Upload
galya
View
105
Download
0
Embed Size (px)
DESCRIPTION
Mé Féin Sa Samhradh. Beo go Deo : Téarma 3, Ceacht 5 Téacs an Mhúinteora lgh . 215-222 Bunaithe ar Am Urnaithe , An Chéad Lá. Múinteoir. Comhartha na Croise. Las coinneal. - PowerPoint PPT Presentation
Citation preview
Mé Féin Sa Samhradh
Beo go Deo: Téarma 3, Ceacht 5Téacs an Mhúinteora lgh. 215-222
Bunaithe ar Am Urnaithe, An Chéad Lá
Múinteoir
Comhartha na Croise. Las coinneal.
Bíonn sé breá geal sa samhradh. Lasaimid ár gcoinneal arís, coinneal a chuireann i
gcuimhne dúinn go mbíonn Dia linn i ngile an tsamhraidh. Gabhaimid buíochas le Dia.
Múinteoir: A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a imrímid faoi sholas na gréine.
Gach Duine: Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a mhothaímid teas na gréine ar ár gcorp.
Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a chloisimid ceol na n-éan.
Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a théimid cois farraige.
Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a théimid ag lapadaíl san fharraige.
Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
A Dhia, ár gCruthaitheoir, bíonn tú linn nuair a imrímid leis an ngaineamh cois farraige.
Go raibh maith agat, a Dhia, guímid le chéile.
Guímid le chéile:Go raibh maith agat,
a Dhia, a thug an samhradh
dúinn, laethanta geala fada‘s an fharraige
cheansa chiúin.