26
Intreoir Aonaid Théamacha Eochairchéim 2 Ag tacú leis na Réimsí Foghlama agus le ETIM

Intreoir...Tabhair cuairt ar ionad allamuigh nó ar Éicea-ionad Labhair le hoifigeach bithéagsúlachta Ról innealtóirí Cá dtéann fuíolluisce? Línte gutháin Cad iad na seirbhísí

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • Foilseachán de chuid CCEA © 2010

    IntreoirAonaid Théamacha Eochairchéim 2Ag tacú leis na Réimsí Foghlama agus le ETIM

    INTRODUCTION COVER.indd 1 22/03/2011 10:18

  • Cad é is ‘ETIM’ ann? 1

    Cad é is Aonad Téamach ann? 2

    ETIM a Dhéanamh Áitiúil agus Ábhartha 4

    An Ceantar Áitiúil a Úsáid: Cás-staidéir 10

    Aguisín 1 – Ag Caint Faoin Smaointeoireacht 20

    Clár

    Irish - STEM Introduction Book.indd 1 22/03/2011 10:19

  • Irish - STEM Introduction Book.indd 2 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    1

    Cad é is ‘ETIM’ ann?Is tionscnamh de chuid an rialtais é ‘ETIM’ le páistí agus daoine óga a spreagadh le suim a chur san Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht (TFC san áireamh) agus sa Mhatamaitic. Dar le Rialtas na Breataine go bhfuil tionscail i réimse ETIM ríthábhachtach maidir le hiomaíocht agus rath na RA amach anseo. Más mian le Tuaisceart Éireann a bheith san iomaíocht sa mhargadh dhomhanda, beifear ag brath níos mó agus níos mó ar dhaoine cumasacha oilte a bheith ar fáil le dul le gairmeacha i réimse ETIM.

    Tá ETIM feasta mar thosaíocht oideachasúil in Éirinn, sa RA agus sa chuid eile den Eoraip chomh maith. In ‘Tuarascáil an Athbhreithnithe ETIM’ (RO agus RFF, Meán Fómhair 2009) leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé na réimsí seo a fhorbairt. Seo thíos an fhís atá san athbreithniú maidir le ETIM:

    “glúine amach anseo a chumasú tríd an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic le geilleagar beoga nuálach a fhorbairt.”

    Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go músclóidh ár scoileanna suim na ndaltaí sna hábhair seo. Lena chois sin, ba chóir go bhféachfadh scoileanna leis an bhaint atá ag eolas agus scileanna i réimse ETIM leis na Réimsí Foghlama, a chur ar a súile do na daltaí. Tá sé tábhachtach an bhaint idir an fhoghlaim ar scoil agus saol na hoibre a chur ar a súile dóibh chomh maith. Is é is aidhm leis seo sa deireadh thiar níos mó dár ndaltaí, agus níos mó cailíní go háirithe, a spreagadh le dul le réimsí ETIM ag leibhéal breisoideachais agus ardoideachais.

    ‘ETIM san Oideachas: tosaítear le luathfhorbairt smaointe eolaíocha agus matamaiticiúla san oideachas réamhscoile, rud a dtógtar uirthi sa bhunoideachas agus san iar-bhunoideachas... Ar feadh an ama, ní amháin go gcuireann daltaí eolas ar na hábhair, cothaítear scileanna fiosraithe, scileanna réitigh fadhbanna agus tuiscint iontu maidir lena gcur i bhfeidhm sa saol dáiríre agus an tionchar a imríonn siad ar an tsochaí.’

    (TÉ), (2009, RO&RFF, lch. 19)

    Irish - STEM Introduction Book.indd 3 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    2

    Cad is é Aonad Téamach ann?Is gléas é Aonad Téamach le teagasc agus foghlaim a sholáthar do dhaltaí trí chur chuige téamaithe. Nuair a bhíonn foghlaim na bpáistí ‘nasctha’, cuirtear comhthéacs ina láthair a bhfuil níos mó brí leis, ina dtig leo scileanna a fhorbairt agus eolas a shealbhú. Táthar ag súil leis go mbeidh gach aonad mar dhúshraith ag ábhar traschuraclaim a mhairfeadh idir sé seachtaine agus téarma iomlán. Tá Aonaid Théamacha neamhreachtúil agus is féidir iad a oiriúnú le riar ar riachtanais agus réimsí spéise gach scoile agus gach dalta.

    Rinneadh na haonaid san áis seo a fhorbairt le tacú le múinteoirí dhaltaí Eochairchéim 2. Is faoi na scoileanna féin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le cén bliainghrúpa a úsáidfidh na haonaid, agus ba chóir gach aonad a chur i láthair ar bhealach a bheidh ábhartha d’aois agus do chumas na ndaltaí.

    Aidhmeanna agus ÁbharIs iad aidhmeanna na háise seo:• tacaíocht a chur ar fáil le Curaclam

    Thuaisceart Éireann a sholáthar agus le tabhairt faoin chlár ETIM;

    • stór d’Aonaid Théamacha agus de ghníomhaíochtaí a sholáthar do mhúinteoirí le foghlaim i réimse ETIM a sholáthar;

    • eispéiris foghlama na ndaltaí a shaibhriú trí dheiseanna a thabhairt dóibh fadhbréiteach praiticiúil a dhéanamh, fiosrú a dhéanamh agus taighde a dhéanamh i gcomhthéacsanna fíora agus áitiúla;

    • spreagadh a thabhairt le naisc a fhorbairt le gnólachtaí agus tionscail i réimse ETIM; agus

    • fíor-chomhthéacsanna foghlama a sholáthar le tuiscint a chur chun cinn ar róil a bhfuil siad eolach orthu agus ar róil nach bhfuil siad eolach orthu i réimse ETIM.

    Sna hAonaid Théamacha seo dírítear ar Eolaíocht, Theicneolaíocht, Innealtóireacht (TFC san áireamh) agus Mhatamaitic. Tacaíonn na haonaid chomh maith leis na riachtanais reachtúla a bhaineann le Réimsí Foghlama Churaclam Thuaisceart Éireann, An Domhan Thart Orainn agus Matamaitic agus Uimhearthacht go háirithe. Tarraingítear aird ar dheiseanna leis an téama a chomhshnaidhmeadh le Réimsí Foghlama eile ó thús deireadh na háise agus ba chóir go mbeadh sé mar aidhm agat cur chuige foghlama nasctha a úsáid ionas go mbeadh an téama ábhartha d’obair eile sa seomra ranga.

    Tá cúig Aonad Théamacha san áis seo:• Droichid;• Uisce;• Gaoth;• Teicstílí; agus• Feirmeoireacht

    Is é a chuirtear ar fáil i ngach aonad, smaointe maidir le ceachtanna, cuspóirí foghlama molta, deiseanna le haghaidh Measúnú chun Foghlama agus stór focal nua do gach gníomhaíocht a bhaineann leis an téama. Níl iontu seo ach moltaí agus ba chóir iad a chur in oiriúint le riar ar an teagasc agus ar an fhoghlaim atá ar siúl i do sheomra ranga.

    Irish - STEM Introduction Book.indd 4 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    3

    Na príomhréimsí ETIM a dtugtar fúthu i ngach aonad téamach:

    Fágann na téamaí sa leabhar seo go gcaithfidh páistí a bheidh páirteach go gníomhach ina gcuid foghlama féin. Tá béim fhollasach ar fhorbairt Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta. Beidh neart deiseanna ag páistí na scileanna seo a fhorbairt fud fad na dtéamaí sa leabhar seo agus tarraingeofar aird orthu nuair is cuí. Is féidir na téacscanna ‘Ag Caint Faoin Smaointeoireacht’ (atá ar fáil in Aguisín 1), a úsáid mar chuidiú le comhchuspóirí

    foghlama a chumadh do ghníomhaíochtaí, nó le critéir ratha gníomhaíochta a aontú leis na páistí. Sna téacsanna seo cuirtear Creat Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta EC2 i láthair i ‘dteanga na ndaltaí’ le go mbeidh na scileanna sothuigthe ag daltaí. Tá leagan eile den chreat seo ar fáil don Chlár Idirghníomhaíochta mar chuid den ‘Beart Smaointeoireachta’, agus is féidir é a íoslódáil ón rannán Eochairchéimeanna 1 & 2 ar www.nicurriculum.org.uk

    Eolaíocht Teicneolaíocht Innealtóireacht Matamaitic TFC Réimsí Foghlama

    Droichid ü ü ü

    An Domhan Thart OrainnMatamaitic agus UimhearthachtForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint

    Uisce ü ü An Domhan Thart Orainn

    Gaoth ü ü ü ü

    An Domhan Thart OrainnMatamaitic agus UimhearthachtNa hEalaíona

    Teicstílí ü ü üAn Domhan Thart OrainnNa hEalaíona

    Feirmeoireacht ü ü ü ü

    An Domhan Thart OrainnForbairt Phearsanta agus ComhthuiscintMatamaitic agus Uimhearthacht

    Ag Tacú le Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta

    Irish - STEM Introduction Book.indd 5 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    4

    Trí réimsí spéise agus eispéiris na bpáistí féin a chomhshnaidhmeadh leis an fhoghlaim sa seomra ranga, is féidir cuidiú leo a bheith lánpháirteach ó thaobh an Churaclaim de. Trí ábhair i réimse ETIM a fhiosrú bíonn neart deiseanna ag páistí gnéithe dá gceantar áitiúil a thaiscéaladh agus a fhiosrú – mar atá foirgnimh, droichid, feirmeacha, monarchana, cnoic, aibhneacha, feithiclí, ainmhithe agus daoine, agus go leor leor eile.

    Is féidir na haonaid théamacha seo a chur in oiriúint go furasta le gnéithe de cheantar áitiúil na scoile agat a chur san áireamh.

    Seo thíos cuid de na buntáistí as suim na bpáistí ina gceantar féin a úsáid:• Thig leat eispéireas ábhartha a sholáthar

    le scileanna fiosraithe na bpáistí a fhorbairt.

    • Thig le páistí dul i mbun gníomhaíochtaí praiticiúla fadhbréitigh.

    • Thig le páistí dáimh a fhorbairt lena gceantar áitiúil agus cur lena bhféiniúlacht.

    • Má bhíonn deiseanna acu a bheith i dteagmháil le daoine sa phobal, is féidir go mbeidh fíorchásanna ann ina dtig leo a bheith ag foghlaim ó dhaoine eile agus fúthu.

    • Thig leis an scoil naisc úra a bhunú leis an phobal.

    • Is mó an tsuim a bheidh ag tuismitheoirí agus ag baill eile teaghlaigh san obair atá ar siúl ag daltaí ar scoil.

    Chomh maith leis na haonaid théamacha atá san áis seo a chur in oiriúint, léirítear sna meabhairmhapaí seo a leanas an dóigh ar féidir an fhoghlaim i réimse ETIM a bhunú ar mhórcheisteanna agus ar ábhair áitiúla. Níor mhiste ceann de na meabhairmhapaí seo a chruthú le do rang lena fháil amach cad iad na gnéithe den cheantar áitiúil a bheadh mar fhócasphointe suimiúil don fhiosrú acu.

    ETIM a Dhéanamh Áitiúil agus Ábhartha

    Irish - STEM Introduction Book.indd 6 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    5

    THÍOS FAOIN TALAMH?

    MIONAINMHITHE

    Cad é a chónaíonnfaoin talamh?

    Cad iad na hainmhithe a chónaíonn

    san ithir?

    Mionainmhithe a rangú

    Tochail píosa beag féir

    Clúdaigh dhúnphoill

    Cara nó Namhaid?

    Feirmeoireacht

    Breathnúar an láthair

    An ról atá acui ngnáthóg

    Tabhair cuairt ar ionad allamuigh

    nó ar Éicea-ionad

    Labhair le hoifigeach

    bithéagsúlachtaRól

    innealtóirí

    Cá dtéann fuíolluisce?

    Líntegutháin

    Cad iad na seirbhísí is féidir

    a iompar faoin talamh?

    Cóireáilséarachais

    Cén dóigh a mbaineann

    leictreachas an scoil amach?

    Irish - STEM Introduction Book.indd 7 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    6

    ÁR SCOIL

    TAILTE NA SCOILE

    FOIRGNEAMHNA SCOILE

    CLÓS NA SCOILE

    Clós súgartha idéalach a

    dhearadh agus a dhéanamh

    Taighde a dhéanamh ar chostas ábhar

    An dóigh le hairgead a bhailiú

    Buntáistí/ Míbhuntáistí

    Cothabháil

    Athrúséasúrach a bhreathnú

    Plandaí a aithint

    Plandaí

    Suirbhébruscair

    Dromchlaí a fhiosrú

    Sláinte agusSábháilteacht

    Rannchluichí

    Cleasna Bacóide

    Cluichí anois agus san am atá thart

    Conair grianghraf a dhearadh agus

    a dhéanamh

    Stair na scoile agus an cheantair

    máguaird

    Ailtireacht

    Ról na n-ailtirí

    TógáilAgallamh a chur

    ar dhaoine a raibh baint acu leis

    Ábhair

    Airíonna

    Uiscedhíonach

    Díon

    Ballaí

    An gcuireann seo aois in iúl?

    Irish - STEM Introduction Book.indd 8 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    7

    ÁR SCOIL

    TAILTE NA SCOILE

    FOIRGNEAMHNA SCOILE

    CLÓS NA SCOILE

    Clós súgartha idéalach a

    dhearadh agus a dhéanamh

    Taighde a dhéanamh ar chostas ábhar

    An dóigh le hairgead a bhailiú

    Buntáistí/ Míbhuntáistí

    Cothabháil

    Athrúséasúrach a bhreathnú

    Plandaí a aithint

    Plandaí

    Suirbhébruscair

    Dromchlaí a fhiosrú

    Sláinte agusSábháilteacht

    Rannchluichí

    Cleasna Bacóide

    Cluichí anois agus san am atá thart

    Conair grianghraf a dhearadh agus

    a dhéanamh

    Stair na scoile agus an cheantair

    máguaird

    Ailtireacht

    Ról na n-ailtirí

    TógáilAgallamh a chur

    ar dhaoine a raibh baint acu leis

    Ábhair

    Airíonna

    Uiscedhíonach

    Díon

    Ballaí

    An gcuireann seo aois in iúl?

    Irish - STEM Introduction Book.indd 9 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    8

    Cad chuige a bhfuil siad suite

    ansin?

    A chinntiú go bhfuil na soilse

    ag obairSruth tráchta

    Innealtóirsoilse tráchta

    An gá le monatóireacht

    leanúnach a dhéanamh ar

    na soilse

    Cén úsáid a bhaintear as an bhóthar taobh

    amuigh den scoil?

    Suirbhé tráchta a phleanáil agus a dhéanamh taobh amuigh den scoil

    Leibhéal tráchta

    Minicíocht

    Cad é a dhéanannmeicneoir?

    Cén dóigh a rialaítear luas

    tráchta i limistéir chónaithe?

    An fheithicilis coitianta

    Cén dóigh a mbrathann na

    péas luas feithiclí?

    FEITHICLÍ

    TRÁCHTSOILSE

    TRÁCHTA

    An bhfuil gá le soilse tráchta taobh amuigh

    den scoil?

    Rialútrácht bóthair

    Teilifís ciorcaid iata

    Sonraí a chur i láthair ag úsáid

    TFC

    Léarscáilden cheantar

    áitiúil

    Cá bhfuil siadsuite?

    Lasca

    Ciorcaidleictreacha

    Cén dóigh a ndéantar ciorcad

    comhlán?

    Soilse

    Fuaimeanna

    Córas Rabhaidh

    Cén dóigh a riarann an dearadh

    ar riachtanais dhaoine dalla nó dhaoine bodhra?

    Irish - STEM Introduction Book.indd 10 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    9

    Cad chuige a bhfuil siad suite

    ansin?

    A chinntiú go bhfuil na soilse

    ag obairSruth tráchta

    Innealtóirsoilse tráchta

    An gá le monatóireacht

    leanúnach a dhéanamh ar

    na soilse

    Cén úsáid a bhaintear as an bhóthar taobh

    amuigh den scoil?

    Suirbhé tráchta a phleanáil agus a dhéanamh taobh amuigh den scoil

    Leibhéal tráchta

    Minicíocht

    Cad é a dhéanannmeicneoir?

    Cén dóigh a rialaítear luas

    tráchta i limistéir chónaithe?

    An fheithicilis coitianta

    Cén dóigh a mbrathann na

    péas luas feithiclí?

    FEITHICLÍ

    TRÁCHTSOILSE

    TRÁCHTA

    An bhfuil gá le soilse tráchta taobh amuigh

    den scoil?

    Rialútrácht bóthair

    Teilifís ciorcaid iata

    Sonraí a chur i láthair ag úsáid

    TFC

    Léarscáilden cheantar

    áitiúil

    Cá bhfuil siadsuite?

    Lasca

    Ciorcaidleictreacha

    Cén dóigh a ndéantar ciorcad

    comhlán?

    Soilse

    Fuaimeanna

    Córas Rabhaidh

    Cén dóigh a riarann an dearadh

    ar riachtanais dhaoine dalla nó dhaoine bodhra?

    Irish - STEM Introduction Book.indd 11 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    10

    An Ceantar Áitiúil a Úsáid: Cás-staidéirMúinteoirí a scríobh na cás-staidéir seo a leanas ina gcuirtear síos ar a n-eispéiris agus iad ag baint úsáid as an cheantar áitiúil agus as an seomra ranga taobh amuigh le teagasc agus foghlaim a fheabhsú agus a threorú. Tá sé mar aidhm ag na cás-staidéir léiriú a thabhairt ar an dóigh ar féidir an fhoghlaim a thabhairt chun beatha do pháistí ar bhealach atá ábhartha dá saol agus dá n-eispéireas.

    Téama an Uisce is ábhar don tionscadal sa chéad chás-staidéar. Chuir an múinteoir síos ar fhadhb i gcomhthéacs áitiúil. Bhí ar na páistí teacht aníos le réiteach a mheallfadh bradáin ar ais chuig an abhainn áitiúil.

    An Ghaoth is ábhar don tionscadal sa dara cás-staidéar. Feirm ghaoithe sa cheantar áitiúil a bhí mar dhúshraith don teagasc faoi chumhacht gaoithe agus fhuinneamh.

    Irish - STEM Introduction Book.indd 12 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    11

    An Ceantar Áitiúil a Úsáid: Cás-staidéir Cás-staidéar: UisceBealach Éisc Abhainn Ghleann Mórnáin

    Cuspóirí1. Creat eiseamláireach a thabhairt do

    mhúinteoirí agus do dhaltaí le fíorfhadhb a fhorbairt agus le dul i ngleic léi.

    2. An fhoghlaim a nascadh ar bhealach praiticiúil, teagmhálach, mar atá molta i gCuraclam Thuaisceart Éireann.

    3. Naisc a fhorbairt le gníomhaireachtaí seachtracha, Gníomhaireacht na Lochanna mar shampla.

    4. Deis a sholáthar le feasacht a spreagadh agus suim in ábhair ETIM a chothú i measc na foirne agus na bpáistí.

    Scoileanna a bhí PáirteachBhí trí bhunscoil páirteach sa tionscadal.

    • Is bunscoil rialaithe chomhoideachais í Artigarvan Primary School i sráidbhaile Ard Tí Garbháin. Daltaí as Bliain 5 a bhí páirteach sa tionscadal.

    • Is scoil chomhoideachais faoi chothabháil í Loughash Primary School atá suite i gceantar tuaithe iargúlta cúig mhíle ó shráidbhaile Dhún na Manach. Daltaí as comhrang Blianta 5, 6 agus 7 a bhí páirteach ann.

    • Is bunscoil chomhoideachais faoi chothabháil í St. Joseph’s Primary School atá suite i gceantar tuaithe iargúlta ceithre mhíle ón Srath Bán. Daltaí as comhrang Blianta 5, 6 agus 7 a bhí páirteach ann.

    Baineadh úsáid as Strabane High School mar shuíomh don tionscadal iomlán agus bhí duine den fhoireann acu mar chomhordaitheoir agus éascaitheoir tionscadail.

    Intreoir

    Breis agus 50 bliain ó shin, bhí neart bradán sa chuid íochtarach d’Abhainn Ghleann Mórnáin. Sa lá atá inniu ann áfach, níl tasc ná tuairisc ar bhradáin san abhainn seo. Sa chás-staidéar seo léirítear an dóigh ar oibrigh triúr múinteoirí Eochairchéim 2 agus a gcuid daltaí le chéile le bealach a aimsiú a ligfeadh do na bradáin dul suas go dtí an chuid uachtarach den abhainn le pórú agus a mheallfadh ar ais chuig Abhainn Ghleann Mórnáin iad.

    Tá sé mar aidhm ag an chás-staidéar léiriú a thabhairt ar an dóigh ar féidir tabhairt faoi ETIM sa bhunscoil agus an ceantar áitiúil a úsáid mar fhócas le go mbeidh brí leis an fhoghlaim do na daltaí.

    Irish - STEM Introduction Book.indd 13 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    12

    Mar intreoir don tionscadal, cuireadh síos ar an fhadhb a bhí le réiteach ag na páistí. Breis agus 50 bliain ó shin, bhí neart bradán sa chuid íochtarach d’Abhainn Ghleann Mórnáin. Sa lá atá inniu ann áfach, níl tasc ná tuairisc ar bhradáin in san abhainn seo.

    Páistí idir naoi mbliana agus bliain déag d’aois a bhí páirteach sa tionscadal. Bhí réimse ábaltachtaí i gceist agus dá réir sin, b’éigean difreálú a dhéanamh. Iarradh orthu ligean orthu féin gur bhleachtairí iad, agus iad i mbun fiosraithe faoi dhrochstaid na mbradán ar Abhainn Ghleann Mórnáin. Ba é an chéad tasc a bhí ag na páistí teacht aníos le mínithe a d’fhéadfadh a bheith leis seo.

    D’amharc na páistí ar léarscáileanna den abhainn agus den cheantar áitiúil. Cuireadh roinnt faisnéise agus sonraí faoi ghabhálacha bradán i dTuaisceart Éireann ar fáil dóibh. Bunaithe ar an fhaisnéis seo, d’oibrigh na páistí ina mbeirteanna le liosta ceisteanna dar tús ‘cé, cad é, cad chuige, cá huair agus cá háit’ a dhéanamh, a bheadh ina chuidiú acu an fhadhb a réiteach. Iarradh orthu chomh maith na sonraí ar na gabhálacha bradán i dTuaisceart Éireann a eagrú, a chur i láthair agus a léirmhíniú agus grafphacáiste in úsáid acu. Chuir siad formáidí grafacha éagsúla i gcomparáid lena chéile le go dtiocfadh leo an bealach ab fhearr a roghnú leis na staitisticí a chur i láthair.

    I ndiaidh dóibh plé a dhéanamh ar cá háit ar chóir dóibh tosú leis an fhadhb a réiteach, shocraigh na páistí go mbeadh orthu fáil amach cén cineál coinníollacha a bhíonn de dhíth ar bhradáin le maireachtáil agus an raibh na coinníollacha seo le fáil in Abhainn Ghleann Mórnáin.

    Ansin, d’aontaigh na páistí dá mbeadh na coinníollacha seo le fáil san abhainn, go mbeadh orthu bealach a aimsiú a ligfeadh do na bradáin dul suas go dtí an chuid uachtarach den abhainn le pórú. Leis sin a dhéanamh bheadh orthu bealach a aimsiú le guais nádúrtha ar an abhainn a shárú, guais a bhí ag cur bac ar na bradáin (eas a bhí os cionn sé mhéadar ar airde). Bunaithe ar an phlé agus ar an chinnteoireacht seo, rinneadh an tionscadal a roinnt ina thrí chuid:

    1. Staidéar a dhéanamh ar shaolré an bhradáin agus ar ghnáthóg Abhainn Ghleann Mórnáin.

    2. Taighde a dhéanamh le mionsamhail de bhealach éisc a dhearadh agus a dhéanamh a ligfeadh do na bradáin taisteal go foinse na habhann.

    3. Ábhar amhairc a tháirgeadh lena gcás a chur faoi bhráid an phobail i gcoitinne.

    TúsphointeDrochstaid na mBradán in Abhainn Ghleann Mórnáin Forbairt an Tionscadail

    Cás-staidéar: Uisce (ar lean)Bealach Éisc Abhainn Ghleann Mórnáin

    Irish - STEM Introduction Book.indd 14 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    13

    Cuid 2Bealach éisc a dhearadh le gabháil thar eas Ghleann Mornáin

    Ar dtús bhí orainn cur le heolas na bpáistí ar abhainnchórais. Chuir muid tús leis seo trí staidéar a dhéanamh ar thimthriall an uisce agus thug muid cuairt ar Ionad Allamuigh Aird Mhic Giollagáin. Rinne na páistí staidéar ar abhainn faoi threoir bheirt oifigeach allamuigh. D’fhoghlaim siad faoi ghnáthóg agus faoi shaolré an bhradáin agus phléigh na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí idir nithe beo eile. D’fhoghlaim siad chomh maith faoi ghuaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann do nithe beo san abhainn agus thug siad mínithe simplí ar na hathruithe san abhainn a imríonn tionchar ar iasc, agus ar an bhradán go háirithe.

    Agus muid ar ais sa seomra ranga, chuir muid an staidéar allamuigh a rinneadh ag Aird Mhic Giollagáin agus saol na habhann a bhaineann go sonrach le hAbhainn Ghleann Mórnáin i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile. Shocraigh muid go n-iarrfadh muid ar dhaoine ó Ghníomhaireacht na Lochanna (eagraíocht atá freagrach as na haibhneacha a shreabhann isteach i Loch Feabhail) teacht ar cuairt chuig an scoil. Labhair na cuairteoirí ó Ghníomhaireacht na Lochanna

    leis na daltaí faoin ghnáthóg ar Abhainn Ghleann Mórnáin agus faoi bhealach éisc atá beartaithe d’eas Abhainn Ghleann Mórnáin.

    Bhailigh muid samplaí uisce ón abhainn agus rinne na páistí staidéar orthu le haghaidh lorg truaillithe trí thurgnaimh chóireála uisce shimplí a úsáid. Thaifead siad a gcuid torthaí go córasach agus thug siad tuairisc don chuid eile den rang ar na fiosruithe acu.

    Thug muid cuairt ar cheanncheathrú Ghníomhaireacht na Lochanna lena fháil amach cén dóigh a gcuidíonn siad leis an tuath agus na haibhneacha in abhantrach na Feabhaile a chaomhnú. D’oibrigh na daltaí i ngrúpaí le heolas agus grianghraif a shórtáil agus a chur ar taispeáint faoi na catagóir ‘gnáthóga maithe’ agus ‘droch-ghnáthóga’ agus d’aithin siad guaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann do bhradáin. D’úsáid siad léarscáileanna agus grianghraif le póstaeir de na gnáthóga agus de na guaiseacha taobh istigh de dhobharcheantar Abhainn Ghleann Mórnáin a chruthú.

    Cuid 1Staidéar a dhéanamh ar shaolré an bhradáin agus ar ghnáthóg Abhainn Ghleann Mórnáin

    Rinne na páistí staidéar ar an dóigh a n-oibríonn bealaí éisc éagsúla. Thug muid cuairt ar an bhealach éisc ar an Mhorn ag Muileann an tSiáin. Thóg siad grianghraif, físeáin agus tharraing léaráidí den bhealach éisc seo agus d’fhíorshamplaí eile lena mbealach éisc féin a dhearadh d’Abhainn Ghleann Mórnáin.

    Rinne muid roinnt oibre i dtaca le scála agus grádán de a chuir ar chumas na bpáistí léaráidí de ghrádán an bhealaigh éisc a dhéanamh.

    D’amharc muid ar shamhaltáin éagsúla inar léiríodh grádáin dhifriúla. Bhí deis ag gach páiste a smaointe féin ar bhealach éisc a sceitseáil agus cur síos a dhéanamh ar an dóigh a n-oibreodh sé. I ndiaidh dóibh a fháil amach gur grádán 1 sa 4 an claonadh uasta a d’fhéadfadh a bheith ann sa chás seo, bhí plé againn le dearadh an bhealaigh éisc a mheas, a thuiscint agus le teacht ar réiteach.

    Irish - STEM Introduction Book.indd 15 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    14

    Agus iad ag obair i ngrúpaí, iarradh ar na páistí samhaltán a chruthú a léireodh a n-eolas ar chodanna den tionscadal.

    • Rinne Grúpa 1 mionsamhail de bhealach éisc ar eas;

    • Rinne Grúpa 2 mionsamhail de thimthriall an uisce thar abhantrach na Feabhaile;

    • Rinne Grúpa 3 mionsamhail de na ghnáthóga agus de na guaiseacha i gceantar Ghleann Mórnáin; agus

    • Rinne Grúpa 4 mionsamhail den bhiashlabhra ag díriú ar ghilidíní (an chéim is leochailí i saolré an bhradáin).

    Tharraing na páistí léaráidí lipéadaithe mionsonraithe de na dearaí acu. Roghnaigh siad ábhair oiriúnacha dá mionsamhail, bunaithe ar a n-eolas ar airíonna ábhair agus d’úsáid siad réimse uirlisí teicneolaíochta go sábháilte lena ndearaí agus a struchtúir a thomhas go beacht, le mionathruithe a dhéanamh má bhí gá leo agus leis na mionsamhlacha a mheas.

    Cuireadh obair agus mionsamhlacha na bpáistí ar taispeáint i bhforhalla Ghníomhaireacht na Lochanna. Bhí an taispeántas oscailte don phobal i gcoitinne agus do scoileanna a bhí ar cuairt ansin. Chuaigh cur i láthair na bpáistí chomh mór sin i gcion ar an phreas áitiúil gur chlúdaigh siad é ar leathanach iomlán daite.

    Cuid 3Mionsamhlacha a thógáil le torthaí an tionscadail a léiriú

    Cás-staidéar: Uisce (ar lean)Bealach Éisc Abhainn Ghleann Mórnáin

    Irish - STEM Introduction Book.indd 16 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    15

    Ó thús deireadh an tionscadail, fuair na páistí blaiseadh ar réimse gníomhaíochtaí nach bhfaigheadh siad sa seomra ranga de ghnáth. D’oibrigh siad ar bhonn comhoibríoch le scoileanna eile agus i dtimpeallacht scoile dhifriúil. Ba ghné thábhachtach dá bhfoghlaim é an seomra ranga allamuigh agus chuir na páistí eolas ar an chomhshaoil agus d’fhorbair siad tuiscint do ghnáthóga áitiúla agus do ghnáthóga sa mhórthimpeallacht araon. Tá siad níos eolaí ar inbhuanaitheacht agus tá naisc déanta acu idir éiceachórais agus saolréanna. Chuir na gníomhaíochtaí deiseanna ar fáil do na daltaí scileanna breise a fhoghlaim, TFC san áireamh. Bhain an scoil tuaithe is iargúlta leas ar leith as a bheith ag meascadh le pobal oideachais níos leithne agus as na buntáistí a bhain leis seo.

    Forbraíodh scileanna sóisialta agus idirphearsanta na bpáistí toisc go raibh orthu idirbheartaíocht a dhéanamh, comhghéilleadh, fadhbanna a réiteach agus teacht ar chomhaontú. Bhí na páistí ag dul don fhoghlaim thurgnamhach agus imscrúdaitheach, rud a d’fhág go raibh orthu a bheith níos féintreoraithe, bíodh siad ag obair go neamhspleách nó i ngrúpa.

    Tugadh brí d’fhoghlaim na bpáistí mar gheall ar chomhthéacs áitiúil an tionscadail agus cuireadh go mór lena dtuiscint, rud nach mbeadh amhlaidh dar liom dá ndéanfaí sa seomra ranga é.

    B’éigean do pháistí agus do mhúinteoirí araon dul sa seans leis an tionscadal a chur i gcrích. Bhí ar na múinteoirí imeacht ó shuíomh seomra ranga an-struchtúrtha agus cloí le cur chuige gníomhaíocht-bhunaithe. B’éigean dúinn ligean do mheancóga tarlú agus a aithint nach deireadh an domhain a bhí ann a fhad is go dtiocfadh linn foghlaim uathu. Is amhlaidh a bhí muid ag foghlaim le chéile, rud a d’fhág, ar bhealach, gur rud nua, corraitheach, agus lán fuinnimh a bhí ann. Thaitin an cur chuige seo leis an fhoireann agus leis na páistí araon agus ba léir do chách a dhíograisí a bhí gach duine a bhí páirteach ann.

    Buntáiste breise a bhí ann deis a bheith againn a bheith ag obair le scoil eile. Mar gheall ar choláisteachas agus eolas gairmiúil, scileanna agus tuiscint a roinnt, cuireadh leis an dea-chaidreamh oibre a bhí ann cheana i measc na scoileanna agus na bhfoirne teagaisc a bhí páirteach ann.

    Buntáistí

    Irish - STEM Introduction Book.indd 17 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    16

    Cás-Staidéar: GaothFeirm Ghaoithe Bessy Bell

    Scoileanna a bhí PáirteachIs scoileanna beaga tuaithe iad Loughash Primary School, Dún na Manach, agus St. Joseph’s Primary Scool, Gleann Mórnáin ina bhfuil Bhlianta 5, 6 agus 7 mar chomhrang.

    TúsphointeCé go raibh na feirmeacha gaoithe ar na cnoic áitiúla feicthe ag na páistí seo, ba bheag eolas dáiríre a bhí acu orthu. Bhí sé tábhachtach eochairfhocail a shoiléiriú amhail fuinneamh in-athnuaite, tuirbín agus gineadóir. Bhí seó sleamhnán againn de mhuilte gaoithe, tuirbíní gaoithe agus feirmeacha gaoithe, rud a spreag plé faoi na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí sna pictiúir. Uaidh sin thángthas aníos le réimse mínithe a bhí ar taispeáint ar chlár na bhfógraí agus an tionscadal seo ar bun.

    Iarradh ar na páistí ansin pictiúir a tharraingt a léireodh an dóigh, dar leo, a n-oibríonn muilte gaoithe agus tuirbíní gaoithe. Rinneadh na smaointe seo a roinnt agus pléadh iad. Ar an dóigh seo, bhí na páistí in ann na smaointe acu faoin rud ba mhaith leo a fhiosrú a dhéanamh foirmeálta. Ag an chéim seo, spreagadh na páistí le tuilleadh taighde a dhéanamh ar an ábhar agus áiseanna leabharlainne agus an t-idirlíon in úsáid acu.

    Úsáideadh ceisteanna agus smaointe na bpáistí le greille A-B-C a dhéanamh. Líonadh an chéad dá chuid den eangach isteach ag an chéim seo. Líonadh an roinn deirdh, ‘Cad é a d’Fhoghlaim Mé’ isteach ag deireadh an tionscadail.

    Forbairt an Tionscadail – GníomhaíochtaíCuairt ar fheirm ghaoithe an chéad mholadh a rinneadh toisc nach raibh duine ar bith de na páistí gar do na tuirbíní gaoithe áitiúla riamh. Ina dhiaidh seo, socraíodh ar thaighde a dhéanamh le mionsamhlacha a úsáideann fuinneamh gaoithe a dhearadh agus a thógáil. Shocraigh na páistí ar dhráma agus rólghlacadh a úsáid le fiosrú a dhéanamh ar dhearcadh daoine eile maidir le fuinneamh gaoithe in-athnuaite agus feirmeacha gaoithe a bheith á dtógáil.

    Intreoir

    I scoilcheantar na scoileanna a ghlac páirt sa tionscadal seo tá méadú faoi líon na feirmeacha gaoithe atá á dtógáil le leictreachas a tháirgeadh. Is iad na tuirbíní gaoithe atá le fheiceáil ar na cnoic máguaird a bhí mar spreagthach ag daltaí EC2 agus a thug orthu tabhairt faoi fhuinneamh gaoithe in-athnuaite a fhiosrú. Mar gheall ar chineál téamach na topaice bhí deis ann le gnéithe éagsúla den churaclam a fhorbairt, ag díriú ar ábhair ETIM ach go háirithe.

    Irish - STEM Introduction Book.indd 18 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    17

    Chuaigh muid i dteagmháil le E.ON atá freagrach as feirm ghaoithe Bessy Bell, ar an Bhaile Nua, Co. Thír Eoghain. Shocraigh an comhlacht go mbuailfeadh foireann ó E.ON leis na múinteoirí agus leis na daltaí ón dá scoil agus go dtabharfadh siad ar camchuairt thart ar na tuirbíní gaoithe ar an fheirm ghaoithe muid. Ar an drochuair, bhí lá ceomhar ann!

    Bhí tábhacht ar leith le cúrsaí sábháilteachta. Cuireadh na páistí i ngrúpaí, taispeánadh do gach grúpa ar a sheal an dóigh a gcruthaíonn na tuirbíní gaoithe leictreachas a sheoltar chuig teach cumhachta ar an suíomh ar dtús, agus a iompraítear ansin le sreanga chuig an eangach náisiúnta. Thug innealtóir na páistí isteach i gceann de na tuirbíní gaoithe agus labhair sé leo faoin trealamh agus faoin dóigh a n-oibríonn an tuirbín.

    Agus iad ar an fheirm ghaoithe, bhailigh agus thaifead na páistí míreanna éagsúla eolais, mar shampla:

    • Thug siad meastachán ar airde na dtuirbíní agus thomhais siad iad agus triantánú in úsáid acu.

    • Thomhais siad na faid idir na tuirbíní agus roth tomhais in úsáid acu.

    • Rinne siad rothlú na lann a amú agus chuir siad i gcomparáid le rothlú lann eile iad.

    • D’fhiosraigh siad fuaim na lann – cá háit a raibh an fhuaim ab airde, cá háit a raibh an fhuaim ab ísle agus cad é mar a d’fhéadfaí na torthaí seo a mhíniú.

    Bhí na páistí in ann sainchomharthaí tíre áitiúla a aithint ó na léarscáileanna a bhí againn den cheantar áitiúil, agus na tagairtí eangaí acu a oibriú amach. Chomh maith leis sin, d’úsáid siad airde an chompáis nuair a bhí na léarscáileanna á léamh acu.

    Úsáideadh grianghrafadóireacht dhigiteach le fianaise a thaifeadadh, go háirithe an cineál tírdhreacha a bhí sa cheantar áitiúil. Glacadh grianghraif den fhásra agus d’fhianaise ar bith den tionchar a bhí ag na tuirbíní gaoithe ar an timpeallacht áitiúil. Cuireadh iad seo ar taispeáint sa seomra ranga.

    Níl amhras ar bith ann gur mar gheall ar an chuairt a athraíodh ceacht teoiriciúil ina thionscadal comhshaoil ceart ar an cheantar áitiúil. Bhailigh na páistí cuid mhór eolais lena phlé, lena anailísiú agus lena chur ar taispeáint sa seomra ranga.

    Cuid 1Cuairt ar fheirm ghaoithe

    Irish - STEM Introduction Book.indd 19 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    18

    I ndiaidh na cuairte ar an fheirm ghaoithe, d’oibrigh na páistí i ngrúpaí de 3 – 4 daltaí le mionsamhlacha a dhéanamh a úsáideann an ghaoth mar fhoinse fuinnimh.

    Ba mhuileann ghaoithe láimhe an chéad mhionsamhail a rinne siad. Sula ndearna siad é, d’amharc na páistí ar réimse mionsamhlacha de mhuilte gaoithe de dhéantús baile agus tráchtála. Bhronn gach grúpa marcanna ar gach mionsamhail de réir a fheabhas a d’oibrigh siad. Thaifead siad na torthaí ar chairt. Ansin phléigh gach grúpa na hábhair ba mhaith leo a úsáid leis an mhionsamhail láimhe acu a dhéanamh (tugadh liosta roghanna dóibh). Bailíodh na hábhair i ndiaidh do gach grúpa plean deartha den mhionsamhail acu a tharraingt. Tugadh am ar leith do na páistí le mionsamhail a dhéanamh. Úsáideadh gaothrán le gach mionsamhail a thástáil agus spreagadh na páistí leis na mionsamhlacha a mheas agus bealaí a lua ina bhféadfaí iad a fheabhsú agus fáthanna a thabhairt.

    E.ON a chuir an dara mionsamhail ar fáil sna málaí beaga a tugadh do na páistí. Bhí sé seo ina chuidiú ag na daltaí tuiscint a fháil ar an dóigh a n-athraítear cumhacht na gaoithe go leictreachas. Bhí an seisiún seo úsáideach mar cheacht i dtaca le gearradh go beacht agus poill a dhéanamh, cionn is go raibh ar na daltaí a bheith cúramach, agus an mhionsamhail á déanamh acu, le go n-oibreodh sí go maith. B’éigean dóibh na treoracha a leanúint go cúramach fosta.

    Ba é an tríú mionsamhail an ceann ba chasta. Baineadh úsáid as cumhacht na gaoithe le bolgán LED a lasadh. Ba mhionsamhlacha iad seo a ceannaíodh agus bhí gá leis na treoracha a leanúint go cúramach le go n-oibreodh siad. Rinneadh na mionsamhlacha a thástáil, a bhaint as a chéile agus a atógáil agus ola in úsáid mar bhealadh an dara huair. Cuireadh an cheist ar na páistí, ‘Ar thriail chothrom í seo?’ agus phléigh an rang cad chuige nár thriail chothrom í.

    Rinneadh an mhionsamhail a scriúáil isteach i mbuidéal mianra a úsáideadh mar bhonn. Bhí na buidéil ró-éadrom agus b’fhurasta iad a leagan. Moladh go líonfaí na buidéil le meáchan a chur leo, rud a chuideodh lena gcoinneáil ar a gcothrom. Cuireadh comhábhair éagsúla i ngach buidéal (m.sh. salann, rís). Cuireadh comhábhair a raibh an meáchan céanna iontu i ngach buidéal. Toisc na comhábhair a bheith ar airde difriúla i mbuidéil éagsúla spreagadh díospóireacht eolaíochta ar thoirt agus ar airíonna na n-ábhar a úsáideadh.

    Rinne muid na mionsamhlacha a thástáil taobh amuigh sa chlós súgartha lá gaoithe agus úsáideadh roinnt ainéimiméadar leis na háiteanna ba ghaofaire i dtailte na scoile a aimsiú. Rinne muid plé ar an áit ab fhearr ar thailte na scoile ina bhféadfaí tuirbín beag gaoithe a chur. Rinne muid mionsamhlacha 3T d’fheirmeacha gaoithe.

    Le críoch a chur leis an tionscadal, chum na daltaí dráma faoi fheirm ghaoithe. Ar dtús, chuaigh na páistí i mbun pleanála le chéile le liosta a dhéanamh de na grúpaí agus na daoine aonair a mbeadh athrú ar a saol dá dtógfaí tuirbíní gaoithe.

    D’úsáid mé réimse teicnící le cuidiú leis na páistí na tuairimí éagsúla a bhí ag daoine maidir le tógáil tuirbíní gaoithe a thuiscint

    agus a fhorbairt. Chuir roinnt daltaí tuairimí in iúl a bhí bunaithe ar a dtaighde agus ar na hagallaimh a chuir siad ar bhaill teaghlaigh agus ar chairde. Rinneadh agallaimh bheaga díobh seo inar ghlac na páistí róil charachtar éagsúil orthu féin. Chum na grúpaí scéalta de réir a chéile trí thobchumadóireacht a úsáid in ionad úsáid a bhaint as script scríofa a cuireadh ar fáil dóibh.

    Cuid 2Taighde a Dhéanamh ar Mhionsamhlacha agus iad a Dhearadh agus a Thógáil

    Cuid 3Dráma agus Rólghlacadh

    Cás-staidéar: Gaoth (ar lean)Feirm Ghaoithe Bessy Bell

    Irish - STEM Introduction Book.indd 20 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    19

    • Mar gheall ar chur chuige téamach an tionscadail seo bhí na páistí páirteach i réimse leathan gníomhaíochtaí agus eispéireas.

    • Bhí deis ag na páistí staidéar a dhéanamh ar fhoinse fuinnimh inbhuanaithe a raibh baint aici leis an cheantar ina raibh cónaí orthu féin.

    • Bhí an chuairt ina cuidiú ag na páistí tuiscint a fháil ar an dóigh ar féidir le feirmeacha gaoithe cuidiú le caomhnú na timpeallachta.

    • Bhí deis ag na páistí na gnéithe comhshaoil dearfacha agus diúltacha a bhaineann le feirmeacha gaoithe sa phobal a aithint.

    • Bhí deis ag na páistí sonraí a aithint, a bhailiú agus a thaifeadadh mar chuid den tionscadal.

    • Thaitin an chuairt ar na tuirbíní gaoithe leis na páistí mar gheall ar an obair phraiticiúil a bhí le déanamh acu – ag tabhairt meastachán, ag tomhas, ag úsáid uillinneacha agus comhordanáidí.

    • Sa seomra ranga, bhí deis ag na páistí a bheith ag obair go neamhspleách agus i gcomhpháirt – bhí róil éagsúla acu sna grúpaí m.sh. ceannaire, scríobhaí, urlabhraí.

    • I ngach seisiún teicneolaíochta bhí deis ann leis na nithe seo a leanas a dhéanamh: taighde a dhéanamh ar ábhair, pleananna a phlé agus a tharraingt, obair a sheicheamhú, tuairimí a mhíniú agus a chosaint, tátail a bhaint, rudaí a mheas agus dul sa seans trí bheith ag foghlaim ó na meancóga a rinneadh.

    • Bhí roinnt deiseanna ann le hairíonna eolaíocha ábhar a mheas m.sh. ola a imscrúdú mar bhealadh.

    • Bhí an chruthaitheacht mar chuid lárnach den imscrúdú a rinne na páistí, rud a bhí ina chuidiú acu a bheith samhlaíoch, smaointe éagsúla a thriail agus teanga oiriúnach a úsáid leis na smaointe sin a chur in iúl.

    • Cuireadh le muinín agus le féinmheas na bpáistí trí bheith ag obair taobh amuigh de thimpeallacht na bunscoile.

    • Maolaíodh ar imní na ndaltaí bunscoile maidir le haistriú scoileanna trí úsáid a bhaint as iar-bhunscoil áitiúil leis na cláir dhrámaíochta agus theicneolaíochta a chur i gcrích.

    • Laghdaíodh ar an tionchar a bhí ag iargúltacht na tuaithe ar na daltaí agus na múinteoirí araon tríd an dá scoil bheaga seo a chur ag obair le chéile.

    Is mian leis na daoine a bhí páirteach sa chlár seo buíochas a ghabháil leis na daoine seo a leanas:

    • Foireann E.ON as an chuairt ar an fheirm ghaoithe a shocrú.

    • Ciara McMahon, CCEA as a hionchur sa chlár seo.

    • Príomhoide Strabane High School as na seomraí teicneolaíochta agus drámaíochta a chur ar fáil.

    Buntáistí

    Irish - STEM Introduction Book.indd 21 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    20

    Aguisín 1Ag Caint Faoin SmaointeoireachtAnseo thíos tá cur síos ar Chreatlach Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta EC2 (SSÁP) i dteanga a bheidh sothuigthe ag daltaí. Is féidir é a úsáid leis na daltaí le cuspóirí foghlama agus critéir ratha chomhroinnte a chumadh, agus beidh sé ina chuidiú ag daltaí friotal a chur ar an dóigh a bhfuil a gcuid Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta á bhforbairt acu le linn dóibh a bheith ag dul do na tascanna.

    Is féidir an chreatlach a úsáid mar leid chuimhne do pháistí aonair nó le plé ranga a spreagadh.

    Bainistú Eolais• Cuirim ceisteanna ciallmhara le go dtuigfidh mé go soiléir cad a bheidh le déanamh agam.• Thig liom an méid atá le déanamh agam a eagrú agus a phleanáil.• Thig liom spriocanna a leagan amach dom féin agus bíonn a fhios agam cad é a chaithfidh mé

    a dhéanamh leis na spriocanna sin a bhaint amach.• Tá a fhios agam cá háit a dtig liom foinsí maithe eolais a aimsiú.• Thig liom an t-eolas atá de dhíth orm le haghaidh taisc a aithint.• Thig liom míreanna eolais a chur i gcomparáid lena chéile lena fháil amach cé acu ceann is

    úsáidí. • Thig liom eolas a chur i láthair ar bhealaí éagsúla le go dtuigfidh daoine eile é.• Thig liom cairteanna, táblaí, graif nó léarscáileanna a úsáid.

    Smaointeoireacht, Fadhbréiteach agus Cinnteoireacht• Cuirim ceisteanna soiléire leis an eolas atá de dhíth orm a fháil.• Tá mé eolach ar bhealaí maithe le cuidiú liom cuimhneamh ar rudaí.• Thig liom rudaí a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht lena chéile lena fháil amach cén

    dóigh a bhfuil siad cosúil agus éagsúil lena chéile.• Aithním an difear idir fíric agus ficsean.• Thig liom na fáthanna ar tharla rud éigin a oibriú amach.• Thig liom a oibriú amach cé acu atá fianaise iontaofa nó nach bhfuil agus cé acu ba chóir í a

    chreidiúint nó nár chóir.• Thig liom dhá thaobh an scéil a mheá agus an réiteach is fearr a roghnú.• Mura n-oibríonn modh amháin le fadhb a réiteach, thig liom bealach eile a aimsiú lena

    réiteach.• Bím ag smaoineamh chun tosaigh agus déanaim iarracht a oibriú amach cad é a tharlóidh. • Nuair a réitím fadhb nó nuair a dhéanaim cinneadh, thig liom na fáthanna agam a mhíniú go

    soiléir le go dtuigfidh daoine eile iad.

    Irish - STEM Introduction Book.indd 22 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    21

    A Bheith Cruthaitheach• Is maith liom go leor bealaí éagsúla a aimsiú le rudaí a dhéanamh le mo chuid oibre a

    dhéanamh níos suimiúla.• Tá a fhios agam gurb í mo shamhlaíocht féin an uirlís is fearr a chuideoidh liom le mo chuid

    oibre in amanna.• Tá a fhios agam go dtig liom teacht ar an bhealach is fearr le rud éigin a dhéanamh trí thriail

    a bhaint as dearaí, pleananna agus bealaí éagsúla le rudaí a dhéanamh. • Thig le daoine eile cuidiú liom, uaireanta, le smaoineamh maith a dhéanamh níos fearr arís.• Má théann rud in abar nó mura n-oibríonn smaoineamh, thig liom plean nua a dhéanamh.• Ní miste liom tabhairt faoi rud an dara huair le teacht ar an bhealach is fearr lena dhéanamh.• Tá a fhios agam go bhfuil sé ceart go leor botúin a dhéanamh mar thig liom foghlaim uathu

    agus rudaí a dhéanamh níos fearr an chéad uair eile.

    Ag Obair le Daoine Eile• Nuair a bhím ag obair i ngrúpa, thig liom mé féin agus daoine eile a eagrú gan cuidiú ón

    mhúinteoir.• Déanaim sealaíocht ar phoist éagsúla nuair a bhím ag obair i ngrúpa.• Cuidím le daoine eile má bhíonn cuidiú de dhíth orthu.• Éistim le moltaí daoine eile faoin dóigh a dtiocfadh liom mo chuid oibre a dhéanamh níos

    fearr.• Thig liom insint do dhaoine eile na rudaí atá maith faoina gcuid oibre agus an dóigh a

    bhféadfadh siad í a dhéanamh níos fearr.• Tá a fhios agam go bhfuil sé ceart go leor smaointe agus tuairimí a bheith agam atá éagsúil le

    smaointe agus tuairimí daoine eile. • Thig liom a bheith ag obair le daoine eile le teacht ar chomhaontú nó ar chinneadh.• Mura bhfuil gach duine i mo ghrúpa ar aon intinn, thig liom cuidiú leo cinneadh a dhéanamh

    ar cad é a dhéanfaidh siad, ar bhealach cothrom stuama. • Thig liom éisteacht le tuairimí daoine eile agus meas a léiriú orthu, fiú murab ionann iad agus

    mo chuid tuairimí féin.

    Féinbhainistiú• Thig liom a bheith ag obair go maith liom féin agus le daoine eile i ngrúpa.• Thig liom rudaí a phleanáil lena chinntiú go mbeidh mo chuid oibre déanta in am. • Tá a fhios agam go bhfuil sé tábhachtach a bheith ag foghlaim, cé nach i gcónaí a bhím ag

    foghlaim faoi rudaí a bhfuil suim agam iontu.• Tá a fhios agam gur féidir leis na rudaí a fhoghlaimím in ábhar amháin a bheith ina gcuidiú

    agam agus mé ag dul d’obair eile. • Déanaim mo chuid oibre a sheiceáil lena fheiceáil cad é mar atá ag éirí liom.• Tá mé eolach ar bhealaí le cuidiú liom féin nuair a théim in abar, sula n-iarraim cuidiú ar an

    mhúinteoir.• Tá a fhios agam na rudaí a bhfuil mé go maith acu agus na rudaí a thig liom a fheabhsú.• Thig liom an dóigh a ndearna mé rudaí a chur i gcomparáid leis an dóigh a ndearna daoine

    eile iad, lena fháil amach an dtig liom rud ar bith nua a fhoghlaim.• Thig liom an méid atá déanta agam a mheas.• Thig liom sprioc a leagan amach dom féin le mo chuid oibre a dhéanamh níos fearr an chéad

    uair eile.

    Irish - STEM Introduction Book.indd 23 22/03/2011 10:19

  • Aonaid Théamacha EC2

    22

    Áiseanna ÚsáideachaUlster Wildlife Trustwww.ulsterwildlifetrust.org

    Appetite for Actionhttp://schools.appetiteforaction.org.uk

    Environmental Education Forumwww.eefni.org.uk (Foilseacháin: 6:1 Learning Outside the Classroom).

    Gníomhaireacht Chomhshaoil Thuaisceart Éireannwww.ni-environment.gov.uk

    Beart Smaointeoireachta – Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsantawww.nicurriculum.org.uk

    Irish - STEM Introduction Book.indd 24 22/03/2011 10:19

  • Foilseachán de chuid CCEA © 2010

    IntreoirAonaid Théamacha Eochairchéim 2Ag tacú leis na Réimsí Foghlama agus le ETIM

    INTRODUCTION COVER.indd 1 22/03/2011 10:18