71
STÍL TÍ Treoirlínte atá le cur i bhfeidhm ag an bhfoireann eagarthóireachta Eanáir 2015

Stíl Tí an Ghúim

Embed Size (px)

Citation preview

Page 1: Stíl Tí an Ghúim

STÍL TÍ

Treoirlínte atá le cur i bhfeidhm

ag an bhfoireann eagarthóireachta

Eanáir 2015

Page 2: Stíl Tí an Ghúim

An Clár

Réamhrá . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 1

1 An Ghramadach agus an Phoncaíocht . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 4

2 Cineálacha Éagsúla Foilseachán: Dearadh agus Leagan Amach . . . . . . . . . 15

Aguisín A: Séimhiú agus Urú i ndiaidh Figiúirí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 18

Aguisín B: Teimpléid leathanach an Inphrionta . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 20

Aguisín C: Treoir Ghramadaí . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 27

Page 3: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

1

RÉAMHRÁ Is é atá sa cháipéis seo ná treoirleabhar don fhoireann eagarthóireachta sa Ghúm le cur i bhfeidhm ar na cineálacha éagsúla téacsanna a bhíonn á réiteach don chló acu. Treoir ghinearálta atá ann maidir leis na ceisteanna coitianta a bhíonn le réiteach agus téacs Gaeilge á chur in eagar idir phointí gramadaí, poncaíochta agus leagan amach. Ní tráchtas cuimsitheach gramadaí í ná ní chlúdaítear inti ach oiread na pointí uile a bheidh le réiteach ag eagarthóir agus é nó í i mbun oibre. Is é a bheidh á leagan amach sa cháipéis seo ná na cleachtais atá á gcur i bhfeidhm sa Ghúm i dtaca leis na pointí sin i gcomhthéacs na bhfoilseachán éagsúil a bhíonn á réiteach ann. Cuid mhór de na ceisteanna ginearálta a bhaineann le téacs a chur in eagar nó a leagan amach i dteanga ar bith, beidh comhairle agus treoir ina leith le fáil sna foilseacháin iomadúla atá ann cheana. Sa Ghúm is iad New Hart’s Rules agus an MHRA Style Guide an dá fhoilseachán is iondúil a bhíonn á gceadú i dtaca leis na ceisteanna sin. Níl sé i gceist anseo dul isteach go mion in aon ní a bhfuil treoir chinnte faoi le fáil sna saothair sin ach amháin má bhíonn gné ar leith le réiteach a bhaineann go sainiúil leis an nGaeilge. Is iad na réimsí eagarthóireachta seo thíos a bheidh faoi thrácht sa cháipéis seo againn. Tá roinnt samplaí tugtha dá bhfuil i gceist faoi gach réimse. Cúrsaí Gramadaí

- moltaí choiste athbhreithnithe an Chaighdeáin Oifigiúil - neamhréir idir na foinsí (beirt + t.a./gin. iol.); an t-alt agus na

huimhreacha; an/na chéad trí chapall; gin. i gcás ‘ceathrú, cúigiú etc; ar dheis/deis chlé/clé etc.’

- an mhír choibhneasta ‘a’ i ndiaidh cad, céard, conas etc. - Ní hamháin/hionann v ní amháin/ionann. - Pointí neamhréire eile idir na foinsí - Nósanna nua atá ag teacht i dtreis i réimsí éagsúla, sa chaint, sa

ríomhaireacht etc.

Leagan amach - stíl maidir le leagan amach na réamhleathanach, admhálacha - ainm údair, aistritheora - eolas faoi uimhreacha ISBN - áit/méid an lógó ar an gclúdach agus laistigh - sonrú agus leagan amach gluaise - eangú céad pharagraif - leabharliosta

Page 4: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

2

Cineálacha Éagsúla Foilseachán - téacsleabhair bhunscoile agus iar-bhunscoile - saothair thagartha - foclóirí téarmaíochta - leabhair do pháistí - ficsean do dhéagóirí - Ábhar Séideán Sí

Poncaíocht

- MHRA - Hart’s Rules (eagrán nua) - nósanna tí – a.m./p.m. seachas r.n. agus i.n. - spás gan bhriseadh a úsáid i gcás réamhfhocail chomhshuite,

múnlaí áirithe gramadaí. - fleiscíniú a chur ar ceal in Word. - saincheisteanna a bhaineann le Gaeilge (giorrúcháin – RCh; an

tAE/Ae, obair an/na CNCM etc) I dtaca le pointí gramadaí de ní mór a admháil go bhfuil tús curtha le plé bríomhar faoin tslí a bhfuil na rialacha mar atá anois ag freastal ar riachtanais na teanga sa saol comhaimseartha agus ag freagairt don teanga mar atá sí á labhairt sa Ghaeltacht. Tá ábhar machnaimh agus díospóireachta soláthraithe le tamall de bhlianta anuas ag Maolmhaodhóg Ó Ruairc, Dónall Ó Baoill agus Nicholas Williams i saothair leo a dhírigh ar na ceisteanna seo. In 2010 bunaíodh coiste faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gCaighdeán Oifigiúil. Cuireadh obair an choiste sin i gcrích i mí Iúil 2011 agus is é an leagan sin de na rialacha gramadaí, a bheag nó a mhór, atá in úsáid mar threoir ghramadaí i dtaca leis na réimsí sin atá pléite in Aguisín C. D’fhoilsigh Tithe an Oireachtais Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil – Caighdeán Athbhreithnithe sa bhliain 2012 agus tá cuid mhór dá bhfuil san fhoilseachán sin inleanta i dtaca le cúrsaí gramadaí de i bhfoilseacháin an Ghúim chomh maith. Tá athbhreithniú eile á dhéanamh ar an bhfoilseachán sin faoi láthair agus táthar ag súil go mbeidh ceist an Chaighdeáin socraithe go ceann i bhfad ach a mbeidh torthaí an athbhreithnithe sin foilsithe. Ní bhaineann an cháipéis stíle seo ach go himeallach leis na ceisteanna gramadaí sin, áfach. Cáipéis oibre í atá dírithe ar chabhair a sholáthar don eagarthóir agus é/í i mbun oibre.

Page 5: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

3

1. AN GHRAMADACH AGUS AN PHONCAÍOCHT Tá gramadach na Gaeilge casta go maith agus mórchuid rialacha ag baint léi. Bíonn cuid de na rialacha sin an-chaolchúiseach agus mionchúiseach ar fad agus ní bhíonn siad le cur i bhfeidhm ach go hannamh. Tá mórchuid saothar gramadaí foilsithe le leathchéad bliain anuas agus ar an mórgóir is gá a rá go bhfuil siad go léir a bheag nó a mhór ag teacht le chéile maidir leis na príomhrialacha a bhíonn le cur i bhfeidhm ar ábhar scríofa. Le foilsiú Litriú agus Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil in 1958 agus Foclóir Gaeilge-Béarla in 1977 is léir gur tugadh go leor rialacha agus pointí gramadaí chun réire agus tá an dá shaothar sin chomh maith le Gráiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, Réamhchúrsa Gramadaí (Mac Giolla Phádraig) agus le déanaí Cruinnscríobh na Gaeilge (Mac Murchaidh) agus Irish Grammar: A Basic Handbook (Mac Congháil) mar áis tagartha ag scata mór aistritheoirí, eagarthóirí agus ag daoine a bhíonn ag plé leis an teanga ar leibhéal sách mion. Níl aon dabht ach oiread go bhfuil éirithe go hiontach leis an gcaighdeánú a rinneadh ar an nGaeilge scríofa agus ní gá ach a bhfuil á fhoilsiú le fiche bliain anuas a chur i gcomparáid lenar foilsíodh trí scór bliain ó shin chun an fhírinne sin a dheimhniú. Tarlaíonn sé in áiteanna go bhfuil neamhréir idir cuid de na saothair sin i dtaca le pointí áirithe gramadaí de, nó go bhfuil éiginnteacht ann maidir le ceartfheidhmiú na rialacha. Rinne coiste athbhreithnithe an Chaighdeáin Oifigiúil iarracht cuid mhaith den neamhréir sin a ghlanadh agus rinne moltaí nua i gcás cuid de na rialacha a bhaineann leis an séimhiú agus leis an tuiseal ginideach (féach Aguisín C). Fágann sin fós, áfach, go mbíonn ar eagarthóirí ó am go chéile cinneadh a dhéanamh faoin treoir a leanfaidh siad nó rogha a dhéanamh faoi na moltaí agus faoi na cleachtais atá le cur i bhfeidhm acu. Chuige sin atáimid sa cháipéis seo mar a bhfuil leagtha amach na cleachtais eagarthóireachta atá á bhfeidhmiú sa Ghúm i gcomhthéacs na gceisteanna thuasluaite. I gcoitinne is é treoir FGB a leantar maidir le ceisteanna gramadaí a bhfuil níos mó ná nós amháin ag baint leo. Maidir le saincheisteanna ar leith is mar seo thíos na nósanna a leantar i gcás gach aon cheann ar leith acusan.

Page 6: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

4

1.1 Beirt Beirt + tuiseal ginideach iolra an nós a leantar (féach Aguisín C).

Beirt gharraíodóirí, beirt bhan, beirt iascairí, beirt bháicéirí, beirt sagart, beirt dochtúirí, beirt fhear mhóra etc.

1.2 Idir Séimhiú a leanann idir de ghnáth ach amháin nuair is achar ama nó spáis idir dhá rud atá i gceist. Idir dhaoine, idir mhuintir na tíre, idir mhná ach idir Corcaigh agus Luimneach, idir Bealtaine agus Meán Fómhair. 1.3 An Fhoirm ‘thú/tú’ i ndiaidh na copaile Leantar an treoir mar atá tugtha in Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (1999), Alt 13.2, mar atá:

Úsáidtear thú mar chuspóir briathair: molaim thú, caillfear thú, agus nuair is ainmní é ar lorg na faisnéise in abairt chopaileach: mo cheol thú; chugam aniar thú; cér díobh thú? Is gnách go n-úsáidtear tú sna cásanna eile; ar chuala tú? is tú an captaen; nach tú an óinseach? ach tú; gan tú; tú a bheith i ngrá; agus tú déanach!

Dá réir sin is iad na leaganacha seo a leanas an ceart: Is dochtúir thú. An tú an dochtúir ar dualgas? 1.4 An Séimhiú Leantar an cleachtas atá rianaithe i gcáipéis a réitigh Coiste Athbhreithnithe an Chaighdeáin Oifigiúil (2010-11) atá in Aguisín C leis seo. 1.5 An Tuiseal Ginideach i ndiaidh Ainmfhocal Éiginnte Leantar an cleachtas atá rianaithe in Aguisín C (moltaí choiste athbhreithnithe an Chaighdeáin Oifigiúil, 2010-11).

Page 7: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

5

1.6 Ainmfhocal agus aidiacht i ndiaidh réamhfhocal comhshuite Leantar an cleachtas atá rianaithe sa cháipéis in Aguisín C (moltaí choiste athbhreithnithe an Chaighdeáin Oifigiúil, 2010-11 agus mar atá in An Caighdeán Oifigiúil – Caighdeán Athbhreithnithe, 2012). 1.7 An séimhiú i ndiaidh réamhfhocal simplí i gcás liosta

Ní gá an réamhfhocal a chur isteach ach aon uair amháin i gcás liosta i dtéacsleabhar nó sa chás go mbeadh áireamh ar mhórchuid rudaí a bheadh ar aon stádas san abairt ní gá ach an séimhiú a chur i bhfeidhm ar an gcéad ainmfhocal. A leithéid seo:

Gearradh na cánacha sin ar fheirmeoirí, dochtúirí, banaltraí, múinteoirí agus státseirbhísigh.

ach mura mbíonn i gceist ach dhá rud cuirtear an réamhfhocal agus an séimhiú i bhfeidhm faoi dhó: Díon a chur ar thithe agus ar bhotháin. 1.8 An séimhiú i ndiaidh réamhfhocal simplí i gcás ainmneacha dílse Más liosta d’ainmneacha dílse atá i gceist cuirtear an réamhfhocal agus an séimhiú i bhfeidhm ar gach aon cheann acu mar seo a leanas:

An caipín a chur ar Sheán, ar Mháire agus ar Phádraig ar a seal. 1.9 Ar dheis/ar chlé Bíodh go bhfuil ar deis agus ar clé le fáil in FGB, moltar an nós atá bunaithe sa chaint le fada a leanúint agus ar dheis agus ar chlé a úsáid nuair is ag cur síos ar shuíomh duine nó ruda atáthar. Tugtar faoi deara gurb é an nós seo atá in úsáid sa leagan Gaeilge de chláir ríomhaireachta Microsoft. 1.10 Ní hionann/ní hamháin etc Níl na tráchtais ghramadaí ar aon fhocal faoin nós seo. An nós atá le cleachtadh sna foilseacháin ag an nGúm an ‘h’ a chur roimh an nguta i bhfrásaí copaileacha mar sin. Ní hamháin sin ach . . .

Ní hionann an scéal ag Máire. . .

Page 8: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

6

1.11 An t-alt roimh ‘céad’ móide uimhir móide ainmfhocal Níl na foinsí tagartha ar aon fhocal faoin bpointe seo. Tá a leithéid seo mar shampla molta ag FGB an chéad chúig chapall (the first five horses) agus moltar cloí le cur chuige FGB agus an fhoirm uatha den alt a úsáid roimh ‘céad’ chomh maith i dtreo is gurb é an leagan uatha den alt a úsáidtear leis na horduimhreacha uile, céad, dara, tríú etc. Is é a leithéid seo thíos an nós is inleanta mar sin:

an chéad chúig chapall an dara cúig chapall

Má bhíonn aidiacht agus ginideach i gceist leantar an nós céanna: seitreach an chéad chúig chapall mhóra I gcás na n-uimhreacha ‘céad’, ‘míle’ etc. a n-úsáidtear an uimhir uatha den alt leo i gcónaí (an céad fear, an ceithre chéad capall) beidh an uimhir uatha den alt le húsáid mar an gcéanna le ‘céad’ (1ú) agus é ag teacht rompu mar seo a leanas: an chéad chéad teach a tógadh ar an mbaile. an chéad mhíle duine a bhain an áit amach. 1.12 Teidil Leabhar agus Irisí Sa chló iodálach a bhíonn teidil leabhar agus irisí, Cré na Cille, Comhar, The New Statesman etc. Ní chuirtear aon infhilleadh, séimhiú ná úrú i bhfeidhm ar theideal atá sa chló iodálach fiú nuair a d’éileodh an struchtúr gramadaí é sin:

Bhí sí ina heagarthóir ar An tÉireannach le linn an ama sin.

Chuir sé go láidir in aghaidh eagarthóir Comhar ag an gcruinniú.

Bhí alt faoi sin ar An tUltach anuraidh.

I gcás ainmneacha comhlachtaí, foilsitheoirí agus institiúidí caitear leo mar a bheadh ainmfhocail chinnte ann agus cuirtear an t-infhilleadh i bhfeidhm mar atá sna samplaí seo a leanas thíos: Leabhar de chuid Choiscéim a bhí ar an ngearrliosta

Foilseacháin Chois Life is mó a díoladh.

Page 9: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

7

Foireann An Phoist a chuaigh ar stailc.

Bunú Chóras Iompair Éireann.

Ní bhaintear leas as an gcló iodálach i gcásanna dá léithéid. I gcás teideal leabhar mór le rá a aistríodh go Gaeilge, ba cheart an teideal Gaeilge a thabhairt agus an bunteideal a thabhairt idir lúibíní ina dhiaidh. Sa chás gur teideal leabhair é a foilsíodh ar dtús i dteanga nach mbaineann leas as an aibítir Rómhánach (e.g. an Rúisis) ach a bhfuil fáil agus cáil ar an leagan Béarla de, moltar an teideal Béarla a thabhairt. I gcás leabhair nach bhfuil leagan Gaeilge de ar fáil moltar an bunteideal amháin a thabhairt agus nach bhféachfaí le leagan Gaeilge den teideal a sholáthar. An chúis atá leis sin gurb é is dóichí gurb an leagan Béarla de na saothair sin is mó a chasfaí ar léitheoirí i siopaí leabhar na tíre agus mar thoradh ar chuardach a dhéanamh ar an ngréasán. 1.13 An réamhfhocal ‘i/in’ roimh fhigiúirí Moltar úsáid ‘fhoirmiúil’ in FGB (i -> in) roimh theidil leabhar, etc.:

. . . mar a rinne an Cadhnach in Cré na Cille. Ba cheart an nósmhaireacht chéanna a chur i bhfeidhm roimh fhigiúirí freisin:

Cé mhéad ½ in 4?”

1.14 An Réamhfhocal ‘i/in’ roimh bhlianta An réamhfhocal 'i' móide/gan an t-alt is coitianta a bhíonn in úsáid agus bliain ar leith á lua i dtéacsanna eolais. Tá an dá nós ann, i 1939 agus in 1939 mar shampla. Tá an chéad cheann bunaithe ar an tslí a ndéarfaí é agus an duine ag caint. Oibríonn sé i gcásanna áirithe ach cruthaíonn sé fadhbanna in áiteanna eile, i 1345, i 1259, mar shampla. Is fearr cloí leis an leagan cinnte 'in' i ngach cás agus déileáil leis an mbliain féin mar aonad scoite neodrach. D'oirfeadh sé i dtéacsanna áirithe chomh maith sa bhliain 1345 a úsáid. Mar seo a leanas an nós atá le cur i bhfeidhm: In 1843 a tharla sé sin.

In 2001 a críochnaíodh é.

Page 10: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

8

1.15 Acrainmneacha agus Giorrúcháin Déileáiltear le hacrainmneacha agus giorrúcháin amhail is dá mba ainmfhocail neodracha gan inscne iad. Úsáidtear an t-alt de réir mar is cuí.: Bhí baill an CNCM i láthair.

Chuir APSS ina choinne go láidir.

Nuair a bunaíodh an AE ar dtús.

Ballstáit an AE.

Comhthionól TÉ.

I gcás acrainmneacha an Bhéarla moltar an t-alt (+ réamhfhocal) a úsáid freisin. Ceannasaíocht an CIA.

Baill den FBI. 1.16 Giorrúcháin Cloítear leis na giorrúcháin Laidine sna cásanna seo a leanas; i.e.; a.m. agus p.m. i gcúrsaí ama; ibid, op. cit.; et seq.; e.g. i gcúrsaí tagartha. AD (na Laidine) a úsáidtear chun blianta i ndiaidh bhreith Chríost a chur in iúl. Roimh an mbliain a chuirtear AD, e.g.,

AD 432 a tháinig Pádraig go hÉirinn. RCh an giorrúchán (Gaeilge) atá le húsáid chun blianta roimh an ré Chríostaí a chur in iúl. I ndiaidh na bliana a bhíonn RCh, e.g., Thart ar an mbliain 3000 RCh a tógadh Sí an Bhrú. Nuair atá sé oiriúnach i gcomhthéacs ábhar an téacs a bheadh i gceist ba cheart córais dátaí eile a lua nó a mhíniú chomh maith. Ba chóir a lua i leabhar faoi chúrsaí reiligiúin mar shampla go bhfuil córais dhifriúla dátaí i bhfeidhm ag lucht leanta na reiligiún difriúil agus dátaí de réir na gcóras sin a lua taobh le dátaí an chórais thuasluaite. Nuair is mian tréimhse deich mbliana ar leith a chur in iúl agus úsáid a bhaint as figiúirí is mar seo thíos a scríobhtar an giorrúchán: Sna 1940idí, 1920idí etc.

Page 11: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

9

1.17 ‘I/in/sa/san/’ roimh ghiorrúcháin Nuair atá leagan den réamhfhocal ‘i/sa’ le húsáid lena leitheid seo:

an 20ú hAois an 8ú háit an 11ú seomra

is ceart an t-alt a choimeád chun go mbeadh sé ar aon dul le húsáid na réamhfhocal eile e.g. a fhad leis an 20ú hAois. Mar sin is mar seo a scríobhtar na samplaí thuas:

san 20ú hAois san 8ú háit san 11ú seomra

1.18 Dátaí a scríobh Is iomaí nós atá á chleachtadh chun dátaí a scríobh, e.g. 24 Eanáir, an 24 Eanáir, 24ú Eanáir etc., agus bailíocht stairiúil ag baint leo ar fad

I bhfoilseacháin an Ghúim cuirteartear an t-alt (agus na forainmneacha réamhfhoclacha cuí, dá réir, faoin, ón etc ) roimh an dáta i gcónaí. A leithéíd seo mar sin a bheidh le scríobh feasta:

ar an 24 Eanáir

ón 24 Bealtaine ar aghaidh Ar cheann litreach is í an fhoirm lom a scíobhtar, áfach, i.e. 24 Eanáir 2016. Níl an fhoirm ‘24ú’ le húsáid in aon chor. 1.19 Uimhreacha agus Figiúirí Tá nósanna an tí maidir le huimhreacha agus figiúirí a lua sonraithe in Aguisín A. Is gá cloí leis na treoracha seo i gcás téacsleabhar go háirithe. D'fhéadfaí nósanna ní b'ársa a úsáid i gcineálacha leabhar eile dá gceapfadh an lucht eagair gá a bheith leis.

Page 12: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

10

1.20 Uimhreacha go dtí deich míle agus os a chionn Leanann foilsitheoirí nósanna éagsúla maidir le huimhreacha os cionn míle agus os cionn deich míle a scríobh ag brath ar an gcineál foilseacháin a bhíonn i gceist. Is é an córas atá le húsáid i bhfoilseacháin de chuid an Ghúim ná gan aon chamóg a úsáid i gcás uimhreacha suas go dtí naoi míle naoi gcéad nócha naoi (é sin san áireamh) agus an chamóg a úsáid as sin suas.

4123 duine

10,145 saighdiúir

I gcás cúrsaí airgid, áfach, baintear leas as an gcamóg ón míle amach. €1,456

$12,367 1.21 Ceannlitreacha Úsáidtear ceannlitreacha nuair is teidil oifige, eagraíochta, nó tíre atá i gceist. Taoiseach na hÉireann

Cumann na bhFeirmeoirí

An Afraic Theas Ní úsáidtear ceannlitreacha nuair is tagairtí ginearálta atá i gceist áfach Ba é taoiseach na gcimí é.

Bhunaigh na feirmeoirí cumann chun a gcearta a chosaint.

Tharla an eachtra sin sa taobh thiar theas den Afraic. 1.22 An Fleiscín Is gá fleiscín sna cásanna seo:

1. Nuair a chuirtear an litir t nó n roimh fhocal dar tús guta más cás beag (litreacha beaga) atá ann: e.g. an t-arán, an t-uan, an t-athair, ár n-athair, ceol na n-éan, a n-uncail. Ní chuirtear fleiscín ann nuair is cás mór (ceannlitir) atá sa ghuta: e.g. an tAthair, an tUachtarán, an tÉireannach, ár nAthair, bua na nÉireannach.

Page 13: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

11

2. I gcomhfhocail nuair is guta atá i ndeireadh an chéad fhocail agus i dtús an dara focal: e.g. do-ite, fo-aicme, fo-áit, mí-ádh, mí-onóir, ró-óg, ró-íseal, so-oilte, so-ólta. 3. I gcomhfhocail nuair is é an consan céanna nó an grúpa consan céanna atá i ndeireadh an chéad fhocail agus i dtús an dara focal: e.g. gob-bhinn, droch-chaint, lag-ghlórach, béal-láidir, gnáth-thuarastal. 4. I gcás ina mbeadh doiléire ann mura mbeadh fleiscín ann: e.g. do-bhlasta, do-ghlactha, do-mhaite, fo-bhaile, fo-bhrat, sean-am, sean-ancaire, so-bhlasta, so-chaite, so-ghlactha, so-mharaithe. 5. I gcomhfhocail nuair is ceannlitir atá i dtús an dá fhocal: e.g. Ard-Aighne, Príomh-Aturnae. 6. (i) I ndiaidh na réimíre ‘an-’: e.g. an-mhór, an-bhreá, an-chluiche.

(ii) I ndiaidh na réimíre ‘dea-’: e.g. dea-bhean, dea-bhéasach, dea-chomhairle, dea-mhéin.

Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear an uimhir iolra den aidiacht a mbíonn an réimír ‘an-’ roimpi.

Fir an-mhór ba ea iad.

N.B. Ní scríobhtar fleiscín i ndiaidh ‘h’ nuair a chuirtear roimh fhocal é, e.g. a haon, na hocht gcinn, le hithe, le hól, cá háit, cé hé, trí huaire, an tríú háit déag, ní hionann, le héirí na gréine, ar dheis Dé go raibh a hanam. Glactar leis anois nach mbíonn fleiscín i gcomhfhocail a bhfuil brí aonadach ag baint leo: An Príomhfheidhmeannach, an Príomhoide agus mar sin de. Is ceart An Fleiscín Neamhbhristeach a úsáid ar an ríomhaire nuair nach ceart an focal a bhriseadh ag deireadh líne in áit an fhleiscín, e.g. i gcás an fhocail ‘in-athnuaite’ ba cheart an focal a choimeád le chéile ar eagla na míthuisceana. In WORD is féidir fleiscín neamhbhristeach a aimsiú ach [CTRL + SHIFT + -] a bhrú. Tá treoir níos mine i dtaobh úsáid na gceannlitreacha agus an fhleiscín i gcás teidil daoine le fáil sa leabhar Maidir le do Litir le Séamas Daltún (Eagrán nua, 1998, Baile Átha Cliath: An Gúm).

Page 14: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

12

1.23 Daiseanna Dhá chineál daise a úsáidtear san fhoilsitheoireacht, mar atá an Ein-dais agus an Eim-dais. Is mar seo a aimsítear iad ar an méarchlár in WORD:

Ein-dais – [Ctrl + comhartha lúide agus Numlock ar bun]

Eim-dais — [Ctrl + Alt comhartha lúide agus Numlock ar bun] An ein-dais is mó a úsáidtear. Is í is ceart a úsáid sna cásanna seo a leanas: Nuair atá réimse ama nó raon nithe de shaghas ar bith á chur in iúl: Luan – Aoine 8 – 10 mbliana Corcaigh – Ciarraí Nuair atá briseadh in abairt nó deireadh tobann i gcomhrá á chur in iúl: Creidim – agus gan amhras ar bith orm – go bhfuil sé thart. ‘Cá bhfuil an – ’ N.B. Tabhair faoi deara go mbíonn spás ar gach taobh den ein-dais sna cásanna sin. An eim-dais a úsáidtear i gcás liosta leabhar, nó ainmneacha daoine a mbeadh an t-ainm nó an teideal céanna le hathlua díreach i ndiaidh a chéile sa liosta: Ó Tuama, Seán, An Grá in Amhráin na nDaoine (Baile Átha Cliath, 1960) — Filí faoi Sceimhle (Baile Átha Cliath, 1978) — An Grá i bhFilíocht na nUaisle (Baile Átha Cliath, 1988) 1.24 Aonaid tomhais An córas méadrach tomhais atá le húsáid sna téacsleabhair ach amháin nuair atá cúis ar leith lena mhalairt. Cloítear leis na siombailí caighdeánacha idirnáisiúnta chun na haonaid tomhais a chur in iúl, e.g., km, kg, g, m, cm, mm, etc. Fágtar spás i gcónaí idir an figiúr agus an tsiombail: 5 km

1500 m

Page 15: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

13

27 kg

14.5 cm An t-aon uair nach mbíonn spás idir an figiúr agus an tsiombail is ea nuair a úsáidtear an comhartha céime º chun teocht Celsius a chur in iúl. Mar sin: 56ºC.

1.25 Comharthaí athfhriotail Comharthaí single athfhriotail a úsáidtear más comhrá atá i gceist nó má éilíonn focal nó frása éigin sa téacs iad. Más gá comharthaí athfhriotail a úsáid arís laistigh de shliocht a bhfuil comharthaí athfhriotail thart air cheana, úsáidtear comharthaí dúbailte athfhriotail. Seo thíos roinnt samplaí: 'Leag uait é sin,' ar sise.

'Leag uait é sin,' ar sise. 'Ní thabharfá "nuacht" air sin.' Tabhair faoi deara sna samplaí thuas gur laistigh den chomhartha athfhriotail dúnta a chuirtear an chamóg nó an lánstad a thagann ag deireadh an tsleachta athfhriotail. 1.26 Gaelú ainmneacha/logainmneacha iasachta Fágtar ainmneacha iasachta gan ghaelú mura bhfuil leagan seanbhunaithe díobh ann. Leantar an córas atá leagtha amach in Atlas Bunscoile (atheagrán, 2013). I gcás ainmneacha traslitrithe ó theangacha iasachta seachas an Béarla agus i gcás teangacha a bhaineann leas as aibítir eile seachas an aibítir Rómhánach, ba cheart comhairle an Choiste Téarmaíochta a fháil ina dtaobh – Stailín, Trotscaí agus a leithéid. Tá eolas faoin gcur chuige a bhíonn i bhfeidhm ag an gCoiste Téarmaíochta maidir leis na ceisteanna seo le fáil in Lámhleabhar Téarmaíochta 2010 atá le híoslódáil ón suíomh: http://www.gaeilge.ie/Tearmai_&_Aistruchain/Treoirlinte.asp

Page 16: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

14

2. CINEÁLACHA ÉAGSÚLA FOILSEACHÁN – DEARADH AGUS

LEAGAN AMACH 2.1 Na Réamhleathanaigh Sa ghnáthshlí beidh leath-theideal, leathanach an teidil, leathanach an inphrionta ar a laghad i gceist sna réamhleathanaigh. Is gnách gur ar chúl leathanach an teidil a rachaidh an t-ábhar inphrionta. Is gá an nós seo a leanúint ach amháin i gcás leabhar do pháistí uaireanta nuair a d’éileodh líon na leathanach sa leabhar leagan amach éagsúil. 2.2 Leathanach an Inphrionta / chúl an teidil Ag brath ar chineál an fhoilseacháin atá i gceist beidh leagan amach éagsúil ar leathanach an inphrionta nó ar leathanach chúl an teidil. Féach Aguisin A mar a bhfuil teimpléid éagsúla a bhaineann leis na foilseacháin éagsúla a bhíonn ar bun ag an nGúm. 2.3 Eangú Ní cheart aon eangú a dhéanamh ar an gcéad pharagraf a thagann i ndiaidh teideal caibidle nó ranna laistigh de chaibidil. Is cóir eangú thart ar 1 cm (ag brath ar mhéid an chló, toisí an téacs etc.) a dhéanamh ag tús gach paragraif eile. 2.4 Dearadh clúdaigh Teideal an leabhair, fotheideal (más ann dó), ainm an údair, sin a gcuirtear de ghnáth ar chlúdach tosaigh an leabhair. I gcás leabhair do pháistí a mbeadh maisitheoir i gceist cuirtear a (h)ainm siúd ar an gclúdach tosaigh chomh maith. Bíonn blurba nó nóta eolais ar an gclúdach cúil agus má oireann nóta gairid beathaisnéise faoin údar (i gcás leabhar tagartha, leabhar eolais, úrscéil/cnuasach gearrscéalta). Bíonn lógó an Ghúim sa chúinne ar chlé ag bun an chlúdaigh chúil agus é ailínithe le himeall clé an bhlurba nó an nóta eolais. Sa chúinne ar dheis cuirtear an barrachód agus é suite i mbosca bán a bhíonn ailínithe le himeall deas an bhlurba nó an nóta eolais. Ní chuirtear lógó an Ghúim ar an gclúdach tosaigh.

Page 17: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

15

Teideal an leabhair agus sloinne an údair a théann ar an droim agus ponc eatarthu murar féidir dóthain spáis a chur eatarthu. Bíonn 'G' tosaigh an lógó amháin i mbun an droma sa chaoi is go mbeidh sé inléite go hingearach agus an leabhar ina sheasamh ar sheilf. 2.5 Téacsleabhair Iar-bhunscoile: Gluais bun leathanaigh I dtéacsleabhair iar-bhunscoile is nós gluais Gaeilge-Béarla de na téarmaí teicniúla a chur i mbun gach leathanaigh den téacs. Focail nó frásaí a bhfuil míniú orthu i mbun an leathanaigh ba cheart réiltín faoi chló trom a chur rompu i gcorp an téacs féin chun é sin a chur in iúl. Más frása atá i gceist, is roimh an gcéad fhocal sa fhrása ba cheart an réiltín a chur. Cuirtear foclóir bunaithe ar théarmaí na gluaise i gcúl an leabhair agus na noda bunúsacha gramadaí ag gabháil leo. 2.6 Innéacs i dTéacsleabhair Bhí nósanna éagsúla i bhfeidhm in imeacht na mblianta maidir leis an ord aibítre inar cheart ainmneacha agus logainmneacha a liostú, e.g.

M[h]uir Bhán, An, White Sea m[h]aláire, an, b4 malaria C[h]omhaireacht Chogaidh, An, The War Cabinet

Dealraíonn sé go raibh consain shéimhithe á n-áireamh in Atlas a Dó (1978), i.e. cuireadh ‘Cé na Cille Móire’ roimh ‘Chairib, Muir’ In Atlas Bunscoile (2001, atheagrán 2013) is faoi ‘Muir/Mhuir’ atá a mhacasamhail d’ainm cláraithe.

Muir Chairib ach

Mhuir Dhubh, An agus

Fhrainc, an Fidsí Fine Gall

I gcás ainmneacha áite nach féidir an t-alt a scarúint uathu (An Mhuir Bhán etc) ba chóir nósmhaireacht Atlas Bunscoile a leanúint agus an t-ainm a chur in ord aibrítre, an ‘h’ san áireamh. I gcás ainmneacha eile moltar nós na bhfoclóirí a aithint agus foirm shimplí an fhocail amháin a thabhairt (e.g.

Page 18: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

16

maláire) móide an nod gramadaí. Beidh sé le feiceáil ón gcomhthéacs cé acu a bhíonn an t-alt le ceangal leis nó nach mbíonn. 2.7 Úrscéalta do Dhéagóirí: Foclóirín Cuirtear foclóirín Gaeilge-Béarla nó foclóirín Gaeilge-Gaeigle-Béarla i gcúl saothar ficsin do dhéagóirí agus é bunaithe ar na focail agus na nathanna a mheastar a mbeadh deacracht ag léitheoirí áirithe san aoisghrúpa sin leo. Ní mharcáiltear an téacs féin, is mar áis don léitheoir atá ina ghá a bhíonn an foclóirín ann. An Fhoireann Eagarthóireachta An Gúm Eanáir 2015

Page 19: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

17

AGUISÍN A

Séimhiú agus Urú i ndiaidh Figiúirí 1. Cuirtear séimhiú nó urú ar ainmfhocail i ndiaidh na bhfigiúirí 1-19:

3 bhuidéal 13 bhuidéal

7 mbuidéal 17 mbuidéal

9 mbliana 19 mbliana

Tá deacracht ag baint leis na huimhreacha 2 agus 4 mar bíonn foirm ar leith acu

roimh ainmfhocail, i.e. dhá agus ceithre. Níor mhiste, ar an ábhar sin, iad a scríobh

mar leanas i leabhair do naíonáin agus do na bunranganna:

2 (dhá) bhuidéal 4 (ceithre) bhuidéal

2. Ní chuirtear séimhiú ná urú ar ainmfhocail i ndiaidh na bhfigiúirí ó 20 amach:

23 buidéal 105 buidéal

27 buidéal 1761 buidéal

35 bliain 245 bliain

3. Déantar aidiachtaí a infhilleadh ar an ghnáthbhealach i ndiaidh na bhfigiúirí 1-19:

3 bhuidéal fholmha 13 bhuidéal fholmha

7 mbuidéal fholmha 17 mbuidéal fholmha

4. Cuirtear séimhiú ar aidiachtaí ag cáiliú ainmfhocail bhaininscneacha i ndiaidh

bhfigiúiri ó 20 amach ach ní dhéantar aon infhilleadh eile:

23 buidéal folamh 99 cuid chothrom

61 bosca trom 185 caora dhubh

5. Ní dhéantar aon athrú ar ainmfhocail i ndiaidh deachúlacha. Cuirtear séimhiú ar

aidiachtaí ag cáiliú ainmfhocail bhaininscneacha:

3.5 buidéal folamh 99.9 cuid chothrom

17.3 buidéal folamh 108.7 uimhir chearnach

6. Mar seo a leanas a scríobhtar codáin:

¼ de bhuidéal folamh 3

1 de pháirc mhór

½ de bhuidéal folamh ⅞ de pháirc mhór

Page 20: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

18

7. Nuair atá réimse uimhreacha á lua is í an riail ghramadaí a théann leis an uimhir

dheireanach san aonad atá le cur i bhfeidhm ar an ainmfhocal a thagann ina diaidh,

e.g.:

Do pháistí 10-12 bhliain an leabhar seo

Ar dhaoine san aoisghrúpa 6-9 mbliana atá sé dírithe.

Page 21: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

19

AGUISÍN B

Teimpléid éagsúla a bhaineann le leathanach an Inphrionta nó leathanach chúl an teidil i bhfoilseacháin éagsúla.

Ní bheidh gach uile líne atá luaite sna teimpléid seo ag teastáil i ngach cás ach

féachadh leis an oiread féidearthachtaí agus a d’fhéadfadh a bheith i gceist a

thabhairt. Is é an chéad teimpléad a thugtar (Bunteimpléad) an leagan

réamhshocraithe agus is é an leagan amach atá rianaithe ann a bheidh le leanúint i

gcás formhór mór na bhfoilseachán. Cuirtear gnéithe ábhartha as na teimpléid eile

leis an teimpléad sin de réir mar is cuí.

Is iad na sainfhoilseacháin eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist ó am go chéile a

thugtar ina dhiaidh sin.

Bunteimpléad

Leabhar Tagartha

Leabhar do Pháistí (Aistriúchán)

Bunleabhar do Pháistí

Buntéacsleabhar

Téacsleabhar (Aistriúchán)

Page 22: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

20

[Bunteimpléad]

© Foras na Gaeilge, 2XXX

Dearadh agus leagan amach: XXX

XXX a chlóbhuail in Éirinn

ISBN 978-1-85791-XXX-X

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile,

gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Foilseacháin an Ghúim a Cheannach

Siopaí An Siopa Leabhar (01) 478 3814

An Siopa Gaeilge (074) 9730500

An Ceathrú Póilí (028) 90 322 811

Ar líne www.litriocht.com

www.iesltd.ie

www.siopagaeilge.ie

www.cnagsiopa.com

www.siopa.ie

www.cic.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

Page 23: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

21

[Leabhar Tagartha]

{© Foras na Gaeilge, 2XXX} {XXX a chéadfhoilsigh faoin teideal YYY} {XXX Ltd. a tháirg an buneagrán} {Is aistriúchán é seo ar YYY a d’fhoilsigh XXX a chéaduair sa bhliain XXXX} {Tá an scéal seo bunaithe ar smaoineamh …}

{An chéad eagrán XXXX} {An dara heagrán XXXX} {Athchló XXXX} {An leagan Béarla © XXX, XXXX} {An leagan Béarla © AN tÚDAR BÉARLA} {An leagan Gaeilge © Foras na Gaeilge, 2XXX} {An buntéacs agus na léaráidí © XXXX} {Téacs © AN tÚDAR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR} {Téacs © AN tÚDAR/ NA hÚDAIR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR/NA hÚDAIR} {Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR/NA hEALAÍONTÓIRÍ} {XXX a mhaisigh} {XXX a rinne na léaráidí.} {Dearadh agus leagan amach: XXX} {XXX a rinne an leagan Gaeilge} {Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí seo a leanas a thug cead dúinn íomhánna a úsáid: XXX} {Iomhá an chlúdaigh: XXX} {XXX a d’ullmhaigh na léarscáileanna.} {Gabhaimid buíochas leis an Oifig Logainmneacha as foirmeacha údarásacha a sholáthar dúinn d’áitainmneacha na hÉireann.} {Gabhaimid buíochas leis an gCoiste Téarmaíochta as leaganacha údarásacha a sholáthar dúinn de roinnt téarmaí teicniúla.} {Gabhaimid buíochas leis an gCoiste Téarmaíochta as leaganacha údarásacha a sholáthar dúinn d’áitainmneacha domhanda.} XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn} {XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór} ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua) ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog) Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Foilseacháin an Ghúim a Cheannach

Siopaí An Siopa Leabhar (01) 478 3814

An Siopa Gaeilge (074) 9730500

An Ceathrú Póilí (028) 90 322 811

Ar líne www.litriocht.com

www.iesltd.ie

www.siopagaeilge.ie

www.cnagsiopa.com

www.siopa.ie

www.cic.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

Page 24: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

22

[Leabhar do Pháistí (Aistriúchán)] {An leagan Gaeilge © Foras na Gaeilge, 2XXX} {XXX a chéadfhoilsigh in XXXX faoin teideal YYY} {XXX Ltd. a tháirg an buneagrán} {Is aistriúchán é seo ar YYY a d’fhoilsigh XXX a chéaduair sa bhliain XXXX} {An chéad eagrán XXXX} {An dara heagrán XXXX} {Athchló XXXX} {Athchló leasaithe XXXX} {An leagan Béarla © XXX, XXXX} {An leagan Béarla © AN tÚDAR BÉARLA} {An buntéacs agus na léaráidí © XXXX} {Téacs © AN tÚDAR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR} {Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR} {XXX a mhaisigh} {Dearadh agus leagan amach: XXX} {XXX a rinne an leagan Gaeilge} XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn} {XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór} ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua) ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog) Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Foilseacháin an Ghúim a Cheannach

Siopaí An Siopa Leabhar (01) 478 3814

An Siopa Gaeilge (074) 9730500

An Ceathrú Póilí (028) 90 322 811

Ar líne www.litriocht.com

www.iesltd.ie

www.siopagaeilge.ie

www.cnagsiopa.com

www.siopa.ie

www.cic.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

Page 25: Stíl Tí an Ghúim

An Gúm: Stíl Tí Eanáir 2015

23

[Leabhar do Pháistí (bunleabhar)]

{© Foras na Gaeilge, 2XXX} {Tá an scéal seo bunaithe ar smaoineamh …} {An chéad eagrán XXXX} {An dara heagrán XXXX} {Athchló XXXX} {Athchló leasaithe XXXX} {An buntéacs agus na léaráidí © XXXX} {Téacs © AN tÚDAR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR} {Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR} {XXX a mhaisigh} {Dearadh agus leagan amach: XXX} XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn} {XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór} ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua) ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog) Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Foilseacháin an Ghúim a Cheannach

Siopaí An Siopa Leabhar (01) 478 3814

An Siopa Gaeilge (074) 9730500

An Ceathrú Póilí (028) 90 322 811

Ar líne www.litriocht.com

www.iesltd.ie

www.siopagaeilge.ie

www.cnagsiopa.com

www.siopa.ie

www.cic.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

Page 26: Stíl Tí an Ghúim

24

[Bun-téacsleabhar]

{© Foras na Gaeilge, 2XXX} {XXX Ltd. a tháirg an buneagrán} {An chéad eagrán XXXX} {An dara heagrán XXXX} {Athchló XXXX} {Athchló leasaithe XXXX} {An buntéacs agus na léaráidí © XXXX} {Téacs © AN tÚDAR/ NA hÚDAIR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR/NA hÚDAIR} {Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR/NA hEALAÍONTÓIRÍ} {XXX a mhaisigh} {Dearadh agus leagan amach: XXX} {Gabhaimid buíochas leis na daoine agus leis na heagraíochtaí seo a leanas a thug cead dúinn íomhánna a úsáid: XXX} {Iomhá an chlúdaigh: XXX} {XXX a rinne na léaráidí.} {XXX a d’ullmhaigh na léarscáileanna.} {Gabhaimid buíochas leis an Oifig Logainmneacha as foirmeacha údarásacha a sholáthar dúinn d’áitainmneacha na hÉireann.} {Gabhaimid buíochas leis an gCoiste Téarmaíochta as leaganacha údarásacha a sholáthar dúinn de roinnt téarmaí teicniúla.} {Gabhaimid buíochas leis an gCoiste Téarmaíochta as leaganacha údarásacha a sholáthar dúinn d’áitainmneacha domhanda.} XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn} {XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór} ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua) ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog) Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Foilseacháin an Ghúim a Cheannach

Siopaí An Siopa Leabhar (01) 478 3814

An Siopa Gaeilge (074) 9730500

An Ceathrú Póilí (028) 90 322 811

Ar líne www.litriocht.com

www.iesltd.ie

www.siopagaeilge.ie

www.cnagsiopa.com

www.siopa.ie

www.cic.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

Page 27: Stíl Tí an Ghúim

25

[Téacsleabhar (Aistriúchán] {XXX a chéadfhoilsigh faoin teideal YYY} {XXX Ltd. a tháirg an buneagrán} {Is aistriúchán é seo ar YYY a d’fhoilsigh XXX a chéaduair sa bhliain XXXX} {An chéad eagrán XXXX} {An dara heagrán XXXX} {Athchló XXXX} {Athchló leasaithe XXXX} {An leagan Béarla © XXX, XXXX} {An leagan Béarla © AN tÚDAR BÉARLA} {An leagan Gaeilge © Foras na Gaeilge, 2XXX} {Téacs © AN tÚDAR} {Coincheap agus téacs © AN tÚDAR} {Léaráidí © AN tEALAÍONTÓIR} {XXX a mhaisigh} {XXX a rinne an leagan Gaeilge} XXX Teo., {a chuir suas an cló} {a rinne scannán an chló} {in Éirinn} {XXX a chlóbhuail} {in Éirinn} {sa XXX}{i Singeapór} ISBN 978-1-85791-XXX-X (Crua) ISBN 978-1-85791-XXX-X (Bog) Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Foilseacháin an Ghúim a Cheannach

Siopaí An Siopa Leabhar (01) 478 3814

An Siopa Gaeilge (074) 9730500

An Ceathrú Póilí (028) 90 322 811

Ar líne www.litriocht.com

www.iesltd.ie

www.siopagaeilge.ie

www.cnagsiopa.com

www.siopa.ie

www.cic.ie

An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

Page 28: Stíl Tí an Ghúim

26

AGUISÍN C

Treoir Ghramadaí

Treoir i dtaca leis na rialacha a bhaineann le gnéithe áirithe den ghramadach atá le leanúint agus foilseacháin de chuid an Ghúim á réiteach.

Page 29: Stíl Tí an Ghúim

27

An Clár 1 Séimhiú agus Úrú . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . .28 2 An tAinmfhocal . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 44 3 Foirm an Ainmnigh in ionad an Ghinidigh . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 47 4 Uimhreacha . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 53 5 An Chopail. . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . . 64

Page 30: Stíl Tí an Ghúim

28

1 SÉIMHIÚ AGUS URÚ Séimhiú agus urú ar ainmfhocal sa tabharthach uatha ar lorg réamhfhocal simplí agus

an ailt uatha

Is féidir séimhiú nó urú a chur ar thúschonsan ainmfhocail sa tabharthach uatha ar lorg réamhfhocal díobh seo a leanas agus an ailt uatha: ag, ar, as, chuig, de, do, faoi, i, le, mar, ó, roimh, thar, trí, um. Treoir chanúintneodrach don scríbhneoireacht sa réimse poiblí agus i réimse na

reachtaíochta: • uraítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t) ar lorg ag, ar, as, chuig, faoi, le,

mar, ó, roimh, thar, trí, um, e.g. ag an bhfear, thar an gclaí; • séimhítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t) ar lorg den, don, sa(n), e.g. den

bhainisteoir, don pháiste, sa mhála; • ní chuirtear séimhiú ná urú ar d, t, e.g. faoin doras, tríd an talamh; • cuirtear t roimh s + guta agus roimh sl-, sn-, sr- más ainmfhocal baininscneach atá

ann, e.g. ar an tsráid, faoin tsúil, sa tSín. Treoir ghinearálta don scríbhneoireacht sna trí mhórchanúint: Canúint Chonnacht

• uraítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t agus seachas ar lorg den, don), e.g. ar an gclaí, as an ngnáth, leis an mbuachaill, sa bpáirc;

• séimhítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t) ar lorg den, don, e.g. don chuairteoir, den pháirc;

• ní chuirtear séimhiú ná urú ar d, t, e.g. faoin doras, tríd an talamh; • cuirtear t roimh s + guta agus roimh sl-, sn-, sr- más ainmfhocal baininscneach atá

ann, e.g. ar an tsráid, faoin tsúil, sa tSín. Canúint na Mumhan

• uraítear túschonsan an ainmfhocail ar lorg gach réamhfhocal seachas sa, e.g. ar an gclaí, as an ngnáth, leis an mbuachaill, ag an ndoras, as an dteach;

• séimhítear túschonsan an ainmfhocail ar lorg sa seachas (i) d agus t, nach gcuirtear séimhiú ná urú orthu, agus (ii) f, a uraítear, e.g. sa bhosca, sa chistin, ach sa deireadh, sa tráthnóna, sa bhfuacht, sa bhfuinneog;

• cuirtear t roimh s + guta agus roimh sl-, sn-, sr- ag tús ainmfhocail bhaininscneacha agus fhirinscneacha araon ar lorg sa, e.g. sa tsráid, sa tsúil, sa tseomra.

Canúint Uladh

• séimhítear túschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t), e.g. ar an chlaí, as an ghnáth, leis an bhuachaill;

• ní chuirtear séimhiú ná urú ar d, t, e.g. faoin doras, tríd an talamh; • cuirtear t roimh s + guta agus roimh sl-, sn-, sr- ag tús ainmfhocail bhaininscneacha

agus fhirinscneacha araon, e.g. ar an tsráid, faoin tsúil, sa tSín, sa tseomra, chuig an tseansailéir, faoin tsneachta.

Page 31: Stíl Tí an Ghúim

29

Tábla 1: Samplaí den séimhiú agus den urú ar ainmfhocal sa tabharthach uatha ar lorg réamhfhocal simplí agus an ailt uatha. Réimse na

Reachtaíochta

Canúint

Chonnacht

Canúint na

Mumhan

Canúint Uladh

ag an bhfear ag an bhfear ag an bhfear ag an fhear ag an mbean ag an mbean ag an mbean ag an bhean thar an gclaí thar an gclaí thar an gclaí thar an chlaí tríd an talamh tríd an talamh tríd an dtalamh tríd an talamh faoin doras faoin doras faoin ndoras faoin doras den bhainisteoir den bhainisteoir den mbainisteoir den bhainisteoir don chuairteoir don chuairteoir don gcuairteoir don chuairteoir don cheist don cheist don gceist don cheist san fhuacht sa bhfuacht sa bhfuacht san fhuacht san fhuinneog sa bhfuinneog sa bhfuinneog san fhuinneog san oifig san oifig san oifig san oifig sa bhosca sa mbosca sa bhosca sa bhosca sa doras sa doras sa doras sa doras sa tuarascáil sa tuarascáil sa tuarascáil sa tuarascáil

t roimh s in Ainmfhocail Fhirinscneacha

ón siopa ón siopa ón siopa ón tsiopa ag an saighdiúir ag an saighdiúir ag an saighdiúir ag an tsaighdiúir ar an sagart ar an sagart ar an sagart ar an tsagart don seanduine don seanduine don seanduine don tseanduine den salann den salann den salann den tsalann sa sruth sa sruth sa tsruth sa tsruth

t roimh s in Ainmfhocail Bhaininscneacha

den tsaoire den tsaoire den saoire den tsaoire den tsláinte den tsláinte den sláinte den tsláinte sa tsnaidhm sa tsnaidhm sa tsnaidhm sa tsnaidhm ar an tsráid ar an tsráid ar an sráid ar an tsráid An aidiacht ag cáiliú ainmfhocal sa tabharthach uatha ar lorg réamhfhocal simplí agus

an ailt uatha

Treoir chanúintneodrach don scríbhneoireacht sa réimse poiblí agus i réimse na

reachtaíochta: Séimhítear túschonsan na haidiachta más ainmfhocal baininscneach atá á cháiliú aici ach ní chuirtear séimhiú ná urú ar an túschonsan más ainmfhocal firinscneach atá á cháiliú aici. Treoir ghinearálta don scríbhneoireacht sna trí mhórchanúint:

Canúint Chonnacht agus Canúint na Mumhan

Séimhítear túschonsan na haidiachta más ainmfhocal baininscneach atá á cháiliú aici ach ní chuirtear séimhiú ná urú ar an túschonsan más ainmfhocal firinscneach atá á cháiliú aici.

Canúint Uladh Séimhítear túschonsan na haidiachta i gcónaí.

Page 32: Stíl Tí an Ghúim

30

Tábla 2: An aidiacht ag cáiliú ainmfhocal sa tabharthach uatha ar lorg réamhfhocal simplí agus an ailt uatha.

Réimse na

Reachtaíochta

Canúint Chonnacht Canúint na

Mumhan

Canúint Uladh

Ainmfhocail Fhirinscneacha

ag an bhfear beag ag an bhfear beag ag an bhfear beag ag an fhear bheag san fhuacht mór sa bhfuacht mór sa bhfuacht mór san fhuacht mhór thar an gclaí fada thar an gclaí fada thar an gclaí fada thar an chlaí fhada den bhainisteoir gnóthach

den bhainisteoir gnóthach

den mbainisteoir gnóthach

den bhainisteoir ghnóthach

don chuairteoir mímhúinte

don chuairteoir mímhúinte

don gcuairteoir mímhúinte

don chuairteoir mhímhúinte

sa bhosca mór sa mbosca mór sa bhosca mór sa bhosca mhór den fhear crosta den fhear crosta den bhfear crosta den fhear chrosta ar an stól fada caol ar an stól fada caol ar an stól fada caol ar an stól fhada chaol faoin ardán mór faoin ardán mór faoin ardán mór faoin ardán mhór sa siopa beag sa siopa beag sa tsiopa beag sa tsiopa bheag ag an saighdiúir bocht

ag an saighdiúir bocht

ag an saighdiúir bocht

ag an tsaighdiúir bhocht

ar an sagart ciúin ar an sagart ciúin ar an sagart ciúin ar an tsagart chiúin don seanduine críonna

don seanduine críonna

don seanduine críonna

don tseanduine chríonna

den salann bán den salann bán den salann bán den tsalann bhán sa sruth contúirteach sa sruth contúirteach sa tsruth contúirteach sa tsruth

chontúirteach Ainmfhocail Bhaininscneacha

don cheist sheafóideach

don cheist sheafóideach

don gceist sheafóideach

don cheist sheafóideach

faoin móin fhliuch faoin móin fhliuch faoin móin fhliuch faoin mhóin fhliuch san fhuinneog shalach

sa bhfuinneog shalach

sa bhfuinneog shalach

san fhuinneog shalach

san oifig ghlan san oifig ghlan san oifig ghlan san oifig ghlan ag an mbean shlachtmhar

ag an mbean shlachtmhar

ag an mbean shlachtmhar

ag an bhean shlachtmhar

den bhratach bhán den bhratach bhán den mbratach bhán den bhratach bhán sa tuarascáil fhada sa tuarascáil fhada sa tuarascáil fhada sa tuarascáil fhada ar an tsráid mhór ar an tsráid mhór ar an sráid mhór ar an tsráid mhór den tsláinte mhaith den tsláinte mhaith den sláinte mhaith den tsláinte mhaith sa tsnaidhm chrua sa tsnaidhm chrua sa tsnaidhm chrua sa tsnaidhm chrua den tsaoire bhreá den tsaoire bhreá den saoire bhreá den tsaoire bhreá Séimhiú Is iad seo a leanas na consain inséimhithe sa Ghaeilge: b, c, d, f, g, m, p, s agus t. Séimhítear s + guta agus sl-, sn-, sr-, ach ní féidir séimhiú a chur ar sc-, sf-, sm-, sp-, st- ná sv-. Ní shéimhítear na consain eile.

Page 33: Stíl Tí an Ghúim

31

Séimhiú ar Ainmfhocail Séimhítear túschonsan ainmfhocail:

1. I ndiaidh an ailt (mura d, t, s an túschonsan):

(a) san ainmneach uatha baininscneach, e.g. an bhean; (b) sa ghinideach uatha firinscneach, e.g. mac an fhir; (c) sa tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach, nuair a bhíonn aon cheann

de na réamhfhocail seo a leanas roimh an alt, i gcásanna áirithe (féach lch 29): ag, ar, as, chuig, de, do, faoi, i, le, mar, ó, roimh, thar, trí, um. Tabhair do d'aire nach séimhítear an mhaoluimhir i bhfrásaí mar iad seo a leanas: ón ceathair (a chlog), ag an cúig (a chlog).

2. I ndiaidh na míre gairmí a san uatha agus san iolra, firinscneach agus baininscneach,

e.g. a dhuine chóir, a Mháire, a chairde Gael, a Ghaela!

3. I ndiaidh na n-aidiachtaí seo a leanas: (a) na haidiachtaí sealbhacha mo, do, a (firinscneach uatha), e.g. mo mhac, do

theach, a pheann; (b) an aidiacht rannach uile, e.g. an uile fhocal, gach uile sheachtain.

4. I ndiaidh na n-uimhreacha:

(a) aon agus c(h)éad, mura d, t, s an túschonsan, e.g. aon chailín amháin, an chéad

bhróg; (b) dhá mura mbíonn an aidiacht shealbhach a (3ú pearsa uatha, baininscneach agus

3ú pearsa iolra), ár nó bhur roimhe, e.g. dhá chapall ach a dhá géag (3ú pear. uatha bain.), ár dhá gcapall, bhur dhá dteach, a dhá mbó (3ú pear. iol.); agus

(c) trí, ceithre, cúig, sé, nuair a bhíonn an t-ainmfhocal san uatha ar a lorg, e.g. trí bhád, ceithre bhó, cúig mhála, sé theach.

5. I ndiaidh na réamhfhocal simplí: (a) de, do (agus a < do, e.g. obair a dhéanamh), faoi, mar, ó, roimh, trí, um, e.g. de

Sheán, do bhuachaillí, faoi bhord, mar dhuine, ó bhéal, roimh mhaidin, trí chalaois, um Shamhain;

(b) ar, e.g. ar bhád, ar charraig, ar dhaoine, ach ní shéimhítear i gcás frásaí dobhriathartha ná ainmneacha briathartha a chuireann staid nó suíomh i gcéill, e.g. ar ball, ar bord (loinge), ar deireadh, ar fad, ar meisce, ar muir agus ar tír, ar tiús, ar bogadh, ar crochadh, ar fáil, ar siúl ach ar fheabhas, ar shiúl (=imithe);

(c) idir, nuair is comhaireamh a bhíonn i gceist, e.g. idir bhuachaillí agus chailíní, idir bheag is mhór, ach idir Corcaigh agus Gaillimh, idir breith is baisteadh, idir meán oíche agus breacadh an lae. Séimhítear an t-ainmfhocal aonair i ndiaidh idir freisin, e.g. idir dhaoine, idir chomhaltaí;

Page 34: Stíl Tí an Ghúim

32

(d) thar, e.g. léim sé amach thar gheata ard, ní raibh thar chúigear acu ann, ní fiú thar phingin é, níor fhan sé thar bhliain ann, ach ní shéimhítear i gcás frásaí dobhriathartha, e.g. thar bráid, thar sáile, thar tír.

Ní shéimhítear ar lorg ag, as, chuig, dar, go (dtí), i, le, os, seachas.

6. Séimhítear b, c, g, m agus p ar lorg gan sna cásanna seo a leanas:

(a) Ainmfhocal aonair (i.e. nach bhfuil á cháiliú) nuair is ciall theibí nó mheafarach atá leis an bhfrása, e.g. dán gan bhrí, saol gan bhuairt, duine gan chiall, tháinig sé gan choinne, d’imigh sé gan chúis, buille gan ghá, saol gan mhairg, rud gan mhaith, tá sé gan mhaith, bheith gan mheabhair, fillfidh sí gan mhoill, páiste gan mhúineadh.

Samplaí le d, s, t agus le f: beidh sé ann gan dabht, duine gan dochar, d’imigh sé gan fáth gan siocair, ceist gan freagra, saol gan suaimhneas, rud gan tábhacht, tréimhse gan teorainn.

Tabhair do d'aire go séimhítear an f i bhfrásaí áirithe, e.g. gan fháil, dúil gan fháil; gan fheiceáil; gan fhios (do), rud a dhéanamh gan fhios, d’imigh siad gan fhios (do Sheán).

(b) Ainm briathartha aonair i bhfrásaí aidiachtacha a insíonn nach bhfuil an briathar

curtha i ngníomh, e.g. féar gan bhaint (= nach bhfuil bainte), gruaig gan chíoradh (= nach bhfuil cíortha), bean gan phósadh (= nach bhfuil pósta), aistí gan mharcáil (= nach bhfuil marcáilte). Samplaí le d, s, t agus le f: obair gan déanamh (= nach bhfuil déanta), bainne gan síothlú (= nach bhfuil síothlaithe), saothar gan foilsiú (= nach bhfuil foilsithe).

Ní bhíonn séimhiú ar thúschonsan ar lorg gan sna cásanna seo a leanas:

(a) Ainmfhocal aonair nuair is ciall choincréiteach atá leis an ainmfhocal, e.g.

próiseas a chur i gcrích gan moill (= de réir an sceidil), tháinig sé gan coinne (= gan am a bheith socraithe roimh ré), ag siúl gan bróga, tá siad gan carr le seachtain.

(b) Ainmfhocal á cháiliú, e.g. dán gan brí shoiléir, saol gan buairt ar bith, duine gan

ciall linbh, d’imigh sé gan cúis mhaith, rud gan maith dá laghad, bheith gan pingin rua.

(c) Ainmfhocal i bhfrásaí dar struchtúr gan + ainmfhocal + réamhfhocal, e.g. bhí sé

ina luí gan corraí as ar thaobh an bhóthair, shuigh na páistí gan gíog astu, is annamh a fheiceann tú é gan pus air, bhí sé ina sheasamh san fhearthainn gan geansaí féin air, bhí mé i bponc gan pingin i mo phóca agus gan bealach abhaile agam.

(d) Ainm dílis cinnte, e.g. tháinig tú gan Máire, gan Murchadh gan Mánas.

Page 35: Stíl Tí an Ghúim

33

(e) Ainmfhocal nó ainm briathartha i bhfrása ainmfhoclach nó i bhfrása ainm briathartha ar nós:

(i) Ainm briathartha as féin mar infinideach, e.g. chinn siad gan pósadh

(go fóill), abair leis gan canadh (arís), d’iarr siad orm gan páirceáil (os comhair an dorais), b’fhearr duit gan filleadh (níos mó), is fearr gan moilliú (go tobann), shocraigh siad gan fanacht.

(ii) Cuspóir + a + ainm briathartha: is deacair gan gáire (mór) a

dhéanamh in amanna, mhol sí dom gan cóta (trom) a chaitheamh, bheartaigh sé gan péint (nua) a chur ar an teach, d’fhág siad an teach gan buíochas (ar bith) a ghabháil léi.

(iii) Ainmní + a + ainm briathartha: b’ait liom gan gearán (oifigiúil) a

theacht uathu, ba dheas gan brú (oibre) a bheith orainn ar feadh tamaill.

7. I ndiaidh réamhfhocal comhshuite:

Séimhítear ainmfhocal cinnte agus ainmfhocal dílis i ndiaidh réamhfhocal comhshuite a leanann an ginideach é, e.g. ar aghaidh dhoras an tséipéil, i láthair bhean an tí, os comhair Sheáin, in aice Bhaile Átha Cliath (féach lch 47). Ní shéimhítear ainmfhocal éiginnte nach bhfuil cáilithe ach i gcorrabairt sheanbhunaithe, e.g. tar éis bháis.

8. I ndiaidh ainmfhocal eile: (a) Má bhíonn ainmfhocal (nach ainm dílis) nó ainm briathartha sa ghinideach faoi

réir ag ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach), agus é i gcáil aidiachta, cuirtear séimhiú air.

Bíonn an dara hainmfhocal i gcáil aidiachta nuair a bhíonn an chéad ainmfhocal á cháiliú aige, mar atá sna haicmí seo a leanas:

(i) Nuair a dhéanann an dara hainmfhocal cur síos ar cén sórt nó cén

cineál é an chéad ainmfhocal, e.g. aimsir sheaca, bean chéile, bliain bhisigh, céim bhaitsiléara, cloch choirnéil, dlaoi mhullaigh, fianaise bhréige, foireann bhaile, fuinneog thosaigh, gairm bheatha, líne chúil, obair shamhraidh, oíche dhrámaíochta, scairt ghutháin, scian phóca, sláinte mheabhrach, slí bheatha, teanga dhúchais, teanga mhionlaigh, tír dhúchais, uimhir bhaile;

(ii) Nuair is as an ábhar a luaitear sa dara hainmfhocal a dhéantar an chéad ainmfhocal, e.g. deoch bhainne, ding mhiotail, fuinneog ghloine, léine chadáis, pióg mhuiceola, súil ghloine, tine ghuail;

(iii) Nuair a léiríonn an dara hainmfhocal an gníomh a dhéanann an chéad

ainmfhocal nó an úsáid a bhaintear as, e.g. áit chónaithe, áit pháirceála, bean chaointe, lámh chúnta, litir mholta, scéim mharcála, uimhir thagartha, uimhir theagmhála;

Page 36: Stíl Tí an Ghúim

34

(iv) Nuair a bhíonn gaol comhaisnéise idir an dá ainmfhocal, is é sin le rá nuair a thagraíonn siad don rud céanna, e.g. cráin mhuice, stail chapaill, cabaireacht chainte, pusaireacht chaointe.

Ní shéimhítear an dara hainmfhocal sna cásanna seo a leanas:

(i) más d, s, t a thúschonsan i ndiaidh d, n, l, s, t, e.g. bean tí, cos tosaigh, cúis dlí, cúirt dúiche, péist talún, saighead draíochta, scoil samhraidh, min sáibh, tonn tuile;

(ii) nuair a thosaíonn sé ar f, e.g. bean feasa, comhla fuinneoige, iascaireacht farraige, laoi Fiannaíochta, líne filíochta, mí féilire, oifig fáilte, oifig faisnéise, páirc féir, toghairm finné;

(iii) ar lorg ainmfhocail a bhfuil an bhrí cuid, easpa, iomarca leis nó ar lorg an chodáin ceathrú, e.g. barraíocht plámáis, breis bainne, a chuid cabaireachta, díth céille, easpa tobac, iomarca cainte, roinnt blianta, agus ceathrú míle;

(iv) má thagann ginideach iolra i ndiaidh cnuasainm, e.g. buíon ceoltóirí, saithe beach, scuaine gasúr, sraith baoithe, táin bó ach clann mhac;

(v) más ball beatha de chuid duine nó ainmhí, nó más páirt de rud, nó más rud i seilbh duine nó ainmhí atá i gceist, e.g. adharc bó, aghaidh mná, cos capaill, lámh cailín, súil buachalla, iall bróige, stiúir báid, casóg buachalla;

(vi) más tréith de chuid an dara focal é an chéad cheann, e.g. breáthacht mná, finne maidine, laige páiste, maise pearsan, uaisleacht meoin;

(vii) más ainmfhocal éiginnte i ndiaidh ainm briathartha atá ann, e.g. ag tógáil potaí, ar thógáil cathrach, forbairt pobail, pleanáil corpais, pleanáil pobail, innealtóireacht bogearraí ach amháin sna leaganacha seanbhunaithe seo a leanas: ag fáil bháis, ag fáil bhisigh, ag gabháil cheoil, ag gabháil fhoinn;

(viii) nuair is ainmní nó gníomhaí an ginideach, e.g. coiscéim coiligh, eascaine baintrí, gáir caillí, géimneach bó, íde béil, léim capaill, mallacht mná;

(ix) i ndiaidh na bhfocal seo a leanas i dteidil ranna rialtais agus comhairlí baile nó contae: comhairle, roinn, e.g. An Roinn Cosanta, Comhairle Contae Chorcaí;

(x) ní shéimhítear an t-ainmfhocal sí, i gcáil aidiachta dó, e.g. bó sí.

(b) Séimhítear ainmfhocal (nach ainm dílis) nó ainm briathartha sa ghinideach má bhíonn sé faoi réir ag ainmfhocal sa Chéad Díochlaonadh

(i) atá sa ghinideach uatha nó sa ghairmeach uatha, e.g. mac an fhir phoist,

foirmeacha an fhocail bhunaidh, a aingil choimhdeachta; nó (ii) atá san ainmneach iolra agus a chríochnaíonn ar chonsan caol, e.g. buidéil

bhainne, éisc mhara, cumainn chrábhaidh, innill bhainte.

Tabhair do d’aire nach séimhítear, áfach, d, s, t i ndiaidh d, n, l, s, t, e.g. báid seoil, comhaid dlí, eastáit tithíochta, poill deataigh, ná f, e.g. baill foirne, crainn fuinseoige, cuntais feirme, turais farraige.

Faightear macasamhail an tséimhithe sin ar lorg focail áirithe lasmuigh den Chéad Díochlaonadh freisin:

Page 37: Stíl Tí an Ghúim

35

(i) sa ghairmeach uatha i leaganacha seanbhunaithe, e.g. a dhuine chroí, a chara chléibh;

(ii) tar éis faochain agus lachain, e.g. faochain mhóra, lachain bheaga.

Tabhair do d’aire, nuair a bhíonn aonad ilfhoclach á cháiliú ag ainmfhocal éiginnte sa ghinideach, gurb é bunfhocal an aonaid ilfhoclaigh a rialaíonn cé acu a bhíonn séimhiú ar an gcáilitheoir ainmfhoclach nó nach mbíonn, e.g. scoil phobail chathrach (= cathrach faoi réir ag an mbunfhocal scoil) ach halla pobail cathrach (= cathrach faoi réir ag an mbunfhocal halla).

(c) Séimhítear ainmfhocal dílis nó aonad cinnte sa ghinideach, e.g. Coláiste Cholmáin,

cuan Bhaile Átha Cliath, díon shiopa an bhúistéara, foireann Dhoire, oibrithe Bhéal Feirste, mac fhear an tábhairne, muintir Sheáin, obair bhean an tí

ach

(i) ní shéimhítear San, e.g. Lá San Svaítín, Oíche San Seáin; (ii) ní bhíonn séimhiú ar lorg:

(I) Féile sa ghinideach, e.g. Lá Fhéile Pádraig, Samhradh beag na Féile Michíl;

(II) Naomh, e.g. litreacha Naomh Pól, cuimhneachán Naomh Peadar; (III) San, e.g. Ord San Proinsias;

(iii) déantar ainm naoimh a infhilleadh agus a shéimhiú sa ghinideach nuair

nach mbíonn Féile, Naomh nó San roimhe, e.g. Coláiste Cholmáin, Coláiste Mhuire, Scoil Bhríde, Áras Chrónáin. (Tugtar aitheantas do leaganacha seanbhunaithe, e.g. an Pota Pádraig, coileach Mártan.)

(iv) ní shéimhítear ainmneacha laethanta, míonna, féilte, ná ainmneacha

teangacha, ach de réir riail 8 (a) thuas, e.g. Lá Samhna, Oíche Shamhna, tráthnóna Sathairn, maidin Mháirt, leabhar Béarla, an teanga Ghaeilge, cainteoirí Fraincise, amhráin Ghearmáinise;

(v) ní shéimhítear an t-ainmfhocal ar lorg chun, e.g. chun Seáin, chun

bean an tí. (vi) ní shéimhítear Dé ná an t-ainmfhocal ar a lorg in ainmneacha na

laethanta, e.g. oíche Dé Máirt. 9. I ndiaidh Mhic, Mhig, Ní, Nic, Uí i sloinnte, e.g. Siobhán Ní Chonchubhair, Úna Nic Shuibhne, Bean Mháirtín Uí Bhroin, teach Sheáin Mhic Cárthaigh agus Mac (Mag) i sloinnte áirithe, e.g. Mac Pháidín, Mag Fhinn. 10. I ndiaidh agus (is), nó nuair a cheanglaíonn siad dhá ainmfhocal atá faoi réir ag an bhfocal céanna le chéile agus nuair a bhíonn séimhiú ar an gcéad ainmfhocal díobh, e.g. idir fhir is mhná, asal Sheáin nó Mháire.

Page 38: Stíl Tí an Ghúim

36

11. I gcomhfhocail, ar lorg réimíre nó aon fhocal eile ach amháin nuair a thagann d, l, n, s, t, le chéile, e.g. deargbhuile, róschrann, sárdhuine, ach antráth, catsúil, cúldoras, clostrácht, cuas-súileach, fad-dúiseacht, galltrumpa, greadtine, ilsiolla, leasdeartháir, seanduine, seansaighdiúir. Tabhair do d’aire go mbíonn urú i ndiaidh éa-, éi-, e.g. éagóir, éigeart, agus go bhfágtar roinnt comhfhocal atá seanbhunaithe gan séimhiú, e.g. coiscéim, eascara, fardoras, foirceann. 12. I ndiaidh na copaile san aimsir chaite agus san aimsir ghnáthchaite, modh táscach, agus sa mhodh coinníollach, e.g. ba dhuine mór é, ní leis ab fhaillí é, ar shagart é?, níor dhochtúir é, nár chapall maith é?, ceapaim gur ghadaí é, deir sé nár dhochar é, cér chás é, dá mba chailín í, fear dar shloinne Ó Murchadha, má ba bhithiúnach é, murar bhacach é.

Séimhiú ar Aidiachtaí 1. Séimhítear túschonsan aidiacht cháilíochta i ndiaidh ainmfhocail:

(a) san ainmneach, tabharthach agus gairmeach uatha baininscneach, e.g. bean mhór, don bhean mhór, a bhean mhór;

(b) sa ghinideach agus sa ghairmeach uatha firinscneach, e.g. mac an fhir mhóir, a fhir mhóir;

(c) san ainmneach agus sa tabharthach iolra má chríochnaíonn an t-ainmfhocal ar chonsan caol, e.g. fir mhóra, do na fir mhóra; Eisceacht: caoirigh beaga (bána, móra, etc.).

(d) sa tabharthach uatha firinscneach, más é nós an tséimhithe ar an ainmfhocal atá á leanúint (i.e. féach patrún Chanúint Uladh ar lch 30), e.g. ag an fhear bheag, ar an oileán chiúin, as an réigiún chéanna, den fhear chrosta, roimh an lá fhada, san fhuacht mhór. Tabhair do d’aire nach séimhítear an aidiacht sa tabharthach uatha firinscneach nuair nach mbíonn an t-alt ann, e.g. ag fear beag, ar oileán ciúin, i bhfuacht mór, d’fhear crosta.

Tabhair do d'aire go gcuirtear na gnáthrialacha faoin séimhiú i bhfeidhm ar d, s, t i ndiaidh d, l, n, s, t i gcás na n-aidiachtaí, e.g. áit dhorcha, an áit shalach, an bhean dhílis, an chos thinn, an tsúil thinn, maoin shaolta, na báid dhubha, na poill dhoimhne, na poirt dhúbailte. 2. Le bunuimhreacha: tá dhá phatrún ann maidir leis an aidiacht cháilíochta ag cáiliú

ainmfhocail ar lorg bunuimhreach, agus cuirtear séimhiú ar an aidiacht sa dá phatrún (féach an chaibidil Uimhreacha, lch 53).

Patrún A:

(a) Séimhítear an aidiacht (san ainmneach uatha) ar lorg ainmfhocal uatha baininscneach a bhfuil aon bhunuimhir roimhe, seachas sa ghinideach ar lorg aon.

(b) Séimhítear an aidiacht (san ainmneach iolra) ar lorg cinn. Tabhair do d’aire nach séimhítear an aidiacht más ainmfhocal uatha firinscneach atá i gceist. Patrún B:

(a) Séimhítear an aidiacht (san ainmneach iolra) ar lorg gach ainmfhocail (firinscneach nó baininscneach) a bhfuil bunuimhir ó dhá go dtí naoi déag roimhe.

Page 39: Stíl Tí an Ghúim

37

(b) Séimhítear an aidiacht (san ainmneach iolra) ar lorg cinn, fichid.

3. Séimhítear aidiacht (nach aidiacht shealbhach í) roimh ainmfhocal ar an gcuma chéanna ina séimhítear an t-ainmfhocal, e.g. do dhrochdhuine, ar shé euro, ach: (a) ní shéimhítear cibé ná gach; (b) ní shéimhítear an aidiacht orduimhreach san ainmneach ná sa ghinideach ach amháin

céad (féach lch 60 thíos) i ndiaidh an ailt, e.g. an cúigiú bean, hata an cúigiú fear. Tabhair do d’aire go gcuirtear séimhiú nó urú amhail ar ainmfhocal ar an aidiacht orduimhreach ar lorg réamhfhocal simplí (agus an ailt), e.g. ar an gcúigiú duine, don cheathrú bean.

4. Bíonn séimhiú ar dhá i gcónaí ach amháin i ndiaidh an ailt (an, don, etc.) i ndiaidh aon

agus i ndiaidh an chéad, e.g. an dá áit, gach aon dá uair an chloig, an chéad dá bhliain.

5. Séimhítear déag i ndiaidh dó agus i ndiaidh ainmfhocal uatha a chríochnaíonn ar ghuta ar lorg bunuimhreach, e.g. trí bhó dhéag, cúig lá dhéag, seacht mí dhéag (ach an tríú bó déag, an cúigiú lá déag, etc.).

6. Séimhítear fichead i ndiaidh ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan caol san iolra, e.g. trí cinn fhichead.

7. Séimhítear aidiachtaí sa chomhfhocal ar lorg réimíre nó aon fhocal eile ach amháin nuair a thagann d, l, n, s, t le chéile, e.g. beagmhaitheasach, fíorchinnte, neamhghlan, ach an-trom, bándearg, caolsúileach, costirim, fadsaolach, ildánach, ilteangach, lánsásta.

8. Séimhítear aidiachtaí i ndiaidh na copaile, san aimsir chaite agus san aimsir

ghnáthchaite, modh táscach, agus sa mhodh coinníollach, e.g. ba dheas uait é, ar mhaith leat é?, níor bheag an gaisce é, nár dhona an lá é?, dúirt sé gur mhór an leas dó é, b’fhéidir nár chneasta uaim é, dá mba mhaith leat teacht, má ba shaibhir an fear é, murarbh fhíor é níor cheart é a rá.

Page 40: Stíl Tí an Ghúim

38

Urú

Is iad seo a leanas na consain inuraithe sa Ghaeilge: b, c, d, f, g, p agus t.

Ní uraítear na consain eile. Cuirtear n- roimh ghuta san áit a ndéanfaí urú ar chonsan, e.g. ár n-áiseanna, a n-ainmneacha, ocht n-oíche, ach ní chuirtear n- roimh ghuta ar lorg an ailt uatha sa tabharthach, e.g. ar an uisce, don ollamh, faoin aer.

Urú ar Ainmfhocail Uraítear túschonsan ainmfhocail: 1. I ndiaidh an ailt:

(a) sa tabharthach uatha, firinscneach agus baininscneach, nuair a bhíonn aon cheann de na réamhfhocail seo a leanas roimh an alt, i gcásanna áirithe (féach lch 29): ag, ar, as, chuig, de, do, faoi, i, le, mar, ó, roimh, thar, trí, um. Tabhair do d'aire nach séimhítear an mhaoluimhir i bhfrásaí mar iad seo a leanas: ón ceathair (a chlog), ag an cúig (a chlog).

(b) sa ghinideach iolra, firinscneach agus baininscneach, e.g. ainmneacha na mban, ag aistriú na bhfoirmeacha, ag maisiú na dtithe, ceol na n-éan, seolta na mbád beag, scoil na gcailíní óga.

2. I ndiaidh na n-aidiachtaí sealbhacha san iolra, e.g. ár n-athair, bhur bpáistí, a

ngluaisteáin. Bíonn urú i ndiaidh dhá má ghabhann aidiacht shealbhach san iolra roimhe, e.g. ár dhá gcapall, bhur dhá dteach, a dhá mbó.

3. I ndiaidh na n-uimhreacha seacht go deich agus seacht déag go naoi déag, e.g. seacht nduine, naoi mbliana, deich n-asal, ocht gcinn déag. Tabhair do d’aire nach gcuirtear urú ar an ainmfhocal euro.

4. I ndiaidh:

(a) an réamhfhocail i, e.g. i mbaile, i bpáirc. Scríobhtar in in ionad i n- roimh fhocail a thosaíonn ar ghuta, e.g. in Éirinn, in oifig agus sna cásanna seo a leanas:

(i) roimh bhur, dhá, e.g. an áit a bhfuil sibh in bhur gcónaí, in dhá áit; (ii) roimh theideal leabhair, irise, etc., e.g. in An Druma Mór, alt in

Gaelscéal; (iii) roimh logainm nach bhfuil Gaelaithe, e.g. tá sé ag obair in

Birmingham, is in Barcelona a pósadh iad. (b) na réamhfhocal ar agus go i gcorrleagan, e.g. ar gcúl, go bhfios dom;

Urú ar Aidiachtaí

Cuirtear urú ar aidiacht a thagann roimh ainmfhocal mar a dhéanfaí ar ainmfhocal, e.g. i ngach áit, in aon chás, seolta na dtrí bhád, i gcaitheamh na gcúig oíche.

Page 41: Stíl Tí an Ghúim

39

Ní chuirtear urú ar aidiacht ar lorg ainmfhocail, e.g. cumann na bhfear óg.

An réamhlitir t-

t- roimh ghuta

San ainmneach, i ndiaidh an ailt uatha, cuirtear t- roimh:

(a) ainmfhocal firinscneach dar tús guta (seachas iliomad, iomad, oiread), e.g. an t-asal, an t-éan, agus

(b) aon, aonú, ochtó, ochtódú, ochtú, e.g. an t-aon bhean déag, an t-aonú háit déag, an t-ochtó bliain, an t-ochtú huair.

t- roimh s-

I ndiaidh an ailt uatha cuirtear t- roimh s- más guta nó l, n, r atá ar a lorg:

(a) i gcás ainmfhocal baininscneach: (i) san ainmneach uatha, e.g. an tsaoire, an tsláinte, an tsnaidhm, an tsrón;

agus (ii) sa tabharthach uatha, e.g. roimh an tsaoire, leis an tsláinte, den

tsnaidhm, faoin tsúil, ach féach treoir ghinearálta chanúint na Mumhan ar lch 28;

(b) i gcás ainmfhocal firinscneach:

(i) sa ghinideach uatha, e.g. teach an tsagairt; (ii) sa tabharthach uatha, más é nós chanúint Uladh atáthar a leanúint, e.g.

ar an tsuíochán, leis an tslua, sa tsneachta, sa tsruth; (iii) sa tabharthach uatha ar lorg an réamhfhocail sa, más é treoir ghinearálta

chanúint na Mumhan atáthar a leanúint, e.g. sa tseomra, sa tsneachta.

Ní chuirtear t- roimh s-:

(a) i gcomhfhocail, e.g. an-sásta, seansaighdiúir; (b) in orduimhreacha ná i mbunuimhreacha, e.g. deireadh an seachtú lá, i dteannta an

seasca euro; (c) i ndiaidh aon ná céad, e.g. aon salann, aon seanmóir, aon sráid, an chéad sagart.

Page 42: Stíl Tí an Ghúim

40

Séimhiú ar an mBriathar

1. Séimhítear an briathar neamhspleách:

(a) san aimsir chaite agus san aimsir ghnáthchaite, modh táscach, agus sa mhodh coinníollach, e.g. mhol mé (mhol tú, etc.), mholainn (mholtá, etc.), mholfainn (mholfá, etc.), mholtaí, mholfaí.

Tabhair do d’aire nach séimhítear an saorbhriathar san aimsir chaite, e.g. beannaíodh, cruinníodh, sábháladh, tíolacadh, seachas briathra neamhrialta áirithe, e.g. bhíothas, chonacthas, chualathas, chuathas, thángthas.

(b) i ndiaidh a, coibhneas díreach, agus na míreanna agus na gcónasc seo a leanas: cad, cathain, cé, cén uair, céard, conas, má, mar, nuair, ó, e.g.

An té a ghlanfaidh an áit An gluaisteán a thiomáineann sí Cad (Céard) a bhainfeadh dó? Cathain (Cén uair) a thiocfaidh sí? Cé a mholfaidh é? Conas a mharódh sé é? Má bhíonn tú ann De réir mar a thitfidh Nuair a thiocfaidh siad Ó chuir tú i mo cheann é

(c) san fhochlásal dearfach atá mar ainmní ag an gcopail i leaganacha mar is ann a chonaic mé é, is léi a bheidh mé.

Tabhair do d'aire go n-uraítear an briathar faigh san aimsir chaite, san aimsir fháistineach agus sa mhodh coinníollach, e.g. ní bhfuair mé (tú, etc.), ní bhfaighidh mé (tú, etc.), ní bhfaighinn (bhfaighfeá, etc.).

2. Séimhítear an briathar spleách san aimsir chaite i ndiaidh na gcónasc agus na míreanna briathartha seo a leanas: ar, cár, dár, gur, murar, nár, ní, níor, sular, e.g.

Ar chuir sí i bhfolach é? An bhfuil a fhios agat ar tháinig sé abhaile fós? An fear ar chuir sí an litir chuige. Cad é an áit ar chaill tú é? Cár ghortaigh sí í féin? Gach duine dár chuir tú in aithne dom. Sílim gur thuig siad mé. Murar mharaigh sé é chuaigh sé gairid dó. Nár phós sé riamh? An bhean nár chreid an scéal. Ní fhaca siad mé. Níor fhéad mé é a dhéanamh. Bhí mise anseo sular tháinig Seán.

Page 43: Stíl Tí an Ghúim

41

Tabhair do d’aire go gcuirtear séimhiú ar an saorbhriathar sna cásanna ina séimhítear na foirmeacha eile, e.g. ní mholtar dó imeacht, mholtaí sin tráth, ach amháin san aimsir chaite, e.g. níor moladh é sin, agus ar táthar.

Urú ar an mBriathar Uraítear an briathar: 1. San fhochlásal coibhneasta:

(a) i ndiaidh a, coibhneas indíreach, agus nach, e.g. an bainne nach n-óltar, an duine a (nach) gcáintear é, an bhean a (nach) dtagann a páistí ar scoil, an fear a (nach) gcuirtear cúram air;

(b) i ndiaidh a (gach a) agus dá (de + a, do + a), e.g. d’ólfadh sé a bhfeicfeadh sé, gach aon duine dá dtagann ann, an t-alt dá dtagraítear anseo.

2. I ndiaidh na míreanna briathartha agus na gcónasc seo a leanas: an, cá, dá (coinníollach), go, mura, nach, sula, e.g.

An bhfuil an ceart agam? Cá dtéann an bóthar seo? Dá mbeadh an t-airgead aige, chaithfeadh sé é. Abair léi go bhfuil cead aici imeacht. Go dtuga Dia ciall duit. Fan go bhfeicfidh tú. Mura n-iarrfaidh tú é ní bhfaighidh tú é. Nach n-ólann sé bainne? Deir siad nach bhfillfidh siad. Sula dtiocfaidh sí.

h roimh Ghuta

Cuirtear h roimh ghuta sna cásanna seo a leanas:

I gcás Ainmfhocail

1. I ndiaidh an ailt na: (a) sa ghinideach uatha baininscneach, e.g. ainm na háite; (b) san ainmneach agus sa tabharthach iolra, e.g. na hainmneacha, sna hionaid

sin. 2. I ndiaidh a, aidiacht shealbhach, 3ú pearsa uatha baininscneach, e.g. a hathair.

3. I ndiaidh na copaile diúltaí ní sna frásaí seo a leanas: ní heol dom, ní hacmhainn dom, ní

háil liom, ní hionadh é.

Page 44: Stíl Tí an Ghúim

42

Seachas na hainmfhocail sin, ámh, bíonn túsghuta ainmfhocail lom i ndiaidh ní, e.g. ní ealaín dheas í, ní iasc atá ann, ní áibhéil é, ní éacht ar bith é.

4. I ndiaidh na n-orduimhreacha, ach amháin céad, e.g. an dara (tríú, etc.) heochair.

5. I ndiaidh trí, ceithre, cúig, sé, ar ainmfhocal san uimhir iolra, e.g. trí (ceithre, sé) huaire,

cúig horlaí déag.

6. I ndiaidh na réamhfhocal go agus le, e.g. ó mhaidin go hoíche, le hintinn mhaith.

7. I ndiaidh cá, e.g. cá háit, cá hiontas?

8. I ndiaidh Ó i sloinnte, e.g. Liam Ó hÓgáin, Seán Ó hAodha.

9. I ndiaidh Dé in Dé hAoine.

I gcás Aidiachta

1. I ndiaidh chomh, go, le, e.g. chomh hard le haon chapall, tá sé go hálainn.

2. I ndiaidh a, na, sna huimhreacha, e.g. ceacht a haon, na hocht gcinn.

3. I ndiaidh na copaile diúltaí ní (i ngach céim den aidiacht), e.g. ní hannamh an rud é, ní

hionann an dá rud, ní haon scoláire mór é, ní hamháin sin, ní heagal dom a leithéid a rá, ní hairde Seán ná é.

I gcás Dobhriathair

I ndiaidh na copaile diúltaí ní, cuirtear h roimh an dobhriathar amhlaidh, e.g. ní hamhlaidh a tharla.

I gcás Forainm

I ndiaidh cé agus ní, sna forainmneacha é, í, iad, ea, eisean, ise, iadsan, e.g. cé hé?, cé hí?, cé hiad?, ní hé, ní hí, ní hea. I ndiaidh ní sna forainmneacha éard, in, iúd agus eo, e.g. ní héard, ní hin, ní hiúd, ní heo.

I gcás Briathair

I ndiaidh ná leis an modh ordaitheach, e.g. ná himigh, ná habair. Tabhair do d’aire nach gcuirtear h- roimh an saorbhriathar san aimsir chaite, e.g. ordaíodh, níor ordaíodh, gur ordaíodh, má ordaíodh.

d’ roimh Bhriathar

Cuirtear d’ roimh ghuta nó fh- san áit a mbeadh séimhiú ar chonsan san aimsir chaite agus san aimsir ghnáthchaite, modh táscach, agus sa mhodh coinníollach, e.g. d’ól sé, d’fhágamar, d’ithinn, d’fhanadh sibh, d’imeoinn, d’fhreagróinn, an té a d’imigh, an cheist a

Page 45: Stíl Tí an Ghúim

43

d’fhreagair sé, nuair a d’fhágaidís an áit, an méid a d’íosfadh sé, má d’fhág sé, má d’imríomar, má d’fheiceadh sé, má d’aithnídís. Cuirtear a i gcónaí roimh an ainm briathartha sa struchtúr cuspóir + a + ainm briathartha, e.g. an obair atá sé a dhéanamh, chun an t-airgead a fháil, abair leis gan é a ithe.

Page 46: Stíl Tí an Ghúim

44

2 AN tAINMFHOCAL

Na Díochlaontaí Roinntear na hainmfhocail ina gcúig Dhíochlaonadh, de réir fhoirm a dtuiseal ginideach uatha, mar a léirítear i dTábla 3. Na Tuisil

1. An tAinmneach agus an Cuspóireach Mar gurb ionann foirm don dá thuiseal seo, san uatha agus san iolra, áirítear iad araon faoin gcolún Ainmneach i ndíochlaonadh na n-ainmfhocal.

2. An Tabharthach

(a) Den chuid is mó is ionann foirm freisin don tabharthach agus don ainmneach, uatha agus iolra, agus áirítear an tuiseal sin chomh maith faoin gcolún Ainmneach.

(b) Tá foirm leithleach sa tabharthach uatha ag Éire, e.g. in Éirinn. (c) Is í foirm stairiúil an tabharthaigh, uatha agus iolra, a úsáidtear i bhfrásaí

seanbhunaithe a bhfuil brí ar leith leo freisin, e.g. rud a chur faoi chois, duine a thabhairt ar láimh, dár gcionn, cur i gcéill, bolg le gréin, ar na mallaibh, ar uairibh, ó chianaibh.

3. An Ginideach

Tugtar foirm an ghinidigh do na díochlaontaí éagsúla i dTábla 3 (féach lch 46 agus sa trácht ar na díochlaontaí ar leithligh.

4. An Gairmeach

(a) Sa tuiseal gairmeach cuirtear an mhír a roimh an ainmfhocal agus séimhítear túschonsan an ainmfhocail ar a lorg.

(b) Is ionann foirm don ghairmeach agus don ainmneach ach amháin sa chéad díochlaonadh agus ní gá é a shonrú ar leithligh taobh amuigh den díochlaonadh sin.

An tIolra

Is féidir iolraí na n-ainmfhocal a roinnt ina dhá bpríomhaicme: 1. Iolraí mar iad seo a leanas a bhfuil foirm leithleach acu sa ghinideach:

(a) ainmfhocail a chríochnaíonn ar chonsan san ainmneach, uatha agus iolra, e.g. fear, fir. Sa chéad díochlaonadh amháin atá na hiolraí sin. Is ionann foirm don ghinideach iolra agus don ainmneach uatha acu.

(b) ainmfhocail a ghabhann an foirceann -a gan coimriú ná malartú guta nó gutaí ar an mbunfhoirm, e.g. cailleach, cailleacha. Sa dara díochlaonadh is mó atá na hiolraí sin. Cailleann siad an -a sa ghinideach iolra.

(c) dornán ainmfhocal sa Dara agus sa Chúigiú Díochlaonadh, e.g. dúil, glúin, súil, caora, faocha, lacha agus corr-ainmfhocal neamhrialta, e.g. bó, bean.

Page 47: Stíl Tí an Ghúim

45

2. Iolraí a choinníonn an fhoirm chéanna do gach ceann de na tuisil. Baineann leis an aicme seo gach iolra nach bhfuil luaite faoi phointe 1 thuas. Tugtar tréaniolraí orthu uaireanta toisc nach n-athraíonn a bhfoirm.

Caolú

Is ionann caolú i ndíochlaonadh ainmfhocal agus consan leathan a dhéanamh caol. Is é is consan leathan ann consan a bhfuil guta leathan roimhe. Caolaítear é de ghnáth trí -i- a chur roimhe, e.g. cnoc, cnoic. Athraítear gutaí áirithe, go hiondúil, mar seo a leanas nuair a chaolaítear an consan ina ndiaidh:

a) -ea- agus -io- > -i-, e.g. ceann, cinn; fionn, finn ach in ainmfhocail aonsiollacha áirithe ea- > ei-, e.g. each, eich;

b) -éa- agus -ia- > -éi-, e.g. béal, béil; iasc, éisc ach fiach (= seilg), fiaigh; srian, sriain;

c) -ío- > -í-, e.g. síol, síl; d) in ainmfhocail ilsiollacha, -ach > -aigh, -each > -igh, -íoch > -ígh, e.g.

bithiúnach, bithiúnaigh; cléireach, cléirigh; gaiscíoch, gaiscígh. Tabhair do d'aire go mbaineann an t-athrú sin leis na hainmfhocail aonsiollacha seo a leanas: dúch, dúigh; fiach, fiaigh; agus le corr-ainmfhocal aonsiollach eile, e.g. bruach, bruaigh; fraoch, fraoigh.

Leathnú

Is ionann leathnú i ndíochlaonadh ainmfhocal agus malairt an ní is caolú ann. Déantar an leathnú de ghnáth tríd an -i- roimh an gconsan deiridh a ligean ar lár, e.g. athair, athar; droim, droma. Athraítear gutaí áirithe, go hiondúil, mar a leanas nuair a leathnaítear iad:

a) -ei-, -i- > -ea-, e.g. greim, greama; mil, meala; b) -éi- > -éa-, e.g. tincéir, tincéara; c) -ui- > -o-, e.g. fuil, fola.

Coimriú

Is é is coimriú ann guta nó gutaí atá gairid neamhaiceanta a ligean ar lár as focal nuair a dhéantar infhilleadh gramadaí air, e.g. cathair, cathrach; obair, oibre.

Page 48: Stíl Tí an Ghúim

46

TÁBLA 3: GEARRLÉIRIÚ AR NA DÍOCHLAONTAÍ Díochlaona

dh

Uatha Iolra Inscne

I

Ainmneach Ginideach Ainmneach Ginideach Críochnaíonn ar chonsan leathan, e.g. bád, marcach,

ceol, cás.

Caolaítear an consan deiridh, e.g. báid,

marcaigh, ceoil, cáis.

Ar aon fhoirm de ghnáth leis an nginideach uatha, e.g. báid, marcaigh.

Ar aon fhoirm de ghnáth leis an ainmneach uatha, e.g. bád, marcach.

Firinscneach

I gcás tréaniolraí is ionann foirm do na tuisil go léir, e.g. ceolta, cásanna.

II Críochnaíonn ar chonsan (leathan nó caol), e.g. bróg,

áit, aisling, foirm, pian, tír,

coill, scornach, baintreach.

Críochnaíonn ar -e, e.g. bróige, áite, aislinge,

foirme, péine, tíre, coille; nó ar -(a)í, e.g. scornaí,

baintrí.

(1) -a, e.g. bróga,

scornacha,

baintreacha.

Cailltear an -a, e.g. bróg, scornach,

baintreach.

Baininscneach ach corrfhocal firinscneach, e.g. im, sliabh.

(2) -(e)anna, -í, -acha, -t(h)a, -te, an fhoirm chéanna do na tuisil go léir, e.g. áiteanna,

aislingí, foirmeacha, pianta, tíortha, coillte.

III Críochnaíonn ar chonsan (leathan nó caol), e.g. bádóir,

éacht, feadaíl, foráil, gleann,

lus, táin.

Críochnaíonn ar -a, e.g. bádóra, éachta, feadaíola,

forála, gleanna, lusa,

tána.

-(a)í, -anna, -acha, -ta, -te, an fhoirm chéanna do na tuisil go léir, e.g. bádóirí,

éachtaí, forálacha, gleannta, lusanna,

táinte.

Firinscneach agus baininscneach

IV Críochnaíonn ar ghuta nó ar -ín, e.g. acra, oibrí, trá, cailín. Ní athraíonn sa ghinideach.

-í, -(i)the, -nna, an fhoirm chéanna do na tuisil go léir, e.g. acraí, cailíní, oibrithe,

tránna.

Firinscneach agus baininscneach

V Críochnaíonn ar -il, -in, -ir, nó ar ghuta, e.g. cabhail, cáin,

athair, monarcha, fiche.

Críochnaíonn ar chonsan leathan, e.g. cabhlach,

cánach, athar, monarchan,

fichead.

-cha, -na, -í, an fhoirm chéanna do na tuisil go léir, e.g. cabhlacha, cánacha,

aithreacha, monarchana, fichidí.

Firinscneach agus baininscneach

Page 49: Stíl Tí an Ghúim

47

3 FOIRM AN AINMNIGH IN IONAD AN GHINIDIGH

I gcásanna áirithe ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal ná ar ainm briathartha ar lorg focal nó leagan a leanann an ginideach é de ghnáth.

An tAinmfhocal Cinnte 1. Ainmfhocal + Ainmfhocal Eile: Má bhíonn ainmfhocal cinnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocal eile fágtar an chéad ainmfhocal san ainmneach de ghnáth nuair a bhíonn sé faoi réir ag focal nó ag leagan a leanann an ginideach é. Séimhítear túschonsan an ainmfhocail sin seachas i bhfrásaí ainm briathartha (féach pointe

2 thíos).

Is ainmfhocal cinnte: (a) ainm duine áirithe nó áit áirithe, e.g. Domhnach Broc, Seán (ní áirítear ainm aicme, e.g.

Éireannach, Sasanach, mar ainmfhocal cinnte) (b) ainmfhocal a bhfuil an t-alt roimhe, e.g. an fear, an bhean (c) ainmfhocal a bhfuil aidiacht shealbhach roimhe, e.g. mo mhac, a hathair (d) ainmfhocal a bhfuil gach (gach aon, gach uile) roimhe, e.g. gach máthair (e) ainmfhocal a bhfuil ainmfhocal cinnte ar a lorg, e.g. mac na baintrí (f) ainmfhocal a bhfuil uimhir ar a lorg, e.g. Cuid III, riail a sé. Samplaí: (a)

mac Sheáin — cóta mhac Sheáin; muintir Shligigh — ag cáineadh mhuintir Shligigh; cathair Phort Láirge — pobal chathair Phort Láirge.

(b) fear an tí — hata fhear an tí; clann an fhir oibre — ag moladh chlann an fhir oibre; mná na tíre — caint mhná na tíre.

(c)

doras a thí — os cionn dhoras a thí; iníon mo dhearthár — fear céile iníon mo dhearthár; iasacht a ghunna — ag iarraidh iasacht a ghunna.

(d)

tús gach bliana — tar éis thús gach bliana; teideal gach leabhair — ag meabhrú theideal gach leabhair.

(e)

Ollscoil na hÉireann — Oifigí Ollscoil na hÉireann; obair na hoifige — i dteannta obair na hoifige; Craobh na hÉireann — cluiche ceannais Chraobh na hÉireann; Imeacht na nIarlaí — i ndiaidh Imeacht na nIarlaí; Rannóg an Aistriúcháin — caighdeán litrithe Rannóg an Aistriúcháin — ag léiriú chaighdeán litrithe Rannóg an Aistriúcháin.

(f)

caibidil a trí déag — tús chaibidil a trí déag; complacht a cúig — saighdiúirí chomplacht a cúig.

Ach más ainm briathartha an chéad ainmfhocal atá faoi réir ag focal, nó ag leagan, a leanann an ginideach é déantar athrú an ghinidigh air i ndiaidh ainmfhocail agus séimhítear é de réir na ngnáthrialacha a bhaineann le séimhiú ar ainmfhocal ar lorg ainmfhocal eile, e.g. bean chasta na tuirne, fear cosanta na tíre, fir bhuailte an arbhair.

Page 50: Stíl Tí an Ghúim

48

Tabhair do d’aire gurb amhlaidh atá i gcás aonad éiginnte más ainm briathartha an chéad ainmfhocal sa ghinideach, e.g. fear díolta páipéar, lucht múchta tine, etc.

2. Ainmní/cuspóir + a + ainm briathartha: Nuair a bhíonn ainmfhocal nó frása ainmfhoclach á cheangal ag an réamhfhocal a (< do) le hainm briathartha ina dhiaidh fágtar an t-ainmfhocal san ainmneach ar lorg focal nó leagan a leanann an ginideach é, e.g.

ag iarraidh caint a bhaint asam ag iarraidh mo chos a bhriseadh ag iarraidh na ba bána a dhíol chun fear an tí a ghabháil chun obair an tí a dhéanamh d’fhonn airgead a thuilleamh i gcoinne muintir na hÉireann a bheith sa chogadh i mbun an teach pobail a thógáil le linn na fir oibre a fhostú tar éis an t-ordú a chomhlíonadh ar aigne an litir a scríobh ar tí na fuinneoga móra a dhúnadh

(Cuirtear an t-ainmfhocal sa tabharthach i ndiaidh réamhfhocal lena ngabhann an tuiseal sin, e.g. leis an ngnó a dhéanamh, leis an charr a dhíol, as an asal a dhíol).

Page 51: Stíl Tí an Ghúim

49

An tAinmfhocal Éiginnte

Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar aon ainmfhocal éiginnte atá cáilithe ag na cáilitheoirí seo a leanas, ach amháin nuair a leanann ainmfhocal éiginnte uimhir phearsanta, e.g. triúr fear léannta.

(a) aidiacht cháilíochta, e.g. beag, casta, folamh, suimiúil, etc. (b) ainmfhocal sa ghinideach i gcáil aidiachta, e.g. bréige, breise, ionaid, miotail, etc. (c) frása aidiachtach, e.g. ar bith, as an ngnáth, thar barr, etc. (d) clásal aidiachtach, e.g. a bhfuil clú agus cáil air, atá ar fheabhas, nach ndónn, etc. (e) an aidiacht éiginnte aon (= ar bith) (f) na réimíreanna an-, dea-, sár-.

1. ag + ainm briathartha + ainmfhocal éiginnte cáilithe Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal éiginnte cáilithe (ná ar a cháilitheoir) a thagann go díreach i ndiaidh ainm briathartha a bhfuil ag (nó a < do) roimhe.

Samplaí:

(a) nuair a bhíonn aidiacht cháilíochta ag cáiliú an ainmfhocail, e.g. Uatha Iolra

ag déanamh bád beag ag déanamh báid bheaga ag léamh leabhar suimiúil ag léamh leabhair shuimiúla ag deisiú fuinneog bhriste ag deisiú fuinneoga briste ag scríobh litir fhada ag scríobh litreacha fada ag lorg fear mór ag lorg fir mhóra ag caitheamh casóg éadrom ag caitheamh casóga éadroma

(b) nuair a bhíonn ainmfhocal sa ghinideach i gcáil aidiachta ag cáiliú an ainmfhocail, e.g.

Uatha Iolra

ag déanamh bád seoil ag déanamh báid seoil ag léamh leabhar gramadaí ag léamh leabhair ghramadaí ag glanadh fuinneog ghloine ag glanadh fuinneoga gloine ag scríobh litir ghearáin ag scríobh litreacha gearáin ag lorg fear gnó ag lorg fir ghnó ag caitheamh casóg shíoda ag caitheamh casóga síoda

(c) nuair a bhíonn frása aidiachtach ag cáiliú an ainmfhocail, e.g. bhí sé ag caitheamh casóg gan cochall, bhí sí ag déanamh iarracht ar leith, níl mé ag iarraidh leithscéal ar bith, níor mhaith liom bheith ag déanamh turas in aisce. Tabhair do d’aire gur frása aidiachtach agus nach frása dobhriathartha atá i gceist, i.e. gurb é an t-ainmfhocal atá á cháiliú ag an bhfrása, ní an briathar.

(d) nuair a bhíonn clásal aidiachtach ag cáiliú an ainmfhocail, e.g. ní fiú bheith ag léamh dréacht nach bhfuil críochnaithe fós, tá mé ag iarraidh dochtúir atá cáilithe, tá sí ag lorg teach a bhfuil garáiste leis.

(e) nuair a bhíonn an aidiacht éiginnte aon roimh an ainmfhocal, e.g. níl sé ag fágáil aon smál, níl siad ag iarraidh aon mhilseáin (iolra), níl tú ag déanamh aon dochar.

Page 52: Stíl Tí an Ghúim

50

(f) nuair a bhíonn na réimíreanna an-, dea-, sár- leis an ainmfhocal, e.g. ag déanamh an-obair, ag déanamh sáriarracht, ag lorg dea-thoradh.

Tabhair do d’aire nuair a bhíonn an t-alt roimh an ainmfhocal go gcuirtear infhilleadh an ghinidigh i bhfeidhm i ngach cás ó (a) go (f) thuas, e.g. ag déanamh an bháid bhig, ag déanamh na mbád beag; ag déanamh an bháid seoil, ag déanamh na mbád seoil; bhí sé ag caitheamh na casóige gan cochall; táim ag iarraidh an dochtúra atá cáilithe, tá mé ag iarraidh na ndochtúirí atá cáilithe; d’ainneoin na sáriarrachta.

2. Réamhfhocal comhshuite + ainmfhocal éiginnte cáilithe Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal éiginnte cáilithe (ná ar a cháilitheoir) a thagann go díreach i ndiaidh réamhfhocal comhshuite.

(a) nuair a bhíonn aidiacht cháilíochta ag cáiliú an ainmfhocail, e.g.

Uatha Iolra

ar aghaidh fuinneog ghlan ar aghaidh fuinneoga glana de bharr costas riachtanach de bharr costais riachtanacha i gcoinne múinteoir dúthrachtach i gcoinne múinteoirí dúthrachtacha in ionad bróg dhearg in ionad bróga dearga

(b) nuair a bhíonn ainmfhocal sa ghinideach i gcáil aidiachta ag cáiliú an ainmfhocail, e.g.

Uatha Iolra

ar aghaidh fuinneog ghloine ar aghaidh fuinneoga gloine de bharr costas breise de bharr costais bhreise i gcoinne múinteoir cúnta i gcoinne múinteoirí cúnta in ionad bróg leathair in ionad bróga leathair

(c) nuair a bhíonn frása aidiachtach ag cáiliú an ainmfhocail, e.g. a bheith i dteideal airgead

ar ais, bhí sí i mbun obair in aisce, in ainneoin leithscéal ar bith, tháinig sé ar thóir casóg gan cochall.

(d) nuair a bhíonn clásal aidiachtach ag cáiliú an ainmfhocail, e.g. ar chúl teach a bhfuil

garáiste leis, i gcomhluadar dochtúir atá cáilithe, ní fiú bheith i mbun dréacht nach bhfuil gá leis.

(e) nuair a bhíonn an aidiacht éiginnte aon roimh an ainmfhocal, e.g. de cheal aon mhilseáin (iolra), níl sé i bhfabhar aon mholadh, níl tú i mbun aon obair.

(f) nuair a bhíonn na réimíreanna treise an-, dea-, sár- leis an ainmfhocal, e.g. de dheasca

dea-thoradh, i lár sár-leabhar, i mbun an-obair, i ndiaidh sáriarracht. Tabhair do d’aire nuair a bhíonn an t-alt roimh an ainmfhocal go gcuirtear infhilleadh an ghinidigh i bhfeidhm i ngach cás ó (a) go (f) thuas, e.g. in ionad na bróige deirge, in ionad na mbróg dearg; le haghaidh an bhréagáin adhmaid, le haghaidh na mbréagán adhmaid; tháinig sé ar thóir na casóige gan cochall, tháinig sé ar thóir na gcasóg gan cochall; i gcomhluadar an dochtúra atá cáilithe, i gcomhluadar na ndochtúirí atá cáilithe; i ndiaidh na sáriarrachta, i ndiaidh na sáriarrachtaí. 3. Ainmfhocal + aidiacht ar lorg focal nó leagan a leanann an ginideach é de ghnáth Má bhíonn ainmfhocal + aidiacht faoi réir ag ainmfhocal eile ní chuirtear athrú an ghinidigh i bhfeidhm ar an ainmfhocal ná ar an aidiacht.

Page 53: Stíl Tí an Ghúim

51

Uatha Iolra

ábhar saothar clúiteach ábhair shaothair chlúiteacha

cumhdach bord plaisteach cumhdaigh bhoird phlaisteacha

iníon fear mór iníonacha fir mhóra

mac bean bheag páistí mná beaga

póca casóg dhubh cnaipí casóga dubha

sáil bróg éadrom sála bróga éadroma

seol bád dubh seolta báid dhubha

tuarastal oifigeach sinsearach rúnaithe oifigigh shinsearacha a chuid arán donn a cuid bonnóga milse a lán fíon dearg a lán fir oibre roinnt seacláid the roinnt milseáin bhoga

Tabhair do d’aire gurb é an gnás i réimse na reachtaíochta an t-ainmfhocal éiginnte atá á cháiliú a chur sa ghinideach i gcónaí sa chás seo. 4. Ainmfhocal + Cáilitheoir Ainmfhoclach ar lorg focal nó leagan a leanann an ginideach é de ghnáth Má bhíonn ainmfhocal agus cáilitheoir ainmfhoclach faoi réir ag ainmfhocal eile ní chuirtear athrú an ghinidigh ar an dara hainmfhocal.

Uatha Iolra

bonn bróg leathair boinn bhróga leathair cnaipe casóg shamhraidh cnaipí casóga samhraidh cuóta bád iascaireachta cuótaí báid iascaireachta cuirtíní fuinneog dhín cuirtíní fuinneoga dín tuarastal oifigeach cléireachais dualgais oifigigh chléireachais a chuid arán coirce a cuid bonnóga coirce a lán leann úll a lán pióga feola roinnt ábhar machnaimh roinnt mic léinn

Tabhair do d’aire gurb é an gnás i réimse na reachtaíochta an t-ainmfhocal éiginnte atá á cháiliú a chur sa ghinideach i gcónaí sa chás seo.

Page 54: Stíl Tí an Ghúim

52

An tAinm Briathartha 1. Ní théann athrú an ghinidigh ar ainm briathartha nuair a bhíonn an forainm réamhthagrach

a roimhe, e.g. tá sé tar éis a admháil go ndearna sé é, tá sé ag iarraidh a dheimhniú go mbeidh gach ní ina cheart.

2. Mura bhfuil ginideach mar ghnáth-ainmfhocal ag ainm briathartha is iondúil nach ndéantar athrú an ghinidigh air sna cásanna seo a leanas:

(a) Nuair a bhíonn sé ina chuspóir go díreach ar lorg ainm briathartha eile a bhfuil ag (nó a <

do) roimhe, e.g.

ag cur caitheamh ann a chur scaipeadh ar an airgead ag déanamh athrú (marú, scrúdú) ag fáil ardú (cáiliú) ag iarraidh éirí (seasamh, suí) ag tabhairt bualadh (moladh, ordú) dó

(b) Nuair a thagann sé go díreach i ndiaidh réamhfhocal a ghabhann an ginideach, e.g.

ar tí briseadh ar tí (chun, tar éis) pósadh chun dul abhaile i riocht scríobh tá an lá ag dul chun síneadh tar éis éirí (suí) tar éis greadadh leis tá sé chun séideadh níos measa

Tabhair do d’aire, áfach, go ndéantar athrú an ghinidigh: (i) nuair a thagann an t-alt idir an t-ainm briathartha agus an cuspóir, e.g. ag ceannach an tí

mhóir, ag treabhadh na páirce bige;

(ii) nuair a thagann aidiacht shealbhach idir an t-ainm briathartha agus cuspóir nach bhfuil aidiacht ná cáilitheoir ainmfhoclach leis, e.g. ar tí a phósta, fearacht a athar.

Page 55: Stíl Tí an Ghúim

53

4 UIMHREACHA

Na Maoluimhreacha

Is mar atá leagtha amach anseo thíos a ghabhann na maoluimhreacha:

(a) nuair a úsáidtear iad sa chomhaireamh lom, e.g. a haon, a dó; (b) más rompu a thagann an focal atá faoi réir acu, e.g. sa bhliain míle, cúig chéad nócha a dó, bus a dó;

(c) nuair a úsáidtear iad chun an t-am a insint, e.g. a haon a chlog, cúig nóiméad tar éis a dó, ceathrú tar éis a trí, leathuair tar éis a ceathair, fiche nóiméad chun a sé, ceathrú chun a dó dhéag; agus

(d) nuair a úsáidtear iad leis an réamhfhocal de agus ainmfhocal sa tuiseal tabharthach, uimhir iolra, ar a lorg, e.g. a ceathair déag de bhlianta ó shin.

Bíonn an mhír a roimh na maoluimhreacha ó 0 go 19 go hiondúil:

0-19 0 a náid 10 a deich 1 a haon 11 a haon déag 2 a dó 12 a dó dhéag 3 a trí 13 a trí déag 4 a ceathair 14 a ceathair déag 5 a cúig 15 a cúig déag 6 a sé 16 a sé déag 7 a seacht 17 a seacht déag 8 a hocht 18 a hocht déag 9 a naoi 19 a naoi déag Ó 20 ar aghaidh is é an córas seo a leanas a leantar:

20 ar aghaidh

20 fiche 60 seasca 21 fiche (is) a haon 61, 62,

etc.

seasca (is) a haon; seasca (is) a dó, etc.

22 fiche (is) a dó 70 seachtó 23 fiche (is) a trí 71, 72,

etc.

seachtó (is) a haon; seachtó (is) a dó, etc.

24 fiche (is) a ceathair 80 ochtó 25 fiche (is) a cúig 81, 82,

etc.

ochtó (is) a haon; ochtó (is) a dó, etc.

26 fiche (is) a sé 90 nócha 27 fiche (is) a seacht 91, 92,

etc.

nócha (is) a haon; nócha (is) a dó, etc.

28 fiche (is) a hocht 100 céad 29 fiche (is) a naoi 101, 102

… 110

céad is a haon; céad is a dó; ... céad is a deich

30 tríocha 111, 112...

120

céad is a haon déag; céad is a dó dhéag;... céad (is a) fiche

Page 56: Stíl Tí an Ghúim

54

31, 32,

etc.

tríocha (is) a haon; tríocha (is) a dó, etc.

221, 222,

etc.

dhá chéad fiche (is) a haon; dhá chéad fiche (is) a dó, etc.

40 daichead 1,333,

1,334, etc.

míle, trí chéad tríocha (is) a trí; míle, trí chéad tríocha (is) a ceathair, etc.

41, 42,

etc.

daichead (is) a haon; daichead (is) a dó, etc.

11,111,

etc.

aon mhíle dhéag, céad (is) a haon déag, etc.

50 caoga 1,234,567 milliún, dhá chéad tríocha (is) a ceathair míle, cúig chéad seasca (is) a seacht

51, 52,

etc.

caoga (is) a haon; caoga (is) a dó, etc.

Na Bunuimhreacha Is san ainmneach uatha a bhíonn an t-ainmfhocal tar éis na bunuimhreach (seachas an dornán d’eisceachtaí in Foirmeacha iolra ar lch 56). Séimhítear túschonsan an ainmfhocail uatha tar éis 1-6 agus 11-16 (seachas d, s, t ar lorg aon) agus uraítear túschonsain agus túsghutaí araon tar éis 7-10 agus 17-19. Ní chuirtear séimhiú ná urú ar an ainmfhocal ar lorg iolraithe de 10.

Ainmfhocal dar tús consan Ainmfhocal dar tús guta

bosca amháin (aon bhosca amháin) uachtarán amháin (aon uachtarán amháin) dhá bhád dhá altóir trí bheartas trí oíche ceithre chúirt ceithre oifig cúig chás cúig iasacht sé phríosún sé eala seacht gcolún seacht n-eastát ocht gcóip ocht n-uaireadóir naoi bprionsabal naoi n-albam deich mbileog deich n-úll fiche peann fiche abairt tríocha caibidil tríocha ollmhargadh caoga leabhar caoga óstán

Is í foirm an ainmnigh uatha de bos, bróg, cluas, cos, lámh a úsáidtear i ndiaidh 2 agus uimhreacha a chríochnaíonn ar 2 (e.g. 12, 22, 102, 10112), e.g. dhá bhos, dhá bhróg déag, dhá chluas, dhá chos, dhá lámh.

Page 57: Stíl Tí an Ghúim

55

Déag Cuirtear séimhiú ar déag sna cásanna seo a leanas:

(a) sa mhaoluimhir dó dhéag; agus (b) nuair a bhíonn sé ag cáiliú ainmfhocal uatha a chríochnaíonn ar ghuta, e.g. dhá lá dhéag, trí mhí dhéag, ceithre thábla dhéag, ocht n-oíche dhéag.

Ní shéimhítear déag i ndiaidh na bhfoirmeacha iolra, e.g. trí huaire déag, ceithre bliana déag, cúig slata déag, naoi bpingine déag. Tabhair do d’aire, nuair a bhíonn aonad ilfhoclach á chomhaireamh,

a) gur i ndiaidh an aonaid ilfhoclaigh (i.e. ainmfhocal agus a cháilitheoir) a thagann d(h)éag, agus

b) gurb é bunfhocal an aonaid ilfhoclaigh a rialaíonn an séimhiú ar déag, e.g. trí champa samhraidh dhéag, naoi mbille cánach dhéag ach dhá chás cúirte déag,

Má tá déag mar chuid de bhunuimhir beidh déag díreach i ndiaidh na míre den bhunuimhir atá á cáiliú aige, e.g. seacht milliún déag euro. Is iondúil leis na déaga, áfach, an leagan seo a leanas a úsáid: aon (dhá, etc.) cheann déag de bháid mhóra. Is féidir feidhm a bhaint as an múnla sin freisin i gcás uimhreacha eile, e.g. seacht gcinn de bháid mhóra, ceithre cinn is fiche de bháid mhóra.

Os cionn 20

Is féidir na bunuimhreacha os cionn 20 a scríobh ar dhá bhealach, Patrún A agus Patrún B thíos. Patrún A: Bíonn an gnáthathrú tosaigh ar an ainmfhocal i ndiaidh na bunuimhreach. Patrún B: Cuirtear an uimhir iomlán roimh an ainmfhocal agus ní chuirtear séimhiú ná urú ar an ainmfhocal i ndiaidh na huimhreach.

Patrún A

Patrún B

trí bhád is fiche fiche (is) a trí bád ocht gcruinniú is seasca seasca (is) a hocht cruinniú cúig euro is tríocha tríocha (is) a cúig euro

Os cionn 100

I bPatrún A, le huimhreacha os cionn 100 féadtar fiche, tríocha . . . nócha agus na haonaid a chur droim ar ais mar seo a leanas: céad fiche is aon chapall amháin (121); dhá mhíle, trí chéad tríocha is ceithre chapall (2,334); milliún, dhá chéad tríocha is ceithre mhíle, cúig chéad seasca is seacht gcapall (1,234,567).

Page 58: Stíl Tí an Ghúim

56

I bPatrún B leantar den struchtúr bunuimhir + ainmfhocal uatha gan athrú tosaigh, e.g. céad fiche (is) a haon capall (121); dhá mhíle, trí chéad tríocha (is) a ceathair capall (2,334); milliún, dhá chéad tríocha (is) a ceathair míle, cúig chéad seasca (is) a seacht capall (1,234,567). Tabhair do d’aire gurb é an gnás i réimse na reachtaíochta cloí le Patrún A. Foirmeacha iolra

Is foirm iolra de na hainmfhocail aird, bliain, ceann, cloch, cloigeann, fiche, orlach, pingin, scilling, seachtain, slat, troigh agus uair, mar a thugtar thíos, a úsáidtear leis na bunuimhreacha 3 - 10 agus 13 - 19.

Ainmneach uatha Iolra tar éis 3 - 10, 13 - 19

Aird Airde Bliain Bliana Ceann* Cinn Cloch* Clocha Cloigeann* Cloigne Fiche Fichid Orlach Orlaí Pingin Pingine Scilling Scillinge Seachtain Seachtaine Slat* Slata Troigh Troithe Uair* Uaire

Tabhair do d’aire nach séimhítear túchonsan an ainmfhocail iolra tar éis 3 - 6 agus cuirtear h roimh thúsghuta an ainmfhocail iolra tar éis na n-uimhreacha sin, e.g. ceithre bliana, trí huaire. Tabhair do d’aire, freisin, gur gá an t-ainmneach uatha de na hainmfhocail a bhfuil réitlín leo thuas a úsáid nuair nach aonad tomhais atá i gceist, e.g. trí cinn de leabhair ach bhí sé ag breathnú orm amhail is go raibh trí cheann orm; d’iompair sé trí clocha plúir abhaile leis ach chaith sé trí chloch leis an doras. Is mar ghnáth-ainmfhocal a chaitear le uair sa fhrása uair an chloig, e.g. bhí an t-eitleán seacht n-uair an chloig déag mall, chaith mé trí uair an chloig ann. Is mar ghnáth-ainmfhocail, freisin, a chaitear le caoga, trian, ubh, e.g. tabhair dom cúig chaoga; trí thrian; cheannaigh mé cúig ubh déag.

Bunuimhreacha a scríobhtar ina ndigití

Nuair is ina digit nó ina digití a bhíonn an bhunuimhir ó 1 - 19 á scríobh, bíonn an t-ainmfhocal go díreach mar a bheadh sé agus an bhunuimhir á scríobh ina focal. Ní shéimhítear ná ní uraítear an t-ainmfhocal ó 20 ar aghaidh ná i ndiaidh aon bhunuimhir a bhfuil deachúil nó codán ag gabháil léi, e.g.

1 pháipéar 11 seachtain 2 cheann 12 euro

Page 59: Stíl Tí an Ghúim

57

3 altóir 13 horlaí 4 chúirt 17 seachtaine 5 huaire 20 cuntasóir 6 phríosún 1.652 ciliméadar 7 bhfreagra 365 lá 8 n-aicme 0.15 gram 9 bprionsabal 104 cruinniú boird 10 dtroithe 2,359 ticéad

An tAlt leis na hUimhreacha

Bunuimhreacha 1 - 2, 11 - 12, agus iolraithe de 10

Is í an uimhir uatha den alt a úsáidtear leis na huimhreacha 1 - 2, 11 - 12, 20, 30, … , 90, 100, 1,000, 1,000,000:

an t-aon lá (dhéag) an dá aspal (déag) an fiche capall dubh an céad cathaoir bhán an míle plean forbartha

Bunuimhreacha 3 - 9 agus 13 - 19

Is í an uimhir iolra den alt a úsáidtear roimh na bunuimhreacha 3 - 9 agus 13 - 19:

na trí chú na ceithre chapall na cúig bliana déag na hocht mí na naoi mbó dhéag na trí chéad teach na seacht gcéad fear na ceithre mhíle dhéag gunna na naoi milliún déag is fiche euro

Tabhair do d’aire gurb í an uimhir iolra den alt a úsáidtear leis na bunuimhreacha 3 - 9 agus 13 - 19 nuair a thagann céad, míle, milliún, etc. ina ndiaidh mar chuid de bhunuimhir mhór.

Page 60: Stíl Tí an Ghúim

58

Aidiachtaí leis na Bunuimhreacha 1

Is é aon an t-aon bhunuimhir a n-infhilltear an t-ainmfhocal ina diaidh agus bíonn an aidiacht ag teacht le hinscne agus tuiseal an ainmfhocail: Ainmfhocail fhirinscneacha Ainmfhocail bhaininscneacha

Ain. (&

Tabh.) (ar) aon chapall dubh amháin (ar) aon bhó dhubh amháin

Gin. moing aon chapaill dhuibh amháin

adharca aon bhó duibhe amháin

2-19

Nuair a bhíonn an t-ainmfhocal san uatha (firinscneach nó baininscneach), bíonn an aidiacht san ainmneach iolra agus í séimhithe. Ainmfhocail fhirinscneacha Ainmfhocail bhaininscneacha

2 dhá mhála mhóra dhá sheilf mhóra 3 trí lá ghaofara trí oíche ghaofara 4 ceithre phointe dheacra ceithre cheist dheacra 5 cúig bhalún bhána cúig eitleog bhána 6 sé leathanach ghlana sé bhileog ghlana 7 seacht n-ispín theo seacht rollóg theo 8 ocht ndoiciméad chasta ocht gcáipéis chasta 9 naoi gcarr chumhachtacha naoi veain chumhachtacha 10 deich suíochán bhoga deich gcathaoir bhoga 11 aon chapall déag dhubha aon bhó dhéag dhubha 12 dhá mhála dhéag mhóra dhá sheilf déag mhóra 13 trí lá dhéag ghaofara trí oíche dhéag ghaofara 14 ceithre phointe dhéag dheacra ceithre cheist déag dheacra 15 cúig bhalún déag bhána cúig eitleog déag bhána 16 sé leathanach déag ghlana sé bhileog déag ghlana 17 seacht n-ispín déag theo seacht rollóg déag theo 18 ocht ndoiciméad déag chasta ocht gcáipéis déag chasta 19 naoi gcarr déag chumhachtacha naoi veain déag chumhachtacha

Nuair a bhíonn an t-ainmfhocal san iolra, bíonn an aidiacht san ainmneach iolra agus séimhítear í ar lorg consan caol, trí cinn mhóra. 20, 30, ..., 90, 100, 1,000, 1,000,000 etc.

Ar lorg fiche, tríocha … nócha, céad, míle, milliún, bíonn an aidiacht san uimhir uatha agus ar aon inscne leis an ainmfhocal, e.g. an fiche capall dubh, an céad bó dhubh, an míle leabhar gorm, trí chéad fear mór, seacht míle bó dhubh, na naoi milliún déag ticéad dearg.

Page 61: Stíl Tí an Ghúim

59

Na hUimhreacha Pearsanta

1 duine (amháin) 11 aon duine dhéag 2 beirt 12 dháréag* 3 triúr 13 trí dhuine dhéag 4 ceathrar 14 ceithre dhuine dhéag 5 cúigear 15 cúig dhuine dhéag 6 seisear 16 sé dhuine dhéag 7 seachtar 17 seacht nduine dhéag 8 ochtar 18 ocht nduine dhéag 9 naonúr 19 naoi nduine dhéag 10 deichniúr 20 fiche duine

*Is é dháréag (12) an t-aon fhocal den chineál sin a úsáidtear sna déaga. Cailleann dháréag an séimhiú i ndiaidh an ailt (an, don, etc.), i ndiaidh aon agus i ndiaidh an chéad, e.g. an Dáréag Aspal, gach aon dáréag acu, an chéad dáréag a cháiligh. Os cionn 20 déantar mar is gnách le nithe agus mar atá leagtha amach i bPatrún A agus i bPatrún B thuas (féach lch 55), e.g. Patrún A Patrún B

21 duine is fiche fiche (is) a haon duine 32 dhá dhuine is tríocha tríocha (is) a haon duine 43 trí dhuine is daichead daichead (is) a trí duine

Os cionn 100 i bPatrún A, féadtar fiche, tríocha . . . nócha agus na haonaid a chur droim ar ais mar seo a leanas: céad fiche is aon duine amháin (121); dhá mhíle, trí chéad tríocha is ceithre dhuine (2,334); milliún, dhá chéad tríocha is ceithre mhíle, cúig chéad seasca is seacht nduine (1,234,567). I bPatrún B leantar den struchtúr bunuimhir + ainmfhocal uatha gan athrú tosaigh, e.g. céad fiche (is) a haon duine (121); dhá mhíle, trí chéad tríocha (is) a ceathair duine (2,334); milliún, dhá chéad tríocha (is) a ceathair míle, cúig chéad seasca (is) a seacht duine (1,234,567). Tabhair do d’aire gurb é an gnás i réimse na reachtaíochta cloí le Patrún A thuas.

Ainmfhocal agus Aidiacht leis an Uimhir Phearsanta

. Ar lorg na huimhreach pearsanta beirt, is san ainmneach iolra a bhíonn an aidiacht a ghabhann leis an ainmfhocal. fágtar lom í i gcás tréaniolraí, séimhítear í i gcás lagiolraí, e.g. beirt fhiaclóirí gnóthacha, beirt mhanach chráifeacha. Má cháilíonn aidiacht an focal beirtféin, is san ainmneach iolra a bhíonn an aidiacht agus í séimhithe, e.g., beirt óga, beirt mhisniúla. Ar lorg triúr … dháréag,is sa ghinideach iolra a bhíonn an aidiacht a ghabhann leis

Page 62: Stíl Tí an Ghúim

60

an ainmfhocal, ach ní shéimhítear í, e.g. cúigear dochtúirí gnóthacha, seisear ban beag. Na hOrduimhreacha

1 an chéad chapall (bhó, asal) 2 an dara (dóú) capall (bó, hasal) 3 an tríú capall (bó, hasal) 4 an ceathrú capall (bó, hasal) 5 an cúigiú capall (bó, hasal) 6 an séú capall (bó, hasal) 7 an seachtú capall (bó, hasal) 8 an t-ochtú capall (bó, hasal) 9 an naoú capall (bó, hasal) 10 an deichiú capall (bó, hasal) 11 an t-aonú capall (bó, hasal) déag 12 an dóú capall (bó, hasal) déag 13 an tríú capall (bó, hasal) déag 14 an ceathrú capall (bó, hasal) déag 15 an cúigiú capall (bó, hasal) déag 16 an séú capall (bó, hasal) déag 17 an seachtú capall (bó, hasal) déag 18 an t-ochtú capall (bó, hasal) déag 19 an naoú capall (bó, hasal) déag 20 an fichiú capall (bó, hasal) 30 an tríochadú capall (bó, hasal) 40 an daicheadú capall (bó, hasal) 50 an caogadú capall (bó, hasal) 60 an seascadú capall (bó, hasal) 70 an seachtódú capall (bó, hasal) 80 an t-ochtódú capall (bó, hasal) 90 an nóchadú capall (bó, hasal) 100 an céadú capall (bó, hasal) 1,000 an míliú capall (bó, hasal) 1,000,000 an milliúnú capall (bó, hasal)

Samplaí eile:

21 (22,

etc.)

an t-aonú (dóú, etc.)

capall (bó, hasal) is fiche

131 (132,

etc.)

an céad tríocha is aonú (dóú, etc.)

capall (bó, hasal)

211 (212,

etc.)

an dá chéad is aonú (dóú, etc.)

capall (bó, hasal) déag

312,564 an trí chéad is dhá mhíle dhéag, cúig chéad seasca is ceathrú

capall (bó, hasal)

2,342,493 an dá mhilliún, trí capall (bó, hasal)

Page 63: Stíl Tí an Ghúim

61

chéad daichead is dhá mhíle, ceithre chéad nócha is tríú

Tabhair do d'aire nach séimhítear déag in am ar bith mar chuid d’orduimhir. De ghnáth cuirtear an t-alt roimh an gcéad uimhir san orduimhir mura mbíonn aidiacht shealbhach, nó gach, roimpi, e.g. an dá chéad is tríú lá, ach a dheichiú bliain. Bíonn séimhiú ar an bhfocal céad i ndiaidh an ailt (uatha agus iolra), e.g. an chéad uan, na chéad uain. Is féidir é a urú ar an ngnáthbhealach, áfach, tar éis réamhfhocal lena ngabhann urú, e.g. ar an gcéad lá den mhí.

An Ginideach

Bunuimhreacha Téann athrú foirme ar ainmfhocal sa ghinideach i ndiaidh aon, nuair nach mbíonn déag ag gabháil leis, agus athrú de réir inscne an ainmfhocail ar an alt, e.g. ualach aon chapaill amháin; i gcaitheamh na haon oíche amháin sin ach stáblaí an aon chapall déag. Ní théann aon athrú foirme sa ghinideach leis na huimhreacha eile, ach má bhíonn an t-alt ag gabháil leo imríonn sé ar thúslitir na huimhreach mar a d’imreodh ar ainmfhocal firinscneach (ach gan f a shéimhiú ná t a chur roimh s); i gcás na mbunuimhreacha trí go deich uraítear na bunuimhreacha inuraithe (trí, ceithre, cúig, ocht, deich) sa tuiseal ginideach i ndiail an ailt (na): e.g. luach dhá bhullán, féar trí bhó, báid sé chrann, cogadh cúig bliana, cóiste sé shuíochán déag, suim fiche punt, luach an dá theach, luach na dtrí bhó, bád na gceithre chrann, i gcaitheamh na gcúig bliana déag, costas an fiche (seachtó, chéad, mhíle, mhilliún) cathaoir.

Firinscneach Baininscneach ag seinm an aon phoirt amháin i gcaitheamh na haon seachtaine amháin

luach an dá theach /mhóra teorainn an dá pháirc mhóra

seolta na dtrí bhád /mhóra úinéir na dtrí long mhóra

muintir na gceithre bhaile bheaga daltaí na gceithre scoil mhóra

ag ithe na seacht mbriosca bheaga luach na seacht gcasóg dhonna

aidhmeanna an fiche plean bliantúil cuspóirí an fiche straitéis chlúiteach

Uimhreacha Pearsanta Ní théann athrú an ghinidigh ar uimhir phearsanta má bhíonn ainmfhocal ar a lorg, e.g. carranna seisear fear, árais seachtar banríonacha saibhre, nótaí ochtar léachtóirí díograiseacha.

Page 64: Stíl Tí an Ghúim

62

Imríonn an t-alt ar thúslitir na n-uimhreacha pearsanta mar a d’imreodh ar ainmfhocal firinscneach, e.g. carranna an tseisear fear gnó, árais an tseachtar banríonacha saibhre, nótaí an ochtar léachtóirí díograiseacha.

Tabhair do d’aire go dtéann athrú an ghinidigh ar an uimhir phearsanta beirt má bhíonn an t-alt roimpi agus go séimhítear beirt idir dhá ainmfhocal i bhfrásaí mar clann bheirt deartháireacha; cibé acu baininscneach nó firinscneach an chéad ainmfhocal., e.g. iompar na beirte gasúr cantalach ach iompar bheirt ghasúr chantalacha; ainmneacha na beirte banaltraí cineálta ach ainmneacha bheirt bhanaltraí cineálta.

Téann athrú an ghinidigh ar an uimhir phearsanta mura mbíonn ainmfhocal ina diaidh, e.g. cion beirte, díol triúir, carranna an tseisir, árais an tseachtair, nótaí an ochtair.

Orduimhreacha Díochlaontar an t-ainmfhocal ar lorg céad agus géilleann an t-alt in an chéad d’uimhir agus d’inscne an ainmfhocail a cháilíonn sé, e.g. an chéad bhean, clann na chéad mhná, an chéad fhear, clann an chéad fhir, na chéad taiscéalaithe, eachtraí na chéad taiscéalaithe. An t-alt firinscneach a bhíonn roimh na horduimhreacha eile i gcónaí. Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar thúslitir na n-orduimhreacha seachas (i) céad agus (ii) orduimhreacha a thosaíonn ar ghuta, e.g. aonú, ochtú, ochtódú. Cuirtear séimhiú ar thúschonsan an ainmfhocail (seachas d, s, t) ar lorg céad ach ní dhéantar aon athrú tosaigh ar thúsghuta. Le gach orduimhir eile fanann túschonsan an ainmfhocail gan athrú ach cuirtear h roimh thúsghuta. Ní dhéantar díochlaonadh choíche ar an ainmfhocal tar éis orduimhreacha ach amháin tar éis céad, e.g. mac an dara bean, hata an ceathrú mainicín, bróga an cúigiú himreoir, buaiteoir an seachtú comórtas, peaca in aghaidh an ochtú haithne, fad an seachtódú salm, ag deireadh an fichiú haois, i lár an naoú haois déag tús an chúig chéad seachtó is cúigiú bliain. Bíonn an aidiacht ag teacht le hinscne agus le tuiseal an ainmfhocail agus ní shéimhítear déag in am ar bith mar chuid d’orduimhir.

Firinscneach Baininscneach

1 paisinéirí an chéad bháid / eitleáin tús na chéad bhliana / abairte 2 paisinéirí an dara bád / heitleán tús an dara bliain / habairt 3 paisinéirí an tríú bád / heitleán tús an tríú bliain / habairt 4 paisinéirí an ceathrú bád / heitleán tús an ceathrú bliain / habairt 5 paisinéirí an cúigiú bád / heitleán tús an cúigiú bliain / habairt 6 paisinéirí an séú bád / heitleán tús an séú bliain / habairt 7 paisinéirí an seachtú bád / heitleán tús an seachtú bliain / habairt 8 paisinéirí an ochtú bád / heitleán tús an ochtú bliain / habairt 9 paisinéirí an naoú bád / heitleán tús an naoú bliain / habairt 10 paisinéirí an deichiú bád / heitleán tús an deichiú bliain / habairt

Page 65: Stíl Tí an Ghúim

63

Codáin

1/4 ceathrú 1/22 (an) fiche dóú cuid 1/3 trian 1/23 (an) fiche tríú cuid 1/2 leath 1/24 (an) fiche ceathrú cuid 2/3 dhá thrian 1/25 (an) fiche cúigiú cuid 3/4 trí cheathrú 1/26 (an) fiche séú cuid 4/5 ceithre chúigiú 1/27 (an) fiche seachtú cuid 5/6 cúig shéú 1/28 (an) fiche ochtú cuid 6/7 sé sheachtú 1/29 (an) fiche naoú cuid 7/8

seacht n-ochtú 23/29 fiche a trí d'fhiche

naoithe 8/9 ocht naoú 1/30 tríochadú 9/10 naoi ndeichiú 34/27 tríocha a ceathair

d’fhiche seachtuithe 10/11 deich n-aondéagú 1/40 daicheadú 11/12 a haon déag de

dhódhéaguithe 1/50

caogadú 12/13 a dó dhéag de thrídéaguithe 1/60 seascadú 13/14 a trí déag de

cheathairdéaguithe 1/70

seachtódú 14/15 a ceathair déag de

chúigdéaguithe 63/76 seasca a trí de sheachtó

séithe 15/16 a cúig déag de shédéaguithe 1/80 ochtódú 16/17 a sé déag de

sheachtdéaguithe 74/83 seachtó a ceathair

d’ochtó tríthe 17/18 a seacht déag

d’ochtdéaguithe 1/90 nóchadú

18/19 a hocht déag de naoidéaguithe

82/92 ochtó a dó de nócha dóithe

1/20 fichiú 91/99 nócha a haon de nócha naoithe

3/20 trí fhichiú 1/100 céadú 8/20 ocht bhfichiú 137/245 céad tríocha a seacht de

dhá chéad daichead cúigithe

Page 66: Stíl Tí an Ghúim

64

5 AN CHOPAIL

Aimsirí Príomha

AN MODH TÁSCACH

An Aimsir Láithreach, an Aimsir Ghnáthláithreach agus an Aimsir Fháistineach

Ceisteach

Deimhneach Diúltach Deimhneach Diúltach

Neamhspleách is ní an nach Spleách gur

(gurb) nach

Coibhneasta Díreach is nach Coibhneasta Neamhdhíreach ar

(arb) nach

Is mar seo a leanas a bhíonn an fhoirm phríomha is agus í i gcumasc le cónaisc, forainmneacha agus réamhfhocail áirithe: Cónaisc:

Cónasc má mura ó sula

Cumasc le is más mura murab

ós sular sularb

Forainmneacha:

Forainm cé cá

Cumasc le is cé cér

cá cárb

Réamhfhocail:

Réamhfhocal do faoi le ó trí

Cumasc le is dar darb

faoinar faoinarb

lenar lenarb

ónar ónarb

trínar trínarb

Foirmeacha a chríochnaíonn ar -b

Seachas i gcás gur(b), is iad na foirmeacha príomha a chríochnaíonn ar -b a úsáidtear roimh ghuta, e.g.

Roimh Chonsan Roimh Ghuta

an té ar leis an gluaisteán an té arb eol dó an freagra mura mian léi fanacht murab áil léi fanacht sular féidir é sin a dhéanamh sularb ailtire cáilithe thú cér díobh í? cárb as thú?

Page 67: Stíl Tí an Ghúim

65

leabhar dar teideal Dúil fear darb ainm Seán Ó Néill áit inar minic ar cuairt é áit inarb annamh ar cuairt é

gur / gurb

Sna haimsirí príomha is í an fhoirm gur a úsáidtear roimh thúschonsan. Úsáidtear gur roimh thúsghuta, freisin, seachas sna cásanna seo a leanas inarb í an fhoirm gurb a úsáidtear:

(a) roimh na forainmneacha é, í, iad, ea; eisean, ise, iadsan; éard; eo, in, iúd; (b) roimh an dobhriathar amhlaidh; (c) roimh na hainmfhocail acmhainn, áil, éigean, eol sna frásaí réamhfhoclacha is

acmhainn dom, is áil liom, is éigean dom, is eol dom. e.g. gur

Dealraíonn sé gur eisceacht atá ann. Deirtear gur álainn an áit í an Róimh. Measaim gur an-bhreá an gearrscéal é. Deir sí gur amuigh ag siúl atá sé. Cheap sé gur ag feabhsú a bhí cúrsaí eacnamaíochta. Measann sé gur aige féin amháin atá an freagra. Déarfainn gur á moladh a bhí sé. gurb Is léir gurb iad na daoine céanna atá i gceist. Beartaíodh an fhorbairt a chur siar go dtí gurb acmhainn dóibh é. Deir siad gurb éigean do chách bheith níos cúramaí feasta. Gach seans gurb amhlaidh atá. Tabhair do d’aire i gcás acmhainn agus éigean gur mar ghnáth-ainmfhocail a chaitear leo nuair nach is acmhainn dom = is féidir liom agus is éigean (dom) = is gá (dom) faoi seach a bhíonn i gceist, e.g. is cinnte gur acmhainn eacnamaíochta í an fharraige, ní dóigh liom gur éigean ar ghnás na teanga é.

Page 68: Stíl Tí an Ghúim

66

AN MODH FOSHUITEACH LÁITHREACH

Is iad na foirmeacha gurab agus nárab a úsáidtear roimh ghuta, e.g.

Roimh Chonsan Roimh Ghuta

Gura fada buan iad. Gurab amhlaidh duit! Nára fada go bhfeicfimid a chéile arís.

Nárab é a leas é!

Aimsirí Stairiúla

An Aimsir Chaite, an Aimsir Ghnáthchaite agus an Modh Coinníollach Ceisteach

Deimhneach Diúltach Deimhneach Diúltach

Neamhspleách ba (b’)

níor (níorbh) ar (arbh)

nár (nárbh)

Spleách gur (gurbh)

nár (nárbh)

Coibhneasta Díreach

ba (ab)

nár (nárbh)

Coibhneasta Neamhdhíreach

ar (arbh)

nár (nárbh)

b’ / ba (An Fhoirm Stairiúil Neamhspleách Dheimhneach)

Is é b’ an fhoirm a thagann roimh fh- a bhfuil guta ar a lorg. Is é b’, leis, a thagann roimh thúsghuta sna cásanna seo a leanas:

• ainmfhocal; • aidiacht; • dobhriathar aidiachtach agus an dobhriathar amhlaidh; • na forainmneacha eo, in, iúd.

e.g.

B’ábhar imní é. B’acmhainn dó lámh chúnta a thabhairt óir bhí an t-am aige. B’aisteoir í. Fiú dá mb’áil léi ní fhéadfadh sí dul.

Deimhneach Diúltach

gura (gurab)

nára (nárab)

Page 69: Stíl Tí an Ghúim

67

B’éigean dom leithscéal a ghabháil sa deireadh. B’eol di gurbh í a bhí as bealach. B’fhear cliste é. B’fhéidir nach mbeinn ann amárach. B’údar náire é. B’álainn le mo chroí iad. B’ait leis nár tháinig siad. B’álainn an radharc é. B’fhiú dul chuig an dochtúir leis an gcasacht sin. B’fhuar an lá é. B’iontach liom é. B’ait liom sin. B’álainn mar a chan sí. B’amhlaidh a tharla sa deireadh. B’annamh a thagadh sé. B’fhada an rás a rith sí. B’eo an bealach a thaispeáin sé dá mhac. B’in a dúirt mé leat inné. B’iúd iad ag imeacht ar cosa in airde. Is é ba an fhoirm a thagann roimh thúschonsain seachas fh- a bhfuil guta ar a lorg. Is é ba, freisin, a thagann roimh thúsghuta sna cásanna seo a leanas:

• na forainmneacha é, í, iad, ea, éard, eisean, ise, iadsan; • réamhfhocal simplí agus réamhfhocal comhshuite; • forainm réamhfhoclach; • dobhriathar seachas amhlaidh agus dobhriathar aidiachtach; • roinnt cásanna eile.

e.g. Ba é an fuacht a rinne an dochar. Ba í Áine ba chúis leis. Ba iadsan a bhí i gceist aige. Ba éard a bhí uaithi ná cluas éisteachta. Ar mhac léinn sa choláiste é? Ba ea. Ba ag magadh a bhí mé. Ba in Albain a chaitheadh sé an samhradh. Ba ar aghaidh an tí a d’fhág mé an rothar. Ba as Sligeach í. Ba i lár na páirce a d’imir sé. Dá mba aige a bheadh sé, bheadh sé caite aige. Ba uirthi féin an locht. Dá mba orainn féin a bheadh a n-aird. Ba uaidh a tháinig an litir. Ba amuigh sa gharraí a fuarthas é. Dá mba aneas a bheadh sí ag séideadh.

Page 70: Stíl Tí an Ghúim

68

Dá mba anois a dhéanfaí é. Ba inné a tháinig sé. Dá mba á cháineadh a bheadh sé. Dá mba a lán oibre a bheadh i gceist. Dá mba Ó Néill an sloinne a bheadh uirthi.

ba i gcumasc

Is mar seo a leanas a bhíonn an fhoirm stairiúil ba i gcumasc le cónaisc, forainmneacha agus réamhfhocail áirithe: Cónaisc:

Cónasc mura sula

Cumasc le ba murar murarbh

sular sularbh

Forainmneacha:

Forainm cé cá

Cumasc le ba cér cérbh

cár cárbh

Réamhfhocail: Réamhfhocal do faoi le ó trí

ba dar darbh

faoinar faoinarbh

lenar lenarbh

ónar ónarbh

trínar trínarbh

Foirmeacha a chríochnaíonn ar -bh

Is iad na foirmeacha stairiúla a chríochnaíonn -bh a úsáidtear roimh ghuta nó roimh fh a bhfuil guta ar a lorg, e.g.

Roimh Chonsan Roimh Ghuta

níor mhúinteoir é níorbh ollamh é ar cheart dó bheith ann inné? arbh aon ionadh é? nár bhocht an scéal é? nárbh aisteach an scéal é? measadh gur chiallmhaire fanacht measadh gurbh fhearr fanacht duine ar chuma leis faoin scéal duine arbh fhuath leis

ainmhithe murar mhian leo fanacht murarbh áil leo fanacht sular mhúinteoir é sularbh fheirmeoir é cér díobh í? cárbh as na Lochlannaigh? irisleabhar dar theideal Fáinne an Lae fear darbh ainm Seán Ó Néill áit inar mhinic ar cuairt é áit inarbh annamh ar cuairt é

Page 71: Stíl Tí an Ghúim

69

Foirmeacha eile

Nuair a thagann an chopail le dá nó má sna haimsirí stairiúla, is mar seo a leanas a scríobhtar iad:

(a) dá mba nó má ba sna cásanna arb í an fhoirm ba a úsáidtear iontu thuas; (b) dá mb’ nó má b’ sna cásanna arb í an fhoirm b’ a úsáidtear iontu thuas.

An Dobhriathar Céime

(a) Is iad ní ba agus ní b’ foirmeacha an dobhriathair chéime roimh aidiachtaí

agus roimh dhobhriathair sna haimsirí stairiúla. (b) Is é ní ba a thagann roimh thúschonsain seachas fh- a bhfuil guta ar a lorg, e.g. bhí sí ní ba chliste ná an chuid eile; bheadh an leagan amach sin ní ba shlachtmhaire; dá mbuailfeadh sé ní ba chrua é; scríobh sé ní ba mhinice as sin amach.

(c) Is é ní b’ an fhoirm a thagann roimh thúsghutaí agus roimh fh- a bhfuil guta ar a lorg, e.g. bhí sí ní b’éirimiúla ná an chuid eile; bheadh an leagan amach sin ní b’fhearr; dá mbuailfeadh sé ní b’éasca é; scríobh sé ní b’annaimhe as sin amach.

ba / ab (An Fhoirm Choibhneasta Dhíreach Dheimhneach Stairiúil)

(a) Is í an fhoirm ba a úsáidtear sna cásanna arb í an fhoirm ba a úsáidtear iontu thuas;

(b) Is í an fhoirm ab a úsáidtear sna cásanna arb í an fhoirm b’ a úsáidtear iontu thuas.