23
1 An Teist Aistrithe Teist Ilrogha Gaeilge Teist Chleachtaithe Páipéar 44 Fad Ama: 50 bomaite

Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

  • Upload
    others

  • View
    5

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

1

An Teist Aistrithe

Teist Ilrogha Gaeilge

Teist Chleachtaithe

Páipéar 44

Fad Ama: 50 bomaite

Page 2: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

2

Intreoir Tá scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta ann ó chineálacha difriúla leabhar. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe astu. Cuirfear ceisteanna ort maidir leis na sleachta féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta. De réir mar a oibríonn tú tríd an leabhar déan tagairt don Ghluais agus don Chlár am ar bith a ba mhaith leat.

Clár leathanach Scoil an Chnoic 3 Dinnéir Scoile 8 An Cuilghaiste Véineas 9 Loch Nis 14 An dTig leat Bréag a Rá? 15 Ceisteanna Ginearálta 20 Gluais 21 Leabharliosta 21 Innéacs 21

Page 3: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

3

Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

Scoil an Chnoic

Ní raibh sí cosúil le scoil ar bith eile sa mhéid is go raibh sí 1000 méadar os

cionn thithe na ndaltaí a bhí ag freastal ar an scoil. Baile measartha beag a bhí

i mBaile an Chnoic agus bhí an cnoc suntasach seo díreach i lár an bhaile. Ar

bharr an chnoic a bhí Scoil an Chnoic. Bhí an scoil le feiceáil ó gach áit sa

bhaile agus ar an dóigh chéanna bhí radharc iontach ón scoil ar an bhaile ar

fad.

Mar is eol dúinn, bíonn an t-aer iontach tanaí ag barr cnoc agus sléibhte

agus chuaigh seo i bhfeidhm go mór ar na daoine a chaith níos mó ama san áit

ná mar ba chóir. Bhíodh sé ina throid go minic idir dochtúirí an bhaile, a dúirt

nach raibh an scoil maith do shláinte na bpáistí, agus polaiteoirí an bhaile, a

dúirt go mbeadh sé róchostasach scoil úr a thógáil. Ach sa bhliain 2006 bhí

cuma air sa deireadh go mbainfeadh na dochtúirí. Tharla eachtraí sa bhliain

seo a d’athraigh intinn gach duine a shíl go raibh an scoil ina rud maith. (Agus a

chruthaigh gach rud a shíl na dochtúirí roimhe seo.)

Bhí Seán Ó Seáin 9 mbliana d’aois. Rugadh agus tógadh é (9 mbliana de

thógáil go dtí seo) i mBaile an Chnoic. Ar ndóigh, dála gach páiste eile sa

bhaile, bhí Seán ag freastal ar Scoil an Chnoic. Bhí saol iontach sona ag Seán

go dtí seo, cé gur shíl sé go raibh cúrsaí sa scoil rud beag aisteach, ach níor

chuir seo isteach nó amach air nó bhí sé go hiomlán cleachta leis.

Anois, gasúr stuama go maith a bhí i Seán agus bhí intinn láidir aige. Ní

raibh sé go hiontach ag an mhata agus ní raibh sé sa ghrúpa is airde sa rang

ach bhí intinn láidir aige agus tá sé sin ar an rud is tábhachtaí den iomlán.

Ar nós gach páiste eile i mBaile an Chnoic, b’éigean do Sheán an teach a

fhágáil gach maidin ar 7.30 le bheith sa scoil roimh a 9.00. Ní hé go raibh an

turas fada ach bhí an bóthar chomh crochta sin go raibh rópa taobh leis agus go

raibh ar na páistí iad féin a tharraingt cuid mhaith den bhealach. Tríd is tríd, bhí

an turas fadálach.

Thosaigh an lá ar an ghnáthdhóigh. Bhí na páistí cosúil le páistí i scoil ar

bith agus na múinteoirí chomh normálta agus a thig le múinteoirí a bheith.

1

5

10

15

20

25

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 4: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

4

(Taobh amuigh de chúpla duine acu nach raibh ar dhóigh ar bith normálta, ach

tá barúil agam go mbíonn daoine mar sin i ngach scoil).

Bhíodh tionól sa halla gach maidin, áit ar cheol gach duine amhrán na scoile.

Anois, tá daoine ann a chreideann gur maith an rud é aclaíocht a dhéanamh an

chéad rud ar maidin, nó gur chóir bricfeasta mór a ithe leis an inchinn a

spreagadh agus a mhúscailt; ach i Scoil an Chnoic chreid siad gur fearr i bhfad

seasamh le chéile agus amhrán na scoile a cheol.

Chreid siad go spreagfadh sé an bród agus an dílseacht don scoil ach a

mhalairt ar fad a bhí fíor. Bhí na páistí chomh tiubh dóite den amhrán sin nár

smaoinigh siad ar na focail ná ar an fhonn. Cheol siad é ar dhóigh chomh

drogallach sin nach spreagfadh siad damhán alla le gréasán a dhéanamh i

seomra lán cuileog.

Ó Scoil an Chnoic, an scoil is fearr,

Ar gach aon dóigh, tá an scoil thar barr.

Tá oideachas den scoth ar fáil

Ar fud an domhain tá clú is cáil,

Ar na daltaí seo atá cliste cóir,

A fhágtar cách amuigh sa tóir.

Bhí a leagan féin den amhrán ag na deartháireacha Daltún agus Mac

Suibhne agus cheol siad amach os ard é. Cheol siad: Cad é atá cearr in áit An

Scoil is Fearr agus cheol siad Tá rud éigin cearr in áit Tá an scoil thar barr. Níor

thug na múinteoirí riamh faoi deara cé go raibh seitgháire le cluinstin ag tús

gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile

de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

chuid is mó a dhéanadh siadsan.

An Luan a bhí ann, coicís roimh laethanta saoire an tsamhraidh. Bhí Seán Ó

Seáin ag an tionól mar is gnách, giorra anála air i ndiaidh a thurais, nuair a

fógraíodh den chéad uair é. An eachtra a d’athraigh gach rud.

30

35

40

45

50

55

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 5: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

5

Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.

Cad é an airde de Scoil an Chnoic? A 1000 méadar os cionn an talaimh

B 1000 méadar os cionn leibhéal na farraige

C 1000 méadar os cionn thithe na ndaltaí

D 1000 méadar ó bhun an chnoic

Cad é an bharúil a bhí ar dhochtúirí faoi Scoil an Chnoic? A gur chóir don mhúinteoir traenáil mar dhochtúir

B nach raibh sé maith do shláinte na bpáistí bheith chomh hard sin

C gur chóir heileacaptar a fháil leis na daltaí atá tinn a thógáil

D gur chóir otharlann a thógáil ag barr an chnoic

Cad é an bharúil a bhí ar na polaiteoirí faoi Scoil an Chnoic? A d’aontaigh siad leis na dochtúirí

B bheadh sé ródhaor scoil úr a thógáil

C gur chóir do gach duine an baile a fhágáil

D gur chóir heileacaptar a fháil leis na daltaí atá tinn a thógáil

Cén aois atá Seán? A 6 bhliain d’aois

B 7 mbliana d’aois

C 8 mbliana d’aois

D 9 mbliana d’aois

1

2

3

4

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 6: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

6

Cad é a bhí aisteach faoin dóigh a ndeachaigh na daltaí ar scoil?

A chuaigh siad ann in heileacaptar

B chuaigh traein caol díreach chuig an bharr

C bhí orthu iad féin a tharraingt cuid mhaith den bhealach le rópaí

D bhí orthu uilig siúl ann i mbeirteanna

Cad é a rinne na daltaí gach maidin sa Tionól? A cheol siad amhrán na scoile

B dúirt siad paidir

C fuair siad bricfeasta

D fuair siad teastais

Cad chuige a mbíonn seitgháire ann ag tús gach bliain nua nuair a chan siad amhrán na scoile? A ba ghnách le Seán na scéalta grinn a chuala sé thar an samhradh a rá le gach duine eile

B cheol an príomhoide go holc

C níor chuala na daltaí ón rang nua na focail athraithe riamh

D bhí an pianó as tiúin

Cé acu focal ón chúigiú paragraf a bhfuil an chiall is cóngaraí aige don fhocal ‘téad’? A fada

B crochta

C rópa

D bóthar

5

6

7

8

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 7: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

7

Cad is ciall leis an fhrása ‘giorra anála air’ ar líne 56? A bhí coinín mór ag análú air

B bhí sé ag ionanálú ach ní raibh sé ag análú amach

C ní raibh sé ag análú ar chóir ar bith

D bhí sé giota beag as anáil

Cé acu na briathra ar líne 37? A siad agus sé

B an agus don

C bród agus scoil

D chreid agus spreagfadh

9

10

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 8: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

8

Tá meancóga litrithe sa sliocht seo. Ar gach líne uimhrithe tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.

Dinnéir Scoile

Téann buntáistí mórra le dinnéar scoile a bheith agat in áit lón pacáilte gach lá. Tugann dinnéir scoile seans do dhatlaí béile the a bheith acu le linn an lae agus milsoeg bhlasta ina dhiaidh. Is maith an luach atá iontu chomh maith, cá mhéad bialann a dhíolann béile dhá chúrsa ar thart fá trí funt? Ní bhíonn ar thuismitheoirí na rudaí atá de dhíth do lón pacáilte a cheannach agus ní bhíonn orthu an t-am a chaitheamh ag déanamh capairí agus ag líonadh an bhosca lóin gach maidin roimh am scoile. Sábhálann dinnéir scoile airgead fosta mar ní chaithfidh tuismitheoirí bocsa lóin agus na bianna uilig atá de dhíth chun é a líonadh a cheannach. Is minic a bhíonn dinnéar scoile nís sláintiúla agus tugann sé an cothú ceart do phááistí a chuideoidh leo ar scoil.

11 A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

12

13

14

15

16

17

18

19

20

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 9: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

9

Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

An Cuilghaiste Véineas

Planda Feoiliteora

Fásann plandaí Cuilghaiste Véineas i gcréafóg dhroch-chothaitheach. Is planda

feoiliteora é mar gheall air seo, ciallaíonn sé sin go gcuireann sé leis an

bheagán cothaithe a fhaigheann sé ón chréafóg trí fheithidí a ithe agus a dhíleá.

Gnáthóg

Tig an Cuilghaiste Véineas a fháil i mbogaigh Chalifornia Thuaidh agus

Chalifornia Theas in iardheisceart na Stát Aontaithe. Is speiceas i gcontúirt é

mar tá a ghnáthóg á scrios. Is é is fáth leis sin ná go mbíonn sé ag fás ar

phortach a úsáidtear chun bruscar a dhumpáil agus de bharr gur iomaí duine a

thochlaíonn suas iad lena dtabhairt abhaile mar phlandaí tí.

Ceapadh

Tá na duilleoga den Chuilghaiste Véineas clúdaithe i ribí gruaige íogair darb

ainm ribí truicir. Tá trí ribe truicir ag gach planda ar gach taobh, sin sé ribe

truicir san iomlán. Glacann sé dhá spreagadh de ribe amháin ar an duilleog le

cur ar an phlanda druidim go docht, ag ceapadh feithidí idir na duilleoga ar insí.

Ní fheidhmíonn gach gaiste indibhidiúil ar an Chuilghaiste Véineas ach trí nó

ceithre huaire sula bhfeonn sí, athraíonn sí ina dath donn agus titeann sí as. I

ndiaidh don chreach bheith díleáite, osclaíonn an gaiste arís, réidh d’íospartach

eile.

Bia

Déanann na duilleoga séala aerdhíonach thart ar an íospartach. Ciallaíonn sé

sin go gcoinnítear istigh na leachta díleáite a úsáideann an planda leis na

feithidí a bhriseadh síos. Glacann sé thart fá 10 lá don Chuilghaiste Véineas le

feithid a dhíleá ina hiomláine. I ndiaidh dó a bhéile a bhriseadh síos, osclóidh

sé an gaiste arís. Is é an t-am is fearr le bia a cheapadh ná gach 10 lá agus

thig leis dul gan bhia ar bith le suas le dhá mhí.

1

5

10

15

20

25

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 10: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

10

Contúirt

Thig le cuid de na feithidí a itheann an Cuilghaiste Véineas é a mharú. Má

itheann feithid atá níos mó ná trian den ghaiste, thig leis an fheithid an planda a

mharú de bharr go bhfuil sé ró-dheacair ar an phlanda í a ithe.

Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.

Cén sórt créafóige ina mbíonn an chuilghaiste Véineas ag fás? A clábar

B créafóg atá deas-tirim

C créafóg dhroch-chothaitheach

D móin

Cad é atá aisteach faoin chuilghaiste Véineas? A ceapann sé agus itheann sé feithidí

B fásann sé go han-ard

C níl créafóg de dhíth air

D fásann sé níos mó sa gheimhreadh ná sa samhradh

Cén chuid den domhan a mbíonn an chuilghaiste Véineas ag fás inti? A Chile

B California

C Cúba

D Colóimb

21

22

23

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 11: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

11

Cad chuige a bhfuil an cuilghaiste Véineas i gcontúirt? A níl go leor cuileog ar an dhomhan dó

B bíonn daoine ag tógáil cuid mhór tithe sa ghnáthóg s’acu

C tá feithidí ag éirí rómhór agus tá siad ag marú na gcuilghaistí uilig

D tá an ghnáthóg s’acu á scrios le bruscar agus goideann daoine iad

Cad é a chlúdaíonn duilleoga an chuilghaiste? A féar

B leacht aerdhíonach

C feithidí

D ribí gruaige

Cá huair a osclaíonn an cuilghaiste arís i ndiaidh dó druidim isteach ar fheithid? A láithreach bonn

B i ndiaidh lá nó dhó

C i ndiaidh don chreach bheith díleáite

D má mhothaíonn sé go bhfuil an fheithid rómhór

Cá fhad a ghlacann sé ar an chuilghaiste feithid a dhíleá? A 2 lá

B 5 lá

C seachtain

D 10 lá

24

25

26

27

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 12: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

12

Cá fhad a thig leis an chuilghaiste dul sula mbíonn béile eile de dhíth air i ndiaidh dó feithid a ithe? A 2 lá

B 5 lá

C seachtain

D 2 mhí

Cad é a tharlaíonn má itheann an cuilghaiste feithid atá rómhór? A ligeann sé saor í

B faigheann sé bás

C éiríonn sé ramhar

D scaoileann sé suas í

Cé acu na réamhfhocail ón dara paragraf? A gur agus iad

B suas agus mar

C in agus ar

D a agus na

Cad é a chiallaíonn an focal ‘aerdhíonach’ ar líne 20? A gan aer a ligean isteach nó amach

B go dtéann an t-aer suas chuig an díon

C thig le haer teacht isteach ach ní thig leis dul amach

D fanann an t-aer thíos, cóngarach don talamh

28

29

30

31

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 13: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

13

Cén chuid den chaint é an focal ‘mar’ ar líne 7? A cónasc

B briathar

C forainm

D réamhfhocal

Cad is ciall leis an fhocal ‘íospartach’ ar líne 17? A duine nó rud a bhíonn thíos nó ag fulaingt mar gheall ar rud nó duine eile

B talamh atá iontach fliuch nó tais

C an chuid is ísle de phlanda

D rud nó duine a bhíonn ag seilg ar rudaí nó daoine eile

Cad iad na briathra ar líne 20? A séala agus íospartach

B na agus sé

C déanann agus ciallaíonn

D aerdhíonach agus duilleoga

32

33

34

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 14: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

14

Sa sliocht seo tá meancóga ann le ceannlitreacha agus poncaíochta. Ar gach líne uimhreacha tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.

Loch Nis

Is loch domhain in alban é Loch Nis. Tá sé suite ar scoilt ollmhór sa domhan a tharla na milliúin bliain ó shin nuair shleamhnaigh dhá phíosa mhóra talaimh óna chéile? Sa lá atá inniu tá cnoic ghlasa thart air agus tá caisleán ar a thaobh. Tá Loch Nis fada agus cúng agus tá an tuisce úr agus dorcha mar gheall ar an Mhóin atá istigh ann. Deir daoine go bhfuil ollphéist mhistéireach ina cónaí sa loch. Deir cuid “go bhfaca siad é agus tá cúpla grianghraf doiléir ann fosta. Is cinnte go bhfuil go leor spáis ann dá leithéid dainmhí nó tá sé mór go leor do theaghlach iomlán dollphéisteanna bheith ina gcónaí ann.

35 A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

36

37

38

39

40

41

42

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 15: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

15

Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

An dTig Leat Bréag a Rá?

An dtig leat amharc sna súile ar do mháthair agus bréag a rá léi? Gan gáire a

dhéanamh? Nó gan éirí neirbhíseach nó gan crith a bheith i do ghlór?

Má thig leat sin a dhéanamh, seans go bhfuil na scileanna agat le bheith i do

chleasaí. Bíonn cleasaithe ag brath ort iad a chreidiúint le go dtig leo bob a

bhualadh ort!

Tá go leor ainmneacha ar chleasaí – bobaire, cleasaí, falsaitheoir, caimiléir,

séitéir nó rógaire. Tá go leor focal eile ann chomh maith.

Ar fud an domhain, tháinig na cleasaithe ar dhóigheanna le hairgead a ghoid

ó dhaoine. Bíonn siad ag bráth ar dhaoine iad a chreidiúint. Is coirpigh iad na

daoine seo. Nuair atá muinín ag na daoine astu, tógann siad leo a gcuid airgid.

Bíonn siad ag brath ar dhaoine gan ceist a chur orthu.

Tá cleasaithe ann ó thús ama agus tá scéalta fúthu i ngach tír ar domhan.

Baineann daoine sult as na scéalta faoi na cleasaithe maithe a bhuaileann bob

ar dhrochdhaoine le saol níos fearr a fháil dóibh féin.

Is maith linn é nuair a éalaíonn an laoch ó dhainséar le cleas. Is deas linn é

nuair a fhaigheann cleasaí cliste an lámh in uachtar ar dhuine saibhir santach.

Bíonn dúil ag daoine sna laochra seo, ón leipreachán go dtí na scannáin is

déanaí ó Hollywood.

Ach tá cleasaithe eile ann chomh maith. Goideann siad airgead ó dhaoine

bochta. Thiocfadh leat bualadh leis na cleasaithe seo áit ar bith. Tugann siad

cuairt ar thithe agus buaileann siad bob ar dhaoine ionraice.

1

5

10

15

20

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 16: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

16

Is gadaithe iad na cleasaithe seo. Cluinimid faoi ghadaíocht ar dhaoine

saibhre sna scéalta. Ach, sa ghnáthshaol, úsáideann siad daoine bochta nó

daoine a bhfuil drochdhóigh orthu – daoine a chónaíonn leo féin nó seandaoine

a chuireann fáilte mhór roimh chuairteoirí.

Ar an drochuair, tugann na daoine seo an t-airgead a bhí acu i dtaisce do na

cleasaithe. Ní laochra iad na cleasaithe seo. San am a chuaigh thart, mar

shampla, cheannaigh daoine mianach óir – ach ní raibh mianach óir ann ar chor

ar bith. Sa lá atá inniu ann, tá cleasa ann a bhaineann leis an idirlíon, ach ní

cleasa nua iad seo. Is seanchleasa iad, i ndáiríre.

An bhfuil na súile ar oscailt agat? Nó an mbeifeá ábalta bob a aithint in am?

Nó an mbeifeá ábalta cleas a imirt ar dhrochdhuine? An dtig leat bréag a rá?

Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.

Cén cheist a chuireann an sliocht seo ag an tús? A An dtig leat bréag a chreidiúint?

B An dtig leat an fhírinne a chreidiúint?

C An dtig leat an fhírinne a rá?

D An dtig leat bréag a rá?

Cá mhéad focal a thugann an sliocht atá ar comchiall leis an fhocal ‘cleasaí’? A 2

B 3

C 4

D 5

43

44

25

30

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 17: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

17

Cad é, go príomha, a ba mhaith le cleasaithe a fháil ó dhaoine? A scéalta

B cairde

C leipreachán

D airgead

Cad é a dhéanann cleasaithe áirithe a fhágann gur daoine maithe iad? A goideann siad airgead ó dhaoine bochta

B éalaíonn siad le hairgead dhaoine bochta

C buaileann siad bob ar dhrochdhaoine

D oibríonn siad i mianach óir

Cad é a cheannaigh daoine san am a chuaigh thart a dhiol daoine chucu mar chleas? A an t-idirlíon

B mianach óir

C pota óir

D leipreachán

Cén áit a mbíonn cleasa ann go minic sa lá atá inniu ann? A ar an idirlíon

B mianach óir

C deireadh tuar cheatha

D i bpríosúin

45

46

47

48

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 18: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

18

Cé acu focal thíos ón 4ú paragraf a bhfuil an chiall is cóngaraí aige do ‘sciobadh’? A dhóigheanna

B chreidiúint

C ghoid

D muinín

Cén sórt focail é ‘neirbhíseach’ ar líne 2? A aimfhocal

B aidiacht

C briathar

D réamhfhocal

Cé acu focal ón 6ú paragraf a chiallaíonn go bhfuil cuid mhór airgid agat? A scannán

B éalaíonn

C saibhir

D déanaí

Cé acu focal ón chéad pharagraf a bhfuil an chiall chéanna aige le ‘guth’? A éirí

B ghlór

C rá

D chrith

49

50

51

52

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 19: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

19

Tugann an sliocht sampla de dhá chineál duine a bhfuil drochdhóigh orthu, is iad... A daoine a chónaíonn leo féin agus seandaoine

B coirpigh agus leipreacháin

C mianadóirí agus muintir Hollywood

D cuairteoirí agus laochra

Cé acu an chomhfhocal ón pharagraf deireanach? A mbeifeá

B aithint

C dhrochdhuine

D súile

Baineann paragraf 6 go príomha le A ainmneacha difriúla ar chleasaithe

B coirpigh a ghoideann airgead ó dhaoine bochta

C leipreacháin a sciobann pota óir

D cleasaithe maithe

54

55

53

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 20: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

20

Ceisteanna Ginearálta Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, seans go mbeidh ort smaoineamh ar na sleachta atá léite agat. Amharc siar orthu más gá. Amharc ar an Chlár fosta ag tús an leabhráin agus ag an Innéacs, Gluais agus Leabharliosta ag deireadh an leabhráin más gá.

Cén péire focal thíos a bhfuil an uimhir iolra cheart acu? A feara agus beana B fir agus mná C féir agus ban D fearaí agus beanaí Cé acu na focail a léiríonn an aimsir láithreach de ‘téigh’ agus ‘ól’? A téann / ólann B rachaidh / ólfaidh C chuaigh / d’ól D dul / ól Roghnaigh an focal nó an grúpa focal is fearr leis na habairtí thíos a chomhlánú sa dóigh is go bhfuil ciall leo. Marcáil an litir ar do leathanach freagraí Baineann Scoil an Chnoic le scoil / teach / siopa / oifig atá suite

ag barr cnoic. Cuireann an t-aer tiubh / úr / tanaí / glan isteach ar na daltaí a théann chuig an scoil. Síleann dochtúirí gur chóir an scoil a ghlanadh / phéinteáil / oscailt / dhruidim .

56

57

58

59

DEIREADH NA TEISTE

60

A B C D

A B C D

A B C D

Page 21: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

21

Gluais aerdhíonach gan aer a ligean isteach nó amach

bobaire duine a bhíonn ag bualadh bob ar dhaoine eile

bogach talamh fliuch, tais, mar phortach

caimiléir duine nach gcloíonn leis na rialacha i gcluichí

coirpeach duine a bhriseann an dlí

falsaitheoir duine a bhíonn ag iarraidh airgead a fháil ó dhaoine eile ar bhealach mí-ionraic

íogair mothallach, ag freagairt dá thimpeallacht

íospartach duine nó rud a bhíonn thíos nó ag fulaingt mar gheall ar rud nó duine eile

seitgháire gáire beag a dhéanann duine go ciúin nó go rúnda

Leabharliosta Jacqueline de Brún, Scoil an Chnoic, 2007

Teist Chleachta Gaeilge GL, Dinnéir Scoile, 2013

Teist Chleachta Gaeilge GL, An Cuilghaiste Véineas, 2013

Maureen Fleming, Mistéir Ollphéist Loch Nis, 1995

Catherine Johnson, Cleasaithe, 2009

Innéacs bia lth. 8

cleasaithe lth. 15

ollphéisteanna lth. 14

plandaí lth. 9

scoil lth. 3

Page 22: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

1

Teist Gaeilge 44

Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: A A A A A A A A A A

B B B B B B B B B B

C C C C C C C C C C

D D D D D D D D D D A A A A A A A A A A

B B B B B B B B B B

C C C C C C C C C C

D D D D D D D D D D

N N N N N N N N N N

A A A A A A A A A A

B B B B B B B B B B

C C C C C C C C C C

D D D D D D D D D D

A A A A

B B B B

C C C C

D D D D A A A A A A A A

B B B B B B B B

C C C C C C C C

D D D D D D D D

N N N N N N N N

A A A A A A A A A A

B B B B B B B B B B

C C C C C C C C C C

D D D D D D D D D D

A A A

B B B

C C C

D D D A A A A A

B B B B B

C C C C C

D D D D D

2 3 4 5 6 7 8 9 10 1

12 13 14 15 16 17 18 19 20 11

22 23 24 25 26 27 28 29 30 21

32 33 34 31

36 37 38 39 40 41 42 35

44 45 46 47 48 49 50 51 52 43

54 55 53

57 58 59 60 56

Page 23: Teist Ilrogha Gaeilge · gach bliana nuair a thosaigh rang nua ag bun na scoile. Ach bhí an chuid eile de na daltaí a bhí bréan de gach leagan den amhrán agus is méanfach den

2

Teist Gaeilge 44 - Freagraí

Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: A A A A A A A A A A

B B B B B B B B B B

C C C C C C C C C C

D D D D D D D D D D A A A A A A A A A A

B B B B B B B B B B

C C C C C C C C C C

D D D D D D D D D D

N N N N N N N N N N

A A A A A A A A A A

B B B B B B B B B B

C C C C C C C C C C

D D D D D D D D D D

A A A A

B B B B

C C C C

D D D D A A A A A A A A

B B B B B B B B

C C C C C C C C

D D D D D D D D

N N N N N N N N

A A A A A A A A A A

B B B B B B B B B B

C C C C C C C C C C

D D D D D D D D D D

A A A

B B B

C C C

D D D A A A A A

B B B B B

C C C C C

D D D D D

2 3 4 5 6 7 8 9 10 1

12 13 14 15 16 17 18 19 20 11

22 23 24 25 26 27 28 29 30 21

32 33 34 31

36 37 38 39 40 41 42 35

44 45 46 47 48 49 50 51 52 43

54 55 53

57 58 59 60 56