An fharraige - Ag scrios agus ag cruthú

Preview:

Citation preview

Ag scrios agus ag cruthú

Tá an fharraige ag athrú cruth ár n-imeallbhord i gcónaí.

Tarlaíonn sé seo mar, cosúil le haibhneacha, creimeann, iompraíonn agus sil-leagan an fharraige ábhair le hais an chósta.

Bogann tonnta ábhair in aice leis an immeallbhord.

Uisce domhain

Tonnta ag briseadh

Frithchuimilt le grinneall na farraige

Cruthaítear tonnta de bharr an fhrithchuimilt a tharlaíonn idir an ghaoth agus dromchla na farraige.

Braitheann méid an tonn ar dhá rud:1. Neart na gaoithe2. Fad na farraige (réim-fetch).

RÉIM Ó RÉIM Ó CHÓSTA NA CHÓSTA NA HHÉIREANNÉIREANN

Borruisce (swash) – Nuair a shroicheann an tonn an cladach, briseann sé. Tugtar borruisce ar an uisce bán, coipeach a thagann i dtír.

Cúlchaise (backwash) – Cailleann an uisce a luas agus stopann sé. Sreabhann sé ar ais síos an trá agus isteach san fharraige. Tugtar cúlchaise air seo.

Tá borruisce láidir acu a iompraítear agus a shil-leagtar ar an trá.

Tá cúlchaise lag acu nach n-iompraíonn mórán ábhair ar ais chun na farraige.

Dá thoradh cuireann siad ábhair leis an trá.

Tonnta tógála: Gníomhaíonn siad in aimsir shuaimhneach. Tá fuinneamh teoranta acu agus úsáideann an borruisce an chuid is mó de chun ábhair a iompar agus a shil-leagan.

TONN TÓGÁLA

Borruisce láidir

Cúlchaise lag

Tá borruisce lag acu. Tá cúlchaise an-láidir acu agus déanann

na tonnta seo creimeadh dá bharr. Dá bhrí sin, scriosann siad an t-

imeallbhord.

Tonnta scriosacha: Oibríonn siad in aimsir stoirmiúil. Tá i mhad níos mó fuinneamh acu agus tá cúlchaise an-láidir acu. Déanann siad go leor creimeadh

TONN SCRIOSACH

Borruisce lag

Cúlchaise lag

Tarlaíonn creimeadh farraige de bharr tonnta scriosacha. Tá 4 bhealach ann ina gcreimeann tonnta an cósta:

1. Gníomhú Hiodrálach2. Aer comhbhrúite3. Scríobchaitheamh4. Cnaí

1. Gníomhú Hiodrálach – An fórsa a bhíonn ag an uisce agus é ag bualadh isteach in aghaidh an chósta.

2. Aer comhbhrúite (compressed air) – Sáinníonn na tonnta aer i scoilteanna sna carraigeacha. De réir mar a théann na tonnta ar ais amach san fharraige forbraíonn an aer sáinnithe go tapa agus pléascann an charraig.

3. Scríobchaitheamh (abrasion) – Creimeadh a tharlaíonn de bharr go mbuaileann carraigeacha bheaga, á n-iompar san fharraige, isteach in aghaidh an chósta.

4. Cnaí (attrition) – Creimeadh a tharlaíonn nuair a bhuaileann carraigeacha bheaga, á n-iompar san fharraige, in aghaidh a chéile agus go mbriseann siad a chéle ina mhionphíosaí carraige.

Roinnt tírghnéithí a chruthaíonn creimeadh farraige ná:

1.1. AillteAillte2. Bánna agus rosanna3. Pluaiseanna mara, stuaí mara, stacaí

farraige, stumpa farraige4. Poill séideáin

Ceist fada – creimeadh farraige

Míniú: Séard is aill ann ná fána ghéar nó cheartingearach a bhíonn ag an gcósta.

Foirmiú: Ionsaíonn na tonnta an cósta agus gearran siad eang (notch) sa charraig. Nuair a éiríonn an eang níos doimhne titeann an charraig a bhíonn ag starradh de bharr go mbíonn an iomarca meáchain ann.

Leanann na próisis seo ar aghaidh agus cúlaíonn an aill isteach faoin tír agus éiríonn sé níos airde.

Tugtar clár tonnghearrtha ar an ábhar a thiteann isteach san fharraige ón aill.

Sampla: Aillte an Mhothair, Co. an Chláir.

Forchrochadh

Eang

Aill

Clár tonnghearrtha

Taoide íseal Far

raige

AN CHAOI A FHOIRMÍONN AILLTE

Bá: Oscailt leathan, domhain ag an gcósta. Ros: Píosa ard talún a ghobann amach san fharraige. Foirmíonn bánna agus rosanna nuair a bhíonn

carraigeacha difriúla in aice leis an gcósta. Creimtear an charraig bog go tapa ag cruthú bá. Creimtear an charraig crua go mall agus gobann siad

amach san fharraige dá bharr. M.sh. Cuan Bhaile Átha Cliath & Ceann Bhinn Éadair

(Howth Head).

Carraig bhog

Carraig chrua

BÁNNA AGUS ROSANNA

Poll séideáin

Pluaiseanna maraStua mara

Staca farraige

Éasc sa charraig

Stumpa

Pluais mhara a thugtar ar thollán nó conair (passage) sa charraig ag íochtar aille.

Creimeann na tonnta spota lag sa charraig (carraig bhog nó ceantar le scoilteanna) sna haillte trí ghníomhú hiodrálach, aer comhbhrúite agus scríobchaitheamh.

Cruthaíonn sé seo conair san aill – pluais.

Stua mara a thugtar ar chonair a théann tríd ros.

Tarlaíonn sé seo nuair a chreimtear pluais go domhain isteach i ros, nó, má chreimtear dhá phluais ar dhá thaobh an ros agus má bhuaileann siad le chéile.

Staca farraige a thugtar ar philéar de charraig a bhíonn ina seasamh san uisce cóngarach don chósta.

Nuair a chreimtear na stuaí mara, éiríonn siad níos leithne.

Titeann a ndíon (roof) chun talún ag fágáil píosa talún ar leithlis an chósta – staca farraige.

Dhéanfar é a chreimeadh níos mó agus déanfaidh sé sin stumpa farraige a chruthú.

Poll séideáin a thugtar ar chonair a nascann díon na pluaise le barr na haille.

Sáinnítear aer comhbhrúite sa phluais ag tonnta láidre stoirme.

Cruthaíonn an ardbhrú scoilteanna agus scaoilteann (it loosens) sé seo an charraig ag barr na haille. De réir ama, titeann an charraig seo chun na talún ag cruthú conair ar a dtugtar poll séideáin.

Uaireanta, in aimsir stoirmiúil, séideann sprae na farraige in aide ón bpoll séideáin.

Sampla: McSweeney’s Gun, Co. Dhún na nGall.

Poll séideáin

Pluaiseanna maraStua mara

Staca farraigeÉasc sa charraig

Stumpa

D’fhoghlamaíomar cheana go n-iompraíonn aibhneacha ábhair (gainneamh, siolta, cré). Tugtar ualach ar seo.

Bíonn ualach ag an bhfarraige chomh maith. Bíonn clocha beaga, gainneamh agus lathann san ualach sin.

Iompraíonn na tonnta an t-ualach ar dhá bhealach éagsúla:

1. I dtreo an chladaigh leis an mborruisce agus ar ais arís i dtreo na farraige leis an gcúlchaise.

2. Ar feadh an chladaigh leis an síobadh feadh cladaigh (longshore drift). Tarlaíonn sé seo nuair a thagann na tonnta i dtreo an chladaigh agus iad ar fiar.

Bhreathnaíomhar cheana ar na próisísí a bhaineann le borruisce agus cúlchaise.Iompraíonn an borruisce ualach will transport material up onto the beach.

Iompraíonn an chúlchaise ualach amach léi arís, le fána na trá.

Iompraíonn síobadh feadh cladaigh ábhair le hais an trá.

Tarlaíonn sé nuair a thagann na tonnta i dteagmháil leis an trá ag uillinn.

Iompraíonn an borruisce ábhar suas chuig an trá, agus iompraíonn an chúlchaise é anuas i líne díreach. Ansin iompraíonn an borruisce an t-ualach trasna an trá, arís ag uillinn.

Leanann an próiséas seo ag tarlú agus iompraítear an t-ualach ar feadh an chladaigh go fiarlárnach (zig-zag).

1. Tagann na tonnta i dtreo an chladaigh agus iad ar fiar.

2. Bogann an borruisce, a thagann ó na tonnta agus iad ag briseadh, an t-ábhar suas ar an gcladach agus sil-leagtar cuid den ansin. Bogtar an t-ábhar freisin mar gheall ar threo na dtonn.

3. Tugann an cúlchaise roinnt den ábhar léi arís, le fána na tráa.

4. Tarlaíonn na próisis seo arís agus arís eile agus de réir a chéile, bogtar an t-ábhar ar feadh an chladaigh go fiarárnach.

Borruisce Cúlchaise

Gluaiseacht na gcaithníní gainnimh

Treo na dtonn

Sil-leagan an fharraige (drops off) roinnt dá ualach in áiteanna foscúla, nach mbíonn an oiread fuinnimh ag na tonnta.

D’fhéadfadh sé seo tarlú i mbá, nó in áit a mbíonn fána réidh leis an gcladach amach i dtreo na farraige.

Cruthaíonn an sil-leagan tírghnéithe (landforms).

Cruthaíonn sil-leagan cósta na tírghnéithe seo a leanas:

1. Tránna2. Dumhcha3. Goba gainnimh4. Tambalónna5. Murlaigh

Bíonn go leor ábhar éagsúla i dtránna

Ábhar níos gairbhe

Ábhar níos míne

Glár

Trá ghainnimh

Trá stoirme

Carraig chrua

Snáithe

mara

An líne

iarthrá

Is éard is trá ann ná bailiúchán de ghainneamh agus de dhuirling A (clocha beaga) a shil-leagtar ag tonnta idir an snáithe mara agus an líne iarthrá.

Iompraíonn an borruisce ábhar ar an gcladach. Fanann roinnt den ábhar seo, ábhar crua den chuid is mó, ar an dtrá mar nach féidir leis an gcúlchaise lag é a iompar ar ais chun na farraige. Iompraíonn an chúlchaise cuid den ábhar mín, éadrom i dtreo na farraige arís.

Mar gheall air seo, deirtear go gcuirtear eagar ar ábhar an trá, leis an ábhar is troime níos faide ón bhfarraige, agus an gainneamh níos éadroime níos cóngaraí don bhfarraige.

In aimsir storimiúil, tá an borruisce láidir go leor chun clocha agus carraigeacha mra a chaitheamh suas ar an trá os cionn an tsnáithe mara de ghnáth, áit a bhfanann siad chun trá stoirme a chruthú.

Sampla ná Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin.

Is cnocáin ghainnimh iad dumhcha a fhoirmíonn ar an gcladach, díreach os cionn an tsnáithe mara.

Triomaíonn an gaoth gainneamh ar an trá, á dhéanamh níos éadroime. Ansin, séidtear an gainneamh isteach intíre go dtí go mbíonn sé sáinnithe ag balla nó fásra éigin.

Bailíonn an gainneamh le chéile agus cruthaítear carnáin nó dumhcha ísle. Uaireanta fástar muiríneach (marram grass) ar dhumhcha chun stop a chur le gainneamh ag séideadh isteach go talamh feirme nó foirgnimh.

E.g. Port Mearnóg, Co. Bhaile Átha Cliath

Gob gainnimh: Droim gainnimh nó duirlinge a shíneann amach san fharraige. Nascann sé leis an talamh ag taobh amháin.

Iompraítear ábhar ar feadh an chósta le síobhadh feadh cladaigh. Nuair a shroicheann sé bá éadomhain bíonn níos lú fuinneamh aige agus sil-leagtar ábhar ar ghrinneall na n-aigéin.

Bailíonn an t-ábhar seo, de réir a chéile, os cionn leibhéal na farraige

Sampla ná Trá Mhór, Co. Phort Láirge.

Tambaló a thugtar ar dhroim gainnimh nó duirlinge a nascann oileán leis an gcósta.

Foirmíonn tambalaó nuair a fhoirmíonn goba gainnimh ag nascadh oileán leis an gcósta, in ionad a bheith ag síneadh trasna an bá.

Sampla: Ceann Bhinn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath.

Murlach a thugtar ar dhobharlach (body of water) gearrtha amach ón bhfarraige ag gob gainnimh.

Nuair a fhoirmíonn gob gainnimh, síneann sé amach trasna an bá. Faoi dheireadh, sroicheann sé an taobh eile den bhá ag cruthú bac leis an uisce taobh thiar.

Foirmíonn an uisce seo loch sáile - murlach. E.g. Loch Gile, Co. Chiarraí.

SioltadhBá

Goba gainimh

Goba gainimh

Murlach

Tambaló

OileánSíobadh feadh cladaigh

Muiríneach

Tá ról an-thábhachtach ag an bhfarraige i ngníomhaíochtaí daonna:

Foinsí fuinnimhCeantair cónaitheGníomhaíochtaí geilleagracha

Ach, uaireanta bíonn éifeacht scriosach ag an bhfarraige freisin. Rinneadh iarracht an scrios seo a sheachaint trí úsáid a bhaint as;

1. Ballaí mara (sea walls) 2. Bolláin (boulders) & Gaibiúin (gabions) 3. Gradhanna (groynes)

Ballaí mara – Ballaí coincréite le barr aischuartha (curved top) chun tonnta a chur amach i dtreo na farraige arís. Sampla ná i mBré.

Bolláin – Cuirtear bolláin mhóra ag bun aillte nó os comhair dumhcha. Cuireann sé stop le creimeadh trí cumhacht na tonnta a laghdú. Sampla ná i dTrá Mhór.

Gradhanna – Ballaí ísle déanta d’adhmad. Tógtar iad ag dronuillineacha leis an gcladach chun síobadh feadh cladaigh a laghdú trí ghainneamh a sháinniú. Sampla ná i Ros Láir.

1. Caitheamh aimsire – Gníomhaíochtí ar nós iascaireacht agus seoltóireacht. M.sh i Ros Láir.

2. Iompar – Iompraítear earraí móra thar achar fada ar longa. M.sh ola, mianta agus coimeádáin. Freisin, tá báid farantóireachta (ferries) a iompraíonn daoine, carranna agus trucailí.

3. Soláthar bia – Cuireann trálaeir iasc ar fáil. Beathaítear réimse leathan éisc i gcaighin (cages) ar fheirmeacha éisc, a bhíonn suite i mbánna foscúla. Próiseáiltear go leor den iasc i dtír agus cruthaíonn sé seo níos mó postanna.

Trá Ros Láir

Calafort Ros Láir

Trá

Creimeadh cósta

Balla mara

Ábhar ar an trá

Recommended