18

CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais
Page 2: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

CLÁR

2

........................................................... 3-4

....................... 5-6

............................................ 7-9

.................................................................... 10-11

................................. 12-13

............................................ 14

.......... 15-16

..................................... 17-18

FAOIN AONAD STAIDÉIR SEO

CEACHT 1:MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA Ó GACH CEARN DEN DOMHAN

CEACHT 2:MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA CEILTEACHA

CEACHT 3:TÁIN BÓ CUAILNGE

CEACHT 4:AN SEANCHAÍ AGUS EALAÍN NA SCÉALAÍOCHTA

CEACHT 5:LAOCHRA AGUS SÁRLAOCHRA CEILTEACHA

CEACHT 6:DO STIALLGHREANNÁN MIOTAIS NÓ FINSCÉIL FÉIN A DHÉANAMH

FOILSITHEOIREACHT DEISCE LE COMIC LIFE

Page 3: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

3

TREOIR DON MHÚINTEOIR

FAOIN AONAD STAIDÉIR SEO...

Is í an aidhm atá ag an Aonad Staidéir seo ná léiriú a thabhairt ar an dóigh le CÚ CHULAINN - AN TSRAITHBHEOITE a úsáid le tuiscint ar an litearthacht agus ar theanga a chur chun cinn ag Eochairchéim a Dó. Tabharfar eolas do na daltaí ar thraidisiún Éireannach na scéalaíochta, agus ar ról an tSeanchaí, ról a léiríonnan t-athair mór sa tsraith bheoite. Fiosraítear sa rannóg seo cad is miotas ann agus cad is finscéal ann, agusléirítear an chiall agus an tábhacht a bhaineann le miotas i sochaí na hÉireann i gcomparáid le cultúir eile,amhail cultúr na nGréagach agus cultúr na Lochlannach. Is é buaicphointe an aonaid seo ná go dtabharfaidh na daltaí faoi mhiotas nó faoi fhinscéal dá gcuid féin a chumadh.

Tá bileoga oibre lánmhaisithe ar gach topaic san aonad seo ar fáil sa LEABHAR SAOTHAIR DALTAÍ, chomhmaith le gníomhaíochtaí éagsúla do na daltaí a bheidh ina gcuidiú le heolas na ndaltaí ar mhiotais, ar fhinscéalta agus ar an scéalaíocht a threisiú agus a scrúdú.

Cuirfidh na daltaí tús leis an aonad seo trí fhoghlaim faoi mhiotais agus fhinscéalta éagsúla ó gach cearn dendomhan i GCEACHT A HAON. Foghlaimeoidh siad an dóigh le hidirdhealú a dhéanamh idir miotas, finscéal agusfáthscéal nó fabhalscéal. Scrúdóidh siad na gnáth-comhpháirteanna de mhiotas roimh mhiotas iomráiteach amhiondealú.

Beidh na daltaí ag díriú i GCEACHT A DÓ ar mhiotais agus fhinscéalta Ceilteacha, go háirithe ar scéalta ó na ceithre Shraith Miotas Ceilteach. Breathnóidh na daltaí ar an chlár a bhaineann le Táin Bó Cuailgne ón tsraithbheoite, scéal atá ar an eachtra is iomráití ón Rúraíocht. Ina dhiaidh sin, agus bogearraí foilsitheoireachtadeisce in úsáid ag na daltaí, dearfaidh siad clúdach leabhair don mhiotais Cheilteach is fearr leo.

Déanfaidh na daltaí mionanailís ar an fhinscéal Cheilteach ‘Táin Bó Cuailgne’ i GCEACHT A TRÍ. Foghlaimeoidh siad faoi chúlra cultúrtha an scéil sula gcuirfidh siad leaganacha éagsúla den scéal i gcomparáid lena chéile.Déanfaidh siad staidéar ar script scannáin an leagain bheoite taobh le leagan níos traidisiúnta den téacsi bprós. Foghlaimeoidh na daltaí ansin faoin dóigh le scéal a struchtúrú trí ‘chosán scéil’ a leanúint ina mbíonntosach, plota, fadhb, réiteach agus clabhsúr an scéil san áireamh. Léireoidh na daltaí a dtuiscint ar ‘ChosánScéil’ trí ‘Táin Bó Cuailgne’ a mhiondealú ina comhpháirteanna éagsúla de struchtúr scéil.

Foghlaimeoidh na daltaí i GCEACHT A CEATHAIR faoin Seanchaí, i dtraidisiún ársa scéalaíochta na gCeilteach. Is féidir leis na daltaí scéalaíocht ó bhéal a chleachtadh sa seomra ranga leis an ghníomhaíocht ‘Ar Chuala Tú an Ceann Seo?’. Is féidir leo scéalaíocht ó bhéal a chur i gcomparáid le cineálacha eile scéalaíochta. Tabharfar eolas do na daltaí sa cheacht seo ar ról an scéalaí i scéal agus ar na cineálacha éagsúla de stílinste. Cuirtear cleachtaí ar fáil lena n-eolas ar stíl inste a threisiú. Tá gníomhaíocht TFC san áireamh snacleachtaí seo a thugann orthu scéal ‘Táin Bó Cuailgne’ a athinsint ó dhearcadh carachtair eile agus stíl inste a roghnú le húsáid leis an leagan nua a scríobh. Táirgfear an leagan nua mar stiallghreannán.

Foghlaimeoidh na daltaí i GCEACHT A CÚIG faoi ról an laoich i miotais agus i bhfinscéalta, go háirithe faoi ról an laoich Cheiltigh. Cuirfidh na daltaí tréithe aircitíopúla an laoich Cheiltigh i gcomparáid leis an sárlaoch nua-aimseartha is fearr leo ‘Próifíl Sárlaoich’ a chomhlánú.

Léireoidh dalta a gcuid tuisceana ar an aonad staidéir seo i GCEACHT A SÉ trí mhiotas nó fhinscéal dá gcuidféin a chumadh. Tá cead acu scéal iomlán úrnua nó leagan nua-aimseartha d’eachtra traidisiúnta a chumadh.Ceapfaidh na daltaí a sárlaoch féin trí phróifíl sárlaoich a chomhlánú. Déanfaidh siad a scéal a phleanáil go cúramach ansin lena chinntiú go bhfuil comhpháirteanna éigeantacha miotais ina scéal agus go leanann sé ‘Cosán Scéil’. Ní mór dóibh fosta suíomh agus cóiriú carachtair an scéil a phleanáil go mion. Táirgfear an scéal críochnaithe mar stiallghreannán a thig leo a phriontáil agus a roinnt lena bpiaraí.

I measc na NGNÍOMHAÍOCHTAÍ TFC tá dearadh clúdach leabhair faoi choinne miotas Ceilteach, athinsint an fhinscéil iomráitigh ‘Táin Bó Cuailgne’ trí ghreannáin, agus stiallghreannán de mhiotas nó fhinscéal nua a chumadh. Tig leis na gníomhaíochtaí TFC seo a bheith ina gcuidiú le creidiúnú TFC a bhaint amach trí nagnéithe inmhianaithe seo a leanas a chomhlánú: oibriú le téacs; oibriú le híomhánna; agus foilsitheoireachtdeisce. Is féidir obair na ndaltaí a scaipeadh ar líne leis an ghné inmhianaithe, ‘comhoibriú ar líne’ a chomhlánú. Is féidir na scileanna seo uilig a bheith measúnaithe go foirmiúil ag CCEA.

Page 4: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

4

Tá GLUAIS iomlán de na heochairfhocail a bhaineann leis an aonad staidéir seo ar fáil ag deireadh an Leabhar Saothair Daltaí.

Sa treoir don mhúinteoir tá pleananna ceachta céim ar chéim, freagraí ar ghníomhaíochtaí agus arquizeanna, treoirnótaí cuimsitheacha do na gníomhaíochtaí TFC agus faisnéis chuidiúil eile. Ba chóir an treoir don mhúinteoir a úsáid in éineacht le háis an chláir bháin idirghníomhaigh atá ullmhaithe donaonad seo. Is féidir le múinteoirí í a íoslódáil mar chur i láthair ilmheánach PowerPoint le príomhábhairagus le treoracha úsáideacha ar na gníomhaíochtaí a thaispeáint.

Tháirg The Nerve Centre ‘Cú Chulainn - an tSraith Bheoite’, sraith atá dírithe ar dhaltaí Eochairchéim a Dó. Tá an tsraith ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge araon agus leanann sí eachtraí laochúla Chú Uladhóna mhacghníomhartha go dtí a bhás tragóideach sa chath eipiciúil idir Cúige Uladh agus Cúige Chonnacht.

CAD É MAR A THACAÍONN AN T-AONAD STAIDÉIR SEO LE CURACLAM THUAISCEART ÉIREANN?

RÉIMSÍ FOGHLAMATeanga & Litearthacht: Miotais agus Finscéalta; Léitheoireacht; Scríbhneoireacht; Labhairt agus ÉisteachtAn Domhan Thart Orainn: Stair - an saol sa chianaimsirForbairt Phearsanta & Comhthuiscint: Comhthuiscint sa Phobal Áitiúil & sa Phobal MhórNa hEalaíona: Ealaín & DearadhDíriú ar: Teanga agus Litearthacht - Miotais agus Finscéalta

SCILEANNA & ÁBALTACHTAÍScileanna Smaointeoireachta agus Cumais Phearsanta: Smaointeoireacht; Fadhbréiteachagus Cinnteoireacht; Bainistiú Eolais; Oibriú le Daoine Eile agus a Bheith Cruthaitheach.Scileanna Traschuraclaim: Cumarsáid; Úsáid TFC

SCÉIM CHREIDIÚNAITHE CCEA IN ÚSÁID TFC:Idir na gnéithe inmhianaithe a ndéantar staidéar orthu san aonad seo tá: oibriú le téacs; oibriú le híomhánna; agus foilsitheoireacht deisce. Is féidir leis na daltaí a gcuid oibre a scaipeadh ar líne leis an ghné inmhianaithe, ‘comhoibriú ar líne’ a chomhlánú.

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Page 5: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

5

TREOIR DON MHÚINTEOIR

CÚ CHULAINN CEACHT 1: MIOTAIS AGUS FINSCÉALTA Ó GACH CEARN DEN DOMHANTús eolais ar mhiotais agus fhinscéalta, cad is miotas nó finscéal ann?, comhpháirteanna miotais, ‘Túr agus Láca’ ón Ghearmáin, ‘Earcail’ ón Ghréig, ‘Gilgamesh’ ón tSean-Mheaspatáim,‘Beowulf’ ó Chríoch Lochlann, miotas a mhiondealú.

Réamhrá agus léargas ginearálta ar an tionscadal

Tá an fhaisnéis ar na topaicí seo, agus arthopaicí eile san aonad seo, ar fáil chomhmaith ar áis an chláir bháin idirghníomhaigh.

1

Tabhair na bileoga oibre MIOTAIS AGUSFINSCÉALTA Ó GACH CEARN DENDOMHAN agus CAD IS MIOTAS ANN?CAD IS FINSCÉAL ANN? do na daltaí.Tugtar eolas ar na bileoga oibre seo faointábhacht atá le miotais agus le finscéaltaagus na difríochtaí eatarthu.

2

Tabhair na bileoga oibre TÚR AGUS LÁCA, EARCAIL,GILGAMESH agus BEOWULF do na daltaí. Is féidir leis na daltaí na scéalta seo a léamh mar rang le foghlaimfaoi mhiotais agus fhinscéalta ó gach cearn den domhan.

3

Page 6: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

TREOIR DON MHÚINTEOIR

6

Tabhair amach na bileoga oibre seo a leanas: RÉABÓIR MIOTAIS - NA SÉ C agus RÉABÓIR MIOTAIS -COMHPHÁIRTEANNA MIOTAIS.

Sa ghníomhaíocht seo caithfidh nadaltaí an miotas is fearr leo ó chearnar bith den domhan a roghnú agus é a mhiondealú trí na ceisteanna ar an bhileog oibre a fhreagairt. Thiocfadh leis na daltaí eachtra a úsáid a léigh siad le chéile marrang, nó tá cead acu miotas nó finscéal eile a aimsiú agus taighde a dhéanamh air.

Iarrtar ar na daltaí a scéal a mhiondealú ar an bhileog oibre RÉABÓIR MIOTAIS - NA SÉ C: Cé? Cad é? Cá háit? Cá huair? Cad chuige?agus Cén dóigh?

Ar an bhileog oibre RÉABÓIR MIOTAIS - COMHPHÁIRTEANNA MIOTAISiarrtar ar na daltaí a gcuid miotas a scrúdú lena fheiceáil cad iad na gnáth-comhpháirteanna miotais atá ina scéal, mar shampla laochra eipiciúla,cumhachtaí speisialta, tosca, bithiúnaigh, ainmhithe miotasacha, déitheneartmhara, cleasaithe. Iarrtar ar na daltaí fosta teachtaireacht an scéil a thabhairt; an dtugann sé míniú ar fheiniméan nádúrtha, mar shampla, nó an dtugann sé cuntas dúinn ar shlí mhaireachtála pobail ársa?

4

NÍL ÁISEANNA DE DHÍTH

ÁISEANNA DE DHÍTH...

NÍL BOGEARRAÍ DE DHÍTH

BOGEARRAÍ...

BILEOGA OIBRE DO NA DALTAÍ:Miotais agus Finscéalta ó gach cearn den DomhanCad é is Miotas ann? agus Cad é is Finscéal ann? Comhpháirteanna de MhiotasTúr agus Láca, an GhearmáinEarcail, an GhréigGilgamesh, an tSean-MheaspatáimBeowulf, Críoch LochlannGníomhaíocht: Réabóir Miotais - Na Sé CGníomhaíocht: Réabóir Miotais - Comhpháirteanna Miotais

ÁIS CLÁIR BHÁIN, CEACHT 1

BILEOGA FAISNÉISE AGUS TREORACHA...

CLÁR BÁN

CRUA-EARRAÍ...

Page 7: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

7

CÚ CHULAINN CEACHT 2: MIOTASEOLAÍOCHT AGUS FINSCÉALAÍOCHT CHEILTEACHTús eolais ar an mhiotaseolaíocht agus an fhinscéalaíocht Cheilteach, na Sraitheanna MiotasCeilteach, eachtraí ó na Sraitheanna Miotas Ceilteach, ‘Clann Lir’, ‘Táin Bó Cuailgne’, ‘Fionn Mac Cumhail agus Clochán an Aifir’ agus ‘Buile Shuibhne’ san áireamh, dearadh do chlúdach leabhair faoi choinne miotas Ceilteach.

Tabhair na bileoga oibre seo a leanas do na daltaí:MIOTASEOLAÍOCHT AGUS FINSCÉALAÍOCHTCHEILTEACH, CLANN LIR, AN RÚRAÍOCHT,TÁIN BÓ CUAILGNE, AN FHIANNAÍOCHT agusSCÉALAÍOCHT NA RÍTHE. Tugann an chéadbhileog oibre tús eolais do na daltaí ar an mhiotaseolaíocht agus fhinscéalaíocht Cheilteach,go háirithe maidir leis na Sraitheanna Miotas Ceilteach a rangaíonn an mhiotaseolaíocht Éireannach ina ceithre ghrúpa: na Scéalta Miotaseolaíochta, an Rúraíocht, Scéalaíocht na Ríthe agus an Fhiannaíocht.

Tugann na bileoga oibre eile sonraí ar na ceithreshraith agus scéal samplach amháin ó gach sraith.Thiocfadh leis na daltaí na scéalta seo a léamh leo féin nó mar rang.

1

Féach ar a chlár a bhaineann le TÁIN BÓ CUAILGNEón CÚ CHULAINN - AN TSRAITH BHEOITE. Tugann an clár seo cuntas ar an scéal finscéalach ón Rúraíocht. Scéal atá ann faoi Mhéabh, Banríon cheannasach Chonnacht, agus a feachtas le Donn Cuailgne, tarbh cáiliúil, a ghabháil ó na hUltaigh.

2

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Page 8: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

8

CLÚDACH LEABHAIR FAOI CHOINNEMIOTAS CEILTEACH A DHEARADH

Tabhair an bhileog oibre SRAITHEANNA MIOTAS CEILTEACH -CLÚDACH LEABHAIR A DHEARADH do na daltaí.Tugann an bhileog oibre breac-chuntas ar an tasc, i.e. clúdach leabhair faoi choinne miotas nó finscéal Ceilteach a dhearadh. Thiocfadh scéal atá léite nó feicthe ag an rang, nó miotas Ceilteach eile a ndearnana daltaí taighde air a úsáid.

• teideal an scéil• an tSraith Miotas lena mbaineann an scéal• léaráid de radharc ón scéal nó léaráid de charachtar nó de charachtair ón scéal.

• cur síos ar an scéal i líne amháin.

BA CHEART NA RUDAÍ SEO A BHEITH SAN ÁIREAMHAR AN CHLÚDACH LEABHAIR ......

Is féidir an clúdach leabhair a dhearadh le Comic Life, le Microsoft Word nó le bogearraí grafaicí eile.

Mar mhalairt air seo, is féidir an clúdach leabhair a tharraingt agus a dhathú de láimh ar phíosapáipéar A4. Más ar an ríomhaire atá na daltaí ag déanamh an chlúdaigh leabhair, is féidir leoíomhánna a íoslódáil ón idirlíon, nó a líníochtaí féin a dhéanamh agus iad a scanadh.

AN DÓIGH LEIS AN CHLÚDACH LEABHAIR A DHÉANAMH ...

Is féidir leis na daltaí litreoireacht agus obairshnaidhme Cheilteach a úsáid le dearadh Ceilteach a chur ar a gclúdach leabhair.

MAR A FUAIRCÚ CHULAINN

A AINM SCÉAL ÓN RÚRAÍOCHT

MAR A TUGADH 'CÚ ULADH' AR SHETANTA

MAR A FUAIRCÚ CHULAINN

A AINM

TREOIR DON MHÚINTEOIR

GNÍOMHAÍOCHTEALAÍNE AGUS TFC

ÚSÁID AN TREOIR DON MHÚINTEOIR & AN ÁIS CLÁIR BHÁIN‘FOILSITHEOIREACHT DEISCE LE COMIC LIFE’ FAOI CHOINNETREOIR TIONSCADAIL CÉIM AR CHÉIM.

Page 9: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

DVD de CÚ CHULAINN – AN TSRAITH BHEOITE nó rochtain ar na cláir ar líne.Pinn dhaite agus páipéar.

ÁISEANNA DE DHÍTH...

Bogearraí le dvd a sheinm nó nasc idirlín.Bogearraí scanta.Paint, Microsoft Word nó Comic Life.

BOGEARRAÍ...

BILEOGA OIBRE DO NA DALTAÍ:Miotaseolaíocht agus Finscéalaíocht CheilteachEachtra ó Na Scéalta Miotaseolaíochta ... Clann LirAn RúraíochtEachtra ón Rúraíocht ... Táin Bó CuailgneAn FhiannaíochtEachtra ón Fhiannaíocht... Fionn Mac Cumhail agus Clochán an AifirScéalaíocht na RítheEachtra ó Scéalaíocht na Ríthe: Buile ShuibhneGníomhaíocht Ealaíne: Dearadh clúdach leabhair faoi choinne Miotas Ceilteach.

ÁIS CLÁIR BHÁIN, CEACHT 2

TREOIR DON MHÚINTEOIR & ÁIS CLÁIR BHÁIN: FOILSITHEOIREACHT DEISCE LE COMIC LIFE

BILEOGA FAISNÉISE AGUS TREORACHA...

CLÁR BÁN.SCANÓIR (ROGHNACH).CEAMARA DIGITEACH (ROGHNACH).

CRUA-EARRAÍ...

9

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Page 10: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

10

CÚ CHULAINN CEACHT 3: TÁIN BÓ CUAILGNECúlra scéil ‘Táin Bó Cuailgne’, leaganacha éagsúla den scéal a chur i gcomparáid:script scannáin agus téacs traidisiúnta i bprós, scéal a struchtúrú le ‘cosán scéil’,Cosán Scéil ‘Táin Bó Cuailgne’.

Tabhair an bhileog oibre TÁIN BÓ CUAILGNE: CÚLRA ANSCÉIL do na daltaí. Déantar trácht ar shuíomh cultúrtha scéalta na Rúraíochta, na rudaí seo san áireamh: rialú ríochtaí cúigeacha, creideamh, cineál saoil, comharthaí stádais agus an chogaíocht.

Le comhthéacs an scéil a chur in iúl do rang, ní mór dháeochairphointe a phlé: ba chomhartha maoine do na Sean-Cheiltigh iad eallaigh; ba mar tháin bó a rinneadh an chogaíochtde ghnáth, nó mar chomhraic aonair ag áthanna idir laochra.

Déantar trácht ar an bhileog oibre seo fosta ar chnámha scéil 'an Táin' atá ar an scéal is tábhachtaí i stair na hÉireann, dar le go leor daoine.

1

Féach ar an chlár TÁIN BÓ CUAILGNE ó CÚ CHULAINN -AN TSRAITH BHEOITE. Tugann an clár seo cuntas ar anscéal finscéalach ón Rúraíocht. Scéal atá ann faoi Mhéabha,Banríon údarásach Chonnacht, agus a feachtas le Donn Cuailgne a ghabháil ó na hUltaigh.

Is féidir gur bhreathnaigh na daltaí ar an chlár seo sacheacht roimhe seo, ach moltar amharc air an dara huair le tuiscint na ndaltaí ar an scéal a threisiú sula dtabharfaidh siad faoi na gníomhaíochtaí sa cheacht seo.

2

Tabhair amach na bileoga oibre seo a leanas:LEAGANACHA ÉAGSÚLA DEN SCÉAL CÉANNA A CHUR I GCOMPARÁID, SCRIPT SCANNÁINTHÁIN BÓ CUAIGNE agus SLIOCHT AS TÁIN BÓ CUAILGNE: TÉACS INSINTE AGUS PRÓS.

Iarrtar ar na daltaí sa ghníomhaíocht seo leaganachaéagsúla den scéal a chur i gcomparáid le chéile; sa chás seo script scannáin ón tsraith bheoite agusleagan den téacs i bprós a scríobhadh in 1912.

Ní mór do na daltaí an dá leagan a léamh agus a phlémar rang sula gcomhlánfaidh siad an bhileog oibre. Táliosta d’fhocail nua, agus an chiall atá leo, ón leagan den téacs insinte i bprós lena chuidiú leis na daltaí téarmaíagus frásaí ar leith a úsáidtí i luathlitríocht na hÉireann a thuiscint.

3

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Page 11: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

Tabhair an bhileog oibre AN COSÁN SCÉIL do na daltaí. Tá léiriú sa bhileog oibre seo ar bhunstruchtúr scéil mhaith,i.e. tús, plota, fadhb, réiteach agus clabhsúr. Pléigí, mar rang, scéalta nó scannáin atá léite nó feicthe ag an rang roimhe seo agus iarr ar na daltaí tús, plota, fadhb,réiteach agus clabhsúr na scéalta seo a shainiú.

4

Tabhair an bhileog oibreGNÍOMHAÍOCHT: COSÁN SCÉILTHÁIN BÓ CUAILGNE do na daltaí.

Léireoidh na daltaí sa ghníomhaíochtseo a gcuid eolais ar struchtúr scéil agus ar an chosán scéil ach comhpháirteanna scéil Tháin Bó Cuailgne a shonrú.

Caithfidh na daltaí: sonraí a thabhairt ar shuíomh an scéil; próifíl carachtair agus cóiriú carachtair a chomhlánú faoi choinne na gcarachtar uilig; agus breac-chuntas a thabhairt ar phlota, arfhadhb, ar réiteach agus ar chlabhsúr an scéil.

11

TREOIR DON MHÚINTEOIR

5

DVD DE CÚ CHULAINN – AN TSRAITH BHEOITE nó rochtain ar an cláir ar líne.

ÁISEANNA DE DHÍTH...

Bogearraí le DVD a sheinm nó nasc idirlín.

BOGEARRAÍ...

BILEOGA OIBRE DO NA DALTAÍ:Táin Bó Cuailgne: cúlra an scéil.Gníomhaíocht: Leaganacha éagsúla den scéal a chur i gcomparáid.Script Scannáin ón leagan den scéal mar shraith bheoite.Leagan clasaiceach próis den scéal.An Cosán Scéil.Gníomhaíocht: Cosán Scéil Tháin Bó Cuailgne.

ÁIS CLÁIR BHÁIN, CEACHT 3

BILEOGA FAISNÉISE AGUS TREORACHA...

Clár Bán.

CRUA-EARRAÍ...

Page 12: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

CÚ CHULAINN CEACHT 4: AN SEANCHAÍ AGUS EALAÍNNA SCÉALAÍOCHTA An Seanchaí, scéalaíocht ó bhéal, stíl inste, scéal a athinsint ó dhearcadh carachtair eile.

Tabhair an bhileog oibre AN SEANCHAÍ AGUS EALAÍN NASCÉALAÍOCHTA do na daltaí. Tá míniú sa bhileog oibre seo arstair an tSeanchaí, an scéalaí sráidbhaile a chaomhnaigh scéaltaagus traidisiúin na hÉireann. Foghlaimeoidh na daltaí faoin stíl speisialta scéalaíochta seoagus faoi na háiteanna ina bhfuil an traidisiún go fóill beo inniu.

1

Tabhair an bhileog oibre AR CHUALA TÚ AN CEANN SEO?(GNÍOMHAÍOCHT SCÉALAÍOCHTA Ó BHÉAL) do na daltaí. Iarrtar ar na daltaí sa ghníomhaíocht seo oibriú le daltaeile agus rud éigin greannmhar a insint dá chéile, amhailscéal grinn. Spreagfar na daltaí leis an scéal a insint ardhóigh shiamsúil trí chomharthaíocht choirp, gothaí gnúiseagus guthanna nó blasanna éagsúla a úsáid, nó trí thon anghutha a athrú de réir mar a athróidh mothú an scéil.Caithfidh daltaí ansin a shonrú cad chuige a raibh an scéalgreannmhar agus achoimre ghearr a scríobh air. Iarrtarorthu ansin scéalaíocht ó bhéal agus scéalta leabhair a churi gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile.

Tabhair an bhileog oibre STÍL INSTE do na daltaí.Tá breac-chuntas sa bhileog seo ar cé hé an scéalaí i scéal: mar shampla an Seanathair sa tsraith bheoite de Chú Chulainn a insíonn finscéalta faoi Chú Chulainn dá gharpháistí. Tá breac-chuntas sa bhileog oibre fosta ar fhoirmeacha éagsúlade stíl inste, go sonrach insint sa chéad phearsa, sa dara pearsaagus sa tríú pearsa, agus tugtar samplaí de gach ceann acu.Iarrtar ar na daltaí sraith abairtí a léamh ó leaganacha de scéal‘Táin Bó Cuailgne’ a scríobhadh i bhfoirmeacha éagsúla de stílinste. Caithfidh na daltaí a shonrú ansin cé acu a scríobhadh na habairtí sa chéad, sa dara nó sa tríú pearsa inste. Caithfidh na daltaí ansin abairtí i ngach foirm de stíl inste a chleachtadh.

3

12

2

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Page 13: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

13

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Tabhair amach an bhileog oibre TAOBH EILE AN SCÉIL:DÉANAMH GREANNÁIN, GNÍOMHAÍOCHT TFC. Tugtar tasc do na daltaí scéal ‘Táin Bó Cuailgne’ a athinsint ó dhearcadh carachtair eile. Caithfidh siad fosta cinneadh a dhéanamh maidir le cén fhoirm de stíl inste a úsáidfidh siadleis an scéal a insint. Déanfar greannáin dá scéalta. Tá stór de ghrianghraif ón chlár a bhaineann le ‘Táin Bó Cuailgne’ den tsraith bheoite ar fáil le híoslódáil ón suíomh gréasáin.Mar chuid den aonad seo, tá cead ag na daltaí na grianghraif seo a úsáid ina ngreannán.

Is féidir greannáin a dhéanamh ar ríomhaire le bogearraí amhail COMIC LIFE nó MICROSOFT WORD. Thiocfadh leatíomhánna a chur ar fáil do na daltaí, nó is féidir leis na daltaí iad a íoslódáil ónidirlíon nó iad a tharraingt agus a scanadh ar an ríomhaire. Is féidir greannáin a dhéanamh fosta ar pháipéar le húsáid teimpléad greannáin. Tá teimpléad greannáin ar fáil sa LeabharSaothair Daltaí.

4

Iarrtar ar na daltaí ligean do charachtar eile ó ‘Táin Bó Cuailgne’an scéal a insint óna dhearcadh féin.Smaoinigh ar leagan an charachtair de na heachtraí. Cad iad na smaointe agus na mothúcháin a bhí ag an charachtar?Cad iad na rudaí a spreag iad? Cad iad na tréithe dá phearsantacht nach bhfaca muid go fóill?

Ba cheart do na daltaí a mBileog Oibre chomhlánaitheCosán Scéil a úsáid mar chuidiúlena ngreannán...

Ba cheart dóibh a chinntiú go bhfuil na rudaí seo sanáireamh sa ghreannán:

TÚSPLOTAFADHB

RÉITEACHCLABHSÚR

ÚSÁID AN TREOIRDON MHÚINTEOIR & AN ÁIS CLÁIR BHÁIN

‘FOILSITHEOIREACHT DEISCELE COMIC LIFE’ FAOI CHOINNETREOIR TIONSCADAIL CÉIM

AR CHÉIM.

DVD de Cú Chulainn – an tSraith Bheoitenó rochtain ar na cláir ar líne.Pinn dhaite.

ÁISEANNA DE DHÍTH...

Clár Bán.Scanóir (roghnach).Ceamara digiteach (roghnach).

CRUA-EARRAÍ...

BILEOGA OIBRE DO NA DALTAÍ:An Seanchaí agus Ealaín na ScéalaíochtaGníomhaíocht: Scéalaíocht ó Bhéal - Ar Chuala Tú an Ceann Seo?Stíl Inste.Gníomhaíocht TFC: Déanamh Greannáin Taobh Eile an Scéil ...Teimpléad greannáin bánÁIS CLÁIR BHÁIN, CEACHT 4TREOIR DON MHÚINTEOIR & ÁIS CLÁIR BHÁIN: FOILSITHEOIREACHT DEISCE LE COMIC LIFE

BILEOGA FAISNÉISE AGUS TREORACHA...

Bogearraí le DVD a sheinm nó nasc idirlín.Microsoft Word, Comic Life nó bogearraí eilefoilsitheoireachta deisce.Bogearraí scanta.

BOGEARRAÍ...

Page 14: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

CÚ CHULAINN CEACHT 5: LAOCHRA AGUS SÁRLAOCHRA

CEILTEACHAAn laoch aircitíopúil, an laoch Ceilteach, sárlaochra.

Tabhair an bhileog oibre CÚ CHULAINN: LAOCH CEILTEACHdo na daltaí.

Tá cur síos sa bhileog oibre seo ar an laoch aircitíopúil a fhaightear i miotais agus i bhfinscéalta ó gach cearn dendomhan. Cuirtear síos ar na tréithe a bhaineann leis an laoch eiseamláireach Ceilteach; is é Cú Chulainn an sampla is fearr dá leithéid. Is gá plé a dhéanamh ar na príomhthréithe agus ar na príomhthopaicí seo a leanas agus cur síos á dhéanamh ar an laoch eiseamláireach Ceilteach: an gaiscíoch mar laoch; breitheanna draíochtacha;misneach agus láidreacht; cumhachtaí osnádúrtha; dóighiúlacht agus léannta de ghnáth;smacht iontach intinne; agus oineach agus bród pearsanta.

Pléigí mar rang cad é mar a thaispeáin Cú Chulainn na tréithe sin sna scéalta a ndearnaan rang staidéar orthu.

1

Tabhair amach an bhileog oibre PRÓIFÍL SÁRLAOICH. Cuir sárlaochra nua-aimseartha i gcomparáid le laochra ó mhiotais agus fhinscéalta traidisiúnta. Déanaigí ransúsmaointe mar rang ar shárlaochra éigin a bhfuil gean orthu agus ar cé acu atá a lán cosúlachtaí acu leis an laoch aircitíopúil nó leis an laoch Ceilteach.

Ba cheart do na daltaí ansin an bhileog oibre a chomhlánú.Iarrtar orthu sa bhileog oibre an sárlaoch is fearr leo a phróifíliú, agus a chumhachtaí speisialta, a fhéiniúlachtrúnda, a dheargnamhaid agus an eachtra sárlaoich is mó clú aige a chur san áireamh. Iarrtar ar na daltaí ansin a sárlaoch a chur i gcomparáid le Cú Chulainn trí chosúlachtaíagus difríochtaí na bpearsan agus na scéalta a shainaithint.Caithfidh na daltaí a oibriú amach cé a shíleann siad abhainfeadh i gcomhraic idir a sárlaoch agus Cú Chulainn.

2

14

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Pinn dhaite

ÁISEANNA DE DHÍTH...

Níl áiseanna de dhíth

BOGEARRAÍ...

BILEOGA OIBRE DO NA DALTAÍ:Cú Chulainn: Laoch Ceilteach.Gníomhaíocht: Próifíl Sárlaoich.ÁIS CLÁIR BHÁIN, CEACHT 5

BILEOGA FAISNÉISE AGUS TREORACHA...

Clár Bán

CRUA-EARRAÍ...

Page 15: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

CÚ CHULAINNCEACHT 6: DO STIALLGHREANNÁN MIOTAIS NÓ FINSCÉIL FÉIN A CHRUTHÚ Próifíl laoich, comhpháirteanna miotais a chur le do scéal, cosán scéil do mhiotais nó d’fhinscéil a phleanáil.

Tabhair an bhileog oibre GNÍOMHAÍOCHT TFC: DO STIALLGHREANNÁN MIOTAIS NÓ FINSCÉIL FÉIN A CHRUTHÚ do na daltaí.Tugann an bhileog oibre breac-chuntas ar an tasc do na daltaí miotas nó finscéal nua a scríobh agus leagan stiallghreannáin de a dhéanamh. Tá cead ceachtar acu a úsáid: scéal go hiomlán nuanó leagan nua-aimseartha de mhiotas nó d’fhinscéal traidisiúnta. Tugtar deis do na daltaían t-eolas agus na scileanna nua a fuair siad as an aonad staidéir seo a thaispeáint. Ba cheart do na daltaí cinneadh a dhéanamh cé acu atá siad ag dul a scríobh, miotas nó finscéal. Caith súil siar ar an difear idir miotais agus finscéalta: tugann miotais faoimhíniú a thabhairt ar fheiniméan nádúrtha agus is minic carachtair ón saol eile iontu; tá bunús le finscéalta i bhfíric stairiúil, de ghnáth, amhail na Sean-Cheiltigh a mhair sa domhan fíor seo.

1

Tabhair an bhileog oibre REABÓIR MIOTAIS ... COMHPHÁIRTEANNA MIOTAIS do na daltaí.Ba cheart do na daltaí an bhileog oibre a úsáid le tús a chur le pleanáil ghnéithe dá scéil, go háirithe na gnéithe sin a fhágfaidh ina mhiotas ar dóigh é. Ba cheart do na daltaí a chinntiú go mbeidh formhór na gcomhpháirteanna miotaisseo a leanas san áireamh ina scéal: laochra eipiciúla,cumhachtaí speisialta, tosca laochra, bithiúnaigh fhealltacha,déithe neartmhara, ainmhithe miotasacha agus cleasaithe. Ba cheart dóibh fosta oibriú amach cad chuige a bhfuil siadag insint an scéil nó cén teachtaireacht atá ann. An dtabharfaidh an scéal míniú ar fheiniméan nádúrtha, mar shampla, an dteagascfaidh sé ceacht dúinn nó an gcuirfidh sé ar an eolasmuid faoi shochaí luath?

Tabhair an bhileog oibre PRÓIFÍL LAOICH do na daltaí.Ba cheart do na daltaí an bhileog oibre seo a úsáid le carachtar an laoich ina scéal a phleanáil. Déanfaidh na daltaí na rudaí seo:ceapfaidh siad an chuma a bheidh ar an laoch agus déanfaidhsiad líníocht den laoch; cumfaidh siad ainm; cuirfidh siad síos archumachtaí nó ar chumais speisialta an laoich, ar phearsantachtan laoich, ar a scéal cúlra, ar a fhéiniúlacht rúnda agus ar réadspeisialta ar bith, más ann dó, a úsáideann an laoch, amhailclaíomh draíochtach.

3

2

15

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Page 16: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

Tabhair an bhileog oibre COSÁN SCÉIL do na daltaí. Ba cheart do na daltaí an bhileog oibre seo a úsáid leis anchosán scéil dá miotas nó dá bhfinscéal a phleanáil. Cuidíonn an bhileog oibre seo leis na daltaí na gnéithe seo den scéal a phleanáil: suíomh, próifílí agus cóiriú carachtair, an plota,fadhb, réiteach agus clabhsúr. Tosóidh na daltaí fosta ar a scéal a shamhlú trí léaráidí a dhéanamh de shuíomh agus de charachtair an scéil.

Is féidir greannáin a dhéanamh ar ríomhaire le bogearraí amhail COMIC LIFE nó MICROSOFT WORD.Thiocfadh leat íomhánna a chur ar fáil do na daltaí, nó is féidir leo iad a íoslódáil ón idirlíon nó iad a tharraingt agus a scanadh ar an ríomhaire.

Is féidir greannáin a dhéanamh fosta ar pháipéar ach teimpléad greannáin a úsáid. Tá teimpléad greannáin ar fáil sa LeabharSaothair Daltaí.

4

ÚSÁID AN TREOIRDON MHÚINTEOIR &AN ÁIS CLÁIR BHÁIN

‘FOILSITHEOIREACHT DEISCELE COMIC LIFE’ FAOI CHOINNETREOIR TIONSCADAIL CÉIM

AR CHÉIM.

Pinn dhaite.

ÁISEANNA DE DHÍTH...

Clár Bán.Scanóir (roghnach).Ceamara digiteach (roghnach).

CRUA-EARRAÍ...

BILEOGA OIBRE DO NA DALTAÍ:Gníomhaíocht TFC: Do Stiallghreannán Miotais nó Finscéil féin a Chruthú.Gníomhaíocht: Réabóir Miotais - Comhpháirteanna Miotais.Gníomhaíocht: Próifíl Laoich.Gníomhaíocht: Cosán Scéil a Phleanáil faoi choinne do Miotais nó d’Fhinscéil féin.Teimpléad Greannáin Bán.

ÁIS CLÁIR BHÁIN, CEACHT 6TREOIR DON MHÚINTEOIR & ÁIS CLÁIR BHÁIN: FOILSITHEOIREACHT DEISCE LE COMIC LIFE

BILEOGA FAISNÉISE AGUS TREORACHA...

Microsoft Word, Comic Life nó bogearraí eilefoilsitheoireachta deisce.

BOGEARRAÍ...

16

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Page 17: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

17

Tig leis na daltaí íomhánna a íoslódáil ón idirlíon go dtí fillteán ar an ríomhaire.

Má tá na daltaí ag déanamh léaráidí, scan léaráidí na ndaltaí isteach agus sábháil mar JPEG iad.

Déan cóip díobh isteach i gcomhfhillteán ar an líonraríomhairí, áit a mbeidh rochtain ag na daltaí orthu.

ULLMHÚCHÁN

LEID: is féidir leat ceamara digiteach a úsáid le grianghraif de na léaráidí a ghlacadh.

Is bealach níos gasta é seo leis na léaráidí a dhigitiú in áit iad a scanadh, ach ní bheidh

an cháilíocht chomh maith sin.

Úsáid an clár bán idirghníomhach lenaléiriú an dóigh leis na bogearraí a úsáid.Léirigh GACH CÉIM sula n-iarann tú ar na daltaí céim a dhéanamh ar a ríomhaireféin.

Ar dtús, taispeáin na codanna éagsúla de spás oibre na mbogearraí do na daltaí,m.sh. painéal ‘libraries’ Comic Life, anpainéal ‘bubbles’, srl..., ionas go mbeidhsiad eolach ar cad é is féidir a dhéanamhi ngach cuid den spás oibre.

Ba cheart aon bhileoga oibre nó aon bhileoga pleanála atá ábhartha a bheithi seilbh na ndaltaí mar fhoinsí i rith an tseisiúin ríomhaireachta.

1

3 ÚSÁID AN ÁISCLÁIR BHÁINMAR THREOIRTHEILGEACH.

TÚS A CHUR LEIS...

CLÁR BÁN

Oscail na bogearraí greannáin.2

TREOIR DON MHÚINTEOIR

CLICEÁIL AR ‘HELP’ INCOMIC LIFE LE FAISNÉISSHONRACH A FHÁIL AR ANDÓIGH LEIS NA BOGEARRAÍ

A ÚSÁID.

Page 18: CLÁR · 2019-06-26 · tÁin bÓ cuailnge ceacht 4: an seanchaÍ agus ealaÍn na scÉalaÍochta ceacht 5: laochra agus sÁrlaochra ceilteacha ceacht 6: do stiallghreannÁn miotais

18

TREOIR DON MHÚINTEOIR

Iarr ar na daltaí teimpléad leathanaigh a roghnú agus a tharraingt go dtí a gcéad leathanach.

5TEIMPLÉAD LEATHANAIGH A ROGHNÚ

Caithfidh tú méid an leathanaigh a athrú sula dtosaíonn tú ar do ghreannán.Caithfidh tú cliceáil ar File agus PAGE FORMAT a roghnú... ansin tig leatformáid an leathanaigh a athrú go dtí A4.

4

Taispeáin do na daltaí an áit leis an chomhfhillteán ina bhfuil a líníochtaí stóráilte a fháil ar an líonra ríomhairí.

6

Ba cheart do na daltaí na pictiúir ba mhaith leo a úsáid a roghnúagus a tharraingt isteach sna painéil chearnógacha.

7

PICTIÚIR A CHUR LEIS

Agus boscaí téacs, litreoireacht, nó bolgáin chainte in úsáid, is féidirleis na daltaí téacs a chur isteach. Is féidir an téacs a fhormáidiú achan dath, an chlófhoireann, an méid agus an stíl a athrú.

8TÉACS A CHUR ISTEACH

Is féidir cúlra an leathanaigh agus na bpainéal cearnógach a athrú ach leathanach nó painéal cearnógach a roghnú (cliceáil air) agus ansin an painéal ‘details’ a oscailtagus dath nó patrún a roghnú.

9AN CÚLRA A FHORMÁIDIÚ

Priontáil na dearaí críochnaithe.

PRIONTÁIL & CUIR I DTOLL A CHÉILE

Sábháil an obair i bhfillteán cuí ar an ríomhaire.10

SÁBHÁIL

11