Upload
others
View
0
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
Áiseanna
Áiseanna an bhaile
Foghlaimeoidh tú na háiseanna seo a leanas sa rang. Scríobh na háiseanna cuí sna spásanna cuí. Ansin, bain úsáid as an mbileog seo chun labhairt le do pháirtnéir faoi áiseanna do cheantair.
________
________
________
________
________
________
________
________
________
________
________
________
Áiseanna
Bailte difriúla
Áiseanna
Billí (A)
Tá billí le híoc agat, ach le cén áit? Tá trí ainm in easnamh ar do bhileog agus tá trí ainm in easnamh ar bhileog do pháirtnéara. Léigh amach praghas agus inseoidh do pháirtnéir duit cén bille atá i gceist. Scríobh an freagra sa spás cuí. Léifidh do pháirtnéir praghas amach agus tabharfaidh tú ainm na háite dó. Leanaigí ar aghaidh mar sin go dtí go bhfuil gach bearna líonta agaibh. Cad é an praghas iomlán atá le híoc agat?
Siopa Uí Riain€23.70
____________________€45.00
Bunscoil Naomh Eoin€38.00
____________________€62.63
Gruagaire Ghráinne€55.99
___________________€18.50
Iomlán__________
……………………………………….….…………………………………………
Áiseanna
Billí (B)
Tá billí le híoc agat, ach le cén áit? Tá trí ainm in easnamh ar do bhileog agus tá trí ainm in easnamh ar bhileog do pháirtnéara. Léigh amach praghas agus inseoidh do pháirtnéir duit cén bille atá i gceist. Scríobh an freagra sa spás cuí. Léifidh do pháirtnéir praghas amach agus tabharfaidh tú ainm na háite dó. Lean ar aghaidh mar sin go dtí go bhfuil gach bearna líonta agaibh. Cad é an praghas iomlán atá le híoc agat?
_____________________€23.70
Ionad spóirt Uí Cheallaigh€45.00
_____________________€38.00
Bialann na Mara€62.63
_____________________€55.99
Leabharlann phoiblí€18.50
Iomlán__________
Áiseanna
Rólimirt – dul siar
Beidh tú ag tabhairt faoi rólimirt go luath ach sula ndéanann tú é sin, an cuimhin leat na nathanna seo a leanas? Níl siad scríofa i gceart. Athscríobh san ord ceart iad. Bí ag obair leis an duine in aice leat.
Mar shampla: 1. Dia duit.
1. duit Dia.
_______________________________
2. atá Conas tú?
_______________________________
3. é Cad atá mar tú?
_______________________________
4. Iodálach An tú?
_______________________________
5. mé Tá maith go.
_______________________________
6. sé sin Cá bhfuil?
_______________________________
7. sheoladh baile do Cad é?
_______________________________
8. Cá i tú bhfuil do chónaí?
____________________________
Áiseanna
Rólimirt
Ról A:
Foghlaimeoir A: Greet the other person and ask them how he/she is.
Foghlaimeoir B: ..................................................................................................
Foghlaimeoir A: Say you are very well. Ask him/her if he/she is Irish.
Foghlaimeoir B: .................................................................................................... Foghlaimeoir A: Say no, and tell him/her what your nationality is. Ask B where
he/she is living.
Foghlaimeoir B: ......................................................................................................
Foghlaimeoir A: Ask him/her where that is.
Foghlaimeoir B: .....................................................................................................
Foghlaimeoir A: Say where you live. Ask him/her what his/her address is.
Foghlaimeoir B: ......................................................................................................
Foghlaimeoir A: Say yes there are and say what facilities there are in your area.
Foghlaimeoir B: ......................................................................................................
Foghlaimeoir A: Say that’s great.
……………………………………….….…………………………………………
Áiseanna
Rólimirt
Ról B:
Foghlaimeoir A: .....................................................................................................
Foghlaimeoir B: Return his/her greeting and say how you are. Ask how he/she is.
Foghlaimeoir A: .....................................................................................................
Foghlaimeoir B: Say yes. Say that you are Irish. Ask B if he/she is Spanish? Foghlaimeoir A: .....................................................................................................
Foghlaimeoir B: Say where you are living.
Foghlaimeoir A: .....................................................................................................
Foghlaimeoir B: Tell him/her where it is. Ask where he/she lives.
Foghlaimeoir A: ..................................................................................................... Foghlaimeoir B: Say your address. Ask him/her if there are good facilities in the
area.
Foghlaimeoir A: .....................................................................................................
Foghlaimeoir B: Say what facilities are in the area.
Foghlaimeoir A: .....................................................................................................
Áiseanna
Rólchártaí
Don mhúinteoir:
Gearr an bhileog seo ina sé chuid agus tabhair Ról A do dhuine amháin de gach beirt agus Ról B don duine eile (an duine a bhfuil Rólimirt B aige).
Ról A:
Cathair na Mart
Nationality: Iodálach
Living in: Cathair na Mart
Address: 3 Lána na Sióg, Cathair na Mart
Facilities: pub, school, cinema, bank, church
Ról B:
Port Láirge
Nationality: Éireannach
Living in: Port Láirge
Address: 15 Cnoc na Rós, Port Láirge
Facilities: post office, supermarket, shop, cinema, library
Ról A:
Dún Pádraig
Nationality: Polannach
Living in: Dún Pádraig
Address: 22 Ascaill an Locha, Dún Pádraig
Facilities: library, restaurant, pub, shop
Ról B:
Ros Cré
Nationality: Éireannach
Living in: Ros Cré
Address: 36 Bóthar na Trá, Ros Cré
Facilities: hotel, bank, library, supermarket school
Ról A:
Neidín
Nationality: Síneach
Living in: Neidín
Address: 58 Gort na Sméar, Neidín
Facilities: leisure centre, restaurant, church, bank, school
Ról B:
Cill Airne
Nationality: Éireannach
Living in: Cill Airne
Address: 9 Sráid na Siopaí, Cill Airne
Facilities: library, bank, cinema, leisure centre, church
Treoracha don mhúinteoir
Áiseanna Labhairt
Le múineadh
Cur síos a dhéanamh ar áiseanna i gceantar an fhoghlaimeora agus ceist a chur ar dhuine eile faoi áiseanna ina cheantarsan.
Moltaí
1. Múin an cheist: An bhfuil áiseanna maithe sa cheantar? Cuir ceist ar an rang an bhfuil aon áiseanna ar eolas acu as Gaeilge cheana. Má tá, scríobh na háiseanna sin ar an gclár.
· Oscail an taispeántas PowerPoint Gníomhaíochtaí Labhartha ar an sleamhnán Áiseanna nó scríobh na háiseanna thíos ar an gclár nó ar thréshoilseán.
· Nocht na háiseanna ceann ar cheann. Abair ainmneacha na n-áiseanna. Iarr ar na foghlaimeoirí iad a rá i do dhiaidh.
· Tabhair cóip de Áiseanna an bhaile do gach foghlaimeoir agus bain úsáid as na pictiúir leis an stór focal seo a leanas a mhúineadh:
10
teach (tithe) tábhairne
óstán
séipéal
pictiúrlann
scoil
leabharlann
oifig an phoist
bialann
siopa
banc
ollmhargadh
· Iarr ar na foghlaimeoirí ainm na háise a scríobh faoi gach pictiúr.
· Oscail an sleamhnán Áiseanna i do cheantar sa taispeántas PowerPoint Gníomhaíochtaí Labhartha. Taispeáin an cheist An bhfuil áiseanna maithe sa cheantar? do na foghlaimeoirí agus iarr orthu é a rá i do dhiaidh, mar ghrúpa ar dtús agus ansin ina n-aonar.
· Déan dul siar ar an gceist: An bhfuil? agus an dá fhreagra: Tá agus Níl. Abair leo go bhfuil sé díreach cosúil le: An bhfuil tú go maith? (má clúdaíodh an cheist sin cheana).
· Ansin, taispeáin na freagraí éagsúla ar an gceist sin do na foghlaimeoirí. Iarr ar fhoghlaimeoirí éagsúla na samplaí a léamh amach. Cuir an cheist: An bhfuil áiseanna maithe i do cheantar? ar fhoghlaimeoir amháin. Abair leo nach gcaithfidh siad ach Tá nó Níl a rá ag an bpointe seo. Nuair a thugann an foghlaimeoir sin freagra duit iarr air an cheist chéanna a chur ar an duine in aice leis. Nuair a fhreagraíonn an duine sin í cuirfidh sé ceist ar an duine in aice leis agus leanfaidh an nós seo ar aghaidh timpeall an ranga go dtí go mbeidh an cheist curtha agus freagra tugtha ag gach foghlaimeoir.
· Cuir na foghlaimeoirí i ngrúpaí de bheirteanna. Iarr orthu an cheist a chleachtadh arís le chéile. An uair seo, beidh orthu liosta d’áiseanna a chur leis na freagraí, díreach cosúil leis na samplaí a bhí ar an scáileán. Fág an sleamhnán ar oscailt dóibh. Ba chóir dóibh an bhileog Áiseanna - Áiseanna an bhaile á úsáid mar thacaíocht.
· Téigh timpeall an ranga ag éisteacht lena bhfreagraí, go háirithe ó thaobh cúrsaí foghraíochta de agus ceartaigh aon bhotúin a thugann tú faoi deara. Tabhair cabhair dóibh, más gá.
2. Déan cóipeanna den bhileog Áiseanna - Bailte difriúla agus gearr ina 6 chuid iad.
· Roinn an rang i ngrúpaí de sheisear.
· Is í aidhm na gníomhaíochta ná an duine eile sa ghrúpa atá ina chónaí sa bhaile céanna a aimsiú. Tabhair plean de bhaile difriúil do gach duine den seisear agus déan cinnte go bhfuil an ceann céanna ag beirt as an seisear. Má tá níos lú sa ghrúpa, fág ceann de na pleananna ar lár, ach déan cinnte go bhfuil beirt a bhfuil an plean céanna acu. Iarr orthu siúl thart i measc na bhfoghlaimeoirí eile sa ghrúpa agus duine a aimsiú a bhfuil an plean céanna aige/aici. Déan an ghníomhaíocht a léiriú le duine de na foghlaimeoirí:
Múinteoir: An bhfuil banc ann? Foghlaimeoir: Tá/Níl.
Múinteoir: An bhfuil pictiúrlann ann? Foghlaimeoir: Tá/Níl.
· Téigh timpeall an ranga i measc na ngrúpaí éagsúla le linn na gníomhaíochta chun cabhrú leo. Éist go géar leis an bhfoghraíocht agus má thugann tú botúin faoi deara, déan nóta díobh agus déan iad a mhíniú don rang ina iomláine.
3. Roinn an rang i mbeirteanna arís. Tabhair cóip den bhileog Áiseanna - Billí (A) do dhuine acu i ngach grúpa agus tabhair cóip den bhileog Áiseanna - Billí (B) don duine eile.
· Mínigh dóibh go bhfuil billí le híoc acu le comhlachtaí ina mbailte féin. Tá sé bhille ar gach bileog. Ar gach bileog tá trí ainm in easnamh. Beidh ar Dhuine A praghas a léamh amach. Inseoidh a pháirtnéir dó cén bille atá i gceist. Scríobhfaidh Duine A an freagra sa spás cuí. Léifidh Duine B praghas amach agus tabharfaidh Duine A ainm na háite dó. Leanfaidh siad ar aghaidh mar sin, go dtí go mbeidh gach bearna líonta isteach acu. Ansin, beidh orthu suim na mbillí ar fad a chur le chéile chun teacht ar an bpraghas iomlán.
· Téigh timpeall an ranga ag cabhrú leo agus ceartaigh aon bhotúin a thugann tú faoi deara. Ceartaigh an ghníomhaíocht.
4. Scaip an bhileog Áiseanna - Rólimirt - dul siar ar gach foghlaimeoir.
· Abair leo go mbeidh siad ag tabhairt faoi rólimirt go luath, ach sula ndéanfaidh siad é go gcaithfidh siad na frásaí ar an mbileog seo a léamh agus go gcaithfidh siad iad a scríobh i gceart. Lig dóibh a bheith ag obair le chéile i mbeirteanna. Ceartaigh an ghníomhaíocht nuair a bheidh sí déanta acu.
· Fág an rang i ngrúpaí de bheirteanna. Tabhair Ról A ón mbileog Áiseanna - Rólimirt agus ceann de chártaí eolais Ról A ón mbileog Áiseanna - Rólchártaí do dhuine amháin den bheirt. Tabhair Ról B ón mbileog Áiseanna Rólimirt agus ceann de chártaí eolais Ról B ón mbileog Áiseanna Rólchártaí don duine eile.
· Mínigh dóibh go gcaithfidh siad úsáid a bhaint as an eolas atá ar na cártaí chun an rólaithris a dhéanamh. D’fhéadfá féin an rólaithris a dhéanamh le duine sa rang atá go maith, sula n-iarrann tú ar gach beirt triail a bhaint as.
· Nuair a bheidh sé déanta acu uair amháin, ba cheart dóibh róil a mhalartú. Téigh timpeall an ranga ag cabhrú leo. Éist go géar lena gcuid foghraíochta agus tabhair tacaíocht do na foghlaimeoirí, más gá.
· Nuair a bheidh siad críochnaithe, iarr ar ghrúpa amháin de na foghlaimeoirí nó ar chúpla grúpa an rólghníomhaíocht a dhéanamh amach os ard don chuid eile den rang.
Moltar na gníomhaíochta seo a nascadh leis an mbileog Áine agus Paulo (Léitheoireacht).
Freagraí
Áiseanna
Áiseanna an bhaile
1.
2. siopa
3. banc
4. ollmhargadh
5. oifig an phoist
6. teach tábhairne
7. óstán
8. séipéal
9. bialann
10. pictiúrlann
11. scoil
12. leabharlann
13. ionad spóirt
Áiseanna
Billí
Siopa Uí Riain€23.70
Ionad spóirt Uí Cheallaigh€45.00
Bunscoil Naomh Eoin€38.00
Bialann na Mara€62.63
Gruagaire Ghráinne€55.99
Leabharlann phoiblí€18.50
Iomlán€243.82
Áiseanna
Rólimirt – dul siar
1.Dia duit.
2.Conas atá tú?
3.Cad é mar atá tú?
4.An Iodálach tú?
5.Tá mé go maith.
6.Cá bhfuil sé sin?
7.Cad é do sheoladh baile?
8.Cá bhfuil tú i do chónaí?