22

beatha le bua...aoi 1952 bhí colscaradh faighte ag Marilyn. Thosaigh sí ag siúl amach le fear cáiliúil sa spórt darbh ainm Joe DiMaggio. Tharraing seo níos mó airde uirthi,

  • Upload
    others

  • View
    2

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

  • beatha le bua

  • Pictiúr Clúdaigh © AFP/Getty Images.

    Pictiúir le © Getty Images.

    Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA.

    Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

  • MA

    RILY

    N M

    ONRO

    Ebeatha le bua

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    4

    Intreoir

    Fuair Marilyn Monroe, sár-réalta de chuid na 1950í agus 1960í, bás nuair nach raibh sí ach 36 bliain d’aois. Cé go bhfuil sí marbh anois le breis agus 50 bliain, tá sí ar na haisteoirí is clúití dá raibh riamh ann. Tá suim mhillteanach ag cuid mhór daoine inti go fóill ar chúiseanna éagsúla. Bhí sí iontach dóighiúil agus bhí sí clúiteach lena linn, ach bhí sí conspóideach fosta. Ghlac sí páirt i níos mó ná 30 scannán. Bhí cuid acu ar na scannáin is mó sna 1950í. D’oibrigh sí leis na haisteoirí is mó clú agus cáil ag an am sin, mar shampla Clark Gable, Jack Lemmon, Tony Curtis, Dean Martin, Robert Mitchum, Laurence Olivier, Ginger Rogers, Jane Russell. Bhain sí duaiseanna agus gradaim as na páirteanna a bhí aici i gcuid acu. Chruthaigh sí íomhá dá cuid féin nach bhfaca daoine

    MARI LYN M O NROE

  • 5

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    © GETTY IMAGES

    MARI LYN M O NROE

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    6

    roimhe sin. Deirtear go ndearna go leor sár-réaltaí eile aithris ar an íomhá sin, Madonna agus Lady Gaga mar shampla. Shíl cuid de na daoine go raibh sí galánta maith go leor, ach bómánta agus gáirsiúil, agus nach raibh sí chomh maith sin uilig ag an aisteoireacht ach oiread. Shíl go leor eile go raibh sí dóighiúil gan dabht, agus thar a bheith cliste ar a bharr sin. Ní raibh daoine ar aon intinn fúithi ag an am agus níl go fóill. Lean an chonspóid í lena linn agus leanann go fóill.

    Cúlra

    Rugadh Marilyn Monroe ar 1ú Meitheamh 1926 in Los Angeles sna Stáit Aontaithe. Baisteadh Norma Jeane Mortenson uirthi. Ní raibh a máthair pósta ag an am agus bhí beirt deirfiúracha eile aici. Ach bhí tinneas intinne ar a máthair agus baineadh na páistí di. Tógadh Norma Jeane in áiteanna éagsúla mar dhílleachta.

    MARI LYN M O NROE

  • 7

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    © GETTY IMAGES

    MARI LYN M O NROE

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    8

    Ní raibh riamh saol socair aici agus í ag fás aníos, rud a chuaigh go mór i bhfeidhm uirthi agus a chruthaigh fadhbanna di níos moille ina saol. Bhog sí ó theaghlach go teaghlach agus ó scoil go scoil. Phós sí duine darbh ainm James Dougherty sa bhliain 1942 nuair nach raibh sí ach 16 bliana d’aois.

    An t-aisteoir óg

    Fuair Marilyn féin obair i monarcha. Nuair a bhí sí ag obair ansin, casadh uirthi duine a shíl go mbeadh sí maith mar mhainicín i ndiaidh dó grianghraif a ghlacadh di. Ghlac sí leis an chomhairle sin agus thosaigh sí ag fiosrú na mainicíneachta. Gruaig dhonn a bhí uirthi go dtí sin, ach chuir sí dath fionn ina cuid gruaige ansin. Ba é sin an tús leis an íomhá nua. Níorbh fhada go raibh grianghraif di le feiceáil go forleathan in irisleabhair. Bhí ag éirí go maith léi anois mar mhainicín.

    MARI LYN M O NROE

  • 9

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    © GETTY IMAGES

    MARI LYN M O NROE

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 0

    Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur thosaigh sí ag tarraingt aird lucht déanta scannán uirthi féin fosta. Shíl cuid acu go raibh sí iontach cosúil le banaisteoir clúiteach ó na 1930í darbh ainm Jean Harlow. Fuair sí conradh 6 mhí in 1945 ar $125 sa tseachtain – suim mhaith airgid ag an am. Is ag an phointe sin a d’athraigh sí a hainm agus a sloinne go Marilyn Monroe. Ar feadh cúpla bliain ní dhearna sí rud ar bith suntasach. Fuair sí páirt bheag i gcorrscannán gan mórán tábhachta. Ar feadh tamaill, b’éigean di dul leis an mhainicíneacht arís le tuilleadh airgid a shaothrú.

    MARI LYN M O NROE

  • 1 1

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    © MICHAEL OCHS ARCHIVES/GETTY IMAGES

    MARI LYN M O NROE

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 2

    Sa bhliain 1948 fuair sí a céad pháirt shuntasach agus bhí sin i scannán darbh ainm Ladies of the Chorus. Níor éirigh leis an scannán sin ach tharraing sé aird ar Marilyn mar is ceart den chéad uair. Sa bhliain 1949 ghlac sí páirt i scannán grinn de chuid na Marx Brothers darbh ainm Love Happy. D’éirigh go geal leis sin agus chuir sé le clú Marilyn mar aisteoir. Bhí sí in dhá scannán mhóra in 1950 darbh ainm The Asphalt Jungle agus All About Eve. De réir a chéile, bhí sí ag tarraingt aird an phobail uirthi féin agus bhí sí ag éirí níos clúití. Bhí a haisling á fíorú.

    MARI LYN M O NROE

  • 1 3

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    © GETTY IMAGES

    MARI LYN M O NROE

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 4

    An t-aisteoir clúiteach

    Faoi 1952 bhí colscaradh faighte ag Marilyn. Thosaigh sí ag siúl amach le fear cáiliúil sa spórt darbh ainm Joe DiMaggio. Tharraing seo níos mó airde uirthi, go háirithe ó na nuachtáin. Phós siad sa bhliain 1954, ach is minic a bhí argóintí poiblí acu. Níorbh fhada go raibh siad colscartha. D’éirigh Marilyn cairdiúil ansin le drámadóir clúiteach darbh ainm Arthur Miller agus phós siad in 1956. Mhair an pósadh sin go dtí 1961. Is le linn an ama seo sna 1950í a bhí sí i mbarr a réime agus clú mór uirthi mar aisteoir. Bhí sí i gcuid de na scannáin ba mhó san am, cuid acu ina scannáin dháiríre agus cuid acu greannmhar. Mar shampla, Gentlemen Prefer Blondes, The Seven Year Itch, How to Marry a Millionaire, There’s no Business Like Show Business, The Prince

    MARI LYN M O NROE

  • 1 5

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    © GETTY IMAGES

    MARI LYN M O NROE

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 6

    and the Showgirl, The Misfits. Sa bhliain 1958 bhí sí sa scannán Some like it Hot ina raibh Jack Lemmon agus Tony Curtis. D’éirigh go hiontach leis an scannán greannmhar seo agus bhain Marilyn Gradam an Golden Globe don bhanaisteoir is fearr. Is minic a bhíonn an scannán seo le feiceáil ar an teilifís go fóill. Bhain sí gradaim eile agus Golden Globe eile chomh maith.

    An duine conspóideach

    Bhí saol Marilyn Monroe deacair agus achrannach ó thus deireadh. Cé go raibh sí iontach clúiteach agus go raibh gach rud aici, shílfeá, ní raibh saol sona aici. Síleann daoine gurbh é an saol míshocair sin a bhí aici nuair a bhí sí óg ba chúis lena trioblóidí agus í ina duine fásta. De réir a chéile, chuaigh sí le drugaí agus le halcól agus thosaigh an saol aici ag titim as a chéile. Ba mhinic mall í

    MARI LYN M O NROE

  • oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    1 7

    ag teacht chuig an stiúideo ar maidin agus ba mhinic nár nocht sí ar chor ar bith. Fuair sí bata agus bóthar cúpla uair fosta agus cuireadh deireadh ar fad le cúpla scannán. Cé go raibh gach rud aici, bhí trioblóidí aici.

    Bhí ráflaí ann go raibh gaol aici le hUachtarán na Stát Aontaithe ag an am, John F. Kennedy. Is ag ceiliúradh lá breithe Kennedy ar 19ú Bealtaine 1962 a chonacthas go deireanach í go poiblí. Ar 5ú Lúnasa fuarthas marbh í ina teach féin. Is cosúil gur ghlac sí ródháileog drugaí. Ach mar a tharlaíonn sna cásanna clúiteacha seo, bhí barúlacha agus teoirící éagsúla ann faoina bás. Bhí daoine ann a bhí cinnte go raibh comhcheilg éigin ann agus gur maraíodh í. Mheas cuid acu go raibh an FBI taobh thiar de. I ndiaidh a báis, scríobhadh dhá amhrán in ómós di. Is é Candle in the Wind an ceann is clúití. Elton John a cheol é. Ní dócha

    MARI LYN M O NROE

  • ooooooooooooooooaooooofooooo

    0ooxooooooooowooooo

    >ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

    1 8

    go mbeidh a fhios againn choíche cad é a tharla do Marilyn. Is féidir linn a bheith cinnte, áfach, go mairfidh a clú agus a cáil mar réalt na linne sin go ceann i bhfad.

    MARI LYN M O NROE

  • 1 9

    oooooooo

    0oooooooaooooofo0ooooxoooo

    <oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

    © GETTY IMAGES

    MARI LYN M O NROE