoil nithiúil, agus cuir faisnéis i láthair in ord nádúrtha loighciúil.
Léigh an t-alt iomlán ag https://www.nngroup.com/articles/match-system-real-world/
148 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Rialú úsáideoirí agus saoirse
Is minic a roghnaíonn úsáideoirí feidhmeanna an chórais trí thimpiste, agus beidh “bealach
éalaithe” atá marcáilte go soiléir ag teastáil uathu chun éalú ón bhfeidhm sin nach
dteastaíonn uathu gan dul trí dhialóg fhada. Ba cheart tacú le cealú agus le hathdhéanamh.
Comhsheasmhacht agus caighdeáin
Níor cheart go mbeadh amhras ar úsáideoirí an bhfuil an rud céanna i gceist le focail,
cásanna nó gníomhartha éagsúla. Lean cleachtais ardáin.
Earráidí a sheachaint
Rud atá níos fearr fós ná teachtaireachtaí earráide maithe is ea dearadh cúramach trína
gcuirtear cosc ar fhadhb ag teacht chun cinn. Faigh réidh le staideanna ina dtagann earráidí
chun cinn nó seiceáil lena n-aghaidh agus tabhair rogha dheimhnithe d’úsáideoirí roimh an
ngníomh a dhéanamh.
Léigh an t-alt iomlán ag https://www.nngroup.com/articles/slips/
Aithint seachas cuimhne
Laghdaigh an méid ar ar gá d’úsáideoirí cuimhneamh trí rudaí, gníomhartha agus roghanna
a dhéanamh infheicthe. Níor cheart go mbeadh ar an úsáideoir cuimhneamh ar fhaisnéis idir
cuid amháin den dialóg agus cuid eile. Ba cheart go mbeadh treoracha chun an córas a
úsáid le feiceáil go soiléir nó ba cheart go mbeifí in ann teacht orthu go héasca nuair is cuí.
Léigh an t-alt iomlán ag https://www.nngroup.com/articles/recognition-and-recall/
Solúbthacht agus éifeachtúlacht úsáide
Is minic a úsáidtear luasairí – nach bhfeiceann an t-úsáideoir úr – chun luas a chur faoin
idirghníomhaíocht don ardúsáideoir, rud a fhágann gur féidir leis an gcóras freastal ar
úsáideoirí a bhfuil go leor taithí acu agus ar úsáideoirí gan mórán taithí. Cuir ar chumas
úsáideoirí gníomhartha minice a chur in oiriúint.
Dearadh aeistéitiúil íostach
149 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Níor cheart go mbeadh faisnéis neamhábhartha ná faisnéis nach gá le fáil i ndialóga. Bíonn
gach mír bhreise faisnéise i ndialóg san iomaíocht leis na míreanna faisnéise ábhartha, agus
laghdaíonn sí chomh hinfheicthe is atá an fhaisnéis ábhartha sin dá réir sin.
Cabhraigh le húsáideoirí earráidí a aithint agus a dhiagnóisiú, agus teacht slán uathu
Ba cheart earráidí teachtaireachta a léiriú i dteanga shoiléir (gan chóid), ba cheart an fhadhb
a léiriú go cruinn iontu, agus ba cheart réiteach a mholadh go dearfach iontu.
Tá treoirlínte eile maidir le teachtaireachtaí earráide le fáil ar
https://www.nngroup.com/articles/error-message-guidelines.
Cabhair agus doiciméadúchán
Cé gur fearr gur féidir an córas a úsáid gan dul i muinín doiciméadúcháin, d’fhéadfaí gur ghá
cabhair agus doiciméadúchán a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh sé éasca rudaí a
chuardach i bhfaisnéis den sórt sin, ba cheart go mbeadh sí dírithe ar thasc an úsáideora,
ba cheart go mbeadh liosta inti de chéimeanna nithiúla atá le glacadh, agus níor cheart go
mbeadh an iomarca faisnéise ann.
Ocht riail órga Shneiderman don dearadh comhéadain
Tá na rialacha órga sin don dearadh comhéadain le fáil sa leabhar Designing the User
Interface a bhfuil Ben Shneiderman ar dhuine de na húdair. Ceapadh ar dtús iad in 1987 ó
thaighde a rinne Shneiderman i réimse na hidirghníomhaíochta idir daoine agus ríomhairí.
Baineann siad le formhór na gcóras idirghníomhach.
Is féidir leis na prionsabail seo cabhrú leat Comhéadan Úsáideoirí dea-dheartha a chruthú,
rud a chuirfeadh le hinúsáidteacht an chórais.
Foinse: Designing the User Interface: Strategies for Effective Human-Computer Interaction
Déan gach iarracht ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht
Ba cheart go n-éileofaí gníomhartha comhsheasmhacha i gcásanna comhchosúla; ba cheart
na téarmaí céanna a úsáid i leideanna, i roghchláir agus ar scáileáin chabhrach; agus ba
cheart orduithe comhsheasmhacha a úsáid ar fud an dearaidh.
150 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cuir ar chumas úsáideoirí rialta úsáid a bhaint as aicearraí
Faoi mar a théitear i dtaithí ar an úsáid, bíonn fonn ar úsáideoirí an líon idirghníomhaíochtaí
a laghdú agus luas na hidirghníomhaíochta a mhéadú. Bíonn giorrúcháin, eochracha
feidhme, orduithe folaithe, agus acmhainní macra an-chabhrach don úsáideoir oilte.
Tabhair aiseolas cabhrach
Ba cheart go gcuirfí aiseolas córais de shaghas éigin ar fáil tar éis gach gnímh oibreora.
Bíonn freagairt bheag oiriúnach do ghníomhartha minice agus mionghníomhartha, ach ba
cheart go mbeadh an fhreagairt ní ba mhó i gcás gníomhartha neamh-mhinice agus
mórghníomhartha.
Dear an dialóg chun clabhsúr a chur ar fáil
Ba cheart seichimh gníomhartha a eagrú ina ngrúpaí lena mbaineann tús, lár agus deireadh.
Soláthraítear aiseolas cabhrach ag deireadh grúpa gníomhartha, rud a thugann sásamh
d’oibreoirí go bhfuil rud bainte amach acu, faoiseamh, comhartha chun dearmad a
dhéanamh ar phleananna agus roghanna teagmhais, agus léiriú gur féidir ullmhú don chéad
ghrúpa gníomhartha eile.
Cuir láimhseáil earráidí shimplí ar fáil
Nuair is féidir, déan an córas a dhearadh ionas nach féidir leis an úsáideoir earráid mhór a
dhéanamh. Má dhéantar earráid, ba cheart go mbeadh an córas in ann an earráid sin a
bhrath agus meicníochtaí simplí sothuigthe a chur ar fáil chun an earráid a láimhseáil.
Ceadaigh aisiompú éascú gníomhartha
Maolaítear imní leis an ngné sin, mar tuigeann an t-úsáideoir gur féidir earráidí a chur ar
ceal. Ar an gcaoi sin, spreagann sé úsáideoirí triail a bhaint as roghanna nach bhfuil ar eolas
acu. D’fhéadfaí aon ghníomh amháin, iontráil sonraí, nó grúpa iomlán gníomhartha a
aisiompú.
Tacaigh le lócas rialúcháin inmheánach
151 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Teastaíonn go láidir ó oibreoirí ardoilte a bhrath gurb iad atá i gceannas ar an gcóras agus
go bhfreagraíonn an córas ar a ngníomhartha. Dear an córas sa chaoi gurb iad na
húsáideoirí a thionscnaíonn gníomhartha seachas a fhreagraíonn dóibh.
Laghdaigh an méid ar ar gá d’úsáideoirí cuimhneamh sa ghearrthéarma
Mar thoradh ar shrianta ar phróiseáil eolais an duine sa chuimhne ghearrthéarmach, ní mór
taispeáintí a choinneáil simplí, taispeáintí il-leathanach a dhaingniú, minicíocht gluaisne
fuinneog a laghdú, agus am oiliúna imleor a chur ar fáil do chóid, do neamónaic, agus do
sheichimh gníomhartha.
Cleachtadh machnaimh
Déan machnamh ar ar fhoghlaim tú faoi UX.
Úsáid an spás thíos
Gluais UX
Féach ar an ngluais téarmaí ar https://uxmastery.com/resources/glossary/
152 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Cleachtadh ar leithligh
Féach ar chás-staidéar Pol Kuijken maidir le Cleachtadh Dearaidh Google chun réiteach a
fháil ar fhadhb na dídine, cleachtadh a bhí le déanamh aige nuair a bhí sé ag cur isteach ar
phost le Google.
https://medium.com/@polkuijken/pet-adoption-8798b14af117
Ba é seo a leanas an treoir dhearaidh:
Tá na milliúin ainmhithe i ndídean agus i mbailte altrama faoi láthair agus iad ag
fanacht ar a n-uchtú. Dear eispéireas a chabhróidh chun daoine a bhfuil peata nua á
lorg acu agus an peata ceart dóibh a thabhairt le chéile. Cabhraigh le huchtaitheoir
teacht ar pheata oiriúnach dá stíl mhaireachtála, agus cuimhnigh ar thosca amhail
cineál ainmhí, inscne, aois, meon, agus stádas sláinte. Cuir sreabhadh ardleibhéil
agus sreangfhrámaí tacaíochta ar fáil.
153 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
Acmhainní UX
● https://www.interaction-design.org
● https://uxmastery.com
● https://wireframestogo.com/
● https://www.ted.com/talks/don_norman_on_design_and_emotion?language=en
● https://www.youtube.com/watch?v=v6n1i0qojws
● https://www.youtube.com/watch?v=a5KYlHNKQB8
● https://www.youtube.com/watch?v=MELKuexR3sQ
● https://www.springboard.com/blog/ux-design-principles/
● https://asktog.com/atc/principles-of-interaction-design/
● https://www.nngroup.com/
● www.centric.eu
154 Scileanna i bhForbairt Gréasáin – Cuid A
● https://www.immagic.com/eLibrary/ARCHIVES/GENERAL/UXPIN_PL/U141030B.pdf
● https://ddf46429.springboard.com/uploads/resources/1548810145_Ebook__UX_Fun
damentals__Learn_the_Basics_of_IA_UX_and_UI_Design.pdf
● https://medium.com/tag/ux
● https://www.interaction-design.org/courses
● https://www.mockplus.com/blog/post/what-is-interaction-design-and-how-it-works
● https://hackernoon.com/why-ux-design-must-be-the-foundation-of-your-software-
product-f66e431cc7b4
● https://www.nngroup.com/
● https://www.designprinciplesftw.com/collections/don-normans-principles-of-design
● https://badhtml.com/
Samplaí & cleachtadh ar leithligh faighte ó www.interaction-design.org,
www.nngroup.com www.medium.com agus www.centric.eu.