12
Report of Event hosted by President of Ireland Michael D Higgins in his Role as UN HeforShe Champion World Leader Áras an Uachtaráin, Dublin, 11 th March 2016 Tuarascáil ar Imeacht arna óstáil ag Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ina Ról mar Cheannaire Domhanda Tacadóra do HeforShe de chuid na Náisiún Aontaithe Áras an Uachtaráin, Baile Átha Cliath, an 11 th Márta 2016 THE PRESIDENT OF IRELAND UACHTARÁN NA hÉIREANN

Tuarascáil HeforShe

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Tuarascáil ar Imeacht arna óstáil ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn ina Ról mar Cheannaire Domhanda Tacadóra do HeforShe de chuid na Náisiún Aontaithe

Citation preview

Page 1: Tuarascáil HeforShe

Report of Event hosted by President of Ireland Michael D Higgins in his Role as UN HeforShe Champion World Leader

Áras an Uachtaráin, Dublin, 11th March 2016

Tuarascáil ar Imeacht arna óstáil ag Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ina Ról mar Cheannaire Domhanda Tacadóra do

HeforShe de chuid na Náisiún Aontaithe

Áras an Uachtaráin, Baile Átha Cliath, an 11th Márta 2016

THE PRESIDENT OF IRELAND

UACHTARÁN NA hÉIREANN

Page 2: Tuarascáil HeforShe

I mí Feabhra 2015, bhí áthas ar an Uachtarán Ó hUigínn glacadh le cuireadh Phumzile Mlambo-Ngucka, Fo-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na mBan de chuid na Náisiún Aontaithe, le bheith ina Thacadóir de chuid an fheachtais HeforShe. Ag glacadh lena ról, thug sé féin, mar aon le Ceanna Stáit agus le Ceanna Rialtais eile, gealltanas tionchar a oifige a úsáid chun teachtaireacht shimplí ach ríthábhachtach a chur in iúl: gur gá d’fhir seasamh suas agus ceannaireacht a léiriú má táthar chun cearta na mban a bhaint amach.

I rith a shaoil phoiblí ar fad, bhí an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín Uí Uigínn páirteach i roinnt mhaith feachtas ar son an chomhionannais – i réimsí an tsaothair, an leasa, na tithíochta, an oideachais, an chúraim sláinte agus i ndáil leis an torthúlacht agus an saol príobháideach – agus roinneann siad an dearcadh atá ag HeforShe gur tionscadal polaitiúil atá i gcúis chearta agus chomhionannas na mban ina bhfuil leas chomh mór, agus dualgas chomh trom, ag fir is atá ag mná.

Ina theannta sin i mí Feabhra 2015, thug an tUachtarán Ó hUigínn móraitheasc ag comhdháil idirnáisiúnta arna óstáil ag Comhairle Náisiúnta na mBan agus Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas chun comóradh a dhéanamh ar an bhfiche bliain ó glacadh le hArdán don Ghníomhaíocht Bhéising. San aitheasc sin, leag an tUachtarán Ó hUigínn amach tuairim leathan de na príomhbhaic atá roimh chearta na mban in Éirinn agus go hidirnáisiúnta agus leag sé béim ar lárnacht an chomhionannais inscne i ndúshláin mhóra dhomhanda na forbartha agus an athraithe aeráide.

I mí Mheán Fómhair 2015, ghlac an tUachtarán Ó hUigínn páirt i gCruinniú na gCeannairí Domhanda maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan, mar chuid de Chruinniú Mullaigh um Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i Nua-Eabhrac. San aitheasc sin, leag sé béim ar chomh práinneach is a bhí na cuspóirí arna leagan amach sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i ndáil le mná, agus go háirithe, chomh práinneach is atá sé foréigean in aghaidh na mban a dhíbirt láithreach.

I mí na Samhna 2015 chomh maith, labhair an tUachtarán Ó hUigínn ag imeacht arna óstáil ag Cuibhreannas na hÉireann um Fhoréigean Inscne, comhghuaillíocht d’eagraíochtaí sochaí sibhialta Éireannacha agus idirnáisiúnta a oibríonn go príomha i réimse na forbartha. Tá an cuibhreannas dírithe ar thosaíocht a thabhairt d’fhoréigean inscne i gcleachtas forbartha. San aitheasc sin, labhair an tUachtarán ar thábhacht lárnach chearta na mban mar shaincheist forbartha agus go háirithe faoin gcaidreamh idir bochtaineacht agus forbairt sa streachailt chun foréigean inscne a dhíbirt.

2

Cúlra

Page 3: Tuarascáil HeforShe

Tabhair faoi deara

• Aitheasc an Uachtaráin Uí Uigínn ag comhdháil Chomhairle Náisiúnta na mBan agus Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, Feabhra 2015 http://www.president.ie/en/ media-library/speeches/womens-rights-one-of-the-great-ethical-challenges-of-our-time

• Aitheasc an Uachtaráin Uí Uigínn ag Cruinniú na gCeannairí Domhanda maidir le Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan, Nua-Eabhrac, Meán Fómhair 2015 http://www.president.ie/en/ media-library/speeches/address-at-summit-dialogue-on-global-leaders-meeting-on-gender- equality-and

• Aitheasc an Uachtaráin Uí Uigínn leis an gCuibhreannas ar Fhoréigean Inscne-Bhunaithe, Acadamh Ríoga na hÉireann, Samhain 2015 http://www.president.ie/en/media-library/speeches/standing-up- speaking-out-transforming-mens-attitudes-and-behaviours-to-end

Sonraí an Imeachta

Ina ról mar Cheannaire Domhanda Tacadóra le haghaidh HeforShe, tá an tUachtarán Ó hUigínn tiomanta do chuspóirí an fheachtais a chur chun cinn i ngach cuid de shochaí na hÉireann. Chuige sin, ar an 11 Márta 2016, d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn imeacht in Áras an Uachtaráin. Bhí 100 aoi i láthair ar an lá ón tsochaí shibhialta, ó institiúidí poiblí agus ó eagraíochtaí leasmhara, lena n-áirítear ionadaíocht shuntasach ó phríomheagraíochtaí náisiúnta a oibríonn i réimse chearta na mban agus an fhoréigin inscne.

D’oscail an tUachtarán Ó hUigínn an t-imeacht le haitheasc 15 nóiméad inar leag sé amach an tábhacht a bhaineann le feachtas HeforShe agus a thosaíochtaí mar Thacadóir HeforShe. Ba í Sharon O’Halloran, Príomhfheidhmeannach SAFE Ireland, an dara cainteoir, a labhair faoina bhFeachtas MAN UP, feachtas comhlántach le HeforShe ag leibhéal náisiúnta a théann i ngleic le ról na bhfear chun dul i ngleic le foréigean inscne. Ina dhiaidh sin thug ionadaithe na bhfear ó mhóreagraíochtaí náisiúnta cúig ghealltanas tacaíochta, agus thug siad faoi aidhmeanna HeforShe agus MAN UP a chur chun cinn i meas a mball féin.

• Gerry Collins, Uachtarán IBEC, Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann

• David Joyce, Oifigeach Comhionannais agus Forbartha Idirnáisiúnta le Comhdháil na gCeardchumann

• John Delaney, Príomhfheidhmeannach Chumann Peile na hÉireann

• Jack Leahy, Leas-Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn

• An Leas-Aimiréal Mark Mellett, Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann

Cheannaire Domhanda Tacadóra do HeforShe de chuid na Náisiún Aontaithe // UN HeforShe Champion World Leader

Page 4: Tuarascáil HeforShe

Tar éis na ráiteas tacaíochta sin, dúnadh an t-imeacht nuair a sheinn an ceoltóir Hozier a amhrán “Cherry Wine”, atá á úsáid faoi láthair i bhfeachtas idirnáisiúnta.

https://www.youtube.com/watch?v=x1AMF12Gh4Y

4

Page 5: Tuarascáil HeforShe

Óráid ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Ag Fáiltiú chun Ceiliúradh a Dhéanamh ar Fheachtas HeforShe na Náisiún Aontaithe agus ar MAN UP, Feachtas SAFE Ireland

Áras an Uachtaráin

Dé hAoine, an 11 Márta 2016

A chairde,

Tá an-fháilte romhaibh ar fad chuig Áras an Uachtaráin. Tá an-áthas orm féin agus ar Saidhbhín go bhfuil sibh linn ar maidin don imeacht an-tábhachtach seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar Fheachtas HeforShe na mBan de chuid na Náisiún Aontaithe agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar ról na bhfear chun cearta na mban a chur chun cinn go ginearálta, ar an mbealach is iomláine, agus go háirithe le dul i ngleic le foréigean inscne.

Níos luaithe an tseachtain seo, ghlac mé páirt i searmanas chun ceiliúradh a dhéanamh ar ról na mban in Éirí Amach 1916 agus i mbunú ár stáit. Thug an t-imeacht deis dúinn ar fad machnamh a dhéanamh ar thaithí na mban in Éirinn le 100 bliain anuas. Labhair mé ar an gcaoi ar cuireadh bac ar an dóchas agus ar na hardmhianta i gcomhair Éire chomhionann, do mhná agus d’fhir, a leagadh amach chomh soiléir sin i bhForógra 1916, agus ar séanadh iad ar feadh fhormhór an 20ú haois. Feiminigh a bhí i mná 1916, bhí seasamh radacach ag go leor díobh, ach níor baineadh amach go fóill an fhíor-Phoblacht ar throid siad ar a son, agus ní bhainfear amach í go dtí go mbíonn comhionannas iomlán againn dár saoránaigh ar fad.

Ba í an teachtaireacht a thug mise ag an imeacht sin Dé Máirt, agus muid ag comóradh chrógacht agus idéalachas na mban réabhlóideach ónár stair, go gcaithfimid inspioráid a thógáil chun gach ar féidir linn a dhéanamh chun an turas i dtreo chearta na mban a chur i gcrích go hiomlán.

Níl an Phoblacht chomhionann iomlán, ach tá cúiseanna dóchais againn in Éirinn agus ag leibhéal domhanda. In Éirinn, tá dul chun cinn suntasach déanta i dtaobh rochtain ar oideachas, rochtain ar fhostaíocht, rannpháirtíocht agus ionadaíocht sa saol polaitiúil, comhionannas pá agus is féidir linn a rá go bhfuilimid ag druidim ar an gcomhionannas ina leith.

De réir mheon an dóchais ghlac mé, i mí Feabhra 2015, le cuireadh Phumzile Mlambo-Ngucka, Fo-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin na mBan de chuid na Náisiún Aontaithe, le bheith i mo Thacadóir de chuid an fheachtais HeforShe. Tá rannpháirtíocht fear agus buachaillí i gcroílár an fheachtais dhomhanda seo, atá ag iarraidh leath amháin den chine daonna a thabhairt le chéile le tacú

Cheannaire Domhanda Tacadóra do HeforShe de chuid na Náisiún Aontaithe // UN HeforShe Champion World Leader

Page 6: Tuarascáil HeforShe

leis an leath eile dár dteaghlach daonna, agus institiúidí agus eagraíochtaí ar féidir leo tionchar a imirt ar phobail a thabhairt ar bord, agus go háirithe sna timpeallachtaí siúd ina bhfuil mná an-leochaileach don neamhionannas agus don idirdhealú.

Ag glacadh leis an ról seo, mar aon le Ceanna Stáit agus le Ceanna Rialtais eile, thug mé gealltanas tionchar m’oifige a úsáid chun teachtaireacht shimplí ach ríthábhachtach a chur in iúl: gur gá d’fhir seasamh suas agus ceannaireacht a léiriú má táthar chun cearta na mban a bhaint amach go hiomlán.

I rith mo shaoil phoiblí, bhí mé féin agus Saidhbhín páirteach i roinnt mhaith feachtas ar son an chomhionannais – i réimsí an tsaothair, an leasa, na tithíochta, an oideachais, an chúraim sláinte agus i ndáil leis an torthúlacht agus an saol príobháideach. Thar na blianta sin a chaitheamar ag obair ar na saincheisteanna sin, ba léir dúinn i gcónaí gur tionscadal polaitiúil atá i gcúis chearta agus chomhionannas na mban ina bhfuil leas chomh mór, agus dualgas chomh trom, ag fir is atá ag mná. Bíonn an tsochaí ar fad thíos leis nuair a bhíonn éagothroime inscne ann. Tá fadhb sa tsochaí ar fad má ligtear cead don fhoréigean tarlú, má ghlactar leis agus má bhíonn ciúnas dofhulaingthe mórthimpeall ar an tsaincheist thábhachtach seo. Ina theannta sin, ní féidir glacadh le haon phlé ar éagsúlachtaí cultúrtha ná traidisiún mar leithscéal ar an bhforéigean inscne.

Tráth ríshuntasach é seo, toisc gur chuir tosú fheachtas HeforShe pointe fócais ar fáil ó na Náisiúin Aontaithe d’fheachtas idirnáisiúnta dírithe ar iarrachtaí fear agus ban oibriú le chéile ar son an chomhionannais. Cuireann HeforShe, dá bhrí sin, creat ar fáil do dhaoine aonair, d’institiúidí, do chorparáidí agus don tsochaí shibhialta chun a n-iarrachtaí a threorú ar réimsí arna sainaithint mar réimsí tosaíochta:

• Oideachas

• Sláinte

• Féiniúlacht

• Obair

• Polaitíocht; agus

• Foréigean – de chineál ar bith.

Sainaithnítear i bhfeachtas HeforShe na gníomhartha ar féidir linn ar fad iad a ghlacadh le cur leis an athrú. Cuireann sé deis uathúil ar fáil dúinn chun domhan atá comhionann go fírinneach, agus ina bhfuil an caidreamh idir na hinscní lán le tacaíocht, comhionannas agus meas, a fhíorú.

Feictear athrú sainiúil sa bhealach a dtéann an pobal idirnáisiúnta i ngleic le saincheisteanna an chomhionannais sa chaoi a gcoincheaptar cearta na mban mar shaincheist uilíoch chearta an duine.

6

Page 7: Tuarascáil HeforShe

Aithnítear é sin, ní hamháin san fheachtas HeforShe, ach sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a aontaíodh i Nua-Eabhrac mí Mheán Fómhair seo caite. Ghlac an bailiúchán is mó de rialtais dhomhanda riamh leis na 17 sprioc sin, agus leis an 169 aidhm a bhaineann leo. Cuspóirí uilíocha atá iontu do gach náisiún, idir shaibhir agus dhaibhir, agus cuireann siad bealach ar fáil le dul i ngleic le ceisteanna casta an dáilte saibhris agus acmhainní sa mheántéarma – dáileadh taobh istigh de thíortha agus idir tíortha.

Caithfimid ar fad a bheith sásta mar gheall go ndeachthas i ngleic le comhionannas inscne i Nua-Eabhrac, mar shaincheist idirdhisciplíneach agus mar Sprioc ar leith – Sprioc uimhir 5 – a éilíonn ar náisiúin an domhain:

“Comhionannas inscne a bhaint amach agus gach bean agus cailín a chumhachtú”

Laistigh den Sprioc 5 seo, tá aidhm ar leith dírithe ar fhoréigean inscne, mar seo a leanas:

“gach cineál foréigin in aghaidh ban agus cailíní go poiblí agus go príobháideach, lena n-áirítear gáinneáil agus dúshaothrú gnéis agus eile, a dhíbirt.”

Tá na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe dírithe ar an meántéarma, agus é mar ardmhian deireadh a chur le foréigean inscne laistigh de 15 bliana. Cé go gcaithfimid ar fad fáilte a chur roimh an gcaoi a bhfuil cearta na mban á n-aithint mar cheist lárnach na forbartha síos tríd an téacs aontaithe, ba cheart dúinn, áfach, a bheith níos beoite mar gheall ar an bpráinn atá romhainn agus muid ag dul i ngleic leis na saincheisteanna atá roimh mhná go domhanda. Caithfimid ceannaireacht a thaispeáint mar shaoránaigh i bPoblacht. Níor cheart go mbeadh orainn fanacht ar feadh 15 bliana. Go deimhin, mar gheall ar an méid atá ar eolas againn, an méid a thuigimid faoi chúiseanna agus faoi iarmhairtí na sáruithe sin ar chearta an duine, agus mar gheall ar na hacmhainní agus ar an saineolas atá ar fáil dúinn, is féidir linn a rá go soiléir go bhfuil 15 bliana rófhada le bheith ag fanacht ar chomhionannas, agus go bhfuil lá amháin fiú rófhada le fanacht chun deireadh a chur le foréigean inscne inár dtír féin nó in aon áit eile.

Is é sin an chúis a bhfuil mé sásta go bhfuil an deis againn tríd an imeacht seo a óstáil inniu a bheith i gcomhpháirt le SAFE Ireland agus lena bhfeachtas MAN UP, a léiríonn spiorad HeforShe ina ghairm ar fhir le seasamh suas agus a gcion a dhéanamh chun deireadh a chur le foréigean inscne.

Tá an-áthas orainn go bhfuil Sharon O’Halloran, Príomhfheidhmeannach SAFE Ireland anseo i dteannta comhaltaí agus comhpháirtithe SAFE Ireland, agus Ryan Tubridy, atá ag déanamh ionadaíochta ar thacadóirí fir a sheas suas agus a thug aghaidh ar chlaontacht, ar steiréitíopaí agus ar stiogma trína dtiomantas do “MAN UP” agus iad ag fógairt go bhfuil siad ag cur i gcoinne foréigean inscne. Is é an tábhacht mhór a bhaineann le HeforShe agus MAN UP an t-aitheantas nach féidir an t-athrú atá uainn a bhaint amach trí dhlíthe, bheartais ná mhaoiniú amháin. Teastaíonn athrú sochaí mar aon le hathrú i gcomhfhiosacht.Céim amháin chun an t-athrú sin a bhaint amach is ea timpeallacht a thógáil ina mothaíonn fir compordach

Cheannaire Domhanda Tacadóra do HeforShe de chuid na Náisiún Aontaithe // UN HeforShe Champion World Leader

Page 8: Tuarascáil HeforShe

agus cumhachtaithe chun feiminigh agus tacadóirí chearta na mban a thabhairt orthu féin. Trí sheasamh suas ar an gcaoi seo agus trí bhur bpróifílí poiblí a úsáid chun an teachtaireacht seo a chur in iúl, tá ceannaireacht agus misneach iontach léirithe ag Ryan Tubridy agus ag daoine eile.

Is mór an onóir dúinn chomh maith go bhfuil ceannairí fireanna ó eagraíochtaí náisiúnta anseo atá sásta an cheannaireacht chéanna a léiriú agus atá sásta tacú le teachtaireachtaí HeforShe agus MAN UP. Cuirimid fáilte roimh Gerry Collins ó IBEC, David Joyce ó ICTU, John Delaney ón FAI, Kevin Donoghue ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus an Leas-Aimiréal Mark Mellett ó Óglaigh na hÉireann.

Ar deireadh, nuair atáthar ag tabhairt faoi fheachtas chun athrú a dhéanamh tá rud amháin atá níos cumhachtaí ná focail, beartais, sluáin ná póstaeir – agus sin é an ceol. D’fhéadfá a rá gur cruthaíodh é seo in athbheochan an amhráin feachtais mar ghné den toghchán le déanaí!

Bua iontach atá ann an chumhacht a bheith ag duine smaointe a chur in iúl trí mheán foinn agus fuaime agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Andrew Hozier as cinneadh a dhéanamh a bhua ceoil a thabhairt don chúis thábhachtach seo. Trína amhrán “Cherry Wine” agus a fhíseán le Saoirse Ronan, tá teachtaireacht imeacht an lae inniu á tabhairt aige chuig lucht éisteachta níos mó agus is mór agam féin agus ag Saidhbhín, agus agaibhse ar fad tá a fhios agam, go bhfuil a chuid ama tugtha aige le bheith anseo ar maidin agus táimid ag súil le héisteacht leis níos deireanaí.

Mar fhocal scoir, ba mhaith loim buíochas a ghabháil libh ar fad arís as bheith anseo ar maidin, i seachtain Lá Idirnáisiúnta na mBan, tráth dóchais ollmhór, nuair atá comhthoil agus móiminteam le brath go hidirnáisiúnta chun comhionannas ceart a bhaint amach idir fir agus mná.

Is uirlisí agus ardáin thábhachtacha agus luachmhara iad feachtais HeforShe agus MAN UP atá ar fáil dúinn, agus iarraim oraibh ar fad atá i láthair anseo inniu úsáid a bhaint as na huirlisí agus as na hardáin seo – Bí i do thacadóir d’fheachtas HeforShe tríd an suíomh gréasáin, agus cuimhnigh ar na gníomhartha is féidir leatsa mar dhuine aonair nó mar eagraíocht a chur i bhfeidhm. Ar an gcaoi chéanna, cuimhnigh ar bhealaí ar féidir leatsa nó le d’eagraíocht páirt ghníomhach a ghlacadh i bhfeachtas MAN UP de chuid SAFE Ireland.

Ceiliúradh atá sa lá inniu, ceiliúradh ar na rudaí atá féideartha, agus ceiliúradh ar chaidreamh nua idir fir agus mná atá á chruthú ag daoine, cosúil libhse, atá ag taispeáint ceannaireachta.

Beir beannacht.

8

Page 9: Tuarascáil HeforShe

• Tá grianghraif, fuaim agus físeáin den imeacht ar fáil ar shuíomh gréasáin an Uachtaráin: http:// www.president.ie/en/diary/details/president-hosts-a-reception-in-his-role-as-a-global-world- leader-of-un-wome

• Grianghraif ón imeacht: http://www.president.ie/en/media-library/photos/reception-celebrating- un-womens-heforshe-campaign-and-safe-irelands-man-up

• Comhad fuaime d’aitheasc an Uachtaráin ag an imeacht: https://soundcloud.com/ arasanuachtarain/11-03-16-speech-at-a-reception-celebrating-un-womens-heforshe-campaign-and- safe-irelands-man-up-campaign

• Físeán d’aitheasc an Uachtaráin ag an imeacht: https://www.youtube.com/watch?v=2ESq1EbmDgI

Ábhair

Cheannaire Domhanda Tacadóra do HeforShe de chuid na Náisiún Aontaithe // UN HeforShe Champion World Leader

Page 10: Tuarascáil HeforShe

Tuairiscíodh ar an imeacht go fairsing sna meáin chumarsáide

Gach nuachtán mórbhileoige náisiúnta:

• http://www.independent.ie/entertainment/music/music-news/take-me-to-the-ras-hozier-sings-for- the-president-and-guests-34533410.html

• http://www.irishtimes.com/life-and-style/people/michael-d-higgins-men-s-action-and-assistance- needed-for-women-to-achieve-full-rights-1.2572392

• http://www.irishtimes.com/news/social-affairs/president-higgins-none-of-the-rights-women- enjoy-fell-from-the-sky-1.2569839

• https://soundcloud.com/irishtimes-women/ep-27-waking-the-feminists-president-michael-d- higgins-hozier

• http://www.irishexaminer.com/ireland/president-higgins-all-of-society-is-flawed-if-gender- violence-is-allowed-to-occur-386971.html

Mórardáin náisiúnta ar líne

• https://storify.com/PresidentIRL/president-higgins-hosts-heforshe-event-on-gender-b

• http://www.thejournal.ie/michael-d-higgins-feminism-2655506-Mar2016/

• https://www.facebook.com/irishtimes/posts/10153530712851158?fref=nf

Preas réigiúnach

• http://wicklowtimes.net/hozier-to-perform-at-event-to-promote-womens-rights-and-equality/

Arna chur chun cinn ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, ag feachtais agus ag rannpháirtithe náisiúnta

• http://www.safeireland.ie/2016/president-michael-d-higgins-holds-event-for-man-up-and- heforshe-at-aras-an-uachtarain/

• http://www.manup.ie/president-michael-d-higgins-holds-event-for-man-up-and-heforshe-in-aras- an-uachtarain/

• http://www.childfund.ie/president-higgins-global-champion-of-the-heforshe-campaign/

Tuairisciú an Imeachta

10

Page 11: Tuarascáil HeforShe

• http://www.paveepoint.ie/president-hosts-heforshe-event/

• http://worldpage.ir/this-hozier-performance-in-aras-an-uachtarain-gave-us-chills/

• http://hozier.com/visit-to-aras-an-uachtarain/

Cheannaire Domhanda Tacadóra do HeforShe de chuid na Náisiún Aontaithe // UN HeforShe Champion World Leader

Page 12: Tuarascáil HeforShe