Upload
dinhtu
View
221
Download
0
Embed Size (px)
Citation preview
1
CIARÁNCAT
Cat ba ea Ciarán - ach b'aisteach an cat é.
Nó, murb ionann agus cait eile an cheantair, bhí Ciarán go maith do na
luchóga. Ní dheachaigh sé sa tóir ar cheann acu riamh - déanta na fírinne,
ba chairde dó iad.
Chónaigh Ciarán lena mháistir, fear a raibh siopa fíona aige; agus,
murb ionann agus Ciarán, ní raibh dúil ar bith ag an mháistir i luchóga!
Bhíodh sé i gcónaí á ruaigeadh amach as an sileár.
"Duitse ba cheart iad a ruaigeadh, agus chan domsa ," a deireadh sé
le Ciarán. "Nach sin an fáth a mbíonn cait ann? Níl ionat ach scraiste
leisciúil, agus is mór an náire duit é!"
Agus chromadh Ciarán a cheann agus náire an domhain air.
2
Lá amháin, tháinig an máistir ar Chiarán agus a chairde luchóg ag
caitheamh fleá agus féasta sa sileár - ag ól a chuidse fíona! D'éirigh sé
iontach feargach ar fad.
"Seo deireadh!" ar seisean. "As seo amach saothróidh tú do chuid ag
ceapadh luchóg, nó buailfidh tú an bóthar. Luchóga ar bith - bia ar bith!"
Bhí a sháith iontais ar Chiarán. "An bhfuil tú á mhaíomh, mura ndéana
mé seilg nach bhfaighidh mé bia?"
"Tá an ceart agat," arsa fear an tsiopa. "Faigh na luchóga, nó faigh
lóistín eile."
Bhí díomá mhór ar Chiarán. "Cad é eile slí beatha atá agam?" ar
seisean leis féin. "Ní rachaidh mé le múinteoireacht agus ní thig liom
tacsaí a thiomáint. Is cosúil go gcaithfidh mé luchóga a cheapadh."
Agus shiúil sé amach as an teach agus é ag canadh an amhráin bhig
seo:
3
Níor mhaith liom luchóga a mharú -Ba mhaith liom bheith ag súgradh leo.Níor mhaith liom iad a bheith marbh -B'fhearr liom iad a bheith beo!
Agus ar ndóigh, ní thiocfadh le Ciarán luchóga a cheapadh - ba chara
dó gach ceann deireanach acu. Bhíodh sé go fóill ag súgradh leo, agus
ag ithe leo, agus tráthnóna, shuíodh sé amuigh i gcearnóg a bhaile ag
canadh ceoil ina gcuideachta. Ba ghairid gur thuig sé go gcaithfeadh sé
an baile a fhágáil......
Agus ar ndóigh, chrothnódh ainmhithe na sráide é, nó bhí sé mór le
gach ceann acu. Fiú an tarbhghadhar a chónaigh i dteach an bhúistéara,
bheannaíodh sé gach maidin do Chiarán. Agus dá mbeadh ainmhí ar bith
ag iarraidh cuidithe, bhí a fhios aige go bhfaigheadh sé sin, agus fáilte, ó
Chiarán.
4
Dá siúlfadh madadh coimhthíoch síos an tsráid, ní imeodh Ciarán mar
a dhéanfadh na cait eile. Ba chuma cé a thiocfadh, brocaire, nó gadhar
fola, púdal, nó seachránaí féin, bheannódh Ciarán dó go béasach.
"Dia duit ar maidin," a deireadh sé, "nach luath ar do chois atá tú! Tar
isteach ar cuairt chugam am ar bith a thagann tú an bealach seo."
Agus ba ghairid go raibh aithne ag gach madadh sa cheantar air.
Bheannaíodh sé dóibh uilig agus iad ag siúl an bóthar.
"Is é do bheatha, a Mhil!"
"Cad é mar atá Fionn inniu?"
"Tá lá deas ann, a Bhrain!"
Agus riamh, níor chuir sé an tóir ar luchóg........
5
Gan amhras, is é a bhí mór le gach duine; agus bhí cait uilig na sráide
i dtrioblóid am éigin, ach amháin é féin.
Bhí ainm agus sloinne na luchóg uilig ar a theanga aige, agus ní raibh
teaghlach ar bith acu nach dtug cuireadh chun dinnéir dó.
Bhí aithne aige ar mhuintir Uí Néill a chónaigh i gcúl an chaife ag uimhir
a 10; agus na Dálaigh as siopa na mbróg ag uimhir a 12; agus muintir Mhic
Eoin a bhí ina gcónaí i seantolg i lofta uimhir 20, beirt déag acu; agus
muintir Mhic Gabhann a chónaigh os cionn an tsiopa cáise agus muiceola
ag uimhir a 16.
Bhí aithne aige orthu uilig.
6
Bhí béile aige gach oíche Aoine i gcuideachta mhuintir Mhic
Gabhann. Ghoideadh na luchóga cáis, agus muiceoil, agus ispíní, agus
picilí ón siopa; agus nuair a thagadh Ciarán, spréadh siad an bia uilig
amach ar an tábla agus thosaíodh siad ag ithe. Agus nístadadh siad go
dtí go raibh an ghrabhróg dheireanach ite acu!
"Is é an rud atá a dhíth orainn anois, deoch bheag fíona," a deireadh
duine de na luchóga - agus thugadh Ciarán ar ais chun an tsiopa fíona iad,
agus síos sa sileár, áit a raibh an fíon.
7
Ritheadh na luchóga ó bhuidéal go buidéal, ag blaiseadh anseo, agus
ag blaiseadh ansiúd; agus níorbh fhada go mbíodh an t-urlár clúdaithe le
fíon........
Ach, bheadh deireadh leis sin anois, a dúirt sé leis féin go brónach.
Chaithfeadh sé an siopa fíona agus a chairde a fhágáil, agus gan a fhios
aige cad é a bhí i ndán dó.
Ansin bhuail smaoineamh é. Bhí aithne aige ar dhuine amháin a
chuideodh leis, slán a bheadh sé. Shocraigh sé láithreach cuairt a
thabhairt air.......
8
Shiúil sé leis fhad le huaimh bheag a bhí suite ar imeall an bhaile.
Taobh istigh, fuair sé seanluchóg aosta ina shuí ar chathaoir bheag
dhearg luasctha. Ba é seo Learaí Luchóg, an luchóg ba chríonna orthu
uilig.
"Tá fadhb le réiteach agam," arsa Ciarán. "An gcuideoidh tú liom?"
"Má thig liom," arsa Learaí. "Inis dom."
Mhínigh Ciarán dó go raibh a mhásitir lena chaitheamh amach i mbéal
a chinn mura gceapfadh sé luchóga. Agus ba mhaith a bhí a fhios ag
Learaí nach ndéanfadh Ciarán sin go deo."
"Tá fadhb mhór agat, gan amhras," arsa Learaí. "Lig dom mo
mhachnamh a dhéanamh tamall."
9
Bhrúigh Learaí a cheann idir a dhá lapa, agus mhachnaigh sé go dian.
"Tá sé agam!" ar seisean i ndiaidh cúpla bomaite. "Smaoinigh mé ar
dhóigh le do chás a réiteach."
"Mar atá a fhios agat," arsa Learaí, "caithfidh gach duine bás a fháil am
éigin."
"Caithfidh," arsa Ciarán.
"Bhal, nuair a gheobhas luchóg bás, déarfaidh mise lena mhuintir an
corp a thabhairt chugatsa. Tabharfaidh tusa chuig do mháistir é, agus
sílfidh seisean gur tú féin a mharaigh é. Agus ní chaithfidh tú seilg ar bith
a dhéanamh!"
"Bhal, Dia ár sábháil!" arsa Ciarán. "Níor chuala mé plean níb fhearr
ná sin riamh i mo shaol!"
10
Agus as sin amach, nuair a fuair luchóg bás de sheanaois, nó cionn
is barraíocht a ithe - agus na luchóga a chónaigh ar shráid Chiaráin, d'ith
siad a sáith! - tugadh an corp marbh go dtí sileár an tsiopa fíona.
Ansin, maidin lá ar na mhárach, d'iompraíodh Ciarán an corp go
bródúil fhad lena mhásitir; agus dá mbeadh an t-ádh leis, gheobhadh sé
slis mhór éisc agus babhla bainne mar dhuais.
"Maith mo ghasúr!" a deireadh fear an tsiopa leis. "Anois, a Chiaráin,
ná habair liom nach dtig leat luchóga a cheapadh. Tá tú go han-mhaith ina
cheann. Lean ort, a mhic! Lean ort!"
Bhí go maith agus ní raibh go holc. Bhí na luchóga marbha á dtabhairt
chuig Ciarán, agus bhí Ciarán á dtabhairt chuig a mháistir. Ach roimh i
bhfad, d'éirigh an máistir amhrasach......
11
"Cad chuige," ar seisean leis féin, "nach dtugann Ciarán chugam ach
seanluchóga? B'fhéidir nach bhfuil sé ag fáil a sháith bia."
As sin amach ní bhfuair Ciarán ach an chuid ba bhlasta den bhia, agus
neart de, ach go fóill féin ní thug sé ach seanluchóga chuig a mháistir.
Lá amháin, bheartaigh an máistir go rachadh sé féin i bhfolach sa
sileár go bhfeicfeadh sé Ciarán i mbun seilge.
In ionad seilg a dhéanamh, is é rud a rinne Ciarán, suí síos sa
choirnéal; agus nuair a tháinig luchóga, thosaigh sé a dhéanamh a
chomhrá leo! Bhí tuilleadh agus a sháith iontais ar fhear an tsiopa! Ansin
tugadh isteach corp marbh luchóige, agus thuig an máistir cad é a bhí ar
bun ag Ciarán!
"A chladhaire lofa!" ar seisean, agus léim sé amach as cúl bairille
mhóir fíona. "Ag cleasaíocht orm a bhí tú i rith an ama! Diabhal seilg ná
seilg a rinne tú riamh!"
12
Thuig Ciarán anois go bhfuarthas ciontach é, agus nach raibh gar dó
féachaint le leithscéal a dhéanamh.
"Seo deireadh an róid," arsa fear an tsiopa. "Gabh amach as mo
theach, agus ná feicim arís go deo thú!"
Agus chuir sé an deargruaig ar Chiarán, síos an tsráid agus amach as
an bhaile ar fad; agus níor stad sé den tóir nó gur shroich siad na
páirceanna ar imeall an bhaile. Chroith sé dorn bagarthach air, agus
thiontaigh ar a shál. Agus bhí Ciarán bocht fágtha lena bhealach a
dhéanamh sa saol chomh maith agus a thiocfadh leis.
Cad é a dhéanfadh sé? Ní raibh baile ar bith aige. Agus cá bhfaigheadh
sé obair eile?
13
Tharla an t-am sin go raibh sorcas ag dul tríd an bhaile. Ní raibh mórán
ag cur spéise ann, agus bhí an bainisteoir, Senor Luigi, ag éirí iontach
buartha.
Na leoin agus na tíogair, ní raibh fíoch ar bith fágtha iontu - ba chosúil
le piscíní cait iad. Bhí na gleacaithe ag titim thart go leisciúil; agus na
cleasaithe! Ní bhainfeadh siad gáire as aonduine!
Thosaigh an lucht féachana ag béiceach agus ag greadadh cos. "Níl
maith ar bith ionaibh!" a scairt siad. "Tabhair taispeántas ceart dúinn, nó
tabhair ar ais ár gcuid airgid!"
Níorbh iontas é Senor Luigi bheith buartha. Roimh i bhfad, ní bheadh
lucht féachana ar bith fágtha aige. Is é a bhí a dhíth air, rud éigin úr a
tharraingeodh na sluaite isteach sa sorcas.
14
Bhí sé ag siúl an tsráid lá, ag machnamh go domhain, nuair a chonaic
sé rud a bhain stad as.
Ní thiocfadh leis a shúile a chreidbheáil - cat ag caint le luchóg! Agus
ní raibh an cat ag iarraidh an luchóg a cheapadh! "Ní chuardóidh mé a
thuilleadh!" arsa Senor Luigi leis féin. "Seo an rud a chuirfeas mo shorcas
arís ar a bhoinn!"
Chuir sé é féin in aithne do Chiarán, agus d'inis seisean scéal a
bheatha dó. "Tá dúil agam i ngach cineál ainmhí," ar seisean, "fiú na
madaí!"
"Is maith mar a casadh orm thú," arsa Senor Luigi. "Ar mhaith leat dul
ag obair sa sorcas? Ní fhacthas a leithéid seo riamh - cat, luchóg agus
madadh ar an aon ardán. Beidh trácht go brách air!"
15
Agus bhí an ceart ag Senor Luigi.
Bhí ráchairt mhór ar an tríréad. Gúna fada de shíoda gorm a bhí ar
Chiarán, luchóg bheag ina shuí ar a ghualainn, agus a gcara Micheál
Madadh agus seanhata ard bándearg air. Is iad a bhí maith.
Dhamhsaigh siad, agus cheol siad, agus sheinn siad uirlisí, agus fiú
gur shuigh siad síos ag tábla ag imirt cluiche táiplise!
Bhí an lucht féachana i ngrá leo! Bhí gach bualadh bos agus greadadh
cos acu ag deireadh an tseó. Bhí Ciarán breá sásta anois go raibh post
úr faighte aige a bhí ag fóirstin dó. Agus Senor Luigi - ní thiocfadh leat
drochfhonn a chur air!
16
Leath a gclú ar fud an domhain, agus bhí Ciarán agus a chairde ag cur
taispeántas ar fáil ó cheann ceann na bliana.
Agus do bharúil, cad é a tharla nuair a thug an sorcas cuairt ar bhaile
dúchais Chiaráin?
Chruinnigh scuaine fhada daoine ag iarraidh síniú Chiaráin, nó ba
dhuine mór le rá anois é. Agus cé an duine deireanach a sheas sa scuaine
agus a leabhar beag síniúchán ina láimh aige? Seanmháistir Chiaráin,
fear an tsiopa fíona!
Ní raibh maith i gCiarán riamh ag ceapadh luchóg; ach an croí cineálta
a bhí ann, bhain sé clú agus cáil amach dó sa deireadh!
17
CIARÁNAN CAT CINEÁLTA
18
1992