8
Staidéar Gnó Labhair amach! Aiseolas ag teastáil ó Scoláirí maidir leis an bPáipéar Cúlra don Staidéar Gnó

Staidéar Gnó

  • Upload
    akira

  • View
    80

  • Download
    11

Embed Size (px)

DESCRIPTION

Aiseolas ag teastáil ó Scoláirí maidir leis an bPáipéar Cúlra don Staidéar Gnó. Labhair amach !. Staidéar Gnó. Staidéar Gnó sa tSraith Shóisearach. Tá an Staidéar Gnó ag athrú! Abair leat … - PowerPoint PPT Presentation

Citation preview

Page 1: Staidéar Gnó

Staidéar Gnó

Labhair amach!

Aiseolas ag teastáil ó Scoláirí maidir leis an bPáipéar Cúlra don Staidéar Gnó

Page 2: Staidéar Gnó

Staidéar Gnó sa tSraith Shóisearach

Tá an Staidéar Gnó ag athrú!

Abair leat …Ba mhaith linn a chloisteáil céard atá le rá ag scoláirí faoin Staidéar Gnó ionas go mbeidh an cúrsa nua suimiúil agus spreagúil.

Page 3: Staidéar Gnó

An Talamh Domhandaithe

Fiontraithe

Borradh go Cliseadh!Airgead agus Airgeadas

Bochtaineacht agus Maoin

Athrú Aeráide agus an Comhshaol

Teicneolaíocht agus an tIdirlíon

Trádáil Idirnáisiúnta

Brabús roimh Dhaoine?

Page 4: Staidéar Gnó

Foghlaim faoin bhfiontraíocht

Baineann an fhiontraíocht le deis ghnó a aithint agus gnólacht a thosú.

4

Page 5: Staidéar Gnó

Foghlaim faoin airgeadasBaineann Foghlaim faoin airgeadas le cúrsaí airgid … agus a lán lán eile!

Féachann sé ar an gcaoi a mbíonn daoine aonair, cuideachtaí agus an rialtas ag bainistiú ioncaim agus caiteachais.

In amanna clúdaíonn sé gnéithe difriúla den ioncam amhail cáin, coigilteas, baincéireacht. In amanna clúdaíonn sé freisin gnéithe difriúla den chaiteachas amhail tomhaltachas, buiséadú agus r-ghnó.

Page 6: Staidéar Gnó

Foghlaim faoi dhomhan an gheilleagair

Tá ár ngeilleagar bunaithe ar tháirgeadh, dáileadh, díol agus caitheamh earraí agus seirbhísí. Tá baint ag daoine aonair, cuideachtaí agus rialtais leis an ngníomhaíocht seo. Cuimsíonn na topaicí maoin, bochtaineacht, trádáil idirnáisiúnta, borradh agus cliseadh, agus fostaíocht.

6

Page 7: Staidéar Gnó

Foghlaim faoin inbhuanaitheacht

7

Baineann an inbhuanaitheacht le freastal ar riachtanais daoine san am i láthair gan a gceart a shéanadh ar ghlúine atá le teacht.

Tríd an inbhuanaitheacht aimsítear cothromaíocht idir riachtanais daoine, an comhshaol agus an geilleagar. Éilíonn an inbhuanaitheacht go gcruthaítear geilleagar folláin atá bunaithe ar shochaí chothrom agus chóir, a bhfuil meas aici ar an gcomhshaol agus a chaomhnaíonn é.

Page 8: Staidéar Gnó

Abair leat!

Ón taithí atá agat ar Staidéar Gnó roimhe seo agus ón méid atá cloiste agat anois faoi na moltaí ar chúrsa nua Staidéar Gnó, is mian linn go labhródh sibh ar cheithre cheist i bhur ngrúpaí agus aiseolas a thabhairt dúinn.

Go raibh maith agat!

8