12
57 MODÚL 4: CEACHT 5: PLEAN CEACHTA www.nervecentre.org/teachingdividedhistories MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN TÉIRÍ AMACH CUR SÍOS AR AN CHEACHT Sa chúigiú ceacht sa mhodúl, fiosrófar an taithí a bhí ag mná go díreach roimh Éirí Amach na Cásca agus lena linn. Tá breac-chuntas sa cheacht ar rannpháirtíocht na mban i gceisteanna scarúnachais agus vótála sa tréimhse roimh an Éirí Amach. Fiosrófar ansin ról na mban sna heagraíochtaí náisiúnacha agus amharcfar ar a bpáirtíocht sa troid le linn Sheachtain na Cásca. Sa deireadh, amharcfar ar ról na mban sibhialtach le linn Sheachtain na Cásca. CUSPÓIRÍ AN CHEACHTA TORTHAÍ AN CHEACHTA 1. Tosaíochtaí agus cuspóirí na mban a bhí páirteach sa ghluaiseacht náisiúnach ag tús an fichiú haois a thuiscint. 2. Cur síos a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mban in imeachtaí 1916. 3. Tuiscint ar róil na mban in Éirí Amach na Cásca a léiriú trí mheáin dhigiteacha. Bheith in ann na róil a bhí ag mná i bhforbairt an náisiúnachais réabhlóidigh in Éirinn a phlé. Scileanna TFC a úsáid le tuiscint ar an ábhar a chur in iúl. BILEOGA EOLAIS AGUS TREORACHA DIGITEACH BOGEARRAÍ CRUA- EARRAÍ Eochairfhaisnéis Cheacht 5 Scéalchlár Eagarthóireacht Fuaime Scéalchlár Físeagar- thóireachta Leathán Dearaidh d’Íomháú Digiteach Áiseanna Breise Molta Bogearraí Eagarthóireacht Fuaime m.sh. Audacity Bogearraí Físeagar- thóireachta m.sh. Movie Maker Bogearraí Eagarthóireacht Íomhánna m.sh GIMP Clár Bán Ríomhairí/ Ríomhairí Glúine Cluasáin/ Micreafóin CEACHT 5.

ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH · MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

  • Upload
    others

  • View
    10

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

57MODÚL 4: CEACHT 5: PLEAN CEACHTAwww.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

CUR SÍOS AR AN CHEACHT

Sa chúigiú ceacht sa mhodúl, fiosrófar an taithí a bhí ag mná go díreach roimh Éirí Amach na Cásca agus lena linn. Tá breac-chuntas sa cheacht ar rannpháirtíocht na mban i gceisteanna scarúnachais agus vótála sa tréimhse roimh an Éirí Amach. Fiosrófar ansin ról na mban sna heagraíochtaí náisiúnacha agus amharcfar ar a bpáirtíocht sa troid le linn Sheachtain na Cásca. Sa deireadh, amharcfar ar ról na mban sibhialtach le linn Sheachtain na Cásca.

CUSPÓIRÍ AN CHEACHTA TORTHAÍ AN CHEACHTA

1. Tosaíochtaí agus cuspóirí na mban a bhí páirteach sa ghluaiseacht náisiúnach ag tús an fichiú haois a thuiscint.

2. Cur síos a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mban in imeachtaí 1916.

3. Tuiscint ar róil na mban in Éirí Amach na Cásca a léiriú trí mheáin dhigiteacha.

• Bheith in ann na róil a bhí ag mná i bhforbairt an náisiúnachais réabhlóidigh in Éirinn a phlé.

• Scileanna TFC a úsáid le tuiscint ar an ábhar a chur in iúl.

BILEOGA EOLAIS AGUS TREORACHA

DIGITEACH BOGEARRAÍ CRUA-EARRAÍ

• Eochairfhaisnéis Cheacht 5

• Scéalchlár Eagarthóireacht Fuaime

• Scéalchlár Físeagar- thóireachta

• Leathán Dearaidh d’Íomháú Digiteach

• Áiseanna Breise Molta

• Bogearraí Eagarthóireacht Fuaime m.sh. Audacity

• Bogearraí Físeagar- thóireachta m.sh. Movie Maker

• Bogearraí Eagarthóireacht Íomhánna m.sh GIMP

• Clár Bán

• Ríomhairí/Ríomhairí Glúine

• Cluasáin/Micreafóin

CEACHT

5.

Page 2: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

58 MODÚL 4: CEACHT 5: PLEAN CEACHTA www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

GNÍOMHAÍOCHT TORTHAÍ FOGHLAMA

Tús - Seinn Áiseanna Breise Molta 6 do na daltaí. Is léargas ar Mhná in Éirí Amach 1916 é an físeán.

Beidh an ghearrthóg físe ina buneolas don cheacht mar cuirfidh sí síos ar ról na mban san Éirí Amach agus sainaithneoidh sí mná tábhachtacha a bhí páirteach ann.

Beidh rogha gníomhaíochtaí ag múinteoirí ón Eochairfhaisnéis leis na daltaí a spreagadh.

Is féidir le múinteoirí an rang a scoilt ina ghrúpaí agus iarraidh ar dhaltaí na pointí plé a úsáid le roinnt gnéithe den Eochairfhaisnéis a phlé. Ansin roinnfidh na daltaí na rudaí a phléigh siad leis an rang.

De rogha air sin, thiocfadh le múinteoirí na Ceisteanna/Tascanna a úsáid do phlé grúpa nó le heolas daoine aonair a thástáil.

Cuireann an Tasc Malartach dúshlán faoi na daltaí teacht ar aontú faoi thopaic a bhfuil barúlacha difriúla acu uirthi.

*Más féidir, lig do na daltaí an topaic a fhiosrú ar an idirlíon – áiseanna breise molta/inneall cuardaigh.

Tá an Eochairfhaisnéis ceaptha an fhaisnéis sa topaic a chlúdach agus na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh.

Tá na ceisteanna plé ar an Eochairfhaisnéis ceaptha na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh leis an idirghníomhaíocht agus le C&F.

Tá na ceisteanna ar an Eochairfhaisnéis ceaptha na cuspóirí foghlama a chomhlíonadh le tuiscint na ndaltaí ar an fhaisnéis.

Ba cheart go dtabharfadh na gníomhaíochtaí éagsúla deiseanna foghlama do na daltaí agus iad ag idirghníomhú. Déanfaidh na gníomhaíochtaí eolas a dhaingniú agus plé a spreagadh fosta.

Plé iomlánach – Taispeáin an pictiúr ó Áiseanna Breise Molta 5. Léiríonn an tsraith pictiúr an dóigh ar baineadh Elizabeth O’Farrell den íomhá le himeacht ama. In ainneoin an róil a bhí ag mná san Éirí Amach agus baint amach ceart vótála sna blianta ina dhiaidh, cad chuige a ndearnadh ‘dearmad’ de mhná, dar leis na daltaí, maidir le hamharc siar ar an Éirí Amach?

Dírítear sa phlé iomlánach ar an dóigh a ndéantar neamhaird in amanna ar ról na mban san Éirí Amach. Spreagfaidh na híomhánna agus an plé fúthu na daltaí le smaoineamh ar na tosca sóisialta a dtiocfadh a bheith ina gcúis le neamhaird nó beag is fiú a dhéanamh d’aon turas ar ról na mban sna blianta i ndiaidh an éirí amach.

Page 3: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

59MODÚL 4: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

EOCHAIR FHAISNÉIS

MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACHBhí mná páirteach san Éirí Amach, i ngach céim den phleanáil agus den chur i gcrích. Ach ba mhinic a raibh orthu streachailt le ról a fháil taobh istigh den ghluaiseacht réabhlóideach. Bhí dearcthaí éagsúla ar ról na mban sa pholaitíocht taobh istigh den náisiúnachas, mar a bhí i sochaí na hÉireann i gcoitinne. Cé gur mhinic a nocht poblachtaigh agus sóisialaithe idéil an chomhionannais (comhionannas don uile dhuine), bhí dearcthaí níos traidisiúnta ar ról na mban ag cuid mhór náisiúnaithe Éireannacha.

CEART VÓTÁLA AGUS SCARÚNACHASAg tús an fichiú haois, ní raibh ceart vótála ag mná sa Bhreatain ná in Impireacht na Breataine, ná an ceart a bheith páirteach sa pholaitíocht ar bhonn cothrom. Ba cheist mhór sa tréimhse é ceart vótála. Is é ceart vótála do mhná ná an ceart a bheith ag mná vótáil ar bhonn cothrom le fir.

Bhí an tsuim chéanna ag poblachtaigh agus ag sufragóirí Éireannacha sa pholaitíocht radacach, ach bhí aidhmeanna difriúla acu.

• Bhí easaontas i measc na mban radacacha in Éirinn, mionlach beag den tsochaí, maidir leis an rud ba thábhachtaí: feimineachas nó náisiúnachas.

• Bhí cuid mhór de na mná i ngluaiseacht na Poblachta, chan iad uilig, páirteach fosta sa ghluaiseacht ar son ceart vótála nó thug siad tacaíocht di.

• Dar le mná náisiúnacha gur saothar in aisce a bhí i gceart vótála do mhná Éireannacha faoi riail na Breataine nó thabharfadh sé vóta dóibh i leith parlaiminte nár thug siad aitheantas di. D’áitigh mná poblachtacha ar na tacadóirí sin de cheart vótála do mhná dul isteach sa troid i gcoinne riail na Breataine.

Bhí gluaiseacht na poblachta ar son Éireann ina raibh cearta cothroma. Ach shíl poblachtaigh gur mhó an phráinn a bhí le Poblacht neamhspleách na hÉireann a bhunú ná le ceart vótála.

Mheas a lán sufraigéidí go raibh na ceannairí poblachtacha ag déanamh neamhaird ar an streachailt do chearta na mban in Éirinn. B’aontachtaithe Protastúnacha iad roinnt de na sufraigéidí mór le rá, gan mórán spéise acu sa scarúnachas.

1.))) PLÉCad iad na hidéil a d’fhéadfadh scarúnaithe agus sufraigéidí a aontú?

Suaitheantas lipéid ar son

Cheart Vótála na mBan ó thús an

20ú Aois

5.

Page 4: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

60 MODÚL 4: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

Bhí Maud Gonne ina

ceann- aire ar Inghinidhe

Na hÉireann ó 1900-1914

MNÁ IN ÉIRÍ AMACH NA CÁSCANa mná a bhí páirteach san ullmhúchán, d’éiligh siad a gceart a bheith páirteach san Éirí Amach féin. Bhí thart faoi 200 bean páirteach sa troid le linn Sheachtain na Cásca, baill de Chumann na mBan nó d’Arm Cathartha na hÉireann a mbunús. Fágadh na mná ar lár ar dtús, ach tugadh cead go drogallach dóibh bheith páirteach sa troid Luan Cásca (ach amháin i Muileann Uí Bheoláin nó dhiúltaigh Éamonn de Valera do mhná cuidiú leis an troid). Nuair a tháinig siad le chéile leis na reibiliúnaigh eile, ba iad róil nár bhain leis an troid a tugadh dóibh don chuid is mó: cócaireacht, altranas agus ní soithí. Ba é tuairim choitianta na reibiliúnach – agus a gcéilí comhraic in arm na Breataine – gur chóir mná a theorannú do róil a síleadh a bheith fóirsteanach dá n-inscne. Thug Arm Cathartha na hÉireann ról míleata níos mó dá mhná: bhí gunnaí ag bunús na mban san ICA, cé gur bheag acu a bhí páirteach sa chomhrac. Ba é ról an teachtaire an ról ba shuntasaí a bhí ag reibiliúnaigh ban: d’iompair mná orduithe, airm agus armlón trí shráideanna Bhaile Átha Cliath le linn an troda – ba thasc contúirteach é.

Gabhadh thart faoi 80 bean ag deireadh Sheachtain na Cásca. Ghlac an pobal agus na reibiliúnaigh iad féin leis nach ngabhfaí mná. Bhí ar chuid mhór de na mná tabhairt ar na hÓglaigh agus ar shaighdiúirí na Breataine caitheamh leo mar throdaithe, agus d’éiligh siad go bpléifí leo mar a phléifí lena comhthírigh fear. Ar dtús coinníodh iad i saoráidí plódaithe míshláinteacha, ach ligeadh a mbunús saor i ndiaidh seachtain nó dhó.

2.))) PLÉ Cad iad na cineálacha gníomhaíochtaí a rinne eagraíochtaí na mban poblachtach?

Mau

de G

onne M

cBride nd" by Bain News Service

B’eagraíocht ban í Inghinidhe na hÉireann a bunaíodh ar dtús le hagóid a dhéanamh i gcoinne na cuairte ríoga ar Éirinn in 1900. Ba é aidhm na heagraíochta oideachas a thabhairt do dhreamanna i sochaí na hÉireann nár bhain mórán leis an pholaitíocht, go háirithe mná, páistí agus an lucht oibre, agus iad a radacú. B’eagraíocht chultúrtha go bunúsach í Inghinidhe na hÉireann a bhí ag iarraidh cultúr agus teanga na hÉireann a chur chun cinn agus a bhí níos tógtha faoi scarúnachas ná faoi fheimineachas ná ceart vótála. Tháinig Inghnidhe na hÉireann le chéile le Cumann na mBan in 1914.

Ba í Constance Markievicz, duine mór le rá in Inghinidhe na hÉireann, agus Bulmer Hobson ó Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, a bhunaigh Na Fianna Éireann in 1909. B’eagraíocht ghasógaíochta do ghasúir go príomha é cé gur ligeadh do chorrchailín dul isteach ann. Tugadh traenáil, éidí agus trealamh míleata dá bhaill. Chuir an eagraíocht scarúnachas na hÉireann agus náisiúnachas cultúrtha chun tosaigh. Ghlac baill de Na Fianna Éireann páirt in oibríochtaí smuigléireacht gunnaí agus san Éirí Amach féin: bhí cuid de na gasúir ina dteachtairí le linn Sheachtain na Cásca agus throid cuid acu sna garastúin reibiliúnacha.

Bunaíodh Cumann na mBan in 1914. B’eagraíocht ban é a raibh mar aidhm aige tacú leis na fir in Óglaigh na hÉireann. Níor réitíodh riamh cén sórt tacaíochta go díreach a chuirfeadh siad ar fáil – mheas cuid de na baill gur cheart go mbeadh Cumann na mBan ina eagraíocht neamhspleách a raibh a ceannairí féin aici agus páirt ghníomhach aici i ngníomhaíochtaí míleata agus straitéiseacha. Mhothaigh baill eile nár chóir dóibh ach agóidí a eagrú, seirbhísí altranais a chur ar fáil, nó obair a dhéanamh “sa chúlra” ag cóiriú éidí nó ag fuáil bratach le tacaíocht a thabhairt d’Óglaigh na hÉireann. Cé nár chreid ach dornán i gCumann na mBan gur chóir do mhná troid mar shaighdiúirí, bhí ról gníomhach ag an eagraíocht san ullmhúchán don Éirí Amach agus i ngníomhaíochtaí Sheachtain na Cásca. Chuaigh dornán de mhná reibiliúnacha chun troda, an Chuntaois Markievicz ina measc, ach ba é cócaireacht nó teachtaireachtaí a sheachadadh an cuidiú a thug an mhórchuid acu.

MNÁ AGUS GLUAISEACHT NA POBLACHTA

Page 5: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

61MODÚL 4: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

3.))) PLÉCé chomh mór a bhí ról na mban le linn an Éirí Amach?

I NDIAIDH AN ÉIRÍ AMACHDíreach i ndiaidh an Éirí Amach, bhí ról tábhachtach ag mná le tuairim an phobail in Éirinn a athrú ó bhonn agus le cur in éadan riail na Breataine a spreagadh arís. I measc na ngníomhaíochtaí sin bhí:

• Tiomsú airgid do ghluaiseacht na poblachta

• Eagrú agóidí i gcoinne an choinscríofa

• Eagrú gníomhaireachtaí fóirithinte do phríosúnaigh

• Stiúradh comóraidh i gcuimhne cheannairí 1916

Moladh comhionannas fear agus ban i bhForógra na Cásca, ráthaíodh “comhchearta agus comhdheiseanna, dá saoránaigh uile”, agus gealladh “Buan-Rialtas Náisiúnta ... ó theachtaí do phobal uile na hÉireann arna dtoghadh le vótaí a cuid fear agus ban”. Comhlíonadh an gealltanas san Fhorógra do vótáil chomhchoiteann: in 1918, tugadh ceart vótála do mhná sa Ríocht Aontaithe a bhí os cionn 30 bliana d’aois agus a raibh réadmhaoin acu; in 1922 tugadh ceart vótála do gach bean a bhí os cionn 21 bliain d’aois i Saorstát nua Éireann.

MNÁ TÁBHACHTACHA I nGLUAISEACHT NA POBLACHTA• Bhí Maud Gonne ina ban-aisteoir, ina náisiúnach cultúrtha agus

ina gníomhaí polaitiúil. Bhain sí le teaghlach saibhir Sasanach. Ba bhunaitheoir Inghinidhe na hÉireann í.

• B’fheimineach agus shóisialaí í Helena Molony, ban-aisteoir in Amharclann na Mainistreach agus eagarthóir ar Bean na hÉireann. Throid sí san Éirí Amach. Ghlac sí páirt san ionsaí ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

• Ba dhochtúirí, shufraigéidí agus réabhlóidigh iad Kathleen Lynn agus a páirtí Madeleine Ffrench-Mullen. Ghlac siad páirt san Éirí Amach agus cuireadh i bPríosún Chill Mhaighneann iad ar feadh seal gairid.

• B’fhéidir go raibh Constance Markievicz ar an bhean is clúitigh le troid in Éirí Amach na Cásca. Náisiúnaí réabhlóideach a shíolraigh ó chúlra d’uasaicme talaimh a bhí inti. Ba shufraigéid í fosta. Ba cheannaire í Markievicz ar eagraíochtaí náisiúnacha amhail Inghinidhe na hÉireann agus Na Fianna Éireann. Rinneadh oifigeach di in Arm Cathartha na hÉireann agus bhí sí ina leascheannasaí faoi Mhicheál Ó Mealláin ag Faiche Stiabhna Luan Cásca. I ndiaidh an ghéillte, gabhadh Markievicz agus daoradh chun báis í. Laghdaíodh an breithiúnas báis go seal príosúnachta mar gheall ar a hinscne (bhí sí i bpríosún go dtí an pardún ginearálta do phríosúnaigh in 1917). San olltoghchán in 1918, bhí Markievicz ar an chéad bhean riamh a toghadh chun Theach na dTeachtaí sa Bhreatain (ach MP de chuid Sinn Féin, dhiúltaigh sí a suíochán a ghlacadh de réir pholasaí neamhfhreastalachais an pháirtí ). Bhí sí ina haire sa rialtas poblachtach an Dáil.

Constance Markievicz

Ainneoin an dul chun chinn i gcearta na mban, d’fhág gné choimeádach agus Chaitliceach an Stáit Éireannaigh a tháinig as an réabhlóid nach mbeadh ról cothrom ag mná sa tsochaí.

!

Page 6: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

62 MODÚL 4: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

DEARCTHAÍ

2. “ Thug na fir a mionairm do gach duine againn lenár rogha rud a dhéanamh leo, agus shíl siad go rachadh muid abhaile, ach ní fhágfadh muid na fir a raibh muid leo an tseachtain sin don chinniúint a bhí rompu; chinn muid dul in éineacht leo agus bheith leo go deireadh, cibé cinniúint a bheadh i ndán dúinn.”

Rose Mc Namara, ag caint di cúpla lá i ndiaidh ghéilleadh na reibiliúnach ar 28 Aibreán 1916

3. “ ...gan a mná a bheith páirteach, bhí Máthair Éireann ag dul chun catha ar leathlámh.”

Maud Gonne, mar atá luaite sa bheathaisnéis ‘Maud Gonne’ in 1976 le Samuel Levenson

1. “ D’aontaigh an Ceannfort Uí Mhealláin sa deireadh, ach ní mó ná sásta a bhí sé faoi, mar níor mhaith leis bean a chur i mbaol den chineál sin. Ba é an freagra a bhí agam air ná go raibh an ceart céanna againn ár mbeatha a chur i mbaol agus a bhí ag na fir; go raibh cearta cothroma ag mná le fir faoi bhunreacht Phoblacht na hÉireann. I ndáiríre, den chéad uair sa stair, scríobhadh bunreacht ina raibh an prionsabal de cheart comhionann vótála.”

Margaret Skinnider, ag caint ar ghníomhaíocht mhíleata, óna dírbheathaisnéis ’Doing My Bit For Ireland’ (1917)

Na Fianna Éireann i mbun oiliúna liachta

allamuigh

Page 7: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

63MODÚL 4: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

CEISTEANNA

1. Cad é a chiallaigh “Ceart Vótála do Mhná”?

3. Cuir síos ar na róil a tugadh do mhná le linn an Éirí Amach.

4. Liostaigh na trí phríomheagraíocht do mhná poblachtacha, agus a raibh mná ina gceannaire orthu, sna blianta roimh an Éirí Amach. Cén dóigh ar chuir gach ceann acu le heachtraí Sheachtain na Cásca?

2. Cad é an difear a bhí idir Inghinidhe na hÉireann agus Cumann na mBan?

??

++++

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 1: Cad é a bhí difriúil faoin dóigh ar chaith Arm Cathartha na hÉireann le mná?

GNÍOMHAÍOCHT BHREISE 2: Samhlaigh gur ball de Chumann na mBan thú atá ag teacht ar dualgas Luan Cásca. Cuir síos ar ar tharla duit nuair a tháinig tú isteach (1 pharagraf).

TASC 1Déan taighde agus scríobh gearrchuntas ar na mná seo a leanas agus a ról in Éirí Amach na Cásca:

• Constance Markievicz• Winifred Carney• Elizabeth O’Farrell• Margaret Skinnider• Helena Molony

TASC 2Ainneoin ról na mban san Éirí Amach agus baint amach ceart vótála, maítear gur glanadh ról na mban amach as an stair. Déan taighde agus freagair an cheist seo a leanas: Cé chomh mór agus a bhí ról na mban san Éirí Amach, dar leat? Úsáid fianaise le tacú le do fhreagra (is féidir fianaise fuaime, físe, íomhánna, athfhriotail, cuntas finné súl, srl a úsáid).

Page 8: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

64 MODÚL 4: CEACHT 5: EOCHAIRFHAISNÉIS www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

Roinnfear an rang ina ghrúpaí. Roghnaigh an líon ceisteanna de réir líon na ngrúpaí (m.sh. 6 ghrúpa = 6 cheist)

I ndiaidh na gceisteanna a roghnú, tabharfar leathanach do gach grúpa agus ceist scríofa ag an bharr – beidh ceist éagsúil ag gach grúpa

Beidh fad ama áirithe ag gach grúpa leis an cheist a fhreagairt. Nuair a bheidh an t-am istigh, cuirfear an leathanach ar aghaidh chuig an chéad ghrúpa eile leis an cheist a fhreagairt. Déanfar an próiseas seo arís agus arís go dtí go raibh seans ag gach grúpa gach ceist a fhreagairt.

Nuair a bheidh sé curtha i gcrích, pléifear na freagraí ar gach ceist. An raibh na freagraí ar na ceisteanna sonraithe go leor?

TASC MALARTACHCEISTEANNA DON TASC MHALARTACH

Cad é mar a léiríodh ceart vótála do mhná i ngluaiseacht na poblachta san am?

Mínigh an fáth, dar leat, ar mealladh roinnt ban ón fheachtas ar son ceart comhchoiteann vótála le dul leis na reibiliúnaigh?

Cén fhianaise a léiríonn go raibh meas ag ceannairí an Éirí Amach ar mhná agus ar a gceart do vótáil chomhchoiteann?

Is minic a luaitear Constance Markievicz mar an bhean is mó le rá san Éirí Amach. Cén fáth, dar leat?

Cad é an difear a bhí idir Inghinidhe na hÉireann agus Cumann na mBan?

Cén fhianaise atá ann a thugann le fios nár caitheadh go cothrom le mná le linn na troda agus ina diaidh?

“Shíl na mná a throid san Éirí Amach go raibh Éire shaor ina réiteach maidir le vótáil chomhchoiteann.” Cé chomh mór a d’aontófá leis an ráiteas sin? An bhfuil aon fhianaise le tacú leis an ráiteas?

Cad chuige ar mhaith le mná a bheith páirteach sa troid ar an líne tosaigh, dar leat?

ÁISEANNA BREISE MOLTA1) http://www.rte.ie/news/2014/0328/605079-cumann-na-mban-

centenary/ - Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide atá ligthe i ndearmad

2) http://www.rte.ie/tv/whodoyouthinkyouare/social_ryan2.html - Faisnéis ar Chumann na mBan

3) http://1916rebellionmuseum.com/1916-easter-rising/elizabeth-ofarrell/ - Scéal Elizabeth O’Farrell faoin ghéilleadh

4) http://www.easter1916.ie/index.php/people/women/ - Mná an Éirí Amach

5) http://www.easter1916.ie/index.php/rising/saturday/ - An Satharn – Lá an Ghéillte

6) https://www.youtube.com/watch?v=FiZJ2C8EwSA - Mná in Éirí Amach 1916

Page 9: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

65MODÚL 4: CEACHT 5: TASCANNA DIGITEACHAwww.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

TASCANNA DIGITEACHA

CUR SÍOS AR AN TASCOibreoidh na daltaí i bpéirí le tuairisc nuachta bréige a scríobh, a thaifeadadh agus a chur in eagar ar bhean a bhí páirteach san Éirí Amach. Éist le 2-3 shliocht ón chartlann ráitis fhinné ó Bhiúró na Staire Míleata le taighde a dhéanamh ar an topaic. Roghnaigh ráitis a bhaineann le duine aonair nó leis an ról a bhí ag mná i gcoitinne. Taifeadfaidh na daltaí píosa beag cainte faoi ról an duine a roghnaíodh. Mairfidh an taifeadadh 1 nóiméad ar a laghad.

PLEANGheofar faisnéis ón idirlíon agus úsáidfear í le script a scríobh.

• Cuirfidh an múinteoir téarmaí cuardaigh ar fáil do na daltaí agus aimsíodh siad íomhánna agus físeáin chuí agus ailt nuachta ón idirlíon - iarr ar na daltaí smaoineamh ar iontaofacht agus ar oibiachtúlacht na faisnéise a fhaigheann siad.

• Aimseoidh agus roghnóidh daltaí faisnéis atá le húsáid agus sábhálfaidh siad é go cuí i bhfillteán tiomnaithe ar a bhfuil comhadainm ciallmhar (d’fhéadfaí gur íomhánna nó sleachta a bheadh ann, a bhí ina gcuidiú leo a scripteanna a scríobh).

• Coinneoidh na daltaí cuntas ar na suíomhanna ar thug siad cuairt orthu i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

DÉANÚsáidfidh daltaí an fheidhm taifid lena script a thaifeadadh agus uirlisí éagsúla eagarthóireachta lena dtaifeadadh a chur in eagar (m.sh. uirlis roghnúcháin, uirlis aistriú ama, cóirigh, ciúnas, etc...). Nuair a bheidh an taifeadadh curtha in eagar, déanfaidh an péire an comhad fuaime a easpórtáil i bhformáid comhaid chuí (WAV / MP3).

• Spreag na daltaí le machnamh a dhéanamh ar mhothúcháin an chraoltóra atá i gceist agus ar bhailíocht na faisnéise sa chraoladh. Thig le daltaí maisíochtaí fuaime a thriail ach caithfidh siad riachtanas agus oiriúnacht na maisíochta fuaime seo a mheas.

• Cuir i gcuimhne do na daltaí a gcuid oibre a shábháil i bhfillteán tiomanta ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

SÚIL SIARTabhair deis do na daltaí obair a chéile a fheiceáil. Seinn an obair is fearr nó lig do na daltaí siúl thart an seomra leis an deis sin a thabhairt dóibh.

Iarr ar na daltaí, i bhfianaise an aiseolais ó dhaltaí eile, a roghanna agus cinntí a chosaint, agus deacrachtaí ar bith le cruthú an chomhaid fuaime a chur san áireamh. Is féidir seo a dhéanamh i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

TASC EAGAR- THÓIREACHT FUAIME

Page 10: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

66 MODÚL 4: CEACHT 5: TASCANNA DIGITEACHA www.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

CUR SÍOS AR AN TASCCruthóidh daltaí scannán faisnéise gairid, gan focail, faoi na mná a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca. Beidh an scannán 30 soicind ar fad ar a laghad agus úsáidfear teidil le faisnéis a chur in iúl. Déanfaidh na daltaí taighde ar an idirlíon d’íomhánna (agus físeáin más féidir) agus d’fhaisnéis a úsáidfidh siad ina scannáin.

PLEANGheofar faisnéis ón idirlíon agus déanfar í a dhearadh i bhfoirm scéalchláir.

• Cuirfidh an múinteoir téarmaí cuardaigh ar fáil do na daltaí agus gheofar íomhánna, físeáin, fuaimeanna agus faisnéis chuí ón idirlíon - iarr ar na daltaí smaoineamh ar iontaofacht agus ar oibiachtúlacht na faisnéise a fhaigheann siad.

• Aimseoidh agus roghnóidh daltaí faisnéis atá le húsáid agus sábhálfaidh siad é go cuí i bhfillteán tiomnaithe ar a bhfuil comhadainm ciallmhar (d’fhéadfaí gur íomhánna nó sleachta a bheadh ann, a bhí ina gcuidiú leo a scripteanna a scríobh).

• Coinneoidh na daltaí cuntas ar na suíomhanna ar thug siad cuairt orthu i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

• Úsáidfidh daltaí an fhaisnéis agus na meáin a fhaigheann siad agus déanfaidh siad scéalchlár leis an scannán a dhéanamh.

DÉANIompórtálfaidh na daltaí na míreanna meáin éagsúla a fhaigheann siad ar an idirlíon. Úsáidfidh na daltaí a scéalchlár mar threoir agus déanfaidh siad an scannán leis na huirlisí éagsúla eagarthóireachta (Scoilteadh, Bearradh, Trasdulta, Maisíochtaí agus Fotheidil/Teidil). Déanfaidh na daltaí an píosa oibre a easpórtáil i bhformáid comhaid chuí (m.sh. WMV/MP4)) lena chríochnú.

• Spreag na daltaí le smaoineamh ar mhéid agus ar stíl an chló, méid agus bearradh na n-íomhánna, na maisíochtaí/trasdulta a úsáidtear agus na huirlisí atá ar fáil dóibh sa phacáiste bogearraí.

• Cuir i gcuimhne do na daltaí a gcuid oibre a shábháil i bhfillteán tiomanta ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

SÚIL SIARTabhair deis do na daltaí obair a chéile a fheiceáil. Seinn píosaí oibre roghnaithe nó lig do na daltaí siúl thart an seomra leis an deis sin a thabhairt dóibh.

Iarr ar na daltaí, i bhfianaise an aiseolais ó dhaltaí eile, a roghanna agus cinntí a chosaint, agus deacrachtaí ar bith le cruthú an chomhaid scannáin a chur san áireamh. Is féidir seo a dhéanamh i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

TASC SCANNÁN- ÓIREACHTA

TASCANNA DIGITEACHA

Page 11: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

67MODÚL 4: CEACHT 5: TASCANNA DIGITEACHAwww.nervecentre.org/teachingdividedhistories

MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN tÉIRÍ AMACH

CUR SÍOS AR AN TASCDéanfaidh na daltaí póstaer A4 dírithe ar vótáil chomhchoiteann a chur chun cinn. Déanfaidh na daltaí taighde ar phóstaeir a bhain le vótáil chomhchoiteann ón am sin. Faigh 1 íomhá ar a laghad ón idirlíon agus úsáid an uirlis téacs le mana a chruthú. Ba cheart an póstaer a chruthú i stíl atá cosúil leis na samplaí ó na cartlanna.

PLEANGheofar íomhánna agus faisnéis ón idirlíon agus dearfar iad i bhfoirm sceitse.

• Cuirfidh an múinteoir téarmaí cuardaigh ar fáil do na daltaí agus gheobhaidh siad íomhánna agus téacs fóirsteanach ón idirlíon - iarr ar na daltaí machnamh a dhéanamh ar iontaofacht agus oibiachtúlacht na faisnéise a fhaigheann siad. Abair leis na daltaí go bhfuil sé níos fearr íomhánna meánmhéide/móra a fháil.

• Aimseoidh agus roghnóidh na daltaí íomhánna/téacs le húsáid agus sábhálfar iad go cuí i bhfillteán tiomnaithe ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

• Coinneoidh na daltaí cuntas ar na suíomhanna ar thug siad cuairt orthu i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

DÉANIompórtálfaidh na daltaí an íomhá a fuair siad isteach sna bogearraí agus úsáidfidh siad na huirlisí datha/scagtha le maisíocht a chur leis an íomhá. Beidh daltaí ann a úsáidfidh na huirlisí sin i gcomhar leis na huirlisí roghnúcháin le codanna den íomhá a aibhsiú. Ansin, úsáidfidh na daltaí an uirlis téacs leis an tsliocht/an fhaisnéis a fhaigheann siad a chur isteach. Déanfaidh na daltaí an píosa oibre acu a easpórtáil i bhformáid comhaid chuí (m.sh. JPEG) lena chríochnú.

• Spreag na daltaí le smaoineamh ar mhéid agus ar stíl an chló, na dathanna/stíl scagacháin a úsáidtear agus na huirlisí atá ar fáil dóibh sa phacáiste bogearraí.

• Cuir i gcuimhne do na daltaí a gcuid oibre a shábháil i bhfillteán tiomanta ar a bhfuil comhadainm ciallmhar.

SÚIL SIARTabhair deis do na daltaí obair a chéile a fheiceáil. Cuir an obair is fearr ar taispeáint ar an chlár bhán nó lig do na daltaí siúl thart an seomra leis an deis sin a thabhairt dóibh.

Iarr ar na daltaí, i bhfianaise an aiseolais ó dhaltaí eile, a roghanna agus cinntí a chosaint, agus deacrachtaí ar bith le cruthú na híomhá a chur san áireamh. Is féidir seo a dhéanamh i ndoiciméad a shábhálfaidh siad.

TASCANNA DIGITEACHA

TASC EAGAR- THÓIREACHT ÍOMHÁNNA

Page 12: ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA TÉIRÍ AMACH ·  MODÚL 4. ÉIRÍ AMACH NA CÁSCA 5: MNÁ AGUS AN

www.nervecentre.org/teachingdividedhistories