Upload
others
View
2
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
Léigh seo go cúramach:
1. Ná hoscail an leabhrán seo go n-iarrtar ort.
2. Is teist ilrogha é seo.
3. Thig leat obair gharbh a dhéanamh ar an leathanach breise.
4. Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh na freagraí ar an teist seo.
5. Marcáil d’fhreagra sa cholún a bhfuil an uimhir chéanna aige is atá sa cheist teiste
trí líne dhubh a tharraingt tríd an litir.
6. Má dhéanann tú meancóg, scrios amach é go hiomlán agus cuir d’fhreagra nua
isteach. Ná marcáil ach freagra amháin do gach ceist.
7. Bí cinnte go gcoinníonn tú d’áit ar an leathanach freagraí.
8. Oibrigh chomh cúramach agus chomh gasta agus is féidir leat. Muna dtig leat
ceist a dhéanamh, ná cuir d’am amú léi ach gabh ar aghaidh chuig an chéad cheist
eile. Muna bhfuil tú cinnte den fhreagra, roghnaigh an freagra a shíleann tú atá
ceart.
9. Tá 60 ceist sa teist agus tá 50 bomaite agat leis an teist a dhéanamh.
1
Tá roinnt scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta as cineálacha éagsúla leabhar ann. Tá
súil againn go mbeidh siad suimiúil agus sultmhar agat. Beidh ceisteanna ann ar na
sleachta iad féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta.
Agus tú ag obair tríd an leabhrán seo, bain úsáid as ‘Gluais’ agus ‘Clár’ nuair is mian
leat.
CLÁR
Lch.
Lá Spóirt 2
Coiníní 4
Préacháin 5
Litir 6
An Fáinne sa Loch 9
Ceisteanna Ginearálta 12
Gluais 14
Innéacs 14
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
2
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
1. Cén lá a mbeidh an lá spóirt ar siúl?
A. Dé Luain
B. Dé Máirt
C. Dé Céadaoin
D. Déardaoin
E. Dé hAoine
2. Cén t-am a dtosóidh an cluiche peile?
A. 2.00pm
B. 3.00pm
C. 4.00pm
D. 5.00pm
E. 6.00pm
Scoil Naomh Eoghan, An Baile Beag
Lá Spóirt
Dé hAoine 16 Meitheamh
2.00 Oscailt Oifigiúil le Dónall Ó Domhnaill
2.15 Rás 100m : Rang 5
2.30 Rás 100m : Rang 6
2.45 Rás ‘Ubh agus Spúnóg’ : Múinteoirí agus Tuismitheoirí
3.00 Toraíocht Taisce na bPáistí
4.00 Cluiche Peile : Scolairí in éadan Múinteoirí
5.00 Rás 300m : Rang 7
5.15 Bronnadh na nDuaiseanna sa Leabharlann
5.45 Tae agus Brioscaí sa Halla Mór
Céilí Mór sa Halla Mór 7.30 – 10.30
Ceol la Banna Ceoil na Scoile
Cead Isteach £2.00
Siopa ar oscailt: líomanáid, seacláid, milseáin, uachtar reoite.
Bus ag fágáil Halla na Cathrach ag 7.00pm
agus ag fágáil na scoile arís ag 10.45 pm
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
3
3. Cad é a bheidh ar siúl sa leabharlann?
A. Toraíocht Taisce
B. Tae agus Brioscaí
C. Siopa ar oscailt
D. Bronnadh na nDuaiseanna
E. Rás 300m
4. Cad é a bheidh ar siúl san oíche?
A. Toraíocht Taisce
B. Bronnadh na nDuaiseanna
C. Cluiche Peile
D. Céilí Mór
E. Tae agus Brioscaí
5. Cé acu abairt thíos atá fíor?
A. Beidh na tuismitheoirí ag imirt peile.
B. Beidh tae agus brioscaí ar fáil sa leabharlann.
C. Beidh an céillí mór saor in aisce.
D. Is féidir dul abhaile ar an bhus i ndiaidh an chéilí.
E. Beidh £2 ar an tae agus na brioscaí
6. Cad é a bheidh ar fáil sa siopa?
A. milseáin
B. nuachtáin
C. leabhair
D. pinn
E. tae agus brioscaí
7. Cé a dhéanfaidh an Oscailt Oifigiúil?
A. Niall Ó Néill
B. Conchúr MacConchúir
C. Seán MacSeáin
D. Liam MacLiam
E. Dónall Ó Domhnaill
8. Cé atá ag imirt in éadan a chéile sa pheil?
A. Múinteoirí v Tuismitheoirí
B. Tuismitheoirí v Scolairí
C. Scolairí v Múinteoirí
D. Glantóirí v Scolairí
E. Múinteoirí v Glantóirí
9. Cá mhéad rás a bheidh ann?
A. 2 B. 3 C. 4 D. 5 E. 6
10. Cá mhéad atá ar an Chéilí Mór?
A. £1.00 B. £1.50 C. £2.00 D. £2.50 E. £3.00
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
4
Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga a
aimsiú. Ar chuid de na línte tá meancóg amháin. Ar línte eile níl meancóg ar bith
ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir
cheart ar do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.
Ar dtús, cuardaigh meancóga litrithe.
Coiníní
11. Bhí mé ag fanacht le tamall fada, ag sábháil gach pingin a bhí agum le cúpla
12. coinín a cheannach. Nuair a cheannaíonn tú coiníní, caithfidh tú cuid mhór eile
13. a cheannach fosta: an púirín, min sáibh, féar tirim, babhla, buidéal isce agus bia.
14. Chomh maith leis sin, caithfidh tú instealladh a fháil do na cuiníní chun iad a
15. choinneáil sláintiúil. Ní leor coinín amháin, ar ndóigh, mar bheadh coinín leis
16. féin iontach uaigneach gan chara. Mar sin de, bhí orm tre chéad punt a shábháil
17. suas sula raibh go leor agam le mo pheataí nau a cheannach agus ghlac sé
18. tamall fada leis an airgead uilig a shábháil. Nuair a bhí an trí chéad pont agam
19. chuaigh muid thig siopa na bpeatai agus d’amharc mé sa phúirín mór. Chonaic
20. mé ceann dubh agus ceann bán ina suí le chéile sa choirneál. Bhí siad galántu.
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
5
Anois, cuardaigh meancóga poncaíochta.
An Préachán
21. Tá aithne ag gach duine ar an phréachán Níl ceol binn aige agus ní bhíonn sé mar
22. pheata ag daoine. Go fóill beag is éan deas é. Is éan mór é agus tá cóta dubh agus
23. lonrach air. Tá a ghob láidir agus tá cosa láidre faoi Déanann an préachán a
24. nead i gcrann ard i mí an mhárta agus is minic a thagann sé ar ais chuig an nead
25. chéanna gach bliain. De chipíní agus de chré a bhíonn an nead déanta agus bíonn
26. olann fionnadh agus clúmh inti chun í a dhéanamh te agus compórdach. Nuair a
27. bhíonn an nead déanta Beireann an chearc a ceathair nó a cúig uibheacha.
28. Fanann sí ar gor orthu go dtí go dtagann na scalltáin amach as na huibheacha
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
6
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
1. Bóthar na Trá
Gaillimh
22 Iúil
A Shiobhán,
5. Táimid anseo le seachtain anois agus tá sé ar dóigh. Ní raibh sé ag cur
ach lá amháin agus tá cuid mhór le déanamh.
Tá cara nua agam ó tháinig muid. Nóra an t-ainm atá uirthi agus tá sise
aon bhliain déag d’aois fosta. Tá sí féin agus a teaghlach ag stopadh sa
charbhán taobh linn. Tá beirt dheartháir aici, tá siad iontach dalba agus
10. bíonn siad i gcónaí i dtrioblóid.
Tá páirc mhór súgartha ar an suíomh campála, agus bíonn cuid mhór le
déanamh againn i rith an ama. Tá linn snámha ghálanta anseo ach níl
cead agam dul isteach inti gan daidí mar bíonn deartháireacha Nóra
ansin agus tá siad rógharbh! Tá cúirt leadóige anseo fosta agus bím féin
15. agus Nóra ag imirt leadóige le chéile roimh am dinnéir gach lá. Níor
bhain mise cluiche ar bith go fóill ach tá mé ag éirí níos fearr. Bíonn
dioscó beag againn gach oíche agus bíonn an-spórt againn ansin.
Beidh mé ag teacht abhaile i gceann seachtaine agus ansin beidh mí
iomlán againn sula dtéimid ar ais ar scoil. Feicfidh mé thú nuair a
20. thiocfaidh mé ar ais. Ádh mór.
Do chara,
Caitlín
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc ar an sliocht arís más gá.)
Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus an litir a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
29. Cad é mar a mhothaíonn Caitlín faoina laethanta saoire?
A. tinn tuirseach
B. míshásta
C. dubh dóite
D. sásta
E. díomá
30. Cé acu abairt thíos atá fíor?
A. Níl Caitlín ag baint suilt as a laethanta saoire.
B. Tá Nóra níos fearr ag imirt leadóige ná Caitlín.
C. Tá Caitlín ag stopadh in óstán.
D. Is maith le Caitlín deartháireacha Nóra.
E. Tá triúir deartháir ag Nóra.
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
7
31. Cad é an aidiacht is fearr thíos a chuireann síos ar dheartháireacha Nóra?
A. deas
B. cineálta
C. múinte
D. dalba
E. mór
32. Cá fhad a bhí Caitlín ar a laethanta saoire go dtí seo?
A. lá amháin
B. trí lá
C. cúig lá
D. seacht lá
E. naoi lá
33. Cá mhéad lá fliuch a bhí ann?
A. cuid ar bith
B. ceann amháin
C. dhá cheann
D. trí cinn
E. ceithre cinn
34. Cá bhfuil Caitlín ag stopadh?
A. bungaló
B. óstán
C. carbhán
D. árasán
E. teach saoire
35. Cad chuige nach bhfuil cead ag Caitlín dul isteach sa linn uisce léi féin?
A. Ní thig léi snámh.
B. Bíonn an t-uisce salach.
C. Bíonn deartháireacha Nóra sa linn.
D. Níl tuáille aici.
E. Níl go leor spáis ann do gach duine.
36. Cad é a dhéanann na páistí san oíche?
A. Imríonn siad spórt.
B. Téann siad ag snámh.
C. Bíonn dioscó acu.
D. Imríonn siad leadóg.
E. Téann siad chuig an pháirc súgartha.
37. Cá fhad eile atá ag Caitlín ar a laethanta saoire sula dtéann sí abhaile?
A. lá amháin
B. trí lá
C. cúig lá
D. seacht lá
E. naoi lá
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
8
38. Cén chiall atá leis an fhrása ‘ar dóigh’? (líne 5)
A. iontach olc
B. iontach maith
C. measartha olc
D. measartha maith
E. cinnte
39. Tá an focal ‘cara’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 7)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
40. Tá an focal ‘feicfidh’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 20)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
41. Tá an focal ‘galánta’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 12)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
42. Tá an focal ‘ó’ in úsáid sa litir seo mar: (líne 7)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
9
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil siad
sa Ghluais ar leathanach 13.
An Fáinne Sa Loch (Arna chur in oiriúint ó MacLiam, S. (1995) Na Fianna)
1. Bhí Fionn Mac Cumhaill amuigh ag seilg lá agus a dhá mhadadh, Bran
agus Sceolán, leis. Go tobann, rith fia tharstu agus d’imigh na madaí sa
tóir uirthi. Bhí dúil mhór ag Fionn sa tseilg agus lean sé iad, agus é ar a
dhícheall, ach faoin am ar bhain sé barr an chnoic amach ní raibh fia ná
5. madadh le feiceáil.
Bhí cailín óg, álainn ar bhruach an locha in aice leis agus í ag caoineadh.
Chuir sé ceist uirthi an bhfaca sí an fia agus an dá mhadadh ach níor
thug sí faoi freagra ar bith air.
“Cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?” arsa Fionn, agus d’inis sí
10. dó gur shleamhnaigh fáinne a bhí ar a méar isteach sa loch. D’iarr sí air
dul isteach agus an fáinne a chuardach.
Fuair Fionn an fáinne agus thug sé di é, ach loch draíochta a bhí ann
agus sular tháinig Fionn as an uisce bhí sé ina sheanduine críonna, caite,
cromtha, liath.
15. Nuair nár fhill Fionn, d’imigh Oisín agus Caoilte á chuardach. Chonaic
siad an seanduine ag an loch agus chuir siad ceist air an bhfaca sé Fionn
nó an dá mhadadh. D’inis sé do Chaoilte gurbh é féin Fionn.
Nuair a chuala siad sin, thosaigh siad ag tochailt an chnoic gur tháinig
bean chucu agus corn ina lámh a raibh deoch dhraíochta ann. Nuair a
20. bhí sin ólta ag Fionn tháinig a chruth féin ar ais air ach d’fhan a chuid
gruaige liath.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
43. Cén cineál ainmhí a rith thar Fionn agus a dhá mhadadh?
A. cat
B. leon
C. madadh
D. iora
E. fia
44. Cad é a bhí caillte ag an chailín?
A. muince
B. sparán
C. braisléad
D. fáinne
E. banda gruaige
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
10
45. Cad é a tharla d’Fhionn agus é sa loch?
A. d’éirigh sé mór
B. d’éirigh sé beag
C. d’éirigh sé óg
D. d’éirigh sé sean
E. d’éirigh sé ramhar
46. Cad é a tharla d’Fhionn nuair a d’ól sé an deoch dhraíochta?
A. fuair sé bás
B. d’fhan sé ina sheanfhear
C. d’éirigh sé óg arís ach d’fhan a ghruaig liath
D. d’éirigh sé óg arís ach d’athraigh a ghruaig go dubh
E. d’athraigh sé ina bhabaí
47. Cad é an chiall atá le ‘agus é ar a dhícheall’? (líne 4)
A. go ndeachaigh Fionn chomh gasta agus a thiocfadh leis
B. gur shiúil Fionn go fadálach
C. go raibh fearg ar Fhionn
D. go raibh áthas ar Fhionn
E. gur léim sé ar chapall
48. Cá mhéad duine a chuaigh le Fionn a chuardach?
A. duine ar bith
B. duine amháin
C. beirt
D. triúir
E. ceathrar
49. Cé a thug deoch dhraíochta d’Fhionn?
A. Oisín
B. Caoilte
C. bean óg
D. seanbhean
E. Sceolán
50. Cá mhéad madadh a bhí ag Fionn?
A. cuid ar bith
B. ceann amháin
C. dhá cheann
D. trí cinn
E. ceithre cinn
51. Cén focal thíos atá san aimsir chaite?
A. fuair
B. faigheann
C. gheobhaidh
D. bhfaighidh
E. fáil
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
11
52. Cén chuid den chaint é an focal madadh?
A. aidiacht
B. briathar
C. réamhfhocal
D. ainmfhocal
E. cónasc
53. Cé acu a comhfhocal ón pharagraf dheireanach?
A. chucu
B. draíochta
C. seanbhean
D. tháinig
E. gruaige
54. Cé acu a léiríonn ord aibítreach ceart na bhfocal seo?
A. fia, madadh, cailín
B. cailín, fia, madadh
C. cailín, madadh, fia
D. fia, cailín, madadh
E. madadh, cailín, fia
55. Is é an príomhrud a insíonn an chéad pharagraf dúinn ná:
A. go raibh dhá mhadadh ag Fionn.
B. gur maith le Fionn dul amach ag siúl.
C. go ndeachaigh Fionn agus na madaí sa tóir ar an fhia.
D. go raibh Fionn ag amharc i ndiaidh na coille.
E. go raibh cnoc ard sa choill.
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
12
Ceisteanna Ginearálta
Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, caithfidh tú smaoineamh ar na sleachta atá
léite agat. Amharc siar, más mian leat, agus amharc ar an Innéacs agus ar an
Ghluais ar leathanach 13.
56. Cad chuige a mbainimid úsáid as ‘innéacs’?
A. le treoir a thabhairt don léitheoir chuig codanna ar leith sa leabhar
B. le hinsint don léitheoir faoi leabhair eile a bhaineann leis an ábhar céanna
C. le focail aisteacha nó focail nua a mhíniú
D. le liosta a thabhairt de na focail dheacra sa leabhar
57. Cad é an t-eolas a thugann ‘clár’ duit?
A. le cur in iúl don léitheoir cé a scríobh an leabhar
B. le cur in iúl don léitheoir cé a d’fhoilsigh an leabhar
C. le cur in iúl don léitheoir faoi na caibidle den leabhar
D. le cur in iúl don léitheoir faoi leabhair eile a scríobh an t-údar
58. Cé a scríobh an litir?
A. Nóra
B. Caitlín
C. Siobhán
D. Oisín
59. Cé chuici ar scríobhadh an litir?
A. Nóra
B. Caitlín
C. Siobhán
D. Caoilte
60. Cad chuige a mbainimid úsáid as gluais?
A le treoir a thabhairt don léitheoir chuig codanna ar leith sa leabhar
B. le hinsint don léitheoir faoi leabhair eile a bhaineann leis an ábhar céanna
C. le focail aisteacha nó focail nua a mhíniú
D. le liosta a thabhairt de na focail dheacra sa leabhar
13
Gluais
críonna sean, caite
cúirt leadóige píosa talaimh dronuilleogach ar a n-imríonn daoine leadóg
púirín cró beag do choiníní
toraíocht taisce cluiche ina mbíonn daoine ag aimsiú rudaí atá i bhfolach
Innéacs
coiníní, 4
Fianna, 9
Gaillimh, 6
préacháin, 5
Scoil Naomh Eoghan, 2
DEIREADH NA TEISTE
14
Léamhthuiscint Meancóga Litrithe Meancóga Poncaíochta
TIONTAIGH AN LEATHANACH
Teist Thaithíoch
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 7 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
10 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 0
1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
Ainm Dalta
Ainm na Scoile
Dáta na Teiste
Marcáil mar seo ‹ ›
UIMHIR DALTA UIMHIR SCOILE
DÁTA BREITHE
Lá Mí Bliain
Eanáir
Feabhra
Márta
Aibreán
Bealtaine
Meitheamh
Iúil
Lúnasa
M. Fómhair
D. Fómhair
Samhain
Nollaig
ÚSÁID MÚINTEORA AMHÁIN
Aois an dalta ag am na teiste bliain mí
Lomscór
Scór Caighdeánaithe
Ord Percintíle
Banda Muiníne
go
Túslitreacha an mharcálaí/na marcálaithe
Teist ‹ 1A › ‹ 1B ›
GAEILGE: TEIST 2 – LEATHANACH FREAGRAÍ
15
60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
GAEILGE: TEIST 2 – LEATHANACH FREAGRAÍ
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
12 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Leathanaigh 2 agus 3
Leathanach 4
Meancóga Litrithe
Leathanach 5
Meancóga Poncaíochta
Leathanaigh 6 – 8
Leathanaigh 9 – 11
Leathanach 12 Ceisteanna Ginearálta
Marcáil na boscaí mar seo ‹ ›, ní mar seo ‹ ›.Scrios na meancóga go lánchúramach.
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
16
60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 12 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Leathanaigh 2 agus 3
Leathanach 4
Meancóga Litrithe
Leathanach 5
Meancóga Poncaíochta
Leathanaigh 6 – 8
Leathanaigh 9 – 11
Leathanach 12 Ceisteanna Ginearálta
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
GAEILGE: TEIST 2 – FREAGRAÍ
Marcáil na boscaí mar seo ‹ ›, ní mar seo ‹ ›.Scrios na meancóga go lánchúramach.