2
An Sionnach agus an Chorr Bhán Bhí sionnach glic ann tráth. Thug sé cuireadh chun béile do chorr bhán ocrach. 'Lig thusa do scíth. Gheobhaidh mise an bia,' arsa an sionnach. Shuigh an chorr bhán síos. Bhí boladh álainn ag teacht ón gcistin. 'Seo,' arsa an sionnach agus leag sé dhá bhabhla bhreátha anraith ar an mbord. D'alp an sionnach siar a chuid. Ansin leag sé súil ar an mbabhla eile. Bhí an chorr bhán i bponc. Bhí a gob ró-fhada agus ní raibh an babhla domhain go leor. D'eitil an chorr bhán abhaile. Bhí sí ar buile agus bhí ocras fós uirthi. 'D'imir an sionnach gránna cleas orm is d'ith sé mo dhinnéar.' Smaoinigh sí ar sheift. Seachtain ina dhiaidh sin, thug an chorr bhán cuireadh don sionnach. 'Bhí an t-anraith sin chomh blasta,' ar sise, 'go ndearna mé roinnt mé féin.' Dhoirt sí an t-anraith in dhá phróca mhóra arda. D'ith sí a cuid go sásta. Ach ní raibh seans ag an sionnach. Bhí a shrón ró-ghearr. 'Mo chleas féin a imríodh orm,' arsa an sionnach agus bhailigh sé leis. Agus an ceacht...

An Sionnach agus an Chorr Bhán · 2012. 4. 28. · An Sionnach agus an Chorr Bhán Bhí sionnach glic ann tráth. Thug sé cuireadh chun béile do chorr bhán ocrach. 'Lig thusa

  • Upload
    others

  • View
    0

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • An Sionnach agus an Chorr Bhán

    Bhí sionnach glic ann tráth. Thug sé cuireadh chun béile do chorr bhán ocrach.

    'Lig thusa do scíth. Gheobhaidh mise an bia,' arsa an sionnach.

    Shuigh an chorr bhán síos. Bhí

    boladh álainn ag teacht ón gcistin.

    'Seo,' arsa an sionnach agus leag sé

    dhá bhabhla bhreátha anraith ar an mbord. D'alp an sionnach siar a

    chuid. Ansin leag sé súil ar an mbabhla eile. Bhí an chorr bhán i

    bponc.

    Bhí a gob ró-fhada agus ní raibh an babhla domhain go leor.

    D'eitil an chorr bhán abhaile. Bhí sí ar buile agus bhí ocras

    fós uirthi. 'D'imir an sionnach gránna cleas orm is d'ith sé mo

    dhinnéar.' Smaoinigh sí ar sheift.

    Seachtain ina dhiaidh sin, thug an chorr bhán cuireadh

    don sionnach. 'Bhí an t-anraith sin chomh blasta,' ar sise, 'go

    ndearna mé roinnt mé féin.' Dhoirt sí an t-anraith in dhá

    phróca mhóra arda. D'ith sí a cuid go sásta. Ach ní raibh seans ag an sionnach.

    Bhí a shrón ró-ghearr.

    'Mo chleas féin a imríodh orm,'

    arsa an sionnach agus bhailigh sé leis.

    Agus an ceacht...

  • Cén ceacht atá ag an bhfabhalscéal seo?

    1. Is ainmhí díoltasach an chorr bhán.

    2. Filleann an feall ar an bhfeallaire.

    3. Ith do chuid féin don bhéile.

    4. Is maith le hainmhithe anraith.

    Locate these expressions in the fable, and translate them.

    Compare the literal meanings of the words to how they function idiomatically.

    1. Leag súil ar rud _________________________________________

    2. Bheith i bponc _________________________________________

    3. Bheith ar buile _________________________________________

    4. Bailigh leis (amach) _________________________________________

    In what tense or mood are the verbs in the following phrases? How would we say these in

    English?

    1. Gheobhaidh mise an bia ________________________________________

    2. Go ndearna mé roinnt mé féin ________________________________________

    3. Mo chleas féin a imríodh orm ________________________________________