19
Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra

Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

  • Upload
    others

  • View
    4

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

Páirc Náisiúnta Bhoirne

Turas Dúlra

Page 2: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

DO NOT KNOCK WALLS

DO NOT MOVE ROCKS

DO NOT SCARE

ANIMALS

DO NOT PICK PLANTS

TAKE LITTER HOME

KEEP DOGS ON LEAD

DO NOT PARK ON ROAD VERGES

TAKE RAIN GEAR AND BOOTS

WITH YOU

www.npws.ie www.burrennationalpark.ie

Page 3: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach
Page 4: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

Níos faide ar aghaidh, feicimid Leaithín, tor íseal le bláthanna bánbhuí, ag fás ar na carraigeacha. Is fíorphlanda Artach-Alpach é a dtagann flúirse bláthanna air san Aibreán agus beagán bláthanna arís níos déanaí sa samhradh.

STAD 1 Ar an gcéad STAD, feicfidh tú áit ina bhfuil Fraoch Langa flúirseach. Seo ceann de na cúiseanna a bhfuil an oiread sin tóir ag luibheolaithe ar cheantar Bhoirne. Ó tharla fraoch a bheith cailctheifeach, ní bheifeá ag súil go mbeadh sé ag fás ar an aolchloch anseo.

Page 5: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 2 Tá tú ag dul isteach i nDóilíne — log atá mar thoradh ar thuaslagadh na haolchloiche nó pluais faoi thalamh a thit isteach. Tá an log seo anois faoi scáth coll agus saileach aibí. Turlach — loch a ídíonn — atá ag bun an loig agus líontar é as toibreacha atá ar imeall na doilíne.

Page 6: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 3 Tá na Fuinseoga anseo barrscoite. Tá roinnt tamhan ag fás as féamh amháin mar gur gearradh an príomhthamhan le haghaidh ábhar tine nó ábhar tógála.

Tá coirt na bhfuinseog agus na gcoll brataithe ag Léicean a fhágann pátrún mar a bheadh míreanna mearaí ann. Is fungas agus alga ag fás mar aonad amháin é an léicean. Is iomaí cineál difriúil acu atá ann.

Page 7: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 4 Tá an cosán anois ag ardú amach as an gcoill ar phábháil oscailte aolchloiche. Tá mórán clocha blocacha Seirte ar an stráice aolchloiche seo. Tá seirt — salachar a bhíonn san aolchloch — difriúil uaidh mar gur as sileacan atá sé déanta. As orgánaigh ar nós spúinsí mara agus diatóim a thagann

Anseo feicimid an féar atá aitheanta le ceantar Bhoirne, Féar Boirne, ag fás ar an gcarraig lom. Seo féar gearr, righin, curachánach a dtagann bláth air luath sa bhliain. Planda feiceálach eile anseo is ea an Briúlán, rós beag bánbhuí.

sí. Tá sí aigéadach agus is minic léi tacú le fásra atá éagsúil ó na gnáthphlandaí cailciarrthacha.

Page 8: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 5 A luaithe a chaithfidh tú an claí, feicfidh tú carraig dhifriúil. Sceir Choiréil a bhíodh san áit a bhfuil do chosa leagtha anois agat. Feicfidh tú neart samplaí de choiréal iontaisithe sa charraig atá fút. Cé go bhfuil an coiréil éasca le feiceáil anseo, tá an charraig aolchloiche lán le cineálacha eile iontaisí.

Page 9: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach atá i do thimpeall múnlaithe ag gluaiseacht na n-oighearshruthanna ollmhóra a d'fhág an phábháil aolchloiche seo agus na bolláin mhóra agus an gairbhéal as a bhfuil cnoic ghlasa Bhoirne déanta.

Is é seo ár gcéad radharc ar an Mullach Mór; chun tosaigh feicimid fuinseog aisti féin ag fás aníos as an bpábháil aolchloiche. Tá an crann beo ach tá sé feosaí de bharr na gaoithe agus an easpa ithreach.

Page 10: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 7 Tá tú anois i gceantar eile de choll aibí. Anseo feicfidh tú mórán plandaí atá aitheanta leis an áit seo. Má bhreathnaíonn tú ar an bhféar is feiceálaí, an Brómas Coille, feicfidh tú go bhfuil lúb amháin ar gach duilleog.

I measc na bplandaí coitianta eile atá anseo tá Sú Talún Fhiáin, Seamsóg, Magairlín Féitheach, Magairlín Dédhuilleach, agus san earrach, Creamh.

Page 11: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 8 Ag teacht amach as an gcoll, leanann an cosán laige sa charraige aolchloiche. Ar thaobh na láimhe deise, tá an ciseal claonta aolchloiche creimthe go ceimiceach ina

chlaiseanna, áit ar dhíscigh báisteach a bhí beagán aigéadach anuas an fána sular shil sé isteach i scoilteanna (Gríoga) na carraige. Tugtar Carstú ar an bpróiseas tuaslagtha seo ar an aolchloch.

Page 12: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 9 Coinnigh súil amach do Neadacha Seangán atá le feiceáil anseo is ansiúd. B'fhéidir nach mbeidís soiléir ar dtús ach bíonn siad le feiceáil ar thalamh féaraigh agus ar an aolchloch agus go minic bíonn siad clúdaithe ag bláthanna corcra na tíme creige.

Bogann an Seangán Buí, nach bhfeictear ach go hannamh os cionn talún, méideanna móra gráinní ithreach go dromchla na carraige agus tá tionchar mór aige ar éiceolaíocht an cheantair.

Page 13: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 10 Is sampla tipiciúil an tslí seo de thalamh féaraigh aolchloiche tirime atá ar mhórán speiceas. I measc na bplandaí atá anseo tá Ceadharlach Bealtaine, Crobh Dearg bándearg, Boladh Cnis buí agus Crobh Éin buí - ainmnithe mar gheall ar chosúlacht an toraidh le cos éin.

Tá flúirse magairlíní anseo freisin. Luath sa bhliain feicfidh tú an Magairlín Meidhreach agus níos déanaí sa bhliain feicfidh tú an Nuacht Bhallach agus an Lus Taghla. Is áit ghrianmhar, fhoscúil í seo a bhfuil tóir ag féileacáin uirthi.

Page 14: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 11 Breathnaíonn an charraig fionnliath, ach is iondúil go mbíonn aolchloch níos dorcha ná seo. Tá an dath geal mar gheall go bhfuil an charraig brataithe le Léicin a fhásann tríd an gcarraig freisin. Tá seans go gcuireann na poill bheaga atá déanta sa charraig ag na léicin dlús le tuaslagadh na carraige ag an mbáisteach

STAD 12 Is maith an pointe é seo le radharc maith a fháil ar Shliabh an Mhullaigh Mhóir soir uait. Téann formhór na gciseal aolchloiche i gceantar Bhoirne le fána ó dheas. Ag an Mullach Mór tá siad fillte agus claonta mar thoradh ar bhogadh screamh an Domhain na milliúin blianta ó shin.

Page 15: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 13 Sileann an bháisteach a thiteann ar chnoic Bhoirne isteach faoi thalamh soir ó dheas agus tagann sé aníos i sraith toibreacha timpeall ar imeall na Páirce Náisiúnta. Anseo, casann cnoic Bhoirne ar thalamh íseal an Ghoirt agus bíonn an screamhuisce an-ghar don dromchla. As sin tagann córas lochanna, turlaigh agus bogaigh eile (a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta leo) feadh imeall thoir na Páirce Náisiúnta.

Ceann de na lochanna sin is ea Loch Gealáin, atá ag bun an Mhullaigh Mhóir. Má bhreathnaíonn tú géar do dhóthain air, feicfidh tú go bhfuil croí an locha dubh. Tá an chuid seo den loch domhain agus buan agus seans go bhfuil sé amhlaidh mar gheall gur thit uaimh faoi thalamh isteach uirthi féin. Tá an t-uisce ar chiumhais an locha níos gile mar go bhfuil sé níos tanaí agus níos séasúraí anseo agus súitear an t-uisce faoi thalamh trí shúmairí.

Page 16: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 14 Sula bhfágfaidh tú an áit seo, breathnaigh ar na loigíní ar bharr na carraige in aice láimhe. Tarlaíonn siad seo nuair a thuaslagann an t-uisce ar an aolchloch. Bíonn na loigíní seo lán go minic le halga gormghlas ar a dtugtar Nostoc. Scaoileann sé seo dé-ocsaíd charbóin a imoibríonn leis an uisce chun tuaslagán aigéadach lag a chruthú a chuireann dlús ansin le tuaslagadh na haolchloiche.

Page 17: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

STAD 15 Feicfidh tú fothrach de bhothán beag anseo. Cé go bhfuil an chuma ar cheantar na Boirne gur fásach é, tá cónaí ann le os cionn cúig mhíle bliain go leith. Ba roimh aimsir an Ghorta Mhóir i lár an 19ú haois ba mhó a bhí cónaí sa Pháirc Náisiúnta; ansin tháinig laghdú mór ar an daonra áitiúil. Is sampla an fothrach de chomh tapa is a ghabhann an dúlra seilbh arís ar thalamh nach ndéantar bainistiú gníomhach air.

Page 18: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

Is é an Tráithnín Coinfhéar an féar is mó atá aitheanta leis an gceantar seo. I measc na mbláthanna fiáine tá an Nóinín Mór, an Duán Ceannchosach, Lus na mBan Sí agus an Bata Cogaidh. Tá plandaí atá leathseadánach ar phlandaí eile, mar shampla an Gliográn agus an Glanrosc, comónta anseo. Luath san earrach, bíonn an garraí brataithe le Bainne Bó Bleachtáin.

STAD 16 Tá tú anois ag dul isteach i Móinéar Bláthanna Fiáine ar thalamh atá beagáinín níos doimhne agus níos saibhre. Tá móinéir mar seo, ar thalamh féaraigh neodrach, neamhchoitianta go maith anois mar gheall ar dhianchleachtais feirmeoireachta. Bhíodh sadhlas ag fás anseo tráth, sular ceannaíodh don Pháirc Náisiúnta é. Trí bhainistiú cúramach tá athchóiriú déanta againn air agus tá sé ina mhóinéar ar mhórán speiceas anois arís.

Page 19: Páirc Náisiúnta Bhoirne Turas Dúlra · STAD 6 Is Carraig Chorr an charraig seo - carraig a iompraíodh seo agus oighear ag bogadh le linn na hoighearaoise deireanaí. Tá an tírdhreach

Bíonn flúirse roinnt speiceas magairlíní anseo sa samhradh, lena n-áirítear an Nuacht Bhallach agus Magairlín na Stuaice. Bíonn Magairlín na mBeach agus Magairlín na gCuileanna anseo freisin.