42
$ 0KDPDð D FKURð 1öWD EHDJ OHQD Uå w (RFKDLUFKìLP %OLDLQ 0LVH 0ì )ìLQ Is iad príomhthéamaí an aonaid seo: - is cuid thábhachtach dár bhféiniúlacht iad ár n-ainmneacha; - tá tionchar tábhachtach ag na daoine is cóngaraí dúinn ar ár bhféinmheas agus ar ár muinín; - bíonn an duine istigh ionainn ag gníomhú agus bíonn smaointe, aislingí agus pleananna aige nach bhfuil ar eolas ag daoine eile; agus - is fearr a fhoghlaimímid nuair a thuigimid an chiall ata leis an fhéinmheas. Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint: Eochairchéim 1, Bliain 4 Snáithe 1: Tuiscint Phearsanta agus Sláinte Aonad 1: Mise, Mé Féin Aonaid Chomhlántacha: Fás agus Athrú Cairdis Tá Mé… Tá Tú… Thig Linn…

yr4-unit1 - Irish · 3 Cinneadh ar cad é a chaithfear a dhéanamh i ngrúpa agus freagracht a ghlacadh as gnéithe éagsúla den obair; Léiriú gur féidir foghlaim ó ghníomhaíochtaí

  • Upload
    others

  • View
    5

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • Is iad príomhthéamaí an aonaid seo:- is cuid thábhachtach dár bhféiniúlacht iad ár n-ainmneacha;- tá tionchar tábhachtach ag na daoine is cóngaraí dúinn ar

    ár bhféinmheas agus ar ár muinín;- bíonn an duine istigh ionainn ag gníomhú agus bíonn

    smaointe, aislingí agus pleananna aige nach bhfuil ar eolas ag daoine eile; agus

    - is fearr a fhoghlaimímid nuair a thuigimid an chiall ata leis an fhéinmheas.

    Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint: Eochairchéim 1, Bliain 4Snáithe 1: Tuiscint Phearsanta agus SláinteAonad 1: Mise, Mé FéinAonaid Chomhlántacha: Fás agus Athrú Cairdis Tá Mé… Tá Tú… Thig Linn…

  • Gairdín an tSeomra RangaAbair leis na páistí bláthanna/luibheanna/torthaí agus glasraí a chur ar thalamh na scoile. Is mór an spraoi agus an pléisiúr a bhainfidh siad as an éispeireas seo.

    Mura bhfuil rochtain agat ar thalamh na scoile, úsáid gabhdáin phlaisteacha le bia a fhás iontu agus a thabhairt ar ais chuig an seomra ranga.

    Tabhair isteach duine fásta díograiseach ó phobal na scoile nó ón ionad gairdín áitiúil le féidearthachtaí a mholadh do na hacmhainní atá ar fáil duit.

    Bealaí le Féinmheas a Chur Chun Cinn- Aimsigh bealaí le d’fhéinmheas féin a chothú.- Léirigh go gcuireann tú luach ar gach uile pháiste ar

    bhonn cothrom trí na focail agus an chomharthaíocht choirp a úsáideann tú.

    - Bí cothrom.- Cuir béim ar na dea-phointí a bhaineann le gach aon

    duine agus bí discréideach agus íogair maidir leis na pointí nach bhfuil chomh maith sin.

    - Fan suaimhneach socair agus tú i ngleic le deacrachtaí.- Úsáid teanga achainíoch.- Spreag na páistí le ráitis a thosaíonn le, “Ní thig liom ...” a

    athrú go ráitis níos dearfaí a thosaíonn le, “Níor fhoghlaim mé ... go fóill.”

    Taighde GníomhachDea-iompar a MholadhMoltar dea-iompar mar a mholtar obair mhaith acadúil trí na frásaí seo a leanas a rá:

    - Is maith liom an dóigh a …

    - Thug mé faoi deara cad é mar a …

    - Tá tú ag tosú a …- Tá tú iontach maith ag …- Chuir tú cuid mhór le …- D’oibrigh an fhoireann

    s’agatsa go maith cionn is go ndearna tusa …

    - Tá do scileanna éisteachta níos fearr agus anois …

    Tugann taighde a dhéantar ar mhionscála sa seomra ranga deis duit cleachtas sa seomra ranga a scrúdú agus machnamh a dhéanamh air ar bhealach córasach eagraithe. Cuireann sé ar fáil sonraí a d’imreodh tionchar ar athrú.

    - fadhb nó rud éigin ar mhaith leat é a fheabhsú a shainaithint. (Ní mór é a bheith spéisiúil nó tábhachtach duit.)

    - Dírigh d’fhócas isteach ar cheist shimplí.

    - Sainaithnigh moladh ar léigh tú faoi nó ar chuala tú faoi ag cúrsa ar a raibh tú.

    - Sainaithnigh plean gníomhaíochta agus tabhair isteach é ar bhealach córasach.

    - Tabhair daoine eile isteach le bheith páirteach más féidir leat le cros-seiceáil nó le breathnaithe a dhéanamh.

  • Iad féin agus a mbuanna pearsanta:- fiosraíonn siad cé hiad féin;- aithníonn siad na rudaí is féidir leo a dhéanamh;- sainaithníonn siad na rudaí is fearr leo;- aithníonn siad cad é a dhéanann speisialta iad; agus- faigheann siad spreagadh le meon dearfach a fhorbairt ar an fhoghlaim.

    Ag tógáil ar an Bhonnchéim

    Ag obair ag Eochairchéim 1

    Féinmheas agusFéinmhuinín:- mothaíonn siad dearfach iontu féin agus forbraíonn siad tuiscint ar a

    bhféinmheas agus ar a bhféinmhuinín;- éiríonn siad eolach ar a gcuid láidreachtaí, ábaltachtaí, tréithe, éachtaí,

    roghanna pearsanta agus cuspóirí; agus- aithníonn siad go ndéanann gach duine meancóga, agus gur féidir go

    dteipeann ar iarrachtaí uaireanta agus go mbíonn torthaí meallacacha leo ach gur cuid den fhoghlaim é seo atá nádúrtha agus ina chuidiú.

    Ag dul i dtreo Eochairchéim 2

    Féinmheas, Féinmhuinín agus an dóigha bhforbraíonn siad mar dhaoine aonair:- forbraíonn siad féinfheasacht agus féinmheas;- sainaithníonn siad na láidreachtaí agus na laigí ata acu faoi láthair;- forbraíonn siad léirthuiscint ar a n-acmhainneacht agus ar a n-ábaltachtaí; agus- déanann siad straitéisí foghlama éifeachtacha foghlama a shainaithint agus a

    chleachtadh.

    Tá mé ag glacadh le freagracht asam féin.Is eol dom sloinne mo theaghlaigh.Thig liom a mhíniú cad chuige a sílim go gcuireann duine fásta speisialta luach orm.Thig liom labhairt ar rudaí atá tábhachtach dom.Thig liom foinsí éagsúla eolais faoi shloinne mo theaghlaigh a aithint, a aimsiú agus a roghnú.Tá mé ag tosú a thuiscint cad iad na roghanna atá agam faoin fhoghlaim.Thig liom a insint duit cad iad na dóigheanna a bhfuil feabhsú déanta agam.Tá mé ag forbairt feasachta agus measa ar mholtaí faoi cad é mar a thiocfadh liom mo chuid oibre a fheabhsú.Thig liom cur síos a dhéanamh ar cad é mar a dhéanaim iarracht mo chuid cuspóirí a bhaint amach.Tá mé ag éirí níos fearr ag déanamh iarrachta cuspóirí an ranga a leanúint.Bainim sult as bheith ag obair le daoine eile agus i m’aonar chomh maith.Thig liom a insint duit cad iad na rudaí a bhfuil mé maith acu.Thig liom a mhíniú duit cad iad mo chuspóirí pearsanta agus cad chuige ar roghnaigh mé iad.Thig liom a mhíniú do na daoine atá tábhachtach dom cad é mar ba mhaith liom go n-athródh siad.

  • 38

    Eochairchéim 1, Bliain 4 Snáithe 1: Tuiscint Phearsanta agus Sláinte Mise, Mé Féin

    Athbhreithniú/Machnamh/Amharc SiarCeisteanna le cur le plé a spreagadh:

    - Cad é atá foghlamtha againn go dtí seo?- Cad é atá ar eolas againn anois nach raibh

    ar eolas againn ag an tús?- Cad é air a bhfuil tuiscint againn anois nach

    raibh tuiscint againn air ag an tús?- Cad é a bhí ann a chuidigh linn foghlaim?- Cad iad na dóigheanna is fearr a

    bhfoghlaimímid? (Bheith ag obair leis an rang ar fad/bheith ag obair i ngrúpaí/bheith ag obair i mbeirteanna/bheith ag obair inár n-aonar?)

    - Cad iad na scileanna pearsanta is fearr atá againn? (Bheith ag éisteacht/ag cur rudaí de ghlanmheabhair/ag breacadh nótaí/ag cur smaointe i gcomparáid le smaointe daoine eile/ag breathnú?)

    An uathúlacht a aithint agus luach a chur ar bhuanna agus ar ábaltachtaí pearsanta.

    Cuspóir foghlama:

    Nuair atá páistí rannpháirteach sa phróiseas athbhreithnithe tosaíonn siad a thuiscint cad é mar is féidir cur go cuiditheach lena gcuid foghlama agus tosaíonn siad a dhearcadh orthu féin mar rannpháirtithe gníomhacha sa phróiseas.

    2

  • 3

    Cinneadh ar cad é a chaithfear a dhéanamh i ngrúpa agus freagracht a ghlacadh as gnéithe éagsúla den obair;

    Léiriú gur féidir foghlaim ó ghníomhaíochtaí roinnte agus múnlaithe;

    Iompar agus teanga a chur in oiriúint do shuímh éagsúla;

    Cothrom na Féinne a thabhairt do dhaoine eile; agus

    Mothúcháin agus smaointe daoine eile a aithint agus meas a léiriú orthu.

    FéinbhainistiúCinntiú go bhfuil siad a gcuspóirí á ngnóthú i gcrích trí labhairt faoin rud atá siad a fhoghlaim , faoin obair a rinneadh agus faoi ghné éigin arbh fhéidir í a fheabhsú;

    Dul siar ar a gcuid oibre de nós le beachtas agus cruinneas na hoibre a chinntiú;

    Cloí le tascanna go gcuirfear críoch chuí leo, le spreagadh ón mhúinteoir;

    Cuidiú a iarraidh ar dhaoine eile;

    Oibriú i dtreo cuspóirí pearsanta a d’aimsigh an múinteoir; agus

    Cur lena bhfeasacht ar na rudaí a mbaineann siad sult astu, na rudaí a thugann deacrachtaí dóibh, a gcuid láidreachtaí agus laigí pearsanta.

    Bainistiú eolaisCeisteanna níos dírithe a chur faoin tasc; an cuspóir agus cad é ba chóir a dhéanamh a shoiléiriú;

    Comhchosúlachtaí a aithint le tascanna a rinneadh roimhe;

    Úsáid a bhaint as gcuid smaointe féin agus smaointe daoine eile le foinsí éagsúla eolais a aithint, a aimsiú agus a roghnú;

    Spriocanna a chur lena gcuid oibre, codanna níos lú a dhéanamh de thascanna agus na chéad chéimeanna a phleanáil;

    Fáisnéis a chlárú i bhformáidí éagsúla; agus

    Tosú ar spriocghrúpa agus cuspóir a aithint sa chumarsáid.

    Smaointeoireacht, fadhbréiteach agus cinnteoireachtTuiscint a léiriú trína gcumas eagraíochta agus athchoimrithe;

    Eolas a sheicheamhú, a chur in ord agus a réimniú de réir mar is cuí;

    Cosúlachtaí agus éagsúlachtaí a aithint trí rudai a chur i gcomparáid agus a nascadh;

    Tosú ar thuartha a thástáil agus fianaise a chuardach;

    Cinntí a dhéanamh agus roghanna a sholáthar;

    Réitigh fhéideartha ar fhadhbanna a mholadh;

    Bheith córasach agus oibriú trí na céimeanna i dtascanna;

    Modhanna agus barúlacha a mhíniú, agus an fáth atá le roghanna agus gníomhartha a mhíniú; agus

    An difear a aithint idir na ceisteanna; cad chuige, cad é, cá háit agus cad é mar.

    Bheith cruthaitheachFiosracht a léiriú agus tús á chur le tascanna agus dúshláin úra;

    Taithí a bheith acu ar na céadfaí uilig a úsáid;

    Éisteacht le smaointe agus eispéiris agus iad a roinnt;

    A oiread smaointe agus is féidir a ghiniúint trí bheith ag tógáil agus ag comhcheangal smaointe;

    Am a ghlacadh agus samhlaíocht a úsáid, sult a bhaint as an rud nach bhfuil súil leis, an rud neamhghnách agus iontach; agus

    Fíorchúrsaí an tsaoil a thástáil agus a fhiosrú.

    Ag obair le daoine eileTuilleadh cleachtaithe a fháil ar an fhoghlaim i gcomhpháirt;

    Dul i dtaithi ar an tsealaíocht, roinnt agus chomhoibriú agus iad ag obair ina ngrúpaí nó ina bhfoirne;

  • Na hEalaíona

    Méadaíonn féinmheas agus muinín nuair a chaithimid am le duine speisialta agus nuair a dhéantar taifead ar ár smaointe agus nuair a éistear leo agus nuair a chuirtear luach orthu

    Cuid thábhachtach dár

    bhféiniúlacht is iad ainmneacha

    agus tá siad le ceiliúradh

    An mise taobh istigh ionam a aithint tríd an scríbhneoireacht

    Teanga agus Litearthacht

    4

  • Gníomhaíocht 1Ainmneacha a cheiliúradh Tuiscint ar an tábhacht a bhaineann lenár sloinnte teaghlaigh mar chuid dár bhféiniúlacht.

    Gníomhaíocht 2Mé féin agus duine fásta speisialta Ceiliúradh ar an tábhacht a bhaineann le daoine speisialta a bheith againn inár saol, daoine a chaitheann am linn agus a shíleann a mhór dínn.

    Gníomhaíocht 3Dánta fúm féinAithint gurbh fhéidir nach ionann an dóigh a bhfeiceann daoine sinn agus an dóigh a bhfuilimid istigh ionainn féin.

    Gníomhaíocht 4Cothromaíocht a bhaint amachBéim a chur ar an tionchar is féidir a bheith ag múinteoirí ar ár bhféinmheas agus ár muinín ón dóigh a bhfreagraíonn siad dár scileanna agus dár mbuanna neamhacadúla.

    5

  • CRITÉIR RATHA MHOLTA

    Beannóimid do dhaoine lena n-ainm.Ceiliúrfaimid ár sloinnte teaghlaigh.Foghlaimeoimid níos mó faoina chéile.

    CROÍ-CHOINCHEAP

    Nuair a mhothaímid go gcuirtear luach orainn agus nuair atáimid ag obair i dtimpeallacht ina bhfuil cothroime, forbraímid muinín le sult a bhaint as dúshláin úra, le tráchtaireacht chriticiúil a bhfuil bonn léi, agus le bheith ag obair go maith le daoine eile. Dóigh amháin a mothaíonn daoine go bhfuil luach orthu is ea a n-ainm féin a úsáid agus éisteacht lena dtuairimí.

    GNÉITHE LE SONRÚÓ tharla go bpléann an ghníomhaíocht foghlama seo le sloinnte teaghlaigh, molaimid duit an Litir chuig Tuismitheoir(í)/Cúramóir(í) a chur abhaile sula dtosaítear ar na ceachtanna.

    Má tá páistí ar bith i do rang atá ar altramas nó atá uchtaithe, is fiú smaoineamh ar bhualadh leis an/na tuismitheoir(í)/cúramóir(í) ar dtús leis na gníomhaíochtaí a bheidh tú a dhéanamh a mhíniú agus le bheith ag obair le chéile ar an dóigh is fearr do gach tuismitheoir/cúramóir le cuidiú lena bpáiste.

    Thig le gach duine na gníomhaíochtaí seo a dhéanamh ach is féidir go mbeidh mínithe éagsúla de dhíth de réir cúinsí faoi leith. Seachnaítear na ceisteanna seo nó déantar neamhaird díobh ar uaire ach, nuair a láimhseáiltear go mothálach iad, ní gá go mothóidh páistí atá ar altramas nó atá uchtaithe go bhfuil siad fágtha amach.

    Bí aireach gurbh fhéidir nach n-úsáideann páistí áirithe sloinne a n-athar agus nach n-úsáideann páistí eile an sloinne atá ar a dteastas breithe. Is é atá sa ghníomhaíocht seo ná an sloinne a úsáideann an páiste a cheiliúradh, agus is féidir é a mhíniú trí rud éigin cosúil lena leanas a rá, ‘Is é do shloinne teaghlaigh ná an t-ainm a úsáideann tú i ndiaidh do chéad ainm. Mar shampla, is é m’ainmse ná (ainm agus sloinne). Úsáideann cuid agaibh sloinne d’athar, cuid agaibh sloinne do mháthar, agus cuid agaibh sloinne eile. Níl mé ag iarraidh a fháil amach cad é an chúis nó cad chuige a bhfuil do shloinne teaghlaigh agat. Tá mé ag iarraidh go mbeidh a fhios agat go bhfuil an t-ainm a úsáideann tú speisialta duitse, agus is cuid díot féin é.’

    DE DHÍTH- Litir chuig Tuismitheoir(í)/Cúramóir(í) (Áis A)- Sloinnte Teaghlaigh (Áis B)- Réimse ábhar ealaíne agus deartha

    amhail seacainí, gealra, lása, cleití, pinn dhaite, pastail agus páipéar

    LE DÉANAMH- Tá Mé Anseo!- Ag Fáil Níos Mó Eolais Fút- Sloinnte Teaghlaigh- Féiniúlacht

    6

  • Tá Mé Anseo!

    Tabhair píosa páip

    éir a bhfuil cruth tíle

    air do

    na páistí agus iarr o

    rthu dearadh a chr

    uthú

    don ainm is rogha

    leo. Lig dóibh bheith

    in ann

    réimse leathan me

    án agus ábhar a ús

    áid lena

    ndearadh a mhaisi

    ú. Abair leo é a lann

    ú nuair a

    bheidh sé críochna

    ithe.

    Cuir gabhdán ar fá

    il mar is féidir na

    hainmneacha a chu

    r ag deireadh an la

    e agus

    spás inar féidir leo

    a n-ainmneacha a

    chur (balla

    ainmneacha a thóg

    áil, b’fhéidir) ag tús g

    ach lae.

    Triail na patrúin éag

    súla tíleanna is féidi

    r leo a

    dhéanamh agus an

    balla á thógáil acu

    .

    Déan míreanna mearaí críochnaithe as píosaí lannaithe cárta agus greamaigh é de bhalla. Abair leis na páistí dearadh a chruthú faoi choinne a n-ainm ar phíosa cárta a rachaidh isteach sna míreanna mearaí. De réir mar a thagann na páistí isteach gach maidin, abair leo a n-ainm a thógáil as gabhdán agus é a chur sna míreanna mearaí. Is féidir míreanna mearaí fóirsteanach a fháil ar leathanach 35 de Primary Values (faoi choinne tagairt iomlán féach na háiseanna molta san aonad seo.)

    Abair leis na páistí grianghraif dhigiteacha a ghlacadh dá chéile agus iad a chur timpeall an tseomra. Ansin abair leis na páistí ainmchárta a dhearadh agus a dhéanamh

    le cur faoi gach grianghraf. Agus na páistí ag teacht isteach gach maidin, abair leo a n-ainm a thógáil as gabhdán agus a chur faoina ngrianghraf.Bíod

    h liosta ainmneach

    a priontáilte amach

    le colún faoi choinne

    gach lá den tseach

    tain.

    Abair leis na páistí s

    íniú isteach gach m

    aidin.

    7

    Lean ar aghaidh le gníomhaíochtaí a bhaineann le féinchlárú i do scoil trí cheann ar bith de na moltaí seo a leanas a úsáid:

  • D’fhéadfadh sé bheith úsáideach do pháistí a n-ainmneacha a bheith acu faoi dhearaí éagsúla. Chomh maith leis na moltaí thuas, abair leis na páistí suaitheantas beag a dhearadh lena n-ainm air agus biorán dúnta ar an chúl ionas go dtig leo é a cheangal lena ngeansaithe.Má dhéantar na moltaí thuas:- beidh na páistí in ann freagracht a ghlacadh

    as féinchlárú;- feiceann na páistí iad féin mar chuid de

    ghrúpa;- feiceann múinteoirí agus páistí go gasta cé atá

    as láthair;- tráchtann múinteoirí agus páistí ar dhaoine atá

    as láthair agus beidh a fhios acu mura bhfuil siad ar scoil go gcronóidh an rang iad agus go mbeidh siad ag smaoineamh orthu; agus

    - cuirfidh na páistí na hainmneacha ar a ndeascanna nuair a bhíonn múinteoirí ionaid nó aoichainteoirí leis an rang.

    Ag Fáil Níos Mó Eolais Fút

    Roinn na páistí agus daoine fásta ar bith atá sa seomra ranga in dhá ghrúpa ar cóimhéid - Grúpa 1 agus Grúpa 2. Iarr ar ghrúpa 1 seasamh i gciorcal ag amharc isteach. Iarr ar Ghrúpa 2 seasamh i gciorcal taobh istigh de chiorcal Grúpa 1 ionas go bhfuil gach duine acu ag amharc ar dhuine ó Ghrúpa 1. Iarr ar gach duine “Dia duit a (ainm an duine os a gcomhair amach)” a rá. Má tá páistí ó thíortha eile i do rang, mol do gach beirt beannú dá chéile i dteanga bhaile an duine lena bhfuil siad ag caint.

    Abair le gach duine go bhfuil tú ag iarraidh go labhróidh gach beirt ar rud éigin ar bhain siad sult mór as a bheith á dhéanamh ar scoil le linn na seachtaine a chuaigh thart. Beidh dhá bhomaite acu le labhairt ar an rud ar bhain siad sult as. Mínigh dóibh go mbeidh tú ag ardú do láimhe má tá tú ag iarraidh a n-airde, seachas bheith ag glaoch amach thar thorann na ndaoine ag caint. Nuair a fheicfidh siad do lámh san aer caithfidh siad a rá lena bpáirtí agus caithfidh an bheirt acu stad de bheith ag caint láithreach. De réir a chéile stopfaidh gach duine sa seomra. I ndiaidh tuairim is bomaite, ardaigh do lámh. Nuair atá gach duine ciúin, gabh leithscéal as briseadh isteach agus abair go bhfuil tú ag iarraidh a sheiceáil go raibh seans ag an dara duine labhairt. I ndiaidh tuairim is bomaite eile ardaigh do lámh arís agus iarr ar gach duine ‘Go raibh maith agat a (ainm) a rá.’

    8

  • Sloinnte Teaghlaigh

    Abair leis na páistí réimse áiseanna traidisiúnta agus digiteacha a úsáid le taighde a dhéanamh ar eolas faoina sloinne teaghlaigh. Tá an suíomh idirlín seo a leanas úsáideach www.searchforancestors.com

    Cuir Áis B: Sloinnte Teaghlaigh abhaile mar ghníomhaíocht foghlama bhaile. Spreag na páistí le fiafraí de thuismitheoirí, garthuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha, col ceathracha agus gaolta eile cad é atá ar eolas acu faoina sloinne teaghlaigh. Iarr ar na páistí a fháil amach faoi shloinne a máthar roimh phósadh di, agus faoi aon sloinne eile a chuireann lena bhféiniúlacht.

    Tabhair stiall fhada chaol páipéir do gach páiste agus cuir réimse leathan ábhar deartha agus ealaíne ar fáil dóibh. Iarr orthu a sloinne teaghlaigh a scríobh ar an phíosa páipéir agus na litreacha faoi leith a mhaisiú. Thíos faoi iarr orthu abairt nó dhó a scríobh le cur síos achomair a thabhairt ar ar fhoghlaim siad faoina sloinne teaghlaigh, mar aon le scéalta nó grianghraif ar bith is mian leo a chur ann. Úsáid cárta le taispeáint dóibh an dóigh lena sloinne a fhrámú agus lena mhaisiú le siombailí a sheasann do rudaí a mbaineann baill an teaghlaigh sult as bheith a dhéanamh, ina n-aonar agus le chéile. De rogha air sin, abair leis na páistí an meirge ar Áis B a mhaisiú: Sloinnte Teaghlaigh.

    Tabhair práta, líomóid, banana, práta milis nó toradh nó glasra fóirsteanach eile (mar shampla, tabhair práta do gach páiste). Iarr orthu é a scrúdú go cúramach ar feadh cúpla bomaite agus sonrú a chur in aon mharc, cnapán, smál nó comharthaí aitheantais ar bith eile. Mínigh go mbeidh tú ag bailiú na dtorthaí/nglasraí i gceann cú-pla bomaite, agus ansin go n-iar-rfaidh tú ar gach páiste a cheann féin a phiocadh amach as carn.

    Cuir na torthaí/glasraí go léir i lár an tseomra agus déan cinnte de go bhfuil siad measctha go maith. Ansin lig do na páistí teacht chun cinn ina nduine agus ina nduine agus a gceann féin a phiocadh amach. Mura bhfuil páiste éigin cinnte, iarr air/uirthi seasamh ar leataobh agus am a ghlacadh le seiceáil. Beidh an chuid is mó de na páistí in ann a dtoradh/nglasra féin a aithint. Mínigh dóibh, cé gurb as an teaghlach céanna torthaí nó glasraí iad, go bhfuil gach uile cheann acu éagsúil. Cé go roinnimid sloinne teaghlaigh, is daoine éagsúla ionainn féin sinn fosta.

    Féiniúlacht

    9

    Iarr ar na daoine i nGrúpa 1 (an ciorcal taobh amuigh) bogadh dhá áit ar chlé. Iarr ar gach péire nua ‘Dia duit a (ainm)’ a rá agus labhairt mar a rinneadh roimhe. De réir mar a théann an ghníomhaíocht ar aghaidh, thig leat:- an t-ábhar a phléann gach

    beirt a athrú;- líon na n-áiteanna a bhogann

    an ciorcal amuigh a athrú; agus/nó

    - ceol a úsáid le cur in iúl cá huair a chaithfidh beirteanna labhairt, stad de bheith ag labhairt agus bogadh ar aghaidh chuig páirtí nua.

    Seo a leanas moltaí faoi choinne ábhar cainte:- rudaí a thaitníonn liom faoi

    m’ainm;- rudaí nach dtaitníonn liom faoi

    m’ainm;- duine ar bhreá liom bualadh

    leis/léi;- dá mbeinn in ann rud ar bith

    ar domhan a roghnú, ba mhaith liom bheith i mo ...;

    - dá dtiocfadh liom rud nua amháin a fhoghlaim, d’fhoghlaimeoinn ...; agus

    - dá dtiocfadh liom dul áit ar bith ar domhan, rachainn ...;

  • CROÍ-CHOINCHEAP

    Is ó na daoine thart orainn agus lena gcaithimid an chuid is mó den am a fhorbraímid ár bhféinmheas. Uaireanta bíonn sé deacair dúinn a insint do dhaoine eile faoi cé chomh buíoch is atáimid as a ndéanann siad dúinn. I gcaidreamh comhshásúil ar bith méadaíonn ár bhféinmheas agus ár muinín nuair a chluinimid faoi chomh buíoch is atá daoine eile as a ndéanaimid.

    GNÉITHE LE SONRÚSa ghníomhaíocht seo cruthaíonn na páistí leabhrán. Tá teimpléad agus treoracha faoi choinne an leabhar a dhéanamh san áireamh in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo... Déan leabhrán faoi leith do gach páiste sula dtosaítear ar an ghníomhaíocht seo.

    Is féidir an chuid is mó den ghníomhaíocht seo a chur i gcrích mar ghníomhaíocht foghlama bhaile.

    Má tá Gníomhaíocht foghlama 1: Ainmneacha a Cheiliúradh an aonaid seo críochnaithe agaibh, beidh na páistí in ann dlúthchara níos sine nó ball teaghlaigh a ainmniú ar mhian leo é/í a cheiliúradh trí leabhrán ar gach a ndéanann siad le chéile a chruthú.

    I gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé nach bhfuil baill teaghlaigh ina gcónaí cóngarach nó d’fhéadfadh siad bheith ina gcónaí i dtír eile fiú. Dá bhrí sin d’fhéadfadh sé gur mhaith le páistí áirithe leabhrán a chruthú faoi chara

    níos sine, mar shampla cúramóir, oibrí sóisialta, comharsana nó duine sa phobal áitiúil. D’fhéadfá féin fiú a bheith ann, nó ball eile d’fhoireann na scoile.

    DE DHÍTH- An Leabhrán S’Agam, Mé Féin

    agus Mo... (Áis C)- Réimse ábhar ealaíne agus

    deartha amhail seacainí, gealra, lása, cleití, pinn dhaite, pastail agus páipéar

    LE DÉANAMH- Mé Féin agus Duine Fásta

    Speisialta- An Clúdach- Leathanaigh 1 agus 2- Leathanaigh 3 agus 4- Leathanaigh 5 agus 6- Leathanaigh 7 agus 8- Leathanaigh 9 agus 10- Ciorcal Ceiliúrtha

    CRITÉIR RATHA MHOLTA

    Roghnóimid duine atá tábhachtach dúinn agus cruthóimid leabhrán faoin duine seo.Aithneoimid na rudaí a thaitníonn linn nuair atáimid leis an duine a roghnaigh muid mar dhuine speisialta againn.Foghlaimeoimid an dóigh le rá le duine go bhfuil siad speisialta dúinn.

    10

  • Mé Féin agus Duine Fásta Speisialta

    Mínigh do na páistí go bhfuil siad ag dul a cheiliúradh duine a mbaineann siad sult mór as am a chaitheamh ina c(h)uideachta. Is é ba chóir bheith i gceist ná:- duine níos sine;- duine a thugann aire dóibh ó am go ham;- duine a léiríonn spéis iontu;- duine a bhfuil sé sultmhar bheith ina c(h)uideachta;

    agus- duine nach tuismitheoir leo é/í.

    Tabhair am do na páistí le socrú cé a bheidh acu mar dhuine fásta speisialta agus cad chuige a bhfuil siad speisialta.

    An ClúdachCuir Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo... in oiriúint do riachtanais do ranga agus tabhair cóip do gach páiste. Iarr orthu tús a chur lena leabhrán lena leanas; ‘Seo leabhar faoi mo ...................... agus mise.’ Ansin abair leo seo a scríobh; ‘Le .............’ agus ‘Dáta .......’ Abair leo go n-iarrfaidh tú orthu an clúdach a mhaisiú nuair a bheas an leabhrán críochnaithe acu agus é a thabhairt don duine fásta speisialta acu nuair a bheidh ceiliúradh ranga ann.

    Leathanaigh 1 agus 2Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh 1 agus 2 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo ....... Abair leo an chéad leathanach a úsáid le heolas faoin duine speisialta a thaifeadadh agus an dara leathanach a úsáid le eolas fúthu féin a thaifeadadh.Sa spás i ndiaidh Mo ar leathanach 1, abair leis na páistí a scríobh cad é an caidreamh atá acu leis an duine a roghnaigh siad. Mar shampla, d’fhéadfadh siad duine acu seo a leanas a scríobh; cara, Mamó, Daideo, Aintín nó gaol eile. Mínigh dóibh go dtiocfadh le daoine níos sine bheith leochaileach faoina n-aois agus gurbh fhéidir nár mhaith leo ach ‘os cionn 21’ a bheith scríofa maidir lena n-aois.

    11

  • Leathanaigh 3 agus 4Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh 3 agus 4 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo.... Sna leathanaigh seo tarraingeoidh na páistí agus an duine a roghnaigh siad pictiúr dá chéile sna boscaí. Ansin úsáidfidh siad na boscaí le dhá rud is maith leo a dhéanamh le chéile a thaifeadadh. Cuir in iúl do na páistí gur féidir leo siombailí, líníocht, grianghraf nó focail a úsáid le cur síos ar na gníomhaíochtaí. Thiocfadh leis na páistí na leathanaigh a mhaisiú le greamáin nó lena ndearaí féin.

    Leathanaigh 5 agus 6Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh 5 agus 6 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo.... Abair leo iarraidh ar an duine fásta speisialta an liosta de rudaí is maith leis/léi a dhéanamh leo a scríobh ar leathanach 5. Ansin iarr ar na páistí leathanach 6 a dhéanamh, agus na sonraí ar an dá leathanach a úsáid leis na gníomhaíochtaí deiridh ag bun leathanach 5 agus leathanach 6 a dhéanamh. Ba chóir dóibh na leathanaigh a mhaisiú le greamáin nó le líníochtaí beaga de na gníomhaíochtaí sa liosta.

    Leathanaigh 7 agus 8Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh 7 agus 8 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo.... Abair leo agallamh a chur ar an duine a roghnaigh siad leis na ceisteanna atá molta ar leathanach 7. Ansin caithfidh siad iarraidh ar an duine a roghnaigh siad agallamh a chur orthusan leis na ceisteanna ar leathanach 8.

    Leathanaigh 9 agus 10Abair leis na páistí tiontú go leathanaigh 9 agus 10 in Áis C: An Leabhrán S’Agam, Mé Féin agus Mo ... Ansin iarr orthu bualadh leis an duine a roghnaigh siad. Thig leo na codanna ábhartha de leathanaigh 9 agus 10 a chomhlánú le chéile nó ina n-aonar. Iarr ar gach páiste litir a scríobh chuig an duine a roghnaigh sé/sí. Má fhiafraíonn siad cad é a scríobhfaidh siad faoi thig leat a mholadh go scríobhfaidh siad rud éigin atá deacair dóibh a rá leis an duine os ard, ach is cóir buíochas a bheith le mothú tríd an litir. Ar deireadh, iarr orthu clúdach a leabhráin a mhaisiú.

    12

  • Ciorcal Ceiliúrtha

    Nuair a bheidh a leabhair críochnaithe ag na páistí cuir iad i gciorcal. Iarr orthu a leabhair a chur i láthair a chéile, ag rá cé dó a bhfuil siad scríofa agus cad chuige. Iarr ar gach duine a machnamh a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha acu ó na gníomhaíochtaí. Úsáid na ceisteanna seo a leanas le plé a spreagadh nó cuir in oiriúint iad de réir mar is gá:- Cad é mar a mhothaigh tú nuair a bhí tú ag

    déanamh do leabhair?- An raibh sé níos fusa é a dhéanamh leis an duine a

    roghnaigh tú nó sibh beirt in bhur n-aonar?- An raibh mothúcháin éagsúla agaibh nuair a bhí

    sibh ag obair le chéile?- Cad é a d’fhoghlaim tú faoin duine a roghnaigh tú

    nach raibh a fhios agat roimhe?- Cad é a d’fhoghlaim tú fút féin?- Cad é mar a mhothóidh tú nuair a thabharfas tú do

    leabhar don duine speisialta a roghnaigh tú?- Cad é mar a d’fhéadfadh sé seo cuidiú leat labhairt

    leo siúd atá iontach tábhachtach duit?

    Obair Shínte

    Smaoinigh ar thionól speisialta a eagrú.

    Iarr ar na

    daoine go léir a roghnaíodh agus abair

    leis na

    páistí a leabhráin a bhronnadh orthu.

    13

  • CROÍ-CHOINCHEAP

    Nuair atá ardmheas againn orainn féin táimid muiníneach agus pléimid go maith le daoine eile. Dearcaimid ar theipeanna agus ar mheancóga go réadúil tomhaiste agus ní chuirimid ‘aghaidh fidil’ orainn féin. Tá sé níos fusa bheith mar atáimid go fíor.

    GNÉITHE LE SONRÚNascann na dánta a úsáidtear sa chuid seo leis an obair a bhaineann leis an inchinn in Aonad Oráiste 3: Is ionann Fás agus Athrú: Gníomhaíocht foghlama 2: Lárionad stiúrtha.

    DE DHÍTH- An Duine Istigh Ionam Féin

    (Áis D)- Mise? Is Duine Aonair Mé! (Áis E)- Réimse leathan ábhar colláise

    amhail cineálacha éagsúla éadaigh le huigeachtaí difriúla, seacainí (scaoilte agus nasctha i slabhraí) cleití, cnaipí, páipéar de dhathanna éagsúla, uigeachtaí agus cineálacha (páipéar stiallta san áireamh).

    LE DÉANAMH- An Duine Istigh Ionam Féin- Mise? Is Duine Aonair Mé!- Síleann Siadsan Ach Ba Mhaith

    Liomsa

    An Duine Istigh Ionam Féin

    CRITÉIR RATHA MHOLTA

    Táimid muiníneach agus pléimid go maith le daoine eile.Dearcaimid ar theipeanna agus ar mheancóga go réadúil tomhaiste.

    Agus na páistí ina suí i gciorcal, léigh Áis D: An Duine Istigh Ionam Féin. Abair leis na páistí go dtig leo a súile a dhruidim más mian leo ionas go mbeidh siad in ann díriú go maith ar a bhfuil á rá ag an fhile. Ansin iarr orthu:

    - a insint duitse aon fhocail nó frásaí a úsáidtear faoin ‘duine istigh ionam féin’, mar shampla, ar leith, taobh istigh ionam, agus feiceann sé na rudaí a fheicim; agus

    - déan liosta de na focail a dhéanann an ‘duine istigh ionam féin’ (briathra/gníomhartha) mar shampla, cónaíonn, smaoiníonn, déanann brionglóidí, déanann pleananna, agus lonraíonn.

    14

  • 15

    Scríobh na focail seo ar an chlár.

    Mínigh gur gnáthrud é go mbíonn na heispéiris seo ag daoine agus go mbíonn smaointe, aislingí, pleananna agus mothúcháin inmheánacha ag gach duine uaireanta. Abair leis na páistí smaoineamh ar smaointe inmheánacha nó rúnda ar bith atá acu agus ar mhaith leo iad a roinnt le gach duine sa chiorcal, ag aithint nach mbeidh siad inmheánach ná rúnda níos mó a luaithe is a roinnfear iad. De rogha air sin, fiafraigh, ‘Cén sórt smaointe inmheánacha a d’fhéadfadh bheith ag duine?’ Cuir an cheist seo arís ach luaigh aislingí, pleananna agus mothúcháin. Cuir béim ar an difear idir brionglóidí a bhíonn ann agus duine ina chodladh agus aislingí faoinar mhaith leo tarlú amach anseo. Iarr ar na páistí smaoineamh ar cad é mar a d’fhéadfadh na scileanna atá siad a fhoghlaim cuidiú leo a n-aislingí a fhíorú.

    Iarr ar gach páiste trí fhocal a scríobh síos ar mhaith leo go samhlódh daoine eile leo, mar shampla ionraic, maith agus/nó cineálta. Ansin iarr samplaí d’fhocail arbh fhéidir iad a úsáid le cur síos ar an duine a dhéanann an ‘rud ceart’. D’fhéadfá bheith ag dréim le focail amhail smaointeach, grámhar, cineálta nó iontaofa. Scríobh na focail

    seo ar an chlár. Ansin, iarr ar na páistí na trí fhocal a scríobh siad a insint duit. Cuir a bhfocail i gcomparáid leis na focail a chuireann síos ar dhuine a dhéanann an ‘rud ceart’. Spreag na páistí le tuiscint go dtig leo féin an ‘rud ceart’ a dhéanamh fosta.

    Iarr ar na páistí ábhair ealaíne agus deartha a úsáid lena léiriú cad é mar is léir do dhaoine eile iad agus/nó iad féin mar atá siad go fíor istigh iontu féin. Mar shampla, d’fhéadfá iarraidh ar na páistí ceann amhain de na rudaí seo thíos a dhearadh agus a chruthú:- dhá aghaidh chré;- dhá aghaidh papier- mâché;- dhá aghaidh (tarraingthe ar dhá

    phíosa cárta nó plátaí páipéir agus greamaithe le chéile le cipín líreacáin idir an dá smig ionas gur féidir an dá aghaidh a thiontú ó cheann go céile);

    - masc leis an duine istigh ionam féin a léiriú (masc a chlúdaíonn an aghaidh iomlán nó go díreach na súile); nó

    - hata.

    Os a choinne sin, thiocfadh leis na páistí foirm ealaíne eile a úsáid, mar shampla ceol lena léiriú cad é mar is léir do dhaoine eile iad agus/nó mar atá siad go fíor istigh iontu féin.

    Glacfaidh an ghníomhaíocht seo roinnt ama le pleanáil agus le cur i gcrích, mar sin cuir ar leataobh an líon cuí de cheachtanna le cur chuige smaointeach a chinntiú. Iarr ar gach duine an rud a chruthaigh siad a roinnt leis an chuid eile den rang agus agus a mhíniú cad chuige a bhfuil sé déanta mar atá. Lig do dhaoine eile ceisteanna a chur.

  • Mise? Is Duine Aonair Mé!

    Cuir na páistí i gciorcal agus léigh Áis E: Mise? Is Duine Aonair Mé! os ard cúpla uair. Fiafraigh de na páistí ar mhaith leo a súile a dhruidim ionas go mbeidh siad in ann díriú go maith ar a bhfuil á rá ag an fhile. Úsáid an deis a thugann an dán le calóga sneachta, ribí féir, duilleoga nó bláthanna den chineál chéanna a scrúdú faoi mhicreascóp.

    Má tá Gníomhaíocht foghlama 1: Ainmneacha a cheiliúradh den aonad seo déanta agat, cuir an ghníomhaíocht a rinneadh le torthaí nó glasraí agus a bhain le féiniúlacht i gcuimhne do na páistí. Léiríonn an ghníomhaíocht seo nach ionann bheith comhchosúil agus comhionann agus go mbíonn roinnt difear idir gach aon duine, fiú cúpla, tríríní agus ceathrairíní atá comhionann.

    Cuir na páistí i mbeirteanna. Abair leo go mbeidh siad ag scríobh dáin fúthu féin sa ghníomhaíocht seo. Ar dtús iarr orthu trí fhocal a scríobh a chuireann síos ar a bpáirtí. Ansin iarr orthu trí fhocal a scríobh a chuireann síos ar ghnéithe fisiceacha an ‘duine taobh istigh’ iontu (fuil agus orgáin). Ansin, iarr ar gach duine trí fhocal a scríobh le cur síos ar an ‘duine taobh istigh’ ina n-inchinn, mar shampla a smaointe, aislingí, pleananna agus mothúcháin. Ar deireadh, iarr ar gach duine a (h)ainm a scríobh agus faoi sin ar thrí líne ar leith na focail seo a leanas a scríobh:- na trí fhocal a d’úsáid a bpáirtí le

    cur síos orthu:- na trí fhocal a chuireann síos ar an

    ‘duine taobh istigh’ iontu féin; agus- na trí fhocal a chuireann síos ar

    smaointe, aislingí, pleananna agus mothúcháin an ‘duine taobh istigh’ iontu féin.

    Ansin iarr ar na páistí a ndán a léamh agus an líne dheireanach a scríobh lena chríochnú.

    Abair leis na páistí réimse leathan meán agus ábhar a úsáid leis na rudaí seo a leanas a chruthú/léiriú:- cuach bláthanna (gach ceann

    déanta ag ball den rang);- calóga sneachta (ceann

    amháin do gach ball den rang);- duilleoga (ceann amháin do

    gach ball den rang); agus/nó- páistí an domhain.

    16

  • Síleann Siadsan ach Ba Mhaith Liomsa

    Obair Shínte

    Abair leis na páistí a ndánta a thabhairt abhaile leo le roinnt leis na gaolta/cairde atá i gceist. Níl a fhios acu dáiríre cad é a shíleann na daoine seo go dtí go bhfiafróidh siad díobh. Tugann seo deis le míthuairim ar bith a phlé nó le míniú cad é mar ba mhaith leo cúinsí a athrú, ag méadú mar sin ar an chomhthuiscint agus ar an fhorbairt phearsanta. Más cuí, iarr orthu a ndán a athscríobh lena gcomhrá a léiriú.

    17

    Iarr ar na páistí dán dar teideal, Síleann siadsan ach ba mhaith liomsa a scríobh. Cuir i gcuimhne dóibh faoin phlé go léir faoin Duine Istigh Ionam Féin agus Mise? Is Duine Aonair Mé! Iarr orthu liosta daoine a mholadh atá páirteach ina saol. Agus aischothú á ghlacadh agat, liostaigh na moltaí ar an chlár. D’fhéadfá bheith ag dúil le focail amhail Mamaí, Daidí, Mamó/Móraí, Daideo, deartháir, deirfiúr, múinteoir, príomhoide, traenálaí snámha nó ceannaire gasóg. Iarr ar gach páiste cúigear duine éagsúil atá páirteach ina saol agus sna himeachtaí a mbíonn siad ag baint leo. Mol dóibh an dán a struchtúrú trí scríobh ar dtús faoi cad é a shíleann gach duine de na daoine a roghnaigh siad fúthu, agus ina dhiaidh sin, faoi cad é ba mhaith leo go sílfeadh siad fúthu. Mar shampla:- Síleann mo dheirfiúr bheag gur mise a cara speisialta agus gur chóir

    dom mo chuid ama a chaitheamh ag súgradh léi, ach ba mhaith liomsa go ...

    - Síleann mo Mhamaí ... ach ba mhaith liomsa go ...

    Nuair a bheidh na páistí réidh lena ndánta a scríobh iarr orthu iad a léamh amach os ard don chuid eile den rang. Cuir iad ar taispeáint sa seomra ranga.

  • CROÍ-CHOINCHEAPNuair atá an bhéim sa saol ar an rath acadúil, thig le páistí fás aníos ag creidiúint gurb é an rathúlacht is tábhachtaí sa saol. Cuidigh leo a thuiscint go gcuirtear luach orthu mar dhaoine de réir mar a chaitheann siad a saol.

    GNÉITHE LE SONRÚMar a chomhairlíonn Denis Lawrence, údar Enhancing Self-Esteem In The Classroom (1996), ní hé an teip rath a bhaint amach is cúis le féinmheas lag, ach an dóigh a nglacann daoine tábhachtacha i saol an pháiste leis an teip.

    Ciallaíonn sé seo go bhfuil na teachtaireachtaí briathartha agus neamhbhriathartha a thugaimid do pháistí tábhachtach ní amháin do mhothúcháin an pháiste faoi/fúithi féin ach do na dóigheanna a nglacann páistí eile leis an pháiste sin chomh maith.

    I nGníomhaíochtaí foghlama an aonaid seo, spreagaimid páistí le ceisteanna a chur, saincheisteanna a iniúchadh

    agus naisc a dhéanamh idir a bhfuil á fhoghlaim acu agus a saol a chaitheann siad gach lá. Ceist thábhachtach le smaoineamh uirthi is ea, ‘An bhfuil a fhios acu go gcuirimid luach orthu mar dhaoine aonair agus de réir mar atá siad go fíor?’

    DE DHÍTH- Dialanna nó cóipleabhair fhoghlama

    LE DÉANAMH- Am Caite go Maith- Cad é Atá a Fhios Agat Faoi do Pháistí?- Páistí a Spreagadh Leis an Stiúir a

    Ghlacadh

    Am Caite go Maith

    Tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag na páistí agus go dtuigeann siad gur mór leat iad agus go gcuireann tú luach orthu mar dhaoine aonair.Thig leat seo a chur in iúl trí:

    CRITÉIR RATHA MHOLTA Labhróimid ar rudaí atá tábhachtach dúinn.Pléifimid na dóigheanna ar féidir linn freagracht a ghlacadh as ár gcuid foghlama taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga.

    18

  • Cad é Atá ar Eolas Agat Faoi do Pháistí?Cé chomh maith is atá an aithne atá agat ar na páistí i do rang?Déan machnamh ar na ceisteanna seo a leanas:- Cad iad na caithimh aimsire atá acu?- Cad iad na cineálacha leabhar/alt is mian leo a

    léamh?- Cad é mar a mheasann siad iad féin?- Cad é a fheiceann páistí faoi leith mar éachtaí

    s’acu?- Cad is dóigh leo a chuireann siad leis an rang?- Cé chomh maith is a mheascann siad le páistí

    eile i ngrúpaí/sa chlós/roimh agus i ndiaidh am scoile?

    - Cad é an dóigh is fearr leo am a chaitheamh ar scoil?

    - Cad é an rud is lú orthu sa lá scoile?- Cad iad na fadhbanna, más ann dóibh, a láimh-

    seálann siad taobh amuigh den scoil?- Cén spóirt/imeachtaí iarscoile a bhfuil siad

    páirteach iontu?- Cad is eol duit faoina gcultúr?- An féidir leat cúpla focal a rá ina dteanga?- Cad is eol faoin chineál tí agus faoin mhórchean-

    tar áitiúil ina gcónaíonn siad?- Cad iad na hábhair dóchais agus eagla atá acu?

    - nóta ar leith a scríobh chuig gach duine i rang na bliana seo chugainn ag rá go bhfuil tú Ag Dúil le Tú a Bheith i Mo Rang;

    - nótaí buíochais a scríobh as bronntanais agus bia a fhaightear;

    - cártaí a scríobh chuig páistí a bhíonn tinn ar feadh níos mó ná seachtain;

    - cuairt a thabhairt ar bhaile an pháiste nuair a fhaigheann duine cóngarach dó/di bás;

    - fáilte agus beannú pearsanta a thabhairt do gach páiste agus iad ag teacht isteach sa rang ar maidin;

    - a rá le daoine faoi leith, ‘thug mé faoi deara a ndóigh a ndearna tú ...’ ag deireadh gach lae (déan amhlaidh le gach páiste sa tseachtain chéanna);

    - fiosrú ciúin a dhéanamh nuair is eol duit go bhfuil ábhar buairimh ag páiste;

    - focal ciúin comhghairdis a rá nuair is eol duit gur fhéach páiste go crua le deacracht a shárú; agus

    - nóta comhghairdis a chur chuig tuismitheoir(í)/cúramóir(í) ag trácht ar ghníomh cineálta.

    Páistí a Spreagadh Leisan Stiúir a GhlacadhSpreag na páistí le luach a chur orthu féin mar dhaoine fiúntacha, lena mbuanna agus a n-ábaltachtaí a aithint agus le dul i ngleic leis an phróiseas foghlama. Cuideoidh sé seo leo luachanna agus dearcadh dearfacha a fhorbairt i leith na foghlama. Nuair atá cothroime idir cuspóirí sóisialta agus acadúla tosóidh siad a chur luacha ar an dá chineál seo mar rudaí a chuireann lena bhforbairt foghlama.

    Lig do na páistí bheith páirteach in aithint a gcuspóirí. Tosóidh siad a dhearcadh orthu féin mar dhaoine a bhfuil smacht acu ar a gcuid foghlama. Ag tús na seachtaine scoile, roinn leis an rang na cuspóirí don tseachtain atá le teacht. Ansin iarr ar na páistí a rá cad iad a gcuspóirí pearsanta féin. Tugann seo tuiscint ar cad é is cuspóir dóibh ina gcuid oibre. Cuir na moltaí seo a leanas in oiriúint do na páistí le taifeadadh ina ndialanna nó ina gcóipleabhair fhoghlama.

    19

  • Seachtain dar tús:

    Cuspóirí foghlama don rang:1. Neamhchuraclam

    2. Curaclam

    Cuspóirí foghlama pearsanta dom féin:1. Neamhchuraclam

    2. Curaclam

    20

  • Measúnú ar an tseachtain:

    An tseachtain seo d’fhoghlaim mé ...

    An méid a chuir mise le cuspóir neamhchuraclaim an ranga:

    An méid a chuir mise le cuspóir curaclaim an ranga:

    Rinne mé seo gan chuidiú; ...

    Bhain mé sult mór as ...

    Ar scoil ghlac mé freagracht as ...

    Tá mé go fóill ag obair go crua ar ...

    Is mian liom seo a rá faoi mo chuspóirí pearsanta ...

    Chomhoibrigh mé le ...

    Chomhoibrigh mé nuair ...

    21

  • Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg

    Litir chuig Tuismitheoir(í) /Cúramóir(í)

    22

  • Dáta

    A Thuismitheoir(í)/Chúramóir(í)

    Táimid ag cur tús leis an chlár Maireachtáil.Foghlaim.Le Chéile. ar scoil. Is cuid den réimse foghlama Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint sa churaclam é an clár seo. Is í aidhm an aonaid seo ná cuidiú le do pháiste féinmheas, féinaithne agus féinmhuinín a fhorbairt. Beidh cruinniú againn sa scoil le cur síos a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh ar siúl againn agus beidh faill agat ceisteanna a chur nó buaireamh ar bith a phlé.

    Bheadh sé ina chuidiú mór dá labhrófá le do pháiste faoi dhá cheann de na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl againn ar scoil. Sa chéad ghníomhaíocht beimid ag amharc ar shloinnte teaghlaigh. Tá a fhios againn go bhfuil páistí ann a úsáideann sloinne an athar, páistí a úsáideann sloinne na máthar agus go bhfuil roinnt páistí ann nach n-úsáideann an sloinne atá ar a dteastas breithe. Baineann an ghníomhaíocht seo le sloinne an pháiste a cheiliúradh. Níor mhaith linn fios a bheith againn cad chuige a n-úsáideann do pháiste a rogha sloinne. Níor mhaith linn ach go mbeidh a fhios ag bhur bpáistí go bhfuil an t-ainm a úsáideann siad an-tábhachtach agus gur cuid an-speisialta dóibh féin mar dhaoine é an t-ainm s’acu. Sa dara gníomhaíocht, roghnóidh gach páiste duine nach tuismitheoir s’acu féin é ach duine atá tábhachtach dóibh mar gheall ar an am a chaitheann siad le do pháiste agus an tsuim a léiríonn siad ann/inti. D’fhéadfadh sé gur seantuismitheoir, comharsa nó cara níos sine a bheadh ann. Nuair a labhraíonn do pháiste leat faoin ghníomhaíocht seo, cuidigh leis/léi duine fóirsteanach a aimsiú agus am a shocrú le bualadh leis an duine sin leis na gníomhaíochtaí éagsúla a chomhlánú.

    Pléifimid agus scríobhfaimd dánta faoin dóigh a mothaímid inár gcroí istigh agus le deireadh a chur leis, aimseoimid dóigheanna le bheith freagrach as ár gcuid foghlama féin trí na spriocanna pearsanta atá againn féin a leagan síos.

    Beidh teagmháil rialta agam leat maidir leis na gnéithe éagsúla den fhoghlaim seo.Tá cóip de na háiseanna atá in úsáid ar fáil más mian leat breathnú orthu. Má bhíonn ceisteanna ar bith agat, ná bíodh aon mhoill ort teagmháil a dhéanamh liom.

    Le gach dea-ghuí

    Múinteoir Ranga

    Cuir isteach lógó nó ceann litreach na scoile

    23

    Date

    Dear Parent(s)/Carer(s)

    We are beginning our Living.Learning.Together. programme in school. This programme is part of the Personal Development and Mutual Understanding area of learning in the curriculum. The focus in this unit is on helping your child develop self-esteem, self-awareness and confidence. We will be having a meeting in school to explain the type of activities we will be doing and this will give you an opportunity to ask questions or to voice any concerns.

    It would be very helpful if you could talk to your child about two activities that we will be exploring in school. In the first activity, we will look at family names. We know that some children use their father’s name, some use their mother’s name and some do not use the name that is on their birth certificate. This activity is about celebrating the name the child uses. We do not want to know how or why your child uses the name he/she does. We just want your children to know that the name they use is special to them and it is part of what makes them the person they are. In the second activity, each child will choose someone who is not their parent but who is special to them because of the time and interest they give to your child. This person could be a grandparent, neighbour or older friend. When your child tells you about this activity, please help her/him to identify a suitable person and to arrange for them to meet to complete the various activities.

    We will go on to discuss and write poems about how we really feel inside and we will finish by finding ways to take some responsibility for our own learning by setting our own personal goals. It would be helpful if you could support your child by asking to see their goals for the week and talking to them about how they are getting along and moving towards their goals.

    I will keep in touch with you about the various aspects of this learning. A copy of the materials being used is available in school. Please feel free to contact me at any time to discuss the materials or to talk to me about any concerns you may have.

    Best wishes

    Class Teacher

    Insert school logo or letter head

  • Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg

    Sloinnte TeaghlaighLabhair le do pháiste faoi shloinnte teaghlaigh a bhfuil baint acu leis an sloinne a úsáideann do pháiste. Mar shampla, b’fhéidir gurb é Ó Néill an sloinne a úsáideann do pháiste féin ach go bhfuil baint aige/aici le sloinnte eile mar Mac Suibhne, Ó Muirí, Mac Cana, de Faoite mar gheall ar bhaill eile teaghlaigh. D’fhéadfá an bhaint seo idir sloinnte a mhíniú do do pháiste trí chrann teaghlaigh a tharraingt nó trí chomhrá a bheith agaibh.

    24

  • Má tá teacht agat ar an idirlíon, d’fhéadfá suímh mar www.searchforancestors.com a chuardach lena fhiosrú cá has ar tháinig an sloinne agus an chiall atá leis. Chomh maith leis sin, tá an t-eolas céanna le fáil i leabhair sa leabharlann.

    Nuair atá comhrá déanta agaibh faoi shloinne teaghlaigh do pháiste, cuidigh leis/léi an bhratach thíos a líonadh, maisigh í agus cuir isteach dhá phíosa eolais.

    25

  • Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg

    An LeabhránS’Agam,Mé Féin agus Mo …

    Treoracha leis an leabhrán a dhéanamh Ar dtús, priontáil na leathanaigh don chlúdach cúil agus tosaigh. Ar chúl an leathanaigh seo, priontáil na leathanaigh 1 agus 10. Cuir ar chlár cothrom iad leis an chlúdach cúil agus tosaigh béal fúthu agus fill ar an líne chothrománach a dhéanann leathanaigh 1 agus 10 a dheighilt.

    Ansin priontáil na leathanaigh do 9 agus 2. Ar chúl an leathanaigh seo, priontáil leathanaigh 3 agus 8. Cuir ar chlár cothrom iad le leathanaigh 9 agus 2 béal fúthu agus fill ar an líne chothrománach a dhéanann leathanaigh 3 agus 8 a dheighilt.

    Ansin priontáil leathanaigh 7 agus 4. Ar chúl an leathanaigh seo, priontáil leathanaigh 5 agus 6. Cuir ar chlár cothrom iad le leathanaigh 7 agus 4 béal fúthu agus fill ar an líne chothrománach a dhéanann leathanaigh 5 agus 6 a dheighilt.

    Cuir na leathanaigh le chéile mar a leanas:- Cuir an clúdach cúil agus tosaigh béal fúthu ar chlár cothrom (leathanaigh 1 agus 10 aghaidh in airde)- Cuir leathanaigh 9 agus 2 béal fúthu (ba chóir leathanaigh 3 agus 8 a bheith aghaidh in airde) ar bharr. - Cuir leathanaigh 4 agus 7 béal fúthu ar bharr an charnáin (ba chóir leathanaigh 5 agus 6 a bheith aghaidh in airde).- Staplaigh an leabhrán le chéile ar an líne chothrománach a dhéanann leathanaigh 5 agus 6 a dheighilt.- Fill na leathanigh uilig leis an leabhrán a dhéanamh.

    Tá do leabhrán réidh!

    26

  • Clúdach tosaighClúdach cúil

    27

  • an t-ainm atá ar

    mo

    Cónaíonn sé/sí ag

    Tá sé/sí bliain d’aois.

    Tá breithlá s’aige/s’aici ar

    Seo cur síos ar an chuma atá air/uirthi:

    Duine speisialta atá i mo

    mar:

    Rudaí a dhéanaim do

    Cluichí a imrímid istigh:

    Trí mhian atá agam do

    28

  • Rudaí a dhéanann dom:

    Cluichí a imrímid amuigh:

    Trí mhian atá ag dom:

    an t-ainm atá orm.

    Cónaím ag

    Tá mé bliain d’aois.

    Tá mo bhreithlá ar

    Seo cur síos ar an chuma atá orm:

    Is duine speisialta mé mar:

    29

  • Seo pictiúr a tharraing mé de

    Seo mar is fearr linn am a chaitheamh le chéile:

    Sular bhuail mé leat inniu bhí mé

    Rugadh mé i

    Tá mé ag fás aníos i

    Is í an bhunscoil a bhfuil

    mé ag freastal uirthi.

    Nuair a fhásaim aníos ba mhaith liom bheith i mo

    Is é an rud is

    tábhachtaí ar an domhan dom.

    Is é an rud is fearr liom fúm féin ná:

    30

  • Cad é a bhí ar bun agat sular bhuail mé leat inniu?

    Cá háit ar rugadh thú?

    Cá háit ar fhás tú aníos?

    Cad é an tslí bheatha a bhí tú ag iarraidh a bheith agat agus tú ar scoil?

    Is é an rud is

    tábhachtaí ar an domhan dom.

    Is é an rud is fearr liom fúm féin ná:

    Cén bhunscoil a raibh tú ag freastal uirthi?

    Seo pictiúr a tharraing díom féin:

    Seo dóigh eile a gcaithimid am le chéile:

    31

  • Seo na rudaí a roghnaigh an bheirt againn:

    Seo liosta de na rudaí is maith le a dhéanamh liom:

    Agus na rudaí seo fosta:

    Seo é an liosta s’agamsa de na rudaí is maith liom a dhéanamh le

    32

  • 33

  • Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg

    An Duine Istigh Ionam Féin

    34

  • Tá rud ar leith ar eolas agamsa nach bhfuil ag duine ar bith eile…..

    Tá duine a chónaíonn taobh istigh ionam!In amanna, cónaíonn sé i mo cheann.Nó i mo chroí. Nó sa dá áit!

    Smaoiníonn an duine taobh istigh ionam na smaointe s’agam.

    Tugann sé orm rudaí a phleanáil agus a dhéanamh…

    Feiceann sé gach a bhfeicim féin, bíonn na brionglóidí céanna againn…

    Agus mothaíonn sé mo chuid mothúchán fosta!Nuair a dhéanaim na cinntí cearta, lonraíonn an duine taobh istigh ionam.

    Mar go bhfuil rud ar leith ar eolas agamsa nach bhfuil ag duine ar bith

    eile…Is Mise an duine taobh istigh ionam féin!An duine ar leith a roghnaím dom féin!Ciara Mahon

    35

  • Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Dearg

    Mise?Is Duine Aonair Mé!

    36

  • Mise? Is Duine Mé!

    Tá na milliúin bláth agus d

    uilleog sa domhan

    ach ní hionann beirt ar b

    ith acu.

    Calóga sneachta agus m

    éarloirg…speisialta agus

    éagsúil araon.

    Agus tá na milliúin páiste

    sa domhan ach níl

    duine ar bith eile ann atá

    díreach cosúil

    LIOMSA.Is duine ar le

    ith mé, an dtuigeann tú?

    Is duine mé,

    Mise, mé féin

    Is duine iontach mé

    Speisialta, éagsúil, ar leith

    ,

    Ealaíonta agus aoibhinn

    An bhfeiceann tú….Mise?

    Is duine mé! Agus tá sin

    go breá.

    Ciara Mahon

    37

  • 38

  • 39

  • Curtis, J.L. I’m Gonna Like Me (2003 HarperCollins) 978 0002005364

    Dorfman, C. I Knew You Could! (2003 Grosset and Dunlap) 978 0448427788

    McNamara, M. How Many Seeds In A Pumpkin? (2007 Random House Children’s Books) 978 0375840142

    Parr, T. I Like Being Me (2006 L,B Kids) 978 0316057141

    Richmond, M. Hooray For You! (2003 Marianne Richmond Studios Inc) 978 0974146539

    Weiner, M.Bakur and Neimark, J. I Want Your Moo!: A Story For Children About Self Esteem (1994 Magination Press) 978 0945354659

    Cocca-Leffler, M. Jack’s Talents (2007 Farrar, Straus and Giroux) 978 0374336813

    Whybrow, I. Bella Gets her Skates On (2007 Macmillan Children’s Books) 978 1405089261

    Dubner, S. The Boy With Two Belly Buttons (2007 HarperCollins) 978 0061134029

    Krauss R. The Carrot Seed (1989 HarperCollins) 978 0064432108

    Lalli, J. I Like Being Me (1997 Free Spirit Publishing) 978 1575420257

    Baumont, K. I Like Myself (2004 Harcourt Children’s Books) 0152020136

    Hoog, M.E. Your Song (2007 Growing Fields Books) 978 0977039128

    Myers, C. Wings (2000 Scholastic Press) 978 0590033

    Payne, L.M. Just Because I Am (1994 Free Spirit Publishing) 978 0915793600

    Jones, J.L. Princess Poppy: A True Princess (2007 Young Corgi) 978 0552555944

    Schwarz, V. Timothy and The Strong Pyjamas (2007 Alison Green Books) 978 0439944403

    Ross, T. Lazy Jack (2002 Andersen Press) 978 1842701665

    Wilson, J. Mr Cool (2004 Kingfisher Books Ltd) 978 0753410363

    Robertson, M.P. The Egg (2001 Frances Lincoln Publishers) 978 0711215252

    Bedard, M. Sitting Ducks (2001 Putnam Juvenile) 978 0698118973

    Griffiths, N. Shaun the Shy Shark (2008 Red Robin Books) 978 1905434206

    Interactive Sarah and the Whammi (2008 CCEA) Available from www.nicurriculum.org.uk Follow links from Personal Development and Mutual Understanding

    You can access the full Sarah and the Whammi series on the LNI websitehttps://learningni.net/Follow ‘video’ links

    Edible Gardens in Schoolswww.ediblegardens.org.uk

    Circle Time Resourceswww.circle-time.co.uk

    Montgomery, A and Birthislle, U. Primary Values (2008 CCEA) 185 8853370

    Weir, L. Keep Going Brenda Wise Up and Th!nk series (2007 CCEA)

    Lawrence D. Enhancing Self-Esteem In The Classroom (2006 Paul Chapman Publishing)978 1412921114

    Corrie, C. Becoming Emotionally Intelligent (2003 Network Educational Press Ltd.) 978 1855390690

    Goleman, D. Emotional Intelligence(HarperCollins 1995)

    CCEA and ELBs Learning Through Play at Key Stage 1 (2008 CCEA)

    Sykes, R. Edible Gardens in Schools: A Growing Guide For Teachers (2006 Southgate Publishers) 978 1857411065

    Marlo Thomas and Friends DVD Free To Be... You and Me (2001) B00005OKQT