18
Do Ghairm le Gaeilge GAIRMEACHA DO CHÉIMITHE LE GAEILGE Deiseanna in Ѐirinn – tuaisceart agus deisceart • Acmhainní Próifílí Iarchéime Post a fháil Gairmeacha do Chéimithe le Gaeilge sna: • Meáin • Cultúr • Gnó • Aistriúchán • An Earnáil • Phoiblί, Dli Ríomhaireacht agus níos mó

Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Do Ghairm le Gaeilge

GAIRMEACHA DO CHÉIMITHE LE GAEILGE

• Deiseanna in Ѐirinn –tuaisceart agus deisceart

• Acmhainní• Próifílí Iarchéime• Post a fháil

Gairmeacha do Chéimithe le Gaeilge sna:• Meáin • Cultúr • Gnó• Aistriúchán • An Earnáil • Phoiblί, Dli Ríomhaireacht agus níos mó

Page 2: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 1

gradireland Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

Do ghairm bheatha le GaeilgeDo ghairm bheatha le Gaeilge a thabhairtisteach ........................................................................2

Post a fháil ................................................................4

CV Samplach ............................................................6

Réimsí oibreNa meáin ..................................................................9

Aistriúchán agus ateangaireacht ................13

An earnáil phoiblí ................................................15

Cultúr: na healaíona, oidhreacht agusteanga ......................................................................17

An earnáil phoiblí ................................................20

Próifíl céimithe........................24

Oiliúint agus forbairt ..............28Cúrsaí oiliúna agus iarchéime........................29

CLÁR

gradireland Tá Do ghairm bheatha le Gaeilge foilsithe agCumann Seirbhísí Gairmeacha Ardoideachais in Éirinnagus ag GTI Media Teo. (Éire).

Ba mhian linn buíochas a ghabháil le gach seirbhísgairmeacha tríú leibhéal in Éirinn agus i dTuaisceart nahÉireann agus lenár gcomhpháirtithe foilsitheoireachtaAHECS as ucht a gcuidithe leis an bhfoilseachán seo.

Bainisteoirí Tionscadail Orlaith Tunney, Coláiste naTríonóide, Baile Átha Cliath; Catherine Lyster, InstitiúidTeicneolaíochta Leitir CeanainnTaighdeoir agus scríobhneir Meadhbh Ní EadhraComhairleoir Eagarthóireachta Niamh Ní Shúilleabháin Profléitheoir Gaeilge Aonghus DwaneEagarthóir Penny KileyDearadh agus cur le chéile Jane AndersonBainisteoir Díolacháin Gavan O’BrienFoilsitheoir Mark MitchellStiúrthóir bainistíochta idirnáisiúnta & bunaitheoirAdrian Wood

GTI Éireann, 14–16 Sráid an Tiarna Éadbhard, Baile Átha Cliath 2, ÉireTeil +353 (0)1 645 1500 ríomhphost [email protected] suíomh www.groupgti.com

Aimsigh muid ar Twitter agus Facebook

© Márta 2013 Cumann Seirbhísí GairmeachaArdoideachais in Éirinn agus GTI Media Teo. (Éire). Gachceart ar cosaint. Níl sé ceadmhach aon chuid denfhoilseachán seo a chur in athchló. Tá sé seo faoi réireisceacht aonair na fótachóipeála ag ballinstitiúidí anChumainn Seirbhísí Gairmeacha Ardoideachais. Ba cheartna míreanna go léir a úsáidtear a admháil go hiomlán. Isionann na tuairimí a chuirtear in iúl in ailt agus tuairimían údair agus ní gá go maíonn a bhfoilsiú gur tuairimí naSeirbhísí Gairmeacha Ardoideachais agus GTI iad freisin.Cé go ndearnadh gach aire le linn thiomsú anfhoilseacháin seo, ní féidir leis an údar agus na foilsitheoiríaon fhreagracht a ghlacadh as aon mhíchruinnis ná aonchaillteanas iarmhartach a thagann as na míchruinnis sin,ná as aon chaillteanas eile, bíodh sé díreach nóiarmhartach, a thagann chun cinn i gceangal le faisnéissan fhoilseachán seo.

• Na hEalaíona,Daonnachtaí &EolaíochtaíSóisialta*

• Tógáil*• Innealtóireacht• Airgeadas• Fáilteachas &

Turasóireacht*• TF• Iriseoireacht

&Na Meáin*

• Teangacha*• Dlí• Réadmhaoin*• Síceolaíocht*• Miondíol*• Eolaíocht*• Obair Shóisialta*• Teagasc &

Oideachas*• Taithí Oibre &

Sos*

TEIDIL SA TSRAITH SEO

Fáilte

* Ar fáil mar íoslódálacha ó

gradireland.com/publications amháin

Page 3: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 32 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

do ghairm bheatha leGaeilge a thabhairt isteach

Tá cuid mhór féidearthachtaí ann maidir legairmeacha beatha do chéimithe ar cainteoirí líofaGaeilge iad. Is éagsúil atá na deiseanna atá ar fáil inearnálacha ar nós na meán cumarsáide, TF,margaíochta, díolachán, san earnáil dheonach, sanearnáil phoiblí agus sna healaíona gan ach cuid acua lua. I nDaonáireamh na hÉireann i 2011,taifeadadh méadú 7.1 faoin gcéad ar líon na ndaoinea chuir in iúl go raibh Gaeilge acu, arb ionann é agus41.4 faoin gcéad den phobal.

Chun tairbhe a bhaint as na deiseanna seo, ní gástaidéar a bheith déanta ar an nGaeilge ag an tríúleibhéal. Is iad na tréithe is tábhachtaí chun post afháil ina mbeifeá in ann úsáid a bhaint as do chuidGaeilge ná diongbháilteacht chun an teanga a úsáidagus an cumas chun fostóirí agus teagmhálaithe aaithint atá in ann an deis seo a sholáthar, is cuma andisciplín céime atá agat.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuilna deiseanna gairmeacha seo teoranta do cheantairGhaeltachta. De réir a chéile tá cuid mhór gnólachtaíin Éirinn ag dul i dteagmháil le hearnáil na Gaeilgechun a réimse sa mhargadh a fhairsingiú.

Ó foilsíodh an t-eagrán deiridh (2009), tá cuid mhórteidil nua post ann, a léiríonn forbairtí sna meáin, snameáin shóisialta agus san earnáil TF. Tá tuilleadhfaisnéise faoi seo sa mhír ‘Réimsí Oibre’ arleathanaigh 8–23. Tá éileamh mór ann go fóill iréimsí an aistriúcháin, agus i róil riaracháin san AE.Meastar go mbeidh tuilleadh fáis san oideachas (gachgné de), mar gheall ar threochtaí déimeagrafacha.

Gairmeacha le Gaeilge

• Cuid shuntasach den Chomhairle Bharra is eaabhcóidí a bhfuil Gaeilge acu agus tá breis agus 155duine acu cláraithe mar líofa sa Ghaeilge nó in anna gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

• Tá 158 aistritheoir ar a laghad ag obair trí mheán naGaeilge agus iad ceadúnaithe ag Foras na Gaeilge.

• I 2012, bhí breis agus 400 bunscoil agus meánscoillán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta ar fud nahÉireann.

• Tá cuid mhór deiseanna poist do thaighdeoirí, doléiritheoirí, d’iriseoirí, agus do speisialtóirí TF agusteicniúla eile dátheangacha i réimse na meáncraolacháin.

• Tá deiseanna ann d’aisteoirí agus do scríbhneoirí abhfuil Gaeilge acu, go háirithe i gcláir atácoimisiúnaithe le haghaidh na teilifíse.

• Tá go leor cainteoirí Gaeilge fostaithe agcomhlachtaí Caidrimh Phoiblí toisc gur gá donchliant ionadaíocht a bheith acu sna meáinGhaeilge agus toisc nach mór riachtanais Acht nadTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh.

• Is minic a fhógraíonn an tAontas Eorpach arláithreán Gréasáin EPSO comórtais atá ag teachtmaidir le poist san AE, lena n-áirítear poist mardhlítheangeolaithe.

• Tá méadú ag teacht ar an éileamh atá armhúinteoirí Gaeilge thar lear. Tá scoláireachtaí arfáil dóibh siúd ar spéis leo taisteal go Meiriceá agusgo Ceanada.

an raibh a fhios agat?

Tá deiseanna ar fáil ar fud na hÉireann, go háirithe snaceantair Ghaeltachta agus i nDún na nGall, i Maigh Eo,i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge agussa Mhí.

Tá deiseanna oibre ann thar lear go háirithe saChoimisiún Eorpach. I réimse theagasc na Gaeilge, tádeiseanna ann i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha san AE.

Féach leathanaigh 8–23 le haghaidh sonraí maidir lehearnálacha éagsúla oibre.

Cá bhféadfainn post a fháil?

Cabhraíonn taithí phraiticiúil le réimse scileanna afhorbairt. Áirítear le taithí gníomhaíochtaí tríchlubanna mac léinn agus trí chumainn mhac léinnagus obair dheonach chomh maith le hobair chúititheagus obair neamhchúitithe.

Tá rogha leathan cúrsaí iarchéime ar fáil anois trímheán na Gaeilge le haghaidh mac léinn ar mian leocur lena gcuid léinn agus a mbunchéim a chomhlánúle heolas agus le scileanna breise. Moltar do chéimithena hacmhainní ar líne atá molta sa leabhrán seo aúsáid agus fanacht ar an eolas faoi na meáin Ghaeilgeagus faoi acmhainní eolais. Cabhróidh sé seo letuiscint a fhorbairt ar na hearnálacha áirithe agus arna deiseanna atá ar fáil.

Féach leathanaigh 28–30 le haghaidh eolais faoistaidéar iarchéime.

do chuid scileanna a fhorbairt

• Bain úsáid as seirbhísí gutháin phóca trí mheán naGaeilge.

• Roghnaigh brabhsálaí Gréasáin i nGaeilge ar nósMozilla Firefox.

• Léirigh eolas ar d’earnáil trí scileanna na meándigiteach a úsáid, m.sh. blag a choinneáil. Rachaidhtú i bhfeidhm ar do phiaraí agus ar na fostóirí ad’fhéadfadh a bheith agat.

• Déan cinnte de go bhfuil do chumas Gaeilge léirithear do phróifíl LinkedIn.

• Bíodh ‘Cuirtear fáilte roimh chomhfhreagras inGaeilge’ i do bhosca ríomhphoist.

• Bain úsáid as teachtaireacht ghutháin atádátheangach, nó scríobh ‘Go raibh maith agat’ agan deireadh.

• Ceannaigh Fáinne. Is pionna beag é seo a léiríonnleibhéal líofachta agus toilteanas chun Gaeilge alabhairt. Tá siad seo ar fáil ó www.fainne.ie.

• Mol gur cheart go ndéanfaí an Ghaeilge aionchorpú i straitéis mhargaíochta nó in ábharpoiblíochta d’eagraíochta.

• Déan tairiscint ionadaíocht a dhéanamh (másiomchuí) ar son d’eagraíochta ar chláir náisiúntaGhaeilge ar an teilifís agus ar an raidió, nó déancóip a sholáthar as Gaeilge do na meáin.

• Glac síntiúis le haghaidh nuashonrúcháin rialtaríomhphoist ó gaelport.com agus láithreáinghréasáin Ghaeilge den chineál céanna.

an Ghaeilge a úsáid i do shaol oibre – deich leid

Do ghairm

bheatha le Gaeilge

Do ghairm

bheatha le Gaeilge

Cé go mbionn an obair an dúshlánach,gabhaim mothú ollmhór sásaimh leis anobair freisin.Tá an t-ádh orm a bheith agobair le daoine atá thar a bheith spreagúilagua an phaiseanta faoin nGaeilge.Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaelige

Léigh tuilleadh faoi na céimithe seo agus faoi dhaoine eile atá ag obair trí mheán na Gaeilge ar leathanaigh 24–27.

Page 4: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 5

Do ghairm

bheatha le Gaeilge

4 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

Post a fháilNithe ar chóir machnamh a dhéanamh orthu agus tú ar lorgpoist a bhainfeadh úsáid as do chuid scileanna Gaeilge.

Folúntais a aimsiúIs féidir le ballraíocht a ghlacadh le láithreán líonraitheproifisiúnta ar nós LinkedIn.com a bheith ina chuidiú.Acmhainní úsáideacha is ea Twitter agus Facebook lehaghaidh folúntais phoist: déantar cuid mhór post afhógairt ar Twitter faoi na haischlibeanna #jobfairy agus#folúntais, agus is minic a phostálann eagraíochtaí agusdaoine aonair naisc chuig poist ar a leathanaigh Facebook.Déantar folúntais a fhógairt sna nuachtáin Ghaeilge FoinseDé Céadaoin agus bíonn liosta cuimsitheach de phoistGhaeilge ar Gaelport.com, agus déantar nuashonrúchán airseo go minic ar www.gaelport.com/foluntais.

Taithí oibre, socrúcháin agus intéirneachtaí. Cuireann cuid mhór eagraíochtaí taithí oibre struchtúrtha arfáil i gcomhar le cúrsaí coláiste agus cuireann cinn eile cláiríoctha intéirneachta ar fáil. Nuair nach mbíonn intéirneachtaíden sórt sin ar fáil, is féidir leat deis a thapú thú féin a churchun cinn. Socraigh ar an ngairm bheatha a bhfuil spéis agatann agus fiosraigh an féidir taithí a fháil laistigh d’eagraíochtina mbeadh líofacht sa Ghaeilge ina buntáiste.

Cuireann eagraíochtaí sna hearnálacha seo a leanasfáilte roimh iarratais:

Foilsitheoireacht: Is fiú go mór litir mhínithe agus CV achur chuig eagraíochtaí ar nós Publishing Ireland (FoilsiúÉireann) agus Children’s Books Ireland. Tá tithefoilsitheoireachta áirithe ann ar nós Chló Iar-Chonnacht,Chois Life agus An Gúm. Is cuideachtaí beaga iad seo denchuid is mó agus is fiú teagmháil a dhéanamh leo chuntaithí oibre a fháil, óir féadann mic léinn a bheith ag súil lebheith páirteach i gcuid mhór gnéithe éagsúla den phost.

Na Meáin: Thosaigh cuid mhór daoine cáiliúla snameáin Ghaeilge ag obair go deonach i stáisiúin raidió, istáisiúin teilifíse agus i nuachtáin ar fud na tíre. Isríthábhachtach teagmhálaithe a dhéanamh agus cur le dobhonn scileanna. Tá taithí oibre ina dóigh iontach chun é sina dhéanamh.

Eagraíochtaí Gaeilge: Tá cuid mhór acu luaite satreoirleabhar seo agus tá Foras na Gaeilge agus Gael-Linn imeasc samplaí de na heagraíochtaí seo.

Cuideachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht: d’fhéadfadhbaint a bheith ag na cuideachtaí seo le hearnáil ar bith, TFagus léiriú scannán ina measc.

Na hEalaíona: Tugann féilte bliantúla deiseannaiontacha chun an taithí chuí, idir íoctha agus neamhíoctha,a fháil i réimsí ar nós bainistíocht imeachtaí, riaracháinagus léiriúcháin.

Ó am go céile déantar socrúcháin le himeachtaí ar nósOireachtas na Samhna agus na Féile Phan-Cheiltigh afhógairt trí ghairmsheirbhísí na gcoláistí. Is iondúil, áfach,nach ndéantar iad a fhógairt agus faigheann cuid mhóriarratasóirí a gcuid socrúchán féin trí theagmhálaithe atádéanta ar bhonn sóisialta agus trí dheiseanna taighde afhiosrú.

Scéimeanna oifigiúla taithí oibreI measc scéimeanna oifigiúla taithí oibre trí mheán naGaeilge a chuirtear ar fáil i ndiaidh céim a bhaint amach,tá::

Fiontar DCU: Reáchtálann Fiontar DCU scéimeannaintéirneachta agus cuireann sé taithí oibre ar fáil atáoscailte do chéimithe i ngach disciplín, go háirithe i réimsean taighde. Tá páirt glactha ag céimithe áirithe i bhfoirnetionscadail taighde, ag obair ar thionscadail ar nós focal.ieagus logainm.ie.

An Coimisiún Eorpach: Cuireann an Ard-StiúrthóireachtAistriúcháin sa Choimisiún Eorpach intéirneachtaí ar fáildo chéimithe a mhaireann cúig mhí gach bliain. Bíonn dháiontógáil ann, i mí an Mhárta agus i mí DheireadhFómhair. Cuireann an Coimisiún cúrsaí oiliúna den chineálcéanna ar fáil i gcúrsaí riaracháin freisin. Ní mór eolas an-mhaith a bheith ag iarratasóirí ar dhá theanga de chuid anAE le bheith i dteideal cur isteach air seo.

Folúntais• gradireland.com Folúntais agus comhairle faoighairmeacha

• Foinse www.foinse.ie Nuachtán náisiúnta Gaeilge abhfuil rannán post ann Dé Céadaoin

• Gaelscéal www.gaelsceal.ie• Folúntais www.gaelport.com/foluntais Nuacht aguseolas faoin nGaeilge le nuashonrúcháin laethúla faoiphoist ann.

• Poist sa Rialtas Áitiúil www.localgovernmentjobs.ieFolúntais leis an Rialtas áitiúil

• Láithreán Gréasáin Earcaíochta StátseirbhísThuaisceart Éireann www.nicsrecruitment.gov.uk

• An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblíwww.publicjobs.ie

• EducationCareers.ie www.educationcareers.ie InneallCuardaigh gairmeacha

• EducationPosts.ie www.educationposts.com LáithreánGréasáin earcaíochta oideachais

Acmhainní eile• Focal.ie www.focal.ie Bunachar Sonraí TéarmaíochtaNáisiúnta

• Pota Focal www.potafocal.com Foclóirí ar líne• Údarás na Gaeltachta www.udaras.ie ÚdarásRéigiúnach na Gaeltachta

• Cruinneog www.cruinneog.com Bogearraí seiceálalitrithe agus gramadaí na Gaeilge

• Foras na Gaeilge www.gaeilge.ie GníomhaireachtTionscnaimh Trasteorann na Gaeilge

ACMHAINNÍ

Do ghairm

bheatha le Gaeilge

Agus tú ag roghnú an phoist ar mhaith leat cur isteachair, déan do mhachnamh ar an méid Gaeilge bamhaith leat a úsáid ar bhonn laethúil. Bíonn

eagraíochtaí áirithe ag feidhmiú go hiomlán trí mheán naGaeilge, agus déanann cuid eile an Ghaeilge a ionchorpú igcomhthéacs an Bhéarla go príomha. Dá mba mhian leat túféin a thumadh ar fad sa teanga, dírigh ar eagraíochtaíGaeilge, ar na meáin Ghaeilge nó ar eagraíochtaí atálonnaithe sa Ghaeltacht. Dá mba mhian leat rud beagGaeilge a úsáid, sainaithin eagraíochtaí a bhfuileagraíochtaí Gaeilge mar chliaint acu nó a bhfuil spéis ag a mbainistíocht shinsearach sa teanga.

Iarratais agus agallaimhFaigh amach cé acu ar chóir do d’iarratas a bheith inGaeilge agus cén teanga trína ndéanfar an próiseasearcaíochta agus roghnúcháin. Is riachtanach go mbeidhan litriú ar do CV cruinn (sna leaganacha Gaeilge agusBéarla). Tá roinnt seiceálaithe litrithe agus gramadaí ar fáildon Ghaeilge ar líne (m.sh. Ceart, GaelSpell nó Anois) nó trína forlíontáin Ghaeilge saor in aisce le haghaidh Firefox,OpenOffice agus Thunderbird. Is féidir iad a cheannach lehaghaidh Microsoft Word ar ardáin PC agus Mac. Murarféidir leat rochtain a fháil ar na táirgí tráchtála seo, iarr ardhuine éigin profaí a léamh ar do CV sula seolfaidh tú araghaidh é.

Féach leathanaigh 5-6 le haghaidh CV samplach inaléirítear an spéis agus an cumas atá ag an iarratasóir saGhaeilge.

Nuair a thugtar cuireadh duit chun agallaimh, faighamach cé acu a dhéanfar d’agallamh trí mheán na Gaeilgenó an Bhéarla agus cé acu a bheidh nó nach mbeidhtástáil scríofa i gceist leis.

Fan ar an eolas faoin earnáil trí shúil a choinneáil ar nameáin Ghaeilge. Déan cleachtadh ar théarmaíochtábhartha ar bith. Áirítear le hacmhainní úsáideachafocal.ie agus Pota Focal (potafocal.com)>Chun tuilleadh leideanna a fháil maidir leis an CV agus lehagallaimh, féach ar an lámhleabhar gradireland agusgradireland.com nó déan teagmháil leis an tseirbhísgairmeacha i do choláiste.

Page 5: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 76 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

CV samplach

Do ghairm

bheatha le Gaeilge

Do ghairm

bheatha le Gaeilge Aisling Ní Cheallaigh Tel: 01 2827390

19 Bóthar Charlemont Ríomhphost: [email protected] Tarbh Próifíl LinkedIn: ie.linkedin.com/a-ni-cheallaighÁtha Cliath

education

2011–2012 MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an EolaisFiontar DCU

Toradh: Onóracha (Ionchais) 2.1Modúil Ábhartha: Bainistíocht Straitéiseach Margaíochta, Bainistíocht Tionscadail, Ceannaireacht,Bainistíocht Acmhainní Daonna, Na hIlmheáin, Modhanna TaighdeÁbhar Tráchtais: Fógraíocht agus Margadh na Gaeilge

2007–2011 BA Gnó agus Cumarsáid IT na Gaillimhe-Mhaigh Eo, Gaillimh

Toradh: Onóracha 2.1Ábhair Ábhartha: Teicneolaíocht Faisnéise Gnó, Ríomhaireacht, Eacnamaíocht, Margaíocht agusCumarsáidTaithí Oibre: Seimeastar amháin leis an gcraoltóir náisiúnta TG4 i 2008/09

2002–2007An ArdteistiméireachtColáiste na nDoiminiceach, Gaillimh

Torthaí: Gaeilge A1, Béarla B3, Fraincis A2, Matamaitic B2, Gnó A1, Tíreolaíocht C1, Bitheolaíocht C2

Cúlra fostaíochta

Meán Fómhair 2011 go dtí an lá inniu Feidhmeannach Margaíochta Conradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath

• Teagmháil agus líonrú a dhéanamh le comhghleacaithe, le heagraíochtaí is comhpháirtithe, leis nameáin agus leis an bpobal

• Deiseanna fógraíochta a aimsiú• Táirgeadh ábhar margaíochta lena n-áirítear pinn, bileoga agus greamaitheoirí a bhainistiú• Preasráitis a scríobh agus a phrofléamh • Imeachtaí ar nós Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a eagrú ar fhreastail breis agus 500 uirthi• Úsáid líonraithe shóisialta san eagraíocht a fhorbairt. Tháinig méadú 15% ar thrácht chuig anláithreán Gréasáin le linn sé mhí mar thoradh ar an bhforbairt seo.

• Comhordaitheoir ar an scéim ‘Is Leor Beirt’ (líonra náisiúnta de chiorcail chomhrá Ghaeilge).

Meitheamh-Lúnasa 2010 Comhordaitheoir ar Choláistí SamhraidhConradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath

• Rinne mé comhordú ar an bhfeachtas Glac Leis a spreag agus a chumasaigh daoine i ngachréimse/earnáil chun seirbhísí trí mheán na Gaeilge a úsáid.

Meán Fómhair 2009-Bealtaine 2010 Cúntóir TionscadailMaithú IT Solutions, Baile Átha Cliath

• Mar chuid d’fhoireann cúigir, d’oibrigh mé ar Get the Focal a fhorbairt (Aistritheoir Gaeilge-Béarla lehaghaidh do ghutháin phóca)

• Rinne mé forbairt bhreise ar an táirgeadh seo, a raibh forbairt aipe mar thoradh air, atá ar fáil lehíoslódáil ar iTunes.

Samhradh 2009 Intéirneach Margaíochta Gaillimh le Gaeilge

• Freagrach as teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe, le custaiméirí agus leis an bpobal i gcoitinne• D’fhreastail mé ar imeachtaí agus chuidigh mé lena n-eagrú• Bhunaigh mé láithreáin líonraithe sóisialta le haghaidh na cuideachta

obair dheonach

2010 go dtí an lá inniu Craoltóir Raidió/LéiritheoirRaidió na Life, Baile Átha Cliath

• Bhí mé i mo láithreoir agus i mo léiritheoir ar I mbun ghnó, clár seachtainiúil gnó agus cúrsaí reatha• Léirigh mé Caint agus Ceol, sraith de chláir cheoil agus chomhrá.

2007–2010 Ceannaire Club ÓigeÁras na nGael, Gaillimh

Próifíl scileannaTeangacha: Líofa sa Ghaeilge agus sa FhraincisScileanna cumarsáide: Sárscileanna láithrithe agus sóisialta, taithí i gcaidreamh poiblíScileanna eagrúcháin: D’eagraigh mé réimse imeachtaí agus feachtas, lena n-áirítear blitzchomórtascamógaíochta Bhóthar na Trá, a reáchtáiltear ar bhonn bliantúil Obair Foirne: Bainteach le foirne spóirt agus iarcheannaire ar chlub óigeIT:Microsoft Office, Keynote, Audacity, Adobe Audition, Quark Express

suimeanna agus éachtaí Spórt: Ball gníomhach de CLG Bhóthar na TráAisteoireacht:Mar aisteoir i roinnt drámaí leis Na Crosóga, Cumann Drámaíochta GaeilgeScannán: Spéis faoi leith i gcineama domhanda agus i scannáin as an bhFraincCeol: Seinnteoir fidle, ball den ghrúpa ceoil thraidisiúnta, Téada

moltóirí An tUas/Iníon ... An Dr ...Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Conradh na Gaeilge Fiontar DCU, 6 Sráid Fhearchair, Ollscoil Chathair Bhaile Átha CliathBaile Átha Cliath 9 Teil: ... Teil: 01 8482019 Ríomhphost: ...Ríomhphost: ...

Page 6: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 9

Na Meáin

Tá breis agus 750 fostaithe in earnáil na meánGaeilge, ar an teilifís, ar an raidió, sna nuachtáin agussna meáin dhigiteacha. Tá fás as cuimse ag teacht ar

an líon seo de réir mar a fhorbraíonn an earnáil láithreachtar líne chun cur leis na meáin thraidisiúnta chló aguschraolacháin.

Thuairiscigh TG4, an cainéal Gaeilge, méadú 56 faoingcéad sna cuairteoirí uathúla gréasáin i 2011 agus méadú143 faoin gcéad in imprisin leathanaigh i gcomparáid leisan mbliain roimhe. De réir mar a éiríonn na meáindhigiteacha agus shóisialta níos rathúla agus inrochtanais amhlaidh go gcruthaíonn sé seo deiseanna nuafostaíochta le haghaidh iriseoirí, teicneoirí, taighdeoiríagus aistritheoirí.

Earnáil iomaíoch is ea earnáil na meán agus dá réir sinbíonn sí ag síorathrú agus ag forbairt céimithe a bhfuilscileanna ilmheánacha agus toilteanas chun foghlamaacu.

Buntáiste atá ann freisin a bheith líofa sa Ghaeilgeagus a bheith eolach ar earnáil na Gaeilge, marcumasaíonn sé thú a bheith in ann obair ar réimse níosleithne tionscadal agus tionscadail nua a fhorbairt.

I gcás céimithe a bhfuil spéis acu sna Meáin Ghaeilge agusin oiliúint na Gaeilge, féach an rannán ar Oiliúint agusforbairt ar leathanaigh 28-30.

Bronntar duaiseanna náisiúnta sna meáin Ghaeilge(Gradaim Chumarsáide an Oireachtais) gach bliain aririseoirí, ar aisteoirí, ar láithreoirí, agus ar go leor daoineeile a bhfuil baint acu leis an earnáil.

na meáin ChlóitenuachtáinIs e Foinse an dphríomhnuachtán náisiúnta Gaeilge.Nuachtán seachtainiúil is ea Foinse atá ar fáil saor inaisce leis an Irish Independent. Tá láithreáin Ghréasáinag an nuachtán seo.

Foilsítear ailt as Gaeilge go minic sna nuachtáinnáisiúnta, ar nós The Irish Times agus The Irish News,chomh maith leis na nuachtáin áitiúla. Soláthraíonnsiad seo deiseanna chun obair a chur isteach ad’fhéadfadh a bheith foilsithe. Bíonn Gaelport.com imbun coimeádaíochta lena sheirbhís náisiúntanuachta ar a dtugtar ‘As na nuachtáin’ ina liostaíteargach alt a fhoilsítear as Gaeilge sa phreas náisiúntaagus réigiúnach.

irisíIs iomaí iris atá ar fáil as Gaeilge, lena n-áirítearComhar, Feasta, An tUltach, An Sagart agus An Timire.Áirítear le hirisí ar líne na teidil seo a leanas: Beo, Saol,Gaelport agus Nós. Déanann Nós agus Saol a n-irisíclóite a chomhlánú le láithreáin a chuireann ar chumasa léitheoirí rochtain a fháil ar thuilleadh nuachta agusábhar eile.

Féach próifíl Orla Bradshaw ar leathanach 24 chunléamh faoina bheith ag obair mar iriseoir Gaeilge.

Réimsí oibre

Registerfor job alerts

Careers advice JOBS

Sector-related

careers advice

JOB ALERTS relevant to

your career choices

CAREERS FAIRS

and recruitment

event alerts

Further study

course information

Register NOW on gradireland to receive:

Follow us on

Register with gradireland.com

Page 7: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 11

Réimsí oibre

10 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

Réimsí oibre

na meáin ChraoltaCinntíonn leibhéal na gcistí craolta atá ar fáil le haghaidhcláir Ghaeilge go bhfuil céimithe a bhfuil líofacht naGaeilge acu infhostaithe san earnáil seo. Tá deiseannafostaíochta ann i gcúrsaí craolacháin le haghaidhtaighdeoirí, craoltóirí agus iriseoirí dátheangacha chomhmaith le speisialtóirí eile TF agus Teicniúla.

raidióCraoltar roinnt stáisiún raidió go hiomlán trí mheán naGaeilge agus craolann cinn eile roinnt clár trí mheán naGaeilge. Craoltar Raidió na Gaeltachta 24 uair sa lá, seachtlá sa tseachtain agus déantar cuid eile a shruthú ar líne. Táseirbhís nua-aimseartha forbartha ag Anocht FM aguscláir ann dírithe ar dhaoine óga.

Craoltar cláir éagsúla ar BBC Thuaisceart Éireann trímheán na Gaeilge, ar nós Blas, SRL agus cláir áirithe cheoil.

Ar leibhéal áitiúil, craoltar Raidió na Life i mórcheantarBhaile Átha Cliath agus craoltar Raidió Fáilte i gceantarBhéal Feirste, agus an dá cheann acu trí mheán naGaeilge. Craoltar 50 faoin gcéad de na cláir ar Raidió anIúir, a dhéanann freastal ar cheantar an Iúir agus Mhúrna,trí mheán na Gaeilge. Stáisiún raidió Gaeilge ar líne is eaRaidió Rí-Rá agus craoltar ceol sna cairteacha air.

Is minic a chraoltar cláir Ghaeilge ar stáisiúin áitiúlaraidió. Éilítear ar stáisiúin nua raidió phobail agustráchtála atá ag feidhmiú i nDeisceart na hÉireann ábharGaeilge a chur ina sceidil.

Tá tuilleadh eolais faoi chraoltóireacht raidió trí mheánna Gaeilge ar fáil ar Cogar.ie.

Cuireann Údarás Craolacháin na hÉireann maoiniú arfáil do chláir Ghaeilge ar an teilifís agus ar an raidió faoinscéim mhaoinithe craolacháin, Sound and Vision.

TeilifísIs é TG4 an craoltóir Gaeilge, lonnaithe i nGaeltachtChonamara. Soláthraíonn sé réimse leathan clár lena n-áirítear cláir spóirt, cláir thaistil, cláir cheoil, cláir faisinagus cláir do pháistí. Tá dea-thuairim ag daoine ar ansobalchlár Ros na Rún, a bhíonn ar TG4 go rialta, agus isamhlaidh atá an scéal maidir le seirbhís nuachta anchainéil, Nuacht TG4.

Déanann TG4 cuideachtaí neamhspleácha seachtrachaléiriúcháin a choimisiúnú chun cuid mhór dá gclár adhéanamh. Díríonn cuid de na cuideachtaí seo isteach arléiriúcháin Ghaeilge amháin, agus déanann cuid eile cláirGhaeilge agus Bhéarla araon. Is baill de Screen ProducersIreland iad an chuid is mó de na léiritheoiríneamhspleácha in Éirinn. Tá cuid de na cuideachtaí

léiriúcháin Ghaeilge liostaithe i rannán na nAcmhainníthíos.

Acmhainn ilfhreastail le haghaidh cuideachtaí inIarthar na hÉireann is ea Screenwest.ie, agus soláthraíonnsé liosta cuimsitheach de chuideachtaí léiriúcháin, d’eolas,de theagmhálaithe agus de threoir.

Craoltar cláir áirithe ar RTÉ as Gaeilge, mar aon leis AnNuacht, an nuacht laethúil as Gaeilge. Craoltar cláir asGaeilge ar BBC Thuaisceart Éireann ar nós an irischláirImeall Geal agus an clár ceoil Blas Ceoil. Tá aonad naGaeilge acu i mBéal Feirste, aonad atá ag fás, agus craoltarar an teilifís agus ar an raidió.

na meáin dhigiteachaTairseach nuachta is ea Nuacht24 ar a ndéantar freastal arphobal na Gaeilge, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.Áirítear leis an tseirbhís an nuacht is déanaí agus físeáinlaethúla, chomh maith le gné-ailt, agallaimh agus

léirmheasanna ar na healaíona. Ardán don nuacht agus d’eolas na Gaeilge is ea

Gaelport.com agus bíonn cúig shruth nuachta ann adhéantar a nuashonrú go laethúil. Foilsítear air an nuachtis déanaí as Gaeilge ar ábhar ar nós cúrsaí oideachais,polaitíochta, na n-ealaíon, cúrsaí cultúir agus chúrsaí naGaeltachta, chomh maith le gné-ailt, físeáin, ghailearaithena ngrianghraf agus blaganna beo.

Seirbhís nuachta is ea Cogar.ie le haghaidh craoltóiríGaeilge a athsheoladh i 2012, agus a bhfuil béim láidiraige ar na meáin shóisialta.

Áirítear le tionscadail eile a bhaineann leis na meáinGhaeilge Dúil agus Meon Eile. Seirbhís dhátheangach arlíne is ea Dúil ar a mbíonn nuacht agus léirmheasanna arealaíona agus ar imeachtaí Gaeilge. Ardán ilmheáin ar anngréasán is ea Meon Eile ar a mbíonn tuarascálacha rialtafíseáin agus scéalta ar réimse leathan ábhar: cúrsaí reatha,cúrsaí spóirt agus cúrsaí ceoil, imeachtaí cultúrtha agusealaíona na Gaeilge ina measc. Tá láithreán Gréasáin ag BBC Thuaisceart Éireann ar abhfuil naisc le hailt, le físeáin, le hagallaimh, lepodchraoltaí agus le níos mó.

na meáin shóisialta agus blagannaBíonn láithreacht ar na meáin shóisialta ag bunús nanuachtán, na n-irisí agus na stáisiún raidió agus teilifíseGaeilge, agus déantar nasc le héisteoirí agus le léitheoirítrí Facebook, Twitter, agus trí na meáin shóisialta eile. Táleagan Gaeilge de Facebook ar fáil, agus reáchtáiltearláithreán eile meán sóisialta, Abair Leat, go hiomlán trímheán na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an láithreán seoGaeilgeoirí ar fud an domhain a nascadh le chéile. Tá breisagus seasca blag Gaeilge ar líne i láthair na huaire.

Teicneolaíocht mhóibíleach agusríomhaireachtaD’fhéadfadh céimithe a bhfuil scileanna TE agus ilmheán

acu ról a aimsiú i dteicneolaíocht mhóibíleach agusríomhaireachta. Tá deiseanna le haghaidh céimithe abhfuil spéis sa teicneolaíocht agus eolas ar an Ghaeilgeacu chun dul isteach sa mhargadh seo agus chun tuilleadhseirbhísí a fhorbairt trí mheán na Gaeilge.

Tá réimse leathan d’aipeanna Gaeilge ar fáil lehíoslódáil. Cruthaíodh aipeanna le haghaidh meáin chlóiteagus chraolta áirithe Ghaeilge ionas go mbeadh rochtainag an bpobal ar a gcuid seirbhísí trí ardáin agus tríghléasanna áirithe. Áirítear le haipeanna eile Gaeilgefoclóirí Gaeilge, aistritheoirí, leabhair agus níos mó.

Áirítear le forbairtí eile Gaeilge an méid seo a leanas.• Soláthraíonn Meteor seirbhís ghlórphoist, tar éis dóTocco a fhorbairt, guthán póca atá deartha go háirithedo mhargadh na Gaeilge, lena n-áirítear tuarthéacsáilGhaeilge.

• Cuireann Samsung Gael Fón ar fáil do gach guthán, gnéa cheadaíonn Gaeilge mar rogha teanga, lena n-áiríteartuarthéacsáil.

• D’fhorbair Vodafone agus Foras na Gaeilge bogearraísaor in aisce, Téacs, a cheadaíonn duit tuarthéacsáilGhaeilge a úsáid ar do ghuthán póca. Tá an rogha ann comhéadan Gaeilge a fháil ar roinnt

bogearraí ríomhaire. I measc na samplaí is suntasaí, táKDE, Mozilla Firefox, Mozilla Thunderbird, OpenOffice.orgagus Microsoft Windows XP. Tá rogha Gaeilge ar Vbulletin,an bogearra is coitianta chun fóraim chomhrá ar líne aóstáil. Baineann Fóram na Gaeilge, Political World agusPeoplesRepublicOfCork.com úsáid as.

Féach próifíl Michael Thornhill ar leathanach 26 faoinabheith ag obair leis an teicneolaíocht mhóibíleach.

maoiniúCuireann Údarás Craolacháin na hÉireann, Bord Scannánna hÉireann agus Filmbase maoiniú ar fáil i bPoblacht nahÉireann le haghaidh déantóirí clár agus scannán Gaeilge,agus cuireann an Ciste Craoltóireachta maoiniú ar fáil idTuaisceart Éireann. Déanann na craoltóirí TG4, RTÉ agusBBC NI cláir a choimisiúnú freisin. Tá réimse scéimeannafreisin ar fáil ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge.

Féach an rannán ar Oiliúint agus forbairt ar leathanaigh28–30.

Mar gheall ar an rath a bhí ar scéimeanna roimhe sin arnós Síol, Údar agus Scéal, is scéim forbartha é Scéal 2 athugann deis do scríbhneoirí/stiúrthóirí nua a bhfuiltallann agus bua acu scéal coitianta ó litríocht nó óbhéaloideas na Gaeilge a chur in oiriúint marghearrscannán leathuaire. Tabharfar deis d’iarratasóirí a n-éiríonn leo an scéal a fhorbairt ón mbunscript chuig an

Page 8: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Réimsí oibre

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 13

Réimsí oibre

12 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

bpointe ina ndéanfar é a léiriú agus a chraoladh ar ardán.

acmhainníGinearálta• gradireland.com/media Rannán na meán agus nafoilsitheoireachta ar gradireland.com

na meáin Chlóite• Feasta www.feasta.ie Iris liteartha Ghaeilge ar bhonnmíosúil

• Foinse www.foinse.ie Nuachtán náisiúnta Gaeilge • Nós www.nosmag.com Iris Ghaeilge • Comhar www.nosmag.com Iris Ghaeilge

Teilifís• BBC www.bbc.co.uk/irish Láithreán gréasáin Gaeilgede chuid an BBC

• Gréasán na Meán Skillnet www.greasannamean.ieGréasán ar ghnólachtaí na meán atá lonnaithe inGaeltacht Chonamara

• Gréasán Scannánaíochta agus Teilifíse na Gaeilgewww.iftn.ie

• RTÉ www.rte.ie• Screen Producers Irelandwww.screenproducersireland.com Grúpa ionadaíochle haghaidh léiritheoirí neamhspleácha scannán,teilifíse agus beochana

• TG4 www.tg4.ie Cainéal teilifíse as Gaeilge

na meáin dhigiteacha• Abair Leat abairleat.com Láithreán líonraithe shóisialtaGhaeilge

• Beo! www.beo.ie Iris ar líne do Ghaeilgeoirí• Boards.ie www.boards.ie Áirítear leis fóram Gaeilge • Cogar www.cogar.ie Seirbhís nuachta le haghaidhchraoltóirí Gaeilge

• Dúil www.duil.ie Láithreán Gréasáin dátheangach ar abhfuil nuacht agus léirmheasanna agus ealaíona agusar imeachtaí Gaeilge

• Gaelport.com www.gaelport.com Láithreán GréasáinNuachta Ghaeilge

• iGaeilge www.igaeilge.ie Blag móréilimh faoi chúrsaíreatha

• Meon Eile www.meoneile.ie Seirbhís nuachta ar líneatá lonnaithe i mBéal Feirste

• nuacht24 www.nuacht24.com Seirbhís nuachta isdéanaí atá lonnaithe i mBéal Feirste

• nuacht1.com www.nuacht1.com Naisc chuig scéaltanuachta agus imeachtaí Gaeilge

• Saol www.saol.gaeilge.ie Iris agus seirbhís nuachta arlíne

raidió• Blas www.bbc.co.uk/northernireland/irish/blas ClárGaeilge ar an raidió

• Raidió Rí-Rá www.rrr.ie Stáisiún Raidió ar líne trí mheánna Gaeilge

• Raidió Fáilte www.raidiofailte.com Stáisiún Raidió trímheán na Gaeilge, atá lonnaithe i mBéal Feirste

• Raidió Fáilte www.raidiofailte.com Stáisiún Raidió trímheán na Gaeilge, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath

• RTÉ Raidió na Gaeltachta www.rte.ie/rnag StáisiúnRaidió Náisiúnta agus na Gaeltachta

maoiniú agus Tacaíocht• Údarás Craolacháin na hÉireann www.bai.ie• filmbase www.filmbase.ie Ionad acmhainneneamhbhrabúsmhar le haghaidh scannánóirí. FoilsíonnFilm Ireland agus déanann sé maoirseacht arscéimeanna dámhachtainí; tugann sé tacaíochtlíonraithe do scannánóirí Gaeilge.

• Bord Scannán na hÉireann www.irishfilmboard.ieGníomhaireacht náisiúnta scannán na hÉireann

• Northern Ireland Screenwww.northernirelandscreen.co.uk GníomhaireachtNáisiúnta scannán do Thuaisceart Éireann

• Scéal 2 www.tg4.ie/sceal Ag tacú le scríobh scripteannado theilifís na Gaeilge.

Cuideachtaí léiriúcháin Ghaeilge:• Abú Media www.abumedia.com• Animo www.animo.ie• Fíbín www.fibin.com• Nemeton www.nemeton.ie Cuireann oiliúint ar fáil igcomhar le WIT

• Red Shoe Productions www.redshoe.ie• Rosg www.rosg.ie• Telegael www.telegael.com• Tobar www.tobarproductions.com

Aistriúchán agusateangaireacht

mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003)agus gur aithníodh an Ghaeilge mar theangaoifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh bhí

méadú ar na deiseanna i réimse an aistriúcháin agus nahateangaireachta.

Is éard atá i gceist le haistriúchán ná téacs a chur arfáil i dteanga eile agus a áirithiú go gcoinnítear anbhunchiall, le haghaidh lucht féachana faoi leith aguscuspóir faoi leith. Tá difear idir ateangaireacht agusaistriúchán ar an ábhar go bhfuil sé bunaithe archumarsáid ó bhéal, ní ar chumarsáid scríofa.

Chun a bheith i do bhall de Chumann Aistritheoiríagus Teangairí na hÉireann (ITIA), ní mór duit pas a fháilsa Scrúdú Oifigiúil Ballraíochta, chomh maith le idir dhábhliain agus cúig bliana de thaithí a bheith agat sanaistriúchán agus/nó cáilíocht mar aistritheoir/ateangaire.

Eagraíonn Foras na Gaeilge scrúdú bliantúil mar chuiddá chóras creidiúnaithe – Séala Creidiúnaithed’Aistritheoirí Gaeilge. Cuirtear iad siúd a n-éiríonn leo sascrúdú ar liosta aistritheoirí creidiúnaithe Fhoras naGaeilge. Ní mór do na haistritheoirí seo pas a fháil asscrúdú gach cúig bliana le fanacht ar an bpainéal.

Bíonn cuid mhaith den ábhar a mbíonn aistritheoiríagus ateangairí ag plé leis speisialaithe, agus ar an ábharsin bíonn ullmhúchán agus eolas ar an réimse atá i gceistag teastáil. Is minic a fhorbraíonn gairmithe sa réimseseo saineolas agus eolas ar réimse ar nós gnó, dlí nóleighis i ndiaidh roinnt blianta. Tá téarmaíocht abhaineann le hábhar go sainiúil mar chuid lárnach densaineolas sin. Chun obair a fháil san earnáil seo, tácáilíocht i staidéar an aistriúcháin nó san ateangaireachtmolta. Tá bunchéim i dteangacha inmhianaithe, cé nachbhfuil sé riachtanach.

aistriúchánÁirítear leis na deiseanna atá ar fáil aistriúchán,profléamh, logánú bogearraí, fotheidealú, bainistíochttionscadail, comhordú teanga agus bainistíocht cáilíochta.

Tá deiseanna fostaíochta ann le haghaidh aistritheoiríin eagraíochtaí poiblí, i gcomhlachtaí rialtais, in institiúidíEorpacha agus in eagraíochtaí príobháideacha. Tá seirbhísaistriúcháin (agus ateangaireachta) dá chuid féin ag Tithean Oireachtais - Rannóg an Aistriúcháin.

Dóibh siúd atá ag iarraidh gairm a leanúint ag aistriúdoiciméid dlí, tá cúrsaí agus oiliúint ar fáil ag Europus agusKing’s Inns. Is minic a dhéanann an Roinn Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta na cúrsaí seo a fhóirdheonú.

Oibríonn an tAontas Eorpach an tseirbhís is móaistriúcháin ar domhan. Tá deiseanna ar fáil mar riarthóirí,aistritheoirí agus mar dhlítheangeolaithe. Chun post buana fháil le hinstitiúid an AE, ní mór d’iarratasóirí pas a fháil igcomórtas oscailte. Ó am go céile, tagann poistshealadacha nó ar conradh chun cinn. Chun obair bhuan afháil mar aistritheoir san AE, tá sé riachtanach a bheithábalta a bheith ag obair le trí theanga Eorpacha. Órinneadh teanga oifigiúil oibre de chuid an AE í anGhaeilge i 2007, bhí éileamh rialta ann le haghaidh daoineatá in ann aistriú go Gaeilge agus d’fhéadfaí go dtiocfadhméadú ar an éileamh seo sna blianta atá romhainn.

Oibríonn cuid de na haistritheoirí go hinmheánach, achoibríonn an chuid is mó acu mar shaoraistritheoirí.Fostaithe ar thuarastal is ea aistritheoirí inmheánacha, agobair ar bhonn lánaimseartha in eagraíochtaí poiblí nó igcuideachtaí príobháideacha aistriúcháin, cuid acu arspeisealtóirí Gaeilge iad. Go hiondúil bíonn saoraistritheoiríféinfhostaithe agus oibríonn siad ón mbaile. Déananngníomhaireachtaí nó cuideachtaí aistriúcháin iad achoimisiúnú go díreach. Aimsíonn cuideachtaí iad seo óliosta na n-aistritheoirí creidiúnaithe ar láithreán GréasáinFhoras na Gaeilge agus ó chlár ITIA.

Éilíonn gach custaiméir an caighdeán is airdeaistriúcháin, lena n-áirítear eagraíochtaí poiblí,comhlachtaí rialtais, na hInstitiúidí Eorpacha aguseagraíochtaí príobháideacha. Bheifí ag súil leis go mbeadhaistritheoirí a bhfuil taithí acu in ann 2,000 focal sa lá aaistriú, ag brath ar an gcineál téacs. Úsáideannaistritheoirí gairmiúla áirithe bogearraí aistriúcháin inagcuid oibre ó lá go lá.

ateangaireachtBíonn deiseanna ar fáil in Éirinn go háirithe in imeachtaían Oireachtais, i gcomhdhálacha idirnáisiúnta, inimeachtaí dlí agus i gcúram sláinte, ag déanamhateangaireachta do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge marchéad teanga acu. Baintear úsáid as ateangairí Gaeilge ibParlaimint na hEorpa agus sa Choimisiún Eorpach.

Page 9: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Réimsí oibre

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 1514 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

d’fhéadfadh pobal na Gaeilge a bheith ina mhargadhmór le haghaidh earraí agus seirbhísí. Chun ancumas seo a bhaint amach, chuir cuid mhór

cuideachtaí tús le díriú isteach ar an margadh seo agus agcuid seirbhísí a thairiscint trí mheán na Gaeilge. I nDaonáireamh na hÉireann i 2011, rinneadh taifead armhéadú de 7.1 faoin gcéad i líon na ndaoine a chuir in iúl goraibh Gaeilge acu, arb ionann é agus 41.4 faoin gcéad denphobal. I dtéarmaí gnó, is ionann an staitistic seo agus 1.77milliún custaiméir a d’fhéadfadh a bheith ann sa Phoblacht(agus 167,490 ar a bharr seo i dTuaisceart Éireann) agus deréir mar a thagann borradh ar earnáil na Gaelscolaíochta, isamhlaidh go dtiocfadh borradh ar an margadh seo freisin.Ní raibh sé níos tábhachtaí riamh an deis chun leas a bhaintas cumas margaíochta na Gaeilge, sa bhaile agus thar lear.

De réir mar atá le gach earnáil, tá dul chun cinngairmiúil bunaithe ar fheidhmíocht. I gcás na gcuideachtaíis mó go háirithe, meastar gur gné thábhachtach í abheith ábalta tú féin a scaradh ón slua: is léiriú é seolíofacht sa Ghaeilge.

Ar na saolta deireanacha seo, mheall an Ghaeilge airdshuntasach i saol an ghnó, agus ceannairí na margaíochtaag éirí níos tuisceanaí faoin nGaeilge mar ghléasmargaíochta. Acmhainn atá sa Ghaeilge nár bhain cuidmhór gnólachtaí úsáid aisti agus is buntáiste ollmhór doghnólachtaí é céimithe a bhfuil Gaeilge acu.

roghanna fostaíochtaTá deiseanna ann do Ghaeilgeoirí agus dóibh siúd a bhfuilspéis acu sa Ghaeilge i réimsí áirithe. Earcóidh cuideachtaícéimithe a bhfuil cáilíochtaí, taithí agus scileannateicniúla acu a bhaineann lena ngnó. D’fhéadfadh gombeadh spéis ag cuideachtaí atá ag díriú isteach ar phobalna Gaeilge i gcéimithe a bhfuil na scileanna seo acuchomh maith le hardchaighdeán líofachta sa Ghaeilge. D’fhéadfadh go bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéidea bhaineann le soláthar seirbhísí ann a dhéanann a gcuidgnó trí mheán na Gaeilge amháin.Samplaí de seo iseaistriúchán, seirbhísí dlí, cuntasaíocht, tacaíochttheicniúil, dearadh grafach, dearadh láithreán Gréasáin,fógraíocht, Caidreamh Poiblí, margaíocht, ailtireacht,díolacháin agus seirbhísí custaiméirí.

Maidir le cuideachtaí a bhíonn ag obair trí mheán anBhéarla den chuid is mó, nuair a bhíonn ball foirne acu atádátheangach tugann sé sin deis dóibh seirbhísí athairiscint do phobal na Gaeilge, a chuireann luach lenarogha teanga a bheith acu agus iad i mbun gnó. Bíonn ról tábhachtach ag speisialtóirí i gcaidrimh phoiblí,sa mhargaíocht agus i gcúrsaí fógraíochta nuair a bhítearag fógairt cuideachta mar aon lena seirbhísí nó táirgí. Marchuid de seo freisin bíonn dearthóirí dátheangacha aullmhaíonn ábhar lena fhoilsiú, is cuma leabhair, ábharCaidrimh Phoiblí nó fógraíochta a bhíonn i gceist. Tá goleor cainteoirí Gaeilge fostaithe ag comhlachtaí Caidrimh

“Difreálaí atá sa Ghaeilge a d’fhéadfadh abheith ina cuidiú, má chuirtear i bhfeidhmgo sciliúil agus le breithiúnas í, maidir lehiomaíochas i gcomórtas atá ag éirí níosdomhanda de réir a chéile. Is teangaleithleach í an Ghaeilge. Níl sí ag duine arbith eile! Tá luach branda aici inti féin.

Tom Trainor, Príomhfheidhmeannach, An InstitiúidMhargaíochta

• Cuir feabhas ar do chumas sa teanga.• Cuir tú féin ar an eolas faoi na bogearraí aistriúcháin ambaintear úsáid astu sa tionscadal, ar nós Trados,Wordfast agus Dejà Vu.

• Déan taighde ar na sainfhoclóirí agus na hacmhainníar líne atá ar fáil don Ghaeilge, msh www.focal.ie.

• Tabhair cuairt ar láithreán Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an AE le haghaidh Aistriúcháin agusAteangaireachta (féach thíos).

• Uaslódáil do CV agus samplaí de do chuid oibre chuigwww.proz.com, acmhainn aistriúcháin le haghaidhaistritheoirí agus gníomhaireachtaí.

• Cuir do CV thart ar na cuideachtaí ábhartha aistriúcháin.• Téigh ar lorg socrúchán cuí oibre.• Bain cáilíocht amach.• Déan scrúdú Fhoras na Gaeilge.• Glac ballraíocht le Cumann Aistritheoirí agus Teangairína hÉireann.

• Déan taighde agus cleachtadh ar théarmaíocht nua.• Cuir le do chuid eolais ar chúrsaí reatha (a bhfuiltábhacht mhór ag baint leis d’ateangairí go háirithe).

leideanna úsáideaCha

Sheol Foras na Gaeilge córas nua creidiúnaithe lehaghaidh eagarthóirí go sainiúil i 2011 agus táthar ag súilleis go mbeidh scrúdú ann ar bhonn rialta. Ceadaíonn,forbraíonn agus soláthraíonn Coiste Téarmaíochta Fhorasna Gaeilge téarmaíocht údarásach chaighdeánaitheGhaeilge chun an teanga a fhorbairt mar mheán nua-aimseartha sa saol nua-aimseartha, de réir na riachtanasreachtúil. Tugann foireann an Choiste Théarmaíochtaceardlanna faoi ghnéithe éagsúla d’obair na téarmaíochtaar bhonn rialta, agus d’fhéadfadh céimithe a bhfuil spéisacu sa réimse sin fostaíocht a fháil ann. Tugann FiontarDCU comhaltachtaí agus fostaíocht sa réimse seo.

Féach leathanaigh 28–30 le haghaidh eolais faoi staidéariarchéime.

acmhainníGinearálta• www.acmhainn.ie Áis téarmaíochta le haghaidhaistritheoirí

• www.focal.ie Bunachar Sonraí Náisiúnta Téarmaíochta• Foras na Gaeilge www.gaeilge.ie GníomhaireachtTionscnaimh Tras-Teorann na Gaeilge Áirítear leis seoleathanach d’Aistritheoirí/Téarmaí agus eolas faoichórais chreidiúnaithe(www.gaeilge.ie/Terms_and_Translations/Accreditation_Systems_for_Translators_and_Editors.asp) agusleathanach faoin gCoiste Téarmaíochta(www.forasnagaeilge.ie/foras_na_gaeilge/the_terminology_committee.asp)

• Gaelport.com www.gaelport.com Tairseach ChomhdháilNáisiúnta na Gaeilge ar a bhfuil eolas faoin teanga.

• Údarás na Gaeltachta www.udaras.ie ÚdarásRéigiúnach na Gaeltachta

• www.translatorsassociation.ie Cumann Aistritheoiríagus Teangairí na hÉireann

• www.proz.com Eolaire faoi acmhainní aistriúcháinghairmiúil

• gradireland.com/languages Rannán teangacha aguscultúir ar gradireland.com

• gradireland Graduate Careers in Languages Leabhrán arfáil le híoslódáil ó gradireland.com/publications

an eoraip• europa.eu/epso an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne • ec.europa.eu/dgs/translation Ard-Stiúrthóireacht anAistriúcháin de chuid an AE

• ec.europa.eu/scic Ard-Stiúrthóireacht nahAteangaireachta de chuid an AE

Chun post buan a fháil mar ateangaire le hinstitiúid anAE, ní mór d’iarratasóirí pas a fháil i gcomórtas oscailte. Isé an bunriachtanas atá ann d’ateangaire atá ag obair sanAE ná cumas a bheith aige/aici obair le trí theangaEorpacha (agus an mháthairtheanga san áireamh). Margheall ar an easpa iarratasóirí cáilithe mar is ceart,d’fhéadfaí an gá le haghaidh an tríú teanga Eorpach atharscaoileadh le haghaidh ateangairí atá ag obair leis annGaeilge.

D’fhéadfadh saor-ateangairí a bhfuil spéis acu a bheithag obair in institiúidí an AE cur isteach ar scrúdúateangaireachta le bheith cláraithe ar liosta na n-ateangairí cúnta comhdhála a mbíonn Institiúidí nahEorpa ar lorg a gcuid seirbhísí.

Dóibh siúd a bhfuil spéis acu san ateangaireacht, féach anrannán ar Oiliúint agus forbairt ar leathanaigh 28–30.

Poist ábharthaÁirítear le deiseanna eile a bhaineann leis an earnáil seoeagarthóirí, profléitheoirí, foclóirithe agus téarmeolaithe.Cuireann foclóirí foclóirí le chéile agus déananntéarmeolaithe staidéar ar théarmaí agus ar fhocailspeisialaithe. Cinntíonn eagarthóirí agus profléitheoirí gombíonn téacsanna atá scríofa le haghaidh foilsithe scríofago maith, cruinn de réir na gramadaí agus inléite.

Réimsí oibre

An Earnáil Phríobháideach

Page 10: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Réimsí oibre

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 17

Réimsí oibre

16 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

Phoiblí toisc gur féidir ionadaíocht a dhéanamh do leas anchliaint sna meáin Ghaeilge agus chun riachtanais Acht nadTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh.

Cuideachtaí speisialaithe Te Forbraíonn cuideachtaí áirithe TE bogearraí agusteicneolaíocht a théann i ngleic le ceisteanna a bhaineanngo sonrach le húsáideoirí a bhfuil Gaeilge acu.D’fhéadfadh céimí ag a bhfuil an meascán ceart descileanna teicniúla agus líofacht sa teanga gairm bheathafhiúntach a fháil sa réimse seo, ní amháin in Éirinn, ach ibpobail mhionteangacha fud fad an domhain.

Comhlachtaí ilnáisiuntaCuireann Comhlachtaí Ilnáisiunta fáilte roimh éagsúlachtchultúrtha ina n-eagraíochtaí agus bíonn siad ar theann andíchill a bheith mar chuid den phobal áitiúil ina gcuidbrainsí fud fad an domhain. In Éirinn, d’fhéadfaí anGhaeilge a ionchorprú ina n-ábhar margaíochta nópoiblíochta, ina straitéisí margaíochta nó ina gcláir umfhreagracht shóisialta chorparáideach.

FionraitheTá go leor deiseanna ann le haghaidh céimithe chun tús achur lena gcuid gnólachtaí féin agus iad a fhorbairt. Má tásé ar do chumas nideog sa mhargadh a aithint agus anochtadh, d’fhéadfaí an rogha seo a ghlacadh. Tá an t-éileamh ar tháirgí a bhaineann go sainiúil leis anteanga agus a mbíonn tóir mhór orthu ar nós Babógbabyagus Get the Focal ag fás.

Áirítear le heagraíochtaí atá maoinithe ag an Rialtasagus a thacaíonn le gnólachtaí nua Údarás na Gaeltachta,Foras na Gaeilge (gnólachtaí a bhaineann leis an teangaamháin), Gael-Taca agus Forbairt Feirste. Áirítear leheagraíochtaí eile atá lonnaithe go háitiúil Gaillimh leGaeilge (Gaillimh); Gnó Mhaigh Eo (Maigh Eo); GradamGnó na nDéise (Port Láirge).

dámhachtainí Gnó na Gaeilge• Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh: DámhachtainBhliantúil Ghnó na Gaillimhe

• Dámhachtainí Gnó Loch Lao: Aithníonn ócáidthábhachtach bronnta dámhachtainí Fhorbairt Feirsteiad siúd a léirigh nuálaíocht agus tiomantas in úsáid nateanga mar ghléas chun gnó a dhéanamh.

• Dámhachtainí na 50 Gnólacht Gaeilge is Fearr:Aithnítear leis na dámhachtainí trasteorann seocuideachtaí, ceannairí agus eagraíochtaí gnó aúsáideann an Ghaeilge mar chuid lárnach dángnólachtaí.

• Gradam Phádraig Uí Chuanacháin: dámhachtainbhliantúil a bhronnann Gael-Taca ar ghnólachtaíChorcaí gach bliain

• Gradam Gnó na nDéise: dámhachtain bhliantúil trína n-aithnítear iarrachtaí gnólachtaí atá lonnaithe i bPortLáirge i gcur chun cinn na teanga

Déanann Foras na Gaeilge urraíocht freisin arDhámhachtainí Margaíochta Uile-Éireann a léiríonn obairna bhfeachtas margaíochtaí trí mheán na Gaeilge.

maoiniúTugann Foras na Gaeilge maoiniú do ghnólachtaí nua lehaghaidh comharthaíocht dhátheangach agus ábharmargaíochta.

acmhainní• Forbairt Feirste www.forbairtfeirste.com Le haghaidhgnólachtaí atá lonnaithe i mBéal Feirste

• Dámhachtainí Gnó Loch Laowww.forbairtfeirste.com/gno-na-gaeilge-irish-means-business/gradam-loch-lab

• Foras na Gaeilge www.gaeilge.ieGníomhaireachtTionscnaimh Tras-Teorann na Gaeilge

• Gaelport.com www.gaelport.com Láithreán GréasáinNuachta Gaeilge, ina liostaítear folúntais agus deiseannamaoinithe

• Gael-Taca www.forbairtfeirste.com Le haghaidhgnólachtaí atá lonnaithe i gCathair Chorcaí

• Gaillimh le Gaeilge www.gleg.ie Le haghaidh gnólachtaíatá lonnaithe i gcathair na Gaillimhe

• Gnó Mhaigh Eo www.gnomhaigheo.ie Le haghaidhgnólachtaí atá lonnaithe i gCo. Mhaigh Eo

• Údarás na Gaeltachta www.udaras.ieÚdarás Réigiúnachna Gaeltachta

• Tá grúpaí ag gréasáin shóisialta ar nós Linkedin agus Gnóle Gaeilge agus is féidir le daoine a bhfuil spéis acu i gcurchun cinn an ghnó trí mheán na Gaeilge smaointe amhalartú agus gréasánú a dhéanamh iontu.

Cultúr: na healaíona,oidhreacht agus teanga

Cuid bheomhar de shaol sóisialta agus eacnamaíochna Gaeilge is ea an earnáil chultúir. Cé go n-oibríonnroinnt céimithe mar chleachtóirí sna healaíona, tá

deiseanna ann freisin le haghaidh foireann theicniúil,oideachais agus riaracháin. Tá deiseanna maithe annd’aisteoirí agus scríbhneoirí a bhfuil Gaeilge acu, go háirithei gcláir atá coimisiúnaithe le haghaidh na teilifíse.

na healaíonaTá deiseanna le haghaidh céimithe san earnáil seo leis nahúdaráis áitiúla, le healaíona an phobail, le bainistíochtimeachtaí, leis na hilmheáin, le gailearaithe agus tádeiseanna féinfhostaíochta ann freisin. Buntáiste faoi leithis ea cáilíocht sna healaíona nó i ndisciplín a bhaineann ledearadh, nó i stair nó i mbainistíocht na n-ealaíon nó nadtaibh-ealaíon.

Tacaíonn Foras na Gaeilge, Ealaín na Gaeltachta agus naComhairlí Ealaíon ó thuaidh agus ó dheas le heagraíochtaíealaíon a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge trímhaoiniú a chur ar fáil do thionscadail agus d’ealaíontóirífaoi leith trí sparánachtaí agus trí chónaitheachtaí.

Tá na hionaid chultúrtha ó thuaidh faoi bhláth freisin,agus Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agusCultúrlann Uí Chanáin i nDoire i measc nabpríomhshamplaí de seo.

FéilteCuireann Oireachtas na Gaeilge ealaíona traidisiúnta naGaeilge chun cinn agus eagraíonn féile bhliantúil lehaitheantas a thabhairt do cheoltóirí, do dhamhsóirí, agusd’aithriseoirí sna healaíona traidisiúnta. Eagraíonn aneagraíocht dámhachtainí agus comórtais le haghaidhscríbhneoirí agus daoine gairmiúla sna meáin. Áirítear leféilte bliantúla eile An Fhéile Phan-Cheilteach, Sean-NósCois Life, Scoileanna Samhraidh agus Geimhridh Merriman,Turas na bhFilí agus Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal namBuillí. Tacaíonn Pléaráca le forbairt na n-ealaíontraidisiúnta i nGaeltacht Chonamara.

Tacaíonn Comhaltas Ceoltóirí Éireann leis an nGaeilgefreisin, agus eagraíonn sé imeachtaí Gaeilge mar chuid de nafleánna i rith na bliana agus tugann tacaíocht agus oiliúintd’imeachtaí Gaeilge a bhaineann leis an gceol traidisiúnta.

drámaíochtBíonn drámaíocht na Gaeilge de shíor ag athrú agus agforbairt, le grúpaí ar nós Fíbín, Aisling Ghéar agus AisteoiríBulfin ag léiriú drámaí iontacha as Gaeilge. Cuideachtaghairmiúil léiriúcháin nua is ea TíAitreo lonnaithe i mBaileÁtha Cliath agus ar speisialtóir i ndrámaí Gaeilge í.Osclaíodh doirse An Taibhdhearc, an compántasdrámaíochta Gaeilge atá lonnaithe i nGaillimh, arís i 2012.Thaibhigh cuid mhór aisteoirí Gaeilge san amharclann seoagus tugann sé deis do scríbhneoirí a gcuid oibre agustallainne a léiriú.

Tá drámaí raidió á gcraoladh freisin ar Raidió na Life,Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ, agus tacaíonn scéimÚdarás Craolacháin na hÉireann, Sound and Vision, leis.

Page 11: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Réimsí oibre

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 19

Areas of work

18 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

Reáchtálann Oireachtas na Gaeilge comórtais litríochtagach bliain do scríbhneoirí Gaeilge, agus mír faoi leith annle haghaidh scripteanna drámaíochta ar an raidió.

Cur chun cinn agus forbairt na teanga Déantar oifigigh a fhostú leis an teanga a chur chun cinnar leibhéal áitiúil agus náisiúnta, in eagraíochtaí pobailagus eagraíochtaí neamhbhrabúis. Fostaíonn údaráisáitiúla oifigigh Ghaeilge a dhéanann comhoibriú leheagraíochtaí áitiúla ealaíon agus teanga sa cheantar. Reáchtálann cumainn óige Ghaeilge, ar nós Feachtas,Ógras agus Cumann na bhFiann, clubanna óige ar fud natíre. Tá baint ag grúpaí pobail agus ag comharchumainn arfud na Gaeltachta go háirithe le cur chun cinn agus leforbairt na Gaeilge. Áirítear le heagraíochtaí eile a mbíonnbaint acu leis seo ná:• Soláthraíonn Gael Linn agus Conradh na Gaeilge réimseleathan de sheirbhís oideachasúla agus cultúrtha ar fudna tíre.

• Bronnann Glór na nGael duaiseanna ar choistí áitiúla achuireann an Ghaeilge chun cinn.

• Scátheagras is ea Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge adhéanann ionadaíocht do chuid mhór eagraíochtaíGaeilge neamhbhrabúis.

• Cuideachta mhaoinithe trasteorann is ea Foras naGaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus afhorbairt agus cuireann sé maoiniú ar fáil d’ oifigighGhaeilge sna pobail áitiúla ó thuaidh agus ó dheas.

Mar an gcéanna, cuireann Pobal agus Comhaltas Uladh anteanga agus imeachtaí chun cinn i dTuaisceart Éireann.As siocair go bhfuil sainchúram na n-eagraíochtaí achuireann an teanga chun cinn measartha leathan,fostaíonn siad daoine ó réimse leathan disciplíní ar nósmargaíochta, oideachais, airgeadais, bainistíochtimeachta, foilsitheoireachta agus caidrimh phoiblí.

oidhreachtTá deiseanna fostaíochta ann le haghaidh coimeádaithe,foireann oideachais, treoraithe/bainisteoirí agus riarthóiríin iarsmalanna agus i láithreáin oidhreachta ar fud na tíre. Tá leabharlanna agus cartlanna ann a bhfuil céatadán ardd’ábhar na Gaeilge ina gcuid bailiúchán, agus ní mór doleabharlannaithe atá fostaithe i gcóras na leabharlainnepoiblí riachtanas na Gaeilge a shásamh. Maireanncartlanna i réimse leathan d’eagraíochtaí lena n-áirítear nameáin, údaráis áitiúla, eagraíochtaí oideachais agusfiontair phríobháideacha.

Tá deiseanna ann do Ghaeilge i réimse naturasóireachta cultúrtha, go háirithe sa Ghaeltacht, agusis minic a fhostaíonn údaráis áitiúla oifigigh oidhreachta.

Bíonn an cháilíocht chuí ag cuid mhór a oibríonn in earnáilna hoidhreachta sa stair, sa tseandálaíocht, i staidéirleabharlainne nó cartlainne, sa bhéaloideas, i stair nahealaíona, i mbainistíocht iarsmalainne, in oideachas nódearadh.

acmhainníGinearálta• Foras na Gaeilge www.gaeilge.ie GníomhaireachtTionscnaimh Tras-Teorann na Gaeilge

• Údarás na Gaeltachta www.udaras.ie ÚdarásRéigiúnach na Gaeltachta

ealaíona• Aisling Ghéar www.aislingghear.com Compántasgairmiúil drámaíochta lonnaithe i mBéal Feirste.

• Oireachtas na Gaeilge www.antoireachtas.ie Eagraíonnsé an fhéile ealaíon Gaeilge is mó sa tír ar bhonnbliantúil san fhómhar, chomh maith le comórtaislitríochta.

• Comhairle Ealaíon na hÉireann www.artscouncil.ie• Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireannwww.artscouncil.ie

• An Taibhdhearc www.antaibhdhearc.com AmharclannNáisiúnta Gaeilge

• Údarás Craolacháin na hÉireann www.bai.ieReáchtálann sé Scéim Maoinithe Craolacháin (Sound &Vision II)

• Colmcille www.colmcille.net Cuireann sé chun cinnúsáid na dteangacha Gaelacha in Éirinn agus in Albain.

• Comhaltas Ceoltóirí Éireann comhaltas.ie Cuireann séchun cinn ceol traidisiúnta agus cultúr na hÉireann

• Cultúrlann www.culturlann.ie Ionad cultúrthalonnaithe i mBéal Feirste

• An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta www.drama-gaeilge.com Cumann Náisiúnta Drámaíochta

• Dúil www.duil.ie Irisleabhar Ealaíona na Gaeilge

• Ealaín na Gaeltachta www.ealain.ie Forbraíonn síealaíona dúchasacha agus nua-aimseartha saGhaeltacht

• Fíbín www.fibin.com Compántas drámaíochta aguspuipéadóireachta lonnaithe i gConamara agus déanannFíbín freisin léiriúcháin raidió agus teilifíse, chomhmaith le tionscadail oideachais.

• Cumann Merriman www.merriman.ie Scoil Samhraidhagus Gheimhridh Merriman

• Fóram Amharclannaíochta na hÉireannwww.theatreforumireland.com Deiseanna eolais,oiliúna agus taighde

• Institiúid Amharclannaíochta na hÉireannwww.irishtheatreinstitute.com Soláthraíonn sí eolas,taighde agus deiseanna líonraithe

• An Fhéile Phan-Cheilteach www.panceltic.ie• Pléaráca www.plearaca.ie Ag tacú le forbairt na n-ealaíon traidisiúnta i nGaeltacht Chonamara

• Sean-Nós Cois Life www.seannos.ie• Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillíwww.strokestownpoetry.org

• gradireland.com/arts Rannán faoi thaibh-ealaíona agusealaíona cruthaitheacha ar gradireland.com

Cur chun cinn na teanga• Cumann na bhFiann www.colaistenabhfiann.ie Aneagraíocht náisiúnta óige Gaeilge is mó sa tír

• Conradh na Gaeilge ww.cnag.ie Cuireann sé anGhaeilge chun cinn ar fud na hÉireann agus ar fud andomhain

• Gaelport.com www.gaelport.comTairseach ChomhdháilNáisiúnta na Gaeilge ar a bhfuil eolas faoin teanga

• Foras na Gaeilge www.gaeilge.ie GníomhaireachtTionscnaimh Tras-Teorann na Gaeilge

• Gael Linn www.gael-linn.ie• Glór na nGael www.glornangael.ie• Ógras www.ogras.ie Eagraíocht óige Gaeilge.• Pobal www.pobal.org Scátheagras do phobal na Gaeilge• Feachtas www.youth.ie/nyci/feachtas ComhairleNáisiúnta na nÓg

• gradireland.com/languages Rannán teangacha aguscultúir ar gradireland.com

oidhreacht• An Chomhairle Oidhreachta www.heritagecouncil.ie• Cumann na gCartlannaithe (RA agus Éire)www.archives.org.uk

• Cumann Músaem na hÉireann www.irishmuseums.orgForas uile-Éireann agus liosta folúntas ann

• Bí páirteach sna cumainn ealaíon/teanga sa choláiste.• Cláraigh le nuachtlitir Gaelport.• Bí ag obair go deonach le himeachtaí cultúrtha agusféilte Gaeilge nó déan freastal orthu.

• Bí ag obair mar threoraí nó mar oibrí eolais arláithreáin oidhreachta le linn thréimhse na saoire.

• Léirigh suim i gcaomhnú an chomhshaoil.• Léirigh gur ghlac tú páirt in imeachtaí pobail agus/nóteanga.

UseFUl TiPs

Page 12: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Réimsí oibre

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 21

Réimsí oibre

20 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

An earnáil phoiblí

Cuimsíonn an earnáil phoiblí an státseirbhís, gachrannóg lárnach de chuid an rialtais, údaráis áitiúlaagus cuideachtaí atá maoinithe ó airgead poiblí.

Áirítear le réimsí fostaíochta poist riaracháin agustheicniúla ar ghráid áirithe, ón mbunleibhéal gobainistíocht shinsearach. Tá deiseanna ar fáil freisin snaréimsí speisialta seo a leanas:

oideachas: Poblacht na hÉireannTá buntáiste faoi leith ag mic léinn agus céimithe atá arlorg oibre i réimse an oideachais má tá siad líofa saGhaeilge. Tá deiseanna ar fáil ó leibhéal naréamhscolaíochta go dtí an tríú leibhéal ar fud na tíre, óthuaidh agus ó dheas. Is tábhachtaí i bhfad ná riamhardchaighdeán labhairt na Gaeilge a bheith agat, goháirithe ag an dara leibhéal, as siocair gurb ionann anscrúdú cainte san Ardteistiméireacht agus 40% den ghráddeiridh. Maireann poist le haghaidh Gaeilgeoirí imbunscoileanna agus i meánscoileanna príomhshrutha,agus i nGaelscoileanna, i nGaelcholáistí agus i scoileanna igceantair na Gaeltachta.

naíonraíTá breis agus 270 naíonra lonnaithe ar fud na hÉireann inandéantar freastal ar pháistí idir trí bliana d’aois agus cúigbliana d’aois. Tá poist áirithe sa réimse seo oibre, idirchúntóirí naíonraí agus cheannairí go stiúrthóirí. Tádeiseanna ann freisin i réimse an oideachais luath-óige.

Féach próifíl Sheáin Uí Adhmaill ar leathanach 25 chuntuilleadh a léamh faoi fhorbairt naíonraí.

GaelscoileannaTá ardéileamh ar an scolaíocht trí mheán na Gaeilge agleibhéal na bunscoile agus na meánscoile, agus táscoileanna nua á mbunú agus á bhforbairt. Ciallaíonn séseo go ndéantar múinteoirí agus riarthóirí nua a fhostú sachás ina mbíonn líofacht sa Ghaeilge riachtanach. ÓMheán Fómhair 2012, bhí 177 bunscoil agus 41 meánscoillán-Ghaeilge sa Phoblacht. Ar a bharr sin, bhí 140 bunscoilagus 26 meánscoil sa Ghaeltacht. Bíonn na scoileanna deshíor ar lorg céimithe agus na cáilíochtaí oiriúnacha acuchun folúntais a líonadh, agus bíonn gá le hardchaighdeánGaeilge, idir Ghaeilge labhartha agus Ghaeilge scríofa.Bíonn an-éileamh ar mhúinteoirí meánscoile a bhfuilGaeilge líofa acu ábhair eile a theagasc ar nós naheolaíochta, na matamaitice, eacnamaíocht bhaile agusna cuntasaíochta.

Tríú leibhéalTá cuid mhór cúrsaí trí mheán na Gaeilge ar fáil ininstitiúidí tríú leibhéal. Ba cheart do mhic léinn agus dochéimithe a bhfuil spéis acu sa taighde nó saléachtóireacht sa tríú leibhéal fiosrú faoi dheiseannamaoinithe do mhic léinn PhD, chomh maith le deiseannachun fochéimithe a theagasc. Tá cuid mhór deiseannataighde i réimse an oideachais lán-Ghaeilge go háirithe.

Féach leathanaigh 28–30 le haghaidh eolais faoi staidéariarchéime.

oideachas aosachIs minic a bhíonn daoine fásta in Éirinn agus thar lear armian leo caighdeán a gcuid Gaeilge a fheabhsú ag freastalar ranganna Gaeilge a chuireann na heagraíochtaí Gaeilge,ionaid don oideachas aosach agus an earnáil tríú leibhéalar fáil. Cuireann Coistí Gairmoideachais seirbhís iontach arfáil ar fud na tíre d’fhoghlaimeoirí aosacha Gaeilge ar gachleibhéal. Tugann na scileanna a bhaineann lefoghlaimeoirí aosacha a theagasc deiseanna fostaíochtado chéimithe agus do mhúinteoirí nua.

deiseanna eile san earnáil oideachaisÁirítear le poist eile i réimse an oideachais ná forbairtchuraclaim, poist chigireachta agus forbairt acmhainníteagaisc. Tá gá ann le hacmhainní teagaisc Ghaeilge, goháirithe ag leibhéal na meánscolaíochta, agus tádeiseanna ann sa réimse seo do mhúinteoirí cáilithe abhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu. D’fhéadfadh céimithe abhfuil scileanna TE, scileanna teagaisc agus smaointe

cruthaitheacha acu cuidiú le forbairt acmhainníidirghníomhacha le haghaidh múinteoirí. Tá obair denchineál seo ar fáil ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaimagus Measúnachta (NCCA), ag an gComhairle Teagaisc, agan gComhairle um Oideachas Gaeltachta agusGaelscolaíochta (COGG) agus ag an Roinn Oideachais agusScileanna.

oideachas: Tuaisceart ÉireannÓ Mheán Fómhair 2012, tá 45 naíonra, 36 bunscoil aguscúig mheánscoil i dTuaisceart Éireann. Tá an t-éileamh aroideachais trí mheán na Gaeilge ag ardú de réir maraithnítear tuilleadh scoileanna mar Ghaelscoileanna.Glúin nua de mhúinteoirí sa tuaisceart a bhfuil Gaeilgeacu is ea na mic léinn a bhain céim amach le déanaí sachúrsa Teagasc Iarchéime san Oideachas (TICO -Meánscolaíocht) a reáchtáiltear in éineacht le hOllscoil naBanríona, Béal Feirste, Ollscoil Uladh agus Coláiste Mhuire,Béal Feirste. Tá cúrsa TICO trí mheán na Gaeilge ar fáilfreisin i gColáiste Mhuire, Béal Feirste don Ghaeloideachas(Bunscolaíocht).

Féach leathanaigh 28–30 le haghaidh eolais maidir lestaidéar iarchéime.

oideachas: thar learTugann Clár Fulbright le haghaidh Cúntóirí TeagaiscTeangacha Iasachta (FLTA) deis do chéimithe a bhfuilGaeilge acu a bheith ag obair i gcoláistí agus inollscoileanna a sholáthraíonn ranganna Gaeilge sna StáitAontaithe. Áirítear leis na critéir iontrála líofacht saGhaeilge, bunchéim, taithí teagaisc agus spéis a bheithmar ambasadóir cultúrtha ar son na hÉireann. TugannFulbright freisin deiseanna do lucht acadúil na Gaeilge argach leibhéal a bheith ag teagasc agus a bheith i mbuntaighde i SAM. Tá dámhachtainí Gaeilge ag FondúireachtOllscoile na hÉireann agus Cheanada freisin, a chuireannscoláireachtaí ar fáil gach bliain do chéimithe am achaitheamh ag teagasc Gaeilge i gCeanada. I láthair nahuaire, tá breis agus 30 coláiste tríú leibhéal agusollscoileanna i SAM, i gCeanada (mar a bhfuil Gaeltachtann), san Astráil, i dtíortha na hEorpa agus níos faide arshiúl, a chuireann cláir Ghaeilge agus staidéar ar angCeiltis ar fáil ina n-institiúidí féin. Déanann institiúidíáirithe sa Bhreatain, ar nós Choláiste na nGael i Londain,ranganna Gaeilge a chur ar fáil. Tugann sé seo deis dochéimithe taisteal agus Gaeilge a theagasc thar lear.

Page 13: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Réimsí oibre

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 23

Réimsí oibre

22 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

oideachas• An tÁisaonad www.aisaonad.org Ábhair oideachais achur ar fáil d’earnáil an Ghaeloideachais atá arardchaighdeán agus ar phraghas cosúil leis na hábhairchéanna atá ar fáil as Béarla

• An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agusGaelscolaíochta www.cogg.ie Acmhainn le haghaidhtheagasc na Gaeilge i scoileanna

• Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG)www.comhairle.org An grúpa ionadaíoch a bhfuil sémar aidhm aige oideachas lán-Ghaeilge a chur chuncinn, a éascú agus a spreagadh i dTuaisceart Éireann

• Comhar an Tuaiscirt www.cnmg.ie Acmhainní uile-oileáin le haghaidh mhúinteoirí Gaeilge, a chuireannoiliúint agus eolas ar fáil

• EducationCareers.ie www.educationcareers.ie InneallCuardaigh gairmeacha

• EducationPosts.ie www.educationposts.com LáithreánGréasáin earcaíochta oideachais An Foras Pátrúnachtawww.foras.ie Pátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge inÉirinn ag leibhéal na bunscoile agus na meánscoile.

• Coimisiún Fulbright in Éirinnwww.fulbright.ie• Gaelscoileanna www.gaelscoileanna.ie Scolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt.

• Fondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanadawww.icuf.ie

• Iontaobhas na Gaelscolaíochtawww.iontaobhasnag.com Bonn airgeadais a chur ar fáilchun an Ciste Iontaobhais don Ghaeloideachas afhorbairt agus chun tacú leis.

• Forbairt Naíonraí Teo www.naionrai.ie Tacú le cur chuncinn Gaeloideachais sna Luathbhlianta agus le cúramdo pháistí

• gradireland.com/teaching Rannóg an teagaisc agus anoideachais ar gradireland.com

• Bí ag obair mar cheannaire óige nó mar mhúinteoir lecoláiste Gaeilge samhraidh.

• Bí páirteach i gcampaí samhraidh Gaeilge do pháistí.• Bí ar an eolas faoi chúrsaí oiliúna nó ranganna ar bitha d’fhéadfadh cuidiú leat do chuid scileanna TE aguscruthaitheacha a fhorbairt.

• Bí páirteach i gcampaí samhraidh Gaeilge do pháistí.• Déan obair dheonach le heagraíocht oideachais nóforbartha thar lear.

• Bí ag obair ar scéim oideachais i gceantar atá faoimhíbhuntáiste.

• Bí páirteach i dtraenáil spóirt.• Bí páirteach i gCumann Gaelach do choláiste agus snacumainn ealaíona.

• Faigh post samhraidh sa Ghaeltacht.• Glac páirt i gcláir chreidiúnaithe dheonacha agussheach-churaclaim (comhpháirteachas poiblí).

leideanna úsáideaCha

sláinteBuntáiste is ea cumas sa Ghaeilge labhartha in earnáil nasláinte as siocair go ndéanann sé idirdhealú idir céimitheagus gairmithe eile sláinte agus tugann sé deis dóibhnideog a chruthú dóibh féin, go háirithe sa Ghaeltacht.D’fhéadfadh gairmithe sláinte a mbeadh teagmháildhíreach ach le hothair seirbhísí a sholáthar trí mheán naGaeilge. Tá éileamh ann ar theiripeoirí urlabhra agusteanga, ar fhiaclóirí, ar fhisiteiripeoirí agus ar ghairmitheeile sláinte a bhfuil Gaeilge acu, sna ceantair Ghaeltachtaagus sna ceantair Ghalltachta ina bhféadfadh Gaeilgeoiríseirbhísí a éileamh trí mheán na Gaeilge. Cumann lehaghaidh gairmithe míochaine agus gairmeachacomhghaolmhara a bhfuil spéis sa Ghaeilge acu is eaAcadamh na Lianna. Tagann an cumann le chéile go minicchun plé a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ar chúrsaísláinte, chun léachtaí a eagrú trí mheán na Gaeilge agusgréasán a thógáil ar fud na hÉireann d’oibrithe sláinte abhfuil Gaeilge acu.

Forbairt na GaeilgeÓ cuireadh Acht na dTeangacha i bhfeidhm bhí fás snadeiseanna do dhaoine cumasacha dátheangacha i bpoist achuireann an Ghaeilge chun cinn nó a fhorbraíonn anGhaeilge. Cuirtear béim freisin ar thábhacht fhorbairt nateanga sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Fostaítear oifigigh Ghaeilge ó thuaidh agus ó dheas inúdaráis áitiúla, i rannóga an rialtais agus i gcomhlachtaípoiblí ar nós BSL, FSS agus institiúidí tríú leibhéal. Tá siadfreagracht as an nGaeilge a chur chun cinn gohinmheánach agus as maoirseacht a dhéanamh arsheirbhísí na heagraíochta trí mheán na Gaeilge. Déanannsiad comhordú ar dhoiciméid chlóite agus ar líne a aistriú,agus eagraíonn siad ranganna Gaeilge agus imeachtaícultúrtha. Is tábhachtach a bheith díograiseach aguspaiseanta faoin teanga ar an ábhar go bhfuil sétábhachtach d’fhorbairt na teanga.

seirbhísí teicniúla agus gairmiúlaCuireann an tseirbhís phoiblí obair amach ar conradh chuigdaoine aonair nó eagraíochtaí san earnáil phríobháideachatá in ann seirbhísí a sholáthar mar aistritheoirí, mardhearthóirí Gréasáin, mar chomhairleoirí TE, mar dhlíodóirí,mar chuntasóirí, mar dhearthóirí grafacha, srl. Baineanntábhacht le soláthar na seirbhísí seo trí mheán na Gaeilgemaidir le pobal na Gaeilge. Cuid an-mhór de ChomhairleBharra na hÉireann is ea abhcóidí a bhfuil Gaeilge acu agustá breis agus 155 acu cláraithe mar Ghaeilgeoirí líofa nómar Ghaeilgeoirí atá in ann a bheith ag feidhmiú trí mheánna Gaeilge. Baineann cuid mhór dlíodóirí úsáid as annGaeilge ina gcuid oibre freisin, agus 53 dlíodóir ar chlár

Gaeilge Dhlí-Chumann na hÉireann ó Lúnasa 2012.Soláthraíonn an AE róil freisin mar dhlítheangeolaithe.

Féach ar phróifíl Niamh Joyce ar leathanach 24 le haghaidheolais faoin obair mar dhlítheangeolaí.

obair sa GhaeltachtTá oifigí ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachtai gceantair áirithe Ghaeltachta. Caithfidh sé a bheith archumas na n-údarás poiblí seirbhísí a sholáthar trí mheánna Gaeilge.

Is é Údarás na Gaeltachta an t-údarás poiblí atáfreagrach as forbairt shóisialta, chultúrtha aguseacnamaíoch na Gaeltachta. Tacaíonn sé le gnólachtaínuathionscanta chomh maith le heagraíochtaí pobail agusforbartha teanga.

Tá roinnt de na meáin chraolacháin agus chlóitelonnaithe sa Ghaeltacht ( féach ‘Meáin Chumarsáide’ arleathanaigh 9–12). Tá pobal beo ealaíon inti, lena n-áirítearna hamharcealaíona agus na taibh-ealaíona, a dtacaíonnEalaín na Gaeltachta leo (féach ‘Cultúr’ ar leathanaigh17–19).

Tá an ‘Ghaeltacht’ mar a shainaithnítear é gotraidisiúnta, ag athrú. De réir Acht na Gaeltachta 2012 isféidir gréasáin Ghaeilge atá aitheanta ag an Stát a bhunú.Tabharfar aitheantas breise do ghrúpaí pobail achothaíonn agus a chuireann an teanga chun cinn taobhamuigh de na ceantair Ghaeltachta, lena n-áirítear CluainDolcáin i mBaile Átha Cliath. Gaeltacht uirbeach faoibhláth is ea An Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste agustá cuid mhór deiseanna ann do chéimithe ar mian leo abheith ag obair i bhforbairt na teanga, san oideachas agussna meáin, agus le haghaidh gairmithe ar mhian leo abheith ag obair trí mheán na Gaeilge. Beidh ar bhunús nabpobal Gaeltachta agus na mbailte sna ceantairGhaeltachta anois, mar thoradh ar an Acht, pleanannaGaeilge a ullmhú sna blianta atá romhainn agusd’fhéadfadh go mbeadh deiseanna ann do chéimithe abhfuil pleananna forbartha teanga agus pobail acu.

an Coimisiún eorpachTá éagsúlacht post ar fáil sa Choimisiún Eorpach marriarthóirí, chúntóirí, ghníomhairí conartha, fhoireannshealadach agus ghníomhairí sealadacha. Iarratasóiríoiriúnacha is ea céimithe a bhfuil Gaeilge líofa acu assiocair gur teanga oifigiúil de chuid na hEorpa anois í anGhaeilge. Cuireann an Coimisiún Eorpach anois cúrsaíoiliúna ar fáil do chéimithe agus

Féach leathanaigh 28–30 le haghaidh eolais maidir lestaidéar iarchéime.

acmhainníacmhainní ginearálta• An Choimisinéir Teanga www.coimisineir.ie Ceartateanga a chosaint: Láithreán Gréasáin oifigiúil anChoimisinéara Teanga

• Poist leis an Rialtas Áitiúil www.localgovernmentjobs.ieFolúntais leis an Rialtas Áitiúil

• Láithreán Gréasáin Earcaíochta Státseirbhís ThuaisceartÉireann www.nicsrecruitment.gov.uk

• An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblíwww.publicjobs.ie

• An Oifig Eorpach um Roghnú Foirneeuropa.eu/epso/index_en.htm Gairmeacha snahInstitiúidí Eorpacha

• gradireland.com/public Rannóg an hearnála poiblí agusna státseirbhíse ar gradireland.com

sláinte• Acadamh na Lianna www.acadamhnalianna.comCumann le haghaidh gairmithe leighis agusgairmeacha comhghaolmhara a bhfuil spéis saGhaeilge acu is ea Acadamh na Lianna.

Page 14: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 2524 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

Graduate profiles

AINM Niamh Joyce POST Teangeolaí DlíodóraFOSTAÍ Féinfhostaithe OIDEACHAS BA sa Fhraincis agus inEolaíocht an Dlí; Dioplóma saGhaeilge; LLB Dlí; LLM BreithiúnasCoiriúil

D’oibrigh mé roimhe seo marthaighdeoir dlí don Choimisiún Náisiúnta um CheartasAisiríoch, don Roinn Dlí agus Cirt, don Roinn Dlí agus Cirt,Comhionannais agus Athchóirithe Dlí agus marfheidhmeannach dlí ag Dlíodóirí Joyce & Co. Ó 2011 go 2012,d’oibrigh mé mar theangeolaí dlíodóra inmheánach donOmbudsman Eorpach i Strasbourg na Fraince. I láthair nahuaire tá mé ag obair mar shaortheangeolaí dlíodóra, agusbhunaigh mé mo ghnó profléitheoireachta dlí ar líne.

Tá obair teangeolaí dlíodóra in institiúidí an AE dúshlánachach sásúil freisin. Bíonn gá le scileanna dlí agusteangeolaíochta ag an am céanna nuair a bhítear i mbunprofléitheoireachta, eagarthóireachta nó aistriúcháin ardhoiciméid dlí. Chun post a fháil mar theangeolaí dlíodóra sanAE, tá céim sa dlí agus cumas i dtrí theanga ar a laghadriachtanach. Ar an dea-uair domsa, teanga oifigiúil de chuidan AE is ea an Ghaeilge agus bhí sí san áireamh mar cheannde na trí theanga a bhí agam.

Tá cineálacha áirithe teangeolaithe dlíodóra in institiúidí anAE, ar nós teangeolaithe dlíodóra a aistríonn doiciméid dlí godtí a dteanga dhúchais agus iad siúd a dhéanannprofléitheoireacht ar dhoiciméid scríofa ag oifigigh dhlí. Sa rólatá agamsa, déanaim profléitheoireacht ar chinntí dlí Béarlaagus ar dhréacht-mholtaí scríofa ag oifigigh dhlí a thagann astíortha áirithe de chuid an AE.

Nuair a d’oibrigh mé in Oifig an Ombudsman Eorpaigh, bhí séde phribhléid agam a bheith ag obair le comhghleacaithecineálta, spreagthacha an-chliste a theagaisc cuid mhór domfaoin scríbhneoireacht dlí agus faoin eagarthóireacht, agusfaoi obair na n-institiúidí Eorpacha. Chomh maith leprofléitheoireacht a dhéanamh ar dhoiciméid dlí scríofa imBéarla, iarradh orm ó am go céile seiceáil a dhéanamh araistriúcháin Ghaeilge ar dhoiciméid áirithe chun cruinneas nagramadaí agus na foclaíochta a chinntiú. Thaitin taisc mar sinliom óir thug siad deis dom mo chuid scileanna Gaeilge aúsáid. Dhá uair freisin rinne mé taifead (i mo chanúint bhreáChorcaíoch) ar leagan Béarla d’fhoilseacháin an OmbudsmanEorpaigh, agus Tuarascáil Bhliantúil 2010 san áireamh.

Mholfainn go láidir an post mar dhlítheangeolaí do chéimithedlí ar bith a bhfuil spéis acu sa scríbhneoireacht agus sataighde agus a bhfuil roinnt teangacha acu, an Ghaeilge sanáireamh. Is minic a fhógraíonn an tAontas Eorpach comórtaisle haghaidh poist áirithe san AE ar láithreán Gréasáin an EPSO.

mo GhnÓlaChT ProFlÉiTheoireaChTa FÉin

AINM Orla Bradshaw POST Eagarthóir Nuachta FOSTÓIR Foinse san IrishIndependentOIDEACHAS BA Cumarsáid, OÉ,Gaillimh (2010)Gradam d’Iriseoir na Bliana ag Gradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge (2012)

Mar thoradh ar an ngrá atá agam do scríbhneoireacht, labhairtle daoine agus ceisteanna a chur, roghnaigh mé iriseoireachtmar ghairm. Bhíodh Béarla agus Gaeilge ar na hábhair ar éirighliom iontu ar scoil. D’fhreastail mé ar bhunscoil agus armheánscoil Bhéarla ach, le spreagadh mo thuismitheoirí,chaith mé tamall ag coláiste samhraidh i gConamara. Tháinigfeabhas mór ar mo chuid Gaeilge mar gheall air sin.

Tar éis dom an Ardteistiméireacht a chur i gcrích, réitigh mé abheith eachtrúil agus bogadh go Conamara chun staidéar adhéanamh ar chumarsáid trí mheán na Gaeilge. Bhí mé dentuairim go gcuirfeadh an cumas le hobair a dhéanamh trímheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge araon méadú arm’ionchais phoist. De réir mar a bhí an bhliain deiridh archoláiste ag tosú, chuir mé iarratas isteach ar phost le Foinse,an nuachtán Gaeilge a dháiltear leis an Irish Independent. Fuairmé an post agus is Eagarthóir Nuachta Foinse mé anois.

Tá mé freagrach as an liosta nuachta a thiomsú gachseachtain, agus as na scéalta a roghnú do na leathanaighnuachta i gcomhairle leis an eagarthóir. Scríobhaim tromlachna n-alt nuachta, labhraím ar an raidió faoi scéalta Foinseagus téim i dteagmháil le colúnaithe agus le saoririseoirí. Iscuid de mo phost freisin í blag gramadaí seachtainiúil ascríobh. Tá an-éagsúlacht sa phost seo agus tá sé go hiontacha bheith ag obair trí mheán na Gaeilge. Tá spriocdhátaí dochtaann freisin agus, mar sin de, tá gá le scileanna maithebainistíochta ama.

Buaicphointe mo ghairme go dtí seo ba ea an Gradamd’Iriseoir na Bliana a bhuachan ag Gradaim ChumarsáideOireachtas na Gaeilge i mí na Bealtaine 2012. Tá sétábhachtach go bhfuil caighdeán an-ard de Ghaeilge scríofaag iriseoir Gaeilge agus déanaim mo dhícheall i gcónaí mochuid scileanna teanga a fheabhsú. Táim tar éis an chéadbhliain den dioplóma iarchéime san Aistriúchán agusEagarthóireacht a chríochnú. Is cúrsa páirtaimseartha é sin achuireann OÉ, Maigh Nuad, ar fáil ar líne.

An chomhairle a thabharfainn do chéimithe is ea an oiread sintaithí oibre is féidir a fháil. Tá tábhacht ag gach rud maidir leisan CV. Ba cheart dóibh siúd a bhfuil spéis acu in ailt a scríobhteagmháil a dhéanamh le nuachtáin agus samplaí dá gcuidoibre a sheoladh. Tá blag ina dhóigh iontach le do chuid ábhaira chomhroinnt le pobal níos leithne.

Gradam iriseoireaChTa a BhUaChan

Próifíl chéimithe

AINM Pádraic Déiseach POST Aistritheoir FOSTÓIR Ard-Stiúrthóireacht anAistriúcháin, an Coimisiún Eorpach,an Bheilg OIDEACHAS BA Gaeilge agus Léannan Aistriúcháin, OÉ, Gaillimh (2009); Ard-Dioplóma i gCumarsáidFheidhmeach, OÉ, Gaillimh (2010);MA i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge, COBÁC (2011)

Is aistritheoir leis an gCoimisiún Eorpach mé agus tá mé suitesa Bhruiséil. Ó thosaigh mé ar choláiste, mheall gairm lenambaineann an Ghaeilge mé. Bhí an-spéis agam sanaistriúchán agus sna meáin chumarsáide go háirithe. Rinnemé mo bhunchéim sa Ghaeilge agus i Léann an Aistriúcháinagus, ina dhiaidh sin, chríochnaigh mé cúrsa iarchéime igCumarsáid. Rinne mé staidéar ar chomhcheangal idircumarsáid, aistriúchán agus an Ghaeilge í féin le haghaidh momháistreachta. Bronnadh Séala Fhoras na Gaeilge (CórasCreidiúnaithe d’Aistritheoirí) orm freisin tamall gairid tar éisdom mo chéim a chríochnú. Lig sé dom obair gopáirtaimseartha mar shaoraistritheoir ar feadh cúpla bliain lelinn dom a bheith ag staidéar.

Tar éis dom mo chéim mháistreachta a chríochnú, chaith mébliain i Meiriceá ag teagasc na Gaeilge ar scoláireachtFulbright. Bliain iontach a bhí inti agus ghnóthaigh mé cuidmhór taithí luachmhar. Tamall gairid tar éis dom teacht ar aisó na Stáit Aontaithe, thosaigh mé ag obair leis an gCoimisiúnEorpach.

Oibrím san aonad Gaeilge d’Ardstiúrthóireacht anAistriúcháin, an tseirbhís aistriúcháin inmheánach donChoimisiún. Post fiúntach agus sásúil atá ann. Aistrímtéacsanna ar raon topaicí, ó Bhéarla go Gaeilge de ghnáth.Baineann taighde téarmaíochta leis freisin ós rud é nach mórdúinn a bheith an-chruinn leis an bhfoclóir a úsáidimid, agus achinntiú go bhfuil sé i gcomhréir le treoir stíle an aonaid. Isfearr liom a bheith ag obair sa phost seo ná a bheith ag obair isaoraistriúchán mar gur obair struchtúrtha atá inti agusbainim taitneamh as a bheith ag obair mar chuid d’fhoireannaistritheoirí. Is cathair idirnáisiúnta go mór í an Bhruiséil.Ciallaíonn sé sin go mbíonn an deis agam obair le daoine ónEoraip agus le roinnt daoine ó áiteanna ar fud an domhain.

Más mian leat gairm san aistriúchán a bheith agat, mholfainnduit céim nó cúrsa iarchéime san ábhar a dhéanamh. Beidh anSéala ina bhuntáiste mór agus tú ar lorg oibre, go háirithe mátá easpa taithí agat, mar go léiríonn sé go bhfuil na scileannariachtanacha aistriúcháin agus gramadaí agat. Beidh eolasmaith ar theanga Eorpach eile más mian leat post aistriúcháina fháil san AE. Ar an dea-uair, tá deiseanna ar fáil inaistriúchán Gaeilge ar choinníoll go bhfuil na scileannaoiriúnacha agat.

aisTriUCháin Thar lear

AINM Seán Ó hAdhmaill POST Oifigeach Forbartha FOSTÓIR Forbairt NaíonraíTeoranta OIDEACHAS BSc Airgeadas,Ríomhaireacht agus Fiontraíocht (trímheán na Gaeilge), Fiontar DCU(2004); MA i gCleachtas Dátheangach, Fiontar DCU (2011); Bundioplóma, Oiliúint agus Oideachas, OÉ, Gaillimh (2011)

Oibrím faoi láthair mar Oifigeach Forbartha d’FhorbairtNaíonraí Teoranta, ar eagraíocht dheonach náisiúnta cúramleanaí í. Is grúpaí súgartha meán-Ghaeilge iad Naíonraí aúsáideann múnla an lántumtha luaith. Dá bhrí sin, is cuidríthábhachtach de mo chuid oibre í an Ghaeilge. Is ionann moról agus cabhrú le tacaíocht a thabhairt do naíonraí bunaithetrí bhíthin mo chomhairle a thairiscint, cúrsaí oiliúna areáchtáil, cruinniú a dhéanamh leo ag clinicí nó cuairteanna,agus pleananna um thiomsú airgid a fhorbairt. Ní amháin gurteanga chumarsáide ár n-eagraíochta í, déanaimid an teangaa chur chun cinn trínár gcuid seirbhísí ball, agus inár gcuiddéileálacha leis an Stát agus lena ghníomhaireachtaí éagsúla.

Baineann tábhacht le tacú le naíonraí nua i rith a gcéimetionscanta freisin, agus is éard atá i gceist anseo ná comhairlea thabhairt agus cabhrú le haon saincheisteanna cóiríochta,deontas nó rialála a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Ba ghnách liom obair i ról cosúil mar Oifigeach Forbartha doGhaelscoileanna Teo. Is eagraíocht dheonach náisiúnta í seo athacaíonn le forbairt na scoileanna Gaeilge ag an leibhéalbunscoile agus iarbhunscoile. Sa ról sin, thug mé comhairle,spreagadh agus tacaíocht phraiticiúil don phobal, agus dobhaill den phobal ar mhian leo scoileanna a bhunú. Rinne mémaoirseacht ar Scléip freisin, is í sin comórtas buanna domheánscoileanna Gaeilge.

Roimhe sin, d’oibrigh mé mar Oifigeach Forbartha do Feachtas,Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge, ar eagraíocht óige Ghaeilgenáisiúnta í. Ba é a bhí i gceist sa phost seo cabhrú le clubannaóige, le campaí samhraidh, le comórtais thráth na gceist boirdagus lenár gcomórtais náisiúnta díospóireachta a reáchtáil.Reáchtálamar deirí seachtaine cónaithe agus thugamar andeis do scoileanna scrúdú cainte a dhéanamh don Fháinne Óiragus don Fháinne Airgid.

Tógadh le Gaeilge mé agus d’fhreastail mé ar naíscoil, arghaelscoil agus ar ghaelcholáiste i mBéal Feirste, agusd’fhreastail mé freisin ar mheánscoil Bhéarla, mar nach raibhan raon ábhar ag an nGaelcholáiste a theastaigh uaim dontríú leibhéal. Táim tar éis clárú a dhéanamh chun Ardteastas imBainistíocht Gnó a dhéanamh leis an Open College i míMheán Fómhair.

Cháiligh mo chumas sa Ghaeilge, i measc nithe eile, mé do napoist go léir ar oibrigh mé iontu agus ní bheadh na deiseannacéanna agam ina héagmais.

oideaChas aGUs an ÓiGe 

Próifíl chéimithe

Page 15: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Próifíl chéimithe

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 2726 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

AINMMichael Thornhill POST Innealtóir Bogearraí FOSTÓIR Maithú IT Solutions OIDEACHAS InnealtóireachtMheicniúil, an Coláiste Ollscoile,Baile Átha Cliath (1994); PhD,Ollscoil na Banríona, Béal Feirste(1998)Buaiteoir Ghradam Ghnó Gaeilge na Bliana, 2010

Is as Droichead na Sionainne i gCo. Uíbh Fhailí ó dhúchas méagus chuaigh mé ar aghaidh go hOllscoil na Banríona i mBéalFeirste chun gabháil do PhD tar éis na tréimhse ama a chaithmé ar an gColáiste Ollscoile. Tar éis dom tréimhse achaitheamh ag taisteal san Astráil d’fhill mé ar Éirinn agusghlac mé le post mar innealtóir bogearraí le Propylon, is í sincuideachta TF atá lonnaithe in Inis Crabhann, Sligeach, mar arfhan mé sé bliana.

Sa bhliain 2005, bhunaigh mé Maithú Teoranta le modheartháireacha David agus Kerrill. Is cuideachta TF í a bhfuilsé mar shainfheidhm aici bogearraí saincheaptha a fhorbairtle haghaidh ríomhairí agus gléasanna soghluaiste chomhmaith le forbairt feidhmchlár Gréasáin agus óstáil.

Bhíodh spéis agam i gcónaí i gcultúr agus in imeachtaí spóirtna hÉireann, fleánna san áireamh. Is cainteoir dúchais mopháirtí Louise ó Bhaile na Finne i nGaeltacht Thír Chonaill agusthugamar faoi deara gur mhinic a bhí daoine fiosrachtuilleadh a fhoghlaim faoin nGaeilge. Thug sé sin spreagadhdom m’eolas ar TF a úsáid chun feidhmchlár (ar fheiniméanréasúnta nua í ag an am sin) a fhorbairt a chabhródh le daoinea bhfuil spéis acu sa Ghaeilge a úsáid, rud a chabhródh le curchun cinn na teanga.

Tháinig fás mór ar an gcuideachta ó shin i leith agus fostaíonnsí ochtar ball foirne faoi láthair. Tá oifigí i mBéal an Átha agusag an Digital Depot i mBaile Átha Cliath againn. Bhuamarconarthaí le cuid de na cuideachtaí teileachumarsáide is mó,Samsung san áireamh. D’fhorbair Maithú na bogearraíGaelfón atá ar fáil ar a gcuid guthán póca in Éirinn. Oibrímid leheagraíochtaí gormshlise eile freisin, lena n-áirítear Nokia,Hutchison 3G, The Irish Times, Musgraves agus Coca-Cola, idteannta gnólachtaí ar fud na tíre.

Sampla den fheidhmchlár is mó éileamh a lainseáil árgcuideachta is ea an tAistritheoir Gaeilge ‘Get the Focal’. Isaistritheoir déthreoch Gaeilge-Béarla, Béarla-Gaeilge é inabhfuil bunachar sonraí de bhreis agus 13,000 focal agustéarma a chónaíonn i do phóca. Tá sé gasta agus cruinn, agusis féidir úsáid a bhaint as chun an tionscadal úd Gaeilge adhéanamh, chun ailt a léamh as Gaeilge, nó chun ‘cúpla focal’a líonadh isteach anseo agus ansiúd. Thug pobal gnó níosleithne aitheantas don dul chun cinn atá déanta againn: sabhliain 2010, bhuaigh an chuideachta Gradam cáiliúil GhnóGaeilge na Bliana don ghnó Gaeilge is fearr.

FeidhmChlár don GhaeilGe

AINM Síne Nic an AilíPOST Feidhmeannach Forbarthaagus Oifige FOSTÓIR Conradh na Gaeilge OIDEACHAS BA, Léann Éireannachagus Spáinnis ab initio, OllscoilLuimnigh (2007)

Thaitin teangacha liom riamh agusbhí an BA sa Léann Éireannach in

Ollscoil Luimnigh tarraingteach dom mar gheall ar an mbéima leagtar ar an nGaeilge agus ar stair agus ar chultúr nahÉireann – bhí spéis agam i dtosú ar an scríoblíne ag foghlaimSpáinnise. Bhí socrúchán oibre mar chuid lárnach den chúrsafreisin agus d’éirigh liom an chéad ról mar Oifigeach Gaeilge lehAontas Mac Léinn Ollscoil Luimnigh a fháil mar gheall air sin.Taithí den scoth a bhí ann seo agus chabhraigh sé go mór liomagus iarratas á dhéanamh agam ar mo phost reatha leConradh na Gaeilge, post a thosaigh mé tamaillín tar éis doman coláiste a fhágáil. Níorbh fhéidir liom a bheith níos sásta ibpost ar bith eile.

Ní hé amháin go mbíonn an obair an-dúshlánach, achgabhann mothú ollmhór sásaimh leis an obair freisin. Tá an t-ádh orm a bheith ag obair le daoine atá thar a bheithspreagúil agus an-phaiseanta faoin nGaeilge. Toisc gogclúdaíonn ‘forbairt’ cuid mhór réimsí éagsúla oibre, ní bhíonnaon dá lá mar an gcéanna, san oifig nó as an oifig. Is breá lioman éagsúlacht seo; d’fhéadfainn a bheith i mo láithreoir archlár raidió ar Raidió Rí-Rá lá amháin, ag labhairt le mic léinn igcoláistí samhraidh sa Ghaeltacht faoina gcearta teanga, agusd’fhéadfainn ciorcal comhrá Gaeilge a óstáil do pholaiteoirí idTeach Laighean an lá dár gcionn agus suíomh gréasáin abhunú le haghaidh feachtas nua stocaireachta an lá inadhiaidh sin.

Tá raon dualgas i gceist le mo phost, lena n-áirítear:• fógraíocht a dhéanamh do chúrsaí Gaeilge Chonradh naGaeilge

• póstaeir a dhearadh d’imeachtaí éagsúla ó am go ham• An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta, arb í ár seirbhíssaorchomhairle dlí náisiúnta do Ghaeilgeoirí, a eagrú

• eagarthóireacht a dhéanamh ar nuachtlitir mhíosúil naheagraíochta

• bainistiú a dhéanamh ar na mic léinn a bhíonn ar thaithíoibre sa cheannoifig.

Is fúm freisin ár suíomh gréasáin agus ár suíomhanna meánsóisialta a choinneáil cothrom le dáta agus spéisiúil. Tá déileáilleis an bpreas mar ghné eile de mo phost agus eisímidpreasráiteas amháin ar a laghad in aghaidh na seachtaine tharceann Chonradh na Gaeilge.

Is í an chomhairle a chuirfinn do chéimithe ná aird atharraingt ar na scileanna a d’fhoghlaim tú agus tú ar thaithíoibre i do CV, i do phróifíl LinkedIn agus ag gach agallamh adhéanann tú. Is féidir le taithí oibre a thaispeáint go bhfuil túsolúbtha agus go bhfuil scileanna praiticiúla agat. Is fiúntachfreisin smaoineamh faoin dóigh ar féidir leat an méid atáfoghlamtha agat a úsáid i d’ionad oibre nua.

PaiseanTa Faoin nGaeilGe

AINMMuireann Nic Amhlaoibh POST Amhránaí, ceoltóir, láithreoirteilifíseFOSTÓIR Féinfhostaithe OIDEACHAS Dioplóma naMínealaíon, Institiúid Ealaíne,Deartha agus Teicneolaíochta DhúnLaoghaire (2001); MA i gCeol Traidisiúnta na hÉireann, Ollscoil Luimnigh (2002)

Nuair a d’fhreastail mé ar choláiste i mBaile Átha Cliath, bhímé éagsúil, nó aisteach ar bhealach, agus seanfhaiseanta,b’fhéidir, toisc go raibh Gaeilge agam. Cé go raibh grá agamdon teanga, mhothaigh mé go raibh mé mar eachtrannach imo thír féin. Bhí aithne agam ar chailín amháin eile ar angcoláiste a raibh Gaeilge aici, ar láithreoir teilifíse í faoiláthair, agus is cuimhin liom go raibh mé ag súil lena feiceáille gurbh fhéidir linn comhrá a dhéanamh sa Ghaeilge, margur airigh mé an teanga uaim.

Mar a tharla, bhí Baile Átha Cliath lán le ceol traidisiúntaagus bhí an deis agam canadh agus ceol a sheinm cúplaoíche sa tseachtain. Ba ansin a thuig mé an nasc idir ceolagus teanga. B’iomaí ceoltóir ar bhreá leo a bheith líofa saGhaeilge, go háirithe chun tuiscint níos doimhne ar chuid dena seanamhráin a thabhairt dóibh.

Le himeacht ama, sheinn mé ag gigeanna in Éirinn agusd’fhorbair sé sin go dtí go raibh mé ag obair ar fud andomhain. Thug mé faoi deara an spéis a bhí ag daoine inamhráin Ghaeilge, i gcomparáid leis na hamhráin Bhéarla.Ag an am céanna, chuir mé tús le roinnt oibre a dhéanamhdo TG4 agus do Raidió na Gaeltachta agus, cúpla bliain inadhiaidh sin, do Radio 1, BBC Alba agus Lyric FM. Bhí baintagam leis na nithe beaga ar dtús ach níorbh fhada go dtí goraibh cláir níos mó á láithriú agam, ar nós shraith TG4/BBCAlba Tigh an Cheoil. Gan fhios dom, bhí gairm sa Ghaeilge arbun agam.

Tá áthas orm a bheith lonnaithe i gCorca Dhuibhne arísanois, ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil agus ag tógáilm’iníne le Gaeilge. Cé gur breá liom a bheith sa bhaile, tá anGhaeilge á tabhairt agam chuig cuid mhór áiteanna éagsúla,agus do dhaoine nár chuala riamh í trí mo chuid ceoil, agusis é sin rud a bhfuil an-bhród orm as.

Teagascaim amhráin Éireannacha in Ollscoil Luimnigh, gominic trí mheán na Gaeilge. Gan Ghaeilge, ní bheadh post,deiseanna taistil ná mo shaol sóisialta agam. Tá Gaeilgelárnach i mo shaol, agus tharla sé sin ó nádúr, arb é an rud isfearr i gcónaí é!

GaeilGe a leaThadh Tríd an GCeol

Próifíl chéimithe

are you ireland’s brightest student?

find us on

Take the national studentChallenge online at

gradireland.com/challenge

Page 16: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Oiliúint agus Forbairt

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 29

Oiliúint agus Forbairt

28 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

Cúrsaí oiliúna agus iarchéimeLe blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar an soláthar cúrsaí agus ar an éileamh atá ar chúrsaí sa Ghaeilge agus trí mheán na Gaeilge.

imeasc na gcúrsaí sa Ghaeilge agus trí mheán naGaeilge, tá cláir lánaimseartha mháistreachta aguscúrsaí gearrthéarmacha oíche nó deireadh seachtaine.

Tá an bhéim tar éis aistriú ó na cúrsaí Gaeilge níostraidisiúnta atá bunaithe ar an litríocht agus ar nahealaíona go dtí cúrsaí a sheachadtar trí mheán naGaeilge i raon leathan ábhar, amhail gnó, na meáin aguspleanáil teanga. Éilíonn formhór na gcúrsaí iarchéime saGhaeilge ardscileanna Gaeilge labhartha agus scríofa, achtá cúrsaí eile dírithe orthu siúd ar mhian leo feabhas achur ar a scileanna agus ar a n-inniúlachtaí teanga chuniad a ullmhú don ionad oibre Gaeilge. Cuireann institiúidítríú leibhéal raon leathan cúrsaí ar fáil agus tá cuid mhórroghanna dóibh siúd ar mhian leo triail a bhaint as cúrsalae, deireadh seachtaine nó gearrthéarmach.

Le blianta beaga anuas, cuireadh cúrsaí nua MA agusDioplóma Iarchéime ar bun i staidéar ar na meáin, iscileanna teanga agus i bpleanáil teanga, chomh maith lesainchúrsaí dioplóma, mar shampla an Dioplóma idTeagasc na hEalaíne trí mheán na Gaeilge. Áirítear iroinnt cúrsaí ar na meáin agus i roinnt cúrsaí gnódeiseanna taithí oibre agus oiliúna, rudaí ar féidir leo abheith an-úsáideach sa todhchaí.

Féach an chuid Post a Fháil ar leathanaigh 4–5.

maoiniú le haghaidh cúrsaíD’fhéadfadh maoiniú chun tabhairt faoi na cúrsaí seo abheith ar fáil ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear an RoinnEalaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; go díreach ónollscoil/gcoláiste; agus ó fhostóirí. Beidh mic léinniarchéime a chomhlíonann na coinníollacha cáilithe lehaghaidh an ráta speisialta deontais i dteideal a dtáillíteagaisc iarchéime a bheith íoctha suas go dtí anuasteorainn táillí. Féach www.studentfinance.ie lehaghaidh tuilleadh faisnéise.

Tá roinnt scéimeanna scoláireachta taighde iarchéimear fud na ndisciplíní i bhfeidhm ag an gComhairle umThaighde in Éirinn.

Tairgeann roinnt ollscoileanna, amhail Fiontar DCUagus DIT scoláireachtaí do mhic léinn. Tairgeann roinnt acufóirdheontais le haghaidh scéimeanna cóiríochta campaisna Gaeilge freisin (TCD, UCD, UL, UCC agus DIT).

Cúrsaí oiliúna lae/deireadh seachtaineTá cuid mhór cúrsaí lae/deireadh seachtaine agusgearrthéarmacha sa Ghaeilge ar fáil. Tá formhór na gcúrsaíseo dírithe ar fhoghlaimeoirí ar mhian leo feabhas a churar chaighdeán a gcuid Gaeilge scríofa agus labhartha.Cuireann na heagraíochtaí seo a leanas cúrsaí oiliúna arfáil trí mheán na Gaeilge:• Cuireann Gréasán na Meán de chuid Skillnets(www.greasannamean.ie), atá lonnaithe i nGaeltachtChonamara, oiliúint ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu idtionscal na meán. I measc na gcúrsaí a bhí ann roimheseo agus atá ann faoi láthair, tá léiriúchán clár faisnéise,scéalaíocht trasmeán, smideadh do láithreoirí teilifíse,agus oiliúint i scileanna raidió.

• An Ciste Craoltóireachta Gaeilge(www.northernirelandscreen.co.uk). Cuireann CCGroinnt deiseanna éagsúla oiliúna ar fáil do Ghaeilgeoiríatá ag obair nó atá ag iarraidh a bheith ag obair sanearnáil léiriúcháin neamhspleách i dTuaisceart Éireann.Cuireann siad Scéim Iontrálaithe Nua, Scéim Léiritheoirífaoi Oiliúint agus Sparánacht Forbartha Scileanna ar fáildo Ghaeilgeoirí freisin.

• Cuireann Learning Waves Skillnet(www.learningwaves.ie), le tacaíocht ó ÚdarásCraolacháin na hÉireann (www.bai.ie), oiliúint ar fáil saGhaeilge don raidió ó am go ham.

• Cuireann Europus (cuideachta chomhairleoireachtateanga) (www.europus.ie) oiliúint ar fáil dorúnaithe/riarthóirí a bhfuil Gaeilge marphríomhtheanga acu, chun freastal ar an éileamhméadaithe atá ar riarthóirí oilte a bhfuil Gaeilge acu.Cuirtear oiliúint ar fáil sa Ghaeilge agus i mBéarlaaraon, i riarachán oifige agus i scileanna ríomhaireachtaagus riaracháin. Níl aon táillí i gceist.

• Cuireann Europus agus Institiúid Teicneolaíochta naGaillimhe/Mhaigh Eo dianchúrsaí oiliúna ar fáil inaistriúchán Gaeilge ar cháipéisí dlí agus an stáit igConamara le linn mhí Iúil/Lúnasa agus le linn mhíMheán Fómhair/Dheireadh Fómhair. Níl aon táillí i gceist.

• Cuireann Stillwater Communications(www.stillwater.ie) comhairle chumarsáidechuimsitheach, oiliúint sna meáin, seirbhísí caidrimhphoiblí agus oiliúint gairme ar fáil. Cuireann siad anoiliúint agus na seirbhísí ar fad ar fáil trí mheán naGaeilge.

acmhainní• studentfinance.ie www.studentfinance.ie Cliceáil ar‘Mic Léinn Iarchéime’ le haghaidh faisnéise maidir lemaoiniú d’iarchéimithe.

• An Chomhairle um Thaighde in Éirinn www.research.ie

Page 17: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Oiliúint agus Forbairt

Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013 | 31

Oiliúint agus Forbairt

30 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

Forbairt teanga• MA i Scríbhneoireacht agus i gCumarsáid na Gaeilge(Riarachán) - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

• MA/Dioplóma Iarchéime/Teagasc sa ChleachtasDátheangach (Tráchtas) - Fiontar DCU

• MA sa Ghaeilge Fheidhmeach - InstitiúidTeicneolaíochta Bhaile Átha Cliath/Gaelchultúr

• MA (Pleanáil Teanga) - Acadamh na hOllscolaíochta,Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

• MA sa tSochtheangeolaíocht Fheidhmeach - OllscoilLuimnigh

• MA /Dioplóma i Léann na dTeangacha - Acadamh nahOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

litríocht agus teangaCuireann na hinstitiúidí seo a leanas réimse de chúrsaíiarchéime ar fáil i réimsí traidisiúnta na Gaeilge nós nafilíochta, an phróis, Gaeilge Luath, Meán-Ghaeilge,béaloideas agus stair na teanga.• Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath• Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach• Ollscoil na hÉireann, Gaillimh• Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad• Ollscoil na Banríona, Béal Feirste• Coláiste Mhuire, Béal Feirste• Coláiste Phádraig, Droim Conrach• Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath• Coláiste na hOllscoile, Corcaigh• Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath• Ollscoil Luimnigh• Ollscoil Uladh.

na meáin agus cumarsáid • Dioplóma Iarchéime/MA i gCumarsáid- Acadamh nahOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

• Ard-Dioplóma i Léiriú Teilfíse - Institiúid TeicneolaíochtaPhort Láirge/Nemeton

• MA i mBainistíocht agus i bPolasaí Scannáin agusTeilifíse - Ollscoil Uladh (tá scoláireachtaí ar fáil doGhaeilgeoirí ar fáil ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge)

• MA i gCleachtas Faisnéise - Ollscoil Uladh (táscoláireachtaí ar fáil do Ghaeilgeoirí ar fáil ó ChisteCraoltóireachta na Gaeilge)

• MA i nDéanamh Scannán trí Ghaeilge agus LéiriúScripteanna - Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

• MA i Scríbhneoireacht agus i gCumarsáid na Gaeilge(Iriseoireacht) - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

• MA i Scríbhneoireacht agus i gCumarsáid na Gaeilge(Eagarthóir agus Cóipscríbhneoireacht) - Coláiste nahOllscoile, Baile Átha Cliath

Cúrsaí iarchéime agusscéimeanna oiliúnaLiosta cúrsaí atá ar fáil sa Ghaeilge agus trí mheán na Gaeilge.

áirítear leis an liosta cúrsaí thíos cúrsaílánaimseartha agus páirtaimseartha iarchéime saGhaeloideachas, scéimeanna oiliúna agus cúrsaí

ginearálta Gaeilge a bhí ar fáil nuair a cuireadh é seo i gcló.D’fhéadfadh sé gur forbraíodh cúrsaí eile ó shin. Tá liostanuashonraithe de chúrsaí iarchéime ar fáil agpostgradireland.com

na healaíona agus oidhreachtealaíona• Ard-Dioplóma sna hEalaíona (An Léann Drámaíochta) -Acadamh na hOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann,Gaillimh

• MA (An Léann Drámaíochta) - Acadamh nahOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

• Dioplóma sa Teagasc trí mheán na Gaeilge (Ealaíona) –An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Baile ÁthaCliath

• Dioplóma i Léann an Cheoil Thraidisiúnta - Ollscoil nahÉireann, Gaillimh

• MA i Seinm an Cheoil Thraidisiúnta - Ollscoil Luimnigh

oidhreacht• Teastas i Léann an Bhéaloidis - Scoil na Gaeilge, StAngela’s, Sligeach (dearbhaithe ag Ollscoil na hÉireann,Gaillimh) Dioplóma Iarchéime/Ard-Dioplóma imBéaloideas na hÉireann - Coláiste na hOllscoile, BaileÁtha Cliath

• Ard-Dioplóma sa Léann Dúchais - Coláiste na hOllscoile,Corcaigh

• MA i Léann na Gaeilge agus sa Léann Ceilteach - Ollscoilna Banríona, Béal Feirste

Gnó agus TFC• MSc/Dioplóma Iarchéime sa Ghnó agus TE (Tráchtas) -Fiontar DCU

• MSc i dTeicneolaíocht Faisnéise- Acadamh nahOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

oideachasTeagasc Bunscoile*• Teastas Iarchéime san Oideachas (trí Ghaeilge -Bunscoil) - Coláiste Mhuire

• Dioplóma Iarchéime san Oideachas (trí Ghaeilge -Bunscoil) - Coláiste Mhuire, Marino

• Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Bunscoil) - ColáisteFroebel

• Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Bunscoil) - ColáisteMhuire Gan Smál

• Dioplóma Iarchéime san Oideachas (Bunscoil) - ColáisteNaomh Pádraig

• Ard-Dioplóma sna hEalaíona in Oideachas Bunscoile -Coláiste Hibernia (ar líne)

• An Scrúdú le hAghaidh Cailíochta sa Ghaeilge - ColáisteMhuire Marino (cúrsa agus cáilíocht riachtanach lehaghaidh múinteoir bunscoile a fuair oiliúint lasmuighde Phoblacht na hÉireann, seachas iad siúd an rinne anTICO, i gColáiste Mhuire.

Teagasc iar-Bhunscoile*• Teastas Iarchéime san Oideachas (trí Ghaeilge -Meánscoil) -Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, OllscoilUladh agus Coláiste Mhuire

• Dioplóma Gairmiúil san Oideachas (trí Ghaeilge -Iarchéim) - Coláiste na hÉireann, Gaillimh

* Meastar go ndéanfar na cúrsaí oiliúna sa teagasc a dhaingniú.Chun teacht ar eolas nuashonraithe ar sholáthraithe, seiceáilpostgradireland.com.

oideachas: eile • Teastas i dTeagasc na Gaeilge d’Aosaigh - An Teangalann,Maigh Nua, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad

• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile (cúrsasamhraidh ar líne) - Gaelchultúr

• Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach saSeomra Ranga - Gaelchultúr

• Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga -Gaelchultúr

• Cúrsaí Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia - Gaelchultúr• Cúrsaí do mhúinteoirí ag ullmhú do Scrúdú Cáilíochta naGaeilge agus cáilíochtaí eile - Oideas Gael

• MA (Múineadh Teangacha - Gaeilge) - Acadamh nahOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

• MA i bhFoghlaim agus i Múineadh Dara Teanga -Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge

• MPhil sa Teangeolaíocht Fheidhmeach - Coláiste naTríonóide, Baile Átha Cliath

Page 18: Do Ghairm le Gaeilge - gradireland...t h a l e G a e i l g e D o g h a i r m b h e a t h a l e G a e l g e Cé go mbionn an obair an dúshlánach, gabhaim mothú ollmhór sásaimh

Oiliúint agus Forbairt

32 | Do ghairm bheatha le Gaeilge 2013

aistriúchán agus ateangaireachtaistriúchán• Dioplóma/MA i Léann an Aistriúcháin - Ollscoil naBanríona, Béal Feirste

• Dioplóma Iarchéime/MA i Léann an Aistriúcháin - OllscoilChathair Bhaile Átha Cliath

• Dioplóma Iarchéime sa Léann Idirchultúrtha agus saTeanga Fheidhmeach- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

• Ard-Dioplóma (Léann an Aistriúcháin) - Acadamh nahOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

• Ard-Dioplóma san Aistriúchán - An Teangalann, Ollscoil nahÉireann, Maigh Nuad

• MA i Scríbhneoireacht agus i gCumarsáid na Gaeilge(Aistriúchán) - Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

• MSc sa Ghaeilge Fheidhmeach agus san Aistriúchán -Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo/Europus

• MA (Léann an Aistriúcháin) - Acadamh na hOllscolaíochta,Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

• Ard-Dioplóma in Aistriúchan an Dlí - King’s Inns• Ard-Dioplóma i nDlítheangeolaíocht agus in Aistriúchánan Dlí- Óstaí an Rí

• MPhil san Aistriúchán Liteartha- Coláiste na Tríonóide,Baile Átha Cliath

ateangaireacht• MA i Scríbhneoireacht agus i gCumarsáid na Gaeilge(Ateangaireacht) - Coláiste na hOllscoile, Baile ÁthaCliath

• MA in Ateangaireacht do Chomhdhálacha- Acadamh nahOllscolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

• MA san Ateangaireacht - Ollscoil na Banríona, BéalFeirste

Cúrsaí Ginearálta Gaeilgeardoideachas• Dioplóma sa Ghaeilge - An Teangalann, Ollscoil nahÉireann, Maigh Nuad

• Teastas Eorpach na Gaeilge - An Teangalann, Ollscoil nahÉireann, Maigh Nuad

• Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach - Coláiste nahOllscoile, Baile Átha Cliath

• Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach - Coláiste nahOllscoile, Corcaigh

• Dioplóma sa Ghaeilge - Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

ranganna oíche agus deireadh seachtaine (ó thosaitheoirígo hardranganna)Tá ranganna oíche agus deireadh seachtaine ar fáil tríd naheagraíochtaí seo a leanas.• Gaelchultúr www.gaelchultur.com• Conradh na Gaeilge cnag.ie

• Gael Linn www.gael-linn.ie• Oideas Gael (Dún na nGall) www.oideas-gael.com• Oidhreacht Chorca Dhuibhne (Iarthar Chiarraí)www.oidhreacht.ie

• Áras Mháirtín Uí Chadhain (Gaillimh) www.acadamh.ie• An Droichead (Béal Feirste) www.androichead.com• Ionad Uíbh Eachach (Béal Feirste) www.ionad.eu• Scoileanna agus Coláistí Gairmoideachais www.vec.ie

acmhainníIs féidir teacht ar naisc chuig ollscoileanna arpostgradireland.com• postgradireland.com Cúrsaí iarchéime agus scéimeannaoiliúna

• Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge www.acadamh.ieGaeloideachas ollscoile lonnaithe sa Ghaeltacht

• Conradh na Gaeilge (Gaelic League) www.cnag.ieEagraíochtaí deonacha a chuireann an teanga chun cinn

• Comhar www.comhar.ie Eolas faoi oiliúint do mhúinteoiríGaeilge sna 32 contae

• Fiontar DCU www.dcu.ie/fiontar Scoil idirdhisciplíneachOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath: cúrsaí agus taighde trímheán na Gaeilge.

• Europus www.europus.ie Cuideachta chomhairliúcháinteanga

• FÁS www.fas.ieÚdarás náisiúnta oiliúna agus fostaíochta • MA sa Ghaeilge Fheidhmeach dit.ie/gaeilgefheidhmeach -Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath- MA saGhaeilge Fheidhmeach

• Gaelchultúr www.gaelchultur.com Comhairliúchán agusoiliúint na Gaeilge. Soláthraíonn cúrsaí Gaeilge ar líne.

• Gael-Linn www.gael-linn.ie Cuireann teanga agusoidhreacht na Gaeilge chun cinn.

• Gaelport www.gaelport.com/courses Liostáilchuimsitheach de ranganna Gaeilge agus de chúrsaíoiliúna

• An Cumann Gairm-Oideachais in Éirinn www.ivea.ie• The Honorable Society of Kings Inns www.kingsinns.ieCúrsa ullmhúcháin sa dlí

• Nemeton www.nemeton.ie Cúrsa léiriúcháin teilifíse• Northern Ireland Screen www.northernirelandscreen.co.ukGníomhaireacht Náisiúnta scannán do Thuaisceart Éireann

• An Teangalann www.nuim.ie/language TeangalannOllscoil na hÉireann, Maigh Nuad

• Riachtanas na Gaeilge www.ilrweb.ie Sonraí faoin Scrúdúle hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge.

• Teg www.teg.ie Scrúduithe le haghaidh foghlaimeoiríaosacha na Gaeilge

• Údarás na Gaeltacha www.udaras.ieÚdarás Réigiúnach naGaeltachta