26

© CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

  • Upload
    others

  • View
    1

  • Download
    0

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

© CCEA 2019

Page 2: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

beatha le bua

Page 3: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

Pictiúr Clúdaigh © Steve Granitz / WireImage / Getty Images

Pictiúir le © Alamy Stock Photo agus Getty Images

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

Page 4: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

AN

GE

LIN

A J

OLI

Ebeatha le bua

Page 5: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

ANGELINA JOLIEIntreoir

Tá Angelina Jolie ar na haisteoirí is mó cáil sa domhan le níos mó ná cúig bliana is fiche. Ón uair a ghlac sí páirt ina céad scannán mar aisteoir gairmiúil sa bhliain 1993, tháinig méadú ar a próifíl phoiblí, ní hamháin i saol na scannán, ach i saol na gceiliúrán idirnáisiúnta. Tá cuid mhór gradam bainte aici amhail Gradaim Golden Globe, Emmy agus BAFTA. Bean fhíorshaibhir atá inti dá bharr sin agus mar gheall ar an airgead a fuair sí ón fhógraíocht chomh maith.

Is bean iontach fial í Angelina Jolie a chaitheann a lán ama agus airgid ag cuidiú le daoine i dtíortha bochta. Bíonn aird ar leith aici ar pháistí sna tíortha sin, agus tá ionaid leighis agus scoileanna curtha ar bun aici sa Chambóid agus san Aetóip. Ní hamháin sin, ach

Page 6: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

ANGELINA JOLIE

© STEVE GRANITZ / WIRE

IMAGE / GETTY IMAGES

Page 7: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

ANGELINA JOLIEcaitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine ag fulaingt.

Cé gur éirigh go han-mhaith le Angelina ina saol mar aisteoir, ní raibh an rath céanna ar a saol pearsanta. Scar a tuismitheoirí óna chéile nuair a bhí sí ina páiste. Chaith sí tamall ag úsáid drugaí. Pósadh trí huaire í ach níor mhair pósadh ar bith acu. Mar sin, cé hí go díreach an bhean seo atá go mór i mbéal an phobail agus cén fáth a bhfuil sí chomh clúiteach sin?

Page 8: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

ANGELINA JOLIE

© GRANAMOUR WEEMS COLL

ECTION / ALAMY STOCK P

HOTO

Page 9: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

ANGELINA JOLIECúlrá

Rugadh Angelina Jolie in Los Angeles sa bhliain 1975. Aisteoirí a bhí ina tuismitheoirí agus scar siad óna chéile go luath i ndiaidh do Angelina teacht ar an tsaol. D’fhan Angelina lena máthair agus chuir sí suim san aisteoireacht a chéaduair mar gheall ar an bheirt acu bheith ag amharc ar scannáin le chéile go minic. Chuaigh sí ar scoil in Beverly Hills ach ní raibh sí ar a suaimhneas. Mhothaigh sí mar a bheadh duine ón taobh amuigh ann mar ba pháistí ó chúlra saibhir na daltaí eile, agus níor dhuine saibhir a máthair féin. Thosaigh sí a ghlacadh drugaí agus chaith sí éadaí dubha an t-am ar fad. Bhí lionn dubh uirthi go minic agus bhí neamhord itheacháin aici. Níor réitigh Angelina go rómhaith lena hathair sa tréimhse sin ach, níos faide anonn, d’éirigh siad cairdiúil lena chéile arís.

Page 10: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

ANGELINA JOLIE

© KURT KRIEGER / CORBIS VIA

GETTY IMAGES

Page 11: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 0

ANGELINA JOLIENa luathbhlianta

In ainneoin na bhfadhbanna seo uilig, bhí sé ar intinn ag Angelina go fóill bheith ina haisteoir. Bhí a deartháir ag déanamh staidéir ar an scannánaíocht agus bhí páirt aici i gcuid dá chuid scannán. Fuair sí páirt i bhfíseáin cheoil éagsúla, leithéidí Stand by my woman le Lenny Kravitz agus Rock and Roll dreams come through le Meat Loaf. Mar sin féin, bhí deacrachtaí aici páirteanna a fháil. Ba é Cyborg 2 an chéad scannán a raibh páirt ag Angelina ann, sa bhliain 1993. Scannán ficsean eolaíochta a bhí ann. Bhí díomá mór uirthi nuair a tháinig an scannán amach agus ní dhearna sí iarracht páirt eile a fháil ar feadh bliana. Ansin, bhí príomhpháirt aici i scannán darbh ainm Hackers. Cé nár tháinig rath mór ar an scannán féin, fuair Angelina moladh ón nuachtán The New York

Page 12: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 1

ANGELINA JOLIE

Times as an ról a rinne sí. Bhí sí i dtrí nó ceithre scannán ina dhiaidh, ceann darb ainm Love is all there is (1996) ina measc, scannán a bhí bunaithe ar an dráma Romeo and Juliet. Ní raibh na léirmheastóirí scannáin ar aon intinn fúithi. Den chuid is mó, áfach, mhol siad í mar aisteoir. I mbarr a réime

Tháinig méadú ar an chlú a bhí ar Angelina nuair a fuair sí gradam Golden Globe mar gheall ar an pháirt a bhí aici sa scannán George Wallace (1997), scannán a bhain leis an drochbhail a bhí ar na daoine gorma i nDeisceart na Stát Aontaithe. Go gairid ina dhiaidh sin, bhí páirt aici mar chailín a raibh fadhbanna meabhairshláinte aici sa scannán Girl interrupted (1999). Ní raibh an phríomhpháirt aici sa scannán ach bhain sí gradam

Page 13: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 2

ANGELINA JOLIEGolden Globe amach mar gheall ar an dóigh ar léirigh sí cailín a d’éirigh cairdiúil leis an phríomhcharachtar. Ba é sin an tríú huair a fuair sí an gradam sin. Is é Hollywood croílár thionscal na scannánaíochta sa domhan agus bhí Angelinaaitheanta anois mar aisteoirfíor-éifeachtach sa bhaile mhór sin. Go gairid ina dhiaidh sin bhí páirt aici i scannán ar éirigh tharr barr leis ar fud an domhain. Ghnóthaigh an scannán Lara Croft: Tomb Raider $274.7 milliún agus bhí ar Jolie blas Sasanach a fhoghlaim dá páirt. Níor shíl na léirmheastóirí mórán den scannán, ach bhí Angelina anois ina sár-réalta ar fud an domhain agus fuair sí féin moladh as a cuid aisteoireachta. Lena chois sin, bhí sí ag éirí níos saibhre de réir a chéile agus í ag fáil íocaíocht $10m–$15m ar son gach scannáin.

Page 14: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

1 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

ANGELINA JOLIE

© COLLECTION CHRISTOPHEL / ALAMY STOCK PHOTO

Page 15: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 4

ANGELINA JOLIESa bhliain 2005, bhí páirt ag Angeline Jolie sa scannán Mr and Mrs Smith. Bhí na príomhpháirteanna aici féin agus ag Brad Pitt. Ghnóthaigh an scannán cuid mhór airgid cé nach raibh na léirmheastóirí ar aon intinn faoi cé chomh maith agus a bhí sé. Ba timpeall an ama sin a thit sí i ngrá le Brad Pitt, fear a bhí pósta cheana féin ar Jennifer Anniston. Tháinig deireadh leis an phósadh sin agus cuireadh an locht ar Jolie dá bharr. An bhliain dár gcionn, bhí páiste ag Angelina agus Brad. D’fhan siad le chéile ar feadh dhá bhliain déag agus phós siad sa bhliain 2012, an tríú huair a phós Jolie. Tháinig deireadh leis an phósadh in 2016.

Page 16: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

1 5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

ANGELINA JOLIE

© SPUTNIK / ALAMY STOCK PHOTO

Page 17: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

ANGELINA JOLIEObair charthanachta

Nuair a bhí Angelina sa Chambóid agus an scannán Lara Croft: Tomb Raider á dhéanamh, chonaic sí daoine ag fulaingt sa tír sin a raibh cogadh ann le fada an lá. Deirtear gurbh é sin a spreag í le bheith páirteach in obair charthanachta. Chuaigh sí ar thuras chuig an Afraic go dtí Siarra Leon agus an Tansáin. Chuaigh an bochtanas agus an fhulaingt go mór i bhfeidhm uirthi. Thug sí a lán airgid do na Náisiúin Aontaithe le bheith ag cuidiú le teifigh, agus thosaigh sí ag obair don eagraíocht mar ambasadóir. Sna blianta ina dhiaidh sin, chuaigh sí ar níos mó ná daichead turas le haird an domhain a tharraingt ar chás na dteifeach. Is minic a chuaigh sí chuig áiteanna contúirteacha, áiteanna a raibh cogadh ar siúl iontu, agus fuair sí ceadúnas píolóta sa dóigh go mbeadh sí níos éifeachtaí ag an obair seo.

Page 18: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

1 7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

ANGELINA JOLIE

© EVERETT COLLECTION I

NC / ALAMY STOCK PHOTO

Page 19: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 8

ANGELINA JOLIEBhí aird ar leith ag Angelina Jolie ar pháistí agus ar oideachas do pháistí. Mar gheall air seo, throid sí ar son páistí ón Afganastáin, ó tSúdáin agus ón Iaráic nach raibh ag fáil oideachais. Tá suas le cúig scoil déag bunaithe aici i dtíortha bochta ar fud an domhain. D’oscail sí lárionad sláinte san Aetóip sa bhliain 2015 ina gcuirtear oideachas ar fáil do pháistí a bhfuil SEIF nó eitinn orthu. Bhí bailiúchán mór de sheodra fíorluachmhar ag Angelina agus tá cuid mhaith de sin díolta aici le tacú leis an obair seo.

Oidhreacht

Níl dabht ar bith ann go bhfuil Angelina Jolie ar dhuine de na haisteoirí is cumasaí agus is mó cáil ar domhan le fiche bliain anuas. Tá an cháil sin bunaithe ar a lán rudaí: a háilleacht, a cumas mar aisteoir, a hobair

Page 20: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 9

ANGELINA JOLIE

charthanachta agus eile. Is beag bliain idir 1998 agus 2018 nár bhain sí gradam de chineál éigin amhail Golden Globe, BAFTA nó Screen Actors Guild Award. Is cinnte gur aisteoir ar dóigh atá inti agus is mar gheall air sin is mó a bhí a hainm i mbéal an phobail. Is tionscal ollmhór sa lá atá inniu ann tionscal na háilleachta agus is mar gheall ar a háilleacht fosta a bhí Angelina go minic chun tosaigh sna hirisí agus sna meáin eile. Tá sí ar na daoine is saibhre ar domhan agus is léir gur duine fial flaithiúil atá inti. Ní hamháin gur chaith sí a lán airgid ag cuidiú le daoine faoi bhuntáiste, ach chaith sí a lán dá cuid ama ag iarraidh saol níos fearr a thabhairt dóibh. Is dócha nach mbeadh mórán daoine eile dá leithéid sásta taisteal chuig áiteanna contúirteacha agus cuid mhaith ama a chaitheamh iontu. Nuair a bhí sí féin agus Brad Pitt le chéile,

Page 21: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine
Page 22: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

© 506 COLLECTION / ALAMY STOCK PHOTO

ANGELINA JOLIE

Page 23: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 2

ANGELINA JOLIErugadh triúr páistí dóibh agus d’uchtaigh siad páistí eile ón Áis agus ón Afraic chomh maith.

Ní raibh gach rud foirfe i saol Angelina, áfach. Scar a tuismitheoirí óna chéile nuair a bhí sí an-óg. Bhí go leor fadhbanna aici agus í ag fás aníos. Ní raibh sí sásta lena saol nuair a bhí sí ina déagóir agus bhí lionn dubh uirthi. Phós sí trí huaire ach níor mhair pósadh ar bith acu. Sa bhliain 2013, fuair sí amach go raibh contúirt mhór ann go dtiocfadh ailse uirthi agus bhí obráid mhór aici leis an chontúirt a laghdú. Le roinnt blianta anuas, níl Angelina Jolie chomh mór sin chun tosaigh sna meáin chumarsáide agus a bhí sí, ach is dócha nach bhfuil deireadh lena saol mar aisteoir mór le rá. Tá cuid mór bainte amach aici agus seans maith go mbeidh páirt aici i scannán mór eile gan mhoill.

Page 24: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

2 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

ANGELINA JOLIE

© PHOTO 12 / ALAMY STOCK PHOTO

Page 25: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine
Page 26: © CCEA 2019 · ANGELINA JOLIE caitheann sí a lán ama ag obair leis na Náisiúin Aontaithe mar ambasadóir ag iarraidh poiblíocht a tharraingt ar áiteanna ina mbíonn daoine

© CCEA 2019