335
Provided by the author(s) and NUI Galway in accordance with publisher policies. Please cite the published version when available. Downloaded 2022-03-28T02:19:35Z Some rights reserved. For more information, please see the item record link above. Title Logainmneacha Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin - Ainmneacha na mBailte Fearainn Author(s) Finnegan, Aengus Publication Date 2012-09-21 Item record http://hdl.handle.net/10379/3141

Title Logainmneacha Chill Chainnigh Thiar agus Chluain

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Provided by the author(s) and NUI Galway in accordance with publisher policies. Please cite the published
version when available.
Downloaded 2022-03-28T02:19:35Z
Some rights reserved. For more information, please see the item record link above.
Title Logainmneacha Chill Chainnigh Thiar agus Chluain Lonáin - Ainmneacha na mBailte Fearainn
Author(s) Finnegan, Aengus
Publication Date 2012-09-21
Item record http://hdl.handle.net/10379/3141
Fearainn
Meitheamh 2012
Dearbhú Údarachta....................................................................................................... iv Buíochas........................................................................................................................ v Achoimre....................................................................................................................viii Liosta na bhFigiúirí ...................................................................................................... ix Liosta na dTáblaí.......................................................................................................... ix Noda Ginearálta ............................................................................................................ x Liosta na bhFaisnéiseoirí ............................................................................................. xi Noda agus Giorrúcháin (Foinsí).................................................................................. xv 1 Réamhrá ..................................................................................................................... 1
1.1 Cur síos ar an Tionscadal: ................................................................................... 1 1.2 Cuspóir an Taighde: ............................................................................................ 2 1.3 Príomhcheisteanna Taighde: ............................................................................... 3 1.4 Scoláireacht agus Ábhar Foilsithe ar Logainmneacha na hIarmhí...................... 3 1.5 An Contae ........................................................................................................... 7 1.6 Meath na Gaeilge i gContae na hIarmhí ............................................................. 7
1.6.1 Meath na Gaeilge i mBarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin ................................................................................................................... 9
1.7 Canúintí Stairiúla - Gnéithe Canúna sna Logainmneacha ................................ 12 1.8 Modheolaíocht .................................................................................................. 21 1.9 Anailís ar Eilimintí Coitianta ............................................................................ 23
1.9.1 Baile ........................................................................................................... 24 1.9.2 Struchtúr agus Srathú aoise........................................................................ 26
1.10 Imlíne an Tráchtais.......................................................................................... 29 Barúntacht Chill Chainnigh Thiar............................................................................... 31
Barúntacht Chluain Lonáin ....................................................................................... 175 Baile Locha Luatha ............................................................................................... 177 Cill Chliathach ...................................................................................................... 229 Cill Chruimhthir Fhiachrach ................................................................................. 281 Cill Mhancháin...................................................................................................... 287
Leabharliosta ............................................................................................................. 297 Innéacs (Bailte Fearainn) .......................................................................................... 305
iv
Dearbhú Údarachta
Dearbhaím gurb é mo chuid oibre féin an tráchtas dochtúireachta seo agus nach bhfuil
céim faighte agam in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ná in aon ollscoil eile bunaithe ar aon
chuid den saothar seo.
v
Buíochas Tá buíochas ar leith ag dul do mo stiúrthóir an Dr Nollaig Ó Muraíle a thug an t-eolas
agus an tacaíocht dom le linn na bunchéime chun dul ar aghaidh leis an tionscnamh
seo an chéad lá riamh, agus a chinntigh gur lean mé orm ó shin. Gabhaim buíochas
leis chomh maith as na scéalta grinn ar fad, ar dhaoine beag agus mór le rá i saol na
Gaeilge agus saol na logainmníochta a d’inis sé dom le linn ár gcuid cruinnithe ar an
tráchtas, a chuir oideachas de shaghas éigin eile orm!
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na daoine seo a leanas as an
gcabhair agus as an tacaíocht a thug siad dom le linn an taighde: Mo chomhghleacaí,
Liam Ó hAisibéil, a chuir ar bhóthar mo leasa mé go minic, go háirithe sa chéad
bhliain; Hugh Rowland as a chuid saineolais ar chúrsaí gramadaí agus as iliomad gar
eile a rinne sé dom; muintir eile Áras na Coiribe as a gcomhairle agus as éisteacht
agus cur suas liom; Méadhbh Nic an Airchinnigh, Mona Jakob, Chinatsu Hakamada,
Eibhlín Ní Fhallúin, agus Trish Ní Mhaoileoin. Gabhaim buíochas leis an Dr Graham
Isaac, an Ollamh Gearóid Denvir & leis an Ollamh Mícheál Mac Craith a shuigh ar
mo choiste taighde, agus leis an Dr John Walsh, an Dr Lillis Ó Laoire, an Ollamh
Nollaig Mac Congáil & le Fiona de Paor ó Roinn na Gaeilge agus le Séamus Ó
Coileáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Gabhaim buíochas le foireann seomra na sainbhailiúchán i Leabharlann
Shéamais Uí Argadáin; Margaret Hughes agus Marie Boran ach go háirithe agus le
Gearóid O’Brien ó Leabharlann Bhaile Átha Luain.
Mo bhuíochas do na daoine seo a leanas a thug comhairle agus cabhair dom le
linn an taighde; Dónall Mac Giolla Easpaig, an Dr Pádraig Ó Cearbhaill agus an Dr
Conchubhar Ó Crualaoich (An Brainse Logainmneacha); an Dr Kevin Murray, an Dr
Emma Nic Cárthaigh, an Dr Joseph Flahive (UCC); an Dr Pat McKay, an Dr Kay
Muhr, an Dr Paul Tempan (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste); An tOllamh Pádraig
Ó Macháin agus an tOllamh Fergus Kelly (DIAS); an Dr Oliver Padel, an Dr Simon
Taylor agus an tOllamh Hywel Wyn Owen (SNSBI); Art Ó Maolfabhail, Pádraig Ó
Fágáin (nach maireann), an Dr Fiachra Mac Gabhann, Dr Jacob King, agus an Dr
Rory Sherlock. Gabhaim buíochas le mo chuid faisnéiseoirí áitiúla ar fad as a bheith
fial lena gcuid eolais, agus le Alicja agus le mo mhuintir as tacaíocht sheasta a
thabhairt dom.
vi
Maoiniú: Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCoimisiún
Logainmneacha (maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) as
ucht na sparántachta le haghaidh taighde ar logainmneacha a bronnadh orm i 2007
agus a thug deis dom an taighde seo a chur i gcrích.
vii
viii
Achoimre Is í aidhm an tráchtais seo foirmeacha Gaeilge údarásacha chomh maith le fianaise
stairiúil chuí d’ainmneacha 276 baile fearainn sna barúntachtaí Cill Chainnigh Thiar
agus Cluain Lonáin, Co. na hIarmhí a chur ar fáil. Líonfaidh an saothar seo bearna
san eolas atá againn ar logainmneacha Chontae na hIarmhí ó foilsíodh The
Placenames of Westmeath leis an Athair Paul Walsh i 1957, óir is tearc iad na tagairtí
don dá bharúntacht thuasluaite sa leabhar sin. Socraíodh ainmneacha na mbailte
fearainn in dhá chontae eile sa chomharsanacht, Co. Uíbh Fhailí agus Co. an
Longfoirt, le blianta beaga anuas.
D’fhonn foirmeacha Gaeilge údarásacha de na hainmneacha sa cheantar
staidéir a dhéanamh amach baineadh na mílte foirmeacha stairiúla d’ainmneacha as
na foinsí stairiúla ábharacha – is é sin na foinsí ar fad atá ábharach d’aon staidéar ar
logainmneacha na hÉireann. Liostaítear na foirmeacha seo in ord croineolaíoch faoi
gach aon ainm baile fearainn, chomh maith leis na tagairtí cuí. Déantar anailís
teangeolaíochta ar struchtúir na logainmneacha agus ar chruth, ar chiall agus ar
bhunús na n-eilimintí atá mar chomhábhar na n-ainmneacha ar fad. Téitear i muinín
léarscáileanna, foinsí tánaisteacha agus faisnéiseoirí áitiúla chun comhthéacs na n-
eilimintí seo a rianú sa tírdhreach, sa stair, sa teanga, agus i léann na logainmneacha
mar atá sé ó aimsir Sheáin Uí Dhonnabháin i leith.
Cuirfidh an tráchtas seo go mór leis an tuiscint atá ag scoláirí Gaeilge,
staraithe, seandálaithe, tíreolaithe agus pobal an cheantair féin ar chultúr na Gaeilge i
gcúil amháin de Chúige Laighean ar a ndéantar dearmad i leith chúrsaí Gaeilge de
ghnáth. Tá fianaise i gcorp an tráchtais seo ar a bheo is bhí an Ghaeilge sa cheantar
staidéir níos lú ná 200 bliain ó shin; ar an gcanúint Chonnachtach a labhraíodh ann;
agus ar na hathruithe is na forbairtí móra a d’fhág a lorg ar thírdhreach cultúrtha na
hÉireann: teacht na Críostaíochta agus lorg an mhanachais mheánaoisigh; an
lonnaíocht mheánaoiseach – dún, ráth, lios; teacht na nAngla-Normannach lena gcuid
caisleán, sloinnte, ainmneacha pearsanta agus aonad talaimh; an t-athrú creidimh,
cogaí móra agus suirbhéireachtaí an 16ú/17ú haois; síothlú na Gaeilge san 18ú/19ú
haois agus cinsealacht chríochnúil an Bhéarla – ach amháin sna logainmneacha ina
maireann cuid bheag de shaíocht na teanga i gcónaí.
ix
Liosta na bhFigiúirí Fig. 1. Barúntachtaí agus paróistí Cho. na hIarmhí (bunaithe ar Sheehan 1978). .....xiii Fig. 2. Meastacháin ar íosmhéid líon na gcainteoirí 1771-81 (Fitzgerald 1984). ......... 9 Fig. 3. Whinning (treoshuíomh thoir-theas)................................................................ 51 Fig. 4. Creevenamanagh agus Gníomh na dTrí Seisreach. ......................................... 72
Liosta na dTáblaí Tábla 1. Meastachán ar íosmhéid (céatadán) líon na gcainteoirí Gaeilge (Fitzgerald 1984). ............................................................................................................................ 8 Tábla 2. Meastachán ar íosmhéid (céatadán) líon na gcainteoirí Gaeilge (Fitzgerald 1984). .......................................................................................................................... 10 Tábla 3. Minicíocht eilimintí. ..................................................................................... 24 Tábla 4. Coitiantacht na heiliminte baile sa cheantar staidéir. ................................... 24 Tábla 5. Coitiantacht na heiliminte baile i gCo. Uíbh Fhailí. ..................................... 25 Tábla 6. Coitiantacht na heiliminte baile i gCo. an Longfoirt. ................................... 25 Tábla 7. Srathú struchtúr i logainmneacha an cheantar staidéir.................................. 29 Tábla 8. Acraíocht Mount Temple. ........................................................................... 212
Noda Ginearálta aid. aidiacht
eag. eagarthóir(í)
fir. firinscneach
g. ginideach
gin. ginearálta
iml. imleabhar
LS(S) lámhscríbhinn(í)
L. Laidin
lch leathanach
lgh. leathanaigh
log. logainm
n. nóta
P. R. patent roll
v.l. varia lectio
s.v. sub verbo
Liosta na bhFaisnéiseoirí Ernest (Ernie) Hatton, 75 (2010) Moydrum (Baile Locha Luatha). Gabha, rugadh
agus tógadh in Moydrum.
Patrick (Paddy) Moran, c. 65 Cloghbreen (Droim Raithne). Feirmeoir, rugadh agus
tógadh in Cloghbreen.
Jack ‘Thatcher’ Higgins, 94 Doonis (Nuachabháil). Tuíodóir a bhí ann, rugadh agus
tógadh in Doonis.
Johnny Carty c. 80 2010† Glebe (Bun Abhann). Feirmeoir, rugadh agus tógadh in
Glebe.
Thomas (Tommy) Walsh, 63 Toberclare (Cill Chainnigh Thiar). Feirmeoir, rugadh
agus tógadh in Ballynakill Upper (Cill Chainnigh Thiar).
Ann Walsh, c. 60 Toberclare (Cill Chainnigh Thiar). Altra, rugadh agus tógadh in
Cartroncroy (Nuachabháil).
Patrick (Pateen) Slevin, c. 80 Portlick (Bun Abhann). Iascaire agus feirmeoir,
rugadh agus tógadh ar Inchturk (Nuachabháil).
Brian Muldoon, 27 Carn Park (Baile Locha Luatha). Cuntasóir, rugadh agus tógadh
in Carn Park.
Tony Fox c. 71 Ballykeeran (St. Mary’s, Breámhaine). Fear gnó, rugadh agus tógadh
in Ballynacliffy (Cill Chainnigh Thiar).
Joe Farrell c. 60 Glassan (Cill Chainnigh Thiar). Tábhairneoir agus feirmeoir.
rugadh agus tógadh in Glassan.
Jim Parker 74 1999† Glassan (Cill Chainnigh Thiar). Feirmeoir agus tógálaí, rugadh
agus tógadh in Glassan.
Mícheál Finneran c. 77 2010† Glassan (Bun Abhann). Feirmeoir, rugadh agus
tógadh in Glassan.
Keith Maher 28 Clonbrusk (St. Mary’s, Breámhaine). Garda, talamh ag daoine
muinteartha leis in Rath Upper (Nuachabháil).
James Hackett c. 74 Ballynakill (Cill Chliathach). Feirmeoir. Rugadh agus tógadh in
Ballynakill.
Declan Claffey c. 59. Glassan (Bun Abhann). Búistéir agus oibrí tógála, rugadh agus
tógadh in Baltrasna (Cill Chliathach).
Frank Walker c. 80. Rath (Cill Chainnigh Thiar). Feirmeoir, rugadh agus tógadh in
Rath.
xii
John Quigley c. 50 Ballynacliffy (Cill Chainnigh Thiar). Feirmeoir agus tiománaí
bus. Rugadh ar Inchmore (Bun Abhann).
James Casey c. 40 Aghanashanamore (Baile Locha Luatha). Oibrí foraoiseachta.
Rugadh agus tógadh in Aghanashanamore.
xiii
Fig. 1. Barúntachtaí agus paróistí Cho. na hIarmhí (bunaithe ar Sheehan 1978).
1. Ardnurcher or Horseleap
3. Ballymore 4. Ballymorin 5. Bunown (Bun
Abhann) 6. Carrick 7. Castlelost 8. Castletownkindalen 9. Churchtown 10. Clonarney 11. Clonfad 12. Conry 13. Delvin 14. Drumraney (Droim
Raithne) 15. Durrow 16. Dysart 17. Enniscoffey 18. Faughalstown 19. Foyran 20. Kilbeggan 21. Kilbixy
22. Kilbride 23. Kilcleagh (Cill
Chliathach) 24. Kilcumny 25. Kilcumreragh (Cill
Chruimhthir Fhiachrach)
26. Kilkenny West (Cill Chainnigh Thiar)
27. Killagh 28. Killare 29. Killua 30. Killucan 31. Killulagh 32. Kilmacnevan 33. Kilmanaghan (Cill
Mhancháin) 34. Kilpatrick 35. Lackan 36. Leny 37. Lickbla 38. Lynn 39. Mayne 40. Moylisker 41. Mullingar
42. Multyfarnham 43. Newtown 44. Noughaval
(Nuachabháil) 45. Pass of Kilbride 46. Piercetown 47. Portloman 48. Portnashangan 49. Rahugh 50. Rathaspick 51. Rathconnell 52. Rathconrath 53. Rathgarve 54. Russagh 55. St. Feighin’s 56. St. Mary’s 57. St. Mary’s (Athlone) 58. Stonehall 59. Street 60. Taghmon 61. Templeoran 62. Templepatrick 63. Tyfarnham
Noda agus Giorrúcháin
xv
Noda agus Giorrúcháin (Foinsí) AClon. The Annals of Clonmacnoise Being Annals of Ireland from the Earliest
Period to A.D. 1408, eag. D. Murphy (1896). BÁC. Aistrithe go
Béarla ag Conell Mageoghagan i 1627.
AConn. Annála Connacht. The Annals of Connacht (A.D. 1244-1544), eag. A.
M. Freeman (1944). BÁC.
AD ‘Aided Diarmada meic Cherbaill’, in Silva Gadelica (I-XXXI), 2 iml.,
eag. S. H. O’Grady (1892). Londain: Williams and Norgate, atheagrán
ag Oifig an tSoláthair c. 1935.
AI The Annals of Inisfallen, eag. S. Mac Airt (1951). BÁC.
AL Ainmleabha(i)r na Suirbhéireachta Ordanáis de réir paróistí dlí – LSS
sa Chartlann Náisiúnta & leagan clóscríofa an Athar Ó Flannagáin.
ALC Annála Loch Cé. Is é eagrán leictreonach CELT (Corpus of Electronic
Texts, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) a úsáidtear sa saothar seo ( 1
& 2). Ar fáil ag:
http://www.ucc.ie/celt/published/G100010A/index.html. Is ar eagráin
Hennessy (1871) agus Mhic Niocaill (1959) a bhunaítear eagrán CELT.
AL: BM Beaufort’s Map (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL).1
AL: BS Boundary Survey (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL).
AL: CM County Map (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL).
AL: GJP Grand Jury Pamphlets (foirm bhéarlaithe de log. luaite san AL).
AL: HCER House of Commons Education Report 1826 (foirm bhéarlaithe de log.
luaite san AL) .
AL: HCPR House of Commons Population Report 1821 (foirm bhéarlaithe de log.
luaite san AL).
AL: HCSVR House of Commons Survey and Valuation Report 1824 (foirm
bhéarlaithe de log. luaite san AL).
AL: Inhabs. ‘Inhabitants’ in AL – fianaise a bailíodh ó mhuintir na háite.
AL: JOD John O’Donovan – leagan Gaeilge nó leagan béarlaithe de log. nó nóta
scríofa i ndúch san AL ag Seán Ó Donnabháin.
1 Léarscáil de Cho. na Mí, na hIarmhí agus cuid de Cho. Uíbh Fhailí (1816). Féach: http://www.oldirishmaps.com/proddetail.php?prod=meathbeaufort
Noda agus Giorrúcháin
xvi
AL: pl. Foirm Ghaeilge áitiúil de log. atá luaite san AL – scríofa le peann
luaidhe de ghnáth.
AL: d. Foirm Ghaeilge de log. atá luaite san AL – scríofa le dúch.
AL: TCB Tithe Composition [Applotment] Book (foirm bhéarlaithe de log.
luaite san AL). c. 1830.
Anecd. Anecdota from Irish Manuscripts, 5 iml., eag. O. J. Bergin, R. I. Best,
K. Meyer, J. G. O’Keeffe (1907-13). Halle & BÁC.
AnnU De Annatis Hiberniae: A Calendar of the First-fruits’ Fees Levied on
Papal Appointments to Benefices in Ireland, AD 1400-1535, I (Ulster),
eag. M. A. Costello agus A. Coleman (Dún Dealgan, 1909; athchló
Maigh Nuad, 1912).
AOI ‘The Annals of Ireland, from the Year 1443 to 1468’, J. O’Donovan
(1846), Miscellany of the Irish Archaeological Society 1, 198-302.
ARÉ Annála Ríoghachta Éireann. Annals of the Kingdom of Ireland by the
Four Masters I-VII, eag. J. O’Donovan (an dara heagrán 1856). BÁC.
ASE ‘Abstracts of grants of lands … the Acts of Settlment and Explanation,
A.D. 1666-1684’, app. to Fifteenth Annual Report from
Commissioners of Public Records of Ireland (1825).
ASH Acta Sanctorum Veteris et Majoris Scotiae seu Hiberniae ...
Sanctorum Insulae, I, eag. J. Colgan (1645), Louvain. Athchló; BÁC,
1947.
ATig. ‘The Annals of Tigernach’, eag. W. Stokes, in Revue Celtique 16
(1895), 374-419, 17 (1896) 6-33, 119-263, 337-420, 18 (1897), 9-59,
150-97, 267-303. Athchló 2 iml., Felinfach: Llanerch Publishers, 1993.
Úsáidtear uimhriú leathanach athchló 1993 chun tagairtí a dhéanamh
don fhoinse seo.
AU Annála Uladh. Is é eagrán leictreonach CELT (Coláiste na hOllscoile,
Corcaigh) a úsáidtear sa saothar seo. Is ar eagráin Hennessy & Mac
Carthy (1887 – 1901, athchló 1998, BÁC) agus Mhic Niocaill & Mhic
Airt (1983) a bhunaítear eagrán CELT.
BDL The Dean of Lismore’s Book: A Selection of Ancient Gaelic Poetry,
eag. T. M’Lauchlan (1862). Dún Éideann; Edmonston & Douglas.
Noda agus Giorrúcháin
adversus Dei gratiam a Pelagio Britanno in Ecclesiam inductae
Haereseos Historia, J. Ussher (1639). BÁC. (= Primordia).
BF ‘Betha Farannáin’, C. Plummer (1910). Anecdota from Irish
Manuscripts 3, 1-7.
BFen. The Book of Fenagh, eag. W. M. Hennessy agus D. H. Kelly (1875).
BÁC: Alexander Thom.
(brainse den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) i gcomhar
le FIONTAR (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath). Ar fail ag:
www.logainm.ie. Tugtar uimhir bunachair (+ uimhir chárta) sna
tagairtí don fhoinse seo.
BNÉ Bethada Naem nÉrenn. Lives of Irish Saints. Vol. I: Introduction,
Texts, Glossary, eag. C. Plummer (1922). Oxford: Clarendon Press.
BNS Bailiúchán na Scoileanna. Ábhar a bailiodh mar chuid de Scéim
Bhéaloideas na Scol (1937-38) ag Coimisiún Béaloideasa Éireann.
LSS le fáil i gCnuasach Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile,
Baile Átha Cliath.
BP A Book of Postings and Sale of the Forfeited and Other Estates and
Interests in Ireland. (Heard September 1700 to June 23rd 1703. LSS le
fáil i leabharlann Boole in UCC.
BSD Books of Survey & Distribution, Co. Westmeath (Micreascannán de
LS atá sa Chartlann Náisiúnta atá ar fáil i Leabharlann Shéamais Uí
Argadáin, OÉG).
Cal. of State
Papers Calendar of the State Papers Relating to Ireland of the Reigns of
Henry VIII, Edward VI, Mary, and Elizabeth, 1599, April – 1600,
February, eag. E.G. Atkinson (1899). Public Record Office.
CA [Cath Airtig] ‘The Battle of Airtech’, R. I. Best (1916), Ériu 8, 170-
190.
Census A Census of Ireland, circa 1659, with Supplementary Material from
the Poll Ordinances (1660-1661), eag. S. Pender (1939). BÁC.
CESO An chéad eagrán den tSuirbhéireacht Ordanáis (sraith léarscáileanna).
Foilsithe in 1837 do Cho. na hIarmhí.
Noda agus Giorrúcháin
CFS Cáipéisí Fánacha Seansaireachta: ‘Some Documents on Irish Law and
Custom in the Sixteenth Century’, Nicholls, K.W. (1970), Analecta
Hibernica, 26, 105-129.
CGG Cogadh Gaedhel ré Gallaibh; The war of the Gaedhil with the Gaill,
eag. J. H. Todd (1867). Londain.
CGn. Clárlann na nGníomhas, BÁC (Tagraítear don iml., don lch., agus don
ghníomhas san ord sin – trascríbhinní meabhrachán atá ann.
CIH Corpus Iuris Hibernici, 6 iml., eag. D. A. Binchy (1978). BÁC: DIAS.
CIRCLE A Calendar of Irish Chancery Letters c. 1244 – 1509. BÁC: Coláiste
na Tríonóide (bunachar leictreonach ar-líne). Ar fáil ag
http://chancery.tcd.ie/. Léite 01 Bealtaine 2012.
CPL [Papal Letters] Calendar of Entries in the Papal Registers Relating to
Great Britain and Ireland. 20 iml., eagarthóirí éagsúla (1893-).
Londain: Her Majesty’s Stationary Office & BÁC: Coimisiún
Lámhscríbhinní Éireann,
CPR Irish Patent Rolls of James I: Facsimile of the Irish Record
Commission’s Calendar Prepared Prior to 1830 (1966). BÁC.
Crown Lands Crown Surveys of Lands 1540-1, with the Kildare Rental begun in
1518, eag. G. Mac Niocaill (1992). BÁC.2
CS Chronicon Scotorum. Is é eagrán leictreonach CELT, Coláiste na
hOllscoile, Corcaigh) a úsáidtear sa saothar seo. Ar fáil ag:
http://www.ucc.ie/celt/published/T100016/index.html. Is ar eagráin
bhunaítear eagrán CELT.
BÁC. Ar fáil ag: http://www.census.nationalarchives.ie.
Dinn. Foclóir Gaedhilge agus Béarla: Irish-English Dictionary, eag. P. S.
Dinneen (1927). BÁC: Cumann na Scríbheann nGaedhilge.
DBF ‘Die Bekehrung der Fianna’, L. C. Stern (1905) Zeitschrift für
celtische Philologie V. 179-83. Sliocht as Agallamh na Senórach ó
Laud. 610 9b (Féach Stokes F. Oeng. 189 n. 1.)
2 Tá cáipéis eile istigh leis an eagrán seo a bhaineann le tailte roinnt mainistreacha Sasanacha in Éirinn, a cuireadh le chéile sna blianta 1536-7 (Crown Lands vii).
Noda agus Giorrúcháin
(1897 – 1913).
DIL Dictionary of the Irish Language. Based Mainly on Old and Middle
Irish Materials, eag. gin. E. G. Quin (2007). BÁC: Acadamh Ríoga na
hÉireann.
DP ‘Dillon Papers: Survey of Documents in Private Keeping, Second
Series’, J. F. Ainsworth agus E. MacLysaght (1958), Analecta
Hibernica 20, lgh. 1, 3-361, 363-393.
DS [Down Survey] Hibernia Regnum (Léarscáileanna barúntachta, Sir
William Petty 1655-59. Is sa Bibliothèque Nationale atá na
bunléarscáileanna, baineadh úsáid as eagrán macasamhlach na
Suirbhéireachta Ordanáis (1908). Southampton.
EAI ‘Ecclesiastical Appointments in Ireland, Aug. 1643 – Dec. 1649’, B.
Jennings (1959), Collectanea Hibernica 2, 18-65.
ETax. Ecclesiastical Taxation of Ireland: Calendar of Documents Relating to
Ireland preserved in her Majesty’s Public Record Office, London
1302-1307, eag. H.S. Sweetman & G.F. Handcock (1886), Londain.
FDG Fled Dúin na nGéd, eag. R. Lehmann (1964). BÁC: DIAS, MMIS 21
FFÉ Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn I-III, eag. D. Comyn & P. S.
Dinneen. Londain: Cumann na Scríbheann nGaedhilge 4 (1902), 8
(1908), 9 (1908).
FGB Foclóir Gaeilge-Béarla, eag. N. Ó Dónaill (1977). BÁC: An Gúm
FGorm. Félire hÚi Gormáin: The Martyrology of Gorman, eag. W. Stokes
(1895). Londain; Henry Bradshaw Society 9.
FGSB Focalóir Gaoidhilge-Sax-Bhéarla, eag. J. O’Brien (1768). Párthas.
Fiants The Irish Fiants of the Tudor Sovereigns (1543-1603), 4 iml. (athchló,
1994), BÁC: De Búrca. Reports of the Deputy Keeper of the Public
Records of Ireland (1879-90). BÁC: Her Majesty’s Stationary Office.
FOeng. Féilire Oengusso Céli Dé: The Martyrology of Oengus the Culdee, eag.
W. Stokes (1905). Londain: Henry Bradshaw Society 29.
FSAG Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge, 4 iml. (2003 – 2011) eag.
P. Ó Riain, D. Ó Murchadha agus K. Murray. Londain: Cumann na
Scríbheann nGaedhilge.
Praedicatorum…, Thomas de Burgo (1762). Cologne.
ICL The Irish Cartularies of Llanthony Prima & Secunda, eag. Eric St.
John Brooks (1953). BÁC: Coimisiún Lámhscríbhinní Éireann.
IDPP Irish Dialects Past and Present, T. F. O’Rahilly (1932). BÁC: Brown
& Nolan.
asservatarum repertorium I (Lagenia), eag. J. Hardiman (1826). BÁC.
Itinerary An Itinerary: Containing his Ten Yeeres Travell Through the Twelve
Dominions of Germany, Bohmerland, Sweitzerland, Netherland,
Denmarke, Poland, Italy, Turky, France, England, Scotland & Ireland.
E. Moryson (1617). Londain. 3 iml. Athchló; Glaschú (1907).
Larkin Léarscáil de Cho. na hIarmhí (le haghaidh an Grand Jury), W. Larkin
(1808).
LC Lebor na Cert: The Book of Rights, eag. M. Dillon (1962). Londain:
Cumann na Scríbheann nGaedhilge 46.
L. B&L Léarscáileanna Brownrigg & Longfield; ‘Maps of lands in the baronies
of Clonlonan, Delvin and Farbill, Co. Westmeath. By John Brownrigg
and John Longfield.’ (1786-1819). Sraith léarscáileanna sa
Leabharlann Náisiúnta, BÁC; 21 F. 47 (30-38).
LÉ [Léarscáil Éireann] Éire (1938), Stát-Oifig na Léarscáilidheachta. Is i
nGaeilge ámhain atá na logainmneacha ar an léarscáil seo. Fiachra
Éilgeach [Risteárd Ó Foghludha] agus an tAthair Pól Breathnach a
chóirigh na logainmneacha don léarscáil. Le fáil sa Leabharlann
Náisiúnta, BÁC.
LEL Léarscáileanna Eastáit Longworth; ‘A Book of maps containing the
estates of George Longworth in Westmeath ... Surveyed and drawn by
P. Blake 1821 ... With a map by J. Shadwell dated 1734 ...’. Sraith
léarscáileanna sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC; 14 A. 25.
L.Gen. Leabhar Mór na nGenealach / The Great Book of Irish Genealogies,
compiled (1645-66) by Dubhaltach Mac Fhirbhisigh I-V, eag. N. Ó
Muraíle (2003). De Búrca; BÁC.
LisL Lives of the Saints from the Book of Lismore, eag. W. Stokes (1890).
Oxford: Clarendon Press.
Noda agus Giorrúcháin
xxi
LL An Leabhar Laighneach: The Book of Leinster I-VI, eag. R.I. Best, O.
Bergin, M. A. O’Brien, A. O’Sullivan (1954-83). BÁC: DIAS
LP [Lodge’s Peerage] The peerage of Ireland or, a genealogical history of
the present nobility of that Kingdom. ... J. Lodge (1754). Londain:
William Johnston.
LSO (IM) [Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, Co. na hIarmhí] Ordnance
Survey Letters Longford and Westmeath, eag. M. Herity (2011). BÁC:
Fourmasters Press.
LSO (RC) [Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, Co. Ros Comáin] Ordnance
Survey Letters Roscommon. eag. M. Herity (2010). BÁC: Fourmasters
Press.
LSS Ferguson LSS sa Chartlann Náisiúnta, BÁC.
MartD The Martyrology of Donegal: A Calendar of the Saints of Ireland, eag.
J.H. Todd & W. Reeves (1864). BÁC: The Irish Archaeological and
Celtic Society.
MIA Miscellaneous Irish Annals (A.D. 1114-1437), eag. S. Ó hInnse (1947).
BÁC: DIAS.
Misc. H. 2. 7. ‘Miscellany from H. 2. 7. (T.C.D.)’, M. Dobbs (1938), Zeitschrift für
celtische Philologie, 21, 307-317.
MLA ‘Map of the Lands of Anaugh in the Co. of Westmeath and the barony
of Kilkenny, the estate of Walter Jones, held by Mr. Redmond Dillon.
Surveyed by J. Nettervill in Nov. 1752. Copied by J. Barker, 1767’.
LS sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC; 21 F. 80 (1).
MM The Manuscript Materials of Ancient Irish History, E. O’Curry (1861).
BÁC: William A. Hinch, Patrick Traynor.
Moll Léarscáil Hermann Moll (1714). Londain.
NIAH National Inventory of Architectural Heritage: Buildings of Ireland. An
Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, BÁC. Ar fáil ag:
http://www.buildingsofireland.ie/.
NLI 21F 80 Léarscáil eastáit sa Leabharlann Náisiúnta (NLI 21F 80 (27), BÁC.
NMS National Monuments Service: Archaeological Survey Database. An
Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, BÁC. Ar fáil ag
www.archaeology.ie.
xxii
MSS Catalogue of Irish MSS in British Library, I, eag. S. H. O’Grady
(1926). Londain.
Onom. Onomasticon Goedelicum locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae An
index, with identifications, to the Gaelic names of places and tribes,
eag. E. Hogan (1910). BÁC: Hodge Figgis. Is é leagan leictreonach
LOCUS (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh) a úsáidtear sa saothar seo.
Ar fáil ag: http://publish.ucc.ie/doi/locus.
OUCC ‘Orthanach Ua Coillama Cecinit’, K. Meyer (1916), Zeitschrift für
celtische Philologie 11, 107-113.
PÉ [Príomhshruth Éireann] ‘The River Shannon Poetically Described by
Michael Brennan’, É. Ó Tuathail (1951) Éigse 6 (3), 193–240. Cf.
Príomhshruth Éireann, aistr. Art Ó Maolfabhail (1994). Luimneach:
Bardas Luimnigh.
Piers A Chorographical Description of the County of West-Meath. Written
A.D. 1682. By Sir Henry Piers of Tristernaght, Baronet. Foilsithe in
Collectanea de Rebus Hibernicis. Number 1, eag. C. Vallancey (1786).
BÁC. Athchló Meath Archaeological and Historical Association
(1981).
na Banríona, Béal Feirste. Ar fáil ag: www.placenamesni.org
POB ‘Plan of Ballymurray the Property of William Trench Esq.’ Peter
Blake (1832). LSS (4 cárta, fillteach) sa Chartlann Náisiúnta, BÁC.
Léarscáil agus liosta tionóntaí.
Concerning Ireland, 640-1261, eag. M. Sheehy, 2 iml. (1962 & 1965).
BÁC: M.H. Gill & Son.
Academy’, W. R. Wilde (1862), Proceedings of the Royal Irish
Academy 7, 181-212.
RClon. ‘Dubaltach mac Firbhisigh’s Translation of ‘The Registry of
Clonmacnoise’’, eag. J. O’Donovan, The Journal of the Kilkenny and
South-East of Ireland Archæological Society 1 (sraith nua, 1856-7)
444-60.
xxiii
RDind. ‘The Prose Tales in the Rennes Dindsenchas’, W. Stokes (1894),
Revue Celtique 1, 272-337.
SEH [Suirbhé Eastáit Handcock] ‘A Survey of the Estate of Gustavus
Handcock Temple Esq.r in the Counties of West-Meath and Kings-
Couty [sic]’. James O’Donnell (1786). LSS (29 lch.) sa Leabharlann
Náisiúnta, BÁC; 14 A, 29. Sraith léarscáileanna eastáit atá ann.
Silva G. Silva Gadelica (I.-XXXI.) : A Collection of Tales in Irish with Extracts
Illustrating Persons and Places, S. Hayes O’Grady (1892). Londain:
Williams and Norgate.
SMMD Scéla Mucce Meic Dathó, eag. R. Thurneysen (1935). BÁC: DIAS,
MMIS 6.
TAB Tithe Applotment Books – LSS sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC.
TBDC Togail Bruidne Da Choga, eag. G. Toner (2007). Londain: Cumann
na Scríbheann nGaedhilge 61.
(1946), Celtica 1, 64-86.
TLP The Tripartite Life of St. Patrick with Other Documents Relating to
that Saint, 2 iml., eag. W. Stokes (1887). Londain: Rolls Ser. 89.
Top. Poems Topographical Poems, by Seaán Mór Ó Dubhagáin and Giolla-na-
naomh Ó hUidhrín, J. Carney (1943). BÁC: DIAS.
Townshend Léarscáil Townshend (1811). The Second Report of the
Commissioners Appointed to Enquire into the Nature and Extent of the
Several Bogs in Ireland ... Plátaí X – XIII. Londain: House of
Commons Parliamentary Papers [ar-líne]. Ar fáil ag:
http://gateway.proquest.com/openurl?url_ver=Z39.88-2004&.
Communium Patronorum Acta, eag. J. Colgan (1647). Louvain.
Athchló BÁC (1997).
VSHH Vitae Sanctorum Hiberniae e Codice olim Salamanticensi, eag. W.W.
Heist (1965). Brussels: Subs. Hag. 28.
VSHP Vitae Sanctorum Hiberniae, 2 iml., eag. C. Plummer (1910). Oxford.
WPB Westmeath Poll Book, 1761. LS sa Leabharlann Náisiúnta, BÁC.
Baineadh leas as leagan clóscríofa den LS seo (níl fáil ar an mbunLS).
Caibidil 1: Réamhrá
1 Réamhrá
1.1 Cur síos ar an Tionscadal: I mí Dheireadh Fómhair 2007 bhronn an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus
Gaeltachta ‘An Sparánacht le hAghaidh Taighde ar Logainmneacha’ orm. Ba é
cuspóir na sparánachta sin tacaíocht a thabhairt do mhic léinn iarchéime a bhí ag
iarraidh taighde a dhéanamh ar logainmneacha na tíre seo, ainmneacha na mbailte
fearainn ach go háirithe. Cuireadh béim ar chodanna den tír nach raibh aon obair
chríochnúil déanta orthu cheana féin. Cuspóir eile a bhí taobh thiar de sholáthar na
sparánachtaí seo ná taighde agus traenáil i modheolaíocht na logainmníochta a
spreagadh in ollscoileanna na hÉireann.
Socraíodh idir mé féin, mo stiúrthóir acadúil, An Dr. Nollaig Ó Muraíle, agus
An Brainse Logainmneacha, go ndéanfainn taighde ar ainmneacha na mbailte
fearainn i gcúig bharúntacht de chuid Chontae na hIarmhí: Dealbhna, Fobhar, Fir
Bhile, Cill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin, mar chuid de thráchtas M.Litt.
Roghnaíodh an chúig bharúntacht seo ar an gcúis nár clúdaíodh iad i saothar
ceannródaíoch an Athar Paul Walsh; The Placenames of Westmeath (1957) (a
foilsíodh sé bhliana déag tar éis bhás an údair). Socraíodh chomh maith go mbeadh an
taighde seo teoranta do liosta d’ocht bhfoinse tábhachtacha.
Tá dhá bharúntacht déag i gContae na hIarmhí san iomlán,3 agus 1349 baile
fearainn iontu sin. Sa chúig bharúntacht a bhí á scrúdú agam - Fobhar, Fir Bhile agus
Dealbhna in oirthear an chontae agus Cluain Lonáin agus Cill Chainnigh Thiar in
iarthar an chontae - tá 580 baile fearainn. Scrúdaíodh na foinsí seo a leanas le linn an
taighde orthu:
2. Ionchoisní Laighean [Inq.]
4. Down Survey [DS]
6. Census of 1659 [Census}
7. Acts of Settlement and Explanation [ASE]
3 Áirítear cuid bheag (seacht mbaile fearainn) de bharúntacht Bhaile Átha Luain Theas (Co. Ros Comáin) san Iarmhí ó 1898 i leith, nuair a leathnaíodh teorainn an chontae trasna na Sionainne thart ar cheantar uirbeach Bhaile Átha Luain.
Caibidil 1: Réamhrá
8. Larkin’s Grand Jury Map [Larkin]
Baineadh c. 5000 leagan stairiúil d’ainmneacha bailte fearainn as na foinsí seo chomh
maith leis na céadta leaganacha stairiúla de logainmneacha eile. Bailíodh ábhar
tánaisteach agus eolas ar fhoinsí príomha eile. Forbraíodh cur chuige, modheolaíocht
agus cuid mhaith de na scileanna sainiúla a bhaineann le taighde logainmníochta le
linn na hoibre seo.
I mí an Mhárta 2009 mhol mo choiste taighde, An Dr Nollaig Ó Muraíle, An
Dr Graham Isaac agus an tOllamh Gearóid Denvir, gur chóir dom uasghrádú a
dhéanamh go céim dhochtúireachta, agus an t-ábhar a bhí scagtha agam go dtí sin a
úsáid chun tráchtas dochtúireachta a ullmhú. Socraíodh go ndíreofaí isteach ar dhá
bharúntacht chomhtheagmhálacha in iarthar an chontae: Cluain Lonáin agus Cill
Chainnigh Thiar, le haghaidh an tráchtais PhD.
276 ainm baile fearainn a scrúdaítear sa tráchtas seo mar sin; baineadh
leaganacha stairiúla díobh as na foinsí Béarla agus na foinsí Gaeilge cuí. Ní raibh aon
teorainn le líon na bhfoinsí a lorgaíodh; dá bhrí sin chuaigh mé sa tóir ar gach aon
fhoinse a shíl mé a bheith ábharach don taighde. Mar a bhíonn i dtionscnamh ar bith
den sórt seo, bhí cuid de na foinsí seo torthúil agus bhí cuid eile nach raibh. Déantar
tráchtaireacht, comparáid, anailís, tátal agus sintéis ar an bhfaisnéis seo ar fad agus
liostaítear na foinsí príomha faoi Noda agus Giorrúcháin (Foinsí) (thuas).
1.2 Cuspóir an Taighde: Is é cuspóir an taighde seo foirmeacha údarásacha Gaeilge d’ainmneacha 276 baile
fearainn in dhá bharúntacht i gContae na hIarmhí a chur ar fáil. Bainfear leas as na
modheolaíochtaí aitheanta a bhaineann le léann na logainmníochta in Éirinn chun é
seo a dhéanamh. Táthar ag súil go gcuirfidh an tráchtas seo le léann na
logainmneacha in Éirinn agus i gContae na hIarmhí ach go háirithe, agus go
leigheasfaidh sé cuid den neamhard a rinneadh ar logainmneacha an chontae sin ó
foilsíodh The Placenames of Westmeath breis agus leathchéad bliain ó shin.
Táthar ag súil chomh maith go gcaithfidh an staidéar seo beagán solais ar
chultúr na Gaeilge mar a bhí sé san Iarmhí nuair a bhí an Ghaeilge beo, san 18ú agus
sa 19ú haois. Níl fagtha den traidisiún sin ach blúiríní beaga sa chaint thraidisiúnta, sa
bhéaloideas agus go mór mhór sna logainmneacha, a bhfuil dáileadh seasta agus
taifead mór stairiúil ag dul siar i bhfad ag baint leo go minic, agus tábhacht faoi leith
acu mar sin. Tá stór fianaise i logainmneacha gach ceantair in Éirinn atá ábharach
Caibidil 1: Réamhrá
3
d’aon staidéar a chíorann impleachtaí na n-athruithe móra cultúrtha a tháinig ar an tír
le 1500 bliain anuas. Is iomaí rud a cailleadh leis an athrú teanga sa 18ú agus sa 19ú
haois, agus d’imigh an Ghaeilge as an Iarmhí gan aon chuntas substaintiúil a bheith
againn ar an gcanúint (na canúintí?) a labhraítí sa chontae. Tá roinnt ábhair sna
foirmeacha stairiúla agus sa tráchtaireacht a ghabhann le gach aon logainm a phléitear
sa tráchtas d’fhonn cúpla pointe eolais ar an gcanúint a labhraíodh i mbarúntacht
Chill Chainnigh Thiar agus i mbarúntacht Chluain Lonáin a chur chun cinn (féach 1.7
thíos).
Ba mhaith liom a lua anseo go bhfuil mé ag súil go mbainfidh An Brainse
Logainmneacha úsáid as an taighde amach anseo chun Ordú Logainmneacha a
ullmhú do Chontae na hIarmhí, is é sin liosta le stádas dlíthiúil de na foirmeacha
údarásacha Gaeilge de logainmneacha an Chontae a réiteach. Tá súil agam go
mbainfear úsáid as mo chuid taighde chun cur leis an eolas ar logainmneacha na
hÉireann atá ar fáil don phobal ar an suíomh idirlín www.logainm.ie chomh maith.
1.3 Príomhcheisteanna Taighde: Céard iad na foirmeacha stairiúla Gaeilge a bhí ag ainmneacha na mbailte fearainn atá
á scrúdú sa tráchtas? Cén fhorbairt a tháinig ar na foirmeacha seo tríd na céadta bliain
d’athscríobh agus trí phróiseas an bhéarlaithe ón 16ú haois ar aghaidh? An féidir
tionchar na canúna áitiúla a shonrú sna foirmeacha sin? Céard iad na fachtóirí eile a
d’imir tionchar ar fhoirm na n-ainmneacha seo tríd is tríd? Bunaithe ar iniúchadh
cuimsitheach eimpíreach ar na ceisteanna seo ar fad, céard í an fhoirm údarásach
chaighdeánaithe Gaeilge atá le moladh i gcás gach aon bhaile fearainn díobh?
1.4 Scoláireacht agus Ábhar Foilsithe ar Logainmneacha na hIarmhí Is é The Placenames of Westmeath (1915 & 1957) an saothar is mó tábhacht agus is
mó le rá a foilsíodh ar logainmneacha Chontae na hIarmhí go dtí seo. Is dócha gur
aidhm amháin a bhí ag Paul Walsh nuair a chuir sé chéad eagrán an leabhair sin
amach i 1915 ná na litreacha a scríobh Seán Ó Donnabháin agus a chuid
comhghleacaithe le linn a gcuid oibre leis an tSuirbhéireacht Ordanáis san Iarmhí sna
1830í a chur ar fáil don phobal. Is ionann litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis mar a
chuir Walsh eagar orthu agus beagnach trian de dhara eagrán an leabhair. Ar an
drochuair ní gan locht atá an ‘eagarthóireacht’ seo a rinne sé ar na litreacha. Tá an
Caibidil 1: Réamhrá
4
chuma ar an scéal gur shocraigh sé, d’fhonn reacaireacht leanúnach a dhéanamh astu
is dócha, codanna de litreacha áirithe a nascadh le codanna de litreacha eile; rud a
d’fhág cuma aiste fhada aontaithe ar an ábhar, rud nach raibh ionadaíoch ar na
bunlitreacha. D’éirigh le Nollaig Ó Muraíle ar a laghad dhá shliocht nach bhfuil ar
fáil sna bunlitreacha, a fháil in eagrán Walsh (Ó Muraíle teagmháil phearsanta 2008).
Agus leagan críochnúil de litreacha an chontae againn anois (Herity 2011) is é an
príomhluach a bhaineann leis an gcuid seo den leabhar anois ná nótaí mionsonraithe
Walsh ar ábhar na litreacha.
Cé gur The Placenames of Westmeath is teideal do leabhar Walsh, níor
phléigh sé ach ainmneacha bailte fearainn seacht mbarúntacht go sonrach sa leabhar:
Breámhaine, Corca Raoi, Fir Thulach, Maigh Asail agus Machaire Ó dTiarnáin,
Maigh Chaisil, Uí Mhac gCuais, agus Ráth Conarta. Is ionann seo agus lár an chontae
(na ceantair ar fad thart ar an Muileann gCearr) agus Breámhaine (barúntacht bheag
nach bhfuil ach paróiste amháin inti, agus Baile Átha Luain féin). Tá an chuma ar an
scéal gur ar na ceantair is mó daonra a dhírigh sé, chomh maith le bheith báúil lena
cheantar dúchais féin beagán ó dheas den Mhuileann gCearr, i lár an chontae.
San eagrán den leabhar a chuir Colm Ó Lochlainn amach i 1957 tá nótaí
garbha ar cheithre bharúntacht eile, a baineadh as scríbhinní Walsh i ndiaidh a bháis,
curtha leis an leabhar mar aguisín. Níl ach thart ar dheich leathanach san ábhar seo ar
fad áfach. Istigh leis an eagrán seo, mar réamhrá, tá léacht a thug Walsh i 1938 dar
teideal Ancient Westmeath. Tá cur síos fíor-úsáideach aige anseo ar bhunú an chontae
féin agus ar theacht na nAngla-Normannach go dtí an contae. Tugann sé achoimre ar
shliocht as an Counties of Meath and Wesmeath Act 1542 ar fiú cuid de a lua anseo:
In consideration thereof it is thought meet that the said shire should be divided made into two shires, and one of them shall be made and called the countie of Methe, and the other shall be called the county of Westmethe: and there shall be two sherriffes, and other officers convenient, within the said shires… a) “By the same authoritie it is ordeyned and enacted That Daltons
Countrey be from henceforth made and named the baronie or hundred of Rathconyrte [Ráth Conarta];
b) “And Delmars Countrey, named Moywrackry, made and named the baronie or hundred of Rossaughe [paróiste Russagh i mbarúntacht Uí Mhac gCuais];
c) “And Tyrells Countrey, named Fertullaghe, made and named the baronie or hundred of Fertullaghe;
d) “And Dillons Countrey, named Maghirquirke, made and named the baronie or hundred of Kilkenny west; which baronie or hundred of
Caibidil 1: Réamhrá
5
Kilkenny west shall have and contayne in the same the paroches of Kilkenny, Dromvrane, Bonowne, Oughevalle,4 Artenecrane,5 Alone and Brawny Iwryne [= Baile Átha Luain agus Breámhaine Uí Bhraoin .i. barúntacht Bhreámhaine anois];
e) “And a certaine peece of a certain countrey named Moylagaghe to be of and as parcel of the other half baronie or hundred of Fower; which Moylagaghe lyeth on the north-west part of the same halfe baronie or hundred of Fower; which halfe barony shall have and contain in the same the paroches of our Lady Church, Saint Feighins in the towne of Fower, Kilpatricke, Mayne, Beallaghila, Lyckbla, Feyeran and Hylton.” (Beallaghila is the present parish of Faughalstown.)
It was further enacted by the same authority that the baronies or hundreds of Delvin, Moyashell, Maghirityrernan, Corkrie, Ferbille, Moyguoise, together with those now made by the authority of this Act… shall be taken, accepted, and had in the County of Westmeath…
You will notice that the Act of 1542 did not profess to include in the county the barony of Moycashel. I have already alluded to the circumstances under which Mageoghegan’s Country of Kineleagh was taken into Westmeath.6 Brawney had long been a separate barony, but the terms of the Act which I have summarised for you place it in the barony of Kilkenny West. The barony of Clonlonan was not incorporated into the county until towards the year 1600, when the O Melaghlin and Magawley chieftains finally submitted to English law and land tenure (Walsh 1957: xiii-xiv).
Sa sliocht thuas tá cur síos ar na dúichí agus ar na críocha éagsúla a bhí in úsáid
roimh agus i ndiaidh teacht i bhfeidhm an Counties of Meath and Wesmeath Act 1542,
agus as ar eascair, cuid mhór, an dá bharúntacht déag atá sa chontae anois.
D’fhoilsigh Walsh an t-uafás nótaí agus alt gearra ar logainmneacha Chontae
na hIarmhí i rith a shaoil. Bhailigh Nollaig Ó Muraíle an t-ábhar seo ar fad le chéile
mar chuid den saothar Irish Leaders and Learning Through the Ages (Ó Muraíle [=
Walsh] 2003). I measc na n-alt is mó tábhacht don tráchtas seo tá: ‘Some placenames
of ancient Meath’ (Ó Muraíle 2003: 238-262); ‘Meath in the Book of Rights’ (Ó
Muraíle 2003: 72-85); ‘The topography of Betha Colmáin’ (Ó Muraíle 2003: 263-
273), agus ‘Cnoc Aiste, Co. Westmeath’ (Ó Muraíle 2003: 279-283).
Chuir Liam Cox Placenames of Westmeath: The Baronies of Clonlonan and
Kilkenny West amach i 1994. Phléigh sé ainmneacha bailte fearainn Chill Chainnigh
Thiar agus Chluain Lonáin, chomh maith le roinnt ainmneacha eile ó na barúntachtaí
sin. B’ionann scóip a leabhair, mórán, agus scóip an tráchtais seo. Saothar thar a
4 = Nuachabháil 5 = Ardnacrany North & Ardnacrany South i bparóiste Nuachabhála. 6 Walsh (1957: xi).
Caibidil 1: Réamhrá
6
bheith easnamhach, éagothrom agus lochtach atá i leabhar Cox áfach, cé nach bhfuil
sé go hiomlán gan fiúntas. Is dócha gurb é an leas is mó a bhaineann leis ná an t-eolas
áitiúil a bhí ag Cox ar an gceantar thart ar a bhaile dúchais, An Móta, chomh maith
leis an tuiscint a bhí aige ar stair na gclann ba mhó cáil i mbarúntacht Chluain Lonáin:
muintir Mhig Amhalaí i mBaile Locha Luatha agus muintir Mhaoileachlainn i gCill
Chliathach, agus an saineolas a bhí aige ar na húinéirí talaimh nua a tháinig isteach
ina n-áit ó lár an 17ú haois ar aghaidh.
I measc na n-údar eile a scríobh ar, nó a luaigh, logainmneacha na hIarmhí i
bhfoilseacháin éagsúla thall is abhus áirítear T. S. Ó Máille (Muckanagh, Shurock,
Mackanrany srl.) agus Art Ó Maolfabhail (Tonlegee, An Grianán/Mount Temple) ach
go háirithe. Luann P. W. Joyce neart logainmneacha sa chontae, agus sa cheantar
staidéir, agus is fiú súil a chaitheamh ar Irish Names of Places (iml. I 1869; iml. II
1875) i gcónaí, cé go bhfuil sé go mór as dáta anois.7 Foinse luachmhar is ea na nótaí
a rinne foireann an Bhrainse Logainmneacha ar logainmneacha éagsúla sa chontae,
idir ainmneacha bailte poist agus ainmneacha bailte fearainn, tríd na blianta agus atá
ar fáil anois ar logainm.ie. Dhá shaothar atá riachtanach d’aon staidéar ar
logainmneacha na hÉireann is ea Onomasticon Goedelicum (1910) agus Foclóir
Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge (A, B, C-Ceall Fhursa agus Ceall Ghabhann-
Cláiríne) faoi seach. Cé gur minic a bhréagnaítear an t-ionannú a rinne Hogan ar
shuíomh logainmneacha san Onomasticon, agus gur crá croí córas na nod sa leabhar
sin, rachadh sé dian ar an taighdeoir logainmneacha leas a bhaint as na mór-fhoinsí
Gaeilge gan é. Is mór an chabhair an leagan cuardaigh de atá curtha ar fáil ar líne ag
LOCUS. Ní hionann agus an Onomasticon, áis thar a bheith iontaofa, so-úsáideach
agus cuimsitheach atá in Foclóir Stairiúil Áitainmneacha na Gaeilge (FSAG), ach ar
an drochuair níl ach na himleabhair a chlúdaíonn na logainmneacha a thosaíonn le A,
B agus cuid den litir C ar fáil go fóill. É sin ráite, luaitear thart ar 20 ainm baile
fearainn in FSAG a ionannaítear taobh istigh de cheantar staidéir an tráchtais seo,
chomh maith leis an uafás ainmneacha stairiúla agus ainmneacha ar mhionghnéithe
srl.
7 Rinneadh athchló ar Irish Names of Places in 1995 (De Búrca) agus cuireadh réamhrá nua leis. Sa réamhrá sin, luaitear an tuairim a chur Diarmuid Ó Murchadha (nach maireann) chun cinn i 1985, gur fiú os cionn nócha faoin gcéad de na mínithe atá ag Joyce i gcónaí.
Caibidil 1: Réamhrá
7
1.5 An Contae An t-aonú contae is fiche is mó in Éirinn, nó an t-aonú ceann déag is lú, ag brath ar
d’amharc-phointe, is ea Co. na hIarmhí. Tá an contae suite i dtuaisceart Chúige
Laighean, mórán i lár na tíre, idir abhantrach na Sionainne ar an taobh thiar, agus
abhantrach na Daoile/na Bóinne ar an taobh thoir. Ísealchríoch réchnocach atá sa
tírdhreach den chuid is mó; is é Mullaghmeen (258m) in oirthuaisceart an chontae an
pointe is airde, agus luíonn an chuid is mó den talamh idir 100 agus 150m. Tá
portaigh agus lochanna móra ar fud an chontae.
1.6 Meath na Gaeilge i gContae na hIarmhí
Is dócha gur thosaigh meath ag teacht ar úsáid na Gaeilge i gContae na hIarmhí ón
dara leath den 17ú haois ar aghaidh. Is mar seo a chuir Henry Piers síos in 1682 ar
theacht isteach an Bhéarla sa chontae:
All the youth of this age learn to speak English in their petty schools, the only good they learn there, nor is there any more appearance of the Irish cap, and mantle, or trowses, at least in these countries; and altho’ the language yet remains, it is nevertheless so adulterated, by the multidude of English words adopted to it, that it remains no where now in its purity… (Piers 108).
Ní réitíonn cuntas Piers go maith leis an bhfianaise eile atá againn ar staid na teanga
ag an am sin – caithfidh go raibh an Ghaeilge fós go mór i dtreis le linn aimsir Piers
mar bhí sí fós láidir go leor i gcodanna den chontae céad bliain i ndiaidh sin, ag
deireadh an 18ú haois. Duine de bhunadh na nua-ghall ab ea Piers8 – ní bheifí ag súil
le meon dearfach i leith na Gaeilge ó dhuine den chúlra sin. É sin ráite, caithfidh go
raibh eolas éigin ag Piers ar an teanga, agus tá dealramh air sin sna mínithe ar
logainmneacha a thugann sé tríd a leabhar agus ón litriú béarlaithe atá aige ar
ainmneacha, ar shloinnte, agus ar théarmaí Gaeilge, atá dílis go leor don
bhunfhuaimniú.
Bhí Pádraig Ó Fágáin den tuairim gur áit mhór Béarla An Muileann gCearr faoi
thús an 18ú haois déag:
Tá an chosúlacht air go raibh ainm amuigh ar an Muileann gCearr mar bhaile mór inar labhraíodh an Béarla go forleathan. Is suimiúil a thabhairt faoi deara san extravaganza úd “Pairlement Chlainne Tomáis”, a
8 Tháinig muintir Piers isteach sa tír sna 1560í agus fuair siad seilbh ar thailte Mhainistir Thriostarnaí (i mbarúntacht Uí Mhac gCuais) go gairid i ndiaidh sin (Moran 2000). Luann Moran chomh maith gur cuireadh Henry Piers (c. 1620†), seanathair Sir Henry, amach ar altramas le dream den sloinne Farrell san Iarmhí; rud a chuirfeadh leis an gcás go raibh eolas éigin ag Sir Henry Piers ar an nGaeilge.
Caibidil 1: Réamhrá
8
scríobhadh sa chéad leath den 17ú céad, gur fear ón Mhuileann gCearr (Dónall an Deannaigh, mac muilneora) a toghadh chun a bheith ina thoscaire ón “bPairlement” go dtí an Pápa toisc go raibh “teanga maith Béarla aige” (Ó Fágáin 1985: 141-142).
Bheadh sé intuigthe, agus láithreacht mhór ag arm agus údarás na Breataine sna bailte
móra, go leathnódh úsáid an Bhéarla amach astu go dtí na ceantair a bhí buailte leo;
ach is léir go bhfuil patrún eile le sonrú maidir le meath na Gaeilge i dtuaisceart
Chúige Laighean san 18ú haois; is é sin go raibh an Béarla ag scaipeadh aneas tríd an
gcúige, faoin tuath agus sna bailte:
1771-81 1801-11 1831-41
Tábla 1. Meastachán ar íosmhéid (céatadán) líon na gcainteoirí Gaeilge (Fitzgerald 1984).
Is léir ó na figiúirí a léirítear i dTábla 1. go raibh úsáid na Gaeilge ag dul i léig de réir
mar a chuathas ó dheas sa chúige, agus an Béarla ag treisiú leis de réir mar a chuathas
sa treo céanna. Íosmhéideanna atá sna figiúirí thuas, bunaithe ar anailís ar na figiúirí
do chumas sa Ghaeilge a tugadh sna daonáirimh ó 1851 ar aghaidh, i gcohóirt aoise
dheichbhliantúla - is é sin an cumas Gaeilge a bhí ag daoine a rugadh mar shampla
idir 1771-81 agus a bhí fós beo faoi aimsir an chéad daonáirimh inar áiríodh ceist faoi
chumas sa Ghaeilge, in 1851:
From what we know of the social conditions of different sections of the population, there is certainly no reason to believe that within any given area, such as a barony, the social conditions of the English-speaking population would have been less favourable than those of the Irish- speaking population. If anything the opposite is likely to have been the case, and a consequent higher mortality rate amongst Irish-speakers would have tended to reduce rather than increase the numbers of Irish- speakers relative to English-speakers especially in the higher age-groups. This lends weight to the suggestion that estimates for Irish-speaking in early youth derived by the methodology of this paper may be understated rather than overstated (Fitzgerald 1984: 123).
Is cinnte gur gannmheasanna atá sna figiúirí do chumas sa Ghaeilge i ndaonáirimh
1851, 1861 agus 1871. Tháinig ardú suntasach ar líon na gcainteoirí Gaeilge a áiríodh
in 1881; forás nach réiteodh leis an gclaonadh ginearálta ó thaobh cumais sa Ghaeilge
sa tír tríd an 19ú haois. Bhain an t-ardú seo, de réir dealraimh, le colún faoi leith a
Caibidil 1: Réamhrá
9
bheith curtha isteach don cheist ar chumas sa Ghaeilge - seachas í a bheith ceangailte
leis an gceist ar chumas oideachais, mar fhonóta, mar a bhí go dtí sin (Ó Fágáin 1985:
143-144). Rud eile a laghdódh na figiúirí i gceantair ina raibh úsáid na Gaeilge lag go
leor sa tréimhse i ndiaidh an Ghorta Mhóir, ná go bhféadfadh duine a tógadh le
Gaeilge a chumas sa teanga a chailleadh in imeacht a s(h)aoil féin; is é sin nuair nár
bhain cumas sa Ghaeilge ach le haoisghrúpaí faoi leith - na haoisghrúpaí ba shine -
gur éirigh na daoine sin as úsáid ghníomhach na teanga ar bhonn praiticiúil, agus gur
chaill siad a gcumas sa teanga dá bharr sin.9
Tríd is tríd, más amhlaidh a tógadh le Gaeilge ar a laghad 17% de na daoine a
rugadh idir 1771-81 agus a mhair go 1851 i gContae na hIarmhí (agus na fachtóirí a
pléadh thuas san áireamh, caithfidh go bhfuil an figiúr sin ró-íseal; ach ní thig linn a
bheith cinnte cé mhéad níos airde ná sin a bhí sé), is mór an seans go raibh Gaeilge ag
formhór an phobail (na haoisghrúpaí ar fad) ag dul isteach sa 19ú haois, agus gur
tháinig titim ghasta ar chumas sa teanga idir 1800 agus aimsir an Ghorta Mhóir, de
réir mar a tháinig na glúnta nár tógadh le Gaeilge chun cinn.
1.6.1 Meath na Gaeilge i mBarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin
Fig. 2. Meastacháin ar íosmhéid líon na gcainteoirí 1771-81 (Fitzgerald 1984).
9 ‘Paddy Brogan, who lives very near Lynn old Church [trí chiliméadar ó dheas ón Muileann gCearr], and who says, Irish was the first language he spoke, and that he forgot it through the constant habit of speaking English.’ LSO (IM) II, 42.
Caibidil 1: Réamhrá
10
Feicimid mórán an patrún céanna maidir le cumas sa Ghaeilge san 18ú/19ú haois
agus a taispeánadh faoin gcontae go ginearálta sa mhír thuas: go raibh an Béarla ag
éirí níos treise de réir mar a chuathas ó dheas agus níos faide i gcéin ó na ceantair ina
raibh an teanga in úsáid go forleathan (i gcás na mbarúntachtaí seo, Co. Ros Comáin
agus oirthear Chonnacht a bhí i gceist). Toisc barúntacht Bhreámhaine a bheith
comhtheagmhálach le Cill Chainnigh Thiar agus Cluain Lonáin, agus timpeallaithe ar
gach taobh leo, seachas an taobh thiar (feach fig. 2), socraíodh é a chur san áireamh
sa tábla (tábla 2.) thíos. Is díol suntais an chodarsnacht idir na figiúirí do
Bhreámhaine agus na figúirí do Chluain Lonáin. Mar Tábla 1, liostaítear na ceantair
(barúntachtaí) ag dul ón tuaisceart go dtí an deisceart:
1771-81 1801-11 1831-41
Tábla 2. Meastachán ar íosmhéid (céatadán) líon na gcainteoirí Gaeilge (Fitzgerald 1984).
Tá Art Ó Maolfabhail den tuairim (1974: 69) gur stopadh de a bheith ag
cumadh logainmneacha (mionainmneacha) i nGaeilge sa dara leath den 18ú haois i
mórán gach ceantar sa tír cé is moite de na ceantair inar mhair an Ghaeilge go láidir
go dtí lár an 19ú haois. Réitíonn an tuairim seo go maith leis an bhfianaise ar úsáid
agus ar chumas sa Ghaeilge do chontaetha ar nós na hIarmhí a pléadh thuas – titim
thubaisteach ó thús an 19ú haois go dtí aimsir an Ghorta Mhóir. Is dócha gur chaill an
teanga feidhmeanna ar nós ainmniú áiteanna go luath sa phróiseas sin, de réir mar a
chúlaigh sí mar theanga phobail, am éigin san 18ú haois. Tá roinnt samplaí de
logainmneacha déanacha Gaeilge agus de leaganacha malarta Gaeilge ar ainmneacha
Béarla ón 18ú haois sa cheantar staidéir. Féach léitheidí Cappaghauneen > Ceapach
Aithnín; Belville > lug na neantaigh; Oldtown or Pudding Street > sraid na bputóg;
Deerpark > Pairc Chloiche, Forty Acres > dá fhichiot acar a luaitear san AL i bpeann
luaidhe (pl.). 10 Is minic a chuir an Donnabhánach ‘local Irish name’ ar na
hainmneacha seo san AL; is dócha gur bhailigh sé iad ó sheandaoine a rugadh agus a
10 Is iad foirmeacha a breacadh ó chainteoirí Gaeilge áitiúla a scríobhadh in pl. in ainmleabhair (AL) na Suirbhéireachta Ordanáis (SO) de ghnáth.
Caibidil 1: Réamhrá
11
tógadh nuair a bhí an oiread tábhachta agus tionchair ag an nGaeilge i measc an
phobail gur ceapadh leaganacha Gaeilge ar ainmneacha de bhunús an Bhéarla ar nós
Deerpark > Pairc Chloiche (Is mór an seans gur tógadh an Deerpark seo thart ar 1745,
nuair a tógadh an teach mór lenar bhain sé (English 1973).
Is cosúil go raibh ainmneacha Gaeilge déanacha den sórt seo ar eolas ag na
cainteoirí Gaeilge a bhí fós i mbarúntachtaí Chill Chainnigh Thiar agus Cluain
Lonáin faoi aimsir an Donnabhánaigh (c. 1837/8); is ag seandaoine amháin a bhí an
teanga san Iarmhí de ghnáth faoin am sin, i bhfianaise an Donnabhánaigh (LSO (IM)
137); is dócha go léiríonn sin go raibh an Ghaeilge bisiúil go leor le linn óige na
glúine sin, is é sin sa dara leath den 18ú haois. Is fiú a lua anseo nár mhair na
hainmneacha Gaeilge a luaigh mé thuas; d’imigh siad as cuimhne le himeacht na
teanga, ach amháin leithéid Cappaghauneen > Ceapach Aithnín a mhair, is mór an
seans, toisc go ndearnadh ainm ar aonad riaracháin buan as mar chuid den
tSuirbhéireacht Ordanáis. Léiríonn sin an tábhacht a bhain leis an suirbhé sin, mar is
annamh a mhaireann logainmneacha níos mó ná cúpla glúin nuair nach mbíonn stádas
oifigiúil de shaghas éigin acu.
In ainneoin an chuntais a thugann an Donnabhánach ar an teanga a bheith ar
an dé deiridh sa chontae sna 1830í (LSO (IM) 137), léiríonn scagadh ar
dhaonáireamh 1901 go raibh 60-80 cainteoir dúchais scaipthe ar fud an chontae;11
daoine iad seo a rugadh agus a tógadh san Iarmhí, le Gaeilge, agus a bhí fós beo i
1901. Is cosúil gur mhair an teanga i measc grúpaí nó aicmí faoi leith, i ndiaidh di
imeacht as mar theanga phobail. Ach is dócha, fiú agus dornán Gaeilgeoirí ann mar
Oisíní i ndiaidh na Féinne faoi thús an 20ú haois, gur bhain feidhmeanna ar nós
ainmniú áiteanna agus gnéithe leis an teanga a bhí ag formhór an phobail, leis an
teanga a glacadh go forleathan – an Béarla. Feictear an próiseas seo (géilleadh na
mionteanga don mhórtheanga i gcás feidhmeanna agus réimsí a bhaineann leis an
bpobal i gcoiteann) i nGaeltachtaí an lae inniu leis an tairseach idir catagóir A agus B
(Ó Giollagáin & Mac Donnacha 2007). 12 Cé nach ionann ina iomlán na cúinsí
11 Ach dáileadh níos dlúithe acu in oirthear an chontae gar do shean-Ghaeltacht na Mí, agus in iarthar an chontae thart ar Bhaile Átha Luain, atá díreach buailte le deisceart Ros Comáin, ceantar inar mhair corrchainteoir Gaeilge do dtí na 1950í. 12 Is ionann 67% den phobal [an tairseach do cheantar Gaeltachta i gcatagóir A] a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus tairseach chinniúnach theangeolaíoch. Léirítear san anailís a rinneadh sa phríomhthuarascáil (féach Caibidlí 3 agus 6) go dtagann laghdú tobann ar úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail nuair a thiteann líon na gcainteoirí laethúla i gceantar faoi bhun na tairsí seo (Ó Giollagáin & Mac Donnacha 2007: 17).
Caibidil 1: Réamhrá
12
sochtheangeolaíochta atá ag obair ar Ghaeltachtaí an lae inniu agus na cinn a d’imir
tionchar ar iarghaeltachtaí ar nós na hIarmhí san 18ú/19ú haois, is cinnte go bhfuil
comhchosúlachtaí idir an dá chás. Is cosúil, i bhfianaise na n-ainmneacha a luadh
thuas (Cappaghauneen > Ceapach Aithnín srl. – féach lch. 10-11), gur éiríodh as
logainmneacha úra Gaeilge a chumadh i lár an 18ú haois, nó sa dara leath di, ar a
dhéanaí, sa cheantar staidéir. Níl aon tagairt d’aon cheann de na hainmneacha seo
níos luaithe ná an bhliain 1808 – agus is san AL amháin a luaitear a bhformhór. Más
ea gur féidir comparáid slán a dhéanamh idir córas catagóire Uí Ghiollagáin (Ó
Giollagáin & Mac Donnacha 2007) ar Ghaeltachtaí an lae inniu (A = 67% den phobal
ina gcainteoirí gníomhacha; B = 44-66%; C = < 44%) agus Co. na hIarmhí san
18ú/19ú haois, caithfidh gur am éigin sa dara leath den 18ú haois a shleamhnaigh an
Ghaeilge faoi bhun na tairsí13 a leagtar síos do Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge mar
theanga an phobail (catagóir A > 67% ina gcainteoirí gníomhacha) sa cheantar
staidéir – is beag feidhm don phobal a bheadh ag logainm úr i nGaeilge ón bpointe
seo amach.
1.7 Canúintí Stairiúla - Gnéithe Canúna sna Logainmneacha Faoin am gur cuireadh suim arís i gcúrsaí Gaeilge (aimsir na hathbheochana) sa tír i
gcoitinne, is beag den teanga a bhí fágtha i gcuid mhór de Chúige Laighean. Agus an
chuid bheag sin, is i bhfolach i mbailte fearainn iargúlta anseo is ansiúd a bhí sí go
minic, ag glúin a raibh dearmad déanta ag an saol mór orthu - taobh amuigh b’fhéidir
de chuid bheag de Cho. Lú. Ní haon ionadh mar sin gur ar chósta thuaidh, thiar, theas
na hÉireann is mó a dhírigh scoláirí stair na Gaeilge a gcuid airde le céad bliain anuas,
os ansin a bhí, agus atá go pointe áirithe, flúirseach na fianaise ar an teanga. Fágann
sin bearna mhór san eolas atá againn ar dháileadh stairiúil chanúintí na Gaeilge sa tír.
Níl aon leigheas ar seo ach mionstaidéar a dhéanamh ar rianta scáinte na teanga i
leithéidí liostaí focal, cuntas béaloidis; fianaise ó lámhscríbhinní déanacha (más ann
dóibh), an chaint loganta nádúrtha, agus ar ndóigh, sna logainmneacha – idir
ainmneacha bailte fearainn agus mhionainmneacha. Obair thuirsiúil. An buntáiste is
mó a bhaineann le fianaise ó logainmneacha don chanúineolaí is ea an dáileadh
13 Catagóir A > 67% ina gcainteoirí gníomhacha agus ‘seasmhacht áirithe le sonrú ar an bpatrún úsáide Gaeilge sna rannóga aoise ar fad, cé is moite d’iompar teanga na n-óg’ (Ó Giollagáin & Mac Donnacha 2007: 17).
Caibidil 1: Réamhrá
13
uilíoch atá acu; amhail is gur féidir comparáid slán a dhéanamh idir gnéithe den
teanga a thagann chun solais i logainmneacha ceantair amháin le forbairtí i gceantair
eile go héasca. Tá deacrachtaí móra ag baint le gnéithe canúna a aithint i dtéacsanna ó
na meánaoiseanna, agus ar an ábhar sin is beag an t-eolas atá againn ar an mbunús
stairiúil atá ag canúintí na Gaeilge. Is minic foirmeacha calctha den teanga a bheith
caomhnaithe i logainmneacha agus dáileadh ar leith a bheith ag eilimintí áirithe. Tá
fiúntas nach beag ag an bhfianaise seo don tuiscint atá againn ar chúrsaí canúna sa
Mheán-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge mar sin (Murray 2005).
Is ar éigean atá aon staidéar críochnúil déanta ar an gcanúint (nó ar na
canúintí?) a labhraíodh i gCo. na hIarmhí go dtí seo. Ní chuige sin an tráchtas seo ach
oiread, ach nochtaítear roinnt fhianaise i leith na canúna mar sin féin, agus is fiú cuid
den fhianaise sin a phlé anseo.
Is iad Donn Piatt agus Séamas Ó Saothraí an t-aon bheirt a scríobh go sonrach
ar an gceist seo. Bhí Piatt pósta le bean as Ráth Fhearna in oirthear an chontae, agus
is uaithi siúd a fuair sé an liosta focal a d’fhoilsigh sé in An tUltach i 1935. Bhí an
méid seo le rá aige faoin gcanúint:
BÉIM GHOTHA[:] Béim Chúige Uladh i gcomhnaidhe ach amháin ‘sa bhfocal “muchóirighe” bhfuil an bhéim ar an dara siolla. FUAIMEANNA- Bíonn “án” agus “óg” fada go maith. “Gabhar” – fuaim Chonnachta [sic] ’s na Mumhan a bhí ag máthair mo mhná; i gCill Dealga, Conndae na Midhe, a tógadh í, ach chuala mo bhean “gór” .i. an tuaim [fhuaim?] Ultach ó shean-bhean as “Cluain Ámh” (?) 14 ar theorainn Chonndae Chill Dara. (Piatt 1935: 7).
Thacaigh Séamus Ó Saothraí, arbh as Cloonagh/Cluanach, gar do Bhéal Átha na
nGabhar dó, leis an nóisean seo gur le Gaeilge Uladh a luigh Gaeilge na hIarmhí:
‘Dhealródh sé gur foghraíocht Chúige Uladh a bhí sa taobh sin tíre. Is cosúil gur mhar
a chéile mórán Gaeilge na Mí, na hIarmhí, Lú agus Dheisceart Ard Macha’ (Ó
Saothraí 1969: 18). Tá fianaise ar an tionchar Ultach i logainm óna cheantar féin ar
ndóigh: Baile na nGabhar/Ballynagore. Luann sé trí abairt Gaeilge a bhailigh sé ó
bhean ina bhaile fearainn féin:
‘Á, ‘Mhuir ’s trú!’, ‘Maith a brath, a ghrá!’ agus ‘Chugat a’ taibhse dubh!’ … An bhean a fuair mé uaithi iad, tá foghraíocht Ultach go soiléir
14 Tá baile fearainn Clonava/Cluain Ámha san Iarmhí ach is idtuaisceart an Chontae atá sé, ar bhruach Loch Dairbhreach (BLÉ 51930). Níl aon teorainn le Co. Chill Dara ag an Iarmhí. Tá seans gur Cloncrave, baile fearainn gar do Chionn Átha Gad i mbarúntacht Fhir Bhile a bhí i gceist.
Caibidil 1: Réamhrá
14
aici ar an tríú ceann: ‘Chugad a’ teibhsi duth!’ a deir sí. Óna seanathair, a fuair bás thart ar an mbliain 1915, a fuair sise an abairt. D’inis seisean di gur Gaeilge a labhraíodh sé leis na hUltaigh in Albain, nuair a bhí sé ag obair sa tír sin i dtús a shaoil … Ní miste a rá gur c-séimhithe Chúige Uladh atá san Iarmhí chomh maith – ag Cineál Éanna agus Cineál Fhiachach, go háirithe. (Ó Saothraí 1969: 19).
Dá méid den cheart is a bhí ag Ó Saothraí faoina cheantar féin is fánach an fhianaise a
thugann sé (taobh amuigh d’ábhar Piatt, a bhain leis an taobh céanna den chontae,
den chuid is mó) i leith codanna eile den chontae, agus is ar éigean a bhí níos mó ná
cuid bheag den scéal aige nuair a mhaígh sé gur le canúint oirdheisceart Uladh a luigh
an teanga san Iarmhí. Díreach chun an pointe seo a léiriú is fiú breathnú ar an ainm
baile fearainn Culleenagower/Coillín na nGabhar i bparóiste Chill Mhancháin,
barúntacht Cluain Lonáin; ‘Made gore in Ulster but it [is] pronounced gour here’
(AL). Fuaimnítear é mar »kul'in' ´«gaur go háitiúil anois. Is i gcanuintí na
Mumhan agus Chonnacht a fhaightear leithéid gabhar ráite mar gaur de ghnáth. Tá
fianaise eile ar an bhfuaimniú seo san ainm Bunown/Bun Abhann, i bparóiste Bhun
Abhann, barúntacht Chill Chainnigh Thiar; ‘owen is here and all through the Kings
Co. pronounced oun the ou like the ou in the English word ounce’ (AL). Is é
»bun«aun an fuaimniú áitiúil comhaimseartha.
Ós rud é gur luaigh an Donnabhánach an fuaimniú céanna ar –abh a bheith ar
fáil ‘all through the Kings Co.’ (AL) is ceart plé a dhéanamh ag an bpointe seo ar
obair pháirce Nicholas Williams (1998) i leith iar-chanúintí Co. Uíbh Fhailí; agus an
pictiúr ginearálta den teanga i dtuaisceart Laighean atá tarraingte aige bunaithe ar an
bhfianaise sin agus ar fhoinsí eile (Williams 1994). Is le Gaeilge oirthear Chonnacht a
luigh Gaeilge Uíbh Fhailí (taobh amuigh de dhá bharúntacht in Éile i ndeisceart an
chontae – dúiche a bhí mar chuid de Chúige Mumhan go stairiúil), ach tá fianaise ar
ghnéithe de Ghaeilge oirthear Uladh tríd an gcanúint chomh maith (Williams 1998):
Offaly Irish resembles east Galway in its retention of the historic short vowel before long sonants: cam, poll, dall etc. In the treatment of the final unstressed syllables in -(e)amh, -(a)igh), -(e)adh, etc. the Irish of Offaly agrees largely with east Galway … Among other features reminiscent of Connaught one can mention nasalisation after san ‘in the’, toidheacht as verbal noun of tigim ‘come’, the futures in -e(ó)- and the word crúóg. Perhaps the most striking characteristic of the Irish of Offaly is the large number of apparently Oriel and Ulster features to be found it. Among
Caibidil 1: Réamhrá
15
such one can cite –ach > -a, lowering of long ó to á … (Williams 1998: 571).
Creideann Williams gur aon mhórchanúint amháin a labhraíodh ar fud Chúige
Chonnacht agus Cúige Laighean tráth; ach fo-chanúintí a bhí éagsúil go leor óna
chéile a bheith scaipthe tríd an limistéar fairsing sin. Gaeilge Gháileoneach a
chuireann sé ar an mórchanúint seo; ach is fearr, i mo thuairim, an téarma seo a
sheachaint.15 Is leor a rá go raibh cuid mhór i gcoitinne idir na canúintí a labhraíodh i
gCúige Chonnacht agus na canúintí a labhraíodh i gCúige Laighean (cé is moite de
Lú, an Mhí agus Osraí). Taobh istigh de chanúint Laighean déanann Williams
idirdhealú idir Contaetha Chill Dara, BÁC, Chill Mhantáin agus Cheatharlach ina
bhfuil roinnt tréithe de Ghaeilge na Mumhan le sonrú, agus deisceart Co. an Longfoirt,
an Iarmhí agus an chuid is mó d’Uíbh Fhailí, ceantair inar labhraíodh canúint a bhí
an-chosúil le Gaeilge oirthear Chonnacht (Williams 1994 & 1998).
Tá roinnt fhianaise i measc foirmeacha an 276 ainm baile fearainn a
scrúdaíodh sa tráchtas seo a thacaíonn le Williams. Is fiú fianaise ó mhionainmneacha
a bailíodh le linn obair pháirce don tráchtas a chur san áireamh anseo chomh maith.
Tá fianaise ar an athrú gn- > gr- san ainm Creevenamanagh/Gníomh na Manach,
baile fearainn atá i bparóiste Chill Chainnigh Thiar. Féach na foirmeacha ?Gryeve na
managh O’Rahilly 1551; Creenamanach TAB 1823; Crievenamonagh AL: BS 1837;
crí na manach AL: pl. 1837, ach go háirithe. Tá neart fianaise ar an athru cn- > cr- i
mionainmneacha: Crocan Ruad, Crockan sa bhaile fearainn Muckinagh ar bhruach
Loch Rí (BNS Ballynacliffy NS 144), ach luann an fhoinse chéanna Cnoc Faire
chomh maith (BNS Ballynacliffy NS 147). Bhailigh mé féin »kruk > cnoc (J.
Hackett) in Ballynakill, baile fearainn atá díreach buailte le teorainn Uíbh Fhailí i
bparóiste Chill Chliathach, agus »kruk«An > cnocán (A. Walsh) in Doonis, baile
fearainn atá g