11
AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 DTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH #teamJunckerEU - ec.europa.eu/soteu

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

AN DUL CHUN CINNATÁ DÉANTA I DTAOBH10 DTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

#teamJunckerEU - ec.europa.eu/soteu

Page 2: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

2 teamJunckerEU

"Is é an phríomhthosaíocht a bheidh agam agus mé i m'Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach cumas iomaíochta na hEorpa a neartú agus spreagadh a chur faoin infheistíocht ar mhaithe le poist a chruthú."

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014 Leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip maoinítear taighde ar ghalar Alzheimer agus ar ghalar croí, maoinítear nascóirí nua fuinnimh ar fud na hEorpa (rud a dhéanann leithéidí thionscal na cruach agus an tionscail táirgthe laín níos glaise), maoinítear tacaíocht do chúram sláinte do theaghlaigh i gceantair tuaithe agus íslítear costais fuinnimh do shaoránaigh a bhuí le foirgnimh atá níos tíosaí ar fhuinneamh. Níl sna nithe sin ach dornán samplaí. Gheallamar poist agus fás a thabhairt ar ais san Eoraip. Tríd an bPlean Infheistíochta, chuireamar lenár bhfocal: mí bheag tar éis é dul in oifig, nocht Coimisiún Juncker plean uaillmhianach arb é ab aidhm leis ciste infheistíochta €315 billiún ar a laghad a chur ar fáil thar thréimhse trí bliana, agus sin gan dul i bhfiacha nua. Tá an plean sin ar bun anois agus tá torthaí praiticiúla air. I gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, a chuir tús leis an obair i dtosach 2015, d'oibrigh institiúidí an Aontais Eorpaigh gan stad gan staonadh ar feadh sé mhí chun an reachtaíocht ba ghá a thabhairt isteach. Tháinig an Rialachán maidir le Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) i bhfeidhm in Iúil 2015. Cheana féin tá ráite ag naoi gcinn de Bhallstáit go bhfuil rún acu cur le hacmhainn an CEIS, agus déanfaidh a mbunús amhlaidh trína mbanc náisiúnta le haghaidh spreagtha. Seo na Ballstáit atá i gceist: an Bhulgáir (€100 milliún), an Ghearmáin (€8 billiún), an Spáinn (€1.5 billiún), an Fhrainc (€8 billiún), an Iodáil (€8 billiún), Lucsamburg (€80 milliún), an tSlóvaic (€400 milliún), an Pholainn (€8 billiún), an Ríocht Aontaithe (€8.5 billiún/£6 billiún). Is é bunchoincheap an CEIS airgead poiblí a úsáid mar ráthaíocht agus mar chatalaíoch chun infheistíocht phríobháideach a chothú san fhíorgheilleagar, an áit is géire a bhfuil gá leis. Úsáidfear an CEIS chun an ollchuimse leachtachta atá ar fáil a chur ionsar thacú le tionscadail straitéiseacha nach bhfaigheadh maoiniú ina éagmais, tionscadail i réimsí amhail taighde agus nuálaíocht, fuinneamh in-athnuaite, leathanbhanda, agus cúram sláinte. Ach ní le mórthionscadail bhonneagair amháin a bhaineann an CEIS – úsáidfear an ceathrú cuid de na ráthaíochtaí a thabharfaidh an CEIS chun fiontair bheaga agus mheánmhéide agus

cuideachtaí lárchaipitlithe a mhaoiniú, dhá chineál gnólachta a raibh deacrachtaí acu ó thosaigh an ghéarchéim maoiniú a fháil dá gcuid fiontar. Tá os cionn fiche comhaontú sínithe cheana féin ag an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) le hidirghabhálaithe ar fud na hEorpa, rud a chiallaíonn go bhfuil na milliúin euro á gcur ar fáil d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide ó Phrág go Poznan, ó Bhúcairist go Birmingham, – gach seachtain sínítear tuilleadh comhaontuithe den saghas céanna. Faoi láthair tá Tairseach Tionscadal Infheistíochta á bunú ina bhféadfar tionscadail a fhógairt d'infheisteoirí agus lainseáladh Mol Comhairleach maidir le hInfheistíocht chun cuidiú le tionscnóirí tionscadal. Chun tacú leis an gclár oibre atá aige i dtaobh infheistíochta, athchóirithe struchtúracha agus freagracht fhioscach, rinne an Coimisiún Teachtaireacht léirmhínitheach a chur i láthair i mí Eanáir 2015 faoin dóigh is fearr chun úsáid a bhaint as an tsolúbthacht atá i rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis.. Mar chuid dá iarracht ghinearálta an dífhostaíocht a chomhrac, mhol an Coimisiún €1 billiún a chur ar fáil i dtosach thréimhse an bhuiséid chun cur chun feidhme an Tionscnaimh Fostaíochta don Ógra a bhrostú, agus ghlac reachtóir an Aontais leis sin i mí na Bealtaine 2015. Cuideoidh an tionscnamh sin le 650,000 duine óg ar fud na hEorpa post, printíseacht, nó tréimhse oiliúna a fháil, nó leanúint den oideachas. Roimh i bhfad cuirfidh an Coimisiún i láthair moladh a mbeidh sé d'aidhm aige bearta a chur chun cinn a chuideoidh le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a bheith lánpháirteach arís sa mhargadh fostaíochta.

1. Borradh nua faoi Phoist,

Fás agus Infheistíocht

Page 3: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

3 teamJunckerEU

"Caithfimid leas níos fearr a bhaint as na mórdheiseanna a ghabhann le teicneolaíochtaí digiteacha, óir níl teorainn leis na teicneolaíochtaí sin. Chun sin a dhéanamh, caithfidh sé a bheith de mhisneach againn srianta náisiúnta a bhriseadh, na srianta sin atá curtha ar bun i réimse na rialála teileachumarsáide, sa reachtaíocht maidir le cóipcheart agus cosaint sonraí, i mbainistiú aerthonnta raidió, agus i gcur i bhfeidhm dhlí na hiomaíochta."

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

Tá an t-idirlíon agus teicneolaíochtaí digiteacha ag déanamh athrú ó bhonn ar an saol. Sa lá atá inniu ann is féidir linn breathnú ar an gclár teilifíse is fearr linn beo ar ár bhfón cliste agus muid ag siúl na sráideanna; a bhuí leis an idirlíon, is féidir linn earraí a ordú nó bia a ordú ón siopa, agus muid sa bhaile; is féidir linn a bheith ag plé leis na seirbhísí poiblí ar líne. Amárach, beidh tú in ann leabhar a léamh agus an carr do do thiomáint go teach cara leat; déanfaidh an cuisneoir bia a ordú go díreach ón ollmhargadh duit; agus má dhéanann do sheanmháthair dearmad a cuid cógas a chaitheamh, cuirfear fios láithreach ar a dochtúir. Is é is ciall leis an réabhlóid dhigiteach go mbeidh rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí nua a shimpleoidh an saol do shaoránaigh agus a chruthóidh deiseanna nua do ghnólachtaí. Ní mór don Eoraip glacadh go fonnmhar leis an todhchaí dhigiteach sin trí úsáid a bhaint as fairsinge mhargadh aonair an Aontais. San am i láthair, ceiltear earraí agus seirbhísí ar shaoránaigh de dheasca bacainní ar líne: ní cheannaíonn ach 15% de mhuintir na hEorpa earraí ó Bhallstáit eile agus ní dhíolann ach 7% d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide a gcuid earraí i dtíortha eile. I mí na Bealtaine 2015, chuir an Coimisiún i láthair a straitéis chun margadh aonair digiteach a chur ar bun. D'fhéadfadh margadh aonair digiteach €415 billiún in aghaidh na bliana a ghiniúint sa gheilleagar agus na céadta míle post a chruthú. Ar an gcéad dul síos, de bharr an mhargaidh aonair dhigitigh beidh teacht níos fusa ag tomhaltóirí agus ag gnólachtaí ar earraí digiteacha agus ar sheirbhísí ar fud na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún deireadh leis na bacainní a choisceann ort i láthair na huaire péire bróg, cuir i gcás, a cheannach ar líne ó shiopa atá bunaithe i mBallstát eile. Chomh maith leis sin, féachfaidh an Coimisiún chuige go bhféadfaidh tú, agus tú ag taisteal thar sáile, breathnú ar na cláir theilifíse go léir is maith leat ar an gcainéal is ansa leat, amhail is dá mbeifeá sa bhaile. Chomh maith leis sin, déanfaidh an Coimisiún deimhin de go mbeidh cúinsí sa dóigh is go dtiocfaidh forbairt ar líonraí digiteacha agus go dtiocfaidh borradh faoi sheirbhísí nuálaíocha. Ciallaíonn sin go mbeidh rochtain agat ar an idirlíon, is cuma cén áit a bhfuil tú, fiú amháin más sna sléibhte nó i gceantair iargúlta atá tú, agus sin ar phraghas réasúnta.

Ina theannta sin, féachfaidh an Coimisiún le tuilleadh gnéithe dár sochaí agus dár ngeilleagar a dhéanamh digiteach, go háirithe trí chaighdeáin idir-inoibrithe a chur chun cinn. Is é an cuspóir atá ag an gCoimisiún an saol a shimpliú do shaoránaigh trí ghléasanna leictreonacha a dhéanamh comhoiriúnach le chéile, gléasanna trína mbeidh teacht ag daoine ar na seirbhísí uile ar líne a theastaíonn uathu, cuir i gcás scoileanna a gcuid páistí, an t-ospidéal nó an soláthróir gáis. Rinneadh bearta tábhachtacha cheana féin in 2015. Tá gealltanas tugtha ag institiúidí an Aontais go gcuirfear deireadh le táillí fánaíochta agus go mbeidh idirlíon oscailte ann. In 2005, b’éigean do dhaoine oiread le €5 in aghaidh an nóiméid a íoc as glao ón gcoigríoch a chur ar uimhir ina dtír dhúchais. Ó tugadh isteach rialacha an Aontais i gcoinne táillí fánaíochta, tá mórlaghdú tagtha ar na costais a bhíonn ar thomhaltóirí. In 2007, is é €0.49 in aghaidh an nóiméid an teorainn a bhí ar tháillí fánaíochta; san am i láthair is é €0.19 an teorainn sin. Faoi Mheitheamh 2017 beidh deireadh ar fad le táillí fánaíochta, is é sin le rá nuair a chuirfidh tú glao ar chairde nó ar ghaolta leat, nó nuair a íoslódálfaidh tú pictiúir nó scannán, cosnóidh sé an oiread céanna agus a chosnódh sé sa bhaile, is cuma cá háit san Eoraip a mbeidh tú. De réir na rialacha nua, ní bheidh cead ag do sholáthróir seirbhísí idirlín cosc a chur ort aon seirbhís idirlín atá uait a rochtain. Na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta atá á n-ullmhú againn, ba cheart go mbeidís réidh faoi dheireadh 2015. An uair sin beidh teacht níos fusa agat ar do chuid sonraí, agus ar athrú do chuntas ríomhphoist duit beidh tú in ann do chuid sonraí a aistriú ón seanchuntas go dtí an cuntas nua. Beidh sé níos fusa agat do chuid gnóthaí ar líne a bhainistiú, agus beidh sé de cheart do chuid sonraí a ligeani ndearmad agus pictiúir a phostáil tú sna meáin shóisialta na blianta ó shin a scriosadh. Lena chois sin, beidh ráthaíocht agat go gcosnófar do chuid sonraí pearsanta de réir rialacha an Aontais, fiú amháin nuair is faoi chúram comhlachtaí nach bhfuil bunaithe san Aontas a bheidh siad.

2. Margadh Aonair Digiteach Idirnasctha

Page 4: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

4 teamJunckerEU

3. Aontas Fuinnimh Buanseasmhach

maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach um an Athrú Aeráide

"Is rí-shoiléir dúinn ó imeachtaí geopholaitiúla na haimsire seo go bhfuil an Eoraip ag brath an iomarca ar iompórtáil breosla agus gáis. Ar an ábhar sin teastaíonn uaim beartas fuinnimh na hEorpa a athchóiriú agus a atheagrú ina Aontas Fuinnimh Eorpach nua."

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

Ní mór dúinn tabhairt go práinneach faoi eagar a chur ar an mol mí-ordúil de bheartais fuinnimh agus aeráide atá ar fud na 28 mBallstát. I mí Feabhra 2015 chuir an Coimisiún i láthair bearta mionsonraithe le haghaidh Aontas Fuinnimh a bhfuil dhá chuspóir aige – laghdú na n-astaíochtaí a chuireann dlús faoi na hathruithe aeráide, agus córais fuinnimh a dhéanamh níos sláine, níos inbhuanaithe agus níos iontaofa. Chuige sin ní mór bonneagair a chomhcheangal agus na margaí a idirnascadh ionas go mbeidh fuinneamh in ann sreabhadh gan bhac thar teorainneacha. Ní mór eangacha a dhearadh ar chaoi a bhféadfar an leictreachas a ghintear ar fheirmeacha gaoithe an Atlantaigh, nó ar fheirmeacha grianfhuinnimh na machairí, a sheachadadh agus ar an gcaoi sin cumhacht níos saoire a sholáthar do na láithreáin thionsclaíocha agus do theaghlaigh, an áit is mó a bhfuil sí ag teastáil. Ba é sin ba bhonn leis an gcomhaontú a rinne an Coimisiún i Márta 2015 leis an bhFrainc, an Spáinn, agus an Phortaingéil arb é is cuspóir dó na naisc eangaí ar Leithinis na hIbéire a neartú. Thacaigh sé freisin leis an Iodáil agus le Málta, agus mar thoradh air sin críochnaíodh, in Aibreán 2015, cábla a cheangail eangach Mhálta leis an bpríomheangach. Ní tharlóidh gearradh leictreachais chomh minic céanna as seo amach ós rud é nach bhfuil Málta scoite ó taobh fuinnimh de, níos mó. Rinne an Coimisiún an Plean Idirnaisc don Mhargadh Baltach Fuinnimh a uasghrádú chun eangach leictreachais an limistéir sin den Aontas a thabhairt níos cóngaraí do mhargaí na hEorpa. Neartóidh seo an tslándáil fuinnimh sna Stáit Bhaltacha. Ar an gcaoi chéanna, ó mhí Feabhra i leith, tá an Coimisiún ag obair le tíortha na hEorpa Láir agus Thoir-Theas chun líonraí a cheapadh a ráthóidh an soláthar gáis i gcás go gcuirfí isteach ar an iompórtáil. I mí Iúil, chuir an Coimisiún i láthair tograí chun cuidiú le tomhaltóirí tairbhe a bhaint as teicneolaíochtaí nua a laghdóidh a gcuid billí. Ar an gcéad dul síos, mhol sé an lipéad um thíosacht ar fhuinneamh a dhéanamh níos soléite agus dreasachtaí a thabhairt do mhonaróirí ionas go ndéanfaidís fearais atá níos tíosaí ar fhuinneamh a dhearadh agus a dhíol. A luaithe a bheidh siad i bhfeidhm beidh an méid fuinnimh bhreise a bheifear a choigilt ar aon dul leis an méid fuinnimh atá na trí stát Bhaltacha, an t-iomlán acu, a ídiú sa lá atá inniu ann.

Ar an dara dul síos, chuir sé bearta i láthair chun tacú le tomhaltóirí ar mhaith leo méadair chliste a úsáid ina dtithe. Cuidíonn na méadair seo an t-ídiú a bhainistiú, agus déanann siad níos éasca é comparáid a dhéanamh idir praghsanna na soláthróirí. I mí Iúil, freisin, thosaigh an Coimisiún ag cur na margaí leictreachais in oiriúint d'fhoinsí nua táirgthe fuinnimh, foinsí in-athnuaite mar shampla, agus d'athchóirigh sé Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Is éard is cuspóir dó sin dreasacht a thabhairt do na tionscail dianfhuinnimh ionas go ndéanfaidís a gcuid monarchana a nuachóiriú agus go mbainfidís úsáid as réitigh nuálacha le hastaíochtaí carbóin a laghdú agus a ghabháil. Tá an t-aistriú go geilleagar ísealcharbóin ag cur borradh faoin nuálaíocht. Sa lá atá inniu ann tá 78 milliún Eorpach ag baint leasa as fuinneamh in-athnuaite; is ionann sin agus an ceathrú cuid den fhuinneamh a ídítear san Aontas. Tá breis is milliún duine fostaithe in earnáil an fhuinnimh inathnuaite agus gineann sí láimhdeachas €130 billiún; is easpórtálacha €35 billiún de sin. I láthair na huaire tá 40% de na paitinní uile do theicneolaíochtaí in-athnuaite i seilbh comhlachtaí Eorpacha. Tá tiomáint chomh mór faoin dul chun cinn teicneolaíoch agus gur mó deiseanna atá ann don teicneolaíocht ghlas sa trádáil dhomhanda. I ngeall ar charranna agus eitleáin leictrea-chumhachtaithe an lae amárach beidh gá le fiontraíocht i dteicneolaíochtaí nua a chuirfidh borradh faoin aistriú go córas ísealcharbóin, amhail fearais chliste, grianchumhacht agus cadhnraí leictreacha. Is chuige sin atá fócas straitéiseach curtha ar dhá rud i gcur chun feidhme an Aontais Fuinnimh – ar thaighde agus nuálaíocht, agus ar an Aontas Eorpach a chur ar thús cadhnaíochta sa domhan maidir le fuinneamh in-athnuaite. Leis an gcomhghníomhaíocht sin, is fusa don Aontas a ghealltanas a chomhlíonadh maidir le laghdú 40%, ar a laghad, a dhéanamh ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa faoin mbliain 2030. Is comhartha soiléir é sin go bhfuil rún againn bheith inár n-eiseamláir cheannaireachta agus is tráthúil an comhartha é óir beidh Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i bPáras an Nollaig seo chugainn.

Page 5: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

5 teamJunckerEU

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

4. Margadh Inmheánach Níos Doimhne agus Níos Cothroime

a bhfuil Bonn Tionsclaíoch Níos Láidre aige

"Agus an domhandú ag cruinniú nirt lá i ndiaidh lae, is é ár margadh inmheánach an acmhainn

is láidre atá againn san Eoraip. Ar an ábhar sin teastaíonn uaim go gcuirfeadh an chéad

Choimisiún eile breis nirt sa mhargadh inmheánach agus go mbainfidís an leas is mó as, ar gach

dóigh is féidir."

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014 Tá feabhas á chur ag an gCoimisiún Eorpach ar an Margadh Inmheánach i réimse an chánachais, an airgeadais, agus earraí agus seirbhísí. Chun go bhfeidhmeodh an margadh aonair go maith, tá sé thar a bheith tábhachtach a chinntiú go n-íocfaidh gach comhlacht atá gníomhach san Eoraip a chion cothrom de chánacha. Táimid ag cinntiú nach mbeidh comhlachtaí ábalta teacht i dtír ar dhifríochtaí agus lúba ar lár sna córais náisiúnta cánachais. D'iarramar ar na Ballstáit uile faisnéis a chur ar fáil faoi shocruithe cánach agus cuirfear roinnt dian-imscrúduithe i gcrích an fómhar seo. I Márta 2015 mholamar comhaontú ar mhalartú uathoibríoch faisnéise idir Ballstáit maidir lena socruithe cánach agus táimid ar ár seacht ndícheall anois, i gcomhar le hUachtaránacht na Comhairle, lena thabhairt i gcrích faoi dheireadh na bliana. I Meithimh 2015 lainseálamar an Plean Gníomhaíochta um Cháin Chorparáideach Chothrom agus Éifeachtúil. Tá sé bunaithe ar an bprionsabal gur cheart do chomhlacht cánacha a íoc sa tír ina ngineann an comhlacht sin brabús. I bhfianaise an méid sin lainseáladh an athuair an obair atá ar siúl ar chomhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáideach. Chomh maith leis sin tá an Coimisiún ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun na modúlachtaí do Cháin ar Idirbhearta Airgeadais a ghlacadh. Nuair a bheidh sé sin curtha i gcrích beidh na hinstitiúidí in ann tabhairt faoi fheabhas mór a chur amach anseo ar a gcuid comhoibre i réimse an chánachais. Tá Aontas na Margaí Caipitil fíor-riachtanach le haghaidh cobhsaíocht airgeadais agus fágfaidh sé níos fusa é do ghnólachtaí, idir bheag agus mhór, sochar a bhaint as margaí caipitil agus teacht ar an maoiniú atá de dhíth orthu chun borradh a chur faoina gcuid gníomhaíochtaí, agus chomh maith leis sin cuirfidh sé dlús faoi infheistíocht trasteorann agus infheistíocht sa bhonneagar. Tar éis comhairliúcháin a lainseáladh i mí Feabhra 2015, beidh Plean Gníomhaíochta agus tograí mionsonraithe á gcur ar fáil ar ball beag, lena n-áirítear reachtaíocht faoi urrúsú slán, caighdeánaithe agus trédhearcach, muirir chaipitil laghdaithe ar infheistíochtaí sa

bhonneagar agus athbhreithniú ar reachtaíocht an Réamheolaire. Mura ndéanfaí ach na margaí urrúsaithe a athbheochan d’fhágfadh sé go mbeadh na bainc ábalta suim bhreise creidmheasa de €100 billiún, nó faoin tuairim sin, a thabhairt don earnáil phríobháideach. Sna míonna beaga seo amach romhainn, lainseálfaidh an Coimisiún a Straitéis um an Margadh Inmheánach d'earraí agus seirbhísí lena n-áirítear bearta chun gníomhaíochtaí trasteorann a éascú agus na slabhraí luacha Eorpacha agus domhanda a chomhtháthú, chun aitheantas frithpháirteach a fheabhsú, bearta a chomhchuibhiú agus a chaighdeánú, agus chun na rialacha a fhorfheidhmiú níos fearr. Níl ach aidhm amháin leis na gníomhaíochtaí sin uile: an saol a shimpliú agus níos mó deiseanna a thabhairt do thomhaltóirí, gnólachtaí, fiontraithe agus d’údaráis phoiblí agus iad i mbun infheistíocht, ceannach agus díol earraí agus seirbhísí i Margadh Inmheánach na hEorpa. De bhreis air sin, cuirfidh an Coimisiún Pacáiste maidir le Soghluaisteacht an Lucht Saothair i láthair. Tacóidh an Pacáiste sin le soghluaisteacht an lucht saothair, neartóidh sé an tairseach gréasáin um shoghluaisteacht ó phost go chéile (EURES) agus an comhar idir seirbhísí fostaíochta, agus rachaidh sé i ngleic lena mí-úsáid, trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar na córais slándála sóisialta agus trí athbhreithniú spriocdhírithe a dhéanamh ar an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú chun a chinntiú nach dtarlóidh aon dumpáil shóisialta san Aontas.

Page 6: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

6 teamJunckerEU

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

5. Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Níos Doimhne agus Níos Cothroime

"Sna cúig bliana amach romhainn, teastaíonn uaim leanúint den athchóiriú atá á dhéanamh againn ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta chun cobhsaíocht ár n-airgeadra aonair a chosaint agus chun feabhas a chur ar an gcóineasú atá á dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, fhioscacha agus margaidh saothair na mBallstát sin a bhfuil an t-airgeadra aonair acu."

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

Tá ceachtanna foghlamtha againn ón ngéarchéim. I Meitheamh 2015, chuir an tUachtarán Jean-Cluade Juncker treochlár uaillmhianach, ach pragmatach, i láthair: treochlár maidir le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a chomhlánú. Agus an treochlár sin á ullmhú aige, d'oibrigh sé i ndlúthchomhar le hUachtarán Chruinniú Mullaigh an Euro, Donald Tusk, le hUachtarán an Ghrúpa Euro, Jeroen Dijsselbloem, le hUachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Mario Draghi, agus le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Martin Schulz. Is ar an ábhar sin a ghairtear an Tuarascáil ón gCúigear Uachtarán den treochlár agus is éard atá ann moltaí maidir le bearta nithiúla is féidir a dhéanamh chun an fhís atá againn a fhíorú, is é sin aontas eacnamaíoch, airgeadais, fioscach agus polaitiúil níos doimhne agus níos cothroime. I gCéim a hAon ('Dul níos doimhne trí bhearta a dhéanamh') – idir 2015 agus 2017 – táimid ag cur leis na hionstraimí atá ann cheana agus ag baint an leasa is fearr is féidir as na Conarthaí mar atá siad. I gCéim a Dó ('Ailtireacht AEA a chomhlánú'), seolfar bearta níos forleithne le go mbeidh an próiseas cóineasaithe níos ceangailtí; déanfar sin le, mar shampla, sraith tagarmharcanna comhaontaithe maidir le cóineasú, tagarmharcanna ar de chineál dlíthiúil iad. Ag an tráth céanna, chruthófaí sásra coiteann um chobhsú maicreacnamaíoch ionas gurbh fhearr a bheifí in ann déileáil le suaitheadh nach bhféadfaí a láimhseáil ar an leibhéal náisiúnta, agus bhunófaí státchiste do limistéar an euro. Déanfar na chéad tograí nithiúla faoi chéim a haon a chur i láthair roimh i bhfad. Orthu sin tá bearta a bheidh dírithe ar Scéim Eorpach i leith Árachas/Athárachas Taiscí, cur chuige nua i leith an tSeimeastair Eorpaigh, togra maidir le hionadaíocht níos aontaithe thar ceann an limistéir euro in institiúidí agus comhdhálacha idirnáisiúnta airgeadais (amhail an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta). Ar na bearta sin tá freisin athbhreithniú spriocdhírithe agus cobhsaíocht-dhírithe ar reachtaíocht an phacáiste sé thogra agus an phacáiste dhá thogra. Neartóidh agus simpleoidh sé sin an rialachas eacnamaíoch agus cuirfidh sé feabhas ar an gcomhphlé daonlathach idir an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa maidir leis an Suirbhé Bliantúil Fáis agus maidir le cur chun feidhme na gClár Tacaíochta Cobhsaíochta. Oibreoidh an Coimisiún freisin chun colún de chearta sóisialta a chur le chéile, rud a chuirfidh

breis téagair i rialacha an Aontais Eorpaigh, d'fhonn comhphrionsabail agus tagarmharcanna a aithint a chuideoidh cóineasú níos doimhne a bhaint amach de réir a chéile i gcúrsaí fostaíochta agus i bhfeidhmíocht shóisialta. Bhí ról lárnach ag an gCoimisiún sna cainteanna a bhain le cobhsaíocht airgeadais sa Ghréig. Mar atá foráilte sa Chonradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), cuireadh de chúram ar an gCoimisiún, i gcomhar le BCE agus in éineacht leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a mhéad is ab fhéidir é, Meamram Comhthuisceana a chaibidliú leis an nGréig chun Clár Tacaíochta Cobhsaíochta nua a ullmhú. An 19 Lúnasa 2015, tar éis na míonna de chaibidlíocht, síníodh an Meamram Comhthuisceana thar ceann an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh. Chomh maith leis sin d'fhoilsigh an Coimisiún an measúnú a rinne sé ar an tionchar sóisialta a bheadh ag an gclár. Agus beidh ról lárnach ag an gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir. In Iúil 2015, d'eisigh an Coimisiún Plean Fostaíochta agus Fáis don Ghréig chun cuidiú leis an tír sin an leas is fearr is féidir a bhaint as cistí an Aontais Eorpaigh. D'fhéadfaí €35 billiún a chur ar fáil níos luaithe chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus i ngnólachtaí, rud a bheadh ina spreagadh mór breise ag an ngeilleagar. In Iúil 2015 bhunaigh an Coimisiún an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach ar mhaithe leis an tacaíocht a neartú agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe struchtúracha agus riaracháin a chuireann le fás a chur chun feidhme. Oibreoidh an tseirbhís sin i gcomhar le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta chun taithí a chomhthiomsú agus dea-chleachtais a mhalartú ar fud na hEorpa.

Page 7: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

7 teamJunckerEU

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

6. Comhaontú Saorthrádála Cothrom Réasúnta

le Stáit Aontaithe Mheiriceá

"Le linn mo thréimhse mar Uachtarán, déanfaidh an Coimisiún comhaontú trádála cothrom réasúnta a chaibidliú le Stáit Aontaithe Mheiriceá, de mheon na hiontaoibhe frithpháirtí agus na trédhearcachta. [...] Is mian liom a rá go soiléir nach ngéillfear puinn, fiú dá mba ar son na saorthrádála é, i dtaca lenár gcuid caighdeán sábháilteachta, sláinte, cosanta sóisialta agus sonraí, ná i dtaca lenár n-éagsúlacht chultúrtha."

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

Tar éis dul i mbun dianchomhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit, na Parlaimintí náisiúnta agus leis an tsochaí shibhialta, thug Coimisiún Juncker sporadh nua don chaibidlíocht i dtaobh na Comhpháirtíochta Trádála agus Infheistíochta Trasatlantaí (CTIT) leis na Stáit Aontaithe.

Chuir an Coimisiún leibhéal níos airde trédhearcachta i bhfeidhm agus chuireamar doiciméid thábhachtacha ar fáil don phobal. Ar na doiciméid sin bhí 13 thogra théacsúla dlí agus 16 phlépháipéar faoi sheasaimh. Bhunaíomar Grúpa Comhairleach neamhspleách maidir le CTIT. Ar chomhaltaí an ghrúpa sin tá ionadaithe thar ceann lucht gnó agus ceardchumainn, comhlachtaí tomhaltóirí agus grúpaí comhshaoil agus sláinte poiblí; tá siad ann le gur féidir leas a bhaint as a gcuid saineolais chun babhtaí caibidlíochta a ullmhú.

Is éard a dhéanfaidh an comhaontú sin borradh a chur faoin ngeilleagar, poist a chruthú, fíorshochair a thabhairt do thomhaltóirí agus cabhair a thabhairt do ghnólachtaí, go háirithe gnólachtaí beaga agus meánmhéide, le go bhféadfaidh siad earraí a onnmhairiú go SAM nó infheistíocht a fháil ó SAM. Cuirfidh CTIT borradh nua faoin gcomhpháirtíocht eacnamaíoch agus straitéiseach is tábhachtaí ar domhan agus méadóidh sé an tionchar atá ag an Eoraip ar an leibhéal domhanda trí chaighdeáin a leagan síos.

Athdhearbhóidh an Eoraip na hardchaighdeáin atá aige maidir le sábháilteacht bia, sláinte, cosaint shóisialta agus sonraí, agus éagsúlacht chultúrtha. Athdhearbhaíodh agus comhaontaíodh na spriocanna sin i mí an Mhárta seo caite i gcomhráiteas a thug an tAontas Eorpach agus SAM i dtaobh seirbhísí poiblí. Fearacht gach comhaontaithe trádála eile, ráthóidh CTIT go mbeidh sé de chumas ag rialtais de chuid an Aontais Eorpaigh rialacháin a ghlacadh nó a chothabháil le hardchaighdeán seirbhísí a ráthú agus cuspóirí tábhachtacha a bhaineann leis an leas poiblí, e.g.

cosaint sláinte, sábháilteacht, nó an comhshaol, a chosaint.

Seasfaidh an Coimisiún lena fhocal freisin maidir le córas athchóirithe um chosaint infheistíochtaí a chruthú, córas a chumhdóidh an ceart atá ag na rialtais dul i mbun rialála agus nach gcuirfidh srian de chineál ar bith ar dhlínse chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Faoi CTIT is é an cuspóir atá againn dul i dtreo córas binsí fiosrúcháin a fheidhmeoidh ar nós cúirteanna traidisiúnta. Tá an Coimisiún tiomanta freisin dul chun cinn a dhéanamh maidir le Cúirt Bhuan Idirnáisiúnta Infheistíochta a chruthú.

Tá sé beartaithe an 11ú babhta caibidlíochta a bheith ann i nDeireadh Fómhair 2015. Tá an Coimisiún ullamh i gcónaí chun comhaontú a thabhairt i gcrích le linn thréimhse oifige an Uachtaráin Barack Obama.

Tá an Coimisiún ullamh freisin chun dlús a chur leis an gcaibidlíocht, mar a d'iarr an Chomhairle Eorpach agus le tacaíocht ríthábhachtach Pharlaimint na hEorpa. Beidh tús áite ag an tsubstaint ar an luas, ar ndóigh. Ní thabharfaidh an Coimisiún comhaontú i gcrích faoi dheifir mura gcomhlíonfaidh an comhaontú na coinníollacha uile, coinníollacha a leagadh amach go soiléir.

Page 8: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

8 teamJunckerEU

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

7. Limistéar de Cheartas agus de Chearta Bunúsacha

atá bunaithe ar Mhuinín Fhrithpháirteach

"Tá sé i gceist agam úsáid a bhaint as sainchumas an Choimisiúin chun seasamh lenár gcomhluachanna, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha, laistigh d'ár réimse inniúlachta, agus éagsúlacht na dtraidisiún bunreachtúla agus cultúrtha sna 28 mBallstát á gcur san áireamh mar is cuí."

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

Is dúshláin slándála iad an sceimhlitheoireacht, an choireacht eagraithe agus an chibearchoireacht atá casta agus athraitheach agus atá beag beann ar theorainneacha na hEorpa. Tugann na himeachtaí drámatúla atá ag titim amach i mbliana, amhail na hionsaithe a tharla i bPáras, i gCóbanhávan agus le deireanas ar an traein thrasteorann Thalys, tugann siad dúshlán na hEorpa, dúshlán a rachadh de thíortha aonair iad a shárú ina n-aonar, agus beidh gá le cur chuige Eorpach atá comhordaithe agus comhoibríoch. Ní foláir do mhuintir na hEorpa bheith muiníneach go bhfuil a gcuid saoirse agus slándála á gcosaint go maith, cibé áit ina bhfuil siad san Eoraip. In Aibreán 2015, ghlac an Coimisiún ról ceannais nuair a chuir sé Clár Oibre an Aontais maidir le Slándáil i láthair, clár lena ndírítear ar na réimsí ina ndéanann an tAontas difear. Is é an Clár Oibre seo is bunús leis an gcomhoibriú agus leis an gcomhghníomhaíocht a dhéanfar ó seo go ceann cúig bliana. Leagtar béim láidir ar mhalartú eolais agus ar chomhar póilíneachta agus breithiúnach. Sa chomhthéacs seo, ghlac an Coimisiún bearta nua chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Leis an bhfeabhas a cuireadh ar Chóras Faisnéise Schengen tá sé anois ar chumas na n-údarás náisiúnta eolas a mhalartú faoi dhaoine a chuaigh le grúpaí sceimhlitheoireachta lasmuigh don Aontas. Táimid ag brú chun go nglacfaidh na comhreachtóirí dlíthe tábhachtacha, amhail an Treoir ón Aontas maidir le Taifead Ainmneacha Paisinéirí, leasú Europol agus Eurojust chomh maith le leasú dhlíthe an Aontais maidir le Cosaint Sonraí. Tá bearta déanta againn chun cur i gcoinne an radacaithe, chun maoiniú sceimhlitheoireachta a chur ar ceal agus chun inniúlachtaí Europol a fheabhsú. Gluaisfimid ar aghaidh anois, gan aon mhoill, chun an creat dlíthiúil maidir le hairm tine a threisiú. Meastar go bhfuil 80 milliún arm tine i seilbh dhlíthiúil ag gnáthshaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus go bhfuil leathmhilliún díobh sin, beagnach,

caillte nó goidte agus gan tásc ná tuairisc orthu. Ní foláir stop a chur le trádáil neamhdhleathach arm tine ar fud na hEorpa. D'fhonn cur i gcoinne monarú agus gáinneáil arm tine feabhsóidh an Coimisiún na rialacha maidir le marcáil, clárú agus malartú eolais ionas go mbeidh sé níos éasca goid nó cailleadh arm tine a bhrath. Tá an Coimisiún ar tí an bratchomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le cosaint sonraí a chur i gcrích, comhaontú lena ndéantar, go háirithe, foráil go mbeidh sásamh breithiúnach ar fáil do shaoránaigh an Aontais sna Stáit Aontaithe. Cosnófar leis an gcomhaontú seo sonraí pearsanta a aistrítear idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a fhiosrú agus a ionchúiseamh; áirítear an sceimhlitheoireacht ar na cionta sin. Tá an Coimisiún ag brú chun go nglacfar an togra maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh chun calaois a dhéantar san Aontas, agus a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

Page 9: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

9 teamJunckerEU

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

"Na tubaistí uafásacha a tharla le déanaí i réigiún na Meánmhara, léiríonn siad go gcaithfidh an Eoraip bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce, agus ar gach gné di. Thar aon rud eile is dualgas daonnúil atá ann. Táim deimhin de go gcaithfimid oibriú i gcomhar le chéile de mheon dlúthpháirtíochta."

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

Tá an imirce agus na gluaiseachtaí atá faoi dídeanaithe ar na dúshláin is mó atá roimh an Aontas Eorpach. Tá 44% de mhéadú – ó 435,000 in 2013 go 626,000 in 2014 – tar éis teacht ar an lucht iarrtha tearmainn atá cláraithe ar fud an Aontais. Tá méadú an-mhór tar éis teacht ar líon na dtrasnuithe teorann neamhúdaraithe; sna chéad chúig mhí de 2015 áiríodh 153,000 imirceach ag teorannacha seachtracha na hEorpa. Méadú de 149% is ea é seo ar an líon a áiríodh sa tréimhse chéanna in 2014.

Tá beart déanta againn maidir le freagairt Eorpach. I mí na Bealtaine, chuir an Coimisiún an Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce i láthair agus chuir siad céadbhearta an Chláir sin chun feidhme. Táimid tar éis bearta gasta a dhéanamh chun an ghéarchéim a mhaolú. Chuireamar teannadh crua ar na líonraí smuigleála. Le cuidiú shócmhainní na mBallstát mhéadaíomar ár láithreacht sa Mheánmhuir rud a d'fhág go raibh ar ár gcumas níos mó ná 120,000 duine a thárrtháil.

Ghníomhaigh an Coimisiún go gasta agus dheimhníomar go láidir, arís is arís eile, go gcaithfear dul i muinín cur chuige il-Eorpach. Gach uile lá, tá tuilleadh dídeanaithe ag sroicheadh ár gcóstaí agus ár dteorannacha. Is soiléir go gcaithfidh an tAontas gníomhú, agus gníomhú ar dhóigh a bheidh bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar chomhfhreagracht.

I mí na Bealtaine 2015, mholamar cuidiú leis an Iodáil agus leis an nGréig, agus 40,000 duine a shroich cóstaí na dtíortha sin a athlonnú i mBallstáit eile chun go ndéanfaí a n-iarratais ar thearmann a phróiseáil. Tá na Ballstáit ag tacú lenár dtogra daoine ó champaí dídeanaithe lasmuigh den Aontas Eorpach a athlonnú agus athlonnóimid gan mhoill níos mó ná 22,000 dídeanaí.

Caithfimid tuilleadh a dhéanamh. Chun déileáil leis an éigeandáil atá ann faoi láthair i ngéarchéim na ndídeanaithe, mholamar ar an 9 Meán Fómhair 2015 120,000 dídeanaí breise a athlonnú ón Iodáil, ón nGréig agus ón Ungáir. Is éard atá anseo cuid de phacáiste de bhearta níos leithne, lena n-airítear liosta tíortha tionscnaimh sábháilte, meicníocht

buan-athlonnaithe a chuirfear ar siúl go huathoibríoch i gcás éigeandálaí eile amach anseo, agus gníomhaíocht taidhleoireachta chun na tíortha a bhfuil na dídeanaithe ag teitheadh uathu a chobhsú.

Táimid tar éis méadú faoi dhó a dhéanamh ar an maoiniú – ó €25 mhilliún go €50 milliún in aghaidh na bliana – chun cuidiú leis na Ballstáit is mó atá buailte ag an éigeandáil. Faoin gcur chuige nua 'láithreacha práinne', tá gníomhaireachtaí de chuid an Aontais ag obair as lámh le húdaráis náisiúnta ar an láthair chun dídeanaithe a aithint ar theacht isteach dóibh, chun iad a chlárú agus a méarloirg a ghlacadh go tapa. Ar na gcaoi seo, is féidir linn na daoine go léir nach bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu a chasadh ar ais.

Mhol an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun brostú le himscrúdú agus ionchúiseamh líonraí coiriúla smuigléirí agus mhol sé Comhbeartais Slándála agus Cosanta chun faisnéis a chruinniú agus tar a éis sin soithí na smuigléirí a cheapadh agus a scriosadh.

An chomhpháirtíocht le tíortha tionscnaimh agus le tíortha idirthurais, tá sí ríthábhachtach i dtaca le deiseanna forbartha agus cúnaimh. Ar an ábhar sin beidh an tAontas ag cur oifigigh idirchaidrimh imirce ar dualgas i dToscaireachtaí de chuid an Aontais agus cuirfidh sé €96.8 billiún de chúnamh comhoibrithe seachtrach ar fáil don tréimhse 2014–2020.

8. I dTreo Beartas Nua maidir le hImirce

Page 10: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

10 teamJunckerEU

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

9. Gníomhaí Domhanda Níos Láidre

"Ní mór don Eoraip bheith níos láidre ó thaobh na mbeartas seachtrach de. I bhfianaise ghéarchéim na hÚcráine agus dhálaí an Mheánoirthir, ar ábhar imní iad, is léir a thábhachtaí atá sé go mbeidh aon seasamh amháin ag an Eoraip maidir le cúrsaí seachtracha."

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

Bhí ról lárnach ag an Aontas Eorpach i gcoimeád chobhsaíocht agus iomláine na hÚcráine. Thug sé tacaíocht nár thug riamh roimhe chun geilleagar na hÚcráine a chobhsú, €3.41 billiún i dtrí chlár macra-airgeadais san áireamh. Tá an cúnamh sin ceangailte d'athchóirithe ríthábhachtacha. Le beartais an Aontais, rinneadh a chinntiú go ndearnadh dul chun cinn i leith urramú an smachta reachta, i leith an chomhraic i gcoinne éilliú, agus i leith éifeachtacht agus trédhearcacht earnáil an fhuinnimh. Rinne an tAontas idirghabháil i gcainteanna maidir le soláthar an gháis ón Rúis go dtí an Úcráin chun a chinntiú go mbeidh a dóthain soláthairtí ag an Úcráin chun an geimhreadh a chur isteach agus go mbeidh na soláthairtí chuig an Aontas cobhsaí fós. Chun an cinneadh a rinne an Úcráin ar son na hEorpa a dhaingniú, sheas an tAontas an fód agus d'éiligh sé go dtiocfadh an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2016. Sna Balcáin Thiar, chuidigh an tAontas leis an iarracht comhaontuithe tabhachtacha idir Béalgrád agus Pristine a thabhairt i gcrích, comhaontuithe a bhí ina gcéim mhór chun cinn i bpróiseas normalaithe an chaidrimh idir an dá thír. Déanfaidh comhaontuithe maidir le saorghluaiseacht pobal agus soláthar fuinnimh, mar shampla, saol na saoránach a fheabhsú. Lena chois sin, bhí ról lárnach ag an Aontas i mbróicéireacht comhaontaithe atá dírithe ar dheireadh a chur leis an ngéarchéim pholaitiúil agus pharlaiminteach in Iarphoblacht Iúgslavach na Macadóine. Rinneadh dul chun cinn freisin maidir le tíortha laistigh den réigiún sin a nascadh le chéile níos fearr trí thionscadail infheistíochta tosaíochta. Le bliain anuas, tá an tAontas ina fhórsa cobhsaithe láidir sa réigiún. Tacaíonn an tAontas go gníomhach le stáit dhaonlathacha agus le geilleagair atá ag críochantacht lena theorainneacha thoir agus theas, agus tá athbhreithniú ar a bheartas comharsanachta ar siúl aige faoi láthair chun gur fearr a fhreagróidh sé do dhúshláin agus géarchéimeanna ar leac an dorais aige. Bhí comhairliúchán poiblí leathan,

cruinnithe mullaigh, cruinnithe airí agus comhdhálacha ina gcuid den phróiseas sin, agus tabharfar chun críche é i mí na Samhna 2015. Sa Mheánoirthear, bhí ról lárnach ag an Aontas i mbaint amach comhaontaithe stairiúil maidir le spriocanna síochánta chlár núicléach na hIaráine. Mhair an idirbheartaíocht dheacair sin níos mó na deich mbliana. Is é an tAontas, fós, príomhdheontóir an domhain i dtaca le cúnamh forbartha agus daonnúil. Sa bhiain 2014 amháin, chomhsholáthair an tAontas agus a Bhallstáit €58.2 billiún de chúnamh forbartha chun cuidiú le tíortha comhpháirtíochta. Bhí tionchar ag beartais an Aontais maidir le Díothú na Bochtaineachta ar Chlár Oibre Addis Ababa agus ar Chlár Oibre 2030 le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe. Maidir le slándáil agus cosaint, thosaigh an tAontas ag cuidiú le tíortha comhpháirtíochta a n-earnálacha slándála a fhorbairt chun timpeallacht chobhsaí a chruthú le haghaidh a bhforbartha. Tá dlúthbhaint idir an tslándáil agus díothú na bochtaineachta. Leanadh den obair ar mhargaí cosanta an Aontais a eagrú níos fearr, ar noirm a shocrú don Eoraip ar fad i réimsí amhail leadráin agus leanadh den obair chun teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn.

Page 11: AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I DTAOBH 10 ... AN AONTAIS, 2015 AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH teamJunckerEU 3 "Caithfimid leas níos

11 teamJunckerEU

STAID AN AONTAIS, 2015

AN DUL CHUN CINN ATÁ DÉANTA I dTAOBH 10 dTOSAÍOCHT AN CHOIMISIÚIN EORPAIGH

"Is cinnte go bhfuil sé tábhachtach gur i bhfianaise thorthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a mholtar agus a thoghtar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ach níl ansin ach an chéad chéim i dtreo an tAontas Eorpach trí chéile a dhéanamh níos daonlathaí. Faoin gceannaireacht seo agamsa, beidh an Coimisiún Eorpach tiomanta an chomhpháirtíocht speisialta le Parlaimint na hEorpa a iomlánú. […] Tá mé tiomanta freisin an trédhearcacht a fheabhsú maidir le teagmháil le geallsealbhóirí agus lucht brústocaireachta. […] Tá sé de rún agam freisin athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht is infheidhme maidir le hOrgánaigh Ghéinmhodhnaithe a údarú.

Jean-Claude Juncker, Treoirlínte Polaitiúla, 15 Iúil 2014

Le linn na bliana seo amháin, d'eagraigh an Coimisiún sé cinn is fiche de Chomhphléite leis na Saoránaigh i dtrí cinn is fiche de Bhallstáit. Sna cruinnithe sin i hallaí baile, chuaigh Leas-Uachtaráin agus Coimisinéirí, agus, go minic, Baill de Pharlaimint na hEorpa, chuaigh siad i dteagmháil go pearsanta le níos mó na 11,000 saoránach.

Déanann ár bPacáiste maidir le Rialáil Níos Fearr an doras a oscailt roimh chomhairliúchán poiblí níos mó. Fuaireamar aiseolas ó 500,000 duine, an líon is mó riamh, maidir lenár n-athbhreithniú ar na Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga.

Déanfaidh ár gClár Oibre le haghaidh Rialáil Níos Fearr cáilíocht na ndlíthe nua a fheabhsú. Beimid ag síor-athbhreithniú dlíthe atá ann cheana sa chaoi is go mbainfear spriocanna beartais amach go héifeachtach agus go héifeachtúil. Agus mholamar don Pharlaimint agus don Chomhairle gur mhaith an rud é dá gcuirfidís féin, freisin, na prionsabail chéanna i bhfeidhm ar mhaithe le rialáil níos fearr.

Ar chéad aicsin an Choimisiúin seo bhí seo – bheith oscailte trédhearcach le faisnéis faoi cé leis a mbuailimid. I mí na Nollag 2014 thosaíomar ag foilsiú eolais ar chruinnithe a bhí ag Coimisinéirí agus oifigigh shinsearacha le heagraíochtaí nó le daoine féinfhostaithe. I mí Eanáir 2015, cuireadh feabhas ar an gClár Trédhearcachta.

Tá comhpháirtíocht speisialta le Parlaimint na hEorpa curtha ar bun againn. Buaileann Baill an Choláiste go córasach le Baill Pharlaimint na hEorpa. Trí huaire déag tháinig an tUachtarán Juncker os comhair na Parlaiminte i seisiún iomlánach. Le cois

bheith i láthair le chéile ag díospóireachtaí na Parlaiminte iomláine, bhí na Coimisinéirí i láthair le chéile i gcruinnithe na gcoistí parlaiminte níos mó ná céad uair.

Tá comhpháirtíocht nua curtha ar bun againn leis na parlaimintí náisiúnta freisin. Chun go mbeidh an Eoraip níos gaire arís dá cuid saoránach agus dá n-ionadaithe náisiúnta, rinne na Coimisinéirí smaointe a mhalartú le parlaimintí náisiúnta beagnach dhá cheád uair ó bhí Samhain 2014 ann.

Má tá fadhb Eorpach ann tá réiteach Eorpach de dhíth; má tá fadhb náisiúnta ann tá réiteach náisiúnta de dhíth. Chun an prionsabal sin a chur i bhfeidhm agus ós rud é nach mar a chéile ar chor ar bith tuairimí shaoránaigh na mBallstát éagsúil faoi Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go dtarchuirfear ar ais chuig na húdáráis náisiúnta an chumhacht srian nó toirmeasc a chur le húsáid bia Ghéinmhodhnaithe don duine agus d’ainmhithe.

10. Aontas ina bhfuil Athrú Daonlathach ar siúl