63
An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 1 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA DON IDIR- INOIBRITHEACHT (STIanna) De réir Sainordaithe Creata C(2007)3371 críochnaitheach an 13/07/2007 Tagairt in ERA: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan in ERA: 1.02 Dáta: 30 Samhain 2012 Doiciméad arna ullmhú ag An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid Rue Marc Lefrancq, 120 BP 20392 F-59307 Valenciennes Cedex An Fhrainc Cineál doiciméid: Treoir Stádas doiciméid: Phoiblí

TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 1 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA DON IDIR-

INOIBRITHEACHT (STIanna)

De réir Sainordaithe Creata C(2007)3371 críochnaitheach an 13/07/2007

Tagairt in ERA: ERA/GUI/07-2011/INT

Leagan in ERA: 1.02

Dáta: 30 Samhain 2012

Doiciméad arna

ullmhú ag

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Rue Marc Lefrancq, 120

BP 20392

F-59307 Valenciennes Cedex

An Fhrainc

Cineál doiciméid: Treoir

Stádas doiciméid: Phoiblí

Page 2: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 2 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

0. FAISNÉIS AN DOICIMÉID

0.1. Taifead leasaithe

Tábla 1: Stádas an doiciméid

Dáta an Leagain

Údar (Údair)

Uimh an Choda

Cur síos ar an modhnú

Leagan Treorach 1.0 18 Aibreán

2011

ERA IU Uile An chéad fhoilseachán

Leagan Treorach 1.01 26 Lún 2011

ERA IU 1.2.6, 2.1.2, Tábla 3 (2.12.4), Tábla 4 (2.13.1), Tábla 5 (2.14.1), 5.2 [G 80], Doiciméid Thagartha - Tábla 7

Nuashonrú i ndiaidh glacadh le STIanna CR INF, CR ENE, CR LOC&PAS, TAP.

Leagan Treorach 1.02

30 Samh 2012

ERA IU Uile Nuashonrú tar éis ghlactha STIanna nua agus athbhreithniú ar STI i bhfeidhm.

Page 3: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 3 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

0.2. Clár Ábhair

0. FAISNÉIS AN DOICIMÉID ................................................................................................. 2

0.1. Taifead leasaithe ....................................................................................................................... 2 0.2. Clár Ábhair ................................................................................................................................ 3 0.3. Liosta na dTáblaí ....................................................................................................................... 4

1. RÉAMHRÁ AGUS CÚLRA ................................................................................................ 5

1.1. Sainordú don Ghníomhaireacht ................................................................................................ 5 1.2. Scóip .......................................................................................................................................... 5 1.3. Sprioclucht léite ......................................................................................................................... 6 1.4. Ábhar na treorach...................................................................................................................... 6

2. TREOIR 2008/57/CE AGUS SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA DON IDIR-INOIBRITHEACHT ............................................................................................................. 7

2.1. Réamhrá .................................................................................................................................... 7 2.2. Cuspóirí na Treorach Idir-inoibritheachta ................................................................................. 8 2.3. Scóip gheografach na Treorach Idir-inoibritheachta ................................................................. 9 2.4. Scóip gheografach na STIanna ................................................................................................ 9

2.5. Scóip theicniúil na STIanna .................................................................................................... 10 2.6. Maoluithe ................................................................................................................................. 10 2.7. Príomhfhorálacha STI na Treorach Idir-inoibritheachta .......................................................... 11 2.8. Struchtúr agus ábhar na STIanna ........................................................................................... 17 2.9. Sprioc chóras agus cásanna sainiúla ..................................................................................... 19 2.10. Earráidí in STIanna ................................................................................................................. 20 2.11. Tuairimí teicniúla na Gníomhaireachta ................................................................................... 20

2.12. Staid imeartha na STIanna ..................................................................................................... 21 2.13. Ábharthacht na STIanna i ndáil leis na fochórais sainmhínithe in Iarscríbhinn II den

Treoir Idir-inoibritheachta ........................................................................................................ 22 2.14. Cur chun feidhme na STIanna difriúla i gcleachtas ................................................................ 23 2.15. STIanna agus riachtanais eile ................................................................................................. 24 2.16. Ceisteanna ar STIanna ........................................................................................................... 27

3. CAIGHDEÁIN INFHEIDHMITHE AGUS DOICIMÉID EILE .............................................. 29

3.1. Forbhreathnú ........................................................................................................................... 29 3.2. Tagairt do chaighdeáin Eorpacha agus doiciméid eile sna STIanna ..................................... 29 3.3. Doiciméid theicniúla na Gníomhaireachta .............................................................................. 30

4. GEALLSEALBHÓIRÍ ....................................................................................................... 31

4.1. Déantóir chomhábhair idir-inoibritheachta .............................................................................. 31 4.2. Iarratasóir ar an bhfíorú ‘CE' ................................................................................................... 32 4.3. Ionadaí údaraithe: ................................................................................................................... 33

4.4. Comhlachtaí Arna gCur in Iúl (NoBoanna) ............................................................................. 33 4.5. Comhlachtaí Ainmnithe (DeBoanna) ...................................................................................... 35 4.6. Iarratasóir ar údarú maidir le fochóras a chur i mbun seirbhíse ............................................. 35 4.7. Údaráis Náisiúnta Sábháilteachta (ÚNSanna)........................................................................ 36

5. MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA .................................................................................... 37

Page 4: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 4 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

5.1. Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta .................................................................. 37 5.2. Modúil um measúnú comhréireachta ...................................................................................... 39 5.3. Rogha modúl ........................................................................................................................... 39 5.4. Measúnuithe infheidhmithe i leith céimeanna áirithe .............................................................. 41 5.5. Cásanna nach bhfuil clúdaithe ag fíorú ‘CE' ........................................................................... 41 5.6. Measúnuithe i gcás athnuachana nó uasghrádaithe .............................................................. 42

6. CUR CHUN FEIDHME STI I GCAITHEAMH SAOLRÉ GHNÉITHE AN CHÓRAIS IARNRÓID........................................................................................................................ 43

6.1. Leagan ar mhargadh an chomhábhair idir-inoibritheachta ..................................................... 43 6.2. Saolré na bhfochóras .............................................................................................................. 44 6.3. Leagan feithicle i mbun seirbhíse ........................................................................................... 46

7. LIOSTA NA NIARSCRÍBHINNÍ ........................................................................................ 47

DOICIMÉID THAGARTHA ..................................................................................................... 48

SAINMHÍNITHE AGUS GIORRÚCHÁIN ................................................................................ 57

Sainmhínithe ........................................................................................................................................ 57 Giorrúcháin .......................................................................................................................................... 61

0.3. Liosta na dTáblaí Tábla 1: Stádas an doiciméid ............................................................................................................................. 2 Tábla 2: Ábhar na STIanna .............................................................................................................................. 17 Tábla 3: Staid imeartha na STIanna ...................................................................Error! Bookmark not defined. Tábla 4: Scóip STIanna v. fochórais ................................................................................................................ 22 Tábla 5: Cur chun feidhme gach STI i gcleachtas ........................................................................................... 23 Tábla 6: Riachtanais infheidhmithe maidir le fochórais struchtúrtha agus measúnú comhréireachta ............. 27 Tábla 7: Doiciméid thagartha............................................................................................................................ 48 Tábla 8: Sainmhínithe ....................................................................................................................................... 57 Tábla 9: Giorrúcháin ......................................................................................................................................... 61

Page 5: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 5 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

1. RÉAMHRÁ AGUS CÚLRA

1.1. Sainordú don Ghníomhaireacht

1.1.1. Sonraíonn an Sainordú Creata don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid, i gCuid 2.3.1: ‘Maidir leis an sceideal ama a bhaineann le gach STI a dhréachtú nó a leasú, cuirfidh an Ghníomhaireacht faoi bhráid agus foilseoidh sí go rialta ar a láithreán gréasáin athbhreithniú ginearálta ar an Treoir Forfheidhmithe arna foilsiú ag an gCoimisiún i 2004 agus a bhí beartaithe chun cabhrú leis na geallsealbhóirí i ndáil le cur chun feidhme na STIanna. Nuashonrófar agus foilseofar an chaibidil bainteach leis na caighdeáin infheidhmithe sa Treoir Forfheidhmithe go bliantúil ar a laghad’.

1.2. Scóip

1.2.1. Soláthraíonn an treoir seo faisnéis maidir le cur chun feidhme Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht (STIanna); mar sin féin, de bharr go gcaithfear breathnú orthu seo mar reachtaíocht thánaisteach ag teacht as na Treoracha, tá sé riachtanach coincheapa agus nósanna imeachta áirithe dá dtagraítear sa Treoir 2008/57/CE ar idir-inoibritheacht an

chórais iarnróid sa Chomhphobal (‘an Treoir Idir-inoibritheachta’1), a tháinig i bhfeidhm ar 19

Iúil 2008 agus a raibh gá a thrasuíomh ina dlí náisiúnta faoi 19 Iúil 2010, a lua freisin. Leis sin ráite, bhí a lán dá cuid forálacha sa reachtaíocht náisiúnta cheana féin de bharr go dtagann siad ó na Treoracha Idir-inoibritheachta roimhe seo (96/48/CE agus 2001/16/CE).

1.2.2. Ina theannta sin, tá sé mar aidhm ag an treoir míniú a thabhairt ar an gcaoi ar chóir comhábhair agus fochórais idir-inoibritheachta a mheasúnú agus é mar aidhm riachtanais bhunúsacha na Treorach Idir-inoibritheachta a chomhlíonadh. Baineann tagairtí agus nósanna imeachta a chuimsítear anseo leis an measúnú ar chomhréireacht nó ar oiriúnacht úsáide na gcomhábhar idir-inoibritheach mar aon le fíorú an ‘CE' d'fhochórais struchtúracha maidir leis na STIanna atá i bhfeidhm. Trí chomhábhar idir-inoibritheach a chur ar an margadh nó fochóras a chur i mbun seirbhíse i mBallstát, áfach, éilítear freisin comhlíonadh na reachtaíochta AE, náisiúnta agus na bhforálacha rialála ábhartha uile atá i gcomhréir le reachtaíocht an AE agus a chuirtear i bhfeidhm i mbealach neamh-idirdhealaitheach. Ní áiríonn scóip na treorach seo údarú chun feithiclí a chur i mbun seirbhíse ([caibidil V], [Airteagail 21 go 26]). Ar deireadh, níl sé i gceist aici treoirlínte a chuimsiú maidir le trealamh iarnróid a dhearadh ná a dhéanamh.

1.2.3. Ní chuimsíonn an treoir seo aon chomhairle atá ina ceangal dlí. D’fhéadfadh sí feidhmiú mar uirlis soiléirithe ach gan deachtú a dhéanamh ar nósanna imeachta éigeantacha in aon slí, agus gan aon chleachtas atá ina cheangal dlí a bhunú. Soláthraíonn an treoir míniúcháin ar na forálacha atá cuimsithe sna STIanna agus ba chóir go mbeadh sí cabhrach chun na cur chuigí agus rialacha a ndéantar cur síos orthu iontu a thuiscint. Mar sin, tá sé i gceist aici cabhrú chun líon feidhmithe na gclásal cosanta atá leagtha síos in [Airteagail 14 agus 19] a íoslaghdú, go háirithe iad siúd a eascraíonn as léirmhínithe éagsúla den Treoir agus de na STIanna gaolmhara.

1.2.4. Tugann an treoir nó a cuid iarscríbhinní samplaí de réitigh theicniúla. Níor chóir breathnú ar na samplaí sin mar réitigh ‘roghnacha’; tá réitigh ar bith eile a chomhlíonann riachtanais na STIanna ábhartha inghlactha.

1 Tá tagairtí d’aithrisí, d’ailt agus do chaibidlí na Treorach 2008/57/CE scríofa idir lúibíní cearnacha.

Page 6: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 6 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

1.2.5. Níor chóir an treoir a léamh agus a úsáid ach i gcomhar leis an Treoir Idir-inoibritheachta agus leis na cinntí agus rialacháin STI gaolmhara amháin d'fhonn a gcur i bhfeidhm a éascú, ach ní dhéanann sí ionadaíocht dóibh.

1.2.6. An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA) a d’ullmhaigh an treoir, le tacaíocht ó na comhlachtaí ionadaíochta ón earnáil iarnróid agus ó Ghrúpa Comhordaithe na gComhlachtaí Arna gCur in Iúl - Iarnród (NB Iarnród). Bhí deis ag Eagraíochtaí Caighdeánaithe Eorpacha (ESOanna) agus ag údaráis náisiúnta sábháilteachta (ÚNSanna) freisin cur le agus ráiteas a thabhairt ar ábhar na treorach. Cuireadh an treoir i láthair don Choiste Idir-inoibritheachta agus Sábhailteachta Iarnróid (RISC).

1.2.7. Tá an treoir ar fáil go poiblí agus déanfar nuashonrú rialta uirthi d’fhonn dul chun cinn le caighdeáin Eorpacha agus athruithe ar na STIanna a léiriú. Ba chóir don léitheoir tagairt a dhéanamh do láithreán gréasáin an ERA le haghaidh faisnéise faoina eagrán infhaighte is déanaí.

1.3. Sprioclucht léite

1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm, ag geallsealbhóirí iarnróid. Is ionann an sprioclucht léite agus údaráis rialála na mBallstát agus na gníomhaithe agus gníomhairí eacnamaíocha go léir lena mbaineann, cosúil le gnóthais iarnróid (RUanna), bainisteoirí infreastruchtúir (IManna), déantúsóirí, soláthraithe seirbhíse cothabhála, cumainn trádála, aonáin chonarthacha agus comhlachtaí gcur chur in iúl (NoBoanna).

1.4. Ábhar na treorach

1.4.1. D’fhonn freastal ar riachtanais an sprioclucht léite a mhéid agus is féidir, tá sé mar aidhm ag an treoir seo forbhreathnú iomlán ar ábhar na STIanna a sholáthar d’úsáideoirí agus míniú a thabhairt ar conas a gcuid riachtanas a chomhlíonadh, á mbainistiú i dtéarmaí teicniúla (m.sh. 'pointí oscailte' agus 'cásanna sonracha', úsáid a bhaint as modúil um measúnú comhréireachta, s.rl.). Dá réir sin, cuimsíonn an treoir cuid ginearálta a thugann na príomhmhínithe ar choincheapa, róil agus creat agus treoracha atá sonrach do gach STI i gceangal léi.

Page 7: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 7 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

2. TREOIR 2008/57/CE AGUS SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA DON IDIR-INOIBRITHEACHT

2.1. Réamhrá

2.1.1. Is ionann an Treoir Idir-Inoibritheachta (2008/57/CE) agus athmhúnlú de na Treoracha Idir-Inoibritheachta 96/48/CE ar ardluas (AL) agus 2001/16/CE ar ghnáthchóras iarnróid (CR), dhá threoir a leasaíodh trí Threoir 2004/50/CE agus 2007/32/CE. Tá an Treoir Idir-Inoibritheachta ag teacht le prionsabail na dtreoracha a áirítear faoin gcur chuige nua, iad seo ina measc (Treoir maidir le feidhmiú treoracha bunaithe ar an gCur Chuige Nua agus ar an gCur Chuige Domhanda, cuid 1.1):

‘Cuirtear srian le comhchuibhiú reachtach ionas nach bhfuil san áireamh ach riachtanais éigeantachta nach mór do tháirgí a chuirtear ar margadh an Chomhphobail a chomhlíonadh, má táthar le leas a bhaint as saorghluaisteacht laistigh den Chomhphobal.

Tá sonraíochtaí teicniúla na dtáirgí a bhfuil na riachtanais shonracha atá sonraithe sna treoracha á gcomhlíonadh acu luaite sna caighdeáin chomhchuibhithe.

Is ar bhonn deonach a chuirtear caighdeáin chomhchuibhithe nó caighdeáin eile i bhfeidhm, agus féadfaidh an déantúsóir sonraíochtaí teicniúla a chur i bhfeidhm d'fhonn na riachtanais a chomhlíonadh.

Baineann táirgí a dhéantar ar bhealach a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe leas as toimhde comhfhoirmeacht leis na riachtanais éigeantacha chomhfhreagracha’.

Tá breis faisnéise faoi na prionsabail ghinearálta seo agus faoin gcreat le fáil in Iarscríbhinn 3 den treoir.

2.1.2. I bhfianaise chastacht an chórais iarnróid, áfach, agus na gnéithe comhtháite a bhaineann leis na riachtanais éigeantacha, b'éigean STIanna a bhunú d’fhonn idir-inoibritheacht éigeantach an chórais iarnróid a chinntiú. Sonraítear iontu seo ‘na coinníollacha atá le comhlíonadh chun idir-inoibritheacht a chinntiú’ agus is ionann iad agus sainmhíniú ar ‘an leibhéal is fearr agus is féidir de chomhchuibhiú teicniúil’ (Airteagal 1 den Treoir Idir-Inoibritheachta).

2.1.3. Éascaíonn na STIanna an t-aistriú ó na seanchórais náisiúnta chomhtháite iarnróid - córais a bhí arna rialú ag rialacha náisiúnta - go dtí córas roinnte Eorpach iarnróid atá á rialú ag rialacha coiteanna an AE den chuid is mó.

Page 8: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 8 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

2.1.4. Ar 29 Márta 2011, ghlac an Coimisiún le [43] an Rialacháin maidir le húdarú fochóras agus feithiclí struchtúrtha, Moladh ina sonraítear na prionsabail agus na treoirlínte nach mór do Bhallstáit a chur san áireamh nuair a bhíonn fochóras agus feithiclí struchtúrtha á n-údarú acu. Cé go bhfuil an cháipéis seo dírithe ar na Ballstáit, moltar do dhuine ar bith ar mian leis / léi tuiscint a fháil ar ról an STI agus nós imeachta fíoraithe an ‘CE’ sa phróiseas a tharlaíonn roimh láithriú seirbhíse an cháipéis seo a léamh.

2.2. Cuspóirí na Treorach Idir-inoibritheachta

2.2.1. De réir [Airteagal 1], tá creat na Treorach Idir-Inoibritheachta le tuiscint ar bhonn níos ginearálta ná na Treoracha a bhí ann roimhe seo:

1. ‘Tá sé mar aidhm leis an Treoir seo na coinníollacha atá le comhlíonadh chun idir-inoibritheacht a bhaint amach laistigh de chóras iarnróid an Chomhphobail a bhunú ar bhealach atá comhoiriúnach le forálacha Threoir 2004/49/CE. Baineann na coinníollacha seo le dearadh, tógáil, láithriú seirbhíse, uasghrádú, athnuachan, oibriú agus cothabháil na bpáirteanna den chóras seo mar aon leis na cáilíochtaí gairmiúla agus coinníollacha sláinte agus sábháilteachta na foirne a chuireann lena n-oibriú agus leis an gcothabháil seo. 2. Ní mór go mbeadh an cuspóir seo mar bhonn le sainmhíniú ar an leibhéal is fearr agus is féidir de chomhchuibhiú teicniúil agus na nithe seo a leanas a éascú: (a) seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid a éascú, a fheabhsú agus a fhorbairt laistigh den Aontas Eorpach agus le tríú tíortha; (b) cur le cruthú forchéimnitheach an mhargaidh inmheánaigh trealamh agus seirbhísí do thógáil, athnuachan, uasghrádú agus oibriú an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal; (c) cur le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal’

2.2.2. Ba chóir féachaint ar chuspóirí na Treorach Idir-Inoibritheachta mar chuid de chur chuige an AE feidhmiú an iompair iarnróid a fheabhsú, córas arb iad seo a leanas a chlocha coirnéil:

Treoir Idir-inoibritheachta

+

STIanna

+

Caighdeáin Eorpacha

+

Rialacha náisiúnta

INNIU

Comhaontuithe idirnáisiúnta

(COTIF, AGC, AGTC, s.rl.)

+

Rialacha idirnáisiúnta (UIC, RIV, RIC, caighdeáin EN)

+

Rialacha náisiúnta Le nó gan chomh-

aitheantas

INNÉ

Page 9: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 9 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

rochtain oscailte san iompar ar iarnród ar mhaithe le tacú le hiomaíocht agus dreasachtaí a chruthú do nuálaíocht táirgí agus caighdeán seirbhíse;

idir-inoibritheacht gréasán náisiúnta a chothú (agus, dá réir sin, seirbhísí idirnáisiúnta) trí chomhchuibhiú teicniúil;

líonra Eorpach iarnróid a fhorbairt, tríd an Líonra Tras-Eorpach a chur ar fáil do chóras iarnróid uile an Chomhphobail;

cur chuige coiteann maidir le sábháilteacht ar iarnród a chur i bhfeidhm ar mhaithe le rochtain margaidh a éascú, agus ardleibhéal sábháilteachta a chinntiú ag an am céanna.

2.2.3. Ar deireadh, chun críche na Treorach Idir-Inoibritheachta, tagraíonn na téarmaí ‘Comhphobal’ (arb ionann é agus 'An tAontas Eorpach' ó chur chun feidhme Chonradh Liospóin) nó ‘margadh inmheánach’ do dhlínsí Lichtinstéin, na hÍoslainne agus na hIorua mar chuid den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), de réir Chinneadh na Comhairle agus an Choimisiúin [19]. I ndáiríre, 27 stát ar fad atá i gceist (.i. Ballstáit uile an AE agus LEE, seachas an Chipir, Málta agus an Íoslainn, tíortha nach bhfuil infreastruchtúr iarnróid ar bith iontu).

2.3. Scóip gheografach na Treorach Idir-inoibritheachta

2.3.1. Tá scóip gheografach na Treorach Idir-Inoibritheachta leathnaithe ó TEN-T go dtí ‘córas iarnróid uile [AE]’. Nuair a bhíonn an Treoir á trasuigh, féadfaidh an Ballstát na nithe seo a leanas a fhágáil as an áireamh:

a) ‘mearchóras iarnród cathrach, tramanna agus córais iarnróid éadroma eile;

b) gréasáin atá ag feidhmiú astu féin amuigh ón gcuid eile den chóras iarnróid agus atá beartaithe le húsáid do sheirbhísí áitiúla, uirbeacha nó fo-uirbeacha paisinéirí, mar aon le gnóthais iarnróid atá ag feidhmiú astu féin ar na gréasáin seo;

c) infreastruchtúr agus feithiclí iarnróid eile faoi úinéireacht phríobháideach atá in úsáid ar infreastruchtúr den chineál sin ag an úinéir ar mhaithe lena oibríochtaí lastais féin;

d) infreastruchtúr agus feithiclí atá á n-úsáid go háitiúil, ar bhonn stairiúil nó don earnáil turasóireachta.’

2.3.2. Tá scóip bheacht de chur i bhfeidhm na Treorach Idir-Inoibritheachta i ngach Ballstát sainmhínithe sa reachtaíocht náisiúnta atá á trasuigh.

2.4. Scóip gheografach na STIanna

2.4.1. Ní hionann an leathnú seo ar scóip na Treorach Idir-Inoibritheachta agus leathnú uathoibríoch ar scóip na STIanna. Go deimhin, sonraítear in [Airteagal 1(4)] ‘go leathnófar scóip na STIanna go forchéimnitheach (...) chuig an gcóras iarnróid ar fad (...)’.

2.4.2. Leathnófar scóip gheografach na STIanna trí athbhreithniú a dhéanamh ar STIanna reatha nó STIanna nua a chur i bhfeidhm. Tá an scóip gheografach a luadh ar dtús i ngach STI fós bailí.

2.4.3. Ciallaíonn sé seo gurb éard atá i gceist le scóip gheografach formhór na STIanna an córas iarnróid tras-Eorpach – an córas mórluais agus an gnáthchóras iarnróid san áireamh – mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn I den Treoir Idir-Inoibritheachta (nó mar a sainmhíníodh roimhe seo in Iarscríbhinn I de Threoir 96/48/CE agus Iarscríbhinn I de Threoir 2001/16/CE), .i. línte iarnróid an ghréasáin iompair thras-Eorpaigh (TEN-T) agus na feithiclí a d’fhéadfadh

Page 10: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 10 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

a bheith ag taisteal ar an ngréasán sin. Tá sainmhíniú déanta ar an ngréasán iompair thras-Eorpaigh i [24] gCinneadh 661/2010/AE, a tháinig in áit [25] Chinneadh 1692/96/CE.

2.4.4. I 2010 fuair an ERA an tríú sainordú [40] agus é ar intinn scóip na STIanna a leathnú chuig an gcóras iarnróid trí chéile san Aontas Eorpach agus táthar i mbun athbhreithnithe ar STIanna ‘agus é mar aidhm díriú ar na línte agus ar an roth stoc nach bhfuil clúdaithe go fóill’.

2.4.5. Féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh STI a chur chun feidhme nó riachtanais áirithe STI sa bhreis ar a bhfuil sonraithe i scóip gheografach an STI féin. I gcás mar sin, ba chóir a leithéid a léiriú sa reachtaíocht náisiúnta. D’fhéadfadh Ballstát riachtanais STI a léiriú mar STI de riail náisiúnta de chuid páirt TEN den ghréasán ag brath ar [Airteagal 17].

2.5. Scóip theicniúil na STIanna

2.5.1. De réir [Airteagal 5(2)] ‘comhlíonfaidh fochórais leis na STIanna atá i bhfeidhm tráth an láithrithe seirbhíse, an uasghrádaithe nó na hathnuachana’.

2.5.2. I ndáil le fochórais struchtúrtha, ciallaíonn sé seo gur cheart go mbeadh aon fhochóras nua atá ag teacht laistigh de scóip gheografach STI i gcomhfhoirmeacht leo.

2.5.3. Maidir leis na fochórais struchtúrtha a ndéantar a uasghrádú nó a athnuachan, ba chóir [Airteagal 20] a chur san áireamh. Sonraítear gur cheart don Bhallstát ‘cinneadh an bhfuil (...) údarú nua do láithriú seirbhíse (...) ag teastáil’ agus, má tá, ar an dara dul síos, ‘a mhéid is gá na STIanna a chur i bhfeidhm ar an tionscadal’. Ba chóir go n-áireodh na Ballstáit a gcinneadh ‘an straitéis forfheidhmithe atá sonraithe san STI infheidhme a chur san áireamh’.

2.5.4. I gcás na bhfochóras feidhmiúil, nach bhfuil láithriú seirbhíse i gceist leo, sainmhínítear úsáid na riachtanas STI a bhaineann leis an gcóras iarnróid i straitéis forfheidhmithe an STI ábhartha.

2.5.5. Féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh STI a chur i bhfeidhm nó riachtanais áirithe STI sa bhreis ar a bhfuil sonraithe i scóip gheografach an STI féin nó i gcásanna nach bhfuil cur síos orthu sa Treoir Idir-Inoibritheachta. I gcás mar sin, ba chóir a leithéid a léiriú sa reachtaíocht náisiúnta.

2.6. Maoluithe

2.6.1. I bprionsabal, tá na cásanna difriúla neamhthipiciúla a bhféadfadh sé a bheith riachtanach déileáil leo ar bhealach ar leith, á gcur san áireamh agus na STIanna á n-ullmhú. Déileáiltear, go hiondúil, leis na cásanna seo, i gCaibidil 7 de na STIanna, a d’fhéadfadh a áireamh, inter alia, idirthréimhsí agus cásanna sonracha. Ach, d'fhéadfadh go mbeadh cásanna áirithe ann nach raibh súil leo agus nár tagraíodh nó nár déileáladh leo san STI. I gcásanna dá leithéid, áit ar cuí, féadfaidh Ballstát maolú a lorg do STIanna áirithe nó do pháirteanna de STIanna.

2.6.2. Mar atá thuasluaite, baineann STI le gach fochóras nua a thiteann laistigh dá scóip gheografach. D’fhonn gan STI a chur i bhfeidhm, ní mór maolú a bhronnadh de réir [Airteagal 9], ina léirítear na cásanna inar féidir maolú a bhronnadh agus na nósanna imeachta atá le leanúint.

2.6.3. Is é an Coimisiún Eorpach a bhronnann maoluithe i ndiaidh iarratas a fháil ón mBallstát i gceist. Má mheasann an eagraíocht atá i gceannas ar an tionscadal go bhfuil gá le maolú, ní mór údaráis an Bhallstáit ina bhfuil an fochóras le láithriú i seirbhís ann a chur ar an eolas ionas gur féidir leis an mBallstát iarratas maolaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Page 11: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 11 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

2.6.4. Ba cheart, go háirithe, aird a thabhairt ar na cásanna a bhaineann le [Airteagal 9(1)(a)], .i. tionscadail ‘atá forbartha nó ar ábhar conartha iad i gcás feidhmithe nuair atá [an STI i gceist] foilsithe’.

2.6.5. Ní mór do na Ballstáit liosta de thionscadail dá leithéid a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de bhliain amháin de chur chun feidhme an STI.

2.7. Príomhfhorálacha STI na Treorach Idir-inoibritheachta

Tá tábhacht ar leith leis na hairteagail seo a leanas de chuid na Treorach maidir leis na STIanna.

Airteagal 1(1): Coinníollacha na hidir-inoibritheachta

‘Baineann na coinníollacha (idir-inoibritheachta) seo le dearadh, tógáil, láithriú seirbhíse, uasghrádú, athnuachan, oibriú agus cothabháil páirteanna den chóras seo mar aon le cáilíochtaí gairmiúla agus coinníollacha sláinte agus sábháilteachta na foirne a chuireann lena n-oibriú agus lena gcothabháil’.

[G 1] Ullmhaíodh na STIanna agus é mar aidhm, trí chomhlíonadh leis na riachtanais éigeantacha atá sonraithe sa Treoir, gluaiseacht shábháilte agus neamhbhriste traenacha idir-inoibritheachta a cheadú. Dá réir sin, ní dhéileálann siad, mar shampla, leis na coinníollacha a bhaineann le riachtanais chompoird, nach gcuireann bac ar shaorghluaiseacht agus ar ghluaiseacht shábháilte na dtraenacha, .i. nach mbaineann leis na riachtanais éigeantacha agus nach bhfuil ábhartha i ndáil le húdarú láithriú seirbhíse fochóras nó ceart chun comhchodanna idir-inoibritheachta a chur ar an margadh (Airteagail 4, 10 agus 16 den Treoir Idir-Inoibritheachta).

[G 2] Ní bhaineann na STIanna ach le fochórais nua, uasghrádaithe agus athnuaite. Ní hionann STIanna agus lámhleabhar dearaidh. Ní chumhdaíonn siad gach gné den chóras, díreach na gnéithe sin a bhaineann leis na riachtanais éigeantacha.

Airteagal 2(a): ‘Córas iarnróid Tras-Eorpaigh’

Is ionann ‘córas iarnróid thras-Eorpaigh’ agus ‘gnáthchóras iarnróid thras-Eorpaigh agus an córas iarnróid ardluais mar atá sonraithe in Iarscríbhinn I, pointí 1 agus 2 faoi seach, den Treoir’.

[G 3] Ainneoin go bhfuil na treoracha ar chórais iarnróid ardluais agus ar ghnáthchórais iarnróid athmhúnlaithe i gcáipéis amháin, agus go bhfuil scóip na Treorach Idir-Inoibritheachta leathnaithe chun córas uile iarnróid an AE a chur san áireamh, baineann tábhacht fós le sainmhíniú an chórais iarnróid thras-Eorpaigh [24] agus na páirteanna a bhaineann le hiarnród mórluais agus gnáth-iarnród do scóip fheidhmiú na STIanna atá i bhfeidhm. Is ionann scóip na STIanna seo agus a bhfuil sonraithe i ngach STI.

Airteagal 2(b): ‘Idir-inoibritheacht’

Ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ cumas an chórais iarnróid gluaiseacht shábháilte agus neamhbhriste traenacha a cheadú ar bhealach a chomhlíonann na leibhéil riachtanacha feidhmithe. Braitheann an cumas seo ar na coinníollacha rialála, teicniúla agus oibríochtúla nach mór a chomhlíonadh chun na riachtanais éigeantacha a bhaint amach.’

[G 4] Tá an Treoir Idir-Inoibritheachta agus a STIanna gaolmhara deartha d’fhonn ‘an leibhéal is fearr agus is féidir de chomhchuibhiú teicniúil’ a éascú i gcóras iarnróid an AE trí chéile agus é mar aidhm a bhonn iomaíochais a fheabhsú, m.sh. trí tháirgeadh, glacadh, oibriú

Page 12: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 12 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

agus cothabháil costas a ísliú. Is é an aidhm atá ann, ar an gcéad dul síos, seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid a éascú agus, ar an dara dul síos, rialacha coiteanna AE a bhunú le haghaidh measúnú comhréireachta agus láithriú seirbhíse infreastruchtúir, áiseanna agus feithiclí fosaithe.

[G 5] Le blianta beaga anuas, tá roinnt traenacha nua, ardluais i mbun seirbhíse ar bhealaí idirnáisiúnta. Tá sé seo curtha chun críche go sábháilte agus gan mórán cur isteach ar sheirbhísí, agus d’éirigh leis na traenacha nua seo ar fad idir-inoibritheacht trasteorann a bhaint amach ar bhealaí áirithe. I mbeagán focal, bhraith na traenacha nua seo ar fhoirmeacha idir-inoibritheachta nach raibh ag comhlíonadh go hiomlán leis an Treoir Idir-Inoibritheachta agus a STIanna gaolmhara. Ba é an nós a bhí ann, go raibh na feithiclí a bhí in úsáid ar na bealaí idirnáisiúnta seo feistithe do na bealaí seo le hilchórais rialaithe a chiallaigh go raibh sé indéanta, bogadh go gasta ó chóras rialaithe amháin go córas eile, áit ar cuí, mar shampla. Cumhdaíonn réitigh shonracha mar sin, a d’áirigh rialacha stát difriúil, costais bhreise táirgeachta agus mheasúnaithe comhréireachta.

Airteagal 2(c): ‘Feithicil’

ciallaíonn ‘feithicil’ feithicil iarnróid a ritheann ar a rothaí féin ar línte iarnróid, le nó gan tarraingt. Is ionann feithicil agus fochóras struchtúrtha nó feidhmiúil amháin nó níos mó nó páirteanna a leithéid d’fhochórais’.

[G 6] Mar shampla, is gnách go mbíonn feithicil fhéinghluaiste déanta de dhá fhochóras:

rothstoc agus

ordú agus comharthaíocht rialaithe ar bord.

Airteagal 2(e): ‘Fochórais’

‘Ciallaíonn ‘fochórais’ toradh roinnt an chórais iarnróid, mar atá léirithe in Iarscríbhinn II [den Treoir Idir-Inoibritheachta]. Féadfaidh na fochórais seo, ar gá riachtanais éigeantacha a shonrú ina leith, a bheith struchtúrtha nó feidhmiúil’.

[G 7] Sonraítear in [Iarscríbhinn II], chun críche na Treorach Idir-Inoibritheachta, gur féidir an corás iarnróid a roinnt mar seo a leanas:

cúig fhochóras struchtúrtha:

o infreastruchtúr,

o fuinneamh,

o ordú agus comharthaíocht rialaithe ar thaobh riain,

o ordú agus comharthaíocht rialaithe ar bord agus

o rothstoc;

(d’fhéadfaí ‘fochórais ghréasáin-ghaolmhar’ a thabhairt ar an gcéad trí fhochóras, agus d’fhéadfaí ‘fochórais feithicil-ghaolmhar a thabhairt ar an dá fhochóras deiridh’)

trí fhochóras feidhmiúil:

o oibriú agus bainistiú tráchta,

o cothabháil,

Page 13: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 13 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

o feidhmchláir theileamaitice do sheirbhísí paisinéirí agus lastais.

[G 8] Os a choinne sin, sonraítear in [Airteagal 15(1)] ‘(...) go n-údaróidh gach Ballstát láithriú seirbhíse na bhfochóras struchtúrtha ar fad arb ionann iad agus cuid den chóras iarnróid (...)’. I gcás na bhfochóras feidhmiúil níl aon láithriú seirbhíse i gceist agus, dá réir sin, níl aon dearbhú fíoraithe CE fíoraithe, níl nós imeachta fíoraithe CE ann agus níl aon bhaint ag NoBoanna leis.

[G 9] Tá na bealaí nach mór d'fhochórais struchtúrtha agus fheidhmiúla idir-inoibritheacht a bhaint amach sonraithe i gcáipéisí dar teideal ‘sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheacht’ (STIanna), a nglactar leo trí chinntí nó rialacháin an Choimisiúin Eorpaigh agus atá éigeantach, dá réir sin.

Airteagal 2(f): ‘Comhábhair na hidir-inoibritheachta’

Is ionann ‘comhchuid idir-inoibritheachta’ agus aon chomhchuid éigeantach, grúpa comhchodanna, fochóimeáil nó cóimeáil iomlán trealamh inchorpraithe nó beartaithe a bheith ionchorpraithe i bhfochóras, a bhfuil idir-inoibritheacht an chórais iarnróid ag brath air, go díreach nó go hindíreach. Cumhdaíonn coincheap na ‘comhchoda’ nithe inláimhsithe agus doláimhsithe dála bogearraí’.

[G 10] Sainmhínítear na comhchodanna idir-inoibritheachta agus a dtréithe idir-inoibritheachta sna STIanna. Ceann de na cuspóirí é margadh tionsclaíoch Eorpach a chruthú do tháirgí iarnróid. D’fhonn athrá neamhriachtanach de nósanna imeachta agus de chostais ghaolmhara a sheachaint, tá comhchodanna nó fochóimeálacha d’fhochóras atá riachtanach d’idir-inoibritheacht, arna ndéanamh de réir dearadh comhionann mar tháirgí srathacha, atá le díol agus le hionchorprú i bhfochórais, sainmhínithe mar chomhchodanna idir-inoibritheachta.

[G 11] Tríd is tríd, baineann na pointí coiteanna seo a leanas le comhchodanna idir-inoibritheachta:

féadfar tréithe na gcomhchodanna idir-inoibritheachta a mheas trí thagairt do chaighdeán Eorpach nó cáipéis ábhartha eile, neamhspleách ar an bhfochóras ina gcomhtháthófar na gcomhchodanna;

féadfar comhchodanna idir-inoibritheachta a úsáid astu féin mar pháirteanna spártha agus curtha ag an déantúsóir ar an margadh Eorpach, roimh iad a chomhtháthú i bhfochóras;

is ionann comhchodanna idir-inoibritheachta agus gnéithe ar féidir a ndearadh a fhorbairt agus a mheas leo féin.

[G 12] Ní bhraitheann measúnú comhfhoirmeachta comhchuid idir-inoibritheachta ar an féidir nó nach féidir é a chomhtháthú i bhfochóras. I gcás ar bith, áfach, mar chuid de nós imeachta fíoraithe ‘CE’ d’fhochóras, beidh sé riachtanach a sheiceáil an bhfuil comhchodanna idir-inoibritheachta in úsáid ina réimse úsáide, mar atá sonraithe i gCaibidil 5 le haghaidh gach STI, agus an bhfuil siad á gcomhtháthú mar is ceart san fhochóras. Ba chóir go n-áireodh seiceáil ar chomhtháthú fochórais srianta agus forálacha atá luaite i ndearbhú comhfhoirmeachta ‘CE' an CI. Lena chois sin, leagtar béim sa Treoir Idir-Inoibritheachta ar thábhacht comhfhoirmeacht na gcomhchodanna atá dírithe ar idir-inoibritheacht an chórais a chinntiú.

[G 13] Chun críocha na Treorach Idir-Inoibritheachta (gan dochar d’fhorálacha rialacháin eile), níl dualgas ar dhéantúsóirí ‘marcáil CE ghreamú ar chomhchodanna’ faoi réir a bhforálacha. Is leor dearbhú comhréireachta an déantúsóra ([raithris (36)]). Go deimhin, ní chiallaíonn marcáil ‘CE’ greamaithe ar IC nó ar fhochóras go bhfuil sé ag comhlíonadh leis an Treoir

Page 14: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 14 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Idir-Inoibritheachta agus STIanna gaolmhara; greamaítear a leithéid de thoradh treoracha Eorpacha eile ar chomhchuibhiú teicniúil. Ní mór fianaise maidir le comhlíonadh leis an Treoir Idir-Inoibritheachta agus na STIanna gaolmhara a lorg sa cháipéisíocht ábhartha.

[G 14] Ní mór marcáil CE a bheith greamaithe ar na CIanna más gá bunaithe ar aon rialachán eile a bhaineann leis an CI seo.

Airteagal 5(2): ‘Comhréireacht fhochórais le STIanna’

‘Comhlíonfaidh na fochórais leis an STI atá i bhfeidhm tráth an leagain i mbun seirbhíse, an uasghrádaithe nó na hathnuachana, de réir Threoir 2008/57/CE; cothófar an comhlíonadh seo go buan agus gach fochóras in úsáid.’

[G 15] Sonraítear san airteagal seo an oibleagáid comhlíonta leis na STIanna le haghaidh na bhfochóras struchtúrtha atá leagtha i mbun seirbhíse (i ndiaidh iad a dtógáil, a n-uasghrádú nó a n-athnuachan) i ndiaidh cur chun feidhme na STIanna seo. Ní bhaineann carachtar cúlghabhálach le glacadh le STI. Ní fhorchuireann sé oibleagáid ar mhaithe le fochórais struchtúrtha eiseacha a bheith ag comhlíonadh leis, ach amháin má dhéantar na fochórais a uasghrádú nó a athnuachan. Tá [Airteagal 20] ábhartha i ndáil le huasghrádú nó le hathnuachan.

[G 16] Ní mór fochóras a mheas de réir na STIanna infheidhmithe, fiú mura gclúdaítear an fochóras seo go hiomlán sna STIanna. Mar shampla, maidir le tacar traenach CR, tá STIanna SRT, NOI agus PRM infheidhmithe, fiú amháin mura bhfuil an STI LOC & PAS i bhfeidhm fós.

[G 17] Tagraítear in [Airteagal 15(3)] agus aithris (40) d’Airteagail 10 agus 11 den Treoir Sábháilteachta (do theastais sábháilteachta le haghaidh RUanna agus údaruithe sábháilteachta do IManna, faoi seach) d’fhonn na bhfreagrachtaí a bhaineann le comhlíonadh fochóras leis na STIanna i rith a n-úsáide a chothabháil. Ciallaíonn sé sin, go bhfuil comhlíonadh fochóras a chothabháil leis na STIanna gaolmhara le linn a n-úsáide faoi fhreagracht na RUanna agus na IManna atá ag feidhmiú faoi na fochórais seo, agus sa chás go mbíonn feithiclí i gceist atá faoi fhreagracht an aonáin atá i gceannas ar chothabháil (‘ECM’). Sa réimse sin, tá de fhreagracht ar an soláthraí an cháipéisíocht ábhartha a sholáthar don RU, IM agus ECM (cáipéisíocht oibrithe, chothabhála agus oiliúna) ionas gur féidir leo a dtascanna féin a chur i gcrích. Ní bhaineann an comhlíonadh cothabhála seo ach leis na STIanna sin a ndearnadh a gcomhréireacht STIanna a mheas agus a dhearbhú nuair a leagadh an fochóras i mbun seirbhíse (.i. ní gá go mbeadh fochórais struchtúrtha leagtha i mbun seirbhíse roimh chur chun feidhme STI atá ag comhlíonadh leis an STI seo).

[G 18] Níl leagan i mbun seirbhíse i gceist le fochórais fheidhmiúla. Ní mór comhlíonadh na bhforálacha STI a bhaineann leo a sheiceáil i gcomhthéacs bhronnadh agus mhaoirseacht teastas sábháilteachta agus údaruithe sábháilteachta.

Airteagal 5(7): ‘Traenacha idir-inoibritheacha agus traenacha nach bhfuil clúdaithe ag STIanna’

‘Ní chuirfidh STIanna bac ar Bhallstáit cinntí a dhéanamh maidir le húsáid infreastruchtúr le haghaidh gluaiseacht feithiclí nach bhfuil clúdaithe ag STIanna’.

[G 19] Mar atá thuasluaite, níl aon oibleagáid ann go mbeadh fochórais struchtúrtha eiseach i gcomhréireacht leis na STIanna.

Page 15: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 15 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

[G 20] Nuair a bhí na STIanna á ndréachtú, rinneadh machnamh ar chúrsaíocht chomhuaineach an infreastruchtúir chéanna traenacha atá i gcomhréireacht le STI agus traenacha eile nach bhfuil clúdaithe ag STIanna, bíodh paisinéirí nó lastas i gceist. Níor éiligh an cás seo sonraíochtaí aonair don chineál seo trácht measctha, sa mhéid is gur chiallaigh na sonraíochtaí i bhformhór pharaiméadair bhunúsacha na bhfochóras gréasán-ghaolmhar go raibh sé indéanta glacadh le huasluachanna atá comhoiriúnach le gluaiseacht traenacha eile, gan dochar a dhéanamh do chúrsaíocht traenacha atá i gcomhréireacht le STI. Is é an bainisteoir infreastruchtúir, áfach, atá freagrach as na huasluachanna aonair a roghnú, agus as déileáil lena n-impleacht gheilleagrach agus a gcomhoiriúcht le riachtanais na STIanna a dhearbhú.

Airteagal 10(2): ‘Leagan ar mhargadh na gcomhábhar idir-inoibritheachta’

‘Ní fhéadfaidh Ballstáit, ina ndlínse féin agus bunaithe ar an Treoir seo, srian, bac nó cosc a chur ar chomhábhair idir-inoibritheachta a leagan ar an margadh le húsáid sa chóras iarnróid áit a bhfuil an Treoir á comhlíonadh acu. Go háirithe, ní fhéadfaidh siad seiceálacha a lorg a bhí curtha i gcrích cheana féin mar chuid de nós imeachta dearbhaithe comhréireachta nó oiriúnaithe úsáide, a bhfuil na comhábhair a bhaineann leis sonraithe in Iarscríbhinn IV’.

[G 21] Sainmhínítear trí chatagóir éagsúla comhábhair in Iarscríbhinn IV den Treoir Idir-inoibritheachta:

‘comhábhair ilúsáide, nach mbaineann go sainiúil leis an gcóras iarnróid agus a d’fhéadfaí iad a úsáid i réimsí eile’;

‘comhábhair ilúsáide a bhfuil tréithe sainiúla ag gabháil leo, nach mbaineann go sainiúil leis an gcóras iarnróid, ach a léiríonn leibhéil shainiúla feidhmíochta nuair a bhíonn siad in úsáid chun críche iarnróid’;

comhábhair shainiúla d’úsáidí iarnróid.’

I gcás fochóras a bhaineann le scóip theicniúil agus gheografach na STIanna, tá úsáid CIanna clúdaithe ag dearbhú éigeantach CE, seachas má fhoráiltear dó sna STIanna infheidhmithe (m.sh. d'idirthréimhse).

[G 22] Sonraítear in STIanna ‘na coinníollacha ar fad nach mór do chomhábhar idir-oibritheachta a bheith i gcomhréir leo agus an nós imeachta a bhaineann le comhréireacht a mheas’ ([aithris (15)]). Ina theannta sin, ‘nuair a chuirtear STI i bhfeidhm, bíonn roinnt comhábhar idir-inoibritheachta ar an margadh. Ba chóir foráil a dhéanamh d'idirthréimhse ionas gur féidir na comhábhair seo a chomhtháthú i bhfochóras fiú amháin mura bhfuil siad i gcomhréireacht leis an STI sin’ ([aithris (38)]).

[G 23] D’fhonn nuálaíocht theicneolaíoch a chur san áireamh, áirítear i bhformhór na STIanna i bhfeidhm forálacha le haghaidh ‘réitigh nuálacha’, nach gcomhlíonann na riachtanais sonraithe san STI nó nach féidir a mheas de réir mar atá sonraithe san STI. I gcásanna den sórt sin, ní mór don iarratasóir na himeachtaí ó na codanna ábhartha den STI a shonrú agus ansin iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun críocha anailíse. Má ghlacann an Coimisiún leis, áireofar sonraíocht agus nós imeachta nua measúnaithe san STI i rith an athbhreithnithe agus d'fhéadfaí úsáid réiteach nuálach a cheadú roimh é a ionchorprú san STI.

[G 24] De réir Airteagal 16 den Treoir Sábháilteachta, tá na ÚNSanna freagrach as a chinntiú go bhfuil na comhábhair idir-inoibritheachta a leagtar ar an margadh ag comhlíonadh leis na STIanna.

Page 16: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 16 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Airteagal 15: ‘Leagan i mbun seirbhíse na bhfochóras struchtúrtha’

‘...Údaróidh gach Ballstát leagan i mbun seirbhíse na bhfochóras struchtúrtha seo arb ionann

iad agus an córas iarnróid agus atá lonnaithe nó á n-oibriú ina dhlínse.’

[G 25] Ina leith seo, ní mór do Bhallstáit na nithe seo ach go háirithe a sheiceáil:

‘comhoiriúnacht theicniúil na bhfochóras seo leis an gcóras a bhfuil siad le comhtháthú ann’ (Airteagal 15(1));

‘comhtháthú sábháilteachta na bhfochóras seo de réir na Treorach Sábháilteachta (Airteagail 4.3 agus 6.3);

a gcomhlíonadh ‘leis na forálacha ábhartha STI ar oibriú agus ar chothabháil’, más infheidhmithe.

[G 26] ‘Ba cheart go mbeadh an fochóras arb ionann é agus an córas iarnróid faoi réir nós imeachta fíoraithe. Ní mór go gcuirfeadh an fíorú seo ar chumas na n-údarás atá freagrach as údarú a leagan i mbun seirbhíse a bheith cinnte, ag na céimeanna dearaidh, tógála agus leagan i mbun seirbhíse, go bhfuil an toradh ag teacht leis na rialacháin agus leis na forálacha teicniúla agus oibríochtúla atá i bhfeidhm. Ní mór freisin go gcuirfeadh sé ar chumas déantúsóirí a bheith in ann brath ar chomhionannas cóireála sa tír i gceist. Tá sé riachtanach, dá réir sin, modúl amháin nó níos mó a shonrú ina sainmhínítear na prionsabail agus na coinníollacha a bhaineann le fíorú fochóras ‘CE’’ ([aithris (39)]).

[G 27] Go praiticiúil, ar mhaithe le fochóras atá le leagan i mbun seirbhíse a údarú, ní mór don ÚSN a sheiceáil an bhfuil na nósanna imeachta seo a leanas curtha i gcrích agus an raibh toradh dearfach leis an obair:

Fíorú ‘CE’,

fíorú comhréireachta le rialacha náisiúnta fógartha infheidhmithe (pointí oscailte, cásanna sainiúla, maoluithe),

meastóireacht agus measúnú riosca, más riachtanach de réir Rialachán an Choimisiúin (CE) Uimh 352/2009 (d’fhéadfadh riachtanas follasach san STI a bheith i gceist freisin).

[G 28] ‘I ndiaidh fochóras a leagan i mbun seirbhíse, ba chóir a chinntiú go n-oibrítear agus go gcothaítear é de réir na riachtanas éigeantach a bhaineann leis’ ([aithris (40)]). Chuige seo, sainmhínítear sa Treoir Sábháilteachta freagrachtaí na RUanna agus na IManna a bhaineann leis na fochórais a chuireann siad i bhfeidhm. Ní mór do na Ballstáit a sheiceáil go bhfuil na freagrachtaí seo comhlíonta nuair a bhíonn teastais sábháilteachta agus údaruithe sábháilteachta á mbronnadh agus á maoirsiú.

[G 29] D’fhonn nuálaíocht theicneolaíoch a cheadú, tá forálacha sna STIanna i bhfeidhm le haghaidh ‘réitigh nuálacha’.

Airteagal 20: ‘Leagan i mbun seirbhíse na bhfochóras eiseach tar éis athnuachana nó uasghrádaithe’

‘Má theastaíonn údarú nua, is é an Ballstát a dhéanfaidh cinneadh maidir leis na STIanna atá le cur i bhfeidhm ar thionscadal faoi leith.’

[G 30] Tá fíorú ‘CE’ atá le déanamh ag NoBo srianta do chodanna nó do thréithe an fhochórais lena mbaineann na STIanna.

Page 17: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 17 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

[G 31] Sainmhínítear ‘uasghrádú’ mar seo a leanas in [Airteagal 2(m)] ‘aon obair shuntasach modhnaithe ar fhochóras nó ar chuid d’fhochóras a bhíonn mar bhonn le feidhmiú an fhochórais a fheabhsú’. Tá an sainmhíniú seo infheidhmithe go ginearálta d'aon chineál athrú beartaithe i bhfeidhmiú fochórais, mar shampla:

má dhéantar cinneadh rian amháin ar líne iarnróid íseal-tráchta a dhíchóimeáil, laghdódh a leithéid sin de dhíchóimeáil an acmhainn, ach chiallódh sé go mbeadh a oibriú agus a chothabháil níos cost-éifeachtaí (.i. bheadh sé mar bhonn le feidhmiú a fheabhsú);

má dhéantar cinneadh vaigín cothrom a atógáil i bhfoirm coimeádáin ina mbeidh vaigín amháin, níl feidhmiú níos fearr a priori ag ceachtar den dá chineál, ach tá an cinneadh déanta agus é mar aidhm an feidhmiú i gcás gnó faoi leith a fheabhsú.

[G 32] I gcásanna den sórt sin, tá tábhacht le [Airteagal 20], agus ní mór don Bhallstát i gceist ‘cinneadh a dhéanamh faoin méid is gá na STIanna a chur i bhfeidhm’.

[G 33] I gcásanna áirithe, áirítear riachtanais áirithe in STIanna áirithe maidir lena n-úsáid nó lena n-athnuachan.

Caibidil V: ‘Feithiclí’

[G 34] ‘...ó tharla gur dhírigh Treoracha 96/48/CE agus 2001/16/CE ar fhochórais nua agus uasghrádaithe agus go ndíríonn Treoir 2004/49/CE ar rothstoc in-úsáide, tá na forálacha ar fad a bhaineann leis an nós imeachta le haghaidh leagan i mbun seirbhíse feithiclí comhtháthaithe i [Caibidil V den Treoir Idir-inoibritheachta]’ ([aithris (41)](le haghaidh feithiclí atá i gcomhréireacht le STI agus feithiclí nach bhfuil i gcomhréireacht le STI, le haghaidh codanna den ghréasán atá clúdaithe ag scóip gheografach na STIanna agus codanna den ghréasán nach bhfuil clúdaithe ag scóip gheografach na STIanna. Áirítear sna forálacha seo an sainmhíniú nua ar fheithicil (féach ar thuairimí faoi [Airteagal 2(c)]).

[G 35] Tá gach fochóras arb ionann é agus feithicil faoi réir fhorálacha ábhartha na Treorach Idir-inoibritheachta agus, chomh fada is a bhaineann le fochórais nua, uasghrádaithe agus athnuaite, faoi réir na STIanna ábhartha freisin.

[G 36] Ní áirítear an próiseas údaraithe do leagan i mbun seirbhíse feithiclí atá ag teacht faoi réir scóip na treorach.

2.8. Struchtúr agus ábhar na STIanna

2.8.1. Tugtar eolas maidir le hábhar na STIanna, agus eolas maidir le hidir-inoibritheacht a bhaint amach laistigh de chóras iarnróid an AE in [Airteagal 5(3)].

Tábla 2: Ábhar na STIanna

‘Beidh an t-eolas seo a leanas i ngach STI:

a) an scóip bheartaithe (cuid de ghréasán nó d’fheithiclí dá dtagraítear dóibh in Iarscríbhinn I [den Treoir Idir-inoibritheachta]; fochóras nó cuid d'fhochóras dá dtagraítear dó in Iarscríbhinn II [den Treoir Idir-inoibritheachta]);

Tá an t-ábhar seo le fáil i gCaibidil 1 agus 2 de na STIanna.

Page 18: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 18 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 2: Ábhar na STIanna

b) na riachtanais éigeantacha do gach fochóras i gceist agus a gcomhéadain vis-à-vis fochórais eile;

Tá na riachtanais éigeantacha sonraithe i dtéarmaí ginearálta in Iarscríbhinn III den Treoir Idir-inoibritheachta; déantar tuilleadh cur síos orthu i ndáil le gach fochóras i gCaibidil 3 de na STIanna.

c) na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla atá le comhlíonadh ag an bhfochóras agus ag a chomhéadain vis-à-vis fochórais eile. Más gá, d’fhéadfadh go mbeadh sonraíochtaí éagsúla i gceist ag brath ar an úsáid a bhaintear as an bhfochóras, mar shampla de réir na gcatagóirí líne, moil agus/nó feithiclí a ndéantar foráil dóibh in Iarscríbhinn I [den Treoir Idir-inoibritheachta];

Tá léargas le fáil i gCaibidil 4 de na STIanna sna paraiméadair, comhéadain agus riachtanais feidhmíochta theicniúla ar na riachtanais éigeantacha a bhaineann le fochórais shainiúla.

Mar shampla den éagsúlacht riachtanas seo, féadfar tagairt a dhéanamh do chatagóirí difriúla líne, sainmhínithe in Infreastruchtúr STI HS agus CR, córais dhifriúla soláthar cumhachta in STI Fuinnimh HS agus CR, s.rl.

d) ní mór na comhábhair agus na comhéadain idir-inoibritheachta nach mór a chlúdach de réir sonraíochtaí Eorpacha a chinneadh, lena n-áirítear caighdeáin Eorpacha, atá riachtanach d’fhonn idir-inoibritheacht a bhaint amach laistigh den chóras iarnróid.

Déileáiltear i gCaibidil 5 de na STIanna le comhábhair agus le comhéadain a chlúdaítear faoi shonraíochtaí Eorpacha.

Éascaíonn caighdeáin (deonach nó éigeantach, féach Cuid 3 den treoir seo) a chinntíonn comhlíonadh le riachtanais éigeantacha na Treorach Idir-inoibritheachta comhlíonadh thréithe teicniúla na bhfochóras atá sainmhínithe i gCaibidil 4 de na STIanna, agus ní go díreach riachtanais éigeantacha na Treorach.

e) sonraigh, i ngach cás atá á meas, na nósanna imeachta atá le húsáid d’fhonn comhréireacht nó oiriúnacht úsáide na gcomhábhar idir-inoibritheachta a mheas, ar lámh amháin, nó fíorú ‘CE’ an fhochórais, ar an lámh eile. Bunófar na nósanna imeachta seo ar na modúil atá sainmhínithe i gCinneadh 93/465/CEE agus a leasuithe cuí;

Caibidil 6 de na STIanna. Ba chóir a lua freisin gur tháinig Cinneadh 768/2008/CE in ionad an Chinnidh seo. Chomh maith leis sin, glacadh le Cinneadh sainiúil faoi mhodúil iarnróid. Tagraíonn STIanna ar glacadh leo ar nó i ndiaidh an chinnidh shainiúil seo dó. Tá sainmhíniú ar na modúil le fáil i ngach STI sna STIanna ar glacadh leo roimh an dáta sin.

f) an straitéis chun na STIanna a chur i bhfeidhm. Go háirithe, beidh sé riachtanach na céimeanna atá le cur i gcrích d’fhonn athrú de réir a chéile ón gcás eiseach go dtí an cás ina mbeidh glacadh le comhlíonadh leis na STIanna ar an ngnáthshlí a shonrú;

Sainmhínítear i gCaibidil 7 de na STIanna, a áiríonn cásanna sainiúla, idirthréimhsí do chur i bhfeidhm forálacha difriúla STI agus ceadaítear tréimhse ama faoi leith do leagan i mbun seirbhíse fochóras atá i gcomhréireacht leis na rialacha a bhí i bhfeidhm sular glacadh leis an STI.

Page 19: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 19 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 2: Ábhar na STIanna

g) a léiriú, don fhoireann i gceist, na cáilíochtaí gairmiúla agus na coinníollacha sláinte agus sábháilteachta ag an obair a theastaíonn d'fheidhmiú agus do chothabháil an fhochórais thuasluaite, mar aon le cur i bhfeidhm na STIanna.

Déantar cur síos ar na pointí seo i gCaibidil 4, mar chuid de thréithiú an fhochórais.

2.8.2. Sonraítear in [Airteagal 5(6)] ‘mura féidir gnéithe teicniúla áirithe atá ag teacht le riachtanais áirithe a chlúdach go sonrach in STI, tarraingeofar aird shoiléir orthu in iarscríbhinn mar phointí oscailte’. Is é an loighic atá leis seo go nglactar leis go bhfuil gnéithe áirithe riachtanach chun riachtanais éigeantacha a chomhlíonadh, ach (mar gheall ar a gcastacht nó easpa ama) ní raibh sé indéanta fós sonraíocht fheiliúnach a shainiú don sprioc-chóras. Sa chás seo, féadfar glacadh le STI agus é mar aidhm an pointe oscailte a dhúnadh sna hathbhreithnithe a dhéanfar amach anseo. Idir an dá linn, tá rialacha náisiúnta fógartha i gceist leis an bpointe oscailte seo.

2.8.3. Ní mór do na Ballstáit na rialacha náisiúnta seo do na pointí oscailte agus do na comhlachtaí ainmnithe do mheasúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na rialacha seo a chur in iúl don Choimisiún i ndiaidh glacadh leis an STI a bhfuil na pointí oscailte seo le fáil ann.

2.9. Sprioc chóras agus cásanna sainiúla

2.9.1. Is é an aidhm atá leis an STI cur i gcrích ‘an leibhéal is fearr agus is féidir de chomhchuibhiú teicniúil’ a éascú trí shonraíocht a bhunú do sprioc chóras coiteann (níor cheart é seo a mheascadh suas le cur chuige ‘uilechoiteann’).

2.9.2. Ag brath ar chás gach Ballstát, b’fhéidir nach mbeadh sé indéanta an sprioc chóras a chur chun críche (nó go mbeadh idirthréimhse níos faide ag teastáil). Á chur seo san áireamh, coimeádfaidh na STIanna ‘(...) comhoiriúnacht chóras eiseach iarnróid gach Ballstát (...), d’fhéadfaí forálacha a dhéanamh do chásanna sainiúla do gach STI...ag féachaint do ghréasán agus d'fheithiclí...Le haghaidh gach cás sainiúil, sonrófar na rialacha cur chun feidhme sna STIanna (...)’ ([Airteagal 5(5)]).

2.9.3. Tá na cásanna sainiúla seo rangaithe in dhá chatagóir: beidh na forálacha i bhfeidhm go buan (P-chásanna), nó go sealadach (T-chásanna).

2.9.4. Sa chás go n-éilíonn an STI ábhartha é, beidh dualgas ar an mBallstát, Coimisiún na gcomhlachtaí ainmnithe chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht sna cásanna sainiúla a chur ar an eolas. Mar atá amhlaidh i gcás na bpointí oscailte, ní mór an fógra seo a dhéanamh i ndiaidh glacadh leis an STI.

2.9.5. Tá léargas le fáil sa léaráid thíos ar ghluaiseacht ó thacair na rialacha náisiúnta go dtí na STIanna.

Page 20: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 20 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

2.10. Earráidí in STIanna

2.10.1. Bunaítear coincheapa na mionearráide ([Airteagal 7(2)]) agus na hearráide tábhachtaí nó fíorthábhachtaí ([Airteagal 7(3)]) sa Treoir Idir-inoibritheachta.

2.10.2. Ina theannta sin, sainmhínítear sa ‘Creat-Mhandáid don Ghníomhaireacht’ earráid mar earráid fhíorthábhachtach nuair is ionann é agus cosc a chur ar fhochóras nó ar chomhábhar aon cheann de na nithe thíos a dhéanamh:

a chur i gcrích nó a dhearadh idir-inoibritheach,

measúnú comhréireachta a dhéanamh,

leagan i mbun seirbhíse nó ar mhargadh,

a bheith idir-inoibritheach.

2.10.3. Chun na críche seo ar fad, a luaithe a aithnítear earráid chriticiúil, ní mór an Coimisiún nó ERA nó Ballstát a chur ar an eolas, ionas gur féidir dul i gcomhairle le Coiste Idir-inoibritheachta agus Sábháilteachta an Iarnróid (RISC); lorgófar tuairim theicniúil ón nGníomhaireacht agus d’fhéadfaí tús a chur leis an nós imeachta a bhaineann le leasú an STI. Os a choinne sin, má aithnítear a leithéid sin d'earráid(í) in NoBo, d’fhéadfaí tús a chur le nós imeachta ceistithe agus soiléirithe trí ghrúpa NB Iarnród.

2.10.4. Sa chás nach bhfuil easpa criticiúil ann, d’fhéadfaí glacadh leis mar mhion-earráid, a chuirtear in iúl freisin don Choimisiún nó ERA nó Ballstát, ach nach gcaitear leis an bpráinn chéanna; áirítear earráidí aistriúcháin sa chás seo freisin.

2.10.5. Foilseoidh an Ghníomhaireacht liosta de mhion-earráidí braite, earráidí aistriúcháin san áireamh, ar a láithreán gréasáin, ar feitheamh athbhreithniú a dhéanamh ar na STIanna ábhartha. Cuirfear an liosta faoi bhráid RISC freisin mar eolas.

2.11. Tuairimí teicniúla na Gníomhaireachta

2.11.1. De réir [Airteagal 7(1)] den Treoir Idir-inoibritheachta, agus mar atá sonraithe in Airteagail 2(a) agus 2(b) de Rialachán (CE) Uimh 881/2004, d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach Tuairim Theicniúil (TO) a lorg ón nGníomhaireacht maidir le, inter alia, easpaí sna STIanna (lena n-áirítear cásanna nach bhfuil riachtanas STI soiléir rud a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le léamha éagsúla). Ag tagairt do na léamha éagsúla, ní mór tionchar a leithéid d’easpa ar idir-inoibritheacht agus ar na comhéadain leis an STI féin agus le STIanna eile a mheas.

Córas eiseach Sprioc-chóras

Tacar NR

BS 1

Tacar NR

BS 2

Tacar NR

BS 3

Tacar NR

BS 4 Ensemble des STI

Cásanna sainiúla BS 1

Cásanna sainiúla

BS 3 Cásanna sainiúla

BS 4

Tacar STIanna

Caibidil 4

Cásanna sainiúla

BS 2

Tacar STIanna, Caibidil 7

Page 21: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 21 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

2.11.2. Ní mór don TO réiteach a sholáthar, agus impleachtaí geilleagracha, idir-inoibritheachta agus comhéadain a mheas dá réir, mar aon le comhlíonadh leis na riachtanais éigeantacha agus sonraí maidir le measúnú comhréireachta.

2.11.3. Ní mór don Ghníomhaireacht an TO a sholáthar laistigh de dhá mhí (Airteagal 10(3) de Rialachán (CE) Uimh 881/2004). Ní mór an TO a chur faoi bhráid an RISC agus, má ghlactar leis, ní mór é a chur san áireamh san athbhreithniú a dhéantar ar an STI ábhartha. Idir an dá linn (ar feitheamh athbhreithniú ar an STI), ba chóir don Ghníomhaireacht é a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus é a scaipeadh trí ghréasán ÚNS. D’fhéadfaí é a fhoilsiú ar láithreán gréasáin NB Iarnród freisin.

2.11.4. De réir [Airteagal 7(2)], d’fhéadfadh an Coimisiún a mholadh go mbainfí úsáid as TO. I gcás mar seo, ba chóir go mbeadh sé á úsáid ag na haonáin chonarthacha nó ag na déantúsóirí ar mhaithe le leanúint leis an bhfochóras/dearadh comhábhair nó trí NoBoanna deartha ar mhaithe le measúnú comhréireachta a dhéanamh.

2.11.5. Níl an TO ceangailteach de réir an dlí go dtí gur cuid de STI atá ann. Má tá úsáid bainte as, ní mór é seo a shoiléiriú ar an teastas ‘CE’ agus ar an dearbhú ‘CE’ don fhochóras nó don chomhábhar i gceist.

2.12. Staid imeartha na STIanna

2.12.1. Foilsíodh an chéad ghrúpa STIanna do línte HS, a bhaineann le hInfreastruchtúr, Fuinneamh, Rothstoc agus fochórais struchtúrtha Rialaithe-Ceannais agus Comharthaíochta mar aon le fochórais fheidhmiúla Oibríochtúla agus Cothabhála i mBealtaine 2002.

2.12.2. Dhréachtaigh an comhchomhlacht ionadach iad seo agus na STIanna uile ar glacadh leo roimh 2009 thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh, ar a tugadh Cumann Eorpach na hIdir-inoibritheachta Iarnróid (AEIF) níos faide anonn, cumann ar a raibh IManna, RUanna agus ionadaithe ón tionscal iarnróid.

2.12.3. Nuair a bunaíodh é, ghlac an Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid (ERA) freagracht as dréachtú na STIanna. Dá réir sin, d’ullmhaigh an Ghníomhaireacht leasuithe STI WAG agus OPE, ar glacadh leo i 2009 agus na STIanna ar fad ar glacadh leo ó 2009 anall. Le haghaidh forbhreathnú gasta ar stádas na STIanna tá tábla ar fáil ar láithreán gréasáin an ERA faoi Idir-inoibritheacht/STIanna.

Page 22: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 22 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

2.13. Ábharthacht na STIanna i ndáil leis na fochórais sainmhínithe in Iarscríbhinn II den Treoir Idir-inoibritheachta

2.13.1. Sonraítear in [Airteagal 5(1)] ‘áit ar cuí, go bhféadfadh fochóras a bheith á chlúdach ag roinnt STIanna agus go bhféadfadh STI amháin roinnt fochóras a chlúdach’. Go praiticiúil, is é a bhíonn mar thoradh leis seo cineál maitríse a nascann fochórais dhifriúla le STIanna difriúla. Tugtar léargas sa tábla seo a leanas ar na STIanna atá infheidhmithe maidir le fochóras áirithe, agus, dá réir sin, ní mór iad a chur san áireamh agus measúnú comhréireachta á dhéanamh ar fhochóras ar leith (is ar mhaithe le heolas amháin a luaitear na dréacht-STIanna).

Tábla 3: Scóip STIanna v. fochórais

STIanna infheidhmithe

Fochóras

Infr

eastr

uch

túr F

uin

ne

am

h

CC

S a

r b

ord

CC

S t

ao

bh

ri

ain

Roth

sto

c

Oib

riú

ag

us

Ba

inis

tiú

Trá

ch

ta

Coth

ab

il

Fe

idhm

ch

láir

T

he

ileam

aitic

e

Cin 2008/217/CE HS INF TSI

X X

Cin 2011/275/AE CR INF TSI

X X

Cin 2008/284/CE HS ENE

X X

Cin 2011/274/AE CR ENE TSI

X X

Cin 2012/88/AE CCS TSI

X X X

Cin 2008/232/CE HS RST TSI

X X

Cin 2006/861/CE CR WAG TSI

X X

Cin 2011/291/AE CR LOC&PAS TSI

X X

Cin 2011/229/AE RST Noise TSI

X X

Cin 2008/231/CE HS OPE TSI

X

Cin 2011/314/AE CR OPE TSI

X

Rial 62/2006/CE TAF TSI

X

Rial 454/2011/AE TAP TSI

X

Cin 2008/163/CE HS&CR SRT TSI

X X X X X X X

Cin 2008/164/CE HS&CR PRM TSI

X X X

Page 23: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 23 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

2.13.2. Tugtar léargas sa tábla thuas ar na fochórais mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn II den Treoir Idir-inoibritheachta. Ní chiallaíonn sé go bhfuil na STIanna ar fad luaite le fochóras ar leith infheidhmithe i ngach cás. Mar shampla, tá STI HS RST (Cinneadh 2008/232/CE) infheidhmithe maidir leis an bhfochóras Rothstoic go ginearálta, ach níl sé infheidhmithe maidir leis an ngnáth-fhochóras Rothstoic, agus tá STI HS&CR PRM (Nollaig 2008/164/CE) infheidhmithe maidir leis an bhfochóras Rothstoic go ginearálta, ach níl sé infheidhmithe maidir leis na Vaigíní Lastais.

2.14. Cur chun feidhme na STIanna difriúla i gcleachtas

2.14.1. Go praiticiúil, ní gá go mbeadh na tionscadail ag teacht le ceann de na fochórais atá sainmhínithe sa Treoir Idir-inoibritheachta, ach áirítear roinnt fochóras struchtúrtha iontu go comhuaineach. Ina theannta sin, mar atá thuasluaite, d’fhéadfadh go mbeadh fochóras amháin (agus bíonn go ginearálta) clúdaithe ag roinnt STIanna. Tugtar sampla sa tábla seo a leanas (nach bhfuil uileghabhálach) d’ábharthacht na STIanna difriúla i roinnt cásanna praiticiúla.

Tábla 4: Cur chun feidhme gach STI i gcleachtas

STIanna infheidhmithe

Cás

Lín

e H

S

Lín

e L

eic

trith

e

CR

Na

r lín

e

leic

trithe

Ta

ca

r T

rae

na

ch

H

S

Ta

ca

r T

rae

na

ch

C

R

Ta

ca

r T

rae

na

ch

C

R d

’úsá

id

ócá

ide

ach

ar

lín

te H

S

Fe

ithic

il F

éin

gh

lua

iste

H

S

Fe

ithic

il F

éin

gh

lua

iste

C

R

Cóis

te P

ais

iné

irí

CR

Va

igín

Lasta

is

Uasg

hrá

ar

ch

óra

s

co

mh

art

ha

íoch

ta

lín

e C

R

Cin 2008/217/CE HS INF TSI

X

Cin 2011/275/AE CR INF TSI

X X

Cin 2008/284/CE HS ENE

X

Cin 2011/274/AE CR ENE TSI

X

Cin 2012/88/AE CCS TSI

X X X X X X X X X

Cin 2008/232/CE HS RST TSI

X X X

Cin 2006/861/CE CR WAG TSI

X

Cin 2011/291/AE CR LOC&PAS TSI

X X X X

Cin 2011/229/AE RST NOI TSI

X X X X X

Cin 2008/163/CE HS&CR SRT TSI

X X X X X X X X X

Cin 2008/164/CE HS&CR PRM TSI

X X X X X X X

Page 24: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 24 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

2.14.2. Ba cheart na samplaí leagtha amach sa tábla a thuiscint mar seo a leanas:

Áiríonn tionscadal le haghaidh líne ardluais nua na fochórais Infreastruchtúir, Fuinnimh agus taobh riain CCS. Seo a leanas na STIanna atá ábhartha do gach fochóras:

o Infreastruchtúr: STI HS INF, STI PRM (má tá stáisiúin ar an líne), STI SRT (má tá tolláin ar an líne)

o Fuinneamh: STI HS ENE, STI SRT (má tá tolláin ar an líne)

o Taobh riain CCS: STI CCS, STI SRT

Áiríonn tionscadal le haghaidh gnáthlíne nua na fochórais Infreastruchtúir, Fuinnimh (más líne leictrithe atá i gceist) agus fochórais taobh riain CCS. Seo a leanas na STIanna atá ábhartha do gach fochóras:

o Infreastruchtúr: STI CR INF, STI PRM (má tá stáisiúin ar an líne), STI SRT (má tá tolláin ar an líne)

o Fuinneamh: STI CR ENE (más líne leictrithe atá i gceist), STI SRT (má tá tolláin ar an líne; tá paraiméadair áirithe i gceist, fiú mura bhfuil an líne leictrithe)

o Taobh riain CCS: STI CCS, STI SRT

Áirítear fochórais ar bord RST agus CCS ar an tacar traenach nua ardluais. Seo a leanas na STIanna atá infheidhmithe maidir le gach fochóras:

o RST: STI HS RST, STI PRM, STI SRT

o CCS ar bord: STI CCS

Áiríonn gnáthfheithicil féinghluaiste fochórais RST agus CCS Ar bord. Seo a leanas na STIanna atá infheidhmithe maidir le gach fochóras:

o RST: STI CR LOC&PAS, STI SRT, STI RST Torann

o CCS ar bord: STI CCS

2.14.3. Dá réir sin, i ngach cás, ní mór go n-áireofaí comhréireacht leis na STIanna ábhartha i bhfíorú ‘CE’ gach fochóras.

2.15. STIanna agus riachtanais eile

2.15.1. Rialacha náisiúnta infheidhmithe

[G 37] Ba chóir glacadh leis go gcomhlíonann fochóras atá i gcomhréireacht leis na STIanna ábhartha ar fad, gan pointí oscailte, riachtanais éigeantacha na Treorach Idir-inoibritheachta. I láthair na huaire, áfach, níl na gnéithe ar fad a bhaineann leis na riachtanais éigeantacha clúdaithe ag na STIanna (.i. ní chlúdaíonn scóip gheografach na STIanna gréasán uile an AE, agus níl aon phointí oscailte i gceist). I rith idirthréimhse na ngnéithe nach bhfuil clúdaithe ag na STIanna i bhfeidhm, baineann na rialacha náisiúnta, fógartha ag gach Ballstát faoi [Airteagal 17(3)] chuig an gCoimisiún Eorpach, le dlínse an Bhallstáit sin.

[G 38] Tá na rialacha náisiúnta fógartha seo i bhfeidhm mar thagairt d’fhíorú chomhlíonadh na riachtanas éigeantach nuair (mar atá sonraithe in [Airteagal 17(3)]):

‘nach ann do STI ábhartha ar bith, nó

Page 25: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 25 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

a fógraíodh maolú (...) nó

is gá rialacha teicniúla nach bhfuil san áireamh san STI ábhartha do chás sainiúil éigin’

nó (mar atá sonraithe in [Airteagal 20]) nuair nach bhfuil na STIanna á gcur i bhfeidhm go hiomlán d’uasghrádú nó d’athnuachan fochórais.

[G 39] I ndáil leis an oibleagáid ghinearálta seo maidir le fógairt rialacha náisiúnta, is iondúil go n-áiríonn na hachtanna dlí is bun le glacadh le STIanna riachtanais níos mionsonraithe faoi scóip na bhfógraí a theastaíonn.

[G 40] Chomh maith leis sin, ní mór do na Ballstáit comhlachtaí a ainmniú le freagracht a ghlacadh as measúnú comhréireachta na rialacha náisiúnta, na ‘Comhlachtaí Ainmnithe’.

[G 41] Ní mór breathnú ar rialacha náisiúnta mar rialacha comhlántacha do na STIanna eiseacha d’fhonn comhlíonadh leis na riachtanais éigeantacha a chinntiú. Táthar tar éis liosta iomlán tagairtí na rialacha náisiúnta seo a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin ar idir-inoibritheacht iarnróid an CE (féach ar an nasc ar láithreán gréasáin an ERA, faoi chlárúcháin\Bunachar Sonraí um Shábháilteacht agus Idir-Inoibritheacht na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid – ERADIS).

[G 42] Ní fhéadfaidh rialacha náisiúnta a bheith ag teacht salach (áiríonn sé seo rialacha comhlántacha freisin) ar na STIanna ábhartha.

[G 43] Má éilíonn an STI, ní mór rialacha náisiúnta a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht i gcásanna sainiúla.

[G 44] Áit ar gá, féadfaidh Ballstát na rialacha a d’fhógair sé a leasú. Dá ainneoin sin, is é an aidhm atá leis an liosta cóireáil chothrom agus neamh-idirdhealaitheach gach páirtí leasmhar a chinntiú trína chur in iúl go dteastaíonn cobhsaíocht áirithe ó na rialacha náisiúnta infheidhmithe.

[G 45] Rachaidh an gá atá le rialacha náisiúnta dá leithéid i léig de réir mar a dhéantar na STIanna a leasú agus a fhorbairt, de réir mar a dhúntar pointí oscailte agus mar a leathnaítear an scóip chuig líonra iarnróid an AE trí chéile.

[G 46] Beidh rialacha náisiúnta infheidhmithe, áfach, i ndáil le maoluithe agus le cur chun feidhme i bpáirt STIanna i ndáil le huasghrádú nó athnuachan.

2.15.2. Géilliúntas le rialacháin eile ag eascairt ón gConradh

[G 47] Beidh gach treoir eile a chlúdaíonn scóip theicniúil na Treorach Idir-inoibritheachta, fochórais agus comhábhair idir-inoibritheachta san áireamh, fós infheidhmithe ar an gcoinníoll nach mbaineann siad leis na riachtanais éigeantacha atá sonraithe sa Treoir Idir-inoibritheachta. Áit ar cuí, bainfidh feidhm le foráil [Airteagal 13(3)]: ‘sa chás gurb ionann iad na comhábhair idir-inoibritheachta agus ábhar treoracha eile Comhphobail a chlúdaíonn gnéithe eile, sonrófar i ndearbhú comhréireachta nó san oiriúnacht úsáide ‘CE’, ina leithéid sin de chásanna, go gcomhlíonann na comhábhair idir-inoibritheachta riachtanais na dtreoracha eile sin freisin’.

[G 48] Is é an prionsabal ginearálta nach ndéanann na STIanna dúbailt ar na riachtanais atá clúdaithe cheana féin ag rialacháin AE eile (comhoiriúnacht leictreamaighnéad (EMC), astúcháin sceite, s.rl.). Ní chiallaíonn sé seo go bhfuil fochórais iarnróid díolúine ón oibleagáid a bheith i gcomhréireacht leis na rialacháin eile seo.

[G 49] Tá na forálacha seo a leanas i gceist:

Page 26: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 26 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

[Airteagal 3(2)]: ‘Bainfidh feidhm le forálacha na Treorach seo gan dochar d’fhorálacha Comhphobail eile. I gcás comhábhar idir-inoibritheachta, áfach, d'fhéadfadh go n-éileodh comhlíonadh le riachtanais éigeantacha na Treorach úsáid a bhaint as sonraíochtaí aonair Eorpacha curtha i dtoll a chéile chuige sin.’

Iarscríbhinn VI (2.1) den Treoir Idir-inoibritheachta: ‘Is éard atá i gceist le fíorú ‘CE’ an nós imeachta a thugann deis do chomhlacht fógartha a sheiceáil agus a dheimhniú go bhfuil na tréithe seo a leanas luaite le fochóras:

o go bhfuil sé ag comhlíonadh leis an STI (na STIanna) ábhartha;

o go bhfuil sé ag comhlíonadh leis na rialacháin eile atá ag eascairt ón gConradh’

[G 50] Seachas comhréireacht leis na STIanna, tá déantúsóir an chomhábhair idir-inoibritheachta freagrach as a chomhréireacht le riachtanais na reachtaíochta infheidhmithe eile a chinntiú. Chuige seo, agus áit ar cuí, ní mór don déantúsóir comhlachtaí fógartha a cheapadh de réir na dtreoracha seo (féach láithreán gréasáin an ERA faoi idir-inoibritheacht\comhar le heagraíochtaí don nasc le haghaidh liosta na gcomhlachtaí fógartha faoi threoracha an chur chuige nua). Ní gá don NoBo ceaptha le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chomhábhair idir-inoibritheachta den Treoir Idir-inoibritheachta agus na STIanna measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chomhábhair seo le treoracha ábhartha eile. Déanfaidh na comhlachtaí fógartha le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht faoi threoracha infheidhmithe an mheasúnaithe seo nó, má cheadaítear de réir na dtreoracha seo, is é an déantúsóir féin a dhéanfaidh an measúnú. Féadfaidh an eagraíocht chéanna, áfach, measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht le roinnt treoracha, ar an gcoinníoll go bhfuil a leithéid fógartha le haghaidh gach treoir.

[G 51] Ní hionann an scéal i gcás fochórais. Ní mór don NoBo a dhéanann an fíorú ‘CE’ a dhearbhú go gcomhlíonann an fochóras leis na nithe seo a leanas:

na STIanna, agus go bhfuil na comhábhair idir-inoibritheachta á gcur ar fáil leis an dearbhú comhréireachta ‘CE’ de réir [Airteagal 13], agus

aon rialacháin infheidhmithe eile a eascraíonn ón gConradh. Chuige seo, ní gá don NoBo ceaptha le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an fhochórais leis an Treoir Idir-inoibritheachta measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an fhochórais le rialacháin eile. Ní mór don NoBo, áfach, fianaise ar chomhréireacht leis na rialacháin infheidhmithe eile ar fad a lorg ón iarratasóir. Ní mór don iarratasóir a leithéid d’fhianaise ar chomhréireacht a sholáthar nuair is cuí, agus ní mór don NoBo é a chur san áireamh sa chomhad teicniúil.

[G 52] Coimeádann NB Iarnród liosta de na rialacháin eile a eascraíonn ón gConradh atá infheidhmithe do na fochórais, agus atá le fáil ar an láithreán gréasáin (féach ar an nasc thuasluaite ar láithreán gréasáin ERA). Níl an liosta seo ceangailteach agus níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar NB Iarnród a leithéid de liosta a choimeád.

[G 53] Sa chás gur ann do choinbhleacht idir riachtanais éigeantacha na Treorach Idir-inoibritheachta (nó riachtanais STI) agus na treoracha a bhaineann le reachtaíocht eile a chlúdaíonn an scóip theicniúil chéanna, ba chóir an cheist a chur faoi bhráid an Choimisiúin, a dhéanfaidh iarracht teacht ar an réiteach is fearr agus is féidir. Prionsabal dlíthiúil a d’fhéadfadh a bheith i gceist sa chás seo is ea go dtugtar tús áite do reachtaíocht d'earnáil shainiúil seachas do reachtaíocht chothrománach.

Page 27: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 27 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

2.15.3. STIanna agus riachtanais eile – Achoimre

[G 54] Soiléirítear sa tábla thíos meascán de na riachtanais dhifriúla atá infheidhmithe maidir le fochórais struchtúrtha agus measúnú ar chomhréireacht leo:

Tábla 5: Riachtanais infheidhmithe maidir le fochórais struchtúrtha agus measúnú comhréireachta

Riachtanais Measúnú

comhréireachta déanta de réir:

Comhlacht i gceannas ar mheasúnú

comhréireachta

Paraiméadair bhunúsacha &

Comhábhair Idir-inoibritheachta

Caibidil 4 agus 5 den STI

Caibidil 6 den STI Comhlacht Fógartha

na Treorach Idir-inoibritheachta

Cásanna sainiúla Caibidil 7 den STI Fógra déanta ag MS Comhlacht Ainmnithe

Pointí oscailte Fógra déanta ag MS (rialacha náisiúnta)

Fógra déanta ag MS Comhlacht Ainmnithe

Rialacháin eile ag eascairt ón gConradh

Rialacháin eile Rialacháin eile Comhlachtaí Fógartha faoi rialacháin eile

[G 55] Go ginearálta, ní mór go mbeadh scóip fhógra na rialacha náisiúnta agus na gComhlachtaí Ainmnithe (de réir [Airteagal 17]) ag teacht lena bhfuil scríofa sa limistéar liath ar an gcairt thuas, agus tá an limistéar bán den chairt clúdaithe ag reachtaíocht AE (STIanna agus rialacháin eile atá ag eascairt ón gConradh). D’fhéadfadh na cásanna sainiúla sonraithe i gCaibidil 7 de na STIanna tagairt a dhéanamh do rialacha náisiúnta, rialacha nach mór do na Ballstáit iad a fhógairt ina dhiaidh sin.

[G 56] I gcásanna a bhfuil maolú luaite leo, tá an Comhlacht Ainmnithe freagrach as comhréireacht leis na rialacha náisiúnta fógartha seachas comhréireacht leis na STIanna a sheiceáil.

[G 57] I gcásanna athnuachana nó uasghrádaithe, tá an Comhlacht Ainmnithe freagrach as comhréireacht leis na rialacha náisiúnta fógartha seachas comhréireacht leis na STIanna a sheiceáil.

2.16. Ceisteanna ar STIanna

2.16.1. Is é Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach atá freagrach as léamh foirmiúil a dhéanamh ar an téacs dlíthiúil.

2.16.2. Ionas go mbeidh an Treoir Idir-inoibritheachta agus na STIanna éifeachtach, is den tábhacht é go mbíonn tuiscint choitianta ag páirtithe leasmhara iarnróid an AE ar chur i bhfeidhm a n-ábhar agus a riachtanas.

2.16.3. Tá go leor iarratas soiléirithe curtha faoi bhráid ERA ag úsáideoirí, agus déileáiltear leis na hiarratais sin sa leagan seo den treoir. Dá ainneoin seo, tá seans ann fós go mbeidh

Page 28: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 28 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

ceisteanna eile ag úsáideoirí, ceisteanna a bhaileofar agus a fhreagrófar in athbhreithnithe eile a dhéanfar amach anseo.

2.16.4. Féadfar ceisteanna faoi STI a sheoladh ar aghaidh chuig ERA; cuirfear na ceisteanna i dtoll a chéile mar CCanna ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta. Cuirfear na ceisteanna seo san áireamh nuair a bheidh an treoir seo á hathbhreithniú agus, áit ar cuí, nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar na STIanna.

2.16.5. Ina theannta sin, féadfaidh comhlachtaí fógartha faoi [Airteagal 28] den Treoir Idir-inoibritheachta tagairt a dhéanamh dá ngrúpa comhordaithe, NB Iarnród, má tá ceisteanna ar bith acu faoi na nósanna imeachta measúnaithe agus fíoraithe a bhaineann le cur chun feidhme na STIanna (féach Cuid 4.4 freisin).

Page 29: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 29 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

3. CAIGHDEÁIN INFHEIDHMITHE AGUS DOICIMÉID EILE

3.1. Forbhreathnú

3.1.1. Is cinntí nó rialacháin CE a ghlacann leis na STIanna, agus mar sin tá siad éigeantach. Ní fhorordaíonn siad réiteach teicniúil sonrach de ghnáth, áfach, chun na riachtanais a chomhlíonadh.

3.1.2. De réir [Airteagail 5(8)], ‘d’fhéadfadh na STIanna tagairt fhollasach, sainaitheanta go soiléir a dhéanamh do chaighdeáin nó sonraíochtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta nó do dhoiciméid theicniúla foilsithe ag an nGníomhaireacht’, nó, ina n-éagmais, ‘do dhoiciméid normatacha eile atá sainaitheanta go soiléir’ (cosúil le bileoga faisnéise UIC, caighdeáin náisiúnta s.rl.), agus beidh comhlíonadh na gcaighdeán nó sonraíochtaí (nó na gcodanna ábhartha) nó na ndoiciméad sin éigeantach. Is do (cuid (codanna) de) na caighdeáin, sonraíochtaí agus doiciméid sin amháin atá fíor-riachtanach chun idir-inoibritheacht an chórais iarnróid AE a bhaint amach a dhéanann na STIanna tagairt, agus mar sin a dtugann siad údarás dóibh.

3.1.3. Tá roinnt caighdeán agus doiciméad eile ábhartha do na STIanna freisin, áfach, cé nach ndéantar tagairt dóibh. Tá comhlíonadh maidir leis na caighdeáin nó doiciméid sin deonach. Tugann comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe comhréireacht leis na riachtanais bhunúsacha comhfhreagracha le tuiscint.

3.1.4. Tá tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a chuireann na treoracha (treoracha um chur chuige nua agus treoracha bunaithe ar an gcur chuige nua) dá dtugann siad toimhde comhréireachta in iúl foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IOAE) agus tá siad ar fáil freisin ar láithreán gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta.

3.1.5. Mar sin d’fhéadfadh go dtarlódh sé gur féidir leis an gcaighdeán céanna a bheith (go hiomlán nó i bpáirt) ag an am céanna comhchuibhithe (.i. deonach agus ag tabhairt toimhde comhréireachta) agus éigeantach (.i. dá dtagraítear mar a leithéid san STI). Mar thoradh air sin, beidh an caighdeán le feiceáil i liosta na gcaighdeán comhchuibhithe foilsithe ar an IOAE agus i liosta na gcaighdeán éigeantach dá dtagraítear dó sna STIanna.

3.1.6. I gcleachtas, baineann na caighdeáin agus doiciméid eile leis na riachtanais theicniúla atá leagtha amach i gCaibidlí 4 agus 5 de gach STI (paraiméadair bhunúsacha, comhéadain agus riachtanais feidhmíochta de chuid gach fochóras). Tugann na riachtanais sin, ar a seal, léargas ar riachtanais ríthábhachtacha na Treorach Idir-inoibritheachta agus ar na riachtanais bhunúsacha sonrach don fhochóras atá leagtha amach i gCaibidil 3 de na STIanna.

3.1.7. Áirítear na liostaí de chaighdeáin agus de dhoiciméid le haghaidh gach fochóras, atá éigeantach agus deonach araon, sna treoracha STI sonracha (Iarscríbhinní 1 den treoir seo).

3.2. Tagairt do chaighdeáin Eorpacha agus doiciméid eile sna STIanna

3.2.1. Féadfaidh tagairtí sna STIanna do chaighdeáin eiseacha nó doiciméid eile a bheidh i bhfoirm:

tagairtí ‘dochta’ – nuair a shainaithníonn an tagairt leagan áirithe den doiciméad go follasach (m.sh. le tagairt don uimhir leagain, dáta, s.rl.), nó

tagairtí ‘sleamhnaithe’ (.i. gan sainaithint follasach a dhéanamh ar leagan áirithe den doiciméad) - nuair a dhéantar tagairt don leagan den doiciméad atá i bhfeidhm nuair a ghlactar leis an leagan is déanaí den STI ábhartha.

3.2.2. Chomh fada agus is féidir, ní dhéantar ach tagairtí dochta sna STIanna.

Page 30: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 30 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

3.2.3. Sa dá chás, is ionann an leagan den chaighdeán (nó doiciméad) dá dtagraítear i STI agus an leagan ceangailteach. Más rud é, tar éis glacadh le STI, go nglactar le leagan nua den chaighdeán (nó doiciméad) sin, ní thugann sé le tuiscint gurb ionann aon athrú ar an STI, an ‘sean’-leagan dá dtagraítear san STI agus an ceann ceangailteach. Dá bhrí sin, ní ‘shleamhnaíonn’ aon ní sa dá chás.

3.2.4. Nuair a thagraíonn STI do chaighdeán nó doiciméad, tá an caighdeán nó doiciméad iomlán éigeantach. Nuair a thagraíonn STI do chuid de chaighdeán nó doiciméad, níl ach an chuid dá dtagraítear éigeantach.

3.2.5. Nuair a chuimsíonn caighdeán dá ndéantar tagairt i STI tagairt do chaighdeán eile, mura soláthraítear a leithéid san STI, éiríonn an dara caighdeán sin éigeantach freisin.

3.2.6. Ní dhéanann na STIanna aon tagairt do chaighdeáin nó doiciméid ábhartha eile nach bhfuil a gcur chun feidhme éigeantach.

3.3. Doiciméid theicniúla na Gníomhaireachta

3.3.1. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach ionann ‘doiciméad teicniúil na Gníomhaireachta’ agus ‘tuairim theicniúil na Gníomhaireachta’, a ndéantar cur síos uirthi i gcuid 2.11.

3.3.2. Féadfaidh STI tagairt a dhéanamh do dhoiciméad teicniúil de chuid na Gníomhaireachta sa chaoi chéanna a dhéantar i gcás caighdeáin. Lena chois sin, féadfaidh an beart rialála ag glacadh leis an STI forálacha a áireamh le haghaidh nuashonrú an doiciméid teicniúil ar thaobh na Gníomhaireachta.

Page 31: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 31 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

4. GEALLSEALBHÓIRÍ

4.1. Déantóir chomhábhair idir-inoibritheachta

4.1.1. Is ionann déantóir chomhábhair idir-inoibritheachta agus an eagraíocht atá freagrach as an gcomhábhar idir-inoibritheachta (CI) clúdaithe ag an Treoir Idir-inoibritheachta agus na STIanna gaolmhara a dhearadh agus a dhéanamh, agus é mar aidhm é a leagadh ar an margadh ar chríoch an AE thar a ceann féin.

4.1.2. I gcásanna ina bhfuil aonán conarthach (m.sh. RU nó IM), i gcomhar leis an soláthraí, bainteach le CI a dhearadh, ba chóir go mbeadh sé sonraithe go soiléir cén páirtí a mheastar a bheith in ionannas leis an déantóir. Baineann na hoibleagáidí agus freagrachtaí gaolmhara leis an duine a dhréachtaigh an dearbhú ‘CE'.

4.1.3. Pé duine a dhéanann modhnú suntasach ar CI, a mbíonn CI ‘cosúil le nua’ mar thoradh air (.i. nuair a d’fhéadfadh na modhnuithe dul i bhfeidhm ar thréithe na bparaiméadar bunúsach arna dtacú ag an gcomhábhar idir-inoibritheachta), agus é mar aidhm é a leagadh ar an margadh ar chríoch an AE, is ionann é agus an déantóir agus ní mór dó an measúnú comhréireachta cuí a shocrú.

4.1.4. Féadfaidh IM, RU, coimeádaí feithicle, s.rl. CI a dhearadh agus a dhéanamh nó a mhodhnú dá gcuid úsáide féin. Sa chás sin, bítear ag súil leo an CI sin a chur ar an margadh agus feidhmiú mar a dhéantóir.

4.1.5. Tá an déantóir freagrach as:

dearadh agus déantúsaíocht an CI;

na nósanna imeachta i ndáil le deimhniú comhréireachta agus oiriúnachta úsáide an CI maidir leis na riachtanais leagtha síos sa Treoir Idir-inoibritheachta agus in STIanna gaolmhara a leanúint.

4.1.6. Tá an déantóir freagrach go haonair agus go hiomlán as comhréireacht a CI le haon treoracha infheidhmithe. Ní mór dó dearadh agus déantús an CI a thuiscint, deimhniú CE ó Chomhlacht(aí) Arna gCur in Iúl a shocrú, má éilíonn an STI ábhartha é, agus dearbhú ‘CE' comhréireachta nó oiriúnachta úsáide maidir le forálacha agus riachtanais infheidhmithe uile na dtreorach ábhartha a eisiúint.

4.1.7. Féadfaidh an déantóir oibríochtaí áirithe a ligean ar fochonradh – dearadh nó déantús an CI, mar shampla – ar an gcoinníoll go gcoinníonn sé smacht agus freagracht foriomlán as an CI ina iomláine. Ar an dul céanna, féadfaidh sé earraí nó comhábhair réamhdhéanta, cibé acu an bhfuil siad marcáilte 'CE' nó nach bhfuil, a úsáid chun an CI a tháirgeadh gan a stádas mar dhéantóir a chailleadh.

4.1.8. Déanann Iarscríbhinn IV den Treoir Idir-inoibritheachta sainmhíniú ar na hoibleagáidí atá de dhualgas ar an déantóir maidir le dearbhú 'CE’ comhréireachta nó oiriúnachta úsáide de chuid CI.

4.1.9. Féadfaidh an déantóir a bheith lonnaithe sa Chomhphobal nó in áit eile. I gceachtar cás, féadfaidh an déantóir ionadaí údaraithe a cheapadh (féach cuid 4.3) san AE le gníomhú ar a shon chun tascanna áirithe a éilítear sna treoracha infheidhmithe a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go bhfuil siad sonraithe i sainordú idir an déantóir agus a ionadaí údaraithe. Níl sé de dhualgas ar dhéantóir lasmuigh den AE ionadaí údaraithe a bheith aige, áfach, cé go bhféadfadh roinnt buntáistí a bheith ag baint lena leithéid.

Page 32: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 32 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

4.2. Iarratasóir ar an bhfíorú ‘CE'

4.2.1. Úsáidtear an focal ‘iarratasóir' sa Treoir Idir-inoibritheachta i roinnt alt agus iarscríbhinní. Ní thagraíonn sé don ról céanna i ngach cás agus ní gá go mbeadh an eagraíocht chéanna i gceist. Mar shampla:

féadfaidh déantóir rothstoic gníomhú mar iarratasóir ar fhíorú ‘CE' den fhochóras rothstoic ([Airteagal 18]);

féadfaidh déantóir CCS ar bord gníomhú mar iarratasóir ar fhíorú ‘CE' den fhochóras CCE ar bord ([Airteagal 18]);

féadfaidh cuideachta léasaithe gníomhú mar iarratasóir ar an gcéad údarú chun feithicil a chur i mbun seirbhíse ([Airteagal 22]); agus

féadfaidh gnóthas iarnróid feidhmiú mar iarratasóir ar údarú breise maidir le leagadh i mbun seirbhíse i mBallstát eile ([Airteagal 23]).

4.2.2. Féadfaidh an t-iarratasóir ar an nós imeachta 'CE' um fhíorú ‘feidhmiú mar an t-aonán conarthach nó déantóir, nó mar a n-ionadaí údaraithe sa Chomhphobal. Cibé eagraíocht atá i gceist leis an iarratasóir, tá sé de dhualgas uirthi an dearbhú ‘CE' um fhíorú a bhunú. Dá bhrí sin is ionann an t-iarratasóir agus an t-aonán atá freagrach as comhlíonadh na STIanna agus rialachán eile ag eascairt ón gConradh (riachtanais clúdaithe ag dearbhú ‘CE') ag an bhfochóras.

4.2.3. Tá an t-iarratasóir ar an bhfíorú ‘CE’ freagrach as:

dearadh, táirgeadh agus tástáil deiridh an fhochórais. Tá sé freagrach as dearadh agus tógáil an fhochórais, fiú más eagraíochtaí difriúla a dhear agus a thóg gnéithe den fhochóras;

socrú a dhéanamh ionas go gcuireann NoBo an fíorú 'CE' i gcrích (féach ar na sonraí in Iarscríbhinn 2 den treoir seo);

an dearbhú ‘CE' um fhíorú ar an bhfochóras a dhréachtú.

4.2.4. Féadfaidh an t-iarratasóir ar an bhfíorú 'CE' tascanna áirithe a bhaineann le fochóras (cosúil lena dhearadh, tógáil nó tástáil) a tharmligean nó a ligean ar fochonradh ach coinníonn sé smacht agus freagracht foriomlán as an bhfochóras ina iomláine agus tá sé freagrach go fóill as an dearbhú 'CE' um fhíorú. Ar deireadh, ní mór go mbeadh an t-iarratasóir a bhunaíonn an dearbhú CE um fhíorú (tar éis modúil SD nó SF) mar an gcéanna leis an gceann a fuair an teastas scrúdaithe ar chineál CE”.

4.2.5. I gcásanna ina bhfuil codanna nó céimeanna áirithe den fhochóras clúdaithe ag ráiteas idirmheánach um fhíorú, d’fhéadfadh an t-iarratasóir, a dhréachtaíonn an dearbhú ‘CE' um fhíorú, a bheith éagsúil ón duine/aonán a dhréachtaigh an dearbhú um fhíorú idirmheánach.

4.2.6. Sainmhíníonn Iarscríbhinní V agus VI den Treoir Idir-oibritheachta na hoibleagáidí atá de dhualgas ar an iarratasóir ar údarú maidir le cur i mbun seirbhíse i ndáil leis an dearbhú ‘CE' um fhíorú agus na socruithe chun an dearbhú ‘CE' seo, in éineacht leis an gcomhad teicniúil a ghabhann leis, a choinneáil.

4.2.7. I gcásanna uasghrádaithe nó athnuachana, tá an t-iarratasóir ar fhíorú ‘CE’ freagrach as an NoBo a chur ar an eolas faoin gcinneadh déanta ag an mBallstát ábhartha maidir le méid cur chun feidhme na STIanna. I gcomhréir le [hAirteagal 20(1)], ‘seolfaidh an aonán conartha nó

Page 33: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 33 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

an déantúsóir comhad ag tabhairt cur síos ar an tionscadal chuig an mBallstát ábhartha’. Ba cheart don aonán conartha agus an déantúsóir teacht ar chomhaontú i léith cé acu a sheolfaidh an comhad. De ghnáth, ba cheart go mbeadh ceann den dá ghníomhaí seo mar iarratasóir ar an bhfíorú ‘CE’.

4.3. Ionadaí údaraithe:

4.3.1. De réir sainmhínithe R1(4) d’Iarscríbhinn 1 den Chinneadh [22] ar chreat coiteann i leith margaíocht na dtáirgí, is ionann an t-ionadaí údaraithe agus ‘aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach bunaithe sa Chomhphobal a bhfuil sainordú scríofa faighte aige ó dhéantóir gníomhú ar a shon maidir le tasc sonraithe’.

4.3.2. I gcomhthéacs na Treorach Idir-inoibritheachta, is eagraíocht í atá ceaptha go sonrach ag an déantóir nó ag an aonán conarthach trí mheán sainordaithe scríofa chun gníomhú ar a shon i ndáil le hoibleagáidí de chuid déantóra nó aonáin chonarthaigh áirithe. Cinntear a mhéid is a bhféadfaidh an t-ionadaí údaraithe dul i mbun gealltanas atá ina gceangal ar an déantóir nó aonán conarthach de réir an tsainordaithe a bhronann an déantóir nó aonán conarthach ar an ionadaí údaraithe.

4.3.3. Mar shampla, d’fhéadfaí an t-ionadaí údaraithe a cheapadh chun an measúnú comhréireachta ar chríoch an AE a iarraidh, an dearbhú ‘CE' comhréireachta nó oiriúnachta úsáide nó an dearbhú ‘CE’ um fhíorú a shíniú, agus na doiciméid sin agus an comhad teicniúil (nuair is infheidhmithe) a chur ar fáil do na húdaráis inniúla i rith saolré an CI nó an fhochórais.

4.3.4. Ní mór d’ionadaí údaraithe de chuid déantóra nó aonáin chonarthaigh a bheith bunaithe san AE.

4.3.5. Níor chóir ionadaithe tráchtála de chuid déantóra (cosúil le dáileoirí údaraithe), cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad bunaithe laistigh den AE, a mheascadh suas le hionadaí údaraithe de réir míniú na Treorach Idir-inoibritheachta.

4.3.6. Caithfidh an t-ionadaí údaraithe meas a bheith aige ar na hoibleagáidí atá de dhualgas ar an déantóir nó aonán conarthach, cosúil leis na hoibleagáidí a bhaineann le measúnú ar chomhréireacht nó oiriúnacht úsáide, fíorú 'CE', dearbhú 'CE' comhréireachta nó oiriúnachta úsáide, dearbhú 'CE' um fhíorú nó socruithe chun an dearbhú 'CE', in éineacht leis an gcomhad teicniúil, a chur ar fáil do na húdaráis inniúla.

4.3.7. Féadfaidh údaráis na mBallstáit dul i mbun teagmhála leis an ionadaí údaraithe seachas leis an déantóir nó aonán conarthach maidir lena gcuid oibleagáidí faoin Treoir Idir-inoibritheachta. Bíonn an déantóir nó aonán conarthach freagrach fós as gníomhartha curtha i gcrích ag ionadaí údaraithe ar a shon.

4.3.8. Féadfaidh an t-ionadaí údaraithe feidhmiú, ag an am céanna, mar fhochonraitheoir, allmhaireoir nó duine atá freagrach as nithe a chur ar an margadh.

4.4. Comhlachtaí Arna gCur in Iúl (NoBoanna)

4.4.1. Is ionann comhlacht arna chur in iúl (NoBo) agus eagraíocht atá freagrach as measúnú tríú páirtí a dhéanamh ar CI nó fochóras struchtúrach in aghaidh riachtanais an STI ábhartha. De réir Airteagail 2(j), 13(2), 18 agus 28 agus Iarscríbhinne VI den Treoir Idir-inoibritheachta, tá na tascanna seo a leanas ag na NoBoanna:

Page 34: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 34 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht nó oiriúnacht úsáide na gcomhábhar idir-inoibritheachta;

fíorú ‘CE’ a dhéanamh ar na fochórais;

an comhad teicniúil a ghabhann leis an dearbhú ‘CE’ um fhíorú nó an ráiteas idirmheánach um fhíorú (ISV) a dhréachtú (a thiomsú);

faisnéis a fhoilsiú go tréimhsiúil maidir le

o iarratais ar fhíorú ‘CE', ISV agus measúnú comhréireachta agus/nó oiriúnachta úsáide na CIanna faighte,

o teastais ISV ‘CE’, teastais 'CE' um fhíorú eisithe agus teastais 'CE' comhréireachta agus/nó oiriúnachta úsáide eisithe nó diúltaithe.

Tá na tascanna seo i gcomhréir leis na prionsabail um ‘chur chuige domhanda’, de réir mar atá mínithe in Iarscríbhinn 3 den treoir seo.

4.4.2. Ina theannta sin, baineann an Treoir maidir le cur chun feidhme treoracha bunaithe ar an gcur chuige nua agus ar an gcur chuige domhanda (nach bhfuil nuashonraithe go fóill de réir an Chreata Reachtaíochta Nua) le gníomhaíochtaí na NoBoanna fós, ach amháin na forálacha i ndáil le marcálacha ‘CE’ a ghreamú ar CIanna agus fochórais.

4.4.3. I gcomhréir leis na prionsabail ‘um chur chuige domhanda’, éilíonn an Treoir Idir-inoibritheachta ar NoBoanna comhoibriú go dlúth lena chéile agus é mar aidhm a gcuid gníomhaíochtaí a chomhordú. Chuige sin, tá Grúpa Comhordaithe NoBo, NB Iarnród, curtha ar bun chun plé a dhéanamh ar aon fhadhbanna a d'fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an measúnú ar chomhréireacht nó oiriúnacht úsáide na gcomhábhar idir-inoibritheachta agus fíorú ‘CE' na bhfochóras, agus chun réitigh ar na fadhbanna sin a mholadh ([Airteagal 28(5)]). Cuirtear na réitigh sin ar bhonn foirmiúil mar ‘Mholtaí Úsáide’ (MÚ) nó “Ceisteanna agus soiléirithe” (C&S). Cuirtear C&Sanna faoi bhráid an Choimisiúin le glacadh. Ní ghabhann MÚanna agus C&Sanna in ionad reachtaíochta AE, ach comhlánaíonn siad í trí thacaíocht agus faisnéis bhreise a sholáthar do NoBoanna maidir le saincheisteanna teicniúla. A luaithe agus a ghlactar le MÚ nó le C&S, úsáideann na NoBoanna go léir iad.

4.4.4. Féadfar faisnéis ar MÚanna agus C&Sanna a fháil ar an láithreán gréasáin NB Iarnród (féach ar an nasc ar láithreán gréasáin an ERA faoi idir-inoibritheacht\comhar le heagraíochtaí).

4.4.5. Agus fógra á thabhairt do chomhlacht faoin Treoir Idir-inoibritheachta, ba chóir don Bhallstát a thugann an fógra scóip inniúlachta an NoBo sin a chur in iúl:

Nós imeachta: measúnú ar chomhréireacht na CIanna, measúnú ar oiriúnacht úsáide na CIanna nó fíorú ‘CE’ ar fhochóras;

Fochórais: fuinneamh, ordú agus comharthaíocht rialaithe ar thaobh riain, ordú agus comharthaíocht rialaithe ar bord, rothstoc nó infreastruchtúr;

STI agus leasú na STIanna;

4.4.6. Sainmhíníonn Iarscríbhinn VIII den Treoir Idir-inoibritheachta na critéir íosta atá le cur san áireamh ag Ballstáit agus iad ag tabhairt fógra do chomhlachtaí. Baineann na critéir sin le hinniúlacht agus le neamhspleáchas na ngníomhaithe gnó (déantóirí, RUanna, IManna, s.rl.) agus na n-údarás a údaraíonn an cur i mbun seirbhíse den chuid is mó.

Page 35: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 35 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

4.5. Comhlachtaí Ainmnithe (DeBoanna)

4.5.1. Is ionann comhlacht ainmnithe agus eagraíocht atá freagrach as measúnú tríú páirtí a dhéanamh ar CI nó fochóras struchtúrtha in aghaidh riachtanas de chuid na rialacha náisiúnta ábhartha arna gcur in iúl (féach cuid 2.15.1 do na cásanna lena mbaineann rialacha náisiúnta).

4.5.2. Féadfaidh an eagraíocht nó na heagraíochtaí atá ainmnithe don mheasúnú ar chomhréireacht le rialacha náisiúnta arna gcur in iúl (agus de réir [aithrise (18) ba chóir di (dóibh)] a bheith mar a chéile leis na comhlachtaí arna gcur in iúl. Níl sé seo éigeantach áfach. Ar aon chuma, más ionann an eagraíocht chéanna agus 'comhlacht ainmnithe' agus 'comhlacht arna chur in iúl' ag an am céanna agus gur féidir léi, i dtéarmaí praiticiúla, an measúnú iomlán a dhéanamh i bpróiséas amháin, feidhmíonn sí, i téarmaí foirmiúla, le dhá ról éagsúil go fóill, agus ba chóir do sin a bheith léirithe sna doiciméid a bhunaíonn sí.

4.5.3. Is ionann tascanna na gcomhlachtaí ainmnithe maidir le fíorú na comhréireachta le rialacha náisiúnta mutatis mutandis agus tascanna na gcomhlachtaí arna gcur in iúl i ndáil le fíorú na comhréireachta leis na STIanna. Tá difríocht shuntasach amháin ann áfach – don nós imeachta CE um fhíorú, tá sé de chumas ar an iarratasóir aon NoBo inniúil a cheapadh (in ainneoin an Bhallstáit a thug fógra dó), agus maidir le fíorú na comhréireachta le rialacha náisiúnta agus cásanna sonracha tá sé de dhualgas ar an iarratasóir teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht ainmnithe ag an mBallstát a bhfuil sé beartaithe an fochóras a chur i mbun seirbhíse ar a chríoch.

4.5.4. Ní shainmhíníonn an Treoir Idir-inoibritheachta na critéir atá le leanúint ag na Ballstáit agus na comhlachtaí sin á n-ainmniú acu. Maidir leis seo, féadfar Airteagal 6(2) den Chinneadh [22] ar chreat coiteann i leith margaíocht na dtáirgí. Sonraíonn sé ‘nuair a dhéanann reachtaíocht chomhchuibhithe an Chomhphobail foráil d’údaráis phoiblí measúnú comhréireachta a chur i gcrích, déanfaidh an reachtaíocht foráil ionas go gcaithfidh na comhlachtaí measúnaithe comhréireachta, ar a mbraitheann na húdaráis sin le haghaidh measúnuithe teicniúla, cloí leis na critéir chéanna leo siúd atá leagtha amach sa Treoir seo do chomhlachtaí arna gcur in iúl.

4.6. Iarratasóir ar údarú maidir le fochóras a chur i mbun seirbhíse

4.6.1. D’fhéadfadh an t-iarratasóir ar údarú maidir le fochóras a chur i mbun seirbhíse a bheith éagsúil ón iarratasóir ar an bhfíorú 'CE'.

4.6.2. Tugtar míniú ar an iarratasóir ar údarú maidir le cur i mbun seirbhíse i gCuid 8.1 den [43] Mholadh maidir le húdarú chun feithiclí agus fochórais struchtúracha a chur i mbun seirbhíse. Tá sé freagrach as:

a chinntiú go bhfuil an fochóras tar éis tabhairt faoin nós imeachta fíoraithe agus an fhianaise riachtanach a sholáthar don ÚNS, lena n-áirítear:

o fíorú ‘CE';

o fíorú ar chomhréireacht le rialacha náisiúnta infheidhmithe (pointí oscailte, cásanna sonracha, maoluithe);

o meastóireacht agus measúnú riosca, má tá a leithéid riachtanach de réir Rialacháin Uimh. 352/2009 ón gCoimisiún;

iarratas a chur faoi bhráid ar údarú maidir le cur i mbun seirbhíse ó ÚNS an Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe an fochóras a lonnú nó a fheidhmiú ar a chríoch.

Page 36: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 36 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

4.7. Údaráis Náisiúnta Sábháilteachta (ÚNSanna)

4.7.1. Maidir le cur chun feidhme na STIanna, is iad seo a leanas príomhthascanna na ÚNSanna (iad uile sainithe in Airteagal 16 den Treoir Sábháilteachta):

‘cur i mbun seirbhíse na bhfochóras struchtúrach a údarú (...)’;

‘maoirseacht a dhéanamh ionas go bhfuil na comhábhair idir-inoibritheachta i gcomhréir leis na riachtanais bhunúsacha (...)’;

‘seiceáil a dhéanamh go gcomhlíontar coinníollacha agus riachtanais leagtha síos i [deimhnithe sábháilteachta agus údaruithe sábháilteachta] agus go bhfuil bainisteoirí infreastruchtúir agus gnóthais iarnróid ag feidhmiú de réir riachtanais an Chomhphobail nó an dlí náisiúnta’; áiríonn sé sin seiceáil a dhéanamh go gcomhlíontar riachtanais STIanna do na fochórais feidhmiúla.

Page 37: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 37 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

5. MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA

5.1. Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

5.1.1. Comhábhair Idir-inoibritheachta (CIanna)

[G 58] Sula leagtar ar mhargadh é (féach Cuid 6.1), ní mór do CI dearbhú ‘CE' comhréireachta a bheith aige, agus nuair is gá, dearbhú ‘CE' oiriúnachta úsáide. Is é déantóir an CI nó a ionadaí údaraithe a eisíonn na dearbhuithe sin tar éis deimhniúcháin ag NoBo, nuair is cuí.

[G 59] Maidir leis an Treoir Idir-inoibritheachta, ba chóir an sainmhíniú ginearálta ar 'mheasúnú comhréireachta’ (féach na sainmhínithe i Tábla 7) i ndáil leis na CIanna a thuiscint mar an próiseas a léiríonn cibé an bhfuil riachtanais atá sainithe san STI ábhartha a bhaineann le comhábhar idir-inoibritheachta comhlíonta.

[G 60] Féadfar tréithe eile de chuid CI a shainmhíniú ar bhealach conarthach idir an déantóir agus an ceannaitheoir, ar an gcoinníoll nach dtagann siad salach ar riachtanais na STIanna. Ní gá do NoBo measúnú a dhéanamh ar na tréithe sin i gcreat na hidir-inoibritheachta.

[G 61] Ní mór do dhearbhú ‘CE' comhréireachta nó oiriúnachta úsáide de chuid CI an táirge dá dréachtaíodh é a shainaithint go cruinn.

[G 62] Bíonn measúnú comhréireachta nua agus dearbhú ‘CE' comhréireachta nua riachtanach le haghaidh CI eisigh (sula bhfuil sé comhtháite i bhfochóras) nuair

atá sé modhnaithe go suntasach (.i. nuair a d’fhéadfadh na modhnuithe dul i bhfeidhm ar thréithe na bparaiméadar bunúsach); nó má

atá sé beartaithe é a úsáid i réimse úsáide nua.

[G 63] Sna cásanna sonraithe thuas, tá dearbhú ‘CE' oiriúnachta úsáide nua riachtanach freisin má éilíonn an STI ábhartha an dearbhú seo don CI.

[G 64] Caithfidh an t-aonán a leagann an CI ar mhargadh ar chríoch an AE an dearbhú/na dearbhuithe ‘CE' comhréireachta agus an dearbhú/na dearbhuithe ‘CE' oiriúnachta úsáide agus an doiciméadúchán teicniúil a chur ar fáil don údarás náisiúnta inniúil ar feadh tréimhse atá sainithe san STI ábhartha; sa chás nach sainíonn an STI é is tréimhse 10 mbliana atá i gceist ón dáta a ndearnadh an CI deireanach. Baineann sé seo le CIanna déanta san AE mar aon leo siúd allmhairithe ó thríú tír. Mura bhfuil an oibleagáid sin comhlíonta ag an déantóir nó a ionadaí údaraithe san AE, tá sé de dhualgas ar pé duine a leag an CI ar mhargadh an AE (allmhaireoir nó aon duine eile).

[G 65] I gcleachtadh, táirgtear comhábhair idir-inoibritheachta go srathach de ghnáth bunaithe ar an dearadh nó cineál céanna, agus féadfar iad a chorprú i bhfochórais éagsúla. Leis seo in aigne, eisítear dearbhú ‘CE' comhréireachta agus/nó oiriúnachta úsáide sula gcorpraítear an CI i bhfochóras, agus ní bhaineann sé de ghnáth le tionscadal nó fochóras sonrach.

[G 66] Is féidir CI lena mbaineann dearbhú ‘CE' comhréireachta agus/nó oiriúnachta úsáide a chorprú i bhfochóras gan tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar a chomhréireacht. Ní mór d’fhíorú ‘CE' ar an bhfochóras ina dhiaidh sin (féach cuid 5.3.3 thíos) fíorú maidir le cibé an bhfuil an CI comhtháite i gceart agus an bhfuil sé comhoiriúnach le CIanna eile san fhochóras sin a áireamh (go háirithe, caithfidh an próiseas fíoraithe 'CE' a sheiceáil go n-úsáidtear CIanna ina gcuid réimse úsáide ábhartha).

[G 67] Nuair atá CI mar chuid de CI eile (mar shampla, tá an CI 'suanach’ mar chuid den CI ’laisce’), tá gach déantóir faoi seach freagrach as an bhfíorú agus dearbhú 'CE' cuí a

Page 38: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 38 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

sholáthar. Dá bhrí sin, sa sampla thuas, tá freagracht ar dhéantóir an CI suanaigh dearbhú 'CE' de chuid an CI suanaigh a sholáthar do dhéantóir an CI laisce.

[G 68] Féadfar iarratas a dhéanamh ar mheasúnú comhréireachta ar chomhábhar am ar bith. Mura soláthraíonn an STI ábhartha a mhalairt, áfach, ní féidir an deimhniú ‘CE' don fhochóras a chorpraíonn an CI seo a bhunú ach amháin nuair atá na dearbhuithe ‘CE’ comhréireachta agus oiriúnachta úsáide ábhartha go léir curtha ar bun.

[G 69] Má dhéantar measúnú ar an CI ag an am céanna leis an bhfochóras agus má leagtar ar mhargadh an AE é trí chur i mbun seirbhíse an fhochórais sin, tá dearbhú ‘CE’ comhréireachta sonrach de dhíth go fóill don CI, seachas má sholáthraíonn an STI ábhartha a mhalairt (m.sh. le haghaidh idirthréimhse). Ní féidir leis an dearbhú ‘CE’ um fhíorú ar an bhfochóras ina bhfuil an CI comhtháite leagan ar mhargadh an CI a chlúdach. I dtéarmaí foirmiúla, tá an próiseas um measúnú comhréireachta ar an CI ar leithligh ón bpróiseas um fhíorú ar an bhfochóras.

[G 70] I gcásanna áirithe (nuair nach bhfuil na hoibleagáidí maidir leis an dearbhú ‘CE’ comhréireachta nó oiriúnachta úsáide comhlíonta ag an déantóir ná ag a ionadaí údaraithe), is féidir leis an eagraíocht a úsáideann CIanna (m.sh. déantóir feithicle a chorpraíonn CIanna i bhfeithicil, conraitheoir um oibreacha sibhialta a úsáideann CIanna don infreastruchtúr, nó an t-aonán conarthach) dearbhú ‘CE’ comhréireachta nó oiriúnachta úsáide a eisiúint le haghaidh CI in áit an déantóra. Sa chás seo, caithfidh an eagraíocht socrú a dhéanamh don mheasúnú comhréireachta CE, agus measfar gurb ionann í agus an t-aonán a leag an CI sin ar an margadh ([Airteagal 13(4)]).

[G 71] Caithfidh an dearbhú ‘CE’ comhréireachta agus an dearbhú ‘CE’ oiriúnachta úsáide a bheith cláraithe i mbunachar sonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid, ERADIS.

5.1.2. Fochórais

[G 72] Sula n-iarrtar údarú ó Bhallstát chun fochóras a chur i mbun seirbhíse, ní mór na céimeanna seo a leanas a tharlú:

fíorú ‘CE’ ar an bhfochóras ag NoBo (Iarscríbhinn VI den Treoir Idir-inoibritheachta); agus bunú an deimhnithe ‘CE’ um fhíorú ag an NoBo sin;

bunú dearbhaithe ‘CE’ um fhíorú ar an bhfochóras ag an iarratasóir ar an bhfíorú ‘CE';

fíorú comhréireachta le rialacha náisiúnta arna gcur in iúl ag comhlacht ainmnithe, nuair is gá;

measúnú riosca um Modh Sábháilteachta Coiteann (CSM), nuair is gá

Ní chlúdaíonn an treoir seo an próiseas iomlán – tá sé teoranta do chomhréireacht leis na STIanna.

[G 73] Tá dearbhú ‘CE’ um fhíorú ag teastáil d’aon fhochórais struchtúracha nua agus, má éilíonn an Ballstát é, fochórais struchtúracha uasghrádaithe nó athnuaite. Má áiríonn tionscadal níos mó ná ceann amháin de na fochórais struchtúracha atá sainithe in Iarscríbhinn II den Treoir Idir-inoibritheachta (m.sh. d’fhéadfadh feithicil fochóras rothstoic agus fochóras CCS ar bord a áireamh; áiríonn líne iarnróid fochóras infreastruchtúir agus fochórais CCS ar thaobh riain agus fuinnimh de ghnáth), ansin bíonn dearbhuithe 'CE' um fhíorú iomadúla ag teastáil, ceann do gach fochóras struchtúrach.

[G 74] I gcás táirgthe strathaigh (m.sh. le haghaidh rothstoic), caithfidh gach aonad a bheith clúdaithe ag dearbhú ‘CE’. D'fhéadfaí é seo a dhéanamh ar bhonn dearbhaithe ar leith le haghaidh gach aonad nó iliomad aonad a liostáil in aon dearbhú amháin.

Page 39: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 39 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

[G 75] Mura bhfuil ach codanna áirithe nó céimeanna áirithe den fhochóras clúdaithe, agus go gcomhlíonann siad riachtanais an STI(na STIanna) ábhartha, eisíonn an NoBo Ráiteas Idirmheánach um Fhíorú (ISV), i gcomhréir le ([Airteagal 18(4)].

[G 76] I gcás nós imeachta ISV, dréachtaíonn an t-iarratasóir dearbhú ’CE’ um chomhréireacht idirmheánach an fhochórais.

5.2. Modúil um measúnú comhréireachta

[G 77] Tá na nósanna imeachta maidir le measúnú agus fíorú ‘CE’ um chomhréireacht agus oiriúnacht úsáide bunaithe ar mhodúil a úsáid.

[G 78] Áiríonn STIanna a glacadh roimh 2010 cur síos ar mhodúil um measúnú comhréireachta i ngach STI. Tagraíonn STIanna a glacadh i 2010 do chinneadh ar leithligh ón gCoimisiún maidir le modúil um measúnú comhréireachta, agus mar sin ní chuimsíonn siad an cur síos ar na modúil féin. Áiríonn an cinneadh seo tábla comhghaoil de ‘shean’-mhodúil agus de mhodúil ‘nua’ in iarscríbhinn.

[G 79] Tá na ‘sean’-mhodúil agus na modúil ‘nua’ bunaithe ar mhodúil chineálacha de réir mar atá sainmhínithe i gCinntí i ndáil leis na modúil do chéimeanna éagsúla na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na rialacha i ndáil le greamú agus úsáid na marcála comhréireachta CE agus [22] ar chreat coiteann i leith margaíocht na dtáirgí faoi seach. De bharr riachtanas sonrach san earnáil iarnróid, áfach, tá oiriúnú déanta orthu (m.sh. tá modúil ar leithligh cruthaithe do CIanna agus d’fhochórais [42]).

[G 80] Soláthraítear sonraí breise (lena n-áirítear tascanna na ndéantóirí, iarratasóirí ar an bhfíorú ‘CE' agus NoBo) in Iarscríbhinn 2 den treoir seo.

5.3. Rogha modúl

5.3.1. Measúnú an chomhábhair idir-inoibritheachta

[G 81] Is féidir le déantóir an CI rogha a dhéanamh, ó na modúil léirithe san STI le haghaidh CI áirithe, iad siúd is fearr a oireann dá phróiseas táirgthe.

[G 82] Tá an méid rannpháirtíochta a éilítear ar NoBo sa nós imeachta measúnaithe CI éagsúil do gach modúil.

[G 83] Tríd is tríd, ceadaíonn an STI rogha de dhá mhodúl ar a laghad don mheasúnú comhréireachta ar CI: modúl amháin do dhéantóirí gan córas bainistíochta cáilíochta (QMS) agus modúl amháin do dhéantóirí le QMS. Sa chás deireanach, caithfidh an NoBo deimhniú foirmiúil de chóras bainistíochta cáilíochta (m.sh. EN ISO 9001) ó chomhlacht deimhniúcháin creidiúnaithe a chur san áireamh nuair a bhaineann na deimhniúcháin sin leis an CI. Mura bhfuil aon QMS deimhnithe ann, caithfidh an NoBo measúnú a dhéanamh ar an QMS forfheidhmithe do dhearadh agus/nó do dhéanamh an CI.

[G 84] I gcás QMS deimhnithe, ní chlúdaíonn an measúnú ag NoBo riachtanais ghinearálta an QMS, ach cur chun feidhme an QMS seo i leith an IC áirithe amháin.

[G 85] Ní éilíonn modúil CA agus CC (ní féidir modúl CC a úsáid ach amháin i gcomhcheangal CB+CC) rannpháirtíocht NoBo sa mheasúnú comhréireachta, nó go n-eiseodh NoBo deimhniú.

[G 86] Éilíonn modúil CD (ní féidir modúl CD a úsáid ach amháin i gcomhcheangal CB+CD) agus modúil CH agus CH1 QMS.

Page 40: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 40 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

[G 87] Nuair nach bhfuil QMS ag déantóir, ní féidir ach modúil CA, CA1, CA2, CB, CC agus CF (ní féidir modúil CC agus CF a úsáid ach amháin i gcomhcheangail CB+CC agus CB+CF, faoi seach) a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar CI.

[G 88] I gcás CIanna áirithe, ní éilíonn na STIanna measúnú comhréireachta ag NoBo (modúl CA) nó ní éilíonn siad measúnú comhréireachta ag NoBo sa chéim táirgthe (modúl CC). Sna cásanna seo, níl an CI clúdaithe ag deimhniú ‘CE’ comhréireachta. Tá an déantóir freagrach, áfach, as dearbhú ‘CE’ comhréireachta a eisiúint do na CIanna uile a dhéantar.

5.3.2. Measúnú oiriúnachta úsáide an chomhábhair idir-inoibritheachta

[G 89] Baineann an nós imeachta um oiriúnacht úsáide le comhábhair a bhfuil bailíochtú ag taithí inseirbhíse ag teastáil uathu. Sonraítear é, ach go háirithe, do chomhábhair le dearadh nua nó a úsáidtear i réimse úsáide nua.

[G 90] Nuair a éilíonn an STI an nós imeachta um oiriúnacht úsáide, tá an modúl CV le cur chun feidhme. Sa chás seo, tá sé comhlántach i gcónaí do na modúil CB nó CH1 measúnaithe comhréireachta.

[G 91] Tugann an nós imeachta measúnaithe um oiriúnacht úsáide úsáid an chomhábhair i seirbhís le tuiscint de ghnáth, agus é comhtháite go hionadaíoch san fhochóras thar méid ama oibríochtúil nó fad reatha sonraigh.

[G 92] Má chuireann an STI ábhartha féidearthacht dá leithéid in iúl, féadfar an oiriúnacht úsáide a mheasúnú trí mheán modhanna ionsamhlúcháin (amhail ar bhinse tástála nó ciorcad tástála). Tá na coinníollacha glactha sonraithe san STI.

5.3.3. Fíorú ‘CE' ar fhochórais

[G 93] Is féidir leis an iarratasóir cinneadh a dhéanamh, ó na modúil léirithe san STI don fhochóras ábhartha, iad siúd is fearr a oireann do phróiseas dearaidh, táirgthe agus tástála deiridh an fhochórais.

[G 94] Le measúnú a dhéanamh ar fhochórais, ní mór do NoBo an nós imeachta ‘CE' um fhíorú a chur i gcrích i ngach cás, agus caithfear deimhniú 'CE' um fhíorú a bhunú.

[G 95] Éilíonn modúil SD agus SH1 ar an iarratasóir QMS a fheidhmiú.

[G 96] Chun an modúl SD a úsáid, ní mór don iarratasóir QMS a fheidhmiú le haghaidh táirgeadh agus tástáil deiridh an fhochórais.

[G 97] Chun an modúl SH1 a úsáid, ní mór don iarratasóir QMS a fheidhmiú le haghaidh dearadh, táirgeadh agus tástáil deiridh an fhochórais.

[G 98] Má tá roinnt comhpháirtithe bainteach le tionscadal, chun modúl bunaithe ar QMS a úsáid, ní mór do thascanna ábhartha de chuid na gcomhpháirtithe uile atá bainteach leis an dearadh, déantúsaíocht, suiteáil agus tástáil deiridh (m.sh. soláthraithe agus bainisteoir infreastruchtúir araon, má tá baint acu leis) a bheith clúdaithe ag an QMS.

[G 99] Mura bhfuil QMS ag iarratasóir, ní féidir ach na modúil SB+SF nó SG a úsáid don fhíorú ‘CE' ar na fochórais.

[G 100] Ní mór go mbeadh an t-iarratasóir a bhunaíonn an dearbhú CE um fhíorú (tar éis modúil SD nó SF) mar an gcéanna leis an gceann a fuair an teastas scrúdaithe ar chineál CE.

[G 101] Bunaíonn an t-iarratasóir an dearbhú CE um fhíorú faoina lánfhreagracht féin. Is é sin, neamhspleách ó aon chomhaontuithe conartha, glacann an t-iarratasóir freagracht iomlán

Page 41: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 41 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

as an táirge lena n-áirítear a dhearadh, atá clúdaithe ag Modúl SB. I bhfocail eile, mura gcomhlíonann fochóras riachtanais na STIanna, ní féidir leis an iarratasóir a rá nár táirgeadh ach an rud a bhí sna líníochtaí agus nach bhfuiltear freagrach as an dearadh.

[G 102] Más mian le hiarratasóir atá i seilbh teastais scrúdaithe ar chineál CE (iarratasóir X), dearadh an táirge a cheadúnú chuig duine éigin eile (iarratasóir Y), is féidir é sin a dhéanamh sa chaoi seo a leanas:

cuireann iarratasóir X an doiciméadúchán ábhartha uile um scrúdú cineáil ar fáil d’iarratasóir Y;

déanann iarratasóir Y iarratas a teastas scrúdaithe ar chineál CE dá chuid féin agus áirítear ann an doiciméadúchán seo ina iarratas mar "thorthaí ar thástálacha curtha i gcrích ag comhlacht tástála cuí an iarratasóra nó ag comhlacht tástála eile ar a shon agus faoina fhreagracht” (alt 3 sa chur síos ar mhodúl SB).

Tar éis d’iarratasóir Y an teastas scrúdaithe ar chineál CE a ghnóthú, féadfar comhréireacht na dtáirgí a fhíorú i ndáil leis an gcineál (modúl SD nó SF).

5.4. Measúnuithe infheidhmithe i leith céimeanna áirithe

5.4.1. Sonraíonn na STIanna na céimeanna (dearadh, táirgeadh nó tástáil deiridh foriomlán) lena mbaineann na measúnuithe comhréireachta, agus na modhanna measúnaithe sonracha (athbhreithniú dearaidh, tástáil cineáil, athbhreithniú ar phróiseas déantúsaíochta, bailíochtú taithí inseirbhíse, s.rl.) faoina gcaithfear iad a chur i gcrích. Braitheann an rogha modúl ar na céimeanna sin.

5.4.2. Le haghaidh roinnt paraiméadar bunúsach, tréithe dearaidh (cosúil le riachtanais toisí a chinntíonn comhoiriúnacht) amháin atá bunriachtanach. Sna cásanna sin, tá an measúnú comhréireachta dírithe ar athbhreithniú dearaidh ar an CI nó ar an bhfochóras.

5.4.3. Nuair a éilítear athbhreithniú dearaidh san STI nó sa mhodúl roghnaithe ag an iarratasóir, ní mór don athbhreithniú dearaidh sin

a bheith curtha i gcrích ag NoBo, de réir próisis doiciméadaithe, nó

a bheith mar chuid de QMS

5.4.4. Caithfidh NoBo cur chun feidhme an athbhreithnithe dearaidh a mheas, de réir an nós imeachta sainmhínithe ag an modúl measúnaithe comhréireachta roghnaithe ag an iarratasóir. Má tá sé mar chuid de QMS atá deimhnithe ag tríú páirtí neamhspleách, caithfidh an NoBo an deimhniú sin a chur san áireamh don mheasúnú ar chur chun feidhme an athbhreithnithe dearaidh.

5.4.5. Féadfaidh an t-iarratasóir socrú a dhéanamh d’fhíorú ag NoBo atá teoranta do chéim áirithe. Sa chás seo, eisíonn an NoBo deimhniú CE ISV agus, bunaithe ar sin, eisíonn an t-iarratasóir dearbhú CE ISV (Iarscríbhinn VI den Treoir Idir-inoibritheachta).

5.4.6. Ní mór d’aon NoBo atá i gceannas ar chéimeanna breise d’fhíorú ‘CE' glacadh leis an deimhniú CE ISV mar fhianaise comhréireachta na céime a chlúdaíonn sé.

5.5. Cásanna nach bhfuil clúdaithe ag fíorú ‘CE'

5.5.1. Ní áiríonn nós imeachta ‘CE' um fhíorú, a bhíonn curtha i gcrích ag NoBo, fíorú ar chomhréireacht sna cásanna seo a leanas:

Page 42: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 42 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

rialacha náisiúnta i gceist le haghaidh pointe oscailte;

cás sonrach i gceist seachas clásal de Chaibidil 4 den STI;

rialacha náisiúnta i gceist seachas riachtanas do STI tar éis maolaithe;

rialacha náisiúnta i gceist seachas riachtanas do STIanna i gcás athnuachana nó uasghrádaithe.

5.5.2. Sna cásanna seo, ní mór don deimhniú ‘CE' um fhíorú agus don dearbhú ‘CE' um fhíorú codanna de na STIanna ábhartha nach bhfuil measúnú déanta ar chomhréireacht ina leith a shainaithint.

5.5.3. Ní mór do DeBo measúnú a dhéanamh, in aghaidh rialacha nádúrtha infheidhmithe, ar chodanna nó gnéithe den fhochóras nach bhfuil clúdaithe ag an bhfíorú ‘CE'.

5.6. Measúnuithe i gcás athnuachana nó uasghrádaithe

5.6.1. Sna cásanna seo, tá [Airteagal 20] i bhfeidhm. Féadfar na cásanna seo a leanas a aithint:

athnuachan nó uasghrádú ar fhochóras eiseach (nó sraith d’fhochórais) i gcomhréir leis na STIanna i bhfeidhm ag tráth na hathnuachana nó an uasghrádaithe;

athnuachan nó uasghrádú ar fhochóras eiseach (nó sraith d’fhochórais) ní i gcomhréir leis na STIanna i bhfeidhm ag tráth na hathnuachana nó an uasghrádaithe, ach i gcomhréir le leaganacha níos luaithe de na STIanna (.i. i gcomhréir leis na STIanna i bhfeidhm nuair a cuireadh é (nó iad) i mbun seirbhíse i dtús báire);

athnuachan nó uasghrádú ar fhochóras eiseach (nó sraith d’fhochórais) ní i gcomhréir le haon leagan de na STIanna.

5.6.2. Sa dá chás deireanach a luadh, caithfidh an Ballstát a bhfuil sé beartaithe an fochóras a chur i mbun seirbhíse ar a chríoch tar éis a athnuachana nó uasghrádaithe cinneadh a dhéanamh faoi leibhéal cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm.

5.6.3. Maidir leis seo, ba chóir nádúr chás na bhfochóras arbh ionann iad agus feithicil a lua. Tá na fochórais sin faoi réir údaraithe maidir le cur i mbun seirbhíse ag ÚNS de chuid na mBallstát go léir a bhfuil sé beartaithe an fheithicil a fheidhmiú ar a gcríoch. Ba chóir an Ballstát ina bhfuil an chéad údarú maidir le cur i mbun seirbhíse tar éis uasghrádaithe nó athnuachana á lorg cinneadh a dhéanamh faoi leibhéal cur chun feidhme na STIanna. Maidir leis na húdaraithe breise, caithfear scóip na bhfíoruithe gaolmhara a theorannú de réir fhorálacha [Airteagal 23 nó 25].

5.6.4. I gcás fochórais eiseacha a athnuachan nó a uasghrádú i gcomhréir leis na STIanna atá i bhfeidhm ag tráth na hathnuachana nó uasghrádaithe, níor chóir go mbeadh aon fhadhb le cur chun feidhme iomlán na STIanna.

5.6.5. Tagraíonn na téarmaí ‘athnuachan’ agus ‘uasghrádú’ d’fhochórais eiseacha. I gcomhthéacs [Airteagal 20] ní thagraíonn siad do mhodhnuithe ar chineál nó dearadh deimhnithe agus é mar aidhm fochórais nua a tháirgeadh.

Page 43: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 43 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

6. CUR CHUN FEIDHME STI I gCAITHEAMH SAOLRÉ GHNÉITHE AN CHÓRAIS IARNRÓID

6.1. Leagan ar mhargadh an chomhábhair idir-inoibritheachta

6.1.1. Sonraíonn [Airteagal 10] go ‘nglacfaidh Ballstáit na bearta go léir is gá chun an méid seo a leanas a chinntiú i ndáil le comhábhair idir-inoibritheachta:

nach leagtar ar an margadh iad ach amháin má cheadaíonn siad idir-inoibritheacht a bhaint amach laistigh den chóras iarnróid agus na riachtanais bhunúsacha á gcomhlíonadh ag an am céanna;

go n-úsáidtear iad ina réimse úsáide de réir mar atá beartaithe agus go ndéantar suiteáil agus cothabháil oiriúnach orthu.’

6.1.2. Ní chuirfidh na forálacha seo bac leis na comhábhair sin a leagan ar an margadh le haghaidh feidhmeanna eile.’

6.1.3. Is ionann CI a leagan ar mhargadh agus an gníomh tosaigh, a dhéantar de ghnáth nuair a fhágann an comhábhar an céim déantúsaíochta, i ndáil leis an gcomhábhar sin a chur ar fáil den chéad uair ar chríoch an AE, agus é mar aidhm é a dháileadh nó a úsáid san AE. Tagraíonn an coincheap maidir le leagan ar mhargadh do gach CI aonair, ní do chineál comhábhair, agus gan aird ar a bheith déanta mar aonad aonair nó i sraith.

6.1.4. Is féidir CI a chur ar fáil (.i. a leagan ar mhargadh) le haghaidh íocaíochta nó saor in aisce, de ghnáth i bhfoirm aistrithe fisiciúil nó trí úinéireacht a aistriú ón déantóir, ó ionadaí údaraithe an déantóra nó ón allmhaireoir bunaithe san AE go dtí na dáileoirí nó go díreach go dtí na húsáideoirí deiridh, gan aird ar an ionstraim dlí ar a bhfuil an t-aistriú bunaithe (díol, iasacht, fruiliú, léasú nó aon chineál ionstraime dlí eile).

6.1.5. Ní mór do CI cloí leis na treoracha infheidhmithe agus leis na STIanna nuair a leagtar ar mhargadh é. Ós rud é go ndéanann an coincheap maidir le leagan ar mhargadh tagairt do gach CI aonair, ní mór don déantóir a chinntiú go gcloíonn gach CI dá leithéid leis an Treoir Idir-inoibritheachta, na STIanna gaolmhara agus le treoracha infheidhmithe eile nuair a leagtar ar mhargadh é.

6.1.6. Má thairgeann déantóir, a ionadaí údaraithe san AE nó an t-allmhaireoir CI atá clúdaithe ag an Treoir Idir-inoibritheachta agus ag na STIanna gaolmhara i gcatalóg, meastar nach bhfuil sé leagtha ar mhargadh go dtí go gcuirtear ar fáil den chéad uair é. Dá bhrí sin mura bhfuil CI a tháirgtear i gcatalóg i gcomhréir go hiomlán le forálacha na Treorach Idir-inoibritheachta agus na STIanna gaolmhara, ba cheart an méid sin a fhógairt go soiléir sa chatalóg.

6.1.7. Nuair a leagtar an CI ar mhargadh, ní mór dó a bheith clúdaithe ag dearbhú ‘CE'. Féadfaidh dearbhú ‘CE’ comhpháirt amháin nó sraith de chomhpháirteanna comhionanna a chlúdach. I gceachtar cás, ní mór don chomhpháirt nó na comhpháirteanna atá clúdaithe ag an dearbhú ‘CE’ a bheith sainaitheanta go soiléir ann, m.sh. de réir sraithuimhreacha.

6.1.8. Glactar leis nach dtarlaíonn leagan ar mhargadh sa chás go bhfuil an táirge:

aistrithe ó dhéantóir i dtríú tír go hionadaí údaraithe san AE atá gafa ag an déantóir chun a chinntiú go gcloíonn an CI leis an Treoir Idir-inoibritheachta agus na STIanna gaolmhara;

allmhairithe isteach san AE chun críocha ath-onnmhairithe, is é sin, faoi shocruithe próiseála;

déanta san AE le haghaidh onnmhairithe chuig tríú tír;

Page 44: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 44 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

ar taispeáint ag aontaí trádála nó taispeántais. Sa chás seo, d’fhéadfadh nach bhfuil sé i gcomhréir go hiomlán le forálacha na Treorach Idir-inoibritheachta agus na STIanna gaolmhara, ach ba chóir é sin a fhógairt go soiléir in aice leis an CI atá á thaispeáint.

6.2. Saolré na bhfochóras

[G 103] Tá na céimeanna seo a leanas ag saolré fhochórais:

dearadh,

táirgeadh,

tástáil deiridh,

leagan i mbun seirbhíse,

feidhmiú agus cothabháil agus

deireadh saoil

[G 104] D’fhéadfadh saolré fhochórais roinnt athnuachana nó uasghrádaithe a chuimsiú.

[G 105] Mar atá léirithe in [Airteagal 5(2)] ‘cloífidh fochórais leis na STIanna atá i bhfeidhm ag tráth a gcuid leagain i mbun seirbhíse, uasghrádaithe nó athnuachana, de réir na Treorach (Idir-inoibritheachta); cinnteofar an comhlíonadh sin agus gach fochóras in úsáid’.

[G 106] Nuair a leagtar fochóras i mbun seirbhíse, is í an eagraíocht a bhunaigh an dearbhú ‘CE' um fhíorú atá freagrach as comhlíonadh i dtaca leis na STIanna a chinntiú. Ina theannta sin, caithfidh NoBo an comhlíonadh sin i dtaca leis na STIanna a sheiceáil agus a dheimhniú.

[G 107] Nuair atá fochóras leagtha i mbun seirbhíse, de réir [Airteagal 15(3)], is é an RU nó IM a fheidhmíonn an fochóras agus, de réir Airteagal 14a den Treoir Sábháilteachta, an ECM, atá freagrach as comhlíonadh i dtaca leis na STIanna ó thaobh cothabháil na bhfeithiclí ábhartha.

[G 108] Soláthraíonn Iarscríbhinn 4 den treoir seo roinnt samplaí praiticiúla léirithe le sreabhchairteacha.

6.2.1. Dearadh, táirgeadh agus tástáil deiridh an fhochórais

[G 109] Mar atá léirithe in [Airteagal 18(2)], cuirtear tús le rannpháirtíocht na NoBoanna ag an gcéim dearaidh agus tagann deireadh léi díreach roimh fochóras a leagan i mbun seirbhíse. Caithfear a thabhairt faoi deara i ndáil le gnéithe áirithe go m’fhéidir nach mbeadh NoBo in ann na seiceálacha a chur i gcrích mura raibh sé bainteach ó thús na céime táirgthe agus, ar aon chuma, d'fhéadfadh rannpháirtíocht dhéanach ó NoBo a bheith mar chúis le moill ar an bhfíorú 'CE' agus mar sin ar an údarú i dtaca le leagan i mbun seirbhíse.

[G 110] Mar thoradh ar an bhfhíorú ‘CE', bunaíonn an NoBo deimhniú ‘CE' um fhíorú.

[G 111] Tá an NoBo freagrach freisin as an gcomhad teicniúil a ghabhann leis an dearbhú ‘CE' um fhíorú a thiomsú ([Airteagal 18(3)]). Ní mór go gcuimseodh an comhad sin i measc doiciméad eile ‘na gnéithe uile a bhaineann leis na coinníollacha agus teorainneacha úsáide agus leis na treoracha i ndáil le seirbhísiú, monatóireacht sheasmhach nó ghnáthaimh, coigeartú agus cothabháil'.

Page 45: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 45 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

[G 112] Ní mór go gcuimseodh an comhad teicniúil torthaí ar fhíorú ag na comhlachtaí ainmnithe maidir le comhlíonadh i dtaca leis na rialacha náisiúnta infheidhmithe arna gcur in iúl agus, nuair a éilítear é de réir Rialachán (CE) Uimh. 352/2009 ón gCoimisiún, an tuarascáil a bhaineann leis an CSM ar mheasúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Threoir 2004/49/CE (de réir ailt 2.4 agus 3.3 d’Iarscríbhinn VI den Treoir Idir-inoibritheachta).

6.2.2. Leagan i mbun seirbhíse fhochórais

[G 113] Sonraíonn [Airteagal 15(1)] go ‘(...) n-údaróidh gach Ballstát leagan i mbun seirbhíse na bhfochóras struchtúrach sin arbh ionann iad agus an córas iarnróid atá lonnaithe nó á bhfeidhmiú ina chríoch.

Chuige sin, glacfaidh Ballstáit na bearta go léir is cuí lena chinntiú nach bhféadfar na fochórais sin a leagan i mbun seirbhíse ach amháin má tá siad deartha, tógtha, suiteáilte i mbealach a chomhlíonann na riachtanais bhunúsacha a bhaineann leo nuair a chomhtháthaítear sa chóras iarnróid iad.’

Áiríonn sé sin, ach níl sé teoranta do, chomhlíonadh i dtaca leis na STIanna ábhartha. Áiríonn sé freisin comhlíonadh i dtaca le rialacha náisiúnta infheidhmithe arna gcur in iúl agus comhtháthú sábháilte na bhfochóras sin.

[G 114] I gcomhréir le [Airteagal 18], bunaíonn an t-aonán conarthach nó an déantóir, nó a ionadaí údaraithe san AE, an dearbhú ‘CE’ um fhíorú bunaithe ar dheimhniú ‘CE’ um fhíorú soláthartha ag NoBo agus an comhad teicniúil a ghabhann leis an deimhniú.

[G 115] Nuair atá an nós imeachta um fhíorú curtha i gcrích, ba cheart do ÚNS an Bhallstáit ina bhfuil sé beartaithe an fochóras a leagan i mbun seirbhíse údarás a thabhairt do leagan i mbun seirbhíse an fhochórais.

[G 116] Cruthaítear an dualgas ata ar fhochóras cloí le STI áirithe nuair a leagtar i mbun seirbhíse é ar dtús tar éis theacht i bhfeidhm an STI sin má chuimsíonn scóip (gheografach agus theicniúil araon) an STI an fochóras áirithe seo. Ina dhiaidh sin, ní mór an comhlíonadh a fhíorú ag tráth gach leagan i mbun seirbhíse tar éis sin. Ina theannta sin, cothófar an comhlíonadh sin go buan agus gach fochóras in úsáid.

6.2.3. Athnuachan nó uasghrádú fhochórais

[G 117] I gcás athnuachana nó uasghrádaithe, mar chéad chéim, caithfidh an t-aonán conarthach nó an déantóir comhad ina ndéantar cur síos ar an tionscadal a chur faoi bhráid an Bhallstát ábhartha. Bunaithe ar an gcomhad, agus ag cur straitéis forfheidhmithe an STI infheidhmithe i gCaibidil 7 san áireamh, caithfidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh cibé an gciallaíonn méid na hoibre go bhfuil gá le húdarú nua i ndáil le leagan i mbun seirbhíse de réir míniú na Treorach Idir-inoibritheachta.

[G 118] Tá údarú dá leithéid i ndáil le leagan i mbun seirbhíse riachtanach aon uair a d’fhéadfadh an obair atá beartaithe cur isteach ar an leibhéal sábháilteachta.

[G 119] Má tá údarú nua ag teastáil, caithfidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh faoina mhéid a bhfuil gá na STIanna a chur chun feidhme sa tionscadal. Féadfaidh sé ach go háirithe, nuair is cuí, tréithe an fhochórais a chaithfear a chur faoi bhráid scrúdaithe dearaidh nua agus/nó tástála cineáil a shonrú, mar aon leis na codanna de na STIanna a chaithfear cloí leo, nó codanna den fhochóras a chaithfidh cloí leis na STIanna.

Page 46: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 46 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

6.2.4. Feidhmiú agus cothabháil fhochórais

[G 120] Maidir le fochórais a leagadh i mbun seirbhíse, a uasghrádaíodh nó a athnuadh roimh theacht i bhfeidhm na STIanna ábhartha, i gcás athsholáthair bainteach le cothú, tá cur chun feidhme na STIanna sin deonach.

[G 121] I gcás fochórais a leagadh i mbun seirbhíse, a uasghrádaíodh nó a athnuadh tar éis theacht i bhfeidhm na STIanna ábhartha, ní mór comhlíonadh i dtaca leis na STIanna sin a chothú i rith saolré an fhochórais seo, lena n-áirítear aon athsholáthar bainteach le cothú. Áiríonn sé sin CIanna atá clúdaithe ag dearbhú ‘CE' a úsáid.

[G 122] Chun riachtanas dá leithéid a chomhlíonadh is iondúil go gcuimsíonn beart ag aisghair STI airteagal ag sonrú go leanann forálacha an STI aisghairthe de bheith i bhfeidhm i ndáil le cothabháil na dtionscadal údaraithe i gcomhréir leis an STI seo.

[G 123] Ceadaíonn an rogha seo do NoBoanna teastais CE a eisiúint ag cloí le (a) TSI/anna aisghairthe, go hairithe le haghaidh comhábhair idir-inoibritheachta do chomhchóras údaraithe i gcomhréir leis an STI seo.

[G 124] Seachas comhlíonadh an rothstoic i dtaca le forálacha na Treorach Idir-inoibritheachta, ní mór do RU deimhniú sábháilteachta a ghnóthú freisin i ngach Ballstát ina bhfeidhmíonn sé, agus ní mór do IM údarú sábháilteachta a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11 den Treoir Sábháilteachta, faoi seach.

[G 125] Ní bhíonn aon bhaint ag NoBo le céim feidhmithe agus cothabhála d’fhochóras.

6.3. Leagan feithicle i mbun seirbhíse

6.3.1. De réir [Airteagal 21(1)] den Treoir Idir-inoibritheachta, ‘[s]ula n-úsáidtear ar ghréasán í, údaróidh an t-údarás náisiúnta sábháilteachta atá inniúil i ndáil leis an ngréasán sin leagan feithicle i mbun seirbhíse, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt...’

6.3.2. Féadfaidh feithicil a bheith comhdhéanta d'fhochóras amháin nó níos mó.

6.3.3. Tá na forálacha go léir a bhaineann le húdaruithe um leagan feithiclí (eiseacha agus nua araon) i mbun seirbhíse curtha san áireamh sa Treoir Idir-inoibritheachta.

6.3.4. Difríocht thábhachtach idir na fochórais a chumann gréasán (infreastruchtúr agus áiseanna seasta) agus fochórais a chumann feithicil is ea nach bhfaigheann na chéad fochórais a luadh ach údarú amháin i ndáil le leagan i mbun seirbhíse (bronnta ag ÚNS an Bhallstáit ina bhfuil an gréasán lonnaithe), cé go gcaitear na fochórais dheireanacha a luadh (ach amháin má fhoráiltear a mhalairt i [gCaibidil V]) a údarú i ngach Ballstát ina bhfuil sé beartaithe an fheithicil a úsáid.

6.3.5. Le haghaidh feithiclí, bunaíonn an Treoir Idir-inoibritheachta an difríocht idir an ‘chéad údarú i ndáil le leagan i mbun seirbhíse’ (.i. údarú sa chéad Bhallstát ina bhfuil sé beartaithe an fheithicil a leagan i mbun seirbhíse) agus ‘údaruithe breise i ndáil le leagan i mbun seirbhíse’ (.i. údaruithe i mBallstáit eile ina bhfuil sé beartaithe an fheithicil a fheidhmiú).

6.3.6. Is é an prionsabal ná nár chóir na seiceálacha a chuirtear i gcrích le haghaidh údaraithe i mBallstát amháin a dhéanamh athuair do na húdaruithe in aon Bhallstát eile. Go háirithe, ní mór fíorú 'CE' a chur i gcrích don chéad údarú i ndáil le leagan i mbun seirbhíse, agus tá sé bailí freisin don údarú breise.

Page 47: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 47 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

7. LIOSTA NA nIARSCRÍBHINNÍ

1. Treoracha sainiúla le haghaidh STIanna difriúla (lena n-áirítear liostaí na gcáilíochtaí infheidhmithe agus cáipéisí eile)

2. Measúnú comhréireachta agus fíorú ‘CE’

3. An Creat Eorpach

4. Samplaí de chur chun feidhme STIanna ag céimeanna difriúla

(Féach ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta le haghaidh na leaganacha infhaighte is déanaí de na hiarscríbhinní, nasc agus seoltaí Idirlín úsáideacha agus ceisteanna coitianta.)

Page 48: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 48 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

DOICIMÉID THAGARTHA

Tábla 6: Doiciméid thagartha

Tag. Tagairt dhoiciméid Iris Oifigiúil Modhnú/leasú deireanach

Leagan

[1] Treoir 91/440/CEE ón gComhairle an 29 Iúil 1991 maidir le forbairt ar iarnróid an Chomhphobail

L 237, 24.8.1991 Treoir 2007/58/CE

L 315, 3.12.2007

--

[2] Treoir 95/18/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 1995 maidir le gnóthais iarnróid a cheadúnú

L 143, 27.6.1995 Treoir 2004/49/CE

L 220, 21.6.2004

--

[3] Treoir 95/19/CE ón gComhairle an 19 Meitheamh 1995 maidir le toilleadh infreastruchtúir iarnróid a leithroinnt agus táillí infreastruchtúir a mhuirearú

L 143, 27.6.1995 Treoir 2001/14/CE (aisghair)

L 75, 15.3.2001

--

[4] Treoir 96/48/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid ardluais thras-Eorpaigh

L 235, 17.9.1996 Treoir 2008/57/CE (aisghair)

L 191, 18.7.2008

--

[5] Treoir 98/34/CÉ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán agus na gcáilíochtaí teicniúla

L 24, 21.7.1998 Treoir 2006/96/CE

L 363, 20.12.2006

--

[6] Treoir 2001/12/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2001 lena leasaítear Treoir 91/440/CEE ón gComhairle maidir le forbairt ar iarnróid an Chomhphobail

L 75, 15.3.2001 Ceartúchán,

L 334, 18.12.2001

--

[7] Treoir 2001/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2001 lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón gComhairle maidir le gnóthais iarnróid a cheadúnú

L 75, 15.3.2001 – --

[8] Treoir 2001/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2001 maidir le toilleadh infreastruchtúir iarnróid a leithroinnt agus muirir a thobhach chun infreastruchtúr iarnróid agus deimhniú sábháilteachta a úsáid

L 75, 15.3.2001 Treoir 2007/58/CE

L 315, 3.12.2007

--

Page 49: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 49 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 6: Doiciméid thagartha

Tag. Tagairt dhoiciméid Iris Oifigiúil Modhnú/leasú deireanach

Leagan

[9] Treoir 2001/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 maidir le hidir-inoibritheacht an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 110, 20.4.2001 Treoir 2008/57/CE (aisghair)

L 191, 18.7.2008

--

[10] Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 March 2004 lena gcomhordaítear nósanna imeachta soláthar na n-aonán atá ag feidhmiú sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist

L 134, 30.4.2004 Rialachán (CE) Uimh 1251/2011

L 319 43 2.12.2011

--

[11] Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear 95/18/CE agus 2001/14/CE

L 164, 30.4.2004 Treoir 2009/149/CE

L 313, 28.11.2009

--

[12] Treoir 2004/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leasaítear Treoir 96/48/CE ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid ardluais thras-Eorpaigh agus Treoir 2001/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 164, 30.4.2004 Treoir 2008/57/CE (aisghair)

L 191, 18.7.2008

--

[13] Treoir 2004/51/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leasaítear Treoir 91/440/CEE ón gComhairle maidir le forbairt ar iarnróid an Chomhphobail

L 164, 30.4.2004 Ceartúchán

L 164, 30.4.2004

--

Page 50: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 50 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 6: Doiciméid thagartha

Tag. Tagairt dhoiciméid Iris Oifigiúil Modhnú/leasú deireanach

Leagan

[14] Treoir 2007/32/CE lena leasaítear Iarscríbhinn VI le Treoir 96/48/CE ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid ardluais thras-Eorpaigh agus Iarscríbhinn VI le Treoir 2001/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 141, 2.6.2007 Treoir 2008/57/CE (aisghair)

L 191, 18.7.2008

--

[15] Treoir 2007/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 lena leasaítear Treoir 91/440/CEE ón gComhairle maidir le forbairt ar iarnróid an Chomhphobail agus Treoir 2001/14/CE maidir le toilleadh infreastruchtúir iarnróid a leithroinnt agus muirir a thobhach chun infreastruchtúr iarnróid a úsáid

L 315, 3.12.2007 – --

[16] Treoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le tiománaithe traenach atá ag tiomáint inneall gluaiste agus traenacha ar an gcóras iarnróid sa Chomhphobal a dheimhniú

L 315, 3.12.2007 – --

[17] Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid sa Chomhphobal

L 191, 18.7.2008 Treoir 2009/131/CE L 273, 17.10.2009

Treoir 2011/18/AE

L 57, 2.3.2011

--

[18] Rialachán (CE) Uimh 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus dualgais phaisinéirí iarnróid

L 315, 3.12.2007 – --

Page 51: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 51 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 6: Doiciméid thagartha

Tag. Tagairt dhoiciméid Iris Oifigiúil Modhnú/leasú deireanach

Leagan

[19] Cinneadh 94/1/CE ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 13 Nollaig 1993 maidir le conclúid an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch idir na Comhphobail Eorpacha, a gcuid Ballstát agus Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Prionsacht Lichtinstéin, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise

L 1, 3.1.1994 – --

[20] Rialachán (CE) Uimh 881/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Iarnróid (Rialachán Gníomhaireachta)

L 220, 21.6.2004 Rialachán (CE) Uimh 1335/2008 L 354, 31.12.2008

--

[21] Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle lena leagtar síos na nósanna imeachta um fheidhmiú cumhachtaí forfheidhmithe atá tugtha don Choimisiún

L 184, 17.7.1999 Rialachán (AE) Uimh 182/2011

L55,28.2.2011

--

[22] Cinneadh Uimh 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat coiteann chun táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle

L 218, 13.08.2008 – --

[23] Rialachán (CE) Uimh 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na riachtanais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 339/93

L 218, 13.8.2008 – --

[24] Cinneadh Uimh 661/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán iompair thras-Eorpach a fhorbairt

L 286, 4.11.2010 – --

Page 52: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 52 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 6: Doiciméid thagartha

Tag. Tagairt dhoiciméid Iris Oifigiúil Modhnú/leasú deireanach

Leagan

[25] Cinneadh Uimh 1692/96/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le treoirlínte an Chomhphobail chun an gréasán iompair thras-Eorpach a fhorbairt

L 228, 9.9.1996 Cinneadh Uimh 661/2010/AE (aisghair)

L 286, 4.11.2010

--

[26] Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle an 22 Iúil 1993 maidir leis na modúil do na céimeanna éagsúla de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na rialacha i ndáil le greamú agus úsáid mharcáil comhréireachta CE

L 220, 30.8.1993 Cinneadh 768/2008/CE (aisghair)

L 218, 13.8.2008

--

[27] Rialachán (CEE) Uimh 339/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 maidir le seiceálacha ar chomhréireacht leis na rialacha in dáil le sábháilteacht táirge i gcás táirgí allmhairithe ó thríú tíortha

L 40, 17.2.1993 Rialachán (CE) Uimh 765/2008 (aisghair)

L 218, 13.8.2008

--

[28] Cinneadh 2006/679/CE STI ón gCoimisiún maidir le fochóras CCS an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 284, 16.10.2006 Aisghair: Cinneadh 2012/88/AE

L 51, 25.1.2012

Leasú: Cinneadh 2012/463/AE

L 217, 14.8.2012

--

[29] Cinneadh 2006/860/CE STI ón gCoimisiún maidir le fochóras CCS an chórais iarnróid AL thras-Eorpaigh

L 342, 07.12.2006 Aisghair: Cinneadh 2012/88/AE L 51, 25.1.2012

Leasú: Cinneadh 2012/463/AE

L 217, 14.8.2012

--

[30] Cinneadh 2006/861/CE STI ón gCoimisiún maidir le fochóras ‘Rothstoic – Vaigín Lastais’ an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 344, 8.12.2006 Leasú: Cinneadh 2009/107/CE L 45, 14.2.2009

Cinneadh 2012/464/AE L 217, 14.8.2012

--

Page 53: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 53 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 6: Doiciméid thagartha

Tag. Tagairt dhoiciméid Iris Oifigiúil Modhnú/leasú deireanach

Leagan

[31] Cinneadh 2006/920/CE STI ón gCoimisiún maidir le fochóras Oibriúcháin an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 359, 18.12.2006 Aisghair: Cinneadh 2011/314/AE

L 144, 31. 5.2011

--

[32] Cinneadh 2011/229/AE STI ón gCoimisiún ‘Rothstoc – Torann’

L 99, 13.4.2011 Cinneadh 2012/464/AE

L 217, 14.8.2012

--

[33] Rialachán (CE) Uimh 62/2006 STI ón gCoimisiún ‘Feidhmeanna Teileamaitice le haghaidh Lastais’

L 13, 18.1.2006 Rialachán an Choimisiúin (AE) 328/2012

L 106, 17.4.2012

--

[34] Cinneadh 2008/217/CE STI ón gCoimisiún maidir le fochóras Infreastruchtúir an chórais iarnróid AL thras-Eorpaigh

L 77, 19.3.2008 Leasú: Cinneadh 2012/464/AE L 217, 14.8.2012

--

[35] Cinneadh 2008/163/CE STI SRT ón gCoimisiún maidir leis an gcóras iarnróid AL thras-Eorpach agus an gnáthchóras iarnróid thras-Eorpach

L 64, 07.3.2008 Leasú: Cinneadh 2011/291/AE

L 139, 26.5.2011

Cinneadh 2012/464/AE

L 217, 14.8.2012

--

[36] Cinneadh 2008/164/CE STI PRM ón gCoimisiún maidir leis an gcóras iarnróid AL agus an gnáthchóras iarnróid thras-Eorpach

L 64, 07.3.2008 Leasú: Cinneadh 2012/464/AE

L 217, 14.8.2012

--

[37] Cinneadh 2008/231/CE STI ón gCoimisiún maidir leis an gcóras iarnróid AL thras-Eorpach Oibriúcháin

L 84, 26.3.2008 Leasú: Cinneadh 2010/640/AE

L 280, 26.10.2010 Cinneadh 2012/464/AE

L 217, 14.8.2012

--

[38] Cinneadh 2008/232/CE STI ón gCoimisiún maidir leis an gcóras iarnróid AL thras-Eorpach Rothstoic

L 84, 26.3.2008 Leasú: Cinneadh 2012/464/AE

L 217, 14.8.2012

--

Page 54: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 54 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 6: Doiciméid thagartha

Tag. Tagairt dhoiciméid Iris Oifigiúil Modhnú/leasú deireanach

Leagan

[39] Cinneadh 2008/284/CE STI ón gCoimisiún maidir leis an gcóras iarnróid AL thras-Eorpach Fuinnimh

L 104, 14.04.2008 Leasú: Cinneadh 2012/464/AE

L 217, 14.8.2012

--

[40] Cinneadh an Choimisiúin C(2010)2576 i ndáil le sainordú chuig an nGníomhaireacht chun STIanna a fhorbairt agus a athbhreithniú agus é ar intinn a scóip a leathnú chuig an gcóras iarnróid trí chéile san Aontas Eorpach

[41] Cinneadh 2010/640/AE ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2010 lena leasaítear Cinntí 2006/920/CE agus 2008/231/CE maidir le sonraíochtaí teicniúla na hidir-inoibritheachta a bhaineann le fochóras ‘Feidhmiú agus Bainistiú Tráchta’ de chuid na gcóras iarnróid ardluais thras-Eorpaigh agus na ngnáthchóras iarnróid thras-Eorpaigh

L 280, 26.10.2010 Cinneadh 2011/314/AE L 144, 31.5.2011

--

[42] Cinneadh 2010/713/AE ón gComhairle an 9 Samhain 2010 maidir le modúil do na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, oiriúnachta úsáide agus fíorú CÉ le húsáid sna sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht arna nglacadh faoi Threoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

L 319, 4.12.2010 -- --

[43] Moladh 2011/217/AE ón gCoimisiún an 29 Márta 2011 maidir le húdarú i ndáil le feithiclí agus fochórais struchtúracha a leagan i mbun seirbhíse faoi Threoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

L 95, 8.4.2011 -- --

Page 55: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 55 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 6: Doiciméid thagartha

Tag. Tagairt dhoiciméid Iris Oifigiúil Modhnú/leasú deireanach

Leagan

[44] Sainordú Creata don Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid maidir le Feidhmíocht Ghníomhaíochtaí Áirithe faoi Threoracha 96/48/CE agus 2001/16/CE – Cinneadh C(2007)3371

Neamhbhainteach – --

[45] Cinneadh 2011/274/AE ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2011 maidir le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras fuinnimh an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 126, 14.5.2011 Cinneadh 2012/464/AE

L 217, 30, 14.8.2012

--

[46] Cinneadh 2011/275/AE ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2011 maidir le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras infreastruchtúir an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L126, 14.5.2011 Cinneadh 2012/464/AE

L 217, 14.8.2012

--

[47] Cinneadh 2011/291/AE ón gCoimisiún an 26 Aibreán 2011 maidir le sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras rothstoic – ‘Gluaisteoirí agus rothstoc paisinéara’ - an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 139, 26.5.2011 Cinneadh 2012/464/AE

L 217,14.08.2012

--

[48] Cinneadh 2011/314/AE ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2011 maidir leis an sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras ‘Feidhmiú agus bainistiú tráchta’ an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 144, 31.5.2011 Leasú: Cinneadh 2012/464/AE

L 217, 14.8.2012

--

Page 56: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 56 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 6: Doiciméid thagartha

Tag. Tagairt dhoiciméid Iris Oifigiúil Modhnú/leasú deireanach

Leagan

[49] Rialachán (AE) 454/2011 ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2011 maidir leis an sonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis an bhfochóras ‘feidhmeanna teileamaitice do sheirbhísí paisinéara’ de chuid an chórais iarnróid thras-Eorpaigh

L 123, 12.5.2011 Rialachán (AE) 665/2012

L 194, 1, 21.7.2012

--

[50] Treoir 2009/131/CE ón gCoimisiún an 16 Deireadh Fómhair 2009 lena leasaítear Iarscríbhinn VII le Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid sa Chomhphobal

L 273, 17.10.2009 -- --

[51] Treoir 2011/18/AE ón gCoimisiún an 1 Márta 2011 lena leasaítear Iarscríbhinní II, V agus VI le Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid sa Chomhphobal

L 57, 2.3.2011 -- --

[52] Rialachán (AE) Uimh 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí le cur ar chumas na mBallstát feidhmiú an Choimisiúin de na cumhachtaí forfheidhmithe a tugadh dó a rialú

L 55, 28.2.2011 -- --

[53] Cinneadh an Choimisiúin an 25 Eanáir 2012 ar an sonraíochtsainiúil don idir-inoibritheacht i ndáil le fochórais rialaithe-ceannais agus comharthaíochta an chórais iarnróid tras-Eorpaigh

Cinneadh 2012/88/AE

L 51, 1, 25.1.2012

-- --

Page 57: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 57 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

SAINMHÍNITHE AGUS GIORRÚCHÁIN

Sainmhínithe

[G 126] Soláthraíonn an tábla seo a leanas liosta de théarmaí a úsáidtear sa treoir seo, agus a gcuid sainmhínithe.

[G 127] Tá sainmhíniú tugtha ar roinnt de na téarmaí seo cheana féin sna téacsanna dlíthiúla ábhartha; sna cásanna sin léirítear iad i gcló iodálach agus idir comharthaí athfhriotail, agus cuirtear foinse an tsainmhínithe in iúl. Tá na sainmhínithe seo ina gceangal.

[G 128] Ní thugtar sainmhíniú ar roinnt de na téarmaí sna téacsanna dlíthiúla; sna cásanna sin, tá na sainmhínithe tógtha ó cháilíochtaí nó ó threoracha nó tá siad oibrithe amach ag an bhfoireann a dhréachtaigh an treoir seo. Níl na sainmhínithe seo ina gceangal.

Tábla 7: Sainmhínithe

Téarma Sainmhíniú/foinse

Achtanna na Gníomhaireachta

Aon doiciméad eisithe ag an nGníomhaireacht Eorpach Iarnróid de réir Airteagal 2(a) de Rialachán (CE) Uimh 881/2004.

Réimse úsáide Tréith dhearaidh an fhochórais (na bhfochóras) ina bhfuil sé beartaithe an comhábhar idir-inoibritheachta a chorprú.

Paraiméadar bunúsach

‘aon choinníoll rialála, teicniúil nó oibríochtúil atá ríthábhachtach don idir-inoibritheacht agus atá sonraithe sna STIanna ábhartha’ ([Airteagal 2(k)])

Comhlíonadh Comhalladh riachtanas sonraithe ag táirge, próiseas, seirbhís, córas, duine nó comhlacht (léirmhíniú ar Airteagal R1(12) d’Iarscríbhinn 1 de Chinneadh 768/2008/CE).

Measúnú comhréireachta

‘an próiseas a léiríonn cibé an bhfuil riachtanais shonraithe a bhaineann le táirge, próiseas, seirbhís, córas, duine nó comhlacht comhalta’ (Airteagal R1(12) d’Iarscríbhinn 1 de Chinneadh 768/2008/CE).

Comhlacht measúnaithe comhréireachta

‘comhlacht a théann i mbun gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta lena n-áirítear calabrú, tástáil, deimhniú agus iniúchadh’ (Airteagal R1(13) d’Iarscríbhinn 1 de Chinneadh 768/2008/CE); i gcás na Treorach Idir-inoibritheachta, is ionann comhlacht arna chur in iúl agus comhlacht measúnaithe comhréireachta maidir leis na STIanna agus is ionann comhlacht ainmnithe agus comhlacht measúnaithe comhréireachta maidir leis na rialacha náisiúnta arna gcur in iúl.

Comhlacht measúnaithe CSM

‘duine, eagraíocht nó aonán neamhspleách agus inniúil a théann i mbun imscrúdaithe le breithiúnas a dhéanamh, bunaithe ar fhianaise, i ndáil le hoiriúnacht chórais chun a chuid riachtanas sábháilteachta a chomhlíonadh’ (Airteagal 3(14) de Rialachán (CE) Uimh 352/2009 ón gCoimisiún)

Page 58: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 58 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 7: Sainmhínithe

Téarma Sainmhíniú/foinse

Aonán conarthach ‘aon aonán, cibé poiblí nó príobháideach, a ordaíonn dearadh agus/nó tógáil nó athnuachan nó uasghrádú fochórais. D’fhéadfadh gurb ionann an t-aonán sin agus gnóthas iarnróid, bainisteoir infrastruchtúir nó coimeádaí, nó an sealbhóir lamháltais atá freagrach as tionscadal a chur i gcrích’ ([Airteagal 2(r)])

Maolú Díolúine ó gach riachtanas STI nó ó roinnt acu bronnta de réir [Airteagal 9].

Scrúdú dearaidh measúnú ar dhearadh táirge trí scrúdú a dhéanamh ar na modhanna dearaidh, na huirlisí dearaidh agus na torthaí dearaidh, ag cur, más cuí, torthaí ar thástálacha agus athbhreithnithe agus bailíochtú ag taithí inseirbhíse san áireamh

(nós imeachta sa mhodúl CH1 le haghaidh comhábhar idir-inoibritheachta nó sa mhodúl SH1 le haghaidh fochóras)

Comhlacht ainmnithe (DeBo)

Comhlacht ainmnithe ag Ballstát don mheasúnú ar chomhréireacht fhochórais le rialacha náisiúnta teicniúla arna gcur in iúl de réir [Airteagal 17 nó 20]

Riachtanais bhunúsacha

na coinníollacha uile atá leagtha amach in Iarscríbhinn III atá le comhlíonadh ag an gcóras iarnróid, na fochórais, agus na comhábhair idir-inoibritheachta, lena n-áirítear comhéadain' ([Airteagal 2(g)])

Sonraíocht Eorpach ‘sonraíocht theicniúil choiteann, faomhadh teicniúil Eorpach nó caighdeán náisiúnta a thrasuínn Caighdeán Eorpach, de réir mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn XXI le Treoir 2004/17/CE' ([Airteagal 2(h)])

Córas iarnróid eiseach

‘an struchtúr comhdhéanta de línte agus suiteálacha seasta ón gcóras iarnróid eiseach móide na feithiclí de gach catagóir agus bunús ag taisteal ar an infrastruchtúr sin’ ([Airteagal 2(o)])

Caighdeán comhchuibhithe

‘aon chaighdeán Eorpach glactha ag ceann de na comhlachtaí caighdeánaithe Eorpacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán agus na gcáilíochtaí teicniúla mar aon leis na rialacha ar sheirbhísí na Sochaí Faisnéise i ndáil le sainordú ag an gCoimisiún arna dhréachtú de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(3) den Treoir sin, a sholáthraíonn, leis féin nó in éineacht le caighdeáin eile, réiteach chun comhlíonadh i dtaca le foráil dhlíthiúil a chinntiú’ ([Airteagal 2(u)])

Page 59: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 59 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 7: Sainmhínithe

Téarma Sainmhíniú/foinse

Bainisteoir infrastruchtúir (IM)

‘aon chomhlacht nó gnóthas atá freagrach ach go háirithe as infreastruchtúr iarnróid, nó aon chuid den infrastruchtúr, a bhunú agus a chothabháil de réir mar atá sainmhínithe in Airteagal 3 de Threoir 91/440/CEE, a d’fhéadfadh bainistíocht maidir le rialú infrastruchtúir agus córais sábháilteachta a áireamh freisin. Féadfar feidhmeanna an bhainisteora infrastruchtúir ar líonra nó ar chuid de líonra a leithdháileadh ar chomhlachtaí nó gnóthais difriúla’ (Airteagal 3(b) den Treoir Sábháilteachta)

Réiteach nuálaíoch Réiteach teicniúil a chomhlíonann riachtanais bhunúsacha de chuid na Treorach Idir-inoibritheachta agus rialachán eile a dhíorthaíonn ón gConradh, ach nach gcomhlíonann roinnt de na riachtanais atá sonraithe sna STIanna ábhartha agus/nó nach bhfuil inmheasúnaithe de réir mar atá sonraithe sna STIanna sin.

Údarás náisiúnta sábháilteachta (ÚNS)

‘comhlacht náisiúnta a bhfuil na tascanna maidir le sábháilteacht iarnróid curtha de chúram air de réir na Treorach [Sábháilteachta] nó aon chomhlacht dénáisiúnta a bhfuil na tascanna seo curtha de chúram air ag Ballstáit d’fhonn réim sábháilteachta comhaontaithe a chinntiú le haghaidh infrastruchtúr trasteorann speisialaithe’ (Airteagal 3(g) den Treoir Sábháilteachta)

Comhlacht arna chur in iúl (NoBo)

‘[comhlacht] [atá] freagrach as comhréireacht nó oiriúnacht úsáide na gcomhábhar idir-inoibritheachta a mheasúnú nó as an nós imeachta ‘CE' um fhíorú ar na fochórais a mheas’ ([Airteagal 2(j)])

Pointe oscailte Aon ghnéithe teicniúla a chomhfhreagraíonn do na riachtanais bhunúsacha nach bhféadfaí a chlúdach go follasach in STI agus a shainaithint go soiléir in iarscríbhinn leis an STI de réir [Airteagal 5(6)].

Leagan i mbun seirbhíse

‘na hoibríochtaí go léir faoina gcuirtear fochóras nó feithicil ina staid oibriúcháin dearaidh' ([Airteagal 2(q)])

Leagan ar mhargadh

‘an chéad uair a cuireadh táirge ar fáil ar mhargadh an Chomhphobail’ (Airteagal R1(2) d’Iarscríbhinn 1 de Chinneadh 768/2008/CE), nuair a chiallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh táirge a sholáthar le dáileadh, tomhailt nó úsáid ar mhargadh an Chomhphobail i gcaitheamh gníomhaíochta tráchtála, cibé le haghaidh íocaíochta nó saor in aisce’ (Airteagal R1(1) d’Iarscríbhinn 1 de Chinneadh 768/2008/CE)

Tionscadal ag ardleibhéal forbartha

‘aon tionscadal a bhfuil a chéim phleanála/tógála tar éis pointe a shroicheadh ina mbeadh athrú ar na sonraíochtaí teicniúla do-ghlactha don Bhallstát i gceist. D’fhéadfadh bac dá leithéid a bheith de nádúr dlíthiúil, conarthach, eacnamaíoch, airgeadais, sóisialta nó comhshaoil agus ní mór bunús cuí a bheith leis’ ([Airteagal 2(t)])

Page 60: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 60 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 7: Sainmhínithe

Téarma Sainmhíniú/foinse

Gnóthas Iarnróid (RU)

‘gnóthas iarnróid de réir mar atá sainmhínithe i dTreoir 2001/14/CE, agus aon ghnóthas poiblí nó príobháideach eile, arb ionann feidhm a chuid gníomhaíochta agus iompar earraí agus/nó paisinéirí ar iarnród a sholáthar ar an mbonn go gcaithfidh an gnóthas tarraingt a chinntiú; áiríonn sé seo gnóthais a sholáthraíonn tarraingt amháin freisin’ (Airteagal 3 (c) den Treoir Idir-inoibritheachta)

Réimse rialála Riachtanais táirge agus gach gníomh agus gníomhaíocht le cloí le, le fíorú agus le fianú a dhéanamh ar na riachtanais sin, arna éileamh go dlíthiúil ag an stát nó ag údarás stáit.

Athnuachan ‘aon obair ionadaíochta ollmhór ar fhochóras nó ar chuid d’fhochóras, nach n-athraíonn feidhmíocht foriomlán an fhochórais' ([Airteagal 2(n)])

Cás sonrach ‘aon chuid den chóras iarnróid a bhfuil gá aige le forálacha speisialta sna STIanna, forálacha sealadacha nó cinntitheacha, de bharr srianta geografacha, topagrafacha nó timpeallachta uirbí nó iad sin a chuireann isteach ar chomhoiriúnacht leis an gcóras eiseach. D’fhéadfadh go n-áireodh sé sin, go háirithe, línte agus gréasáin iarnróid atá leithlisithe ón gcuid eile den Chomhphobal, an tomhas luchtaithe, an tomhas riain nó spás idir na rianta agus feithiclí atá i gceist le haghaidh úsáide áitiúla, réigiúnaí nó stairiúla amháin, chomh maith le feithiclí ó nó le dul chuig tríú tíortha‘ ([Airteagal 2(l)])

Ionadaíocht sa chreat cothabhála

‘comhpháirteanna a athsholáthar le páirteanna a mbaineann feidhm agus feidhmíocht chomhionanna leo sa chreat i ndáil le cothabháil choisctheach nó cheartaitheach. ([Airteagal 2(p)])

Tuairim theicniúil (TO)

gníomh de chuid na Gníomhaireachta eisithe de réir Airteagal 2 de Rialachán na Gníomhaireachta

Scrúdú cineáil Is ionann scrúdú cineáil-CE agus an chuid de nós imeachta um measúnú comhréireachta ina ndéanann comhlacht arna chur in iúl scrúdú ar dhearadh teicniúil tháirge agus fíoraíonn agus fianaíonn sé go gcomhlíonann dearadh teicniúil an táirge riachtanais na n-ionstraimí dlíthiúla a bhaineann leis.

(Nós imeachta laistigh de na modúil CB agus SB in STIanna, dá bhfóráiltear freisin i gCinneadh 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.)

Uasghrádú ‘aon obair mhodhnaithe ollmhór ar fhochóras nó ar chuid d’fhochóras, a fheabhsaíonn feidhmíocht foriomlán an fhochórais' ([Airteagal 2(m)])

Réimse deonach Riachtanais táirge agus gach gníomh agus gníomhaíocht le cloí le, le fíorú agus le fianú a dhéanamh ar na riachtanais sin, arna éileamh ag an gcustaiméir ar bhonn conarthach, ach nach n-éilíonn an stát nó údarás stáit.

Page 61: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 61 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Giorrúcháin

Tábla 8: Giorrúcháin

GIORRÚCHÁN TÉACS IOMLÁN

AEIF An Cumann Eorpach um Idir-inoibritheacht Iarnróid (Association Européenne pour l’Interopérabilité Ferroviaire)

CCS Rialú Ordaithe agus Comharthaíocht

CEN An Coiste Eorpach um Chaighdeánú

CENELEC An Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil

CR Gnáthchóras Iarnróid

CSM Modhanna Sábháilteachta Coiteanna

DeBo Comhlacht Ainmnithe

ECM Aonán i gCeannas ar Chothabháil

LEE An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

EIM Bainisteoirí Eorpacha Infrastruchtúir

EMC Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach

ENE Fuinneamh

EPTTOLA Cumann Eorpach na Léasóirí Oibriúcháin um Tharraingt agus Thraein Phaisinéirí

ERA An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ar a dtugtar ‘an Ghníomhaireacht’ freisin

ERADIS Bunachar sonraí idir-Inoibritheachta de chuid Bunachar Sonraí um Shábháilteacht agus Idir-Inoibritheacht na Gníomhaireachta Eorpaí Iarnróid

ERTMS An Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid

ESO An Comhlacht Eorpach um Chaighdeánú

ETCS An Córas Eorpach um Rialú Traenacha

ETSI Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide

AE Aontas Eorpach

GSM-R Córas Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach – Iarnród

Page 62: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 62 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 8: Giorrúcháin

GIORRÚCHÁN TÉACS IOMLÁN

AL Ardluas

CI Comhábhar Idir-inoibritheachta

IEC Coimisiún Leictriteicniúil Idirnáisiúnta

IM Bainisteoir Infreastruchtúir

INF Infreastruchtúr

ISO Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán

ISV Ráiteas Idirmheánach um Fhíorú

LOC&PAS Gluaisteoirí agus Rothstoc Paisinéara

BS Ballstát AE nó LEE

NB Iarnród Grúpa comhordaithe na NoBoanna do tháirgí agus córais iarnróid

NoBo Comhlacht Arna Chur in Iúl

NSA An tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta

PRM Daoine faoi Mhíchumas Luaineachta

IO Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

OPE Feidhmiú agus Bainistiú Tráchta

C&S Ceisteanna agus soiléirithe

QMS Córas Bainistíochta Cáilíochta

MÚ Moladh Úsáide

RISC Coiste Sábháilteachta agus Idir-inoibritheachta Iarnróid

RST Rothstoc

RU Gnóthas Iarnróid

SRT Sábháilteacht i dTolláin Iarnróid

TAF Feidhmeanna Teileamaitice do Sheirbhísí Lastais

TAP Feidhmeanna Teileamaitice do Sheirbhísí Paisinéara

Page 63: TREOIR I NDÁIL LE CUR CHUN FEIDHME SONRAÍOCHTAÍ … · 1.3.1. Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cabhrú le tuiscint ar, agus mar sin le cur chun feidhme na STIanna atá i bhfeidhm,

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid

Treoir i ndáil le cur chun feidhme STIanna

Tagairt: ERA/GUI/07-2011/INT Leagan:1.02 Leathanach 63 as 63 File Name: ERA_2012_00630000_GA_COR

An Ghníomhaireacht Eorpach Iarnróid ● Rue Marc LEFRANCQ, 120 ● BP 20392 ● F-59307 Valenciennes Cedex ● An Fhrainc ● Teil. +33 (0)3 27 09 65 00 ● Facs +33 (0)3 27 33 40 65 ● http://www.era.europa.eu

Tábla 8: Giorrúcháin

GIORRÚCHÁN TÉACS IOMLÁN

TEN-T An Gréasán Iompair Tras-Eorpach

TO Tuairim Theicniúil

STI Sonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht

UIC Aontas Idirnáisúnta na nIarnród (Union Internationale des Chemins de fer)

UIP Aontas Idirnáisiúnta um Úinéirí Vaigíní Príobháideacha (Union Internationale d’associations de Propriétaires de wagons de particuliers)

UIRR Aontas Idirnáisiúnta na gCuideachtaí um Iompar Traschórais Bóthair-Iarnróid (Union Internationale des opérateurs de transport combiné Rail-Route)

UITP An Cumann Idirnáisiúnta Iompair Phoiblí (Union Internationale des Transports Publics)

UNIFE Aontas na dTionscal Eorpach Iarnróid (Union des Industries Ferroviaires Européennes)

WAG Vaigíní Lastais