Upload
others
View
11
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1
Gnéithe de Theagasc
Éifeachtach na
Teanga Labhartha
2
Réamhrá “Oral Language is the child’s first, most important, and most frequently used structured medium of communication. It is the primary means through which each individual child will be enabled to structure, to evaluate, to describe and to control his/her experience. In addition, and most significantly, oral language is the primary mediator of culture, the way in which children locate themselves in the world, and define themselves with it and within it” (Cregan, 1998, luaite in Archer, Cregan, McGough, Shiel, 2012)
Ag an leibhéal is bunúsaí, is é is teanga labhartha ann cumarsáid a dhéanamh le daoine eile. Chuige sin úsáidtear eolas, smaointeoireacht agus scileanna chun labhairt agus éisteacht go héifeachtach. Dá bhrí sin, is gné lárnach na shaol gach duine í.
Baineann an teanga labhartha le gach gné de churaclam na bunscoile. Leagtar an tábhacht chéanna ar fhorbairt na teanga labhartha agus a leagtar ar an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht sa churaclam. Leagtar an bhéim chéanna orthu i bpróiseas na teanga comhtháite. Cé go leagann an Curaclam béim láidir ar an teanga labhartha, aithnítear go forleathan gur bhain dúshlán le cur i bhfeidhm shnáithe na Teanga Labhartha agus “there is evidence that some teachers may have struggled to implement this component because the underlying framework was unclear to them” (NCCA, 2012, lch 10)
I bhfianaise an méid sin agus d'fhonn cur chuige struchtúrtha a chur ar fáil do mhúinteoirí, leagtar amach sa leabhrán seo múnla molta do theagasc éifeachtach na teanga labhartha. Tá cúig ghné ann, agus leagtar amach gach ceann díobh go sonrach sna leathanaigh seo a leanas.
Cúig Ghné de Theagasc
Éifeachtach na Teanga Labhartha
Timpeallacht Foghlama Teanga a Chruthú
Scileanna Éisteachta & Labhartha a
Fhorbairt
Raon Leathan Téacsanna
Labhartha a Theagasc
Feasacht Teanga agus Stór Focal a
Theagasc agus a Leathnú
Cuimhne Éistitheach a
Chothú
3
De réir Curaclam na Gaeilge:
Cé go mbeidh an éisteacht á forbairt in éineacht leis na scileanna eile, agus go háirithe leis an gcaint i gcomhthéacs na cumarsáide, is fiú tabhairt faoi mhúineadh na héisteachta mar scil inti féin. Tá sé tábhachtach go mbeidh cuspóir cinnte ag an bpáiste gach uile uair a n-éisteann sé/sí le téacs éisteachta sa rang, pé acu i gcomhair pléisiúir nó i gcomhair eolais é. Más eolas atá ag teastáil ó dhuine is féidir éisteacht go cúramach, mar a dhéantar nuair a ghlaotar ar an
amchlár traenach. Más pléisiúr an aidhm ní gá ach suí siar agus éisteacht le hamhrán nó le píosa ceoil. Is féidir freisin iarraidh ar pháistí gan ach cnámha an scéil a thuiscint nó rudaí ginearálta a aimsiú i scéal. I gcomhthéacs na cumarsáide ní gá go dtuigfeadh an páiste gach focal ach go dtuigfeadh sé/sí cnámha an scéil nó an phíosa nuachta. Tá deacracht ag baint le téacs éisteachta nach mbaineann le téacs léitheoireachta. Mura gcloiseann an páiste an teachtaireacht ní féidir dul siar agus í a dheimhniú, rud is féidir le leabhar. Caithfidh sé/sí éisteacht go cúramach nó iarraidh ar an Múinteoir athrá a dhéanamh. Ní féidir é sin a dhéanamh leis an raidió, ach is féidir taifeadadh a sheinm an athuair. Tá scil na héisteachta níos deacra ná mar a shíltear. Traenáil i scil na héisteachta • Scil na héisteachta a bheidh á forbairt seachas an phríomhbhéim a bheith ar scrúdú iaréisteachta amháin. • Déanfar muinín a chothú sna páistí chun go dtabharfaidh siad faoi ábhar éisteachta le fonn. • Tabharfaidh an múinteoir faoi ábhar éisteachta gan a bheith ag súil go dtuigfidh na páistí gach focal. • Spreagfaidh an múinteoir na páistí a bheith bródúil as a gcumas éisteachta agus tuisceana mar chuid thábhachtach d’fhoghlaim na Gaeilge. Ar fhágáil na bunscoile beidh an páiste in ann feidhmiú as Gaeilge trí labhairt faoi na topaicí a bhfuil spéis aige/aici féin iontu. Beidh sé/í in ann é/í féin a chur in iúl. Beidh sé/í in ann labhairt le daoine a bhuaileann leis/léi i suímh dhifriúla, go háirithe le páistí eile agus leis an múinteoir sa seomra ranga, sa scoil agus sa Ghaeltacht, i siopaí agus i mbialanna. Beidh úsáid an teileafóin agus na meán cumarsáide ar a c(h)umas freisin. Beifear ag súil go mbeidh páistí na mbunscoileanna go léir in ann na cuspóirí sin a
chomhlíonadh ag leibhéal a oireanndá gcúinsí féin. Caithfear a bheith réalaíoch faoin
méid a bhfuiltear ag súil leis ó pháistí. Is féidir le páiste é/í féin a chur in iúl le teanga
shimplí. Is féidir eolas a lorg le ceist shimplí agus eolas a thabhairt le freagra gairid
freisin. Is féidir brí a chur in iúl le tuairisc ghonta nó cur síos a dhéanamh le habairtí
sothuigthe. Má tá páiste in ann teanga níos saibhre a úsáid beidh an tsaoirse sin
aige/aici.
Scileanna Éisteachta & Labhartha a
Fhorbairt
4
Scileanna Éisteachta agus Labhartha a fhorbairt. San alt thíos, déantar tagairt do ghnéithe éifeachtachta a bhaineann le teagasc teanga agus na scileanna éisteachta agus labhartha. The early years are a period in which young children are using language to learn not only about their world but also how language can be used to serve many purposes. This knowledge is referred to as pragmatic knowledge (Otto, 2006). One component of pragmatic knowledge is conversational skills. Ninio and Snow (1999) as well as Weiss (2004) assert that how well children develop conversational skills can influence how well they interact with others (as cited in Otto, 2006). To a certain degree, children pick up this knowledge naturally, but an astute teacher or parent plays a vital role in assisting children in their ability to be good conversationalists. Conversing with children is not the only way to increase vocabulary, however. Strategies teachers use while reading with and to children can also build their word banks. Asking open ended questions (questions in which there is no right or wrong answer and to which the adult does not “know” the answer) helps teachers assess children’s comprehension but also helps them learn more vocabulary words (Whitehurst et al., 1988, as cited in Wasik, 2006).Kerry (1982) asserts that the vast majority (approximately 80%) of “teacher talk” in classrooms is focused on tasks: giving instructions, providing information, or correcting behaviour or information. Of this talk, 80% of it consists of low-level questions that ask children to recall information rather than open-ended questions requiring children to think at higher levels (as cited in Jalongo, 2008). A very important consideration in using any questioning technique is the “wait time” given to children as they formulate their response. In addition to giving children ample time to formulate answers, how teachers respond at that point can encourage or discourage future participation in discussions (Otto, 2006). Attentive body language, expanding children’s responses, asking clarifying questions, and using reflective listening techniques are ways to support children’s continued participation in current and future dialogues (Otto, 2006). The obvious partner to participating in talk is the ability to listen. Conversation is a two way communication experience. Although children’s oral, or expressive, language often gets emphasized, receptive language, or listening, is equally important. Naturally, the ability to listen is also a key component in learning. It is the way children take in information through hearing and interpret that information. Children (and adults) can be taught to be good listeners. A primary way of helping children participate as listeners and speakers in conversations is for teachers to model good listening and speaking techniques themselves. Following are some things teachers can do to increase children’s listening and speaking skills: 4
5
When children are speaking, get down to their eye level. It is difficult to keep up a conversation
with someone when you must keep looking up.
Treat children as if they are skilled at conversation. Give them your full attention and focus on what they say. Ask open-ended questions to follow up on what they share.
Speak to all children, even those who may have language delays or who are English language learners.
Ask children questions about things to which you do not know the answer. Questions that ask children to reflect on a topic or to formulate opinions and explain them not only show children that you value their ideas but also encourage them to think about their own feelings and ideas. Don’t give up if children don’t respond well the first time. Sometimes this kind of questioning and responding takes more deliberate probing and time for children to develop this skill.
Help children learn to listen to one another. When adults value listening to children and to each other, children will notice this. Adults must also, however, be intentional in giving children the skills to listen to one another. Some teachers find that giving the speaker a prop, such as a stuffed animal or other small object, while speaking to the group helps distinguish whose turn it is to talk (Jalongo, 2008).
Limit group time and small group discussions to a reasonable time limit for young children. Their ability to stay attuned to a lengthy discussion is incomplete at this age. When attention is wandering, it is best to bring closure to the activity and transition to something else. Record, both by writing on chart paper and audio, transcripts of discussions so that children can hear and have read back to them things that were shared.
Value all the home languages of the children in the class, including sign language for the hearing impaired. For the benefit of English language learners and everyone else, learn some of the key words and phrases in the languages represented in the group, record them, create word/picture cards, and provide them in a listening centre. This way, children can learn some important words in another language and support the speaker of that language (Jalongo, 2008).
Help children learn to listen and to ask questions by having “Show and Ask” rather than “Show and Tell.” As children bring in items or objects to talk about, have the rest of the group think of questions to ask the speaker about the item. This helps children become better listeners as well as learn how to ask questions (Jalongo, 2008). Deason (2012)
Cad iad na nithe ba chóir a theagasc? Tá gnéithe áirithe a chaitear a theagasc sula dtugtar faoi theagasc na teanga labhartha go foirmiúil. Is iad sin:
Feasacht ar na rialacha ginearálta a bhaineann leis an idirchaidreamh sóisialta
Iompraíochtaí neamhbhriathartha
Rialacha don éisteacht
Rialacha don labhairt
6
Feasacht ar na rialacha ginearálta a bhaineann leis an idirchaidreamh sóisialta:
D'fhonn scileanna labhartha agus éisteachta a theagasc, beidh ar mhúinteoirí feasacht a chruthú ar an gcaoi a n-éiríonn le dea-chomhrá trí fhéachaint ar na 'rialacha' a gcloíonn dea-chainteoirí agus dea-éisteoirí leo. Is minic a tharlaíonn sé sin i ngan fhios. Sealanna a ghlacadh; tá sé an-tábhachtach sealanna a ghlacadh ionas go mbeadh caidreamh éifeachtach idir an cainteoir agus an t-éisteoir. Ní mór do na páistí na sosanna sa chomhrá a aithint ionas gur féidir leo seal a ghlacadh, briseadh isteach, ceist a chur nó ábhar na cainte a athrú. Is féidir leis an múinteoir a mhúineadh do pháistí sealanna a ghlacadh ionas go spreagtar gach páiste chun cainte, e.g. suíonn gach duine i gciorcal agus bíonn a s(h)eal féin ag gach duine, iarrtar ar dhaltaí oibriú le comhpháirtí agus a roghnú cé a ghlacfaidh an chéad seal. An t-urlár; deirtear faoin duine a bhíonn ag caint go mbíonn 'an t-urlár' aige. I rith comhráití, baineann cainteoirí agus éisteoirí úsáid as teagmháil súl, comharthaíocht cholainne, gothaí agus sosanna le déanamh amach cén uair is féidir le duine eile 'an t-urlár' a ghlacadh. Péirí i dteannta a chéile; is éard atá anseo seicheamh dhá ráiteachas (utterance) i ndiaidh a chéile, a dhéanann beirt chainteoirí dhifriúla e.g. ceist agus freagra, beannacht agus freagra. Is uirlis mhaith é sin chun idirchaidreamh sóisialta na bpáistí ó lá go lá a fhorbairt.
Ceartú; Tarlaíonn sé seo nuair a bhíonn ar chainteoirí rud éigin a dúirt siad a 'dheisiú', e.g. “trasna an tsráid, 'na sráide' ba chirte dom a rá”. Uaireanta is féidir leis an éisteoir ceartú a lorg trí ghothaí a chur ar a (h)aghaidh nó trí chomharthaíocht cholainne nó míniú a lorg trí cheist a chur cosúil le 'Cad atá i gceist agat?' nó 'ní thuigim go baileach'. Ní mór páistí a spreagadh le deimhin a dhéanamh de go dtuigeann siad a bhfuil á rá ag an duine eile agus go dtuigeann an duine eile a bhfuil á rá acu féin. Iompraíochtaí neamhbhriathartha Tá níos mó i gceist leis an gcumarsáid seachas briathra nó focail. Téann an úsáid a bhainimid as an nguth, as gothaí aghaidhe, agus as comharthaíocht na colainne i bhfeidhm ar na teachtaireachtaí a bhímid a thabhairt. Is minic nach mbíonn a fhios ag páistí go dtéann an tslí a sheasann siad nó an tslí a théann siad i dtreo duine i bhfeidhm ar an duine sin. Ach a mbíonn páistí feasach ar an tslí a chuireann an duine é/í féin in iúl lena c(h)olainn agus lena g(h)uth, is féidir le múinteoirí cuidiú le páistí a bheith níos airdeallaí ar na hiompraíochtaí neamhbhriathartha a chuirfidh ar a gcumas iad féin a chur in iúl ar bhealach éifeachtach.
Sealanna a ghlacadh
An t-urlár
Péirí i dteannta a chéile
Ceartú
Béasaíocht
Conas atá tú? Go breá, go raibh
maith agat!
7
Cad iad na hIompraíochtaí neamhbhriathartha seo?
Úsáid an ghutha: Úsáid a bhaint as tuin chainte agus as sosanna cainte a chuireann brí agus dearcadh in iúl
Airde an ghutha: Braitheann airde an ghutha ar na cúinsí, ar an gcuspóir agus ar an lucht éisteachta. Uaireanta bíonn gá le guth ard, le linn spraoi nó tionóil scoile mar shampla. Uaireanta eile ní mór guth ciúin a úsáid, nuair a bhítear ag obair sa leabharlann mar shampla. Den chuid mó, ba chóir an guth a bheith ard go leor go gcloisfeadh an lucht éisteachta é agus go dtuigfidís an teachtaireacht. Má ardaítear agus má íslítear an guth is féidir béim a leagan ar rudaí áirithe nó drámaíocht a chruthú agus scéal á aithris, nó cur síos á dhéanamh ar imeachtaí nó duine ag iarraidh dul i gcionn ar an lucht éisteachta.
Tuin chainte: Léiríonn an tuin chainte athruithe sa chaint; cuireann tuin chainte íslitheach in iúl go bhfuil deireadh leis an teachtaireacht, agus cuireann tuin chainte ardaitheach in iúl go bhfuiltear ag cur ceiste.
Tuinairde (pitch): Bíonn tuinairde úsáideach agus mothúchán á chur in iúl. Ardaíonn an tuinairde nuair a bhímid ar bís agus íslíonn sé nuair a bhímid faoi bhrón.
Sosanna: Is tostanna idir abairtíní iad sosanna, a úsáidtear chun tuairimí a scaradh óna chéile agus chun aird an lucht éisteachta a choinneáil. Bíonn sé seo thar a bheith éifeachtach nuair a bhítear ag déanamh cur i láthair, cosúil le tuairisc ó bhéal nó scéal a insint.
Fuaimniú: Tagraíonn fuaimniú don chaoi a ndeirtear focail. Seans go mbeadh deacracht ag páistí óga fuaimeanna áirithe a fhuaimniú agus bhainfidís tairbhe as na focail sin a chloisteáil agus iad á múnlú i gcomhthéacsanna a mbaineann brí leo. Bíonn an fuaimniú difriúil ó réigiún go réigiún. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh páistí fuaimniú na bhfocal sa Bhéarla Caighdeánach.
Gaireacht: Ciallaíonn gaireacht an spás pearsanta idir daoine atá ag caint lena chéile. Rachaidh an gaol atá eatarthu, a bpearsantachtaí, a gcultúir nó cibé an ócáid phearsanta, shóisialta nó phoiblí í i bhfeidhm ar an méid spáis a bheidh de dhíth.
Teagmháil Súl: Ciallaíonn sé seo úsáid a bhaint as na súile nó an dearcadh agus beirt ag caint lena chéile aghaidh ar aghaidh. Braitheann leibhéal na teagmhála súl ar an ngaol idir na daoine a bhíonn i mbun cumarsáide agus téann sé i gcionn ar an gcainteoir agus ar an éisteoir araon.
Scileanna Éisteachta a Fhorbairt: Dar le LeLoup agus Pontero: “Listening is arguably the most important skill used for obtaining comprehensible input in one’s first language and in any subsequent languages. It is a pervasive communicative event. We listen considerably more than we read, write or speak.” (LeLoup agus Pontero, 2007) D'fhonn scileanna éisteachta a mhúineadh, tá moltaí sa Churaclam. Ina theannta sin, ní mór do mhúinteoirí
Múnlú sonrach a dhéanamh ar conas is féidir a bheith i do dhea-éisteoir
Blúirí físe de dhea-éisteoirí a thaispeáint do na páistí
Deiseanna ciúine éisteachta a chur ar fáil mar chuid den lá scoile
Spásanna a chur ar fáil sa seomra ranga a spreagann comhrá agus géaréisteacht, e.g. ‘sa siopa', ‘Ag an dochtúir’
Cairteacha foghlama a churthú a chuimsíonn tréithe an dea-éisteora
8
Ar na bealaí a bhféadfaí é sin a bhaint amach tá:
Treoracha soiléire a thabhairt le linn gach gníomhaíochta foghlama Ceisteanna ábhartha a chur Scéalta a léamh amach os ard do na páistí agus a thabhairt orthu an scéal a athinsint i
seicheamh
Páistí a spreagadh chun nótaí a ghlacadh agus creata á n-úsáid acu Cleachtaí deachtúcháin a úsáid Cluichí a imirt Úsáid a bhaint as scéalta atá curtha ar téip agus ceisteanna Eolas a bhailiú Gníomhaíochtaí iata a dhéanamh nó abairtí nó scéalta neamhchríochnaithe Agallaimh a dhéanamh Obair thopaice a bhunú ar ábhar clár raidió Abairtí, tuairimí agus scéalta a chomhleanúint Éisteacht le hamhráin, le dánta agus le ceol Ceachtanna teagascacha a úsáid
Scileanna Labhartha a Fhorbairt: D'fhonn scileanna labhartha a mhúineadh, tá moltaí sa Churaclam. Ina theannta sin, ní mór do mhúinteoirí
labhairt éifeachtach a mhúnlú go follasach ar bhealach foirmiúil agus neamhfhoirmiúil deiseanna a thabhairt do pháistí tabhairt faoi chomhrá, e.g. úsáid a bhaint as siopa sa rang,
cártaí cnámha scéil a thabhairt dóibh
tascanna a thabhairt do pháistí lena gcaitheann siad breathnú ar labhairt éifeachtach agus cuntas a bhreacadh di
úsáid a bhaint as rólghlacadh chun scileanna maithe comhrá a theagasc agus a threisiú gníomhaíochtaí a dhéanamh lena léann an rang ina iomláine amach os ard na rialacha a bhaineann le hidirchaidreamh sóisialta, atá luaite thuas, a theagasc cairteacha a chruthú a chuimsíonn na gothaí a ghabhann leis an labhairt éifeachtach cosúil
leis na hiompraíochtaí neamhbhriathartha a luaitear thuas
9
Is é príomhchuspóir teanga ná mianta, riachtanais, tuairimí, eolas agus mothúcháin a chur in iúl.
Áitíonn go leor teoiriceoirí go mbaineann na húsáidí difriúla dá n-úsáidimid teanga le catagóirí
difriúla. Rinne an teangeolaí ó mBreatain, Michael Halliday, taighde tábhachtach lenar mhol sé
liosta de 7 bhfeidhm teanga, a dtugtar "Halliday’s Functions of Language (1972)” orthu. Tá na
feidhmeanna sin liostaithe anseo thíos:
Feidhm Úsáidtear le haghaidh Éilítear teanga do
Ionstraimeach Riachtanais a chur in iúl / Nithe a chur i gcrích
Fiafraí, Iarraidh, Míniú
Rialáil Dul i bhfeidhm ar iompraíocht, mothúcháin /dearcaí daoine eile
Tascanna a leagan síos, Bainistiú, Idirbheartaíocht, Treorú, Stiúradh, Smachtú
Idirchaidreamhach Réiteach le daoine eile Idirchaidreamh a thosú, Cásamh le duine, Argóint le duine, Argóintí a réiteach, Duine a spreagadh, Comhbhá a dhéanamh le duine
Pearsanta Féiniúlacht agus mothúcháin phearsanta a chur in iúl
Tuairimí a chur in iúl, Dul i ngleic le duine, Smaointe agus mothúcháin a chur in iúl, Rudaí a thit amach a aithris
Heorastúil Eolas ar an timpeallacht shóisialta agus fhisiciúil a lorg agus a fhoghlaim
Ceistiú, Plé, Fiafraí, Fiosrú Imscrúdú, Soiléiriú
Samhailteach Scéalta, cluichí, domhain nua agus téacsanna nua a chruthú
Scéalta a insint, Rudaí a thuar nó teacht rompu Ag samhlú, ag Imirt, ag Baint Trialach as rudaí
Léiritheach Eolas a chur in iúl Ag insint, ag Léachtóireacht, ag Tabhairt fíricí, ag Roinnt scileanna, ag Déanamh ráitis, ag Roinnt eolais, ag Cur daoine ar an eolas
Raon Leathan Téacsanna
Labhartha a Theagasc
10
Tá raon téacsanna/seánraí (cosúil le seánraí scíofa) teanga labhartha ar féidir le múinteoirí úsáid a
bhaint astu chun aghaidh a thabhairt ar fheidhmeanna teanga a éilítear do chúinsí sóisialta agus
acadúla.
Léiríonn an tábla thíos cuid de na cineálacha difriúla téacsanna:
Rogha de Chineálacha Difriúla Téacsanna
Tuairiscí ó Bhéal Comhráití
Scéalaíocht agus Staróga Ceistiú agus Agallóireacht
Obair le comhpháirtí agus i ngrúpaí beaga Argóintí agus Díospóireachtaí Foirmiúla/Neamhfhoirmiúla
Treoracha/Nósanna Imeachta a Thabhairt
Ní mór do pháistí a thuiscint conas a fheidhmeoidh raon téacsanna na teanga labhartha i gcúinsí
difriúla. Dá bhrí sin, ní mór dúinne, mar mhúinteoirí, struchtúir agus gnáthaimh a bhunú sa seomra
ranga a thugann deis do pháistí a dtuiscintí ar chineálacha éagsúla téacsanna na teanga labhartha a
fhorbairt, agus deiseanna a chur ar fáil dóibh na cineálacha sin a chleachtadh i gcúinsí difriúla.
Agus aghaidh á tabhairt ar na cineálacha difriúla teanga tá sé tábhachtach cuimhneamh ar:
An raon cúinsí difriúla sóisialta teanga (foirmiúil nó neamhfhoirmiúil, aithnid nó anaithnid)
Raon na gcúinsí cultúrtha don teanga (áitiúil, pobail, institiúideach)
Rannpháirtithe féideartha an chomhrá agus an gaol eatarthu (daoine aithnidiúla, neamhaithnid, páistí, comhaoisigh, daoine fásta)
Sainmhínithe agus Gníomhaíochtaí a Thacaíonn le Cur i
bhFeidhm
Tuairiscí ó Bhéal
Tugann tuairiscí ó bhéal taithí do pháistí eolas a roghnú agus a eagrú a oireann do lucht
éisteachta, do chuspóirí, agus do chúinsí faoi leith. Is féidir tuairiscí pleanáilte a bheith i gceist
cosúil le tuairisciú ar thionscadal( ‘An Frog’) agus neamhphleanáilte cosúil leis an gcuid sin de
cheacht ina mbíonn gach páiste rannpháirteach (Conas a d'éirigh le bhur ngrúpa?) Tuairiscí ó
bhéal atá bunaithe ar chomhfhócas nó ar chomhspéis nó ar thopaicí faoi leith a bhfuiltear ag
déanamh staidéir orthu ag an tráth áirithe sin. Oireann ábhair cosúil leis an eolaíocht agus an
tíreolaíocht do thuairiscí eagrúcháin, e.g. tuairisc ar shaolré an fhéileacáin, tuairisc ar bholcáin,
go háirithe má rinne páisteí obair ghrúpa ar dtús.
11
Feidhm Theanga Cineál Téacs Struchtúr Téacs agus Gnéithe Teanga
Léiritheach Eolas a chur in iúl, cur síos a dhéanamh, tairiscintí a chur in iúl Pearsanta Féiniúlacht agus mothúcháin phearsanta a chur in iúl
Tuairiscí ó Bhéal Is féidir iad a bheith pleanáilte nó neamhphleanáilte
Struchtúr an Téacs
Cur síos, míniú, tuairisc, aithris
Struchtúir agus Gnéithe na Teanga
Coipcheapa agus focail a bhaineann go sonrach le
hábhar faoi leith ag brath ar an topaic
Focail Thábhachtacha
Focail a chuireann tuairim in iúl
Scileanna agus Tuiscint Eolais
Tuairisc a struchtúrú ionas go mbeadh a dhóthain mionsonraí ann go mbeadh an t-éisteoir in ann é a leanúint agus a thuiscint
Foghlaim nua a shoiléiriú
Éisteacht go gníomhach
Feasacht Mheititheangeolaíoch
Úsáid shoiléir agus bheacht na Teanga
Luas
An chaoi ar féidir le prapanna tacú le hiarrachtaí cumarsáide a thuiscint
Scileanna Sonracha Teanga
Eolas a roghnú agus a eagrú
Fíricí tábhachtacha a aithint
Eolas a chur i gcomhthéacs
Míniú a thabhairt
Eolas a chuimsiú
Gníomhaíochtaí chun Tuairiscí ó Bhéal a fhorbairt Tuairiscí Teilifíse / Raidió Is féidir leis an múinteoirí blúirí de thuairiscí teilifíse nó raidió a sheinm cosúil le nuacht, réamhaisnéis aimsire agus cláir faisnéise chun aird na npáistí a dhíriú. Tabharfaidh sé sin deis do pháistí éisteacht leis na struchtúir agus na gnéithe sonracha teanga a bhaineann leis an gcineál sin téacs leabhartha agus anailís a dhéanamh orthu. Is féidir le páistí eolas tábhachtach a thaifeadadh faoi na cúig cheannteideal 'cén', i.e. cén duine, cén uair, cén rud, cén áit, cén fáth. Mo Nuacht Cuireann an ghníomhaíocht seo creat ar fáil do pháistí chun tuairisc nuachta ó bhéal a thabhairt ar nithe a thit amach ina saol féin. D'fhéadfaí úsáid a bhaint as na ceistfhocail anseo.
12
Tuairisc Nuachta an Lae Tabhair deis do pháistí tuairisc nuachta a chur le chéile agus a chur i láthair bunaithe ar rud éigin a tharla ar scoil e.g. luch sa seomra ranga; rud éigin sa phobal e.g. foireann áitiúil a bhuaigh craobh an chontae; nó sa tír/sa domhan e.g. atoghadh an Uachtaráin Obama. Má úsáidtear bosca mar a bheadh teilifiseán ann cuideoidh sé leis an tuairisc a chur i láthair. D'fhéadfadh go mbeadh sé úsáideach freisin an tuairisc a thaifeadadh chun é a athsheinm agus a fhéinmheas. Tionscanamh ó Bhéal Tabhair am do pháistí obair thionscadail a chur i láthair i bhfoirm tuairisce ó bhéal.
Scéalaíocht agus Staróga (Anecdotes)
Rinne go leor cultúr a dtraidisiún a chaomhnú agus a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin
eile trí scéalta a insint, imeachtaí a thabhairt chun cuimhne agus staróga pearsanta a insint.
Cuirimid eolas in iúl trí scéalta an t-am go léir, e.g. "Fan go n-inseoidh mé duit céard a tharla
dom an tseachtain seo caite" etc. Is cuid ríthábhachtach den chomhrá ó lá go lá é an scéalaíocht
agus ba chóir go mbeadh sé ina chuid thábhachtach den seomra ranga freisin. “Narratives help
students to connect what is happening in the classroom with the real world; they provide a way
of understanding, organising and communicating experiences” (Ewing agus Simmons, 2004). Is
féidir le múinteoirí deiseanna taispeántais, cosúil le drámaíocht nó aithriseoireacht, a dhéanamh
den scéalaíocht.
13
Feidhm Theanga Cineál Téacs Struchtúr Téacs agus Gnéithe Teanga
Samhailteach Domhain nua a chruthú, scéalta agus dánta a chumadh
Scéalaíocht agus Staróga
Struchtúr an Téacs
Scéal, aithris, cur síos, tuairisc, athinsint
Struchtúir agus Gnéithe na Teanga
Teanga ar mhaithe le siamsaíocht agus daoine a chur ar an eolas
Teanga chun eispéiris agus mothúcháin a chur in iúl
Bíodh sraith imeachtaí, castacht agus conclúid san áireamh.
Foclóir tuairisciúil
Éagsúlacht sa tuin chainte, airde an ghutha, etc.
Comharthaíocht cholainne eispriseach
Ceisteanna reitriciúla a chur
Focail threisithe (an-, sách, fíor-) a úsáid chun cur leis an scéal
Scileanna agus Tuiscint Eolais
Cén uair ba chóir staróg nó scéal a insint le linn comhrá
Conas daoine eile a thabhairt isteach i gcumadh na staróige nó an scéil
Cad dó ba chóir a bheith ag faire amach, e.g. cé hiad na carachtair, cén fhadhb atá ann?
Conas pictiúirí a shamhlú le linn éisteachta
Gníomhaíochtaí don Scéalaíocht agus do Staróga
Dea-Scéalaíocht a Mhúnlú Léigh scéalta do na páistí go rialta. Agus scéalta á léamh tá sé tábhachtach an sárchleachtas a mhúnlú: bí chomh drámatúil agus is féidir ionas go bhfoghlaimeoidh páistí conas a chruthaíonn tuin chainte, airde an ghutha agus comharthaíocht cholainne teannas, spéis agus sásamh. Próifílí Carachtair a Chruthú Tabhair deis do pháistí oibriú le raon ábhar chun cuidiú leo tuairimí faoi charachtair a chur le chéile e.g. aghaidh fidil, hataí, pictiúirí, bróga. Iarr orthu ina dhiaidh sin agus iad ag obair ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí teacht aníos le carachtar agus eolas a thabhairt ar an áit a gcónaíonn sé/sí, ar a (h)aois, ar an gcineál teaghlaigh atá aige/aici, ar is mian leis/léi a dhéanamh mar chaitheamh aimsire. Scéalmhálaí Is pacáistí iad scéalmhálaí a chuirtear le chéile bunaithe ar scéal. De réir mar a instear an scéal úsáideann na páistí na prapanna chun an scéal a athinsint. Tá go leor suíomh gréasáin ann a thugann tuairimí do scéalmhálaí cosúil le http://www.storysack.com/
http://www.storysack.com/
14
Scéalta i gCiorcal Tharlódh go dtosódh an múinteoir agus go ndéanfadh sé/sí cur síos ar an áit a dtarlaíonn an scéal agus go gcuirfeadh sé/sí carachtar i láthair. Leanfadh páiste a bheadh ina shuí in aice leis an múinteoir ar aghaidh leis an scéal agus ansin leanfadh an chéad páiste eile ar aghaidh leis agus mar sin de. Is maith sin; Is olc sin Is cluiche spraíúil idirghníomhach é seo a oireann do chainteoirí atá cúthail nó drogallach. Suíonn an rang i gciorcal. Tosaíonn an múinteoir leis an scéal agus leanann dea-eachtra droch-eachtra. Tugann an rang an freagra 'is maith sin' nó 'is olc sin' e.g. Scéalta Éagsúla Múnlaigh raon leathan scéalta a insint don rang - scéalta púcaí, scéaltaí 'Is cuimhin liom an uair', scéalta drámatúla, scéalta ón tseanaimsir. Tabhair deis do pháistí scéalta den chineál sin a roinnt. Scéalta Fuaime
Insíonn scéal fuaime scéal, i bpáirt nó ina iomláine, trí úsáid a bhaint as éifeachtaí fuaime. Nuair a bhítear ag úsáid scéalta fuaime, pléigh an scéal leis na páistí agus roghnaigh na héifeachtaí fuaime leo atá le cur leis an scéal. Is bealach nádúrtha é seo chun foghlaim teanga a nascadh le curaclam an cheoil. Seo a leanas roinnt fuaimeanna a mholtar le húsáid leis an scéal 'Na Trí Mhuicín'.
Imeachtaí Éifeachtaí Fuaime
Na trí mhuicín ag rith thart
Fuaim bainbh déanta ó bhéal, cloigíní á gcroitheadh go tapaidh
An mac tíre lasmuigh den teach
Druma á bhualadh cosúil le coiscéimeanna
An chéad mhuicín ag tógáil teach tuí
Basa á gcuimilt le chéile, méar ag cuimilt craiceann druma, liathróidh á dhéanamh de pháipéar
Acmharclann Léitheoirí Is éard atá i gceist anseo go nglacann páistí carachtair ó scéal agus go léann siad an script os ard sa rang. Leis sin déantar rud beo bríomhar de leabhar agus spreagann sé páistí le smaoineamh ar airde gutha, ar luas, ar shosanna, ar thuin chainte, agus ar ghothaí colainne agus aghaidhe agus iad ag déanamh cur i láthair. Is féidir Amharclann Léitheoirí a eagrú go héasca ach na céimeanna seo a leanas a leanúint:
Roghnaigh téacs feiliúnach - cuireann go leor leabhar agus suíomhanna gréasáin scripteanna ar
fáil d'Amharclann Léitheoirí
Déan cinneadh cé na grúpaí a bheith i mbun gach carachtair
Iarr ar na grúpaí téacs an charachtair a aibhsiú
Iarr ar na grúpaí a dhéanamh amach cé na hamanna a d'fhéadfaí éifeachtaí fuaime agus
prapanna a úsáid
Múinteoir; “Agus mé ag
ní mo chuid éadaí an
Satharn seo caite, tháinig
mé ar €20”
Daltaí; “Is maith sin”
Múinteoir; “Ansin chuala
mé torann ard; chiceáil
duine éigin liathróid trí
fhuinneog na cistine trí
thimpiste. Cosnóidh sé
€20 an fhuinneog a
dheisiú.”
15
Tabhair am do na grúpaí a gcuid línte a chleachtadh mar ghrúpa roinnt babhtaí
Tabhair am don rang go léir an téacs a aithris
Puipéadóireacht Tá an cleas seo úsáideach don chainteoir atá cúthail nó drogallach. Is áiseanna úsáideacha iad puipéid is féidir le páistí a úsáid agus iad ag athinsint scéalta nó ag cur a gcuid scéalta féin i láthair óir tugann siad deis do pháistí struchtúir agus tréithe an scéil a chleachtadh agus triail a bhaint as an nguth agus as airde an ghutha.
Drámaíocht Tugtar deiseanna do pháistí an teanga a úsáid ar mhaithe le siamsaíocht a chur ar fáil tríd an drámaíocht. Is féidir le múinteoirí drámaíocht a eagrú agus páistí ag caint as a seasamh nó agus iad ag úsáid scripteanna.
Feidhm Theanga Cineál Téacs Struchtúr Téacs agus Gnéithe Teanga
Idirchaidreamhach Ag réiteach le daoine eile, ag socrú stádas coibhneasta Ionstraimeach Riachtanais a chur in iúl/Nithe a chur i gcrích
Obair Bheirte agus i nGrúpaí Beaga
Struchtúr an Téacs
Úsáideann na páistí teanga chun idirchaidreamh agus pleanáil a dhéanamh, chun ról a ghlacadh, chun cluiche nó gníomhaíocht ghrúpa a fhorbairt agus a chothabháil, agus chun monatóireacht agus machnamh a dhéanamh
ar an tasc.
Struchtúir agus Gnéithe na Teanga
Teanga ar mhaithe le siamsaíocht agus daoine a chur ar an eolas
Teanga chun eispéiris agus mothúcháin a chur in iúl
Bíodh sraith imeachtaí, castacht agus conclúid san áireamh.
Foclóir tuairisciúil
Éagsúlacht sa tuin chainte, airde an ghutha, etc.
Comharthaíocht cholainne eispriseach
Obair bheirte agus i ngrúpaí beaga
Cuireann obair bheirte agus obair i ngrúpaí beaga comhthéacs fíor foghlama ar fáil lenar féidir le
daltaí scileanna labhartha agus éisteachta a chleachtadh. Tugtar deis do pháistí a bheith
rannpháirteach go gníomhach i gcur le chéile a gcuid eolais féin. D'fhágfadh sin go mbeadh tuiscint
níos fearr acu ar an ábhar agus go mbeadh sé inmheánaithe acu. Tugtar deis do pháistí teanga a
úsáid chun idirchaidreamh agus pleanáil a dhéanamh, chun ról a ghlacadh cosúil le bainisteoir,
taifeadóir, etc, chun gníomhaíocht ghrúpa a fhorbairt agus chun monatóireacht agus machnamh a
dhéanamh ar an tasc/ar an bhfoghlaim. Tugann an fhoghlaim i ngrúpaí beaga deis don mhúinteoir
tacú go héifeachtach le foghlaim na bpáistí trí threoir a chur ar fáil a chinntíonn go n-éiríonn
go maith leis na grúpaí, go bhfuil ag éirí leis na rólanna a sannadh agus go bhfuil an
fhoghlaim á cothú.
16
Straitéisí d'Obair le Comhpháirtí agus i nGrúpaí Beaga
Rialacha d'Obair Ghrúpa Is fearr na rialacha a leagan síos mar rang d'obair éifeachtach ghrúpa. Ach a mbeadh na rialacha leagtha síos, cuir ar taispeáint iad ar phóstaer áit éigin fheiceálach sa seomra ranga.
Ceisteanna reitriciúla a chur
Focail threisithe (an-, sách, fíor-) a úsáid chun cur leis an scéal
Scileanna agus tuiscint Eolais
Bíodh gach duine sa ghrúpa rannpháirteach
Tabhair freagra ar a ndeireann daoine eile
Éist le daoine eile agus cruthaigh spás dóibh
Déan tuairimí agus smaointe a fhorbairt agus a
shoiléiriú
Déan achoimre agus meastóireacht
Bainistigh an t-am
Déan tosaíochtaí Teanga don Idirchaidreamh Sóisialta
Tabhair aiseolas
Sannaigh rólanna
Iarr cabhair
Déan teagasc
Tabhair cuireadh
Atreisigh
Iarr cead
Teanga don fhoghlaim
Tuairimí a mholadh
Meastóireacht a dhéanamh
Tuairimí a thabhairt agus a chosaint
Tuairimí a lorg i gcomhair machnaimh agus gnímh
Cur le tuairimí daoine eile
Tús a chur le plé
Eolas a roinnt, Áiteamh ar dhuine, Easaontú le duine
Bheith ar aon fhocal faoi
rud
Treoracha a thabhairt
Dul i gcomhairle le duine
Dúshlán duine a thabhairt
Míniú a thabhairt
Rialacha don Obair Ghrúpa
Ní labhraímid go léir ag an am céanna Éistimid lena chéile Tugaimid deis do gach aon duine rud éigin a rá Cuidímid lena chéile Roinnimid tuairimí lena chéile Glacfaimid go dáiríre le tuairimí daoine eile Ní dhéanaimid ceap magaidh de dhuine ar bith Tugaimid deis do dhaoine eile a bheith páirteach linn
17
Machnamh-beirt-roinnt/Cearnóg Is bealach é seo do pháistí a gcuid tuairimí agus smaointe a chur le chéile agus féachaint ar rudaí ó dhearcaí difriúla. Éisteann páistí le cur i láthair nó scéal, léann siad téacs, féachann siad ar fhíseán agus déanann siad a gcuid tuairimí a bhreacadh síos duine ar dhuine. Oibríonn siad ina mbeirteanna ansin agus roinneann siad a gcuid tuairimí. Is féidir le beirt oibriú le beirt eile agus 'cearnóg' tuairimí a bheith acu. Comhrá Beirte Nuair a éisteann páistí le scéal, athinsíonn siad an scéal ina mbeirteanna, beirt i ndiaidh beirte, lena oiread mionsonraí agus is féidir leo cuimhneamh orthu. Ciorcal laistigh de Chiorcal Suíonn na páistí ina dhá gciorcal, ceann amháin laistigh den cheann eile. Pléann na páistí atá sa chiorcal laistigh a bhfuil ar ar eolas acu agus a bhfuil faighte amach acu faoi thopaic, faoi charachtar, etc. Glacann páistí atá sa chiorcal lasmuigh nótaí agus déanann siad machnamh ar a bhfuil á chloisteáil acu agus roinneann siad an méid sin leis an ngrúpa laistigh agus féadfaidh siad ceisteanna a chur chun an smaointeoireacht a shoiléiriú. Grúpaí Foghlama Comhoibríocha Sa chás seo cuireann an múinteoir na páistí ina ngrúpaí agus tugann sé/sí tasc dóibh. Tugtar ról faoi leith do gach páiste, e.g. bainisteoir, tuairisceoir, taifeadóir, maor ama. Níor mhór na rólanna sin a bheith múinte go sonrach do na páistí sula dtugann siad faoin ngrúpa foghlama comhoibríoch. Tá cártaí samplacha do na rólanna sin le fáil sna haguisíní. Míreanna Mearaí Cuirtear na páistí ina ngrúpaí chun taighde a dhéanamh ar thopaic nó chun tasc a thabhairt chun críche. Beidh ar pháistí a gcuid eolais nua ar an topaic a mhíniú nó cur síos a dhéanamh air don rang; cuidíonn sé seo le páistí tuiscint níos fearr a fháil ar an topaic nó ar an tasc. Beidh ar pháistí éisteacht go cúramach agus ceisteanna a chur má tá siad éiginnte faoi aon ghné den topaic/tasc. Ar na céimeanna a leantar, tá:
Roinn an rang ina 'ghrúpaí baile' de 4-6 dhalta. Tabhair uimhir sa ghrúpa do gach páiste
Bog páistí ón ngrúpa baile go grúpaí 'saineolaithe', bunaithe ar na huimhreacha – gach duine a bhfuil an uimhir 3 acu le chéile mar shampla, etc. Tugann grúpa na 'saineolaithe' tasc áirithe chun críche
Tagann na páistí ar ais chuig a ngrúpaí 'baile' nuair a bhíonn an tasc tugtha chun críche acu agus roinneann siad an méid a rinne siad nó an méid a fuair siad amach leis an ngrúpa.
Triúr Éisteachta Oibríonn na páistí ina dtriúir, agus ról an chainteora, an ceistitheora agus an taifeadóra acu. Labhraíonn an cainteoir ar thopaic faoi leith, e.g. tuairimí a thabhairt faoi shaincheist, coincheap a mhíniú. Cuireann an ceistitheoir ceisteanna chun an topaic a shoiléiriú. Glacann an taifeadóir nótaí agus é/í ag ullmhú don aiseolas.
Comhráití
Is éard is comhráití ranga an ná comhrá idir páistí agus an múinteoir nó idir páistí agus páistí.
Baintear úsáid astu chun topaic a chruthú, a réiteach nó a thuiscint níos fearr.
18
Feidhm Theanga Cineál Téacs Struchtúr Téacs agus Gnéithe Teanga
Heorastúil Eolas a lorg agus a thástáil Idirchaidreamhach Ag réiteach le daoine eile, ag socrú stádas coibhneasta Samhailteach Domhain nua a chruthú, scéalta agus dánta a chumadh Léiritheach Eolas a chur in iúl, cur síos a dhéanamh, tairiscintí a chur in iúl
Comhráití
Struchtúr an Téacs
Idirmhalartú leanúnach a shíneann níos faide ná TFM
(Tosú, Freagairt, Meastóireacht)
Struchtúir agus Gnéithe na Teanga
Nasc-fhocail a úsáid
Teanga theicniúil
Sealanna a bhainistiú
Athruithe topaice a bhainistiú
Cliseadh cumarsáide a chur ina cheart
Comhrá a choinneáil ar bun trí thógáil ar smaointe
daoine eile agus ceisteanna ábhartha a chur
Iompraíochtaí labhartha agus éisteachta neamhbhriathartha a úsáid
Stór focal faoi leith a bhaineann le heolas a lorg
Eolas a thabhairt nó a lorg
Eolas cúlra a thabhairt más gá
Mionsonraí cuí a thabhairt
Scileanna agus Tuiscint Eolais
Bheith in ann freagra a thabhairt ar cheisteanna agus ar ráitis
Bheith in ann eolas tábhachtach a aithint
Bheith in ann dearcaí difriúla a aithint
Bheith in ann tuairimí a chur in iúl agus a mhiniú
Feasacht Mheititheangeolaíoch
Riachtanais an éisteora a ghlacadh san áireamh
Próisis ghrúpa, conas cur le tuairimí daoine eile,
sealanna a ghlacadh, 'an t-urlár' a ghlacadh
Gníomhaíochtaí chun Comhráití a Fhorbairt
COM agus NFM (WWW and EBI) Pléigh/déan machnamh ar rud éigin ó thaobh na gnéithe ar éirigh leo agus conas a d'fhéadfaí feabhas a chur air. Stáisiúin Chomhrá Tá Stáisiúin Chomhrá úsáideach chun comhráití leanúnacha den chéad scoth a fhorbairt sa seomra ranga. Le Stáisiúin Chomhrá bíonn deis ag páistí labhairt, aiseolas a fháil ar an teanga a d'úsáid siad agus an teanga chuí a chloisteáil ón múinteoir. D'fhonn Stáisiún Comhrá a chruthú, smaoinigh ar na nithe seo a leanas:
Spás faoi leith – tábla, cairt taispeána, pictiúirí, prapanna, "Labhraímis faoi …..”
Comhrá duine ar dhuine - ag an tús, 10 nóiméad ar fad, gan dul thar bheirt páistí le chéile
Rialacha - socraigh ag an tús, caint agus éisteacht mhachnamhach, roinn an cuspóir leis na
páistí
Clár Fógraí – “Am Cainte”, is féidir topaicí a thagann aníos a phlé tráth níos déanaí ag an
Stáisiún Comhrá
19
Páiste Cúthail/Drogallach - cómhráite a thionscnaíonn an múinteoir, téama foclóra, prapanna,
“glaoigh ar chara”
Riachtanais do Chomhrá – Caint: Ceisteanna oscailte agus aiseolas. Tacaíonn sé seo le húsáid
agus tuiscint teanga an linbh.
Cnámha Scéil (scenario) Comhrá Is gníomhaíocht úsáideach í seo a chuireann páistí i mbun comhrá ar an nguthán. Oibríonn páistí ina mbeirteanna agus tugtar cárta ar a bhfuil cnámha scéil dóibh. Pléann siad an cárta agus pleanálann siad an cineál comhrá a bheidh acu agus ansin úsáideann siad gutháin chearta chun an comhrá a dhéanamh ar an nguthán.
Cartaí Sampla de Chnámha Scéil
Tá ort glaoch a chur ar chara chun cuireadh a thabhairt dó/di teacht chuig cóisir do bheithlae
Tá dearmad déanta agat cén leathanach den leabhar atá le léamh agat don obair bhaile agus tá ort glaoch a chur ar dhalta eile sa rang chun ceist a chur air/uirthi
Thit do chara dá rothar agus tá ort glaoch a chur ar a m(h)áthair lenar tharla dá mac/hiníon a insint di
Ceistiú agus Agallaimh
Spreagann ceistiú smaointeoireacht ardoird agus is é is bunús do gach fiosrúchán. Ach a
gcuirtear ceisteanna maithe feabhsaítear an tuiscint óir cuireann sé deiseanna ar fáil chun
míniúcháin agus soiléiriú a fháil, fiosrú a dhéanamh, naisc a dhéanamh agus fadhbanna agus
deacrachtaí a aithint. Spreagann ceistiú dialóg idir páistí agus an múinteoir agus téann sé i
bhfeidhm ar an úsáid a bhaineann páistí as an gceistiú chun a gcuid foghlama féin a chur chun
cinn. Cuireann féincheistiú ar chumas páistí machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a
gcuid torthaí agus iarrachtaí féin, rud a chuireann feabhas orthu.
Cuireann agallaimh comhthéacs fíor ar fáil don cheistiú. Agus iad i mbun agallaimh, cleachtann
páistí ceisteanna a chur agus forbraíonn siad scileanna géar-éisteachta.
20
Feidhm Theanga Cineál Téacs Struchtúr Téacs agus Gnéithe Teanga
Heorastúil Eolas a lorg agus a thástáil
Ceistiú agus Agallaimh
Struchtúr an Téacs
Ceisteanna iata agus oscailte a chur agus a fhreagairt d'iliomad cuspóirí
Struchtúir agus Gnéithe na Teanga
Ceisteanna iata a úsáid mar straitéis chun eolas faoi
leith a lorg
Ceisteanna oscailte a úsáid chun raidhse freagraí a lorg
Abairtí atá ceart ó thaobh na gramadaí de agus a
oireann do na cúinsí a úsáid
Nascairí Loighiciúla
Scileanna agus Tuiscint Eolais
Ceisteanna a mhúnlú chun an t-eolas is tábhachtaí a lorg
Spreagann agus leathnaíonn an fhéinsmaointeoireacht
trí cheisteanna a fhiosraíonn féidearthachtaí
Féintuairimí agus tuairimí daoine eile a shoiléiriú
Aitheantas a thabhairt do thuairim duine eile, cur le tuairim duine eile
Ceisteanna a mhúnlú a oireann do na cúinsí agus don duine
Gníomhaíochtaí a Fhorbraíonn Ceistiú agus Agallamh
Tacsanamaíocht Bloom do Cheisteanna a Úsáid Is éard is Tacsanamaíocht Bloom ann ná rangú de chuspóirí agus scileanna foghlama a éiríonn níos casta de réir a chéile. Is féidir an tacsanamaíocht a chur i bhfeidhm ar cheisteanna mar seo a leanas:
Eolas (tabhairt chun cuimhne) Inis, liostaigh, sainmhínigh, ainmnigh, cén uair, cén áit, luaigh, aithin ...
Cén duine?
Cén rud?
Cén uair?
Cén áit?
Cén chaoi?
Cad a tharla ansin?
Cé mhéad?
Cén t-ainm atá ar ...?
Cé acu atá fíor nó bréagach?
Tuiscint Athinis, déan achoimre ar, mínigh, déan cur síos ar, athluaigh, déan meastachán, déan tomhas ...
Céard atá i gceist le...?
Cén cur síos a dhéanfá ar...?
Cén difear atá idir...?
An féidir leat a insint dom i d'fhocail féin?
Cad é an phríomhthuairim?
Cad a tharlóidh anois, dar leat?
Cad é an phríomhthuairim?
Cén fáth a ndearna...?
Inis dom faoi mhéid agus cruth _____.
An féidir leat sampla de _____ a thabhairt?
Feidhmiú (réiteach) Réitigh, úsáid, tóg, rangaigh, scrúdaigh, léirigh, leasaigh ...
21
Cad a tharlódh dá ...?
Conas a dhéanfá ..?
Cén úsáid a bhainfeá as...?
Cén t-eolas a bheadh uait chun _____ a dhéanamh?
Cén bealach eile is féidir iad sin a shórtail?
An féidir leat léaráid a tharraingt dá bhfeiceann tú?
Cad a dhéanfá an chéad uair eile?
Dá mbeadh ort ... cad a dhéanfá?
Cén fáth a bhfuil ... tábhachtach?
Cuir liosta treoracha le chéile do ...
An bhfaca tú rud éigin cosúil leis seo roimhe seo?
Anailís (réasúnaíocht) Déan anailís, cuir i gcomparáid, déan idirdhealú, scrúaigh, cuir in ord, cuir i gcatagóirí, déan tátal, imscrúdaigh ... Cé na rudaí ar fíricí iad agus cé na rudaí ar tuairimí
iad?
Cad é cuspóir ... ?
Cad iad na páirteanna?
Cad a tharlódh dá ...?
Cén toradh eile a d'fhéadfadh a bheith ann?
Cad is cúis le ...?
Cén tionchar atá ag ...?
Cén chaoi a bhfuil siad mar a chéile?
Cén difear atá idir...?
Sintéis (cruthú) Cruthaigh, dear, cuir le chéile, ceap, samhlaigh, cuir le chéile ...
Conas is féidir iad a chur le chéile?
Cén tátal atá tú a dhéanamh?
An féidir leat ... a dhearadh chun ... ?
An féidir leat réiteach a fheiceáil?
An féidir leat teach aníos le moladh do ...?
Cé na tuairimí eile atá agat do ... ?
An féidir an próiseas seo a atheagrú?
Cén plean atá agat chun an tasc seo a bhaint amach?
Conas is féidir leat an méid a d'fhoghlaim tú a úsáid?
Cad faoi ... a chumadh?
Measúnú (breithiúnas a thabhairt) Seiceáil, roghnaigh, cuir in ord tosaíochta, déan léarmheas ar, déan hipitéis faoi, tabhair breithiúnas ar,
déan plé faoi ... Conas a d'fhéadfaí é seo a fheabhsú?
Conas a chuirfeá in ord iad?
Cé acu is tábhachtaí?
Cosain do thuairim ... / conas a tháinig tú ar an tuairim sin?
Cé acu is fearr? Best?
Cén tosaíocht is mó atá agat?
Cé na critéir a d'úsáid tú?
Mála Cuimilte Cuirtear rudaí isteach i málaí. Ní mór do pháistí ceann acu a roghnú agus an mála a chuimilt agus ansin cur síos a dhéanamh ar an méid a bhraitheann siad, agus buille faoi thuairim a thabhairt faoina bhfuil ann. Blúirí taifeadta ón Teilifís/Raidió Tabhair deis do pháistí éisteacht le hagallaimh a taifeadadh ón teilifís nó ón raidió. Is bealach úsáideach é chun deis a thabhairt do pháistí taithí a fháil ar na cineálacha ceisteanna a cuireadh agus ar na freagraí a thug na daoine a bhí faoi agallamh. Tugann sé deis do pháistí, freisin, eolas a fháil ar chéimeanna an agallaimh agus don mhúinteoir na céimeanna sin a mhúineadh, e.g. conas tús a chur le hagallamh, conas raon leathan ceisteanna a chur, conas deireadh a chur le hagallamh. Bain triail as Bíodh cuspóir ceart agat don agallamh, cosúil le conas a bhraitheann páistí faoin tionscadal 'An Bhratach Ghlas', cén saghas saoil a bhí ag a seantuismitheoirí. Tabhair deis do pháistí eolas a fháil
22
de bhun agallamh. Cén cineál ceisteanna a chuirfidh mé, an gcaithfidh mé rudaí áirithe a sheachtaint, agus an dtuigidh siad mé má fhiafraím díobh...? Faoin Spotsholas Ceistíonn an grúpa carachtar faoina chúlra, faoina iompraíocht agus faoi na nithe a spreagann é. Is féidir an modh seo a úsáid chun ról i gceacht drámaíochta a fhorbairt nó chun dráma a chleachtadh nó chun anailís a dhéanamh ar an gcaoi ar éirigh le carachtar i ndráma. Fiú amháin má dhéantar é gan aon ullmhúchán, is bealach iontach é chun eolas a fháil ar charachtar. Is féidir an carachtar a chur faoin spotsolas leis féin nó ina mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga. Tá an teicníc seo úsáideach freisin chun scileanna ceistiúcháin a fhorbairt leis an gcuid eile den ghrúpa. Cé mise? Suíonn páiste amháin ag barr an tseomra ranga. Tugann an múinteoir cárta carachtair dó/di e,g, Harry Potter. Ní mór do na páistí eile go léir ceisteanna a chur air/uirthi le déanamh amach cé hé/hí féin. Ní cheadaítear ach freagraí Tá/Níl a thabhairt.
Feidhm Theanga Cineál Téacs Struchtúr Téacs agus Gnéithe Teanga
Léiritheach Eolas a chur in iúl, cur síos a dhéanamh, tairiscintí a chur in iúl Rialáil Dul i bhfeidhm ar iompraíocht, mothúcháin/dearcaí daoine eile
Argóintí agus Díospóireachtaí Foirmiúla/ Neamhfhoirmiúla
Struchtúr an Téacs
Argóintí, áiteamh, díospóireacht
Struchtúir agus Gnéithe na Teanga
Foclóir teicniúil
Eolas a chur in eagar i.e. réamhrá, fianaise thacúil,
tátal
Cleasanna áitithithe teanga
Tuin chainte agus comharthaíocht cholainne
áititheach
Sonraí teicniúla a úsáid
Teanga neodrach a úsáid chun argóint a dhéanamh
Scileanna agus Tuiscint Eolais
Tuairimí a thabhairt agus a chosaint
Dearcadh
Dearcaí a thagann salach ar a chéile
Argóint a dhéanamh agus a bhréagnú
Conas dul i ngleic le hargóintí ar bhealach neamhphearsanta (trí easaontú leis an ráiteas, ní leis
an duine)
Argóintí agus Díospóireachtaí Foirmiúla/Neamhfhoirmiúla
Is é is cupsóir le díospóireachtaí agus argóintí a fhorbairt ná a chur ina luí ar lucht éisteachta
glacadh le dearcadh faoi leith. Tugann díospóireachtaí deis do dhaltaí cleachtadh a dhéanamh ar
thuairimí a thabhairt agus a chosaint. Beidh ar pháistí taighde a dhéanamh ar thopaicí agus eolas
cuí a chur ar fáil chun tacú lena ndearcadh. Is féidir díospóireachtaí a úsáid chun dearcaí agus
saincheisteanna difriúla a scrúdú cosúil le topaicí ón litríocht atá á dhéanamh sa rang, nó rudaí a
bhaineann leis an bpobal cosúil le truailliú, crainn chumarsáide ghutháin, agus cúrsaí reatha.
23
Gníomhaíochtaí chun Argóintí agus Díospóireachtaí Foirmiúla/Neamhfhoirmiúla a
Fhorbairt
An Dá Thaobh Agus topaic/scéal á phlé leis an rang cuir tábla Dearfach/Diúltach le chéile e.g.
Tá airgead caite ag an scoil ar chluichí do chlós na scoile cosúil le Cleas na Bacóide, Nathracha is Dréimirí, ach ní cheadaítear ach do na naíonáin iad a úsáid
Is ceart sin óir níl iontu ach páistí beaga agus tá siad ró-óg chun peil a imirt agus dá bhrí sin tá na cluichí sin de dhíth orthu
Ní ceart sin, óir is brea liom féin Nathracha is Dréimirí agus níor chóir nach mbeadh cead agamsa imirt toisc go bhfuilim i rang a 5. Tá an ceart céanna agamsa é a imirt is atá ag naíonán.
Tobsmaointeoireacht Tugann an rang go léir tuairimí i bhfabhar agus i gcoinne topaice. Cuideoidh sé sin le páistí an dá thaobh den scéal a chloisteáil sula nglacfaidh siad taobh amháin agus beidh orthu a dtuairimí a chosaint. Seasamh a ghlacadh Leagtar amach líne shamhailteach tríd an seomra ranga. Seasann ceann amháin na líne do 'aontaím' agus seasann an taobh eile do 'easaontaím'. Tugann an múinteoir topaic don rang, e.g. ar chóir toghcháin nó reifrinn a chur ar siúl ar an Satharn? Seasann páistí ar an líne de réir an dearcaidh atá acu. Na páistí sin nach bhfuil cinnte faoina ndearcadh, seasann siad i lár na líne. Roinneann na páistí lena gcomhpháistí na cúiseanna lena ndearcadh. Tar éis plé a dhéanamh, cuirfidh an múinteoir ceisteanna cosúil le, ar mhaith le duine ar bith bogadh ar an líne tar éis tuairimí na npáistí eile a chloisteáil? Cad is féidir a rá faoi dhearcadh duine óna t(h)uin chainte? Etc. Ceithre Chúinne Fearacht Seasamh a Ghlacadh thuas, tugann an múinteoir tuairim nó saincheist agus roghnaíonn na páistí áit chun a ndearcaí a léiriú. Seasann ceithre chúinne an tseomra do:
Aontaím
Aontaím go láidir
Easaontaím
Easaontaím go láidir
Bogann páistí chuig cúinne agus cuireann siad a gcúiseanna i láthair an ranga. Is féidir leis an
múinteoir an scéal a fhiosrú tuilleadh ach ceisteanna a chur cosúil le 'Seasamh a Ghlacadh' thuas.
Fógraí Teilifíse / Raidió Tabhair deis do pháistí díospóireachtaí nó argóintí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a fheiceáil/a chloisteáil. Dá bhrí sin beidh eolas acu ar struchtúir cosúil le réamhrá, tuairim a chur i láthair, cúiseanna a thabhairt le tacú le tuairim, conclúid a thabhairt agus gnéithe cuí de theanga áititheach cosúil le Creidim, is dóigh liom, dar liom, tá a fhios agam, ar cheann de na cúiseanna...etc
24
Feidhm Theanga Cineál Téacs Struchtúr Téacs agus Gnéithe Teanga
Léiritheach Eolas a chur in iúl, cur síos a dhéanamh, tairiscintí a chur in iúl Rialáil Dul i bhfeidhm ar iompraíocht, mothúcháin/dearcaí daoine eile
Treoracha a thabhairt Conas cluiche a imirt, conas turgnamh eolaíochta a dhéanamh, oideas
Struchtúr an Téacs
Aidhm/Sprioc, trealamh atá de dhíth, nós imeachta/céimeanna le leanúint
Struchtúir agus Gnéithe na Teanga
Rannpháirtithe ginearálaithe
Nascfhocail a bhaineann le cúrsaí ama
Modh ordaitheach a úsáid
Mionchur síos a dhéanamh
Mioneolas ar cén chaoi, cén áit agus cén uair
Scileanna agus tuiscint Eolais
Tuairimí a chur i láthair ar bhealach soiléir, loighciúil
Mionsonraí ábhartha a chur san áireamh agus eolas
nach bhfuil de dhíth a fhágáil ar lár
Bheith in ann eolas tábhachtach a aithint
Bheith in ann éisteacht do cúramach agus treoracha a leanúint
Feasacht Mheititheangeolaíoch
Riachtanais an éisteora a ghlacadh san áireamh
Iompraíochtaí neamhbhriathartha a úsáid chun
éisteoirí a mhealladh agus béim a leagan ar phointí tábhachtacha
Gníomhaíochtaí chun Treoracha/Nósanna Imeachta a Fhorbairt
Cluichí Bacainne Is nósanna imeachta simplí iad cluichí bacainne atá bunaithe ar threoracha a thabhairt agus a fháil. I mbeirteanna a imrítear na cluichí de ghnáth agus bíonn cineál éigin 'bacainne' ann ionas nach mbeidh siad in ann a bhfuil ar siúl ag a gcomhpháistí a fheiceáil. Oibríonn ranganna na naíonán ina mbeirteanna. Bíonn na rudaí céanna, cuir i gcás beart cruthanna, ag an mbeirt. Déanann Páiste A rud éigin leis na cruthanna. Nuair a bhíonn Páiste A críochnaithe, déanann Páiste B aithris air. Oibríonn na meánranganna agus na ranganna sinsearacha ina dtriúir. Feidhmíonn páiste amháin mar bhacainne idir an bheirt eile agus leabhar nó scáileán aige/aici. Suíonn an bheirt eile ar dhá thaobh an scáileáin agus na rudaí céanna acu. Déanann Páiste A rud éigin leis na cruthanna agus ansin tugann sé/sí treoracha do Dhalta B ionas go mbeadh an toradh céanna acu. Is féidir le Páiste B ceisteanna a chur chun na treoracha a dheimhniú. Nuair a bhíonn siad beirt críochnaithe baintear an bhacainn agus pléann an triúr acu na torthaí.
Treoracha/Nósanna Imeachta a Thabhairt
Is éard atá i gceist le treorach a thabhairt nó nósanna imeachta a leagan amach ná sraith
céimeanna a thabhairt chun rud éigin a bhaint amach. Ar an teanga a úsáidtear don téacs
labhartha seo tá úsáid a bhaint as briathra deachtaithe cosúil le Téigh, Gabh, Iompaigh, Glac ...
etc.
25
Cineálacha cluichí bacainne:
1. Seicheamhú nó patrúin a dhéanamh: Agus iad ag obair ina mbeirteanna, déanann na páistí cur
síos dá gcomhpháistí ar rudaí i ndiaidh a chéile nó i seicheamh cosúil le snáithiú coirníní (bead
threading), blocanna airíonna nó bréagáin agus ansin déanann an comhdhalta an patrún
céanna.
2. Péirí Comhchosúla: Glacann páistí sealanna chun cur síos a dhéanamh ar phictiúirí nó ar rudaí.
Déanann páiste amháin cur síos ar an bpictiúr/rud go dtí go n-aimsíonn an páiste eile an
pictiúr/rud atá cosúil leis.
3. Cur le chéile: Pictiúr a chur le chéile ó roinnt cruthanna. Déanann páiste amháin cur síos ar an
bpictiúr agus cuireann an páiste eile na cruthanna le chéile chun an pictiúr a dhéanamh.
4. Tógáil: Déanann páiste amháin cur síos ar na céimeanna a bhaineann le rud a thógáil agus
leanann an páiste eile na céimeanna sin.
5. Suíomh: Cuireann páistí rudaí in aice a chéile ar chlár pictiúirí. Déanann páiste amháin cur síos
ar shuíomh na rudaí ar an gclár agus éisteann an páiste eile, leanann sé/sí na treoracha agus
cuireann sé na rudaí sa suíomh céanna.
6. Greillí: Déanann páiste amháin cur síos ar shuíomh ruda ar ghreille. Éisteann an páiste eile agus
cuireann sé an rud sa suíomh céanna ar an ngreille.
7. Mapáil: Déanann páiste amháin cur síos ar conas dul ó phointe amháin go pointe eile ar mhapa.
Éisteann an páiste eile agus tarraingíonn sé/sí an bealach ar mhapa eile.
8. Cén Difear Eatarthu: Tabhair roinnt pictiúirí atá cosúil lena chéile seachas mionsonraí beaga do
bheirteanna. Déanann na páistí cur síos ar na pictiúirí féachaint an féidir leo na difríochtaí a
thabhairt faoi deara.
Críochnaigh na céimeanna: Faigh oideas nó treoracha do chluichí agus gearr amach ina gcéimeanna iad. Caitheann na páistí agus iad ag obair ina mbeirteanna na céimeanna a chur san ord ceart agus a insint ó bhéal conas an t-oideas/na treoracha a dhéanamh. An é seo an treo ceart? Ní mór an ghníomhaíocht seo a dhéanamh in áit oscailte. Cuirtear puicín ar pháiste amháin agus leagtar rud síos áit éigin sa spás oscailte. Glacann gach páiste seal ag treorú an páiste ar a bhfuil an puicín. Déanann páistí cuntas ar líon na dtreoracha a ghlac sé an rud a aimsiú agus is é cuspóir atá ann é a dhéanamh arís ach le níos lú treoracha. Is deis í seo chun an teanga a bhaineann le suíomh agus treo a chleachtadh agus ní mór úsáid a bhaint as treoracha soiléire beachta.
26
Tá tábhacht ar leith ag baint le hatmaisféar ranga a chruthú a chothaíonn, a aithníonn agus a
ghlacann le bealaí foghlama éagsúla na bpásití. Is féidir le múinteoirí gníomhaíochtaí
difreálaithe teagaisc agus foghlama a dhearadh, bunaithe ar réimse spéise, eolais agus
scileanna na bpáistí Tabharfar tuilleadh tacaíochta do na páistí tré cabhrú leo straitéisí
foghlama a fhorbairt le n-úsáid i gcomhthéascanna éagsúla éisteachta agus labhartha. Tré
lucht éisteachta agus suíomhanna fíorchumarsáide éisteachta agus labhartha a chruthú do
na páistí, spreagfar iad le tabhairt faoin gcumarsáid go cumasach muiníneach.
Is féidir timpeallacht foghlama teanga a chruthú ach díriú ar thrí phríomhghné:
Gné
Sainmhíniú
An timpeallacht fhisiciúil
Tré timpeallacht fhisiciúil foghlama tarraingteach a chruthú sa seomra ranga, cuirfear iliomad deiseanna idirchaidrimh agus forbartha teanga labhartha ar fáil do na páistí. Ar an liosta thíos tá roinnt moltaí a chuideoidh leis an timpeallacht fhisiciúil shaibhir seo a chruthú sa seomra ranga.
Cultúr an tSeomra Ranga
Tré timpeallacht fhisiciúil foghlama tarraingteach a chruthú sa seomra ranga, cuirfear iliomad deiseanna idirchaidrimh agus forbartha teanga labhartha ar fáil do na páistí. Ar an liosta thíos tá roinnt moltaí a chuideoidh leis an timpeallacht fhisiciúil shaibhir seo a chruthú sa seomra ranga..
Deiseanna cumarsáide
Tarlaíonn an chumarsáid sa seomra ranga an t-am go léir. Tré leas a bhaint as as deiseanna cumarsáide ar leith, cuirfear ar chumas na bpáistí taithí a fháil ar réimse leathan úsáide agus comhthéascanna teanga labhartha. Ar an liosta thíos tá roinnt moltaí a chuideoidh le múinteoirí leas a bhaint as na deiseanna sin
Bealaí chun an timpeallacht fhisiciúil a fhorbairt:
Tábla/bord chun rudaí a chur ar taispeáint ar díol spéise pearsanta iad nó a bhaineann le topaicí faoi leith.
Boscaí feistis a thugann deis do pháistí rólghlacadh a dhéanamh, eispéiris a insint, agus triail a baint as tuairimí agus foclóir nua.
Bailiúchán puipéad a spreagfadh páistí chun na scéalta is fearr leo a athinsint.
Timpeallacht Foghlama Teanga a Chruthú
27
Limistéar cruthaitheach (bréagáin, bréagfheisteas, trealamh cruthaitheach) Ruga chun gníomhaíochtaí grúpa agus teagasc a dhéanamh Leabharlann do leabhair na páistí. D'fhéadfadh áit speisialta a bheith ann do leabhair a
churthaigh na páistí féin ionas gur féidir iad a léamh arís
Cúinne éisteachta le seinnteoir CD, CDanna agus cluasáin, a chuireann deis eile ar fáil do pháistí éisteacht le raon taifeadtaí fuaime
Gutháin agus leabhráin nótaí chun scileanna fiosrúcháin agus comhrá a chleachtadh Tábla chun rudaí a chur ar taispeáint ar díol spéise pearsanta iad nó samplaí d'obair a
bhaineann le topaicí faoi leith a chur ar taispeáint.
Deachtafóin láimhe a chuirfeadh ar chumas páistí caint a thaifeadadh le roinnt le páistí eile. D'fhéadfadh na taifeadtaí cuidiú le féinmheastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus le spriocanna pearsanta a leagan síos.
Amhráin, dánta agus rannta a múineadh sa rang a chur ar taispeáint. Tabhair ar pháistí iad a aithris do dhaoine eile, agus iad ag cleachtadh phatrúin agus rithimí na teanga
Nóta: Bíodh lámh ag páistí i dtaispeántais a chur le chéile sa seomra ranga chun a gcuid scileanna a thaispeáint, chun coincheapa nua a léiriú nó chun tacú le scileanna nua a fhoghlaim. Spreag páistí chun na taispeántais sin a mhíniú nó cur síos a dhéanamh orthu do chuairteoirí.
28
Bealaí chun cultúr a fhorbairt sa seomra ranga:
Cruthaigh cultúr 'bain triail as' sa seomra ranga Glac difríochtaí cultúir san áireamh Leag béim ar spraoi a bheith ag cách Bíodh meas ar an gcaint shóisialta agus ar úsáid theanga an bhaile Tapaigh an deis má tharlaíonn aon ní neamhghnách ar scoil nó má thugann páiste rud éigin
chun na scoile
Spreag gach iarracht cainte agus éisteachta a dhéanann na páistí Múin do pháistí conas freagrachtaí an tseomra ranga a roinnt, e.g. an féilire a athrú, tábla
scríbhneoireachta a chur le chéile, an leabharlann a chur in eagar
Bíodh béim ar an spraoi i gcónaí Cuir deiseanna ar fáil do na páistí machnamh agus smaoineamh a dhéanamh ar a gcuid
cainte agus/nó éisteachta
Múin do pháistí conas sealanna a ghlacadh agus iad ina ngrúpaí Cuir ionchais arda in iúl do na páistí Spreag páistí le labhairt le gach duine sa rang
Bealaí chun deiseanna plé a fhorbairt:
Déan múnlú ar dhea-éisteacht le páistí Déan múnlú ar theanga faoi leith a úsáid le páistí, e.g. scéalta a athinsint Cuir deiseanna ar fáil do rólghlacadh chun triail a bhaint as an teanga Múin/léirigh rannta, dánta, amhráin, cairteacha, rapanna ionas gur féidir le páistí an
struchtúr agus na fuaimeanna a chloisteáil agus a chleachtadh
29
Léigh os ard leis na páistí gach lá Cuir puipéid, cláir feilte, bréagáin ar fáil chun na scéalta is fearr leo a athinsint Léigh raon leathan cineálacha téacs leis na páistí Tabhair aíonna isteach sa seomra ranga Déan múnlú ar an teanga a bhaineann le hobair ghrúpa agus leis an idirchaidreamh sóisialta
agus tabhairt deis do pháistí í a chleachtadh
Múin do pháistí conas coinbhleachtaí a réiteach le húsáid teanga e.g. "An chéad uair eile, ba chóir duit a rá", "Ba mhaith liom spraoi leis an liathróid sin nuair a bheidh tú críochnaithe léi le do thoil"
Léigh nó aithris filíocht leis an rang gach lá
30
Réamhrá Foclóir nó stór focal a thugtar ar bhailiúchán focal i dteanga a úsáidtear agus a thuigtear san Éisteacht,sa Lahairt, sa Léitheoireacht agus sa Scríbhneoireacht.
Tá sé tábhachtach go bhfaighfeadh páistí eolas ar bhrí na bhfocal ó aois an-óg agus chuige sin, ní mór go mbeadh baint ghníomhach acu le forbairt an stóir focal. Tá stór focal don fhoghlaim acadúil nasctha le coincheapa a mhúineadh. Nuair nach mbíonn cur amach dá laghad ag páistí ar choincheap, níó mór dóibh tuiscint a fháil ar an gcoincheap ar dtús agus ansin tugtar an stór focal dóibh. Má bhíonn cur amach ag páistí ar an gcoincheap tugtar an stór focal nua dóibh chun focail nua a nascadh le coincheap a thuigeann siad cheana féin nó a bhfuil cur amach acu air. De réir mar a fhorbraíonn páistí, ní mór go mbeadh ar a
gcumas tarraingt ar stóir focal éagsúla agus dá bhrí sin ní
mór do mhúinteoirí na stóir sin a ghlacadh san áireamh agus iad ag roghnú focal don teagasc.
Molann Beck, McKeown, & Kucan (2002) trí shraith de stór focal a chaitear a mhúineadh do páistí go
sonrach.
Sraith 1 Sraith 2 Sraith 3 Cur Síos Focail bhunúsacha a
bhíonn ar eolas formhór gach leanbh agus iad ag teacht ar scoil
Focail a bhíonn i dtéacsanna go rialta agus a mbíonn tuiscint coincheapúil ag páistí orthu cheana féin
Focail aduaine a bhaineann le fearainn faoi leith
Sampla Sásta, ná déan, doras, cathaoir, cloigeann
Uaigneach, mí-ádh réabhlóid, inis, snagach
Feasacht Teanga agus Stór Focal a
Theagasc agus a Leathnú
An raibh a fhios agat...? Is ionann cúpla míle focal agus 90 faoin
gcéad den stór focal a úsáideann nó a chloiseann duine ar bith ó lá go lá! (Hayes agus Ahrens 1988)
Duine fásta a bhfuil ardoideachas air/uirthi bíonn thart ar 10,000 focal ina stór focal cainte/éisteachta, ach bheadh seans ann go mbeadh beagnach 100,000 focal ina stór focal léitheoireachta agus scríbhneoireachta (Byrnes agus Wasik 2009).
Rinneadh amach go mbíonn 600 focal níos lú ar eolas ag leanaí de theaghlaigh ar ioncam íseal i gcomparáid le leanaí ag an aois chéanna de theaghlaigh ar ardioncam (Hart agus Risley, 1995)
Ionas go mbeadh leanaí ina léitheoirí maithe, ní mór dóibh cúig nó sé fhocal nua a fhoghlaim gach lá, 38 focal nua gach seachtain, 2000 focal nua nach bliain, agus 10,000 focal nua faoi aois a 6!
31
Agus stór focal á mhúineadh againn ní mór dúinn pleanáil do:
Focail aonair a mhúineadh cosúil leis na cinn sin a liostaítear sna 3 shraith thuas trí
chomhchiallaigh, frithchiallaigh, fréamhfhocail, iarmhíreanna etc. Is bealach éifeachtach é brí
focail a mhúineadh go díreach chun cur le forbairt foclóra na páistí
Straitéisí foghlama focal a mhúineadh cosúil le focail i gcomhthéacs, sainmhínithe, mapaí focal
Feasacht agus grá d'fhocail agus do theanga a chothú cosúil le hilbhríonna, cluichí focal, focal
na seachtaine
Eispéiris éagsúla a chur ar fáil d'úsáid focal trí léitheoireacht, scríbhneoireacht agus teanga
labhartha. Ní mór do páistí stór focal nua a fheiceáil/a chloisteáil chun eolas ar fhocail a fháil
agus ní mór iad a fheiceáil/a chloisteáil i gcúinsí difriúla chun tacú le miondifríochtaí brí a
shealbhú. Focail Aonair a
Mhúineadh
Eispéiris Éagsúla Teanga a Chur ar Fáil
Feasacht Teanga a chothú
Straitéisí foghlama focal a mhúineadh
- Comhchiallaigh e.g. robálaí, gadaí, meirleach - Frithchiallaigh e.g. dubh/bán, ramhar/tanaí, beag/mór - Aicmiú e.g. dathanna, tíortha - Cé na Focail? (Focail ó Shraith 1,2,3) - Réimíreanna e.g. dí-, an-, réamh-, iar- - Iarmhíreanna e.g. -ín, -án, -óg, -acht - Fréamhfhocail e.g. fís – físeán, each - eachra
- Cruthaigh cúinsí lena gcaitear stór focal nua a lorg chun tuairimí nua a mhíniú - Tabhair cuairt ar áiteanna spéisiúla agus idirchaidreamh a dhéanamh le baill an phobail -Bíodh páistí rannpháirteach i dturgnaimh agus i bhfiosrúcháin - Iarr ar pháistí topaicí a phlé nó féachaint siar orthu - Roghnaigh stór focal ba chóir a mhúineadh do gach seánra/téama a bheadh faoi chaibidil sa rang. Cuir i gcás, tá dlúthnasc idir seánra na scríbhneoireachta áitithí agus an teanga labhartha a bhaineann le díospóireacht Fhoirmiúil/ Neamhfhoirmiúil. Tá
-Rian an Bhearla tríd an nGaeilge a aimsiú agus a phlé, m.sh, ‘Tá sé suas agat féin’ , ‘Fuair mé suas ar maidin’ -Úsáíd focal difriúil ‘sna ceantair dhifriúla Ghaeltachta a thuiscint, m.sh., an sáipéal/séipéal/teach pobail páirc/garraí/gort
- Comhthéacs - Sainmhínithe - Domhainphróiseáil foclóra le cur san fhadchuimhne - Anailís ar Ghnéithe Séimeantacha - Mapáil Shéimeantach, Cnuasaigh Shéimeantacha, Grádain Shéimeantacha
32
an stór focal a bhíonn de dhíth don scríbhneoireacht, léitheoireacht, teanga labhartha áititheach liostaithe thíos:
Argóintí agus Díospóireachtaí Foirmiúla/Neamhfhoirmiúla
Naíonáin Rang 1/2 Rang 3-6
Is dóigh liom / ní dóigh liom
De bharr
Sea/Ní hea
Is maith liom/Ní maith liom
Aontaím/Easaontaím
Is é an ______ is fearr liom
Is dóigh liom / ní dóigh liom
De bharr
Sea/Ní hea
Is maith liom/Ní maith liom
Aontaím/Easaontaím
Táim idir dhá chomhairle
Aontaím/Easaontaím go láidir
Is é an ______ is fearr liom
Creidim go láidir/go mór/go huile is go hiomlán
Dar liom - Is dóigh liom
Aontaím/Easaontaím go
Creidtear/creidtear go forleathan go
Fuarthas amach/cruthaíodh Ar lámh amháin/ar lámh
eile
Déan do mhachnamh ar méid seo a leanas
Ar an gcéad dul síos
Ina theannta sin
I ndáiríre
Ar an gcéad/dara dul síos, ansin
Mar shampla
Mar sin féin/áfach
Chun tacú le mo phointe (a thuilleadh)
Chun treisiú a dhéanamh le mo phointe, is é an fhadhb atá le
Ar an gcaoi chéanna/os a coinne sin
Fearacht/murab ionann is
Os a choinne sin Ar deireadh thiar thall
Dá bhrí sin
Dá bharr sin
Tríd is tríd
Mar fhocal scoir/ mar achoimre
Dá bhrí sin/dá thoradh sin
33
Gníomhartha chun Tacú le Forbairt Foclóra:
Bunachar Focal/Balla Focal Is fearr a éiríonn le bunachair focal má thógtar iad mar bhunachair bheo bhríomhara nó mar liostaí ina bhféadfadh páistí teacht ar chomhchiallaigh óna leabhair léitheoireachta/leabharlainne, etc.
Cluiche Slabhraí Cluiche Slabhraí a thugtar ar leathnú abairte de réir a chéile Leagtar amach thíos sampla den struchtúr a bhaineann le gníomhaíocht scríbhneoireachta slabhra. 1. Roghnaigh focal a bhaineann leis an téama atá á fhorbairt, e.g. damháin alla. 2. Iarr ar na páistí focail a mholadh a dhéanfadh cur síos ar mhadra, e.g.
Téama Focail mholta
Madra
Gruagach
Fíochmhar
Dubh
Deas
Beag
Tapaidh
3. Ansin fiafraigh díobh a ndéanann madra agus cuir na focail leis an liosta, e.g.
Briathra Téama Focail mholta
Rith
Léim
D’ól
Chodail
Lig
D’ith
Madra
Gruagach
Fíochmhar
Dubh
Deas
Beag
Tapaidh
34
Cuir na focail le chéile anois chun abairtí a dhéanamh cosúil le: Chodail madra beag. Rith madra
fíochmhar.
4. Ansin, liostaigh na háiteanna a ndéanann madraí na rudaí sin agus cuir leis an liosta iad:
Briathra Téama Focail mholta Áiteanna
Rith
Léim
D’ól
Chodail
D’ith
Madra
Gruagach
Fíochmhar
Dubh
Deas
Beag
Tapaidh
sa teach
sa ghairdín
i gcró gadhair
sa pháirc
Cuir le chéile iad mar a rinneadh cheana chun abairtí difriúla a dhéanamh e.g. Chodail madra beag i
gcró an ghadhair. Rith madra fíochmhar sa ghairdín.
Cé mhéad brí? Roghnaíonn an múinteoir focal cosúil le 'crann' agus déanann páistí iarracht teacht aníos lena oiread bríonna difriúla agus is féidir, e.g. crann brataí (pole), crann cumarsáide (mast), crann fuinnte (rolling pin), crann píce (handle), etc, Deich/Fiche Ceist Sa chluiche seo roghnaíonn imreoir amháin focal as liosta faoi leith agus cuireann na himreoirí eile ceisteanna le fáil amach cén focal atá ann. Tá sé tábhachtach go múinfí scil an cheistiúcháin do páistí e.g “An ainmfhocal/briathar/aidiacht/dobhriathar atá ann?” “An bhfuil siolla amháin/dhá shiolla/trí shiolla ann?”
Leasú an Téacs Is gníomhaíocht é Leasú an Téacs a mbaineann an-spraoi leis agus a fhorbraíonn stór focal. Is é is cuspóir leis an ngníomhaíocht seo brí an téacs a choinneáil ach na focail a athrú. Seo a leanas rann a bhfuil Leasú déanta air.
Rann Leasú an Téacs An rud is measa , Tar éis éirí
Ná go gcaitheann tú, Tú féin a ní.
An t-uisce fuar, Sa bháisín bán
Cuireann sé crith ort, Cos is lámh.
Téann an sobal gránna, Isteach faoi do shúil
Is ligeann tú screech, Mar a dhéanfadh miúil.
Ach cloistear tú, Ar fud an tí
Is bíonn fios acu, Go mbíonn tú i do shuí.
An rud is measa , Tar éis teacht amach as an leaba
Ná nach mór duit, Tú féin a ghlanadh.
An t-uisce fuar, Sa doirteal bán
Cuireann sé croitheadh ort, Cos is lámh.
Téann an sobal uafásach, Suas do shrón
Is ligeann tú béic, Mar a dhéanfadh asal.
Ach cloistear tú, Lasmuigh ar an tsráid
Is bíonn fios acu, Go mbíonn tú éirithe as an leaba.
35
Pictiúirí PWIM Picture Word Inductive Model (PWIM) a thugtar air seo sa Bhéarla agus is bealach maith é chun an stór focal a fhorbairt. Is féidir an ghníomhaíocht seo a dhéanamh leis an rang ina iomláine, le grúpa beag nó le páistí aonair. Sa ghníomhaíocht seo, roghnaíonn an múinteoir pictiúr agus cuireann na páistí lipéad ar na codanna den phictiúr atá ar eolas acu. Bíonn cead acu taighde a dhéanamh agus plé a dhéanamh chun a oireadh lipéad agus is féidir a chur ar an bpictiúr. Tugann na páistí teideal don phictiúr ansin agus tosaíonn siad ar an stór focal a chur i gcatagóirí. Ar deireadh thiar thall, scríobhann siad faoin bpictiúr leis an stór focal sin.
Grádán Séimeantach Is bealaí iad grádáin shéimeantacha chun tuiscint na npáistí ar fhocail ghaolmhara a threisiú agus a fhorbairt. Déanann na páistí machnamh ar chontanam focal atá céimnithe. Is minic a thosaíonn grádáin shéimeantacha le frithchiallaigh ag dhá cheann an chontanaim. Cuidíonn an ghníomhaíocht seo le páistí idirdhealú a dhéanamh idir mhiondifríochtaí brí. Ach a gcuireann siad feabhas ar a stór focal, is féidir le páistí a bheith níos cruinne agus níos samhaltaí agus iad ag scríobh. Mar shampla:
Mapáil Shéimeantach Is straitéis í an mhapáil shéimeantach chun coipcheapa a chur i láthair go grafach. Taispeánann mapaí séimeantacha na gaolmhaireachtaí séimeantacha a bhaineann le coincheap. Glacann sé leis
Coirpeach
Bithúnach
Feallaire
Robálaí
Gadaí
36
go bhfuil iliomad gaolmhaireachtaí idir coincheap agus an t-eolas a bhaineann leis an gcoincheap sin.
Is éard is cuimhne éistitheach ann ná an cumas chun do chuid féin a dhéanamh d'eolas a chuirtear i láthair ó bhéal, an t-eolas sin a phróiseáil, a stóráil agus a thabhairt chun cuimhne arís. Is éard atá i gceist, go bunúsach, aird a thabhairt, éisteacht , próiseáil, stóráil agus tabhairt chun cuimhne. D'fhéadfadh gur tasc dúshlánach do go leor páistí é sin, páistí nach bhfuil deacracht foghlama acu san áireamh. Má bhíonn laige sa chuimhne éistitheach d'fhéadfadh sé dul i gcionn go mór ar an bhfoghlaim de bharr nach sealbhódh an páiste ach cuid den méid a deirtear le linn an cheachta ranga. D'fhéadfadh nach dtabharfadh an múinteoir laige sa chuimhne éistitheach faoi deara. Bíonn an chuma ar an scéal go mbíonn páistí a mbíonn deacrachtaí leis an gcuimhne éistitheach acu ag déanamh tréan-iarracht. De bhrí go mbíonn súile na npáistí sin dírithe ar an múinteoir agus an chuma orthu go bhfuil siad ag éisteacht, is éasca don múinteoir talamh slán a dhéanamh de gur chuala siad a ndúirt sé/sí agus gur sealbhaíodh é. Is é a tharlaíonn sa chás sin i ndáiríre gur beag a shúann siad isteach agus gur beag ciall a bhaineann siad as a mbíonn á rá ag an múinteoir. Dá thoradh sin, ní thugann na páistí sin ach fíorbheagán dá mbítear a rá chun cuimhne nó ní thugann siad aon chuid de chun cuimhne. Seans go gcuimhneoidís ar fhocal anseo is ansiúd, nó cuid de thuairim, gan aon tuiscint cheart acu ar go leor den eolas a cuireadh ina láthair ó bhéal. Is minic a bhíonn deacrachtaí ag páistí a mbíonn laige sa chuimhne éistitheach ag dul dóibh treoracha ó bhéal a thuiscint. Is minic a mheasann siad gur thuig siad treoracha maidir le tasc a thabhairt chun críche ach nuair a thugann siad faoi, is minic a iarrann siad cabhair nó a iarrann siad ar an múinteoir na treoracha a thabhairt arís.
Cuimhne Éistitheach a
Chothú
37
Is minic a bheidh deacracht ag páistí a mbíonn laige sa chuimhne éistitheach acu tuiscint a fháil ar fhocail, nó cuimhneamh ar théarmaí agus ar eolas a chuirtear i láthair ó bhéal, mar shampla, i ranganna staire agus eolaíochta. Beidh deacracht ag na páistí seo freisin eolas a léigh siad féin a phróiseáil agus a thabhairt chun cuimhne. Nuair a léimid ní mór dúinn éisteacht agus an t-eolas a deirimid linn féin, fiú nuair a bhímid ag léamh go ciúin, a phróiseáil. Mura dtugaimid aird ar ionchur ciúin na bhfocal sin agus éisteacht leo, ní féidir linn an t-eolas a phróiseáil ná an méid a léimid a thabhairt chun cuimhne. Dá bhrí sin, bíonn éisteacht de shaghas i gceist leis an léitheoireacht chiúin. Tá sé tábhachtach a thuiscint gur gné faoi leith é gach gné den chuimhne éistitheach. Ní mór do pháistí foghlaim gach cineál eolais a thabhairt isteach, eolas a chuirtear i láthair as féin agus i gcomhthéacs araon. I gcuid amháin den inchinn tógtar isteach sraith litreacha nach bhfuil aon bhaint acu lena chéile, i gcuid eile bíonn na huimhreacha, agus i gcodanna eile bíonn sraith focal, abairtí agus altanna i gcomhthéacs. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh páiste in ann sraith focal a thabhairt chun cuimhne díreach de bhrí gur féidir leis/léi aird a thabhairt ar shraith uimhreacha, éisteacht le sraith uimhreacha agus iad a thabhairt chun cuimhne. Is minic a chuirtear aonad eolais astu féin i láthair ó bhéal ar scoil. Tá sé riachtanach do gach mac léinn go mbeadh ar a c(h)umas sraith rudaú a thabhairt chun cuimhne. Cuir i gcás go ndeireann an múinteoir, 'Ná dathaigh ar an leathanach ach na froganna, na héin agus na madraí." Má tá deacracht éistitheach a bhaineann le sraith focal ag an páiste, ní bheidh sé/sí in ann an tsraith sin - na froganna, na héin agus na madraí - a thabhairt chun cuimhne. Ní mór páistí a thástáil féachaint an féidir leo líon na rudaí i sraith a thabhairt chun cuimhne ar bhealach atá oiriúnach dá n-aois. Cé go bhféadfadh páistí áirithe sraith trí rud a thabhairt chun cuimhne, d'fhéadfadh nach mbeadh ar a gcumas sraith níos faide ná sin a thabhairt chun cuimhne. Dá gcuirfimis rud amháin eile leis an tsraith thuas, mar shampla, froganna, éin, madraí agus gabhair, d'fhéadfadh nach mbeadh ar chumas na páistí céanna iad a thabhairt chun cuimhne. Tá cuimhne éistitheach a bhaineann le heolas comhthéacsach chomh tábhachtach céanna do phróiseas na foghlama. Is minic nach mbíonn páistí a mbíonn deacrachtaí sa chuimhne éistitheach acu sa réimse sin in ann abairt a cuireadh i láthair ó bhéal a thabhairt chun cuimhne ina hiomláine. Nó, seans go mbeadh ar a gcumas abairt ghairid trí fhocal a thabhairt chun cuimhne ach nach bhféadfaidís ceann níos faide a thabhairt chun cuimhne. D'fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí acu ar scoil, dá bhrí sin, le rudaí a deirtear a thuiscint agus le treoracha a thugtar ó bhéal a leanúint. Ina theannta sin, cé gur féidir le páistí áirithe abairt fhada a thabhairt chun cuimhne, d'fhéadfadh nach mbeadh ar a gcumas alt gairid a chuirtear i láthair ó bhéal a phróiseáil agus a thabhairt chun cuimhne. D'fhéadfadh go mbeadh ar chumas na npáistí ceist shonrach faoin eolas a cuireadh i láthair ó bhéal nó a léigh siad a fhreagairt, ach nach mbeadh ar a gcumas tuiscint a fháil ar an alt ina iomláine. Déanann na páistí sin talamh slán de go minic go bhfuil an méid a chuala siad nó a léigh siad amach ar eolas acu ach gurb é fírinne an scéil gur beag de a phróiseáil siad agus a bheidís in ann a thabhairt chun cuimhne. Déanaimidne, múinteoirí, talamh slán de uaireanta gur thuig páistí alt ina iomláine nuair a fhreagraíonn siad ceist faoi ach, ach d'fhéadfadh nach mbeadh sealbhaithe acu ón alt sin ach an píosa beag eolais sin agus é sin amháin. Dá bhrí sin, ba chóir tabhairt ar pháistí altanna a athlua, is é sin le rá an phríomhthuairim agus mionsonraí tacaíochta, d'fhonn a léiriú gur thuig siad an t-alt ina iomláine. Téann an t-uafás eolais amú ar pháistí a mbíonn deacrachtaí éistitheacha acu. Cé gur mian linn go mbeadh ar chumas na npáistí ceisteanna sonracha a fhreagairt ar na haltanna a léigh siad, ní mór dúinn a chinntiú freisin go dtuigeann siad na haltanna sin ina n-iomláine.
38
Conas Scileanna Cuimhne Éistitheach a Fhorbairt
Eolas a athrá agus a úsáid Dánta, amhráin, scéalta, rannta, etc. a aithris Amhráin a chur chun cuimhne agus a chur i seicheamh Scéalta a athinsint, e.g. fabhalscéalta, miotais Scéalta a athinsint le puipéid nó iad a léiriú ar mhapa Teachtaireachtaí ó bhéal nó uimhreacha gutháin a thabhairt chun cuimhne Cluichí cuimhne a imirt mar shampla Cluiche Kim, Tomhais Cé Mise, Deir Simon, 'Chuaigh
mo sheanmháthair ag siopadóireacht agus cheannaigh sí...' Cogair Shíneacha
Nuacht agus imeachtaí a insint Leidí Súl agus Rannta beaga cuimhne (néamónaic) a úsáid
Cuir rud éigin i bhfolach agus tabhair treoracha do dhaoine eile conas teacht air
39
Cuir uirlisí eagrúcháin ar fáil chun cuidiú leis an gcuimhne, cosúil le heagraithe grafacha nó físiúla
Múin do pháistí conas a bheith lánfheasach ar choincheapa, scileanna agus straitéisí tábhachtacha meiteachognaíocha a thabhairt chun cuimhne cosúil le 'smaoinigh os ard'
Seo a leanas rogha bheag gníomhaíochtaí a baineadh as an leabhar “Auditory Processing Activities” le Jeffries agus Jeffries. Tá go leor gníomhaíochtaí sa leabhar sin ar féidir iad a úsáid chun próiseáil éistitheach a fhorbairt leis an rang ina iomláine agus le páistí aonair.
Ainm na Gníomhaíochta
agus Treoracha
Gníomhaíocht
Gníomhaíocht 4
Tugann an múinteoir ainmneacha nua don rang. Faigheann gach páiste 2 ainm a gcaitheann sé/sí cuimhneamh orthu (e.g. d'fhéadfaí 1, 7 a thabhairt ar Mháire). Éisteann gach páiste leis na treoracha
1. Bualadh bos 2. Abair ainm na carad is fearr atá agat 3. Seas in airde 4. Leag do mhéar ar do shróin 5. Abair cé na milseáin is fearr leat
Tá sé seo greannmhar,
dar liom, mar cuireann
sé i gcuimhne dom...
40
agus déanann siad dá réir má chloiseann siad a n-uimhir féin i ndiaidh na treorach.
6. Siúil anonn chuig an doras agus ar ais arís. etc.
Gníomhaíocht 5
Léann an múinteoir roinnt abairtí faoi dhó. An dara huair a léitear iad fágann an múinteoir focal amháin ar lár. Ní mór do na páistí an focal atá ar iarrai