49
YVONNE O’TOOLE & ELIZABETH WADE Sraith Pictiur Scrúdú Cainte na hArdteistiméireachta 2018

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

  • Upload
    others

  • View
    43

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

YVONNE O’TOOLE & ELIZABETH WADE

Sraith PictiurScrúdú Cainte na hArdteistiméireachta

2018

An Comhlacht Oideachais

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Cover.indd 1 13/09/2016 10:22

Page 2: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Sraith PictiúrScrúdú Cainte na hArdteistiméireachta

2018

YvonneO’Toole, ElizabethWade

An Comhlacht Oideachais

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 1 13/09/2016 10:51

Page 3: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Arna fhoilsiú in 2016 ag:

An Comhlacht Oideachais

Bóthar Bhaile an Aird

Baile Átha Cliath 12

Ball de Smurfit Kappa ctp

© Yvonne O’Toole, Elizabeth Wade

Eagarthóirí Barrett Editing, Dog’s-ear

Dearadh agus clóchur Outburst Design

Léitheoirí profaí Dorothy Ní Uigín, Alicia McAuley

Obair ealaíne Coimisiún na Scrúduithe Stáit

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 2 13/09/2016 10:51

Page 4: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Nótaí ........................................................................................................................................... 1

Sraith pictiúr 2018

1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach ........................................................................................2

2 Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht .....................................................................................................4

3 Timpiste .....................................................................................................................................6

4 Rialacha na Scoile .....................................................................................................................8

5 Caillte sna Sléibhte ..................................................................................................................10

6 Mo Cheol Thú! Mo Cheol Sibh! .................................................................................................12

7 Lá Spraoi san Ardchathair .......................................................................................................14

8 Cóisir gan Chead ......................................................................................................................16

9 Drochaimsir an Gheimhridh – Athrú Aeráide .........................................................................18

10 Comórtas Cócaireachta ar TG4 ...............................................................................................20

11 Filleann an Fón ........................................................................................................................22

12 Buntáistí Móra na hIdirbhliana ................................................................................................24

13 Fadhbanna ar Saoire ...............................................................................................................26

14 Gaisce .......................................................................................................................................28

15 Gadaíocht ar an Traein .............................................................................................................30

16 Bronntanas Costasach ............................................................................................................32

17 Samhradh Iontach ...................................................................................................................34

18 Cluiche Nua Ríomhaireachta: Taitneamh agus Trioblóid ........................................................36

19 Agallamh do Nuacht TG4 @ 7 ..................................................................................................38

20 Tine sa Teach ...........................................................................................................................40

Clár

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 3 13/09/2016 10:51

Page 5: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 4 13/09/2016 10:51

Page 6: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Déan cur síos ar an duine

gruaig dhubh gruaig dhonn gruaig liath gruaig fhionngruaig fhada gruaig ghearr gruaig chatach gruaig spíceach

t-léine riabhach striped t-shirt éide scoile school uniformbríste géine jeans geansaí spraoi sweatshirtseaicéad jacket culaith dhubh black suit

cuma bhrónach sad appearance cuma fheargach angry appearancecuma áthasach happy appearance cuma imníoch worried appearance

Bhí siad sceitimíneach. They were excited. Bhí siad uaigneach. They were lonely.Bhí siad áthasach. They were happy. Bhí aiféala orthu. They were regretful.Bhí siad imníoch. They were concerned. Bhí siad brónach. They were sad.Bhí siad bródúil. They were proud. Bhí siad ar mire. They were very cross.

Ceisteanna

1 Cá raibh na déagóirí an lá sin?

2 Céard a bhí ar siúl sa phictiúr sin?

3 Cé mhéad déagóir atá sa phictiúr sin?

4 Déan cur síos ar an mbuachaill.

5 Déan cur síos ar an gcailín.

6 Cén chuma atá ar na déagóirí?

7 Déan cur síos ar an múinteoir.

8 Déan cur síos ar an bhfear / ar an mbean.

9 Céard a tharla sa phictiúr sin?

q Conas a mhothaigh na déagóirí an lá sin?

NótaíFoghlaim na nótaí thíos sula dtosaíonn tú ag déanamh staidéir ar na sraitheanna pictiúr.

Nathanna cainte úsáideacha

1 Ina dhiaidh sin

2 An lá dár gcionn

3 Ansin

4 Ag an bpointe sin

5 Láithreach bonn

6 Go luath ina dhiaidh sin

7 Go tapa

8 Gan a thuilleadh moille

9 Ag deireadh an lae

q Faoi dheireadh

Ag comhaireamh

beirt

triúr

ceathrar

cúigear

seisear

seachtar

ochtar

naonúr

deichniúr

1

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 1 13/09/2016 10:51

Page 7: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

An Fhoireann ag Cruthú go hIontach

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

2

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 2 13/09/2016 10:51

Page 8: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Nuair a d’fhill na buachaillí ar CholáisteEoin i mí Mheán Fómhair chonaic siadfógra spéisiúil ar an mballa. Bhí imreoirínua ag teastáil do shraith nua iomána.Ba léir go raibh suim ag na buachaillípáirt a ghlacadh sa tsraith nua. Bhí séar intinn ag buachaill amháin dul chuigan mbainisteoir chun breis eolais a fháilfaoin tsraith.

Phléigh na buachaillí an fógra le chéileagus ar deireadh rinne siad cinneadhdul agus labhairt leis an mbainisteoir.Bhuail siad leis an mbainisteoir agusdúirt siad leis go raibh an-suim acu satsraith iomána. Chuir siad ceist ar anmbainisteoir faoin traenáil agus dúirtsé go mbeadh traenáil ar siúl dhá lá satseachtain.

1 2

Go luath ina dhiaidh sinthosaigh na buachaillíag traenáil. Thug anbainisteoir an-tacaíochtagus comhairle dóibhar an bpáirc imeartha.Chaith siad clogaid agusbhí camáin acu nuair a bhísiad ag traenáil. Chaithsiad an seisiún traenálaag rith trí choirceoga.

I mí Aibreáin labhairan bainisteoir leis nabuachaillí. Thug sé moladhmór dóibh as an obairiontach a rinne siad i rithna bliana. Shroich anfhoireann an chraobh satsraith agus bhí áthas andomhain orthu.

Cuireadh fógra ar anmballa faoin gcraobh. Bhína busanna ag fágáil nascoile ar a dó a chlog. Bhítacaíocht ag teastáil ónbhfoireann sa chraobh.

3 4 5

Ag deireadh an chluiche bhí an bua agColáiste Eoin. Bhí dhá chúl agus ochtgcúilín ag Coláiste Eoin agus bhí dhá chúlagus sé chúilín ag Coláiste Phádraig.Bhí na himreoirí ar mhuin na muiceagus d’ardaigh an captaen an corn sanaer. Ba léir go raibh díomá an domhainar Choláiste Phádraig gur chaill siad ancluiche.

Nuair a d’fhill na himreoirí ar an scoilbhuail siad leis an bpríomhoide agusthug sé moladh mór dóibh. Rinne sécomhghairdeas leo as an tsraith abhuachan. Bhí an bainisteoir in éineachtleo agus ba léir go raibh sé an-bhródúilastu. D’eagraigh an príomhoide cóisirmhór don fhoireann sa scoil an oíchesin. Bhí áthas an domhain ar nabuachaillí.

6 7

Sraith Pictiúr CDRian 1

Sraith pictiúr An Fhoireann agCruthú go hIontach

Sraith Pictiúr 2018

3

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 3 13/09/2016 10:51

Page 9: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Cúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

4

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 4 13/09/2016 10:51

Page 10: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Bhí ceathrar daltaí ina seasamh oscomhair na scoile. Coláiste Sheosaimh ant-ainm a bhí ar an scoil. Bhí siad ag dulchuig an nGaeltacht ar thuras scoile. Baléir go raibh sceitimíní an domhain orthu.Chuir an tiománaí na málaí i gcúl an bhusagus ansin bhí sé réidh le himeacht.

1 2

Tar éis cúpla uair ag taisteal shroich siadBunscoil Bhaile na hAbhann. Bhí málaídroma ag na daltaí go léir agus lean siadar aghaidh chuig na tithe áitiúla. Bhítuirse orthu tar éis an lá a chaitheamh aran mbus.

An lá ina dhiaidh sin ghlac siad páirt inimeachtaí éagsúla. Ar maidin d’fhreastailsiad ar ranganna Gaeilge sa scoil. Ansind’ith siad lón i gceaintín na scoile. Bhíam acu ansin chun an cúrsa a phlé lechéile. Um thráthnóna d’imir siad peil aran bpáirc imeartha agus san oíche ghlacsiad páirt i gcéilí sa halla. Bhain siad an-taitneamh as an gcéilí agus bhí cailín lefeiceáil ag seinm an chonsairtín.

3 4

Bhí an aimsir te agus grianmhar an láina dhiaidh sin agus chaith siad tamallar an trá. Chuir siad a gcultacha snámhaorthu agus chuaigh siad ag snámhsan fharraige. Chonaic siad an teachsolais ón trá agus ba léir go raibh Teachan Phiarsaigh, TG4 agus Raidió naGaeltachta sa cheantar. Bhí lá iontach agna daltaí sa Ghaeltacht.

Go luath an mhaidin dár gcionn d’fhágna daltaí an Ghaeltacht agus d’fhill siadar Choláiste Sheosaimh. Ba léir go raibhturas iontach acu agus bhí plean acufilleadh ar an nGaeltacht an bhliain inadhiaidh sin. D’fhág siad slán ag a chéile.D’iarr cailín amháin ar a cara téacsa sheoladh chuici. Gheall a cara goseolfadh sí téacs chuici.

5 6

Thiomáin an tiománaí i dtreo an Spidéil.Bhí na daltaí ag éisteacht le múinteoira bhí ag labhairt leo le cabhair anmhicreafóin. B’fhéidir go raibh anmúinteoir ag míniú rialacha an turaisdóibh. Nó b’fhéidir go raibh sé ag insintdóibh céard a bheadh ar siúl acu i rith anturais. Ba léir go raibh na daltaí ag tnúthgo mór leis an turas.

Sraith Pictiúr CDRian 2

Sraith pictiúr Cúrsa Gaeilgesa Ghaeltacht

Sraith Pictiúr 2018

5

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 5 13/09/2016 10:51

Page 11: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Timpiste

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

6

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 6 13/09/2016 10:51

Page 12: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

1 2

Go tobann shiúil fear amach ar antrasrian coisithe gan féachaint ar dheisná ar clé. Rinne sé iarracht an carra stopadh ach ba léir gur theip ar nacoscáin agus sciorr an carr. Leag ancarr an fear. Chonaic an lanúin a bhíina seasamh ar an gcosán an timpiste.Baineadh geit astu. Baineadh geit as anlánúin sa charr freisin.

Bhí an fear bocht sínte ar an talamhagus chabhraigh an lánúin leis. Ba léirgo raibh sé gortaithe go dona. Ghlaoighfear eile ar na seirbhísí éigeandála.Mhínigh sé gur leagadh fear ar anmbóthar agus go raibh sé gan aithne ganurlabhra sínte ar an talamh.

3 4

Go luath ina dhiaidh sin tháinig ant-otharcharr. Cuireadh an fear bochtar shínteán agus tugadh é isteach sanotharcharr. Bhí garda ag caint leis anlánúin freisin. Bhí sé ag fiosrú an scéil.Chuir sé ceisteanna ar an lánúin agus baléir go raibh siad an-bhuartha.

Thaistil an lánúin chuig stáisiún nangardaí. D’inis an fear don gharda goraibh sé ag caint ar a fhón póca fadis a bhí sé ag tiomáint an chairr. Bhían-bhrón air gurbh é ba chúis leis antimpiste. Ní mó ná sásta a bhí an gardaleis an bhfear nuair a d’inis sé dó goraibh sé ag caint ar a fhón póca nuair abhí sé ag tiomáint.

5 6

B’fhéidir go raibh an lánúin sa charr seoag tiomáint abhaile óna gcuid oibre. Bhífón póca i lámh an fhir agus bhí sé agcaint le duine éigin ar an bhfón. Ba léirnach raibh aird an fhir ar an mbóthar. Níraibh ach lámh amháin aige ar an rothstiúrtha. Bhí crios sábhála á chaitheamhag an mbean. Bhí sé fós ag stealladhbáistí.

Oíche fhuar fhliuch a bhí ann. Ar thaobhan chosáin bhí lánúin ina seasamh agcaint agus bhí scáth báistí os a gcionn.Bhí trácht trom ar an mbóthar agus bhílocháin uisce i ngach áit. Thiomáin carrthar na soilse tráchta. Ba léir go raibh nabóithre sleamhain agus fliuch.

Sraith Pictiúr CDRian 3

Sraith pictiúr Timpiste

Sraith Pictiúr 2018

7

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 7 13/09/2016 10:51

Page 13: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Rialacha na Scoile

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

8

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 8 13/09/2016 10:51

Page 14: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ansin chuaigh na buachaillí amach aran bpáirc imeartha agus d’imir siadcluiche peile. Ba chluiche iontach éagus bhain siad an-taitneamh as angcluiche. Bhuail na cailíní le chéileagus chaith siad tamall ag caint agusag comhrá. Ba léir go raibh atmaisféarsona sa scoil. Go luath ina dhiaidh sinthosaigh grúpa de bhuachaillí ag troidagus bhí beirt chailíní ag caitheamhtobac. Ba léir nár thug na déagóirí seoaird ar bith ar rialacha na scoile.

21

Chonaic múinteoir na buachaillí ag troidagus labhair sé leo. Ní raibh an múinteoirsásta leis na buachaillí ar chor ar bith.Luaigh sé rialacha na scoile agus dúirt ségo raibh sé an-tábhachtach meas a léiriú dogach duine ar scoil agus gur chóir gurbh áitshona í an scoil. D’iarr sé orthu a n-iompar amhíniú.

Chonaic múinteoir eile na cailíní agcaitheamh tobac agus bhí sí an-chrostaleo. Luaigh sí an dochar a dhéananntoitíní do shláinte an duine agus luaighsí rialacha na scoile freisin. Ba léir goraibh aiféala ar na déagóirí gur bhrissiad rialacha na scoile.

3 4

Mar phíonós bhí arna cailíní fanachtsiar tar éis scoile arfeadh uair a chloig.Bhí ar na buachaillí abhí ag troid fanachtsiar ar feadh dhá uairan chloig. Ar a fichecúig tar éis a cúig bhína daltaí sa seomraranga ag obair godian. Bhí an-bhrónorthu gur bhris siadrialacha na scoile.

An mhaidin ina dhiaidh sinbhuail an príomhoide ledalta agus a thuismitheoiríina hoifig. Mhínigh sí dóibhgur bhris a mac rialachana scoile. Bhí an-bhrón aran mbuachaill gur bhris séna rialacha. Gheall sé donphríomhoide nach dtarlódhsé arís. Bhí na daltaí agusna tuismitheoirí eile saseomra feithimh. Bhí siadag fanacht le labhairt leisan bpríomhoide.

75 6Chuir na múinteoirí glaoar thuismitheoirí nandéagóirí agus d’inis siaddóibh go raibh trioblóidsa scoil. D’iarr siad ar natuismitheoirí teacht chuigan scoil an mhaidin inadhiaidh sin do chruinniúleis an bpríomhoide. Níraibh na tuismitheoirísásta ar chor ar bith nuaira chuala siad go raibhtrioblóid ann ar scoil.

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh amach na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Labhair príomhoide Ardscoil an Chnoic leis nadaltaí sa halla tionóil faoi rialacha na scoile.Léigh sí amach na rialacha dóibh. Dúirt sí goraibh sé tábhachtach meas a léiriú do gachduine sa scoil. D’inis sí dóibh go raibh orthua gcuid éidí scoile a chaitheamh. Dúirt sífreisin go raibh sé tábhachtach go mbeadhgach duine sona ar scoil. Bhí ar na daltaíobair chrua a dhéanamh agus bhí cosc ar anmbulaíocht, ar ghuma agus ar thobac sa scoil.Ní raibh cead ag daltaí ach oiread drugaí aúsáid ná alcól a ól.

Sraith Pictiúr CDRian 4

Sraith pictiúr Rialacha na Scoile

Sraith Pictiúr 2018

9

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 9 13/09/2016 10:51

Page 15: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Caillte sna Sléibhte

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

10

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 10 13/09/2016 10:51

Page 16: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Bhailigh grúpa déagóirí ag bun an tsléibhe. Bhí séar intinn acu dul ag sléibhteoireacht. Bhí cinnirean ghrúpa buartha faoin aimsir de bharr gur thitceo trom ar an sliabh agus cheap sé go raibh sédainséarach. Ní raibh na déagóirí eile buartha archor ar bith. Bhí siad sásta leanúint ar aghaidh. Bhícótaí móra agus hataí ar gach duine. Bhí bataí siúilag cuid acu agus málaí droma agus bhí siad go léirréidh chun an sliabh a dhreapadh.

D’éirigh an ceo níos troimei rith an lae agus scar angrúpa óna chéile. Fágadhbeirt bhuachaillí ina n-aonarar an sliabh. Cé go raibhmálaí droma acu agus cótaímóra orthu bhí siad imníochgo raibh an aimsir ag dul inolcas.

1 2

Rinne na buachaillí iarracht brostú ansinagus shiúil siad go tapa suas an sliabh. Bhían aimsir go hainnis agus cé go ndearnasiad a ndícheall fágadh iad taobh thiar denghrúpa. Níor thug an grúpa faoi deara goraibh na buachaillí caillte ar feadh tamaillbhig. Lean siad ar aghaidh ag dreapadh antsléibhe.

Nuair a thug an grúpa faoi dearago raibh a gcairde caillte chuirsiad glao fóin orthu. Ina dhiaidhsin chuir siad glao ar na seirbhísíéigeandála. Ba léir go raibh nabuachaillí an-imníoch faoinagcairde. Bhí an aimsir fuar agusceomhar ar an sliabh.

3 4

Go luath inadhiaidh sin chonaicsiad héileacaptarag cuardach nasléibhte. Bhí bratbán sneachta arfud na háite agusbhí sé deacair aran bpíolóta nabuachaillí a aimsiú.

Buíochas le Dia nach raibhna buachaillí gortaithe agusbhí áthas an domhain orthua bheith ar ais sa bhaile arís.D’eagraigh a gcairde cóisirdóibh chun fáilte a churrompu. Dúirt na buachaillínach rachaidís ar ais ar ansliabh arís i ndrochaimsir.D’fhoghlaim siad ceacht anlá sin.

5 6 7Ar deireadh chonaic anpíolóta na buachaillí arthaobh an tsléibhe. Bhíáthas an domhain ar nabuachaillí na seirbhísíéigeandála a fheiceáil.Bhí crangaid ag na firagus tharraing siad nabuachaillí isteach sahéileacaptar.

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh amach na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Sraith Pictiúr CDRian 5

Sraith pictiúr Caillte sna Sléibhte

Sraith Pictiúr 2018

11

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 11 13/09/2016 10:51

Page 17: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Mo Cheol Thú! Mo Cheol Sibh!

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

12

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 12 13/09/2016 10:51

Page 18: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Lean an grúpatraidisiúnta ar aghaidhchuig Fleá an Chúigeagus d’fhógair an moltóiransin gur bhuaighColáiste Phádraig Fleá anChúige. Ba léir go raibhan grúpa traidisiúnta an-sásta go raibh siad agdul ar aghaidh chuig FleáCheoil na hÉireann.

Ghlac an grúpa traidisiúntapáirt i bhFleá an Chontae.Labhair an moltóir ag deireadhan lae. Dúirt sé go raibhceithre ghrúpa thraidisiúntasa chomórtas agus dúirt sé goraibh siad go léir ar fheabhas.Mhol sé na grúpaí as an obairiontach a rinne siad ag ullmhúdon chomórtas. D’fhógair séansin gur bhuaigh ColáistePhádraig Fleá an Chontae.

Ansin chuaigh nadéagóirí abhaileagus bhí cailín agiarraidh port nua afhoghlaim don lá inadhiaidh sin. Bhí sí agcleachtadh ar feadhna hoíche agus rinnesí a dícheall an porta fhoghlaim.

543

Thaistil na déagóirí chuig Fleá Cheoilna hÉireann i Leitir Ceanainn. Bhí LeitirCeanainn plódaithe don ócáid. Bhí ceolálainn Gaelach le cloisteáil timpeall anbhaile. D’fhreastail an grúpa traidisiúntaar cheolchoirm na mbuaiteoirí a bhí arsiúl an oíche sin ar a hocht a chlog. Bhían halla lán go béal don cheolchoirm.Ba léir go raibh áthas an domhain ar anngrúpa traidisiúnta gur bhuaigh siad FleáCheoil na hÉireann.

D’fhill na déagóirí ar scoil ina dhiaidhsin. Bhí seisiún ceoil ar siúl ar a hochta chlog i halla na scoile chun an buaa cheiliúradh. D’fhreastail múinteoirí,tuismitheoirí agus daltaí ar angceolchoirm. Labhair an príomhoideroimh an seisiún ceoil agus mhol sé angrúpa go hard agus ghabh sé buíochasle stiúrthóir an ghrúpa. Bhí na déagóirían-bhuíoch as an méid tacaíochta a thuggach duine dóibh. Bhí oíche iontach aggach duine.

6 7

Léirigh an fógra ar an mballai gColáiste Phádraig go raibhcleachtadh ag an ngrúpatraidisiúnta ar an Luan agus ar angCéadaoin ag am lóin agus tar éisscoile. Chonaic an dalta an fógraagus é ag dul ar scoil. Bhí an daltagléasta ina éide scoile agus bhímála ar a ghualainn aige.

1 2 Bhuail an grúpa le chéile tar éis scoile aguslean siad ar aghaidh ag cleachtadh. Léirighan clog ar an mballa an t-am. Bhí sé a cúig achlog. Bhí na déagóirí ag seinnt uirlisí éagsúlaagus bhí an múinteoir ag stiúradh an ghrúpa.Sheinn beirt an fhidil agus bhí buachaill agseinnt ar an bhfeadóg mhór agus cailín agseinnt ar an bhfeadóg stáin. Bhí ceol álainnGaelach á sheinnt ag an ngrúpa.

Sraith Pictiúr CDRian 6

Sraith pictiúr Mo Cheol Thú!Mo Cheol Sibh!

Sraith Pictiúr 2018

13

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 13 13/09/2016 10:51

Page 19: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Lá Spraoi san Ardchathair

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

14

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 14 13/09/2016 10:51

Page 20: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Ina dhiaidh sin thug siad cuairt arCholáiste na Tríonóide. Bhí an áitplódaithe le scoláirí agus le turasóirí.Chonaic na cailíní an comharthabóthair a thaispeáin go raibh bialann,an Leabharlann Fhada agus LeabharCheanannais san ollscoil. Bhí málaídroma ag cuid de na scoláirí.

Ansin thug na cailíní cuairt ar áiteannasuimiúla timpeall na cathrach. I dtosachchuaigh siad chuig an músaem i bPáircan Chrócaigh, ansin thug siad aghaidh arStaid Aviva. Ina dhiaidh sin chonaic siadna hainmhithe i nGairdín na nAinmhithe.Ag deireadh an lae chonaic na cailíníArdeaglais Naomh Pádraig.

3 4

Chuaigh Ailbhe agus Rosa agsiopadóireacht ansin ar Shráid Ghraftonagus d’ith siad lón i mbialann dheas.Bhí an freastalaí an-deas agus bhí béileblasta acu. Shuigh siad ar an tsráid taobhamuigh den bhialann. Bhí a lán daoineag siopadóireacht ar Shráid Ghrafton. Baléir gur bhain na cailíní an-taitneamh asan lá sa chathair.

Ag deireadh an lae d’fhreastail nacailíní ar dhráma in Amharclann naMainistreach. Thosaigh The Field leJohn B. Keane ar a hocht a chlog aguschonaic na cailíní an comhartha dosheomra na gcótaí agus don deascticéad. Ba léir go raibh lá iontach acu sachathair.

5 6

Chuaigh Ailbhe, Jeaic agus a máthairchuig an aerfort chun fáilte a chur roimhchuairteoir ón Spáinn. Bhí áthas andomhain orthu Rosa a fheiceáil. Bhí ant-aerfort plódaithe le daoine. Bhí Ailbheag caint le Rosa agus d’inis sí di gombeidís ag dul isteach sa chathair an láina dhiaidh sin. Ba léir go raibh Rosa agtnúth go mór le cathair Bhaile Átha Cliatha fheiceáil.

An lá ina dhiaidh sin thóg siad busturasóireachta timpeall chathair BhaileÁtha Cliath. Bhí Ailbhe agus Rosa thuasstaighre ar an mbus agus chonaic siadArdoifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill.Chonaic siad an Spíce freisin aguscomhartha don Luas. Bhain na cailínítaitneamh as an turas.

1 2

Sraith Pictiúr CDRian 7

Sraith pictiúr Lá Spraoi sanArdchathair

Sraith Pictiúr 2018

15

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 15 13/09/2016 10:51

Page 21: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Cóisir gan Chead

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

16

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 16 13/09/2016 10:51

Page 22: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Bhí Peadar agus Máiréad ag déanamha gcuid obair bhaile ar an Aoine, ar aleathuair tar éis a ceathair, nuair a d’fhága dtuismitheoirí an baile don deireadhseachtaine. Chuir Daid na málaí ar chúl anchairr. Chuir sé comhairle ar na déagóirísular fhág sé an baile. D’inis sé dóibha bheith cúramach i rith an deireadhseachtaine, a gcuid obair bhaile a dhéanamhagus an teach a choimeád glan. Dúirt séfreisin go mbeadh siad ag filleadh abhaile aran Domhnach ar a leathuair tar éis a trí.

D’fhág Mam agus Daid slán ag nadéagóirí ansin agus chuir Peadar agusMáiréad na leabhair ar an mbord. Bhíplean acu cóisir a eagrú sa teach anoíche sin ar a hocht a chlog. Chuirsiad glao fóin ar a gcairde agus d’inissiad dóibh go raibh teach saor acuagus go mbeadh cóisir acu sa teach anoíche sin. Dúirt Máiréad lena cara gombeadh ceol agus spraoi ag an gcóisir.Ba léir go raibh na déagóirí ag tnúth gomór leis an gcóisir.

1 2

Tháinig slua mórdaoine chuig an teach.Ar a naoi a chlog bhían teach plódaithele déagóirí. Bhí nadéagóirí ag ithe agusag ól agus ag bainttaitnimh as an gcóisir.Bhí aoibh mhaithar gach duine ag angcóisir.

In Óstánan Átha bhítuismitheoirína ndéagóirísa bhialann agithe dinnéir.Bhí siad ag ólfíona agus bhían freastalaíag freastalorthu.

Níor éirigh Peadar ná Máiréad go dtía haon a chlog ar an Satharn. Bhítuirse an domhain orthu. Nuair a shiúilsiad isteach sa seomra suí chonaicsiad go raibh an áit ina praiseach. Bhíboscaí píotsa ar fud an tseomra agusbhí Máiréad ag iarraidh an seomraa ghlanadh. Dúirt Peadar go raibhtinneas cinn air agus go raibh sé ag dulchuig a leaba. Bhí sé chun éirí ar a séchun an teach a ghlanadh.

3 4 5

Ar a trí a chlog in Óstán an Átha bhíbainisteoir an ostáin ag labhairt leis nacustaiméirí. Ba léir go raibh fadhb aculeis an uisce agus dúirt sé go raibh anleictreachas gearrtha freisin. Thug anbainisteoir trí rogha do na custaiméirí: dulchuig óstán eile, a gcuid airgid a fháil arais nó teacht ar ais uair eile do dheireadhseachtaine saor in aisce. Roghnaigh Daidfilleadh ar an óstán uair eile.

Shroich Mam agus Daid a dteach ara cúig a chlog. Nuair a chonaic siadan teach bhí siad ar mire le Peadaragus Máiréad. Bhí an teach fós inaphraiseach. Ní raibh Mam agus Daidsásta ar chor ar bith. Rinne Peadariarracht leithscéal a ghabháil ach ba léirgo raibh a dtuismitheoirí ar buile leo. Bhíaiféala ar Pheadar agus ar Mháiréad goraibh cóisir acu sa teach.

6 7

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh amach na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Sraith Pictiúr CDRian 8

Sraith pictiúr Cóisir gan Chead

Sraith Pictiúr 2018

17

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 17 13/09/2016 10:51

Page 23: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Drochaimsir an Gheimhridh – Athrú Aeráide

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

18

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 18 13/09/2016 10:51

Page 24: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Oíche amháin shuigh Aoife agus Antaine oscomhair na teilifíse. Bhí an clár faisnéisePrime Time ar siúl. Chonaic siad teach faoiuisce ar an gclár agus bhí an clár ag plé cúrsaítimpeallachta agus athrú aeráide. CheapAoife gurbh fhadhb chasta í agus d’aontaighAntaine léi. Thosaigh Antaine ag smaoineamhar an drochaimisr a bhí againn sa tír seo angeimhreadh roimhe sin.

Ansin thosaigh na déagóirí ag caintfaoin bpoll sa chiseál ózóin os cionnan Antartaigh. Dúirt siad nach raibhan t-ózón in ann muid a chosaint ónngrian de bharr go raibh poll ollmhórann.

I dtosaigh smaoinigh sé ar ansneachta a bhí againn ar fudna tíre i rith an gheimhridh.Bhí an teocht ocht gcéim faoinreophointe. Thit sneachta i ngacháit agus smaoinigh Antaine ar abhungaló faoin tuath. Bhí brat bánsneachta ar na sceacha agus oscomhair an tí.

Ba léir go raibh Aoife agus Antaine an-bhuartha faoin timpeallacht. Phléighsiad na cnapáin oighir agus dúirt siadgo raibh siad ag leá. Dá bharr dúirt siadgo raibh leibhéal na bhfarraigí ar fud andomhain ag ardú.

1

7

2

8

Ansin smaoinigh na déagóirí ar nastoirmeacha uafásacha a bhí againntimpeall na tíre i rith an gheimhridh.Tharla timpiste amháin ar bhóthariargúlta faoin tuath. Leagadh crannmór sa timpiste. Thit an crann ardhíon cairr. Ba thimpiste uafásach é.Leagadh línte leictreachais timpeallna tíre freisin.

De bharr na drochaimsire phléasc píobánuisce thuas staighre sa teach. Bhí braonaíluisce ag teacht tríd an tsíleáil. Bhí armháthair Antaine glao a chur ar phluiméir.Nuair a tháinig an pluiméir chuig an teachd’fhág sé a veain amuigh ar an mbóthar.D’íoc máthair Antaine dhá chéad euro chunan píobán a dheisiú. Tháinig méadú ar abpolasaí árachais ina dhiaidh sin.

43

I rith an gheimhridh thit báisteachthrom timpeall na tíre. I gCorcaighbhí ar dhaoine éalú óna dtithe imbáid de bharr na dtuilte. Tháinigna seirbhísí éigeandála i gcabhairar na daoine a bhí sáinnithe.

Tharla an rud céanna i mBaile Átha Cliath. Bhísé ag cur báistí go trom ar fud na cathrach. Bhísiopaí agus carranna faoi uisce agus bhí daoinesáinnithe ina gcarranna.

5 6

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh amach na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Sraith Pictiúr CDRian 9

Sraith pictiúr Drochaimsir an Gheimhridh–Athrú Aeráide

Sraith Pictiúr 2018

19

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 19 13/09/2016 10:51

Page 25: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Comórtas Cócaireachta ar TG4

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

20

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 20 13/09/2016 10:51

Page 26: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Tráthnóna amháin bhí na buachaillí taréis a gcuid obair bhaile a chríochnú. Bhísiad ina suí ar an tolg ag féachaint ar anteilifís. Chonaic siad fógra faoi chomórtascócaireachta do dhaltaí óga ar TG4.Léirigh na buachaillí suim sa chomórtas.Shocraigh siad dul chuig an bpríomhoidechun an comórtas a phlé leis.

1 2

Bhí na buachaillí sa chistin ag cuardachshuíomh idirlín TG4. Ar an tseilf bhímeánna le feiceáil. Chabhraigh anmúinteoir eacnamaíocht bhaile leo.Tugadh a lán eolais faoin gcomórtas aran suíomh. Bhí eolas faoi rialacha anchomórtais agus faoi iarratas a churisteach chuig TG4. Mhol an múinteoirdóibh biachlár a ullmhú chun a bheithréidh don chomórtas.

Thaistil na buachaillí go Baile na hAbhanndo Chomórtas Cócaireachta Uile-Éireann.Bhí scoláirí ó scoileanna timpeall na tíreag glacadh páirte sa chomórtas agus bhían moltóir ag féachaint go géar orthu. Bhínáprúin chócaireachta á gcaitheamh agna scoláirí agus bhí boird os a gcomhairamach le babhla agus comhábhair air. Baléir go raibh na scoláirí an-neirbhíseach.

3 4

Bhuaigh na buachaillí an chéad duaissa chomórtas cócaireachta. Mhol namoltóirí na buachaillí go hard. Dúirt siadgo ndearna siad an-iarracht cócaireachta dhéanamh trí Ghaeilge. Bhí áthas andomhain ar na buachaillí.

Ina dhiaidh sin bhronn an moltóir seicmíle euro ar na buachaillí. Bhí siad an-sásta gur ghlac siad páirt sa chomórtascócaireachta. Nuair a d’fhill siad ar anscoil bhuail siad leis an bpríomhoideagus d’fhéach siad ar an gclár ar TG4.Bhí an príomhoide an-bhródúil astu.Rinne sé comhghairdeas leo as an mbuaa fháil sa chomórtas.

5 6

Bhí an príomhoide ag obair ina oifig ara fiche chun a naoi. Shiúil na buachaillíisteach agus labhair siad leis. Bhí culaithdhubh agus spéaclaí á gcaitheamh agan bpríomhoide. D’inis na buachaillídó gur mhaith leo páirt a ghlacadhsa chomórtas cócaireachta. Mholan príomhoide dóibh labhairt leis anmúinteoir eacnamaíocht bhaile agus níosmó eolais a fháil ón suíomh idirlín. Ansindúirt an príomhoide go raibh cead acupáirt a ghlacadh sa chomórtas.

Sraith Pictiúr CDRian 10

Sraith pictiúr Comórtas Cócaireachtaar TG4

Sraith Pictiúr 2018

21

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 21 13/09/2016 10:51

Page 27: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Filleann an Fón

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

22

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 22 13/09/2016 10:51

Page 28: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Phioc sé suas an fónpóca agus shiúil sé chuigan bhfreastalaí a bhí inasheasamh ag an gcuntar.Mhínigh sé dó go raibhan fón ar an urlár. Ghabhan freastalaí buíochasleis an mbuachaill aguschoimeád sé an fón agan deasc. B’fhéidir gurchaill custaiméir an fón.

Bhí an bia réidh ansinagus d’ith na déagóirípíotsa agus pasta agusd’ól siad uisce agusmianraí. Bhain siad an-taitneamh as an mbéileblasta agus cheap siadnach raibh an bia daorar chor ar bith. Bhí nadéagóirí ag caint agus agcomhrá ar feadh tamaillfaoin mbialann.

Ansin shiúil fear isteachan doras. B’fhear gnó é.Bhí culaith á caitheamhaige. Ba léir gur chaillsé a fhón póca agusd’fhill sé ar an mbialannchun ceist a chur ar anbhfreastalaí faoina fhónpóca.

3 4 5

Bhí faoiseamh ar an bhfear nuair a fuairsé a fhón ar ais. Ghabh sé buíochas leisna déagóirí agus mhínigh sé go raibhan fón an-tábhachtach dá phost agusgo raibh sé an-bhuartha nuair a chaillsé an fón. Bhí áthas ar na déagóirí gurchabhraigh siad leis an bhfear.

Ina dhiaidh sin labhair an fear leisan bhfreastalaí. Mhínigh sé dó gurmhaith leis milseog a cheannach do nadéagóirí. Thóg sé fiche euro óna phócaagus thug sé é don fhreastalaí chuníoc as an milseog. Tháinig an freastalaíansin le huachtar reoite do na déagóirí.Bhí an-áthas orthu ansin.

6 7

Thug ceathrar daoine óga cuairt ar anmbialann Pasta Blasta le haghaidh béile.Chuir an freastalaí fáilte rompu. Shuighsiad ag bord in aice na fuinneoige. Ba léirgo raibh dea-aoibh ar na daoine óga.

1 2 Ansin thug an freastalaí biachlár dóibh.Léirigh an fógra ar an mballa taobh thiardíobh go raibh sladmharagadh ar siúl sabhialann gach deireadh seachtaine. Aran mballa in aice na ndéagóirí bhí pictiúrde chathair na Róimhe agus léarscáilden Iodáil. Ansin d’fhéach buachaillamháin ar an urlár in aice na fuinneoigeagus chonaic sé fón póca.

Sraith Pictiúr CDRian 11

Sraith pictiúr Filleann an Fón

Sraith Pictiúr 2018

23

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 23 13/09/2016 10:51

Page 29: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Buntáistí Móra na hIdirbhliana

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

24

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 24 13/09/2016 10:51

Page 30: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Chuaigh na daltaí ar dheireadh seachtaineeachtraíochta chun scileanna nua a fhoghlaim.I dtosach chaith siad tamall ag rámhaíocht. Bhímaidí rámha acu agus bhí siad ag rámhaíochtsíos an abhainn. Ina dhiaidh sin chuaigh siad agdreapadóireacht. Bhí áthas an domhain orthunuair a bhain siad barr an tsléibhe amach. Irith an deireadh seachtaine chaith siad tamallag curachóireacht. Bhí seans acu freisinscileanna boghdóireachta a fhoghlaim. Bhíbogha agus saighead ag an gcailín agus bhí síag baint taitnimh as an spórt.

Bhí an múinteoir ag barr an rangaag labhairt leis na daltaí faoinidirbhliain. Bhí idir bhuachaillíagus chailíní ag éisteacht gogéar léi. Labhair sí faoi nascileanna a d’fhoghlaimeodh nadaltaí san idirbhliain. Bheidísag obair le chéile i ngrúpaí i rithna hidirbhliana agus bheadhneamhspleáchas acu freisin. D’inissí dóibh go dtiocfadh feabhas ara gcuid scileanna ceannaireachtasan idirbhliain.

21

I rith na hidirbhliana ghlac nadaltaí páirt i gceoldráma ar scoil.Bhí an-chraic acu ag damhsaagus ag canadh. Bhain siad an-taitneamh as an gceoldráma.

Ansin tháinig fear isteach sa rang chunlabhairt leis na daltaí faoi shábháilteachtar na bóithre. Mhol sé dóibh a bheithcúramach ar na bóithre agus thaispeáin séfíseán de thimpiste bhóthair dóibh. D’éist nadaltaí go géar leis an bhfear.

3 4

Ag deireadh nabliana iarradh arna daltaí tuairisca scríobh faoinidirbhliain. Bhainna daltaí idirthaitneamh agustairbhe as anidirbhliain.

D’fhreastail na daltaí archluiche idirnáisúnta peilesan idirbhliain freisin. Bhían staid peile plódaithele lucht leanúna an dáfhoireann. Bhí siad arbís ag feitheamh ar nahimreoirí. Bhain siad an-taitneamh as an gcluiche.

75 6Ina dhiaidh sin fuair siad andeis cuairt a thabhairt arDháil Éireann. Chaith na daltaílá sa Dáil agus chuala siadan Taoiseach ag caint faoidhaoine óga. Dúirt sé gurbhfhiú éisteacht le daoine óga.Cheap na daltaí go raibh séan-suimiúil agus bhuail siadleis na Teachtaí Dála freisin.

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh amach na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Sraith Pictiúr CDRian 12

Sraith pictiúr Buntáistí Móra na hIdirbhliana

Sraith Pictiúr 2018

25

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 25 13/09/2016 10:51

Page 31: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Fadhbanna ar Saoire

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

26

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 26 13/09/2016 10:51

Page 32: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Bhí an chlann ag caint faoi laethanta saoiresa chistin tar éis dinnéir. Dúirt Mam nachraibh saoire acu an bhliain roimhe sin. D’inissí do Mháire agus do Sheán go raibh siad agsábháil airgid agus go raibh sé ar intinn acudul ar saoire an samhradh sin. Dúirt sí freisingo mbeadh Máire agus Seán ag staidéar godian an bhliain ina dhiaidh sin do scrúdú nahArdteiste. Bhí áthas an domhain ar Mháireagus ar Sheán an dea-scéala a chloisteáil.Ansin dúirt Daid go raibh sé chun dul ar anidirlíon chun eolas a fháil faoi thíortha éagsúla.Bhí sé ar intinn aige cuairt a thabhairt ar anngníomhaire taistil ag an deireadh seachtaine.

Ag an deireadh seachtaine chuaigh anchlann chuig an ngníomhaire taistilchun níos mó eolais a fháil. LabhairDaid leis an mbean agus dúirt sé gurroghnaigh na páistí Malaga ar anidirlíon. Cheap an bhean gur roghamhaith é Malaga agus d’inis sí dóibhgo raibh rogha mhór óstán sacheantar. Dúirt sí freisin go raibhionadaí acu sa cheantar. RoghnaighMáire agus Seán óstán ansin leháiseanna iontacha. Dúirt siad gurbhóstán den scoth é agus go raibh sésuite in áit dheas freisin.

1 2

Nuair a thuirling an chlannag an aerfort i Malagachuir an t-ionadaí taistilfáilte rompu. Bhí an ghrianag scoilteadh na gclochagus bhí áthas ar gachduine a bheith sa Spáinn.Thug an t-ionadaí taistila uimhir fóin dóibh agusmhol sé don chlann glao achur air am ar bith má bhífadhb acu.

Nuair a shroich anchlann an t-óstánbhí díomá andomhain orthu. Bhían seomra leapalofa salach. Chonaicsiad líon damháinalla ar an mballa. Níraibh na leapachacóirithe agus bhítuáillí salacha ar anbhfuinneog.

3 4 Chuaigh Daid chuig an deascfáilte chun labhairt leis anmbainisteoir. Mhínigh Daidnach raibh sé sásta ar chorar bith. Dúirt sé go raibhan seomra leapa an-salachagus gur mhaith leis bogadhchuig óstán eile. Ag an amcéanna chuir Mam glao ar anionadaí taistil agus d’inis sídó go raibh sí míshásta leisan óstán.

Bhog an chlann chuig anóstán nua, Salles Central.Chaith siad a laethantasa linn snámha. Bhí anaimsir te agus grianmhar.Bhí saoire iontach acuagus thaitin an t-óstánnua go mór leo.

5

6 7Tháinig an t-ionadaí chuig an óstán chun labhairt leisan gclann. Dúirt sé go raibh an-bhrón air agus mhínighsé go raibh stailc ar siúl san óstán sin. Ansin luaigh séóstán eile. Bhí sé chun an chlann a bhogadh chuig óstánnua. Salles Central an t-ainm a bhí ar an óstán. Dúirt ant-ionadaí go raibh an t-óstán nua seo ar fheabhas agusgo raibh áiseanna iontacha ar fáil ann. Bhí sé ag tabhairtuasghrádaithe don chlann.

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh amach na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

Sraith Pictiúr CDRian 13

Sraith pictiúr Fadhbanna ar Saoire

Sraith Pictiúr 2018

27

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 27 13/09/2016 10:51

Page 33: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Gaisce

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

28

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 28 13/09/2016 10:51

Page 34: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Bhí áthas ar an múinteoir nuair a chuala sígo raibh suim ag na daltaí páirt a ghlacadh inGradam an Uachtaráin, Gaisce. D’inis sí dona daltaí go mbeadh orthu scileanna nua afhoghlaim agus go mbeidís ag cabhrú le daoineeile freisin. Ar deireadh mhínigh sí dóibh gurchuir an gradam béim ar aclaíocht agus arshláinte an duine. Bhí na daltaí ag tnúth go mórleis na dúshláin éagsúla.

Chonaic na daltaí fógra ar anmballa ar scoil faoi Ghradam anUachtaráin, Gaisce. Léirithe ar anbhfógra bhí pictiúr de bhuachaillag cabhrú le bean i gcathaoirrotha. Bhí suim ag na daltaí níosmó eolais a fháil faoin ngradamagus shocraigh siad dul chuig anmúinteoir chun labhairt léi faoi.

21

Thosaigh na daltaí ag foghlaimscileanna éagsúla. Sheinnbuachaill amháin an fheadógstáin. Chuir an cailín feabhas ara cuid scileanna ríomhaireachtaagus thosaigh an buachaill eile agaisteoireacht. Ba léir gur bhainna déagóirí an-taitneamh as nascileanna nua a d’fhoghlaim siad.

Chaith na déagóirí tamall i dteach altranaisag cabhrú le seandaoine. Bhí an cailín amuighag siúl le seanbhean. Bhí maide croise ag antseanbhean agus bhí an cailín ag cabhrú léi.Bhí an buachaill ag caint le seanfhear. Thug anbuachaill bronntanas dó agus ba léir go raibháthas an domhain ar an seanfhear. Bhain nadéagóirí an-sásamh as an obair a rinne siadsa teach altranais.

3 4

Fuair na daltaícuireadh ón Uachtarándul chuig CaisleánBhaile Átha Cliath.Bhí an tUachtarán iláthair ag an ócáidagus bhronn sé boinnorthu as an ngradama bhaint amach. Bhí nadéagóirí an-bhródúilgo ndearna siadGradam an Uachtaráin.

Ag deireadh nabliana chuaigh nadéagóirí ar shiúlóidfhada. Thaitin antsiúlóid go mór leoagus chaith siad ant-am ag caint agusag comhrá le chéile.Bhí málaí dromaacu agus bhí siadag caitheamh brístegéine agus t-léinte.

75 6Ansin chaith na déagóirítamall ag feabhsú a gcuidscileanna spóirt. Nuaira bhí an aimsir go maithchuaigh an cailín ag sodar.Chuaigh buachaill amháin agsléibhteoireacht. Bhí bata siúilaige agus mála droma ar adhroim. Chaith an buachailleile a lán ama sa linn snámhaag feabhsú a chuid scileannasnámha. Chaith sé caipínsnámha agus gloiní cosantasa linn snámha.

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh amach na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Sraith Pictiúr CDRian 14

Sraith pictiúr Gaisce

Sraith Pictiúr 2018

29

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 29 13/09/2016 10:51

Page 35: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

30

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 30 13/09/2016 10:51

Page 36: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

1 2

Ina dhiaidh sin bhí tuirsear na cailíní agus thit siadina gcodladh. D’fhág siadan mála ar an mbord.Chonaic an fear an sparánagus ghoid sé é.

Nuair a dhúisigh na cailíní thug siad faoi deara goraibh an sparán imithe. Ní raibh tásc ná tuairisc ar anbhfear. Bhí brón an domhain orthu go raibh an sparánimithe. Thosaigh siad ag cuardach na háite. Cheap siadi dtosach gur thit an sparán ar an urlár. D’fhéach siadtimpeall ach níor aimsigh siad an sparán.

3 4

Láithreach bonnchuir an cigireglao ar na gardaí.Mhínigh sé anscéal agus rinnesé cur síos ar anngadaí.

Chonaic siad ancigire ag dul thartagus ghlaoighsiad air. D’inissiad dó faoinartharla. Mhínighsiad gur thit siadina gcodladh agusnuair a dhúisighsiad go raibhan fear agus ansparán imithe.

Ar deireadhshroich antraein stáisiúnna Gaillimhe.Bhí na gardaí agfeitheamh ar anardán. Nuair achonaic siad angadaí ag fágáil natraenach rug siadair. Bhí an sparánfós aige.

Thóg na gardaí ansparán agus thugsiad an sparán arais do na cailíní.Bhí a gcuid airgidgo léir fós ann.Ba léir go raibhfaoiseamh ar nacailíní an sparán afháil ar ais.

65 7 8

Lig na cailíní a scíth ar bord na traenach.Thosaigh cailín amháin ag léamh agus bhían cailín eile ag obair ar a ríomhaire glúine.Leag siad a mála ar an mbord in aice leo. Bhína cailíní ag baint taitnimh as an turas. Bhífear ina shuí in aice leo. Bhí spéaclaí gréine ágcaitheamh aige agus bhí croiméal aige. Bhían fear ag caitheamh geansaí stríocach. Níorthug na cailíní aon aird ar an bhfear.

Bhí na cailíní ag dul go Gaillimh arfeadh deireadh seachtaine. D’fhágsiad slán ag a dtuismitheoirí ar anardán sa stáisiún traenach. Mhol natuismitheoirí dóibh a bheith aireachagus ghuigh siad ádh mór orthu. Bhían-sceitimíní ar na cailíní agus baléir go raibh siad ag tnúth le deireadhseachtaine taitneamhach.

Sraith Pictiúr CDRian 15

Sraith pictiúr Gadaíocht aran Traein

Sraith Pictiúr 2018

31

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 31 13/09/2016 10:51

Page 37: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Bronntanas Costasach

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

32

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 32 13/09/2016 10:51

Page 38: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sarang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Gan amhras, thaitin an fón nua go mórle Clodagh. Phléigh sí a lán ábhar lenacairde ar an bhfón. Labhair siad faoindioscó a bhí ar siúl ar an Aoine agus faoibhuachaill dathúil darbh ainm Seán. Bhísí ag caint faoi shiopadóireacht leis nacailíní freisin ar an bhfón.

Ar an dara lá déag de Mheitheamhtháinig an bille fóin isteach. Bhí ionadhan domhain ar Clodagh nuair a chonaicsí an bille. Céad fiche cúig euro agustríocha cúig cent an bille. Bhí a fhios agClodagh go mbeadh sí i dtrioblóid lenatuismitheoirí.

3 4

Bhí breithlá Clodagh ann ar an gcúigiúlá de Bhealtaine. Tar éis bricfeastafuair sí bronntanais óna clann. Thug atuismitheoirí fón póca di agus bhí áthasan domhain uirthi. Thug a deartháir agusa deirfiúr geansaí spraoi di. Bhí Clodaghan-sásta leis na bronntanais. Ghabh síbuíochas le gach duine.

Ina dhiaidh sin chaith Clodagh a lán amaag caint lena cairde ar a fón póca nua.Ba léir gur thaitin an fón go mór léi agusníor smaoinigh sí ar an mbille fóin. Leansí ar aghaidh ag glaoch ar a cairde goléir. Bhí trí ghlaoch fós le déanamh aician lá sin.

1 2

Bhailigh an chlann sa chistin chun anbille fóin a phlé. Bhí a tuismitheoirían-fheargach le Clodagh agus dúirt adeirfiúr go raibh sí sásta iasacht airgida thabhairt di. Bhí an-bhrón ar Clodaghagus mhínigh sí nár smaoinigh sí faoinmbille fóin. Mhol a deartháir di téacsannaa sheoladh in ionad a bheith ag caint ant-am ar fad.

Ar an dara lá is fiche de Lúnasa tháinigan bille fóin isteach. Cúig euro is fichean bille fóin a bhí ag Clodagh. Bhí áthasuirthi nach raibh an bille róchostasach.D’fhoghlaim Clodagh ceacht agus sheolsí téacsanna chuig a cairde.

5 6

Sraith Pictiúr CDRian 16

Sraith pictiúr Bronntanas Costasach

Sraith Pictiúr 2018

33

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 33 13/09/2016 10:51

Page 39: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Samhradh Iontach

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

34

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 34 13/09/2016 10:51

Page 40: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Chaith Muireann agus Laoise tamall ansinag cabhrú leis na bochtáin. D’oibrigh siad leCumann Naomh Uinseann de Pól agus thaistilsiad timpeall na cathrach ag tabhairt amachceapairí agus anraith do na bochtáin. Bhí nabochtáin an-bhuíoch díobh. Ba léir gur bhainsiad an-taitneamh as an obair dheonach.

Ag deireadh an tsamhraidhchaith na cailíní tamall agféachaint siar ar na rudaí a rinnesiad i rith an tsamhraidh. Bhísamhradh den scoth acu. BhíMuireann agus Laoise ag tnúthgo mór leis an samhradh inadhiaidh sin.

7 8

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh amach na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Sraith Pictiúr CDRian 17

Sraith pictiúr Samhradh Iontach

Tús an tsamhraidh a bhí ann.Bhuail Laoise agus Muireannle chéile taobh amuigh denséipéal. Bhí an ghrian agscoilteadh na gcloch an lásin. Bhí na cailíní ag tnúthgo mór leis an samhradhagus bhuail siad le chéilechun a gcuid pleananna donsamhradh a phlé. Ba léirgur dhlúthchairde iad Laoiseagus Muireann.

Cúpla mí ina dhiaidh sinchuaigh Laoise agusMuireann ar thuras chuigan Róimh. Chaith siad nalaethanta ag siúl timpeall nacathrach agus ag féachaintar na radhairc stairiúla. Bhían aimsir te agus grianmharagus thaitin an chathair gomór leis na cailíní. Chaithsiad tamall ag siopadóireachtfreisin.

Thosaigh siad ag obairsan óstán go luath inadhiaidh sin. Bhí áthasorthu go bhfuair siadna poist agus d’oibrighsiad go dian. Chaith siadan lá ag folúsghlanadhagus ag cur snas ar natroscáin. Chóirigh siadna leapacha agus ghlansiad na seomraí folctha.

Ina dhiaidh sinchuaigh siad chuigan bpictiúrlann. Bhíscannán iontachar siúl agus bhían phictiúrlannplódaithe le daoineóga. Cheannaigh nacailíní grán rósta agusdeoch agus bhain siadan-taitneamh as anscannán.

Ba mhaith leo poistpáirtaimseartha a fháilagus mar sin chuaighna cailíní chun labhairtleis an mbainisteoir sanóstán áitiúil. Mhínighan bainisteoir dóibh goraibh poist ar fáil sanóstán ag glanadh naseomraí leapa. Bhí nacailíní sásta glacadhleis na poist sin.

Nuair a tháinig nacailíní abhaile ónRóimh, d’imir siadpeil leis an gclubáitiúil. Bhí Laoiseagus Muireann an-sásta gur bhuaighsiad an chraobhagus d’ardaigh siadan corn tar éis anchluiche ceannais.

1

4

3

6

2

5

Sraith Pictiúr 2018

35

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 35 13/09/2016 10:51

Page 41: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

36

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 36 13/09/2016 10:51

Page 42: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

D’fhéach Séamas ar a uaireadóir aguschuimhnigh sé nach raibh a chuidobair bhaile déanta aige. Ní raibh séróbhuartha faoin obair bhaile. Bhí an-suim aige sa chluiche nua ríomhaire aguschuaigh sé chuig teach Liam.

Bhí spórt agus spraoi ag na buachaillíag imirt an chluiche nua ríomhaire saseomra teilifíse. Lean siad ar aghaidhag imirt go dtí a hocht a chlog. Ní raibhSéamas ag smaoineamh ar a chuid obairbhaile. Ansin ghlac na buachaillí sos arfeadh tamaill bhig agus d’ith siad píotsa.Ba sheomra compordach é an seomrateilifíse. Bhí scáthán ar an mballa agusbhí leabhragán in aice na teilifíse lán leleabhair.

3 4

Ina dhiaidh sin chuir máthair Shéamaisglao fóin air. D’fhiafraigh sí de Shéamasan raibh a chuid obair bhaile déantaaige. D’fhreagair Séamas nach raibh sédéanta. Ní raibh a mham sásta ar chorar bith. Thug sí ordú do Shéamas teachtabhaile. Dúirt sé go bhfillfeadh sé abhailefaoi cheann cúig nóiméid. Ní raibh amham sásta leis an bhfreagra seo agusd’inis sí dó teacht abhaile láithreachbonn.

D’fhill Séamas abhaile agus thosaighsé ag déanamh a chuid obair bhaile. Ara leathuair tar éis a naoi bhí sé fós agscríobh. Bhí a thuismitheoirí taobh thiarde ag féachaint air. Bhí cuma fheargachar a n-aghaidh. Ba léir nach raibh siadsásta le Séamas ar chor ar bith.

5 6

Tháinig Séamas abhaile ón scoil agusd’fhág sé a mhála scoile ar an mbord.Ansin shuigh sé síos ar an gcathaoiruillinn agus d’fhéach sé ar an teilifís. BhíSéamas fós gléasta ina éide scoile agféachaint ar an teilifís ar a sé a chlog.

1 2 Go luath ina dhiaidh sin fuair sé téacsóna chara Liam a rá go bhfuair sécluiche nua ríomhaire. Thug Liamcuireadh do Shéamas dul chuig a theachchun triail a bhaint as an gcluicheríomhaire nua.

Sraith Pictiúr CDRian 18

Sraith pictiúr Cluiche Nua Ríomhaireachta:Taitneamh agus Trioblóid

Sraith Pictiúr 2018

37

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 37 13/09/2016 10:51

Page 43: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Agallamh do Nuacht TG4@7

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

38

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 38 13/09/2016 10:51

Page 44: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sa rang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Sraith pictiúr

1 2

Bhí an criú teilifise agdéanamh tuairisce arthuairimí daoine óga.Bhí siad ag iarraidh fáilamach an raibh aos ógna tíre sona nó míshona.Bhí micreafón i lámh antuairisceora agus thosaighan criú ag taifeadadh natuairisce.

Ansin léirigh na buachaillí a dtuairimí. Dúirt siad goraibh an-bhrú ar dhaoine óga sa lá atá inniu ann.Luaigh Liam brú scoile agus scrúduithe agus dúirtEoin freisin go raibh sé deacair ar dhaoine óga posta fháil. Mhínigh sé nach raibh go leor airgid acu. Inadhiaidh sin dúirt Dara go raibh fadhbanna ag daoineóga lena dtuismitheoirí. Ar deireadh léirigh Darabuntáistí na hóige. Dúirt sé go bhfuair daoine ógabia maith, am saor agus go raibh saol sóisialta agdaoine óga sa lá atá inniu ann.

3 4

Nuair a bhí an t-agallamh críochnaithethug an criú t-léinte agus caipíní le lógóTG4 scríofa orthu do na buachaillí. Mholan criú dóibh féachaint ar TG4 ar a seachtan oíche sin. Bhí áthas ar na buachaillí.

D’fhill na buachaillí abhaile agus d’inissiad an scéal dá dtuismitheoirí. Ansinshuigh siad ar an tolg os comhair nateilifíse ag feitheamh leis an nuacht.Cheap Mam go raibh an t-agallamh arfheabhas agus an-spéisiúil. ThosaighDaid ag magadh agus d’fhiafraigh séde na buachaillí an raibh siad faoi bhrú.Níor aontaigh Daid leo. Níor cheap sé goraibh siad faoi bhrú.

5 6

Ansin tháinig criú teilifíse ó TG4 suaschucu. Bhí siad ag iarraidh cúpla ceista chur ar na buachaillí i nGaeilge.D’fhiafraigh an tuairisceoir de nabuachaillí an raibh Gaeilge acu. BhíLiam amhrasach ach bhí Eoin agus Daralánsásta na ceisteanna a fhreagairt.

Bhí Liam, Eoin agus Dara san ionadsiopadóireachta ar a dó a chlogtráthnóna. Os a gcomhair bhí dhá shiopafaisin, siopa crua-earraí agus bialann lefeiceáil. Chonaic na buachaillí beirt bhantaobh amuigh den siopa faisin. Ba léirgo raibh na buachaillí ag ligean a scítheagus shuigh beirt acu ar bhínse in aiceleis an staighre.

Sraith Pictiúr CDRian 19

Agallamh doNuacht TG4@7

Sraith Pictiúr 2018

39

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 39 13/09/2016 10:51

Page 45: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Tine sa Teach

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

40

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 40 13/09/2016 10:51

Page 46: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Ciorcal oibre: beirt nó triúr le chéile ag plé, ag léamh agus ag scríobh

1 Scríobh na briathra san Aimsir Chaite as an tsraith thuas i do chóipleabhar.

2 Scríobh abairtí simplí leis na briathra agus glaoigh amach na habairtí sa rang.

3 Cum sraith de cheisteanna bunaithe ar na pictiúir agus ansin pléigh na ceisteanna sarang.

4 Cuir na ceisteanna atá cumtha ag do ghrúpa ar na daltaí i ngrúpa eile.

Luigh Áine ar an gcuilt agus a cuidéadaigh fós uirthi agus thit sí ina codladh.Bhí sí traochta. Rinne sí dearmad arna sceallóga ar an sorn. Ina dhiaidh sinchuaigh an corcán trí thine agus léimlasracha san aer. Bhí deatach dubh agleathadh ar fud an tí.

Shiúil Áine abhaile ón dioscó ina haonar.Bhí brat bán sneachta ar an talamh. Bhícóta mór dubh á chaitheamh aici agus bhíhata ar a ceann. Oíche fhuar gheimhridha bhí ann. Shroich sí an baile ar a haon achlog agus shuigh sí cois tine sa seomrasuí. Ba sheomra compordach é agus bhípictiúr ar crochadh os cionn na tine.

Dhúisigh tuismitheoirí Áine nuair achonaic siad an deatach dubh sa seomraleapa. Ba léir gur baineadh geit uafásachastu. Ghlaoigh a daid ar an mbriogáiddóiteáin agus d’inis sé dóibh go raibhtine sa teach. Rith máthair Áine isteachina seomra leapa agus dhúisigh sí ahiníon go tapa. Bhí an deatach ar fud antí faoin am seo.

Bhí tuirse an domhain ar Áine agus ligsí méanfach aisti. Ansin shiúil sí isteachsa chistin. Chuir sí sceallóga isteach igcorcán agus las sí an sorn. D’fhág sían sorn agus chuaigh sí chuig a seomraleapa.

3

1

4

2

Tháinig an bhriogáid dóiteáin agus mhúchsiad na lasracha le huisce. Bhí culaithspeisialta á caitheamh ag an bhfeardóiteáin. Chaith sé masc agus clogadagus bhí umar ocsaigine aige freisin.Thóg sé tamall na lasracha a mhúchadh.Tugadh an cailín san otharcharr chuig anospidéal. Labhair a máthair léi agus dúirtsí go mbeadh sí ceart go leor.

An mhaidin ina dhiaidh sin bhí anghrian ag taitneamh. Ba léir go raibhan teach scriosta. Bhí Áine san ospidéalagus tháinig an dochtúir chun labhairtléi. Chaith an dochtúir cóta bán agusbhí steiteascóp timpeall ar a muinéalaici. Dúirt an dochtúir léi gan mórán adhéanamh go ceann cúpla lá agus gombeadh sí ceart go leor.

5 6

Sraith Pictiúr CDRian 20

Sraith pictiúr Tine sa Teach

Sraith Pictiúr 2018

41

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 41 13/09/2016 10:51

Page 47: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

42

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 42 13/09/2016 10:51

Page 48: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

Sraith Pictiúr 2018

43

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 43 13/09/2016 10:51

Page 49: AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior - EDCO Pictiuir/air7256s...Nótaí.....1 Sraithpictiúr2018 1 An Fhoireann ag Cruthú go hIontach .....2

FuinneamhNua/Fiúntas Nua

44

AIR7256S Sraith Pictiur 2018 Interior.indd 44 13/09/2016 10:51