3
Súile Sláintiúla, Súile Sásta B íonn radharc do chuid súl ag athrú go mór agus go minic i rith do shaoil mar gheall ar chúiseanna éagsúla; aois, sláinte ginearálta, cothú, srl. Bíonn ar bhreis is 75% de dhaoine ar fud an domhain úsáid a bhaint as ceartúcháin radhairc ag pointe éigin ina saol. Méadaíonn an líon sin arís go breis is 90% i ndiaidh aois dhá scór, nuair a thosaíonn leaisteachas na súl ag laghdú go nádúrtha, agus nuair a bhíonn spéaclaí léitheoireachta ag teastáil. Mar is eol do chách, tá radharc na súl an-táb- hachtach, agus bíonn sé an-éasca aire a thabhairt de leis an eolas ceart. Mar sin, bíonn an rogha ceartúcháin radhairc tábhachtach freisin – is féidir dochar a dhéanamh le rogha nach n-oireann i gceart duit – agus tá sé tábhachtach ó thaobh costais de, agus ón taobh cosmaideach chomh maith. Anseo beimid ag plé na roghanna atá ar fáil i siopaí na radharceolaithe agus ag míniú conas aire a thabhairt do do chuid súl go laethúil. Lionsaí éagsúla Cabhróidh an radharceolaí leat agus tú ag roghnú lionsaí. Más spéaclaí léitheoireachta atá uait, nó más duine gearr-radharcach atá ionat, ní gá ach gnáth-lionsaí “radhairc singil” a fháil. Má bhíonn deacrachtaí agat leis an dhá rud, áfach, beidh dhá chineál spéaclaí ag teastáil uait. In ionad sin, le lionsaí speisialta áirithe, is féidir gach rud a chur le chéile i bpéire amháin: Délionsaí (Bifocals) Bíonn na lionsaí seo cosúil le do chuid spéaclaí gearr-radharcacha, ach amháin go mbíonn fuinneog bheag istigh iontu. Tá an fhuinneog seo ag an mbun ar fad agus tá an chumhacht lionsa léitheoireachta atá de dhíth ort istigh ann. Mar sin, is féidir breathnú ar an teilifís, agus ní gá ansin ach do chuid súl a chaitheamh aníos chun an “RTÉ Guide” a léamh gan fadhb! Cé go mbíonn an fhuinneog léitheoireachta feiceálach, agus í go han-bheag ar fad, bíonn sé éasca dul i dtaithí ar dhélionsaí. Bíonn siad níos áisiúla ná bheith ag aistriú idir dhá phéire spéaclaí an t-am go léir, agus bíonn siad níos saoire ná Lionsaí Céimnitheacha (Varifocals). Lionsaí Céimnitheacha (Varifocals) Tá na lionsaí seo cosúil le délionsaí, ach níl deighilt ar bith ann. Bíonn siad grádaithe go mín ó bhun go barr, le meascán idir an dá rud sa lár. Mar sin, bíonn tú in ann obair i ngar duit tríd an mbun, comharthaí bóithre a léamh tríd an mbarr, agus an ríomhaire a úsáid leis an meán- lionsa sa lár. Bíonn na lionsaí seo oiriúnach dóibh siúd a bhíonn ag brath go mór ar a gcuid spéaclaí an t-am ar fad. Tar éis dul i dtaithí orthu, bíonn radharc súl i bhfad níos nádúrtha agat leo ná le délionsaí, nó le dhá phéire éagsúla. Ag Roghnú Frámaí Ní rud éasca é a bheith ag roghnú frámaí duit féin. Caith am ag baint triail as stíleanna éagsúla agus faigh spéaclaí lena mbeidh tú sásta. Tá fráma éigin ann do gach duine. Bíonn sé níos éasca arís má bheireann tú cara leat. Seo cúpla treoirlínte bunúsacha le cabhrú leat: Ná bí ag súil go bhfaighidh tú péire a bheidh dofheicthe. Tosóidh tú á gcaitheamh i bhfad níos minice má thaitníonn siad leat. Ná téigh leis an bhfaisean riamh. Faigh rud a oireann duitse agus do d’aghaidh agus do dhath do chuid gruaige.

Suile Slaintiula

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Extract from Tairseach magazine

Citation preview

Page 1: Suile Slaintiula

SSúúiillee SSllááiinnttiiúúllaa,,SSúúiillee SSáássttaaBíonn radharc do chuid súl ag athrú go mór

agus go minic i rith do shaoil mar gheall archúiseanna éagsúla; aois, sláinte ginearálta,

cothú, srl. Bíonn ar bhreis is 75% de dhaoine ar fudan domhain úsáid a bhaint as ceartúcháin radhaircag pointe éigin ina saol. Méadaíonn an líon sin arísgo breis is 90% i ndiaidh aois dhá scór, nuair athosaíonn leaisteachas na súl ag laghdú gonádúrtha, agus nuair a bhíonn spéaclaíléitheoireachta ag teastáil.

Mar is eol do chách, tá radharc na súl an-táb-hachtach, agus bíonn sé an-éasca aire a thabhairtde leis an eolas ceart. Mar sin, bíonn an roghaceartúcháin radhairc tábhachtach freisin – is féidirdochar a dhéanamh le rogha nach n-oireann i gceartduit – agus tá sé tábhachtach ó thaobh costais de,agus ón taobh cosmaideach chomh maith.

Anseo beimid ag plé na roghanna atá ar fáil i siopaí na radharceolaithe agus agmíniú conas aire a thabhairt do do chuid súl go laethúil.

Lionsaí éagsúla Cabhróidh an radharceolaí leat

agus tú ag roghnú lionsaí. Másspéaclaí léitheoireachta atá uait, nómás duine gearr-radharcach atáionat, ní gá ach gnáth-lionsaí“radhairc singil” a fháil. Má bhíonndeacrachtaí agat leis an dhá rud,áfach, beidh dhá chineál spéaclaí agteastáil uait. In ionad sin, le lionsaí speisialtaáirithe, is féidir gach rud a chur lechéile i bpéire amháin:

Délionsaí (Bifocals) Bíonn na lionsaí seo cosúil le do

chuid spéaclaí gearr-radharcacha,ach amháin go mbíonn fuinneogbheag istigh iontu. Tá an fhuinneogseo ag an mbun ar fad agus tá anchumhacht lionsa léitheoireachta atáde dhíth ort istigh ann. Mar sin, isféidir breathnú ar an teilifís, agus nígá ansin ach do chuid súl achaitheamh aníos chun an “RTÉGuide” a léamh gan fadhb!

Cé go mbíonn an fhuinneogléitheoireachta feiceálach, agus í gohan-bheag ar fad, bíonn sé éasca duli dtaithí ar dhélionsaí. Bíonn siadníos áisiúla ná bheith ag aistriú idirdhá phéire spéaclaí an t-am go léir,agus bíonn siad níos saoire náLionsaí Céimnitheacha (Varifocals).

Lionsaí Céimnitheacha(Varifocals)Tá na lionsaí seo cosúil le

délionsaí, ach níl deighilt ar bith ann.Bíonn siad grádaithe go mín ó bhungo barr, le meascán idir an dá rud salár. Mar sin, bíonn tú in ann obair ingar duit tríd an mbun, comharthaíbóithre a léamh tríd an mbarr, agusan ríomhaire a úsáid leis an meán-lionsa sa lár.

Bíonn na lionsaí seo oiriúnachdóibh siúd a bhíonn ag brath go mórar a gcuid spéaclaí an t-am ar fad.Tar éis dul i dtaithí orthu, bíonnradharc súl i bhfad níos nádúrthaagat leo ná le délionsaí, nó le dháphéire éagsúla.

Ag Roghnú Frámaí Ní rud éasca é a bheith ag roghnúfrámaí duit féin. Caith am ag bainttriail as stíleanna éagsúla agus faighspéaclaí lena mbeidh tú sásta. Táfráma éigin ann do gach duine.Bíonn sé níos éasca arís mábheireann tú cara leat. Seo cúplatreoirlínte bunúsacha le cabhrú leat:

Ná bí ag súil go bhfaighidh tú péirea bheidh dofheicthe. Tosóidh tú ágcaitheamh i bhfad níos minice máthaitníonn siad leat. Ná téigh leis anbhfaisean riamh. Faigh rud a oireannduitse agus do d’aghaidh agus dodhath do chuid gruaige.

Page 2: Suile Slaintiula

Ná roghnaigh fráma atá níos airdená do mhalaí, atá ag suí ar do leicne(fiú agus meangadh gáire ort), nó atáníos leithne ná d’aghaidh ag nahuisinní. Bí cúramach go bhfuil an fráma fadago leor le dul taobh thiar den chluas.Is féidir na géige a chromadh, nó aghearradh fiú amháin, ach ní féidirriamh iad a dhéanamh níos faide!

An lionsa agus an fráma:Más duine gearr-radharcach atáionat, tá an rogha frámaí is leithneagat. Má tá lionsaí an-láidir de dhíthort, áfach, seachain frámaí atáleathan. Bíonn lionsaí chomh mór isatá siad láidir, agus bíonn lúb orthu.

Tá an pointe is tanaí ar do chuidlionsaí díreach sa lár agus éiríonnsiad níos tiubha ón bpointe sinamach. Le fráma atá ró-leathan,beidh tú fágtha le lionsaí atá uafásachtrom agus tiubh. Le fráma níos lú,bíonn na lionsaí níos lú, agus níoséadroma.

Más spéaclaí léitheoireachta atáuait, is gá a bheith beagáinín níoscúramaí ag roghnú frámaí. Bíonn anpointe is tiubha ar do chuid lionsaí salár, agus éiríonn siad níos tanaí, agusníos laige ó seo amach. Mar sin, bíonn stíleanna áirithe annnach mbeidh oiriúnach, cosúil le nacinn gan fráma ag an mbun, marshampla. Is fearr fráma iomlán aroghnú, a chlúdódh na lionsaí ó gachtaobh chun iad a chosaint ó bheithbriste go héasca.

Le délionsaí agus lionsaícéimnitheacha, is fearr frámaí a fháilina bhfuil go leor spás do do chuidlionsaí. Go háirithe le lionsaícéimnitheacha, faigh frámaí atá mór.Caithfidh dóthain spáis a bheith annidir bun agus barr an fhráma, le roinntspás faoi do chuid súl, ionas nachmbeadh na céimeanna éagsúla ró-chóngarach dá chéile. Bíonn sé níosdeacra ar do chuid súl dul i dtaithí arna lionsaí má tá siad ró-bheag.Tugann lionsaí móra níos mó spásduit chun rudaí a fheiceáil ar dochompord.

Oireann stíleanna éagsúla dognéithe gnúise éagsúla:Má tá srón fhada agat, faigh frámale “droichead” (an píosa idir nalionsaí) atá íseal ort. Más srón ghearratá agat, áfach, faigh fráma ledroichead atá níos airde.

Ar aghaidh chearnógach, le cláréadain mór agus giall leathan, is fearrfráma ciorclach i gcónaí, agusseachain rud ar bith atá tanaí, atáuilleach, nó atá ildaite ag an mbarr.Is fearr fráma atá cearnógach araghaidh chiorclach, mar go gcuirfidhfrámaí ciorclacha cuma níos ciorclaíar d’aghaidh.

Má tá aghaidh fhada agat, is fearrfrámaí atá níos leithne a chaitheamh.Seachain frámaí atá an-bheag nócearnógach go háirithe.

SSúúiillee SSllááiinnttiiúúllaa,, SSúúiillee SSáássttaa

Níl anseo achtreoirlínte, agus máthaitníonn rud éiginleat a bhriseann narialacha seo, téigh

leis! Is fútsa atá sé,is ortsa a mbeidís. Is

é an riail istábhachtaí ná;

faigh rud a mbeidh túsásta a chaitheamh.Seans go mbeidh na

frámaí seo agat arfeadh dhá bhliain nó

níos faide!

Page 3: Suile Slaintiula

Sláinte na SúlMolainn optaiméadraithe scrúdú súl

a fháil ar a laghad gach dara bliain,agus i gcásanna áirithe moltar scrúdúníos minice (má tá diaibéiteas agat,mar shampla). Moltar scrúdú breisebliantúil do dhaoine a chaitheannlionsaí tadhaill, nó b’fhéidir níosminice ag brath ar an sórt lionsa.Suíonn lionsaí tadhaill díreach ar doshúil agus, mar sin, bíonn an-bhaolann ionfhabhtú súl a fháil munadtugtar aire ceart dóibh. Le lionsaítadhaill bíonn seans níos mó gorachaidh baictéir ó do lámha nó ónlionsa isteach i do shúile.

Éist le treoracha na n-optaiméadraithe i gcónaí. Máchaitear lionsaí níos minice, nó thartréimhsí níos faide, ná atá mollta, níbhíonn an choirne in ann ocsaigine afháil. Mar sin, fásann an choirne acuid fuileadáin (blood vessels) féin,ach ba chóir don choirne i gcónaí abheith éasoithíoch (gan fuileadáin arbith).

Nuair a fásann na fuileadáin seothar na blianta, téann said trasna nagcoirne cosúil le craobhacha ag dulthar fhuinneog, agus bíonn do chuidradhairc laghdaithe go deo. Nílleighis nó obráid ar bith gur féidir afháil, agus ní glacfar leat mar iarrthóirle haghaidh máinliacht léasar súl(laser eye surgery) riamh ach oiread.

Maidir le lionsaí tadhaill acheannaítear ar líne, ní mholtarriamh é. Dar leis na h-optaiméadraithe, is smaoineamhuafásach é mar nach mbíonn tuairimdá laghad agat céard atá tú ag fáil,agus ní bhíonn iarchúram ar bith achoiread. Tá sé soiléir óna bhfuil ráitego dtí seo go bhfuil baoilshuntasacha ag baint le lionsaí, agusmuna gcaitheann tú i gceart iad, faoistiúradh na n-optaiméadraithe, níbheidh radharc agus sláinte do chuidsúl sábháilte.

Gach Lá…Bíonn an-bhrú ar do chuid súl,

agus déantar dochar dóibh gach lá.Críochnóimid anseo le cúpla pointítábhachtacha maidir le sláinte na súlgo laethúil.

Ná bí ag breathnú ar an teilifís (nóar an ríomhaire) sa dorchadas.Bíonn ar do mhac imrisc leathnúagus caolú ag an am céanna, rud achuireann brú air.

Ná bí ag cuimilt do chuid súl aniomarca. Déantar damáiste donchoirne go héasca, ach bíonn sé inann í féin a leigheasadh go tapaigh.Má bhíonn tú á gcuimilt go ró-mhinic,áfach, bíonn tú ag brú agus ag bo-gadh an coirne as cruth, gan deis athabhairt den phróiseas cneasú.

Má bhíonn tú ag obair in oifig, nóag obair le ríomhaire sa bhaile, deancinnte nach bhfuil do dheasc suite gomhícheart agat. Is cóir suí leis anbhfuinneog i gcónaí taobh leat. Mátá do dhroim leis an bhfuinneog,beidh dallrú ar scáileán an ríomhaireatá go dona do do chuid súl. Má tádo dheasc ag breathnú amach as anbhfuinneog, bíonn an mac imrisc agiarraidh caolú sa solas agus, ag anam céanna, bíonn sé ag iarraidhleathnú le díriú ar an obair atá arbhun agat. Cuirtear strus ar an macimrisc sa chaoi sin agus tagann fre-anga (spasm) air.

Is é an chúis dhaille is coitianta námeathlú macúlach a bhaineann lehaois. Is féidir le cothaithigh agusfrithocsaídeoirí (antioxidants) áirithecabhrú le sláinte mhacúlach. Bíonnsiad ar fáil i bia cosúil le glasraí duil-leacha agus dubh-ghlasa, trátaí có-caráilte, agus caora (go háirithe cinnatá níos dorcha). Chomh maith lesin, oibríonn sinc(zinc) i gcoinnemeathlú macúlach, agus méadaíonnsí na héifeachtaí a bhaineann levitimín A (vitimín atá an-mhaith doradharc agus sláinte ginearálta nasúl).

Cabhraíonn Omega 3 le táirgeadhdeoir, agus cabhraíonn sinc le sláinteginearálta na súl, agus a gcumascneasú.

SSúúiillee SSllááiinnttiiúúllaa,, SSúúiillee SSáássttaa

Tá súil agam go raibh cuid de seo cabhrach. Ná dearmad go bhfuil do chuid súl fíor-thábhachtach. Is uirlisí íontach speisialtaiad. Caith do chuid spéaclaí le bród, bí cúramach le lionsaí tadhaill i gcónaí, agus tabhair aire do do chuid súl go laethúil.